1. Óige an laoich 2. mar a fuair sé a ainm 3. grá agus

17
bbc.co.uk/ni/schools/cuchulainn 1 Tá Cú Chulainn ar dhuine de na pearsana is clúití i bhfinscéalaíocht Chúige Uladh. Is é an laoch é sa tsraith chartún chúig pháirt seo. I gcúig chlár cúig nóiméad lán aicsin leanaimid a eachtraí éachtacha ó aois a óige a fhad lena anbhás. Foghlaimeoidh daltaí Ardeochairchéim 1 agus Eochairchéim 2 faoi na mhóreachtraí in Ultaibh agus in Albain sna cláir chartúin ghairide lán faisnéise seo. Programmes 1. Óige an Laoich 2. Mar a Fuair Sé a Ainm 3. Grá agus Cath 4. An Dúshlán Mór 5. Bás an Laoich Curaclam T.É. Baineann an tsraith le hábhar Cláir Staidéir T.É. sa Stair agus sa Bhéarla: Ba chóir go bhfaigheadh daltaí deiseanna le scileanna cumarsáide a fhorbairt trí athinsint scéalta ón am a d’imigh; mar shampla, ba chóir do dhaltaí príomhphointí finscéil, scéal béaloidis nó scéil a athinsint ina gcuid focal féin, scéal Fhinn Mhic Chumhaill, cuir i gcás,nó scéal Chú Chulainn. Thiocfadh obair sa Tíreolaíocht, san Ealaín, sa Cheol agus in TEC a chuimsiú i ranganna i ndiaidh na gclár. Crógacht, dílseacht, éad, craos, trócaire, grá agus cogadh .... na mórthéamaí agus tuilleadh, tá siad anseo in .... Cú Chulainn.

Upload: others

Post on 18-Nov-2021

0 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

bbc.co.uk/ni/schools/cuchulainn 1

Tá Cú Chulainn ar dhuine de na pearsana is clúití i bhfinscéalaíocht Chúige Uladh. Is é an laoch é sa tsraith chartún chúig pháirt seo. I gcúig chlár cúig nóiméad lán aicsin leanaimid a eachtraí éachtacha ó aois a óige a fhad lena anbhás.

Foghlaimeoidh daltaí Ardeochairchéim 1 agus Eochairchéim 2 faoi na mhóreachtraí in Ultaibh agus in Albain sna cláir chartúin ghairide lán faisnéise seo.

Programmes

1. Óige an Laoich 2. Mar a Fuair Sé a Ainm 3. Grá agus Cath 4. An Dúshlán Mór 5. Bás an Laoich

Curaclam T.É.

Baineann an tsraith le hábhar Cláir Staidéir T.É. sa Stair agus sa Bhéarla:

Ba chóir go bhfaigheadh daltaí deiseanna le scileanna cumarsáide a fhorbairt trí athinsint scéalta ón am a d’imigh; mar shampla, ba chóir do dhaltaí príomhphointí finscéil, scéal béaloidis nó scéil a athinsint ina gcuid focal féin, scéal Fhinn Mhic Chumhaill, cuir i gcás,nó scéal Chú Chulainn.

Thiocfadh obair sa Tíreolaíocht, san Ealaín, sa Cheol agus in TEC a chuimsiú i ranganna i ndiaidh na gclár.

Crógacht, dílseacht, éad, craos, trócaire, grá agus cogadh .... na mórthéamaí agus tuilleadh, tá siad anseo in .... Cú Chulainn.

bbc.co.uk/ni/schools/cuchulainn 2

Clár

bbc.co.uk/ni/schools/cuchulainn 3

Clár

Áitíonn a chuid garpháistí ar Dhaidió ceann dá chuid scéalta Éireannacha a insint dóibh.Aithriseann sé dóibh scéal Shéadanta (Cú Chulainn, mar is fearr aithne air) a chaith óige shona, saor ón scoil, go dtí gur mhothaigh sé go gcaithfeadh sé aghaidh a thabhairt ar a chinniúint.Iolar a thugann le fios don ghasúr gur duine ar leith é agus go bhfuil sé daite ag Lúgh Lámhfhada dó a bheith ina laoch. Caithfidh sé gabháil go hEamhain Mhacha le hoiliúint a fháil agus le scileanna cogaidh a fhoghlaim. Ábhar imní do na gasúir eile é teacht ina measc. Glacann Conchúr Rí leis ach iarrann sé gealltanas air go ndéanfaidh sé freastal ar na daltaí eile. “Déanfaidh,” a deir Séadanta, “má dhéanann siad freastal ormsa.” Agus is mar sin a thosaigh sé ar a ghairm mar ghaiscíoch na finscéalaíochta.

