am agus cróineolaíocht - web viewcuraclam na . bunscoile. liosta ábhar: stair....
TRANSCRIPT
Curaclam na Bunscoile
Liosta ábhar:Stair
NCCA, 35 Fitzwilliam Square, Dublin 2, Telephone: +353 1 661 7177, Fax: +353 1 661 7180, Email: info@ncca.
Nóta don léitheoirCeann de shraith doiciméad ar aon dul leis is ea an cháipéis seo, a rinne an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) a fhorbairt, ar éileamh ó mhúinteoirí go gcuirfí bealach soléite ar fáil d’ábhar Churaclaim na Bunscoile. Baineann gach cáipéis go sonrach le hábhar scoile ar leith, agus tugtar liosta ann de na cuspóirí ábhar agus scileanna, nuair atá fáil orthu. Cuirtear an t-ábhar seo i láthair faoi na ceithre leibhéal ranga: Naíonáin, Ranganna a hAon/a Dó, Ranganna a Trí/a Ceathair, Ranganna a Cúig/a Sé.
Tabhair cuairt ar an gcuraclam ag curriculumonline.ie le teacht ar ráiteas iomlán maidir le hábhar.
Clár
Ranganna na Naíonán 3
Ranganna a hAon/a Dó 6
Ranganna a Trí/a Ceathair 12
Ranganna a Cúig/a Sé 22
Gliogáil ar leibhéal ranga ar leith le dul ar aghaidh go dtí na leathanaigh ábhartha.
Ranganna naíonánDe thoradh snáithaonaid an churaclaim staire a chríochnú ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
Am agus cróineolaíocht
bheith feasach ar sheicheamh imeachtaí i scéalta simplí faoin am atá thart agus é a phlé
seicheamh imeachtaí ina stair féin nó i stair a m(h)uintire agus i scéalta a chlárú agus úsáid á baint as línte ama simplíroinnt grianghraf nó nithe pearsanta eile a chur in ord cróineolaíoch
Fianaise a úsáid
déileáil le fianaise shimplí stairegrianghraif de chuid an tí, na héadaí a chaith sé/sí nuair a bhí sé/sí níos óige, foirgnimh
Cur in iúl
eolas ar scéalta ón am atá thart a chur in iúl ar bhealaí éagsúlaéisteacht le scéalta agus iad a athinsint, drámaíocht, obair ealaíne teicneolaíocht an eolais agus na cumarsáide.
Snáithe: Mise agus mo mhuintir
Snáithaonad: Mise
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
imeachtaí agus dátaí tábhachtacha pearsanta a iniúchadh agus a chlárúm'aoisan uair a rugadh méan uair a thosaigh mé ag siúlmé ag fás suasmo chéad lá ar scoiláiteanna a raibh cónaí orm
fianaise shimplí a bhailiú agus a iniúchadhgrianghraif de/di féin nuair a bhí sé/sí níos óige, na chéad bhréagáin
3
grianghraif, éadaí nó bréagáin a úsáideadh ag aoiseanna éagsúla a chur i gcomparáid le chéile agus nóta a dhéanamh d'fhorbairt agus de rudaí atá tar éis fanacht mar a bhí.
ComhtháthúEolaíocht: Dúile beo - MiseOSPS: Mé féin - Fás agus athrú
Snáithaonad: Mo mhuintir nó muintir duine a bhfuil aithne agam air/uirthi
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
eolas a bheith aige nó aici ar bhaill a m(h)uintire agus a bheith in ann iad a aithint
aoiseanna a chur i gcomparáid: sean/níos sine, óg/níos óige fianaise shimplí a bhailiú
grianghraif de bhaill na muintire an chaoi a dtugann baill na muintire aire dá chéile a iniúchadh agus a phlé forbairtí i saol na muintire agus na rudaí atá tar éis fanacht mar a bhí a phlé
cónaí sa teach céannacarr nua a fháilcrainn ag fás sa ghairdín.
ComhtháthúOSPS: Mé féin agus daoine eile - Mise agus mo theaghlach
Snáithe: Scéalaíocht
Snáithaonad: Scéalta
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
éisteacht le roinnt scéalta as saol daoine a chuir leis an saol áitiúil nó leis an saol náisiúnta agus le saol daoine i dtíortha eile ar bhealaí éagsúla agus na scéalta sin a phlé agus a athinsint agus clárú a dhéanamh orthu agus úsáid á baint as pictiúir agus gníomhaíochtaí simplí scríbhneoireachta eile
eolas a chur ar shaol ban, fear agus páistí ó chúlraí éagsúla sóisialta, cultúrtha, eitneacha, agus creidimh, saol 'gnáthdhaoine' san áireamh, chomh maith le saol daoine 'níos cáiliúla'
éisteacht le daoine de chuid na háite ag insint scéalta faoin am atá thart
4
cróineolaíocht imeachtaí i scéal a phlé (an tús, an lár, an deireadh) scéalta a léiriú nó a thaifeadadh trí obair ealaíne, dhrámaíocht, cheol, mhím
nó ghluaiseacht agus leas a bhaint as teicneolaíocht an eolais agus na cumarsáide
pictiúir a thaispeáint i líne scéalaíochta agus na himeachtaí á léiriú in ord seichimh.
ComhtháthúCeol: Éisteacht agus freagairt; LéiriúNa hamharcealaíona: Tá go leor scéalta a d'fhéadfadh obair ealaíne a spreagadh.Drámaíocht: Drámaíocht chun mothúcháin, eolas agus idéanna a iniúchadh le teacht ar thuiscint
5
Ranganna a hAon/a DóDe thoradh snáithaonaid churaclam na staire a chríochnú ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
Am agus cróineolaíocht
tosú ar an difear idir an am atá thart, an am i láthair agus an am atá le teacht a aithint
tosú ag forbairt tuisceana ar an gcróineolaíocht trí sheichimh shimplí a iniúchadh agus a chlárú agus trí earraí agus phictiúir a chur in ord stairiúil
Athrú agus leanúnachas
samplaí d'athrú agus de leanúnachas a fhiosrú, go háirithe sa saol pearsanta, agus i stair na muintire agus na háitegnéithe i dteach, i dteaghlach agus i ngarthimpeallacht an pháiste a d'athraigh nó a d'fhan mar a bhí
Cúis agus iarmhairt
na cúiseanna ar tharla imeachtaí áirithe agus roinnt de na torthaí a bhí orthu a phlégníomhartha pearsan i scéal
Fianaise a úsáid
Raon d'fhianaise shimplí stairiúil a fhiosrúgrianghraif, earraí, cuimhní daoine níos sine, foirgnimh, scéalta agus amhráin
tosú ar chuntais fhicseanacha i scéalta, miotais nó finscéalta agus cuntais ar dhaoine agus imeachtaí réadúla san am atá thart a idirdhealú
Sintéisiú agus cur in iúl
eolas ar scéalta, ar dhaoine agus ar imeachtaí ón am atá thart a chur in iúl ar bhealaí éagsúlascríbhneoireacht, drámaíocht, meáin eile, teicneolaíocht an eolais agus na cumarsáide
Ionbhá
mothúcháin pearsan i scéalta ón am atá thart a shamhlú agus a phlé.
