3.0 iad siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí amach ... · i mbaile Átha cliath (1 lúnasa...
TRANSCRIPT
1
Iad Siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach: Réamhrá
Poblachtánaigh agus iad siúd a chuaigh i muinín na láimhe láidre
John Devoy, Joseph McGarrity agus Clan na nGael
Bhí baint láidir ag Clan na nGael leis an Éirí Amach trí mhaoiniú Meiriceánach
agus airm a chur ar fáil d’Óglaigh na hÉireann.
Rugadh John Devoy (1842-1928) i dteaghlach a bhí ina gcónaí i dteach suite
ar leathacra i gCill, Co. Chill Dara. Bhog an teaghlach go Baile Átha Cliath áit a
bhfuair sé a chuid oideachais ó na Bráithre Críostaí i Scoil Uí Chonaill ar Shráid
Richmond Thuaidh, i Modhscoil Shráid Marlborough agus i Modhscoil Shráid
na Trá, áit ar oibrigh sé mar mhonatóir íoctha ar feadh cúpla bliain sula bhfuair
sé post ní b’fhearr mar chléireach.
Tháinig Devoy i dteagmháil le gníomhaithe polaitiúla fad is a bhí sé ag foghlaim
na Gaeilge i ranganna oíche, cuireadh faoi mhóid an chumainn rúnda ar a
dtugadh na Fíníní in 1861. Tar éis bliana le Léigiún Coigríochach na Fraince
san Ailgéir, chuir sé faoi sa Nás, Contae Chill Dara, áit ar oibrigh sé mar eagraí
Fíníní. Ina dhiaidh sin, chuir ceannaire na bhFíníní, James Stephens, cúram air
maidir le hearcú Éireannach i reisimintí na Breataine. Gabhadh é ar deireadh i
mí na Feabhra 1866 agus gearradh pianseirbhíse cúig bliana déag; scaoileadh é
in 1871 tar éis dó ceithre bliana a chaitheamh i bpríosúin éagsúla sa Bhreatain.
Ar scaoileadh dó, chuaigh sé ar imirce go dtí na Stáit Aontaithe.
Chuaigh sé isteach i gClan na nGael timpeall 1873 (bunaíodh é in 1867).
D’éirigh leis an eagraíocht cáil a bhaint amach mar phríomheagraíocht
naisiúnta na nGael-Mheiriceánach faoina stiúradh. Ba é an tarrtháil mhisniúil
3.0
3.2
3.2.2
2
de sheisear Fíníní ó phianseirbhís in Fremantle na hAstráile in 1876 le bád
míolta móra ar cheann de na héachtaí ab iontaí a rinne sé riamh. Shocraigh sé
comhaontú leis an móreagraíocht scarúnaíoch Éireannach eile, Bráithreachas
Phoblacht na hÉireann, a chruthaigh comheolaire réabhlóideach. Thug Clan
na nGael tacaíocht shuntasach airgid do Chonradh na Talún sa tréimhse
1879-1981 faoina cheannaireacht. Thacaigh sé le Páirtí Parlaiminteach
na hÉireann a raibh Parnell i gceannas air ach bhraith sé nár leor Rialtas
Dúchais mar shocrú agus nách mbeadh sé úsáideach ach mar chos i dtaca ar
neamhspleáchas iomlan.
D’oibrigh Devoy mar iriseoir go príomha i Nua-Eabhrac. Sa bhliain 1903
bhunaigh sé agus rinne sé nuachtán rathúil, The Gaelic American, agus Tom
Clarke mar leas-eagarthóir ar feadh tréimhse. Faoi cheannaireacht Devoy,
thacaigh Clan na nGael le go leor tionscadal náisiúnach Éireannach ag deireadh
an naoú haois déag agus ag tús an fhichiú haois, lena n-áirítear an Cumann
Lúthchleas Gael, Conradh na Gaeilge, an United Irishman (tionscadal Arthur
Griffith) agus Óglaigh na hÉireann. D’fhéach Clann na nGael ar Óglaigh na
hÉireann mar arm a d’fhéadfadh tús a chur le héirí amach agus thacaigh siad
leo trí mhaoiniú agus seachadadh arm a thabhairt dóibh dá bharr; creidtear
gur thug siad $100,000 don Éirí Amach idir 1913 agus 1916. D’oibrigh Clann
na nGael go crua chun dearcadh frith-Bhriotanach a chothú agus mar sin
chabhraigh siad stop a chur leis na Stáit Aontaithe dul isteach sa chogadh ar
thaobh na Breataine.