Eochairfhocail/-coincheapa

Finscéal, gaol, dílseacht, cinniúint, béaloideas.

Roimh an chlár:

♦ Ullmhaigh na daltaí trí na smaointe sna heochairchoincheapa a phlé.

♦ Iarr ar na daltaí súil in airde a choinneáil d’éin agus d’ainmhithe a bhíonn le feiceáil, más gairid féin an seal, sa chlár.

I ndiaidh an chláir:

♦ Pléigí an eachtra ag tarraingt airde ar cheisteanna amhail oideachas, spórt, cinniúint, comhoibriú.

Óige an Laoich 1

bbc.co.uk/ni/schools/cuchulainn 2

Clár

bbc.co.uk/ni/schools/cuchulainn 3

Clár

♦ Ba mhór an fear spóirt é Séadanta. Fiosraígí trí léitheoireacht, scríbhneoireacht, ealaín nó trí cheol, gaiscígh spóirt an lae inniu.

♦ Cruthaígí leagan stiallghreannáin ranga den scéal go dtí seo (le leanúint feasta más maith libh).

♦ Tá daltaí cleachtaithe le scoileanna mar áiteanna foghlama. Fiosraigh leo modhanna agus ionaid eile foghlama.

♦ Bileog Oibre a hAon: Marcáil Eamhain Mhacha ar an Léarscáil, (tá Eamhain Mhacha in aice le Cathair Ard Mhacha)

♦ Bileog Oibre a Dó: Liostaigh na créatúir a chonaic tú in eachtra a haon.

Liostaigh na hainmneacha éan agus ainmhithe a chonacthas ar an fhíseán.

Cuimhnigh go gcuirfear leis na bileoga oibre sna cláir inadhiaidh seo.

Óige an Laoich 1

bbc.co.uk/ni/schools/cuchulainn 4

Clár Clár Bileoga Oibre Bileoga Oibre

bbc.co.uk/ni/schools/cuchulainn 5

Clár Clár Bileoga Oibre Bileoga Oibre

I ndiaidh duit an clár a fheiceáil, líon isteach na háiteanna a luaíodh ann:

Óige an Laoich 11

bbc.co.uk/ni/schools/cuchulainn 4

Clár Clár Bileoga Oibre Bileoga Oibre

bbc.co.uk/ni/schools/cuchulainn 5

Clár Clár Bileoga Oibre Bileoga Oibre

1. Óige an Laoich

2. Mar a fuair sé a ainm

3. Grá agus Cath

4. An Dúshlán Mór

5. Bás an Laoich

Déan liosta d’ainmneacha éan agus ainmhithe a chonacthas ar an fhíseán:

Óige an Laoich 12

2. Mar a Fuair Sé a Ainm

bbc.co.uk/ni/schools/cuchulainn 6

Clár

bbc.co.uk/ni/schools/cuchulainn 7

Clár

Coileán madaidh a tháinig chun tí agus a ainmníodh, spreag sé Daidió le tuilleadh de scéal Chú Chulainn a aithris. Tugadh cuireadh do Shéadanta agus dá chuid cairde chuig cóisir mhór ach thosaigh sé ar an aislingeacht agus fágadh ar deireadh é. Bhí an chóisir ar siúl nuair a bhain sé amach í, bhí na geataí faoi ghlas agus, rud ba mheasa arís, d’ionsaigh an gadhar faire é. Mharaigh Séadanta an gadhar nuair a thiomáin sé sliotar isteach síos ina scornach. Bhí fear an tí, Culann Gabha, le báiní gur chaill sé an madadh ab fhíochmhaire in Éirinn. Thairg Séadanta seasamh in áit an chú agus tugadh athainm air, Cú Chulainn.

Eochairfhocail/-choincheapa:

Culann, gabha, Cú, aislingeacht, féinchosaint.

Roimh an chlár:

♦ Mínigh an scéal-líne agus na heochairfhocail.

I ndiaidh an chláir:

Fiosraígí:♦ gadhar faire♦ peataí agus ainmhithe oibre♦ gaol agus dualgas an duine i dtaca le hainmhithe♦ ainmhithe clóis, feirme, fiáine♦ gairdíní ainmhithe - ar a son agus ina n-éadan

♦ Déanaigí liosta de scéalta faoi ainmhithe sa bhéaloideas, litríocht, scannáin, cartúin, teilifís, físeáin nó i gcluichí ríomhaire.

