beo go deo 3 téarma 2 ceacht 5

Post on 11-Jan-2016

176 Views

Category:

Documents

0 Downloads

Preview:

Click to see full reader

DESCRIPTION

Beo go Deo 3 Téarma 2 Ceacht 5. Cuid den cheacht. Scéal na gcaorach a bhí Caillte. Fadó fadó , bhí aoire ann. Bhí céad caora aige agus bhí grá aige do gach ceann acu . Bhí ainm aige orthu go léir . - PowerPoint PPT Presentation

TRANSCRIPT

Beo go Deo 3 Téarma 2 Ceacht 5

Cuid den cheacht

Scéal na gcaorach a bhí Caillte

Fadó fadó, bhí aoire ann. Bhí céad caora aige agus bhí grá

aige do gach ceann acu. Bhí ainm aige orthu go léir. Ar maidin,thugadh sé amach iad.

Shiúladh sé rompu agus leanadh siad é. Bhí a fhios acu go raibh grá ag an aoire dóibh agus a dtabharfadh sé aire dóibh.

Lá amháin bhí an t-aoire amuigh

leis na caoirigh.Bhí siad ag innilt agus shuigh sé síos ag faire orthu. Ba mhaith leis a bheith cinnte go raibh siad go léir slán sábháilte agus thosaigh sé á gcomhaireamh. Nuair a bhí sé críochnaithe bhí a fhios aige go raibh ceann amháin acu ar iarraidh.Bhí imní air.D’fhéach sé thart arís. Scairt sé amach ainm a chaoirigh ach níor chuala sé aon fheagra.

Bhí grá ag an aoire maith dá chaora a bhí caillte.

Ba mhaith leis dul ar a lorg. Ní raibh sé sásta go raibh caora

amháin scartha ón tréad.Chuir sé na caoirigh go léir le

chéile agus d’imigh sé leis a lorg an chaora a bhí caillte.

Bhí a fhios ag na caoirigh eile go dtiocfadh an t-aoire maith ar ais.

Chuardaigh sé agus chuardaigh sé. Scairt sé agus scairt sé. Shiúil sé suas cnoc agus síos cnoc. Ansin chuala sé rud éigin. D’fhéach sé i dtreo an tormáin. D’fhéach sé arís agus chonaic sé an chaora, an chaora a bhí caillte.

Scairt sé a hainm. Rith sé chuici agus thóg sé í. Scrudaigh sé an chaora le cinntiú nach raibh sí gortaithe.

D’iompar sé abhaile ansin ar a ghualainn í. Bhí áthas ar an aoire maith arís.

An tráthnóna sin, threoraigh sé na caoirigh abhaile.

Nuair a bhí siad sa bhaile slán sábháilte, chuaigh sé go dtí teach a charad.

D’inis sé dá chairde faoin rud uafásach a tharla an lá sin.

“Tharla rud uafásach inniu. Chaill mé caora agus bhí an- imní orm. Bhí mé brónach agus uaigneach ina

dhiaidh sin. Cé go raibh nócha is a naoi caora agam d’imigh mé á lorg mo chaora a bhí caillte agus fuair mé í.”

Anois tá mé sásta arís. Ba mhaith liom go dtiocfadh sibh go léir chuig mo theach-sa agus beidh ceiliúradh againn. Fuaireas mo chaora a bhí caillte. Míle buíochas!

Amhrán

An tUan a d’imigh ar strae

A t-uan beag bocht sea thosaigh sé ag gol,Nuair a chuaigh sé amú ‘gus ar straeNíor chaoin sé a MhamaíNíor chaoin sé A MhamAch thosaigh ag méileach go hard is go tréan:Bá, bá, bá. Ba mhaith liom mo Mham, Mham-ma.Bá, bá, bá, ba mhaith liom mo Mham.

Ar ais sa scioból, bhí Mamaí go fóill,Ag cuardach thart timpeall go géar,Níor chaoin sí “A Bhabaí”Níor chaoin sí “A Bhab”Ach thosaigh ag méileach go hard is go tréanBá, bá, bá, ba mhaith liom mo bhá bhaba.Bá, bá, bá, ba mhaith liom Bhaba.

Ach tháinig an t-aoire isteach chuig na caoirigh,An t-uan ar ais slán aige féinNíor chaoin sí “A Bhabaí,”Níor chaoin sé “A Mham,”Ach thosaigh ag méileach,go hard is go tréan“Bá, bá, bá, sin é mo bhá bhabaBá, bá, bá, sin í mo Mham.”

top related