6
Snáithe: Mise agus mo mhuintir
Snáithaonad: Mise
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
imeachtaí agus dátaí tábhachtacha pearsanta a iniúchadh agus a chlárúlaethanta breithemar a d'athraigh mé de réir mar a d'fhás mé suasmo chéad chuairteanna ar laethanta saoirenuair a rugadh mo dheartháir nó mo dheirfiúrnuair a bhogamar teach cónaithenuair a fuaireamar carbhán nó leantóir nuamo chéad lá ar scoil nó sa rang seo
míreanna simplí fianaise ón am atá thart ina s(h)aol féin a bhailiú, a phlé, agus a chur i gcomparáidgrianghraif díom féin nó de mo theach baill éadaigh, bréagáinmo chéad leabhar léitheoireachta nó mo chéad chóipleabhar
líne ama shimplí nó líne shimplí scéalaíochta a chur le chéile.
ComhtháthúEolaíocht: Dúile beo -- MiseOSPS: Mise -- Fás agus athrú
Snáithaonad: Mo mhuintir nó muintir duine a bhfuil aithne agam air/uirthi
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
gnéithe, ócáidí agus dátaí tábhachtacha i saol an teaghlaigh agus na muintire san am atá thart a fhiosrú agus a thaifeadadh
aoiseanna bhaill na muintire a chur i gcomparáid:sean/níos sine, óg/níos óige
ócáidí nó imeachtaí tábhachtacha i saol an teaghlaigh a phlé agus a thaifeadadhbreitheanna, bogadh tí, laethanta saoire
raon d'fhianaise shimplí a bhailiú, a iniúchadh agus a phlé, ag déanamh nóta d'athruithe, de chora nua sa saol, agus de rudaí a d'fhan mar a bhígrianghraif de bhaill na muintire agus d'ócáidícuimhneacháin bheaga shimplí
7
rudaí a d'úsáid tuismitheoir(í) nócaomhnóir(í) i rith a (n-)óige
craobh shimplí ghinealaigh, leabhar gearrthóg nó líne ama a chur i dtoll a chéile.
ComhtháthúOSPS: Mise agus daoine eile -- Mise agus mo mhuintir
Snáithaonad: Nuair a bhí mo sheanaithreacha/sheanmháithreacha óg
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
gnéithe de shaol daoine a bhí beo nuair a bhí a s(h)eanaithreacha / s(h)eanmháithreacha óg a fhiosrú agus a thaifeadadhan áit a raibh cónaí ar na seantuistí, a dtithe cónaithean obair a rinne siad, a gcuid éadaigh agus a gcuid biacén chaoi a ndeachaigh siad ó áit go háita gcluichí, a gcaitheamh aimsire, a mbréagáina gcuid amhrán agus a gcuid damhsaí
éisteacht le daoine fásta ag cur síos ar an saol atá caite acu féin fianaise shimplí a bhailiú ar scoil nó i músaem áitiúil nó í a scrúdú
uirlisí agus trealamh tíroinnt uirlisí feirmepacáistí nó boscaínuachtáin nó irisíbréagáin nó cluichílitreacha nó cártaí poist
saol daoine san am atá thart a chur i gcomparáid le saol daoine sa lá atá inniu ann, ag déanamh nóta de na cosúlachtaí agus de na héagsúlachtaí
amhráin agus damhsaí a fhoghlaim, nó cluichí de chuid na seanaimsire a imirt
ábhar a chlárú ar líne ama chuí.
8
Snáithaonad: Cluichí san am atá thart
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
cluichí traidisiúnta neamhfhoirmiúla a fhiosrú agus a thaifeadadh, go háirithe cinn atá nó a bhí coitianta sa cheantar chomh maith leo sin a bhfuil eolas ag tuismitheoirí nó ag seanaithreacha/ seanmháithreacha orthucluichí sráide, cluichí áitiúla, cluichí tí, cluichí Oíche Shamhna, cluichí Lá Bealtaine, cluichí aimsir na Nollag
eolas a bhailiú faoi rialacha, thraidisiúin, amhráin nó rainn a bhaineann leis na cluichí
earraí a úsáideadh sna cluichí sin a láimhsiú, a bhailiú, nó a dhéanamh as an nua, de réir mar is féidir sin.
ComhtháthúCorpoideachas: CluichíOSPS: Mise agus an domhan mór -- Forbairt na saoránachta
Snáithaonad: Féastaí agus féilte san am atá thart
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
an bunús agus na traidisiúin a bhaineann le roinnt féilte coitianta a fhiosrú agus a phléan Nollaig, Oíche Shamhna féastaí agus féilte áitiúla a chomórann baill éagsúla de phobal na scoile
éisteacht le scéalta, finscéalta, cluichí agus amhráin atá comhghaolmhar le chéile agus iad a phlé, a fhiosrú agus a thaifeadadh.
ComhtháthúCorpoideachas: DamhsaCeol: Éisteacht agus freagairt; Léiriú
9
Snáithe: Athrú agus leanúnachas
Snáithaonad: Leanúnachas agus athrú sa gharthimpeallacht
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
cuairt a thabhairt ar ghnéithe sa gharthimpeallacht a léiríonn leanúnachas agus athrú, iad a fhiosrú agus feasacht orthu a bhunúmo bhaile -- an uair a tógadh é, an uair a athraíodh é agus cén fáthsráid-dhreach anois agus tráthfoirgneamh áitiúil faoi leith (m.sh. teach, séipéal, scioból nó clós feirme, stáisiún traenach, scoil, caisleán, seanbhalla, gairdín eastáit, muileann)monarcha -- a táirge fadó, a táirge anois
éisteacht le cuimhní daoine níos sine faoi na háiteanna sin agus iad a thaifeadadh
grianghraif, líníochtaí agus cuntais shimplí ar shuíomh faoi mar atá sé anois agus faoi mar a bhí sé san am atá thart a chur i gcomparáid
treoracha simplí oibre, cártaí oibre agus bileoga loirg a úsáid torthaí na fionnachtana a thaifeadadh trí líníochtaí agus meáin ealaíne eile,
trí mhúnlú nó ghrianghraif, theicneolaíocht an eolais agus na cumarsáide línte ama cuí a úsáid.