♦ Ba ghabha é Culann. Aimsigh ainmneacha eile a tháinig ó cheird an duine; ms: Ó Táilliúir, Ó Muilleoir, Ó Tiománaí srl ....

Mar A Fuair sé a Ainm 2

bbc.co.uk/ni/schools/cuchulainn 6

Clár

bbc.co.uk/ni/schools/cuchulainn 7

Clár

♦ Cú Chulainn a thugtar anois ar Shéadanta.Scrúdaígí tábhacht ainmneacha;

Ainmneacha dílse, Céadainmneacha, Sloinnte, Ainmneacha ceana, Leasainmneacha, Ainmneacha ardáin, Ainmneacha branda, Athruithe in ainmneacha ms Cassius Clay Síomón/Peadar Sól/Pól

♦ Marcáil ar Bhileog Oibre a Dó - créatúir a chonacthas in Eachtra a Dó.

♦ Bileog Oibre a Trí: Script d’agallamh nuachta raidió a rinneadh le Séadanta.

Mar a Fuair sé a Ainm 2

bbc.co.uk/ni/schools/cuchulainn 8

Clár Clár Bileoga Oibre Bileoga Oibre

bbc.co.uk/ni/schools/cuchulainn 9

Clár

Agallóir: A Shéadanta, cluinim gur Cú Chulainn an t-ainm a bheas ort feasta.

Cú Chulainn: Ceart, sin m’ainm úr.

Agallóir: Cad chuige?

Cú Chulainn: ........

Críochnaigí script d’agallamh raidió le Séadanta/Cú Chulainn:

Mar a Fuair sé a Ainm 23

bbc.co.uk/ni/schools/cuchulainn 8

Clár Clár Bileoga Oibre Bileoga Oibre

bbc.co.uk/ni/schools/cuchulainn 9

Clár

Titeann Cú Chulainn i ngrá le hEimhear, duine de na mná is áille in Éirinn. Geallann siad bheith dílis dá chéile ach ar ball caithfidh siad scaradh nuair a leanann sé féin dá oiliúint mhíleata in Albain le Scáthach. Tugann Eimhear comhartha grá dó a gheallann sé a choinneáil i gcónaí. Le dua, baineann sé amach campa Scáthaí sa deireadh agus feabhsaíonn a chuid scileanna in aghaidh an lae. Agus í á thástáil éilíonn Scáthach an comhartha grá. Diúltaíonn sé di agus cuirtear i gcomhrac é le namhaid ilchruthacha. Agus a chomhartha grá caillte aige filleann sé faoi ghruaim ar Éirinn. Tuigeann Eimhear go dtiocfaidh a chuid oibre choíche idir é agus í agus in éadan a dtola scarann siad.

Eochairfhocail/-choincheapa:

rómánsaíocht, gealltanais ‘mhaoithneacha’, geallta, cinniúint, roghanna.

Roimh an chlár:

♦ Achoimrigh plota na heachtra.

♦ Pléigh téamaí an ghrá, na rogha, an cheangaltais.

I ndiaidh an chláir:

♦ Déan liosta d’fhíorcharachtair nó de charachtair ficsin a bhí i ngrá ms: Romeo agus Juliet, Ken agus Barbie, Tony agus Cherie, Posh agus Becks.

♦ Cuardaígí comharthaí grá i gcatalóga agus in irisí ms: fáinní Cladaigh, fáinní cleamhnais, bréagáin 'Chairde Choíche' srl. Déanaígí colláis.

♦ Cá mhéad amhrán grá a thig libh a liostú nó a chanadh?

Grá agus Cath 3

bbc.co.uk/ni/schools/cuchulainn 10

Clár

bbc.co.uk/ni/schools/cuchulainn 11

Clár ♦ ‘Ceithre lá agus ceithre oíche’ a bhain sé as Cú Chulainn Albain a

bhaint amach. Fiosraígí nascanna agus ceangail idir Éire agus Albain sa lá inniu.

♦ Ní fios go cruinn cá bhfuil oileán Scáthaí. Déan léarscáil den oileán agus cuir lipéid uirthi. Marcáil láithreáin a d’oirfeadh do na scileanna éagsúla comhraic. Tabhair ainmneacha oiriúnacha ar na láithreáin.

♦ Dear bróisiúr do champa oiliúna Oileán Scáthaí; luaigh scileanna, teisteanna, bileoga aiste bia, trealamh srl...

♦ Marcáil ar Bhileog Oibre a hAon: An Eargail, Reachlainn, Loch nEathach, Albain.

♦ Tabhair chun dáta ‘Ainmhithe agus Créatúir’ ar Bhileog Oibre a Dó.

