15 an tuiseal ginideach - cogg · 2015. 4. 25. · focail ón gcéad díochlaonadh in abairtí •...
TRANSCRIPT
An Tuiseal Ginideach
Gaeilge mhaith, Gaeilge cheart agus Gaeilge chruinn
Aonad
15
Cad a thugann tú faoi deara?
ag barr an bhoird
An bord
i lár an bhóthair
An bóthar
seol an bháid
An bád
tiománaí an chairr
An carr
dath an úill
An t-úll
ag glanadh an urláir
An t-urlár
píolóta an eitleáin
An t-eitleán
éadaí an tsagairt
An sagart
searmanas an tsolais
An solas
i rith an earraigh
An t-earrach
i rith an ____________
An samhradh
duilleoga an ____________
An fómhar
aimsir an ____________
An geimhreadh
An Dialann Mhachnaimh
• Cad a d’fhoghlaim mé?• Míniú ar cad a d’fhoghlaim mé• Mo shamplaí féin• Cad a cheap mé?
Focail ón gcéad díochlaonadh in abairtí• Chonaic mé hata an (fear).• Rachaidh mé go searmanas an (solas).• Tá sé ag barr an (cnoc).• Chonaic mé páiste ag rith trasna an (bóthar) agus stop an carr i lár an (bóthar).• Bíonn mo mham i gcónaí ag glanadh (an t-urlár).• Bhí subh milis ar bhaschrann an (doras).• Bhí sé ag lasadh an (solas).• Ní deireadh an (saol) é.• Chuaigh mé ar laethanta saoire i rith an (samhradh).• Tá an múinteoir ag bailiú (airgead) ar scoil.• Dhún mé doras an (carr).• Bhí eireaball an (cat) gortaithe.• Níl mórán (airgead) agam.• Chuaigh sí timpeall an (bord).• Bhí sé ag seoladh an (bád).• Bhí cóisir againn i ndiaidh (an t-aifreann).