ecoweek 2010 - irish
Post on 22-Mar-2016
298 Views
Preview:
DESCRIPTION
TRANSCRIPT
eco week
Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas Seirbhísí Comhshaoil & Leabharlanna www.southdublin.ie
April 19th – April 24th 2010
week19Aibreán–24Aibreán2010
TáUisceLuachmhar,CaomhnaímisÉ
SCEIDEALNAN-IMEACHTAÍ
ÁbharbróiddoChomhairleContaeBhaileÁthaCliathTheasaséúSeachtainÉiceolaíochtabhliantúilafhógairtimblianaigcomhpháirtleLeabharlannChontaeBhaileÁthaCliathTheas.
Is féidir le gach duine idir Grúpaí Pobail, Scoileanna, Sealbhóirí Tí agus Daoine Aonair freastal ar imeachtaí na Seachtaine Éiceolaíochta agus i mbliana beidh seisiúin eolais do ghnóthaí ar siúl againn i gcomhpháirt le Cumann Tráchtála Bhaile Átha Cliath Theas. Beidh gach imeacht saor in aisce idir taispeántais, ceardlanna, seimineáir, scéalaíocht agus go leor imeachtaí eile chun feasacht a ardú faoi fhadhbanna comhshaoil agus réitigh orthu.
Tugtar treoir maidir le hoiriúnacht d’aoisghrúpa, ábhar agus riachtanais áirithinte taobh le gach gníomhaíocht. Toisc go bhfuil teorainn leis an líon áiteanna, beidh áirithintí do gach imeacht ar fáil ar bhonn tús freastail ar an gceann is túisce.
Leagfaimid béim faoi leith i mbliana ar Chaomhnú Uisce. Tar éis na nganntanas uisce níos luaithe sa bhliain táimid ag iarraidh ar gach duine i gComhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas na leideanna simplí sconna ar www.taptips.ie a leanúint. Beidh ár Seó Bóthair faoi Chaomhnú Uisce ar siúl in ionaid siopadóireachta ar fud an chontae agus soláthrófar eolas ar an áit as a dtagann do chuid uisce, an méid uisce a úsáidtear gach lá (148 Lítear ar an meán) agus bealaí simplí a bhféadaimid ár n-acmhainní luachmhara uisce a chaomhnú.
Áirithintí – Ní ghlacfar le háirithintí go dtí an Aoine 9 Aibreán ar aghaidh
Imeachtaí ar siúl i Leabharlanna - Déan iarratas go pearsanta, trí ríomhphost, nó tríd an nguthán, tá uimhreacha gutháin chraobhacha na leabharlainne ar fáil ag cúl an bhróisiúir; le haghaidh fiosruithe eile cuir glaoch le do thoil ar Patricia Fitzgerald nó Caroline Higgins, Leabharlannaithe Forbartha ar 01 459 7834, seol ríomhphost chuig pfitzgerald@sdublincoco.ie nó chiggins@sdublincoco.ie
Imeachtaí i Scoileanna agus i bPáirceanna - Sorcha O’ Brien nó Claire Hinch 01 414 9000 / 01 414 9003 nó seol ríomhphost chuig sorchaobrien@sdublincoco.ie nó chinch@sdublincoco.ie
Imeachtaí i gConláiste Cathartha Bhaile an Mhóta - Eoin Buttle ar 01 462 1251 nó seol ríomhphost chuig ebuttle@sdublincoco.ie
Imeachtaí Gnó - Déan teagmháil le Mary Grassick ag 01 462 2107 nó mary@sdchamber.ie
SeoladhnaSeachtaineÉiceolaíochtaSeolfaidh an Méara, an Comhairleoir Mick Duff an tSeachtain Éiceolaíochta sa Phictiúr Mór, Tamhlacht ar an Luan 19 Aibreán ag 11r.n. nuair a bhronnfar duaiseanna ar bhuaiteoirí Comórtas Scoileanna Comhshaoil Chontae Bhaile Átha Cliath Theas. Fógrófar na Póstaeir & na Sluáin is fearr in Aghaidh an Bhruscair do Chontae Bhaile Átha Cliath Theas.
Seoladh Oifigiúil le Cuireadh 11 r.n.