Snáithe: Scéalaíocht
Snáithaonad: Scéalta
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
éisteacht le scéalta á n-insint go simplí as saol daoine a chuir leis an saol áitiúil nó leis an saol náisiúnta agus le saol daoine i dtíortha eile trí ghníomhaíochtaí teicneolaíocha, eolaíocha, cultúrtha agus ealaíonta, chomh maith le scéalta as saol daoine a chuir le himeachtaí sóisialta agus polaitiúla; na scéalta sin a phlé, a athinsint agus a thaifeadadh
eolas a chur ar shaol ban, fear agus páistí ó chúlraí éagsúla sóisialta, cultúrtha, eitneacha agus reiligiúnacha, saol 'gnáthdhaoine' san áireamh, chomh maith le saol daoine 'níos cáiliúla'
éisteacht le daoine as an áit ag insint scéalta faoin saol a chaith siad
10
éisteacht le raon miotas agus finscéalta as cúlraí éagsúla cultúrtha, eitneacha agus reiligiúnacha in Éirinn agus i dtíortha eile, iad a phlé, a athinsint agus a thaifeadadh
cuntais fhicseanacha i scéalta, miotais nó finscéalta agus cuntais ar dhaoine agus imeachtaí réadúla san am atá thart a idirdhealú
cróineolaíocht imeachtaí i scéal a phlé (an tús, an lár, an deireadh) gníomhartha agus mothúcháin pearsan a phlé scéalta a léiriú nó a chlárú trí mheán scríbhneoireachta simplí, oibre
ealaíne, drámaíochta, míme nó ghluaiseachta agus trí theicneolaíocht an eolais agus na cumarsáide a úsáid
pictiúir a thaispeáint i líne scéalaíochta agus na himeachtaí a léiriú in ord seichimh
línte ama cuí a úsáid.
ComhtháthúCeol: Éisteacht agus freagairt; LéiriúNa hamharcealaíona: Tá go leor scéalta ann a d'fhéadfadh obair ealaíne a spreagadh.Drámaíocht: Drámaíocht chun mothúcháin, eolas agus idéanna a iniúchadh le teacht ar thuiscint
11
Ranganna a Trí/a CeathairDe thoradh snáithaonaid churaclam na staire a chríochnú ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
Am agus cróineolaíocht
an t-am atá thart, an t-am i láthair agus an t-am atá le teacht a idirdhealú tuiscint a fhorbairt ar am agus ar chróineolaíocht trí aoiseanna daoine, earraí agus
imeachtaí a chur i gcomparáid eolas faoi dhaoine agus faoi imeachtaí san am atá thart a thaifeadadh trí úsáid a
bhaint as línte simplí ama coinbhinsiúin dátaithe a thuiscint agus a úsáid agus staidéar ar an am atá thart á
dhéanamh, an lá, an mhí agus an bhliain san áireamhan bhliain a rugadh mébreith tuismitheoirí agus daoine muinteartha eilean bhliain a thosaigh mé ar scoildátaí pearsanta eile san am atá díreach thart nó níos faide siar ná sin
focail agus frásaí coitianta a bhfuil baint acu le cúrsaí ama a úsáidsean/nua, níos sine/níos nuaí,roimhe/ina dhiaidh, níos déanaí/níos luaithe,i bhfad ó shin, na cianta ó shin
Athrú agus leanúnachas
tuiscint d'athrú agus do leanúnachas a fhorbairt trí na cosúlachtaí agus na héagsúlachtaí idir an t-am atá thart agus an t-am i láthair a iniúchadh
Cúis agus iarmhairt
na cúiseanna a bhí le roinnt imeachtaí agus athruithe san am atá thart agus na hiarmhairtí a bhí orthu a phlé
Fianaise a úsáid
raon níos leithne d'fhianaise staire a scrúdú agus a úsáid, go háirithe an méid a d'fhéadfaí a fháil go háitiúil nó a bhfuil baint aige le stair na háitegrianghraif, pictiúir, earraí, cuimhní daoine níos sine, foirgnimh, scéalta agusamhráin, foinsí scríofa, scannáin, meáin eile, teicneolaíocht an eolais agus nacumarsáide
ceisteanna a chur faoi phíosa fianaise achoimre a dhéanamh ar an eolas atá in aon fhoinse fhianaise amháin agus tátail
shimplí a bhaint as
12
Sintéisiú agus cur in iúl
an fhianaise agus an tsamhlaíocht a úsáid chun gnéithe den am atá thart a athchruthúcluiche a d'imríodh na seanaithreacha/seanmháithreacha nuair a bhí siad ógcomhrá idir bheirt phearsa stairiúlaan chuma a bhí ar sheanráth
an tuiscint sin ar an am atá thart a chur in iúl ar bhealaí éagsúlaan teanga labhartha, scríobh, drámaíocht, obair ealaíne, múnlú, meáin eileagus teicneolaíocht an eolais agus na cumarsáide
Ionbhá
mothúcháin agus inspreagadh daoine san am atá thart a shamhlú agus a phlé.
Snáithe: Staidéir áitiúla
Snáithaonad: Mo mhuintir
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
gnéithe de stair a m(h)uintire féin nó de stair mhuintire duine éigin ar a bhfuil aithne aige/aici a iniúchadhdátaí breithe deartháireacha agus deirfiúrachadátaí breithe tuismitheoirí agus seanaithreacha/seanmháithreachasaolré seanaithreacha/seanmháithreacha más féidirócáidí breithe agus báis agus imeachtaí eile teaghlaigh san am atá thartan uair a tógadh mo theachsa nó an uair a tháinig mo mhuintir chun cónaithe anseo dátaí tábhachtacha i saol na muintire (m.sh. an uair a thosaigh an t-athair, an mháthair nó gaol eile ag obair, an uair a d'athraigh sé/sí obair, an uair a d'fhág duine muinteartha an ceantar nó an tír)
athruithe agus samplaí de leanúnachas i saol na dtuismitheoirí agus na seanaithreacha/seanmháithreacha a scrúdúó thaobh éadaí agus bia deó thaobh leabhar, cluichí agus caitheamh aimsire deó thaobh cumarsáide, bóithre agus iompair deó thaobh an imshaoil thógtha agus an imshaoil nádúrtha de
raon d'fhianaise shimplí staire a bhailiú agus a úsáidseanchasgrianghraifcuimhneacháin teaghlaigh
13
sean-nuachtáinleabhair thagartha
torthaí fionnachtana a chur i láthair, ag baint leasa as meáin éagsúla mar aon le línte ama cuí.
ComhtháthúOSPS: Mise agus daoine eile -- Mise agus mo mhuintir
Snáithaonad: Áitribh
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
na hathruithe atá tagtha ar a (h)áitreabh féin mar aon le háitribh eile sa cheantar a iniúchadhdearadh éagsúil na n-áitreabh agus an t-ábhar as ar rinneadh iadcineálacha agus aoiseanna éagsúla, tithe, carbháin, árasáin, iostáin, leantóirí san áireamhathruithe sa struchtúrathruithe sna seirbhísí (m.sh. an uair a tháinig leictreachas chuig an áitreabh)athruithe ó thaobh troscáin agus fearais de
rudaí a d'athraigh agus rudaí a d'fhan mar a bhí siad a phlé le seandaoine seandéantúsáin a bhailiú nó a phlé torthaí fionnachtana a chur i láthair, ag baint leasa as meáin éagsúla mar
aon le línte ama cuí.