♦ Déanaigí Bileog Oibre 'Tomhas Cuardach Focal' daoibh féin d’fhocail a bhaineann leis an tsraith.

Grá agus Cath 3

bbc.co.uk/ni/schools/cuchulainn 10

Clár

bbc.co.uk/ni/schools/cuchulainn 11

Clár

Míníonn Daidió do na páistí a thábhachtaí a bhí an t-eallach i ngeilleagar na hÉireann i bhfad ó shin agus go raibh an iomaíocht agus an t-éad chomh forleathan an t-am sin agus atá anois. Ba bhréa le Méabh, Banríon Chonnachta, seilbh a fháil ar an tarbh clúiteach, an Donn Chuailgne. Thairg sí é a cheannach ach nuair a diúltaíodh dá tairiscint chuaigh sí le báiní agus shocraigh sí go mbeadh an tarbh aici ar ais nó ar éigean. Chruinnigh Méabh arm cumhachtach in éadan Chúige Uladh agus d’agair sí draíocht in éadan na nUltach. Toisc nach Ultach ó dhúchas é Cú Chulainn tháinig sé slán as an gheis. Gan aon chabhair, chuaigh an laoch i ndeabhaidh le fir Mhéibhe. Ach bhí Méabh cliste cleasach. Le barr glicis spreag sí éad le Cú Chulainn i gcroí Fhirdhia. In éadan a thola, mealladh Firdhia le haghaidh a thabhairt ar a chara agus a fhear muinteartha, Cú Chulainn. Fágann Daidió an scéal lena chríochnú níos moille.

Eochairfhocail/-choincheapa:

malartú, eallach mar airgead, asarlaíocht, geasa, onóir, éad, na 'Ceithre' Cúigí.

Roimh an Chlár:

♦ Pléigh an scéal-líne leis na daltaí, agus mínigh nach bhfuil anseo ach Cuid a hAon.

♦ Luaigh na heochairfhocail agus na heochairchoincheapa.

I ndiaidh an chláir

♦ Pléigí an fáth ar shantaigh Méabh an tarbh. Ar chóir an tarbh a dhíol le cogadh a sheachaint? An raibh sé ceart déanta ag Méabh dul chun cogaidh lena fháil?

An Dúshlán Mór 4

bbc.co.uk/ni/schools/cuchulainn 12

Clár

bbc.co.uk/ni/schools/cuchulainn 13

Clár Clár Bileoga Oibre Bileoga Oibre

♦ Ar bhur gcuid riomhairí cruthaígí roinnt geas agus díneach.

♦ Ar an fhíseán reoigh an fráma a léiríonn an Donn Chuailgne. Tarraing é agus déan fógra amhail is dá mbeadh sé ar díol.

♦ Le cnaguirlisí, cruthaígí fuaimeanna a d’oirfeadh do na heachtraí cogaidh ina bhfuil Cú Chulainn.

♦ Tosaigh ar leagan stiallchartúin faoi scéal an Donn Chuailgne go dtí seo.

♦ Marcáil ar Bhileog Oibre a hAon Ceithre Chúige na hÉireann.

♦ Tabhair chun dáta Bileog Oibre a Dó le Créatúir ón Eachtra.

♦ Bileog Oibre a Ceathair : Samhail-leathanach de thuairisc nuachta faoin chosaint chalma a rinne Cú Chulainn ar Chúige Uladh. Más féidir, déan an tuairisc nuachta ar an ríomhaire.

An Dúshlán Mór 4

bbc.co.uk/ni/schools/cuchulainn 12

Clár

bbc.co.uk/ni/schools/cuchulainn 13

Clár Clár Bileoga Oibre Bileoga Oibre

Nuacht UladhCú Chulainn i gCeann Cogaidh

Tuairisceoir

Aoine 23 Samhain 602

Cú Chulainn

Críochnaigí tuairisc nuachta faoin chosaint chalma a rinne Cú Chulainn ar Chúige Uladh:

An Dúshlán Mór 44

bbc.co.uk/ni/schools/cuchulainn 14

Clár

bbc.co.uk/ni/schools/cuchulainn 15

Clár

Ní raibh ag éirí le harm Chonnachta mórán talaimh a dhéanamh in éadan Chú Chulainn. Bhí sé ag leagan cuid fear Mhéibhe ina nduine is ina nduine. Sa deireadh, cuireadh Firdhia, deartháir altrama Chú Chulainn, i ndeabhaidh leis. Throid siad leo ar feadh laethanta agus sna hoícheanta cuidigh siad lena chéile agus thug said a chéile chun bisigh. Gheall siad bheith ina ndeartháireacha choíche ag a chéile ach sa deireadh mharaigh Cú Chulainn Firdhia. Bhí an tarbh anois ag Méabh ach ba é an bua le ró-dhua aici é (bua Piorrach) nó chaill sí go gairid ina dhiaidh sin é. Ar an drochuair, d’éag Cú Chulainn dá chneácha cogaidh.