ImeachtaínaSeachtaineEiceolaíochtaSeoBóthairfaoiChaomhnúUisceTabharfaidh Seó Bóthair faoi Chaomhnú Uisce cuairt ar ionaid siopadóireachta éagsúla i rith na seachtaine agus leagfar béim ar na háiteanna as a dtagann ár gcuid uisce, an fáth gur cheart dúinn é a chaomhnú, an méid uisce a úsáideann gach duine in aghaidh an lae agus bealaí simplí a bhféadaimid uisce a chaomhnú.
IonadSiopadóireachtaGhleannnaLife,CluainDolcáinDé Máirt 20 Aibreán 10r.n. go 2.30i.n., FáilteroimhChách
IonadSiopadóireachtanaCearnóige,TamhlachtDé Céadaoin 21 Aibreán 12.30r.n. go 3.30i.n., FáilteroimhChách
IonadSiopadóireachtaanMhuilinn,CluainDolcáinDé Déardaoin 22 Aibreán, 11.30r.n. go 2.30i.n., FáilteroimhChách
IonadSiopadóireachtaRáthFearnáinDé hAoine 23 Aibreán, 12.30 i.n. go 3.30 i.n., FáilteroimhChách
TaispeántasfaoiChaomhnúUisce&MhúiríniúigConláisteCathar-thaBhaileanMhótaBíonn tionchar ag do chuid gníomhartha ar an gcomhshaol. Tabhair cuairt ar ár dtaispeántas i gConláiste Cathartha Bhaile an Mhóta chun eolas a fháil faoi sholáthar uisce Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas agus faoi ghníomhartha simplí a fhéadann tú a ghlacadh chun uisce a shábháil. Freisin an raibh a fhios agat gur féidir trian de do dhramhaíl tí a mhúiríniú, tabhair cuairt air agus ceannaigh araid múirín ar chostas íseal agus cuir tús le do chuid dramhaíola a laghdú agus le hairgead a shábháil.
ConláisteCatharthaBhaileanMhóta,AscaillBhaileanMhóta,AsTimpeallánBhaileBhailcínDé Sathairn 24 Aibreán, 9.30r.n.. go 2 i.n. FáilteroimhChách
Richard Marsh
CeardlannMúirínitheinGarraitheScoirPháircChorcaíIs bealach iontach é múiríniú chun do dhramhaíl tí agus gairdín a laghdú agus airgead a shábháil. Foghlaim conas múirín maith a
dhéanamh, conas a oibríonn an próiseas agus cén fáth go gcabhraíonn sé leis an gcomhshaol ag an gceardlann fhaisnéiseach agus phraiticiúil seo sna garraithe scoir.
ÍostaPháircChorcaíDé hAoine 23 Aibreán, 2i.n. go 4i.n. FáilteroimhChách,NíMórÁitaChurinÁirithe
TurasarChonláisteCatharthaBhaileanMhóta
Bíonn an tIonad Conláiste Cathartha i mBaile an Mhóta oscailte 7 lá sa tseachtain agus féadann an pobal a gcuid dramhaíola tí a dhiúscairt ansin agus raon leathan d’ábhair a thógáil chuige le hathchúrsáil. Tabharfar turais ar an ionad i rith na Seachtaine Éiceolaíochta. Tabhair cuairt air agus cuirfear ionadh ort nuair a bhfaighidh tú amach cad a tharlaíonn do dhramhaíl agus d’earraí in-athchúrsáilte.
ConláisteCatharthaBhaileanMhóta,AscaillBhaileanMhóta,AsTimpeallánBhaileBhailcínDé Máirt 20 Aibreán 11r.n.-12i.n (CuairtRanga)Dé Céadaoin 21 Aibreán 11r.n.-12i.n. (FáilteroimhChách)Dé Déardaoin 22 Aibreán 11r.n.-12i.n. (CuairtRanga)NíMórÁitaChurinÁirithe
CeardlannClimateWatchersEcoUnescodoMhúinteoiríagusdoCheannairí
Tabharfaidh Oiliúint Climate Watchers do Mhúinteoirí & do Cheannairí a bheidh ar siúl ar feadh dhá uair an chloig, oiliúint do rannpháirtithe ar Athrú Aeráide trí mhachnamh a dhéanamh ar ábhair
mar chaitheamh fuinnimh, truailliú, tomhaltachas agus domhandú agus méadóidh sí feasacht ar inbhuanaitheacht comhshaoil agus saoránacht ghníomhach chomh maith le tiomantas dóibh ag breathnú ar thionchar agus éifeachtaí Athrú Aeráide sa bhaile agus ar fud an domhain. Cuirfidh an cheardlann an t-eolas agus na huirlisí ar fáil do rannpháirtithe chun machnamh criticiúil a spreagadh i nDaoine Óga agus chun iad a spreagadh chun réitigh phraiticiúla chun Athrú Aeráide a chomhrac a fhiosrú.