ComhtháthúTíreolaíocht: Imshaoil dhaonna -- Daoine a chónaíonn agus a shaothraíonn sa cheantar áitiúil
Snáithaonad: Mo scoil
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
tógáil na bhfoirgneamh atá ann faoi láthair agus stair na bhfoirgneamh a bhí ann roimhe seo a iniúchadh
eolas a chur ar scéal bhunaitheoir(í) na scoile iarracht a dhéanamh lá scoile san am atá thart a athchruthú, ag baint leasa
as raon d'fhianaise shimplí
14
cuimhní iardhaltaísean-téacsleabhair, cóipleabhair pheannaireachta agus pinngrianghraif de pháistícuimhní na ndaoine, seanchas
troscán agus fearas na scoile mar aon le cruth an tseomra ranga san am atá thart a chur i gcomparáid leis an gcaoi a bhfuil cúrsaí sa lá atá inniu ann
seanrollaí scoile agus taifid eile a scrúdú; sean-chóipleabhair pheannaireachta, más féidir
tagairt a dhéanamh do línte ama cuí nó iad a úsáid.
ComhtháthúOSPS: Mise agus an saol mór -- Saoránacht á forbairt
Snáithaonad: Cluichí agus caitheamh aimsire san am atá thart
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
eolas a chur ar roinnt cluichí agus caitheamh aimsire a mbaintí taitneamh astu sa cheantar
cluichí agus caitheamh aimsire ar bhain tuismitheoirí agus seanaithreacha/ seanmháithreacha taitneamh astu san am atá thart a iniúchadh agus a phlé
eolas éigin a fháil faoi chluichí agus chaitheamh aimsire ar bhain páistí i sochaithe ársa agus i dtíortha eile taitneamh astu.
ComhtháthúCorpoideachas: CluichíOSPS: Mise agus an saol mór -- Forbairt na saoránachta
Snáithaonad: Féastaí agus féilte san am atá thart
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
eolas a chur ar an mbunús agus ar na traidisiúin a bhaineann le roinnt féilte coitianta in Éirinn agus i dtíortha eileféilte áitiúlaféilte áitiúla a chomórann baill éagsúla den scoil agus den phobal áitiúil, féilte Críostaí, Hiondúcha, Giúdacha, Moslamacha agus eilesan áireamh de réir mar a bhíonn feiliúnach
15
féilte a bhfuil baint acu le saothrú na talúnféilte a dhéantaí a cheiliúradh sa chianaimsir
searmanais, scéalta, finscéalta, filíocht, ceol, damhsaí agus cluichí a bhaineann leis na féilte sin a iniúchadh, a phlé, agus a thaifeadadh.
ComhtháthúCorpoideachas: DamhsaOSPS: Mise agus an domhan mór -- Forbairt na saoránachtaCeol: Éisteacht agus freagairt; Léiriú
Snáithaonad: Foirgnimh, láithreáin nó fothraigh i mo cheantar
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
gnéithe den timpeallacht áitiúil a iniúchadh go gníomhachséipéal áitiúilseanteach nó seantitheclós feirme ar eastátsráid (nó cuid de shráid)droichead nó seanbhótharmuileannospidéaléadan siopa nó foirgneamh eilecaisleán nó túrtheach
gnéithe éagsúla de na láithreáin sin a imscrúdúbunú agus suíomha gcruth anois agus roimhe seoan fáth ar tógadh iadgnéithe atá tar éis athrúgnéithe nár athraighcén chaoi ar airigh na daoine a bhí ina gcónaí, ag obair, ag adhradh Dé nó ag fáil bháis san áit sinscéalta daoine a bhí ina gcónaí, ag obair, ag adhradh Dé nó a fuair bás san áit sin
torthaí fionnachtana a chur i láthair, ag baint leasa as meáin éagsúla agus línte ama cuí.
ComhtháthúTíreolaíocht: Imshaoil dhaonna -- Daoine a chónaíonn agus a shaothraíonn sa cheantar áitiúil
16
Snáithaonad: Mo cheantar trí na haoiseanna
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
staidéar a dhéanamh ar thréimhse nó ar thréimhsí i stair an cheantair, an bhaile mhóir, cheantar na cathrach, an bhaile fhearainn, an pharóiste nó an chontae
eolas a chur ar imeachtaí tábhachtacha i stair na háite, á gceangal sin leis an gcomhthéacs náisiúnta de réir mar a thagann sin i gceist; ar na himeachtaí a d'fhéadfaí a chur san áireamh tá:seanlonnaíochtaí i ráth nó i ndúnuaigheanna ársabunú sráidbhaile, baile mhóir, nó cathrachtógáil foirgneamh, droichead, faoi leithimeachtaí sa cheantar a bhí bainteach leis an nGorta Mórnósanna feirmeoireachta a d'athraighoscailt nó dúnadh ospidéil nó monarchana áitiúla
bailéid, scéalta agus traidisiúin de chuid na háite a bhfuil baint acu lena chéile a bhailiú.
NascadhA thabhairt faoi deara go bhféadfaí an t-aonad seo a úsáid in áit ceann de na haonaid a mholtar sa snáithe Leanúnachas agus athrú le himeacht ama.ComhtháthúTíreolaíocht: Imshaoil dhaonna -- Daoine a chónaíonn agus a shaothraíonn sa cheantar áitiúil
Snáithe: Scéalaíocht
Snáithaonad: Scéalta as saol daoine a mhair san am atá thart
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
éisteacht le raon scéalta as saol daoine a chuir leis an saol áitiúil nó leis an saol náisiúnta agus le saol daoine i dtíortha eile trí ghníomhaíochtaí teicneolaíocha, eolaíocha, cultúrtha agus ealaíonta, chomh maith le scéalta as saol daoine a chuir le himeachtaí sóisialta agus polaitiúla; na scéalta sin a phlé, a athinsint agus a chlárú
eolas a chur ar shaol ban, fear agus páistí ó chúlraí éagsúla sóisialta, cultúrtha, eitneacha agus reiligiúnacha, saol 'gnáthdhaoine' san áireamh, chomh maith le saol daoine atá 'níos cáiliúla'
éisteacht le daoine as an áit ag insint scéalta faoin saol a chaith siad
17
cróineolaíocht imeachtaí i scéal a phlé (an tús, an lár, an deireadh) píosaí simplí fianaise a bhfuil baint acu le hábhar a scrúdú agus tosú ar
thátail a bhaint astu gníomhartha agus mothúcháin pearsan a phlé dearcadh agus inspreagadh pearsan a phlé scéalta a léiriú nó a thaifeadadh trí iad a insint nó a scríobh, nó trí obair
ealaíne, trí dhrámaíocht, mhím nó ghluaiseacht línte ama cuí a úsáid.
