14 an tuiseal ginideach - cogg · na réamhfhocail chomhshuite i rith ar feadh i gceann in aice le...
TRANSCRIPT
An Tuiseal Ginideach
Tagann athrú ar an ainmfhocal sa tuiseal ginideach.
Aonad
14
Cén uair a úsáidtear an tuiseal ginideach?
Nuair atá SEILBH i gceist:
Hata Sheáin
Teach Mháire
Cóta an fhir
Gúna an chailín
Seol an bháid
Geansaí an bhuachalla
Pléigh le páirtí
An bhfuil samplaí eile ar eolas agaibh?
Nuair a thagann dhá ainmfhocal le chéile:
Seomra ranga
Clár ama
Mála scoile
Peann luaidhe
Pléigh le páirtí
An bhfuil samplaí eile ar eolas agaibh?
Má thagann an t-ainm briathartha roimh an ainmfhocal:
ag imirt peile
ag dúnadh an dorais
ag foghlaim gramadaí
ag léamh leabhair
Pléigh le páirtí
An bhfuil samplaí eile ar eolas agaibh?
Má thagann an réamhfhocal comhshuite roimh an ainmfhocal:
ar fud na tíre
ar feadh seachtaine
ar chúl an tí
in aice na háite
Na Réamhfhocail Chomhshuite
i rith
ar feadh
in aicei gceann
le haghaidhle linn
os cionn
ar son de réir i ndiaidh ar aghaidh
ar fud i gcoinne ar chúl
i measc in aghaidh de bharr
Pléigh le páirtí
An bhfuil samplaí eile ar eolas agaibh?
Nuair atá cainníocht i gceist:
a lán oibre
beagán airgid
go leor trioblóide
níos mó matamaitice
Focail a chuireann cainníocht in iúl:
Pléigh le páirtí
An bhfuil samplaí eile ar eolas agaibh?
I ndiaidh na bhfocal seo a leanas:
chun oibre
timpeall na scoile
cois tine
trasna na farraige
dála an scéil
Pléigh le páirtí
An bhfuil samplaí eile ar eolas agaibh?