LeabharlannLeamhcánDé Déardaoin 22 Aibreán, 10r.n. go 12 meán lae, 1i.n. go 3i.n., 4i.n. go 6i.n. MúinteoiríagusCeannairí,NíMórÁitaChurinÁirithe
CeardlannarEolaíochtanChomhshaoilleRichendaGarlandRéamhrá spreagúil do choincheapa ábhair eolaíochta comhshaoil mar Acmhainní Nádúrtha, Bithéagsúlacht, Fuinneamh, Dramhaíl, Tionchar agus Truailliú leis an Eolaí Comhshaoil, Richenda Garland. Beidh tráth na gceist taitneamhach gasta ar siúl ag deireadh na ceardlainne.
LeabharlannBhaileUíRuáinDé Luain 19 Aibreán 10r.n. (Cuairt Ranga) 10-12 Bliain d’Aois NíMórÁitaChurinÁirithe
LeabharlannChluainDolcáinDé Déardaoin 22 Aibreán 10.30 r.n. (Cuairt Ranga) 10-12 Bliain d’Aois NíMórÁitaChurinÁirithe
Ealaín&CeardaíochtÉiceolaíochtaiLeabharlannaGealltar spraoi le healaín agus ceardaíocht éiceolaíochta le Yvonne O’Neill. Tá Yvonne ag obair i dtionscadail ealaíne pobail le fada an lá agus is teiripeoir súgartha creidiúnaithe í. Tá an cheardlann seo oiriúnach do gach cumas agus meascann sé samhlaíocht agus ealaín áit a ndéanann rannpháirtithe gnáthearraí athchursáilte agus gnáthdhramhaíl a athúsáid agus a athchúrsáil chun figiúir ollmhóra “Mr & Mrs Recycling” a mhaisiú agus a ghléasadh. Tabharfar tuiscint nua ar dhramhaíl duit!
LeabharlannanChontaeTamhlachtDé Luain 19 Aibreán 3.30i.n., 8-12 Bliain d’Aois, NíMórÁitaChurinÁirithe
LeabharlannCluainDolcáinDé Céadaoin 21 Aibreán 3.30 i.n., 8-12 Bliain d’Aois, NíMórÁitaChurinÁirithe
LeabharlannChaisleánThighMotháinDé Déardaoin 22 Aibreán 3.00i.n., 5-11 Bliain d’Aois, NíMórÁitaChurinÁirithe
Is múinteoir ealaíne agus criadóireachta í Elena Buttner agus feictear go rialta í i Leabharlann Leamhcán. Le haghaidh na Seachtaine Éiceolaíochta beidh Elena ag úsáid earraí in-athchúrsáilte chun saothair spéisiúla ealaíne a dhéanamh.
LeabharlannLeamhcánDé Céadaoin 21 Aibreán 3.30i.n., 7-11 Bliain d’Aois, NíMórÁitaChurinÁirithe
Glacann Joan Connolly páirt go rialta sna gníomhaíochtaí ealaíne agus ceardaíochta i Leabharlann Bhaile Uí Ruáin. Le haghaidh na Seachtaine Éiceolaíochta tugann Joan cuireadh do leanaí “Do Chaisleán Féin do Shióg na bhFiacla a Dhéanamh”, ní gá ach buidéal mór dí boige a thógáil leat chomh maith le cairtchlár láidir mar bhosca folamh púdar níocháin!
LeabharlannBhaileUíRuáinDé Luain 19 Aibreán 3.30i.n., 8-12 Bliain d’Aois, NíMórÁitaChurinÁirithe
TéannDonConryFiáiniLeabharlannLeamhcán!Is fear iontach cumasach é Don Conroy - is scríbhneoir, láithreoir teilifíse, nádúraí agus comhshaolaí é agus is ealaíontóir gníomhach é freisin a raibh go leor taispeántas aige. B’fhéidir gur fearr a bhfuil aithne ag daoine óga na hÉireann air de bharr é a bheith mar Uncail Don do Dustin, Soky agus Zig & Zag
ar The Den ar RTÉ. Bíonn seó dar teideal “The Art of Don” aige ar RTÉ gach seachtain. Ghlac Don ról sa tionscadal iontach rathúil chun an t-iolar fíréan a thógáil ar ais go hÉirinn agus freisin bhunaigh sé tearmann do Mhíolta Móra agus Dheilfeanna in uiscí na hÉireann (an chéad cheann dá chineál san Eoraip). Tá go leor leabhar do leanaí agus d’ógánaigh scríofa ag Don. Téann sé timpeall na tíre ag déanamh ealaín agus caomhnú a chur chun cinn.
