amelia earhart - st mary's university college, belfast · amelia earhart eitleoirí mná 1....

8
Amelia Earhart

Upload: others

Post on 23-Aug-2020

5 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Page 1: Amelia Earhart - St Mary's University College, Belfast · Amelia Earhart Eitleoirí Mná 1. Ní raibh an saol céanna ag na mná sa bhliain 1908 agus atá acu sa lá atá inniu ann

Amelia Earhart

Page 2: Amelia Earhart - St Mary's University College, Belfast · Amelia Earhart Eitleoirí Mná 1. Ní raibh an saol céanna ag na mná sa bhliain 1908 agus atá acu sa lá atá inniu ann

1

Amelia Earhart

Eitleoirí Mná

1. Ní raibh an saol céanna ag na mná sa bhliain 1908 agus atá acu sa lá atá inniu ann. Déan cur síos ar na difríochtaí a bhí ann do na mná san am sin. Smaoinigh ar na rudaí seo a leanas - Cad iad na héadaí a chaith na mná? An bhfuair na mná oideachas maith? An raibh cead ag na mná vótáil?

2. Cérbh í Thérèse Peltier?

3. Mínigh an focal curiarracht i d’fhocail féin. Amelia Óg

1. Déan cur síos ar shaol Amelia. Faigh an t-eolas sa leabhar seo nó i leabhair eile nó ar líne.

2. Cad é an chéad uair a chonaic Amelia eitleán? Cad é mar a chuaigh sé

i bhfeidhm uirthi?

3. Déan cur síos ar an phost a bhí ag Amelia agus í ina ‘cúntóir altramais’? Cad é an cineál oibre í seo?

Page 3: Amelia Earhart - St Mary's University College, Belfast · Amelia Earhart Eitleoirí Mná 1. Ní raibh an saol céanna ag na mná sa bhliain 1908 agus atá acu sa lá atá inniu ann

2

Ag Dul san Aer

1. Cad é mar a dhíol Amelia as na ceachtanna eitilte? 2. Cad chuige ar bhog Amelia go Los Angeles?

3. Cá mhéad airgid a dhíol Amelia as eitilt deich mbomaite? Más féidir é, faigh amach cá mhéad a chosnaíonn eitilt deich mbomaite sa lá atá inniu ann.

4. Cad é an t-ainm a bhí ar mhúinteoir eitilte Amelia?

Trasnú Contúirteach

1. Déan cur síos ar an dóigh ar tharla an turas in Aibreán 1928. 2. Cad chuige, do bharúil, ar fhág Amelia an nóta dar teideal ‘ar eagla na

heagla’ ag a tuismitheoirí?

3. Cad é an t-ainm a bhí ar an eitleán? Cad chuige ar tugadh sin air?

4. Cad chuige ar síleadh go raibh an turas seo contúirteach? Ar tharla drochrud roimhe seo?

Page 4: Amelia Earhart - St Mary's University College, Belfast · Amelia Earhart Eitleoirí Mná 1. Ní raibh an saol céanna ag na mná sa bhliain 1908 agus atá acu sa lá atá inniu ann

3

5. Cá fhad a ghlac an turas seo sa deireadh? Cá fhad a ghlacfadh sé sa lá

atá inniu ann?

6. Scríobh cuntas dialainne Amelia faoin turas seo, Aibreán 1928 - an chéad bhliain aici le heitilt mar phaisinéir trasna an Atlantaigh. Déan cur síos ar an dóigh ar tharla an turas agus ar an turas féin.

Comórtas na mBan

1. Cad é an comórtas mór a tharla sa bhliain 1929? Cad é a bhí speisialta faoin rás seo?

2. Cad iad na hainmneacha a thug na nuachtáin ar na píolótaí mná le linn

rás na mban in 1929? Cad é do bharúil féin de seo?

3. Cad é mar a d’éirigh le Amelia sa rás seo?

Page 5: Amelia Earhart - St Mary's University College, Belfast · Amelia Earhart Eitleoirí Mná 1. Ní raibh an saol céanna ag na mná sa bhliain 1908 agus atá acu sa lá atá inniu ann

4

Ina hAonar

1. Cad é a shocraigh Amelia go ndéanfadh sí sa bhliain 1932? 2. Aimsigh Ceanada agus Páras ar chruinneog nó ar léarscáil agus lean

an turas a bhí le déanamh ag Amelia le do mhéar.

3. Bhí trí fhadhb ag Amelia ar an turas seo agus b’éigean di tuirlingt sa deireadh. Cad iad na trí fhadhb seo?

4. Thuirling Amelia in Éirinn. Cá háit go díreach ar thuirling sí? Tá iarsmalann san áit sin inniu faoi thuirlingt Amelia Earhart. Más féidir, tabhair cuairt ar an iarsmalann nó cuardaigh eolas faoi.