Eochairfhocail/-choincheapa

Áth, leamhsháinn, fícheall, deartháir comhaltais, fear muinteartha, dúshlán, náire

Roimh an chlár:

♦ achoimrigh an scéal go dtí seo

♦ tabhair imlíne an scéil atá le teacht (ach fág an deireadh)

♦ mínigh eochairfhocail

I ndiaidh an chláir:

♦ Lean den leagan stiallchartúin de scéal an Donn Chuailgne.

♦ Déanaigí plé ar na gairmeacha a thugann cúram do dhaoine eile. Cruthaígí colláis de dhaoine ag tabhairt aire do dhaoine eile.

Bás an Laoich 5

bbc.co.uk/ni/schools/cuchulainn 14

Clár

bbc.co.uk/ni/schools/cuchulainn 15

Clár

♦ Cuardaígí suímh ghréasáin ar an idirlíon ar lorg tuilleadh eolais faoi Chú Chulainn agus faoi fhinscéalta eile Éireannacha.

♦ Cuirigí le chéile leabhar gearrthán ar Chú Chulainn ag úsáid eolais ó shuímh ghréasáin, leabhair leabharlainne, leabhair eolais srl ....

♦ Críochnaígí Bileog Oibre a Dó le créatúir ó chlár an lae inniu.

♦ Críochnaígí an Bhileog Oibre "Cuardach Focal."

Bás an Laoich 5

bbc.co.uk/ni/schools/cuchulainn 16

Clár Clár Bileoga Oibre Bileoga Oibre

Tá focail le haimsiú ó bhun go barr, ó choirneal go coirneal, ó thaobh go taobh.

Bás an Laoich 55

A C F I N S C É A L É C T I R I B H R A L H R L Í N G H R B U E B A N A Ú N U L A D H Ó A R G Í G I O R B S H T I R É O C Ú C H U L A I N N M M D I S S A L O T A R B H E N L N I D A I D E O É A T I G T E C O G A D H R A O Ú E N I G A R G H T O T N O A R M B S Á E H H A E I S S É H Á N N Á B R C R H O A A E G H I T R S É A D A N T A S R É H M A L A R T Ú Á R

CÚCHULAINN SÉADANTAULADH TARBHEIMHEAR GRÁFIRDHIA COGADHGABHA DEARTHÁIRALBAIN ÁTHSLIOTAR BUAITEOIRDAIDEO FINSCÉALCLAÍOMH CINNIÚINTMALARTÚ GEASA

bbc.co.uk/ni/schools/cuchulainn 16

Clár Clár Bileoga Oibre Bileoga Oibre LeabharliostaLeabharliosta

Cú�ChulainnBB BB CC education onlineNorthern Ireland

Irish Sagas and Folk Tales le Eileen Ó Faoláin Ward River Press

Great Folk Tales of Ireland le Mary McGarry Muller, Blond & White

The Táin le Liam MacUistin The O’Brien Press

Top Ten Irish Legends le Margaret Simpson Hippo

Myths and Legends of Ireland le G.M. Garnier Heinemann

Over Nine Waves le M.Heaney Faber and Faber.

Legends of The Celts le Frank Delaney Harper Collins.

Early Irish Myths and Sagas Penguin Classics.

Irish Myth and Legend le Rónán Coughlan Appletree Press.

A C F I N S C É A L É C T I R I B H R A L H R L Í N G H R B U E B A N A Ú N U L A D H Ó A R G Í G I O R B S H T I R É O C Ú C H U L A I N N M M D I S S A L O T A R B H E N L N I D A I D E O É A T I G T E C O G A D H R A O Ú E N I G A R G H T O T N O A R M B S Á E H H A E I S S É H Á N N Á B R C R H O A A E G H I T R S É A D A N T A S R É H M A L A R T Ú Á R

CÚCHULAINN SÉADANTAULADH TARBHEIMHEAR GRÁFIRDHIA COGADHGABHA DEARTHÁIRALBAIN ÁTHSLIOTAR BUAITEOIRDAIDEO FINSCÉALCLAÍOMH CINNIÚINTMALARTÚ GEASA