Snáithaonad: Miotais agus finscéalta
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
éisteacht le raon miotas agus finscéalta ó chúlraí éagsúla cultúrtha, eitneacha agus creidimh in Éirinn agus i dtíortha eile, iad a phlé, a athinsint, agus a thaifeadadh
cróineolaíocht na n-imeachtaí sna scéalta a phlé gníomhartha agus mothúcháin na bpearsan a phlé cuntais fhicseanacha i scéalta, miotais agus finscéalta agus daoine agus
imeachtaí réadúla san am atá thart a idirdhealú scéalta a léiriú nó a thaifeadadh trí iad a insint nó a scríobh nó trí obair
ealaíne, dhrámaíocht, mhím nó ghluaiseacht agus úsáid a bhaint as teicneolaíocht an eolais agus na cumarsáide.
ComhtháthúCeol: Éisteacht agus freagairt; LéiriúNa hamharcealaíona: Tá go leor scéalta ann a d'fhéadfadh obair ealaíne a spreagadh.Drámaíocht: Drámaíocht chun mothúcháin, eolas agus idéanna a iniúchadh le teacht ar thuiscint
18
Snáithe: Pobail agus sochaithe ársa
Snáithaonaid: Cuid acu seo
Pobail na ClochaoisePobail na Cré-umhaoiseSochaithe luatha Ghleannta na Tígrise agus na hEofraiteNa hÉigiptighNa GréagaighNa RómhánaighNa CeiltighÉire Luath-ChríostaíNa Lochlannaigh
agus cuid acu seo:Pobail Mheiriceá Láir agus Theas m.sh. Na hAistéicighPobail na hÁise m.sh. pobail Ghleann na hIondúise, na hImpireachtaí Ch'in agus Han sa tSínPobail na hAfraice m.sh. Pobail BheininPobail Thuaisceart Mheiriceá m.sh. Pobail Dhúchasacha MheiriceáPobail na hAstraláise m.sh. Na Maoraigh
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
eolas a chur ar roinnt gnéithe de shaol na ndaoine seocárbh as dóibh; a dtailte dúchaisa n-ionaid chónaithebia agus cócaireacht; éadaíobair agus teicneolaíochtaí, airman méid ar éirigh leo a bhaint amach ó thaobh an chultúir agus na n-ealaíon demiotais agus scéaltacreideamhfóillíocht agus caitheamh aimsirenósanna adhlacthanaisc a bhí acu le hÉirinn agus leis an Eoraip (mar a bhíonn feiliúnach)teacht na bpobal seo go hÉirinn, iad ag cur fúthu anseo, a saol anseo (mar a bhíonn feiliúnach)
eolas a chur ar an bhfianaise atá againn a insíonn dúinn faoi na pobail seo, go háirithe fianaise atá ar fáil go háitiúil, agus an fhianaise sin a scrúdú
ionad na bpobal seo a thaifeadadh ar línte ama cuí.
19
Snáithe: Saol, sochaí, obair agus cultúr san am atá thart
Snáithaonaid: Rogha as:
An saol in Éirinn i rith thréimhse na NormannachAn saol sna bailte móra agus faoin tuath in Éirinn agus san Eoraip i rith na MeánaoiseAn saol san ochtú haois déagAn saol sa naoú haois déagAn saol le linn an Dara Cogadh DomhandaAn saol in Éirinn ó chaogaidí na fichiú haoise i leith
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
eolas a chur ar roinnt gnéithe de shaol na ndaoine seoa n-ionaid chónaitheéadaífeirmeoireacht, bia agus cócaireachtteicneolaíochtaí a d'fhorbair agus a d'úsáiddaoinedaoine i mbun oibreuirlisí agus airmteanga(cha), cultúr, ealaín agus ceolfóillíocht agus caitheamh aimsirescéalta faoi dhaoine aonair a bhain leis an tréimhse seo
eolas a chur ar an bhfianaise atá againn a insíonn dúinn faoi na pobail seo, go háirithe fianaise atá ar fáil go háitiúil, agus an fhianaise sin a scrúdú
ionad na bpobal seo a thaifeadadh ar línte ama cuí.
20
Snáithe: Leanúnachas agus athrú le himeacht ama
Snáithaonaid: Ar na haonaid a d'fhéadfaí a chur san áireamh tá:
Bia agus feirmeoireachtÉadaíÁitribh agus titheIomparCumarsáidSiopaí agus aontaíScoileanna agus oideachasCúram na n-easlán
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
staidéar a dhéanamh ar dhul chun cinn sóisialta, ealaíne, teicneolaíocha agus eolaíocha, thar thréimhsí fada
rudaí a d'athraigh agus rudaí a d'fhan mar a bhí a aithint ar an 'líne fhorbartha'
cuid de na cúiseanna ba bhun le hathrú nó a chuir le hathrú a chosc a aithint
tagairt a dhéanamh do línte ama cuí nó iad a úsáid.
21
Ranganna a Cúig/a SéDe thoradh snáithaonaid churaclam na staire a chríochnú ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
Am agus cróineolaíocht
tuiscint a fhorbairt ar am agus ar chróineolaíocht ionas go bhféadfadh sé/sí daoine, earraí agus imeachtaí a shuíomh taobh istigh de sheicheamh leathan staire
daoine agus imeachtaí san am atá thart a taifeadadh trí úsáid a bhaint as línte ama simplí de shaghsanna éagsúla
téarmaí, frásaí agus coinbhinsiúin a bhaineann le taifeadadh dátaí agus ama a úsáidRCh, AD, aois, an Chlochaois, 600 RCh, Éire Luath-Chríostaí, Ré na mBard, réimeas Rí Seoirse
Athrú agus leanúnachas
tuiscint ar athrú agus ar leanúnachas a fhorbairt trí iniúchadh a dhéanamh ar chosúlachtaí agus difríochtaí idir an t-am atá thart agus an t-am i láthair agus idir thréimhsí éagsúla san am atá thart
Cúis agus iarmhairt
roinnt gnéithe a aithint arbh fhéidir gurbh iad ba chúis le hathruithe san am atá thart, a chuir stop leo, nó a chuir moill orthu
a léirthuiscint gur gnách go mbíonn roinnt cúiseanna le teagmhais agus roinnt iarmhairtí orthu
Fianaise a úsáid
raon leathan d'fhianaise staire a úsáid go criticiúilgrianghraif, pictiúir, earraí, cuimhní daoine níos sine, foirgnimh, scéalta agusamhráin, foinsí scríofa, scannáin agus meáin eile, teicneolaíocht an eolais agusna cumarsáide
roinnt scileanna a fhorbairt chun fianaise a aimsiú agus a roghnú bunfhoinsí agus foinsí tánaisteacha a idirdhealú ceisteanna a chur faoi phíosa fianaise cuntais ar dhuine nó ar theagmhas ó dhá fhoinse éagsúla nó níos mó a chur i
gcomparáid tátail shimplí a bhaint as píosa fianaise a aithint go bhféadfadh fianaise a bheith easnamhach nó claonta a thuiscint gur féidir fianaise a idirmhíniú ar bhealaí éagsúla.
22
Sintéisiú agus cur in iúl
eolas stairiúil a roghnú agus eagar a chur air fianaise agus an tsamhlaíocht a úsáid chun gnéithe den am atá thart a athchruthú
imeachtaí an lae i scoil sa naoú haois déag, radharc de dhaoine ag dul ar imirce aimsir an Ghorta, an chuma a bhí ar lonnaíocht chrannóige, litir nó dialann a scríobh pearsa staire
an tuiscint sin ar an am atá thart a chur in iúl ar bhealaí éagsúlaan teanga labhartha, scríbhneoireacht, drámaíocht, obair ealaíne, múnlú, meáin eile, teicneolaíocht an eolais agus na cumarsáide
Ionbhá
mothúcháin agus inspreagadh daoine san am atá thart a shamhlú agus a phlé an chaoi ar bhreathnaigh daoine a bhí páirteach in imeacht san am atá thart,
b'fhéidir, a phlé.
Snáithe: Staidéir áitiúla
Snáithaonad: Áitribh
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
áitribh éagsúla sa cheantar a chur i gcomparáid le chéile agus a chlárú (áitribh ó thréimhsí éagsúla ab fhearr)méid agus leagan amach, ábhair thógálamaisiú, troscán agus fearasteas, solas, séarachas, soláthar uiscetimpeallacht (m.sh. sráid, ceap árasán, eastát, gairdín, páirceanna, crainn, coillte, spásanna súgartha)
éagsúlachtaí nó cosúlachtaí áitiúla nó réigiúnda sa stíl tógála nó sna hábhair thógála a fhiosrú
aon cheangal a bheadh idir aois tithe agus an láthair ar a bhfuil siad suite a fhiosrú
earraí nó lámhdhéantúsáin tí a bhailiú agus a thaifeadadh agus staidéar a dhéanamh orthu.
ComhtháthúTíreolaíocht: Imshaoil dhaonna -- Daoine a chónaíonnagus a shaothraíonn sa cheantar áitiúil
23
Snáithaonad: Scoileanna
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
staidéar a dhéanamh ar fhorbairt na scoile thar thréimhse stair na scoile a cheangal le stair an oideachais sa pharóiste nó sa cheantar
áitiúilscoileanna filíochtascoileanna in aimsir na bPéindlíthe i dtús na hochtú haoise déagscoileanna táille (scoileanna scairte) san ochtú nó sa naoú haois déagscoileanna nua-aimseartha eile
stair na scoile a iniúchadh i gcomhthéacs fhorbairt an oideachais in Éirinncóras na scoileanna náisiúntaobair na n-ord rialtaábhar curaclaim agus trealamh scoile
úsáid a bhaint as foinsí scríofa agus as foinsí eiletaifid scoile (m.sh. leabhair rollaí, leabhair phionóis, tuairiscí cigirí)seanchas iardhaltaí agus ball den fhoireanngrianghraif scoilelitreacha, billí, admhálacha, dialannataifid an pharóiste (d'fhéadfadh tagairtí luachmhara do scoileanna a bheith iontu seo)tuairiscí sna nuachtáin áitiúla (faoi scoil, nó méadú uirthi, a bheith á hoscailt)tuairiscí clóbhuailte oifigiúla (go háirithe tuairiscí rialtais ón naoú haois déag ar staid an oideachais in Éirinn).
ComhtháthúOSPS: Mise agus an domhan mór -- Saoránacht á forbairt
Snáithaonad: Cluichí agus caitheamh aimsire san am atá thart
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
eolas a chur ar ghnéithe de stair cluichí sa cheantarcluichí agus imeachtaí spóirt san am atá thartforbairt na hiománaíochta, na camógaíochta, na peile Gaelaíspóirt idirnáisiúnta mar leadóg, haca, sacar, rugbaí agus galf a theacht isteach
gnéithe de spéiseanna fóillíochta agus de chluichí mhuintir na háite san am atá thart a iniúchadh
24
cluichí cláir, cluichí cártaí, cluichí sráidebothántaíocht agus scéalaíochtan phictiúrlann, raidió agus teilifís.
ComhtháthúCorpoideachas: CluichíOSPS: Mise agus an domhan mór -- Forbairt na saoránachtaCeol: Éisteacht agus freagairt; Léiriú
Snáithaonad: Féastaí agus féilte san am atá thart
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
eolas a chur ar bhunús raonta d'fhéilte in Éirinn agus i dtíortha eile agus ar na traidisiúin a bhaineann leoféastaí agus féilte áitiúlaféastaí agus féilte a chomórann baill éagsúla den scoil agus den phobal áitiúil, féilte Críostaí, Moslamacha, Giúdacha, Hiondúcha agus eile san áireamh de réir mar is cuí féastaí agus féilte na mórchreideamh domhandaféastaí agus féilte sa chianaimsir
roinnt de na searmanais, scéalta, finscéalta, filíocht, ceol, damhsaí agus cluichí a bhaineann leis na féilte sin a iniúchadh, a phlé, agus a thaifeadadh.
ComhtháthúCorpoideachas: DamhsaOSPS: Mise agus an domhan mór -- Forbairt na saoránachtaCeol: Éisteacht agus freagairt; Léiriú
Snáithaonad: Foirgnimh, láithreáin nó fothraigh i mo cheantar
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
gnéithe den timpeallacht áitiúil a iniúchadh go gníomhach; d'fhéadfaí a leithéidí seo a leanas a chur san áireamh:sráid-dreach (stíleanna agus gnéithe tógála, troscán sráide)achar baile mhóir nó sráidbhaileláthair thionscail (m.sh. monarchana, muilte)canáil áitiúil, droichid, gréasáin bhóithre, iarnróid, fothraigh (m.sh. túrtheach)láthair sheanmhainistreach, reilig nó cill
25
cosán Aifrinn, carraig Aifrinn, tobar beannaitheláthair réamhstairiúil (m.sh. ráth, tuama ursanach)clós feirme, gréasáin pháirceanna agus feirmeachateach mór, tithe na dtionóntaíteach oighir, teach allaisláithreacha cathacearta slí áitiúla
gnéithe éagsúla de na láithreacha seo a iniúchadhbunús agus suíomhléarscáileanna den láthair anois agus san am atá thartan chuma atá ar an láthair anois agus an chuma a bhí uirthi roimhe seoan chúis ar tógadh ígnéithe den láthair atá tar éis athrú agus na cúiseanna leis na hathruithe singnéithe atá gan athrúsaol na ndaoine san ionad seo ag amanna éagsúla
bealaí a aithint a bhféadfaí páirt a ghlacadh san iarracht gnéithe den timpeallacht a chosaint agus a fheabhsú
torthaí fionnachtana a chur i láthair ag baint leasa as meáin éagsúla agus línte ama cuí.
ComhtháthúTíreolaíocht: Imshaoil dhaonna -- Daoine a chónaíonn agus a shaothraíonn sa cheantar áitiúilOSPS: Mise agus an domhan mór -- Forbairt na saoránachta.
Snáithaonad: Mo cheantar trí na haoiseanna
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
staidéar a dhéanamh ar thréimhse nó ar thréimhsí i stair an tsráidbhaile, an bhaile mhóir, cheantar na cathrach, an bhaile fhearainn, an pharóiste nó an chontae; i ranganna 5 agus 6 ba chóir go ndéanfadh na páistí staidéar ar thréimhsí nár clúdaíodh cheana féin i ranganna 3 agus 4
eolas a chur ar imeachtaí tábhachtacha i stair na háite, ag ceangal pearsana nó imeachtaí áitiúla leis an gcomhthéacs náisiúnta de réir mar a thagann sin i gceist. D'fhéadfadh na topaicí seo thíos bheith feiliúnach chomh maith leo sin a moladh do na meánranganna i gcás an aonaid seo:bunús na logainmneachacath áitiúil
26
athruithe lonnaíochtaí nó in úsáid na talúnathruithe i nósanna feirmeoireachtaimeachtaí tábhachtacha i saol eacnamaíoch an cheantair, mar bhunú monarchan, muilinn, nó comharchumainntionchar athruithe i seirbhísí agus i séarachasgréasáin chaidrimh idir bailte móra agus na ceantair thart orthu
fianaise níos casta agus níos ilghnéithí ná í sin a úsáideadh roimhe seo a úsáid
bailéid, scéalta agus traidisiúin de chuid na háite a mbeadh baint acu leis na himeachtaí seo a bhailiú.
ComhtháthúTíreolaíocht: Imshaoil dhaonna -- Daoine a chónaíonn agus a shaothraíonn sa cheantar áitiúilOSPS: Mise agus an domhan mór -- Forbairt na saoránachta.
Snáithe: Scéalaíocht
Snáithaonad: Scéalta as saol daoine a mhair san am atá thart
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
éisteacht le raon leathan scéalta as saol daoine a chuir leis an saol áitiúil nó leis an saol náisiúnta agus le saol daoine i dtíortha eile trí ghníomhaíochtaí teicneolaíocha, eolaíocha, cultúrtha agus ealaíonta, chomh maith le trína bheith ag cur le himeachtaí sóisialta agus polaitiúla; na scéalta sin a phlé, a athinsint agus a thaifeadadh
eolas a chur ar an saol a bhí ag mná, fir agus páistí ó chúlraí éagsúla sóisialta, cultúrtha, eitneacha, agus creidimh, saol 'gnáthdhaoine' san áireamh, chomh maith le daoine atá 'níos cáiliúla'
éisteacht le daoine as an áit ag insint scéalta faoin saol a chaith siad cróineolaíocht imeachtaí i scéal a phlé píosaí simplí fianaise a bhfuil baint acu le hábhar a scrúdú agus tosú ar
thátail a bhaint astu gníomhartha agus mothúcháin phearsan a phlé dearcadh agus inspreagadh pearsan a phlé ina gcomhthéacs stairiúil scéalta a léiriú nó a thaifeadadh trí iad a insint, a scríobh, nó trí obair
ealaíne, dhrámaíocht, mhím nó ghluaiseacht agus trí theicneolaíocht an eolais agus na cumarsáide a úsáid
línte ama cuí a úsáid.
27
Snáithaonad: Miotais agus finscéalta
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
éisteacht le raon níos leithne de mhiotais agus d'fhinscéalta atá níos casta ó chúlraí éagsúla cultúrtha, eitneacha agus creidimh in Éirinn agus i dtíortha eile, iad a phlé, a athinsint, agus a thaifeadadh
cróineolaíocht na n-imeachtaí sna scéalta a phlé gníomhartha agus mothúcháin na bpearsan a phlé na miotais agus na finscéalta a cheangal le creideamh, luachanna agus
traidisiúin na ndaoine ónar tháinig siad nathanna cainte agus coinbhinsiúin a fhaightear i miotais agus an chaoi a n-
insítear iad a phléáibhéil, athrá, fantaisíocht, scigphictiúr
téamaí agus gnéithe comhchoiteanna atá le fáil i miotais agus i bhfinscéalta pobal éagsúla a iniúchadh agus a phlé
scéalta a léiriú nó a thaifeadadh trí iad a insint nó a scríobh, nó trí obair ealaíne, dhrámaíocht, mhím nó ghluaiseacht agus trí theicneolaíocht an eolais agus na cumarsáide a úsáid.
ComhtháthúCeol: Éisteacht agus freagairt; LéiriúNa hamharcealaíona: Tá go leor scéalta ann a d'fhéadfadh obair ealaíne a spreagadh.Drámaíocht: Drámaíocht chun mothúcháin, eolas agus idéanna a iniúchadh le teacht ar thuiscint
Snáithe: Pobail agus sochaithe ársa
Snáithaonaid: Rogha as:
Pobail na ClochaoisePobail na Cré-umhaoiseSochaithe luatha Ghleannta na Tígrise agus na hEofraite Na hÉigiptighNa GréagaighNa RómhánaighNa CeiltighÉire Luath-ChríostaíNa Lochlannaigh
agus cuid acu seo:Pobail Mheiriceá Láir agus Theas m.sh. na hAistéicigh
28
Pobail na hÁise m.sh. pobail Ghleann na hIondúise, na hImpireachtaí Ch'in agus Han sa tSínPobail na hAfraice m.sh. Pobail BheininPobail Thuaisceart Mheiriceá m.sh. Pobail Dhúchasacha MheiriceáPobail na hAstraláise m.sh. na Maoraigh
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
eolas a chur ar roinnt gnéithe de shaol na ndaoine seocárbh as dóibha dtailte dúchais agus a n-imircíáitribh, lonnaíochtaí agus forbairtí uirbeachabia agus cócaireachtéadaíobair agus teicneolaíochtaíuirlisí agus airman méid ar éirigh leo a bhaint amach ó thaobh an chultúir agus na n-ealaíon deteanga, miotais agus scéaltafóillíocht agus caitheamh aimsirecreideamh agus gnásanna diagantanósanna adhlacthanaisc le hÉirinn agus leis an Eoraip (mar a bhíonn feiliúnach)teacht na bpobal seo go hÉirinn, iad ag cur fúthu anseo, a saol anseo (mar a bhíonn feiliúnach)gaolmhaireacht na ndaoine seo le sibhialtachtaí eilean oidhreacht a d'fhág na daoine seo ina ndiaidh
eolas a chur ar an bhfianaise a insíonn dúinn faoi na pobail seo, go háirithe aon fhianaise fúthu atá ar fáil go háitiúil agus in Éirinn más cuí, agus an fhianaise sin a scrúdú go criticiúil
ionaid na bpobal seo a chlárú ar línte ama cuí.
Snáithe: Saol, sochaí, obair agus cultúr san am atá thart
Snáithaonaid: Rogha as:
An saol in Éirinn i rith thréimhse na NormannachAn saol sna bailte móra agus faoin tuath in Éirinn agus san Eoraip i rith na MeánaoiseAn saol san ochtú haois déagAn saol sa naoú haois déagTeanga agus cultúr in Éirinn ag deireadh na naoú haoise déag agus ag tús na
29
fichiú haoiseAn saol i rith an Dara Cogadh DomhandaAn saol in Éirinn ó chaogaidí na fichiú haoise i leith
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
eolas a chur ar ghnéithe de shaol na ndaoine sináitribhgréasáin lonnaíochtaí agus forbairtí uirbeachaéadaíbia agus feirmeoireachtteicneolaíochtaí a d'fhorbair na daoine agus an tionchar a bhí acu ar shaol na ndaoinena daoine ag obaircultúr, ealaín agus ceolteanga nó teangacha agus litríochtfóillíocht agus caitheamh aimsirecreideamh agus gnásanna diagantaimirce agus eisimircecaidreamh grúpaí éagsúla lena chéile (m.sh. tiarna talún agus tionónta sa naoú haois déag)plé ar cheisteanna áirithe sóisialta, eacnamaíocha, polaitiúla nó reiligiúnda de chuid an ama (m.sh. faitíos roimh an bplá i mbailte móra sa Mheánaois, na Péindlíthe, labhairt na Gaeilge a bheith á tréigean sa naoú haois déag, saol na n-oibrithe sna bailte tionsclaíocha sa naoú haois déag)an chaoi ar chuir na daoine agus na himeachtaí sin le forbairt Éire na linne seo
fianaise a thugann eolas dúinn ar shaol na ndaoine sna tréimhsí a bhfuil staidéar á dhéanamh orthu, a smaointe agus a n-ábhair bhuartha a scrúdú agus eolas a chur uirthi, go háirithe fianaise a bhféadfaí teacht uirthi go háitiúil
ionad daoine agus imeachtaí a thaifeadadh ar línte ama feiliúnacha.
Snáithe: Tréimhsí athraithe agus coimhlinte
Snáithaonaid: Rogha as:
An RenaissanceAn ReifirméiseanTrádálaithe, taiscéalaithe agus coilínigh ón EoraipAn Gorta MórAn Réabhlóid Thionsclaíoch
30
An t-athrú in úinéireacht na talún in Éirinn sa naoú haois déagAn t-athrú i rólanna na mban sa naoú haois déag agus san fhichiú haoisAn Chéad Chogadh DomhandaÉire nua-aoiseach
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
eolas a chur ar ghnéithe de na tréimhsí seobealaí inar athraigh gnáthshaol laethúil na ndaoineathruithe agus coimhlintí i smaointe agus i gcreideamh daoinecúiseanna leis na hathruithe agus leis na coimhlintí sindaoine, eagraíochtaí agus tarlúintí a raibh baint acu le hathrú a chur i gcrích nó a chuir iad féin in oiriúint d'athrú saoilfianaise áitiúil ar athruithe agus ar choimhlintífreagairt daoine d'athruithe agus do shaincheisteanna a bhain dóibhtionchair fhadtéarmacha athruithe agus coimhlintí
fianaise a thugann eolas dúinn faoi shaol daoine sna tréimhsí a mbeadh staidéar á dhéanamh orthu, faoina gcuid smaointe agus faoina n-ábhair bhuartha a scrúdú agus eolas a chur uirthi, go háirithe fianaise a bheadh le fáil go háitiúil
ionaid daoine agus imeachtaí a thaifeadadh ar línte ama feiliúnacha.
31
Snáithe: Polaitíocht, coimhlint agus an tsochaí
Snáithaonaid: Rogha as:
Éire sa séú agus sa seachtú haois déagRéabhlóid agus athrú i Meiriceá, sa Fhrainc agus in ÉirinnÓ Conaill agus Saoirse na gCaitliceach1916 agus bunú an stáitTuaisceart ÉireannÉire, an Eoraip agus an Domhan ó 1960 i leith
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
staidéar simplí a dhéanamh ar chuid de na gnéithe is tábhachtaí de na tréimhsí inar tharla athruithe nó gluaiseachtaí polaitiúla a raibh tionchar tábhachtach acu ar shaol daoine in Éirinn
roinnt eolais a shealbhú ar na daoine nó ar na himeachtaí ba mhó le rá sna tréimhsí sin
dearcadh, creideamh, inspreagadh agus gníomhartha daoine agus grúpaí éagsúla san am atá thart a iniúchadh, a phlé agus a chur i gcomparáid le chéile agus tuiscint shimplí orthu a fhorbairt
tosú a theacht ar thuiscint ar leagan amach agus dearcadh na nglún a chuaigh romhainnan tuiscint gur thar thréimhse ama a tháinig coincheap na caoinfhulaingthe chun cinn agus gur thar thréimhse ama a thiocfadh an coincheap chun cinn nach mór caitheamh le daoine ar bhonn cothroime
léargas a fháil ar dhearcadh agus ar ghníomhartha daoine in Éirinn na linne seo
tuiscint a fhorbairt d'fhéiniúlacht phearsanta, náisiúnta agus Eorpach, mar aon le féiniúlacht níos leithne.
32
Snáithe: Leanúnachas agus athrú le himeacht ama
Snáithaonaid: Ar na haonaid a d'fhéadaí a chur san áireamh tá:
Áitribh, forbairtí tithíochta agus uirbeachaFánaíochtBia agus feirmeoireachtÉadaíIomparCumarsáidFuinneamh agus cumhachtCeardlanna agus monarchanaScoileanna agus oideachasLitríocht, ealaín, ceardaíocht agus cultúrCúram na n-easlánBabhtáil, trádáil agus airgead
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
staidéar a dhéanamh ar dhul chun cinn sóisialta, ealaíne, teicneolaíoch agus eolaíoch, thar thréimhsí fada
samplaí d'athrú agus de leanúnachas ar an 'líne fhorbhartha' a thaispeáint na tosca arbh fhéidir ba chúis le hathrú nó a chuir bac le hathrú a
thaispeáint tagairt a dhéanamh do línte ama cuí nó úsáid a bhaint astu.
33