5. Cad é an clú a bhí ar Amelia i ndiaidh di an turas trasna an Atlantaigh a dhéanamh?

An tÁdh

1. Cad é a thug an tÉireannach, an Bhantiarna Mary Heath, léi ar a heitilt trasna na hAfraice?

2. Cad é a thug Amelia i gcónaí léi agus í ag eitilt?

3. Tá tú féin ag dul ar eitilt fhada. Cad iad na rudaí a thabharfaidh tú leat ar do thuras?

Page 6: Amelia Earhart - St Mary's University College, Belfast · Amelia Earhart Eitleoirí Mná 1. Ní raibh an saol céanna ag na mná sa bhliain 1908 agus atá acu sa lá atá inniu ann

5

Ag Sárú Curiarrachta

1. Cad iad na héachtaí a bhain Amelia amach idir 1932 agus 1935?

2. Cad é an churiarracht a sháraigh sí sa bhliain 1932?

3. Cad é an turas a rinne sí sa bhliain 1935 a bhí níos faide ná dul trasna an Atlantaigh? Cad é a bhí speisialta faoin turas seo?

4. Amharc ar Los Angeles, Cathair Mheicsiceo agus New Jersey ar chruinneog nó ar léarscáil le turais Amelia a fheiceáil.

5. Cad é an turas mór a bhí fágtha le déanamh ag Amelia?

Timpeall an Domhain

1. Cad é an rud é an Lockhead Electra? Cad é a bhí speisialta faoi? 2. Cérbh í Valentina Tereshkova?

3. Cad chuige ar thug Amelia Fred Noonan léi ar a turas timpeall an domhain?

4. Cad é a tharla an chéad uair a rinne Amelia iarracht eitilt timpeall an domhain?

Page 7: Amelia Earhart - St Mary's University College, Belfast · Amelia Earhart Eitleoirí Mná 1. Ní raibh an saol céanna ag na mná sa bhliain 1908 agus atá acu sa lá atá inniu ann

6

An Dara hIarracht

1. Cad é an dáta ar thosaigh an turas seo den dara huair? 2. Déan léarscáil den turas a bhí beartaithe ag Amelia agus marcáil na

háiteanna ar stad sí uirthi.

3. Liostaigh na háiteanna ar eitil Amelia tharstu agus í ag dul timpeall an domhain.

4. Cad é do bharúil mar a mhothaigh fear céile Amelia agus í ar tí an turas contúirteach a dhéanamh timpeall an domhain?

5. An bhfaca Amelia an domhan uilig ar a cuid turais?

6. Scríobh litir Amelia ó Aerfort Lae, an Nua-Ghuine.

Ar Iarraidh

1. Oibrigh amach cad é an t-am den lá ar d’fhág Amelia agus Fred Noonan Aerfort Lae.

2. Déan cur síos ar bhomaití deireanacha Amelia agus í ag caint ar an

raidió le foireann Itasca.

3. Cad é an t-ordú a thug an tUachtarán Roosevelt?

4. Déan leathanach tosaigh do nuachtán Gaeilge ag tuairisciú an scéil go raibh Amelia ar iarraidh.

Page 8: Amelia Earhart - St Mary's University College, Belfast · Amelia Earhart Eitleoirí Mná 1. Ní raibh an saol céanna ag na mná sa bhliain 1908 agus atá acu sa lá atá inniu ann

7

An Sáreitleoir

1. Cén dóigh a raibh Amelia ina hionspioráid do mhná eile i rith a saoil? Ag deireadh an leabhair

! Déan amlíne leis na héachtaí tábhachtacha i saol Amelia a léiriú. ! Ba mhaith leat Amelia a chur faoi agallamh le halt nuachta a scríobh.

Cum liosta ceisteanna a chuirfidh tú uirthi don agallamh.

! Tá roinnt bratach sa leabhar a léiríonn na tíortha as ar tháinig na heitleoirí mná atá luaite. Liostaigh na bratacha agus ainmnigh na tíortha atá i gceist.

! Roghnaigh duine nó dhó de na heitleoirí mná atá luaite leis na bratacha agus aimsigh níos mó eolais orthu.

! Tharla eachtraí Amelia san am atá thart, san aimsir chaite. Liostaigh na

briathra atá luaite sa leabhar a léiríonn go bhfuil an scéal scríofa san aimsir chaite. Aimsigh patrúin leis na briathra agus cuir i rannóga iad.