LeabharlannLeamhcánDé Máirt 20 Aibreán 11r.n. 8 Bliain d’Aois +, NíMórÁitaChurinÁirithe
LáBailiúcháindoDTTLsanIonadOibreIs deis spreagúil athchúrsála í seo do na fostaithe go léir i gComhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas agus i ngnóthaí áitiúla. Reáchtálfaidh Tionscnamh Athchúrsála Pobail Chluain Dolcáin (TAPCD) lá bailiúcháin san ionad oibre don dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTTL) go léir. Tugtar cuireadh do gach fostaí páirt a ghlacadh ann. Glacfar le haon rud a bhfuil plocóid nó cadhnraí ann, idir bréagáin linbh a oibrítear le cadhnraí, teilifísí agus cuisneoirí/reoiteoirí i stíl Mheiriceá. Baileofar cadhnraí freisin ar an lá, ní gá ach iad a chur
Don Conroy
i mála nó i mbosca agus iad a thógáil leat. Bunófar ionaid bhailiúcháin i gcarrchlós agus forsheomra oifigí an chontae i dTamhlacht. Beidh cabhair ar fáil áit a mbeidh fearais throma le tógáil ó bhúiteanna gluaisteáin, srl. Déanaigí athchúrsáil agus déanaimis lá DTTL nach ndéanfar dearmad air go deo! Arna n-urrú ag WEEE Irel-and.
AnCarrchlósHallaanChontaeTamhlacht Dé Céadaoin an 21 Aibreán 8.30 r.n. go 5.00 i.n. FáilteroimhChách
TionscnamhAthchúrsálaPobailChluainDolcáin-FromSpin-CycletoRecycle
Déanfaidh Tionscnamh Athchúrsála Pobail Chluain Dolcáin (TAPCD) óstáil ar chaint faoina dtarlaíonn d’fhearais tí coitianta nuair a bhíonn siad caite. I measc na n-ábhar a phléifear tá: cá háit a bhféadann tú fáil réidh leo; an féidir iad a athchúrsáil; conas a ndéantar iad a athchúrsáil agus cé a dhéanann iad a athchúrsáil. Tabharfar deis páirt a ghlacadh i gceardlann athúsáide, áit a mbainfear úsáid as codanna d’fhearais choitianta chun rud éigin úsáideach agus álainn fiú a dhéanamh ar féidir a thógáil abhaile leat.
LeabharlannBhaileUíRuáinDé Céadaoin 21 Aibreán 11i.n., Grúpa Daoine Fásta, NíMórÁitaChurinÁirithe
TéannDonConryFiáiniLeabharlannLeamhcán!Is fear iontach cumasach é Don Conroy - is scríbhneoir, láithreoir teilifíse, nádúraí agus comhshaolaí é agus is ealaíontóir gníomhach é freisin a raibh go leor taispeántas aige. B’fhéidir gur fearr a bhfuil aithne ag daoine óga na hÉireann air de bharr é a bheith mar Uncail Don do Dustin, Soky agus Zig & Zag
ar The Den ar RTÉ. Bíonn seó dar teideal “The Art of Don” aige ar RTÉ gach seachtain. Ghlac Don ról sa tionscadal iontach rathúil chun an t-iolar fíréan a thógáil ar ais go hÉirinn agus freisin bhunaigh sé tearmann do Mhíolta Móra agus Dheilfeanna in uiscí na hÉireann (an chéad cheann dá chineál san Eoraip). Tá go leor leabhar do leanaí agus d’ógánaigh scríofa ag Don. Téann sé timpeall na tíre ag déanamh ealaín agus caomhnú a chur chun cinn.
LeabharlannLeamhcánDé Máirt 20 Aibreán 11r.n. 8 Bliain d’Aois +, NíMórÁitaChurinÁirithe
LáBailiúcháindoDTTLsanIonadOibreIs deis spreagúil athchúrsála í seo do na fostaithe go léir i gComhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas agus i ngnóthaí áitiúla. Reáchtálfaidh Tionscnamh Athchúrsála Pobail Chluain Dolcáin (TAPCD) lá bailiúcháin san ionad oibre don dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTTL) go léir. Tugtar cuireadh do gach fostaí páirt a ghlacadh ann. Glacfar le haon rud a bhfuil plocóid nó cadhnraí ann, idir bréagáin linbh a oibrítear le cadhnraí, teilifísí agus cuisneoirí/reoiteoirí i stíl Mheiriceá. Baileofar cadhnraí freisin ar an lá, ní gá ach iad a chur
Don Conroy
CruinnitheGnóleGnóChumannTráchtálaBhaileÁthaCliathTheasI mbliana soláthróidh an Rannóg Seirbhísí Comhshaoil i gComhairle Contae Bhaile Átha Cliath i gcomhpháirt le Cumann Tráchtála Bhaile Átha Cliath Theas seisiúin faoina bhfuil ar fáil do ghnóthaí sa Chontae ó thaobh an chomhshaoil. Déanfar na láithreachais sin ag cruinnithe Gnó le Gnó Chumann Tráchtála Bhaile Átha Cliath Theas. Is fóram é B2B (Business to Business/Gnó le Gnó) áit a mbuaileann baill den Chumann Tráchtála chun caidreamh gnó a fhorbairt a mbainfidh na baill go léir den ghrúpa sin leas as.
CampasGnóIartharnaCathrach,B2B na mBan, Dé Céadaoin 21 Aibreán, 7.15 i.n. NíMórÁitaChurinÁirithe
ÓstánRedCowMoran,M50 B2B Dé Déardaoin 22 Aibreán, 8.30r.n. NíMórÁitaChurinÁirithe
PlazaGnóGhrianóige,Páirc Gnó Ghrianóige, Dé hAoine 23 Aibreán, 8.30r.n. NíMórÁitaChurinÁirithe
Tamhlacht,SynergyCentre,ITT Baile Átha Cliath, Baile Átha Cliath 24. Dé Céadaoin 28 Aibreán, 8.30i.n. NíMórÁitaChurinÁirithe
Déan teagmháil le Mary Grassick ag 01 462 2107 nó mary@sdchamber.ie
ÉinagusadTimpeallachtleEricDempsey(SeirbhísNuachtaBirdsofIreland)
Tá óstáil déanta ag Eric, atá ina cheannaire turas, craoltóir, léachtóir agus cainteoir oilte mór le rá, ar cheardlanna agus láithreachais ar fud na tíre. Bhí sé mar eagarthóir ar an gcéad iris neamhspleách ar fhairtheoireacht éan, Irish Birding News, agus bhí sé ina eagarthóir ar an Irish Bird Report bliantúil. Déanfar plé ina cheardlann ar éin áitiúla agus a
dtimpeallacht agus ar éin mar tháscairí lárnacha ar athruithe ar ghnáthóg, ar an aeráid agus ar leibhéil truaillithe.
Eric Dempsey
LeabharlannChluainDolcáinDé Máirt 20 Aibreán 10r.n., 11.30r.n., Cuairt Ranga NíMórÁitaChurinÁirithe
LeabharlannChaisleánThighMotháinDéardaoin 22 Aibreán 11r.n., Grúpa Daoine Fásta NíMórÁitaChurinÁirithe
LeabharlannanTeampallGealDéardaoin 22 Aibreán 3i.n., Grúpa Daoine Fásta, NíMórÁitaChurinÁirithe
NaturallyWildleDaleTreadwellGlacann Dale Treadwell cur chuige uathúil i dtreo leanaí a mhúineadh agus cabhrú leo chun iontais an domhain nádúrtha a thuiscint. Ghlac sé páirt i go leor seónna teilifíse do leanaí, agus anois téann sé timpeall na hÉireann, ag múineadh leanaí. Áirítear lena cheardlann idirghníomhach phraiticiúil cluiche athchúrsála agus díríonn sé ar fheasacht ar ár dtimpeallacht áitiúil a ardú lena n-áirítear míolta agus ainmhithe inár ngairdíní cúil agus inár gclóis scoile.
LeabharlannBhaileUíRuáinDé hAoine 23 Aibreán 9.45r.n., 11r.n., 12.15i.n. (1úgo6úRang),3.00i.n. Fáilteroimhchách
Dale Treadwell