Sa bhliain 1914, bhí Devoy chun tosaigh i gcur chun cinn sraith léachtaí ar
thuras timpeall Stáit Aontaithe Mheiriceá a reáchtáladh chun Scoil Éanna
an Phiarsaigh, a bhí i mbaol a dúnta, a tharrtháil. An bhliain chéanna d’fhan
Roger Casement leis agus mhaoinigh sé a mhisean siúd go dtí an Ghearmáin
chun príosúnaithe cogaidh ó Éirinn a earcú chun páirt a ghlacadh san Éirí
Amach a bhí beartaithe. Bhí sé rannpháirteach freisin i dtairbhe a bhaint as
sochraid Jeremiah O’Donovan ‘Rossa’, an Seanfhinín a fuair bás i Nua Eabhrac,
i mBaile Átha Cliath (1 Lúnasa 1915), mar ócáid chun an spiorad náisiúnaíoch a
mhúscailt.
Coimeádadh Devoy ar an eolas faoi na pleananna a bhí ann d’Éirí Amach 1916
agus é ina dhlúthpháirtí ag Ó Cléirigh, an Piarsach agus Seosamh Ó Pluingcéad
go háirithe. Cé go raibh sé sna seachtóidí ag an am seo, fós theastaigh uaidh
páirt a ghlacadh ach theip air na páipéir cuí taistil a fháil in am.
3.2.2 John Devoy, Joseph McGarrity agus Clan na nGael
3
3.2.2 John Devoy, Joseph McGarrity agus Clan na nGael
Title-page of Devoy’s Recollections of an Irish Rebel (1929).
4
3.2.2 John Devoy, Joseph McGarrity agus Clan na nGael
The Gaelic American newspaper (Sept 1903-1927) was published by Devoy to promote the work of Clan na Gael. (Ms. 18,075).
5
3.2.2 John Devoy, Joseph McGarrity agus Clan na nGael
Devoy became a naturalised United States citizen in 1895. (Ms. 18,063).
6
3.2.2 John Devoy, Joseph McGarrity agus Clan na nGael
The Defence of Ireland Fund was one of the means by which Devoy contributed to promoting his objectives in Ireland. (Ms. 18,091).
7
3.2.2 John Devoy, Joseph McGarrity agus Clan na nGael
Letter by Sir Roger Casement detailing contributions by Devoy, 24 Sept. 1915. (Devoy’s Post Bag, 1948)
8
3.2.2 John Devoy, Joseph McGarrity agus Clan na nGael
Statement by Devoy on the Rising.
9
3.2.2 John Devoy, Joseph McGarrity agus Clan na nGael
Joseph McGarrity and Col. Rickard O’Sullivan Burke, a Fenian who served in the Union army in the American Civil War.
10
3.2.2 John Devoy, Joseph McGarrity agus Clan na nGael
McGarrity’s pub in Philadelphia.
11
3.2.2 John Devoy, Joseph McGarrity agus Clan na nGael
Fenian Days, 1909.
12
3.2.2 John Devoy, Joseph McGarrity agus Clan na nGael
Fenian Days, 1909.
13
3.2.2 John Devoy, Joseph McGarrity agus Clan na nGael
Fenian Days, 1909.
14
3.2.2 John Devoy, Joseph McGarrity agus Clan na nGael
Circular letter by McGarrity promoting Patrick Pearse’s American tour raising funds for Saint Enda’s School in 1914. (Ms. 17,476, McGarrity Papers).
15
3.2.2 John Devoy, Joseph McGarrity agus Clan na nGael
Certificate acknowledging a contribution by McGarrity to the Irish National Volunteers.The Irish Volunteers were sometimes styled the Irish National Volunteers, especially in America. (Ms. 17,646(4), McGarrity Papers).
16
3.2.2 John Devoy, Joseph McGarrity agus Clan na nGael
Memorandum by McGarrity on 1916. (Ms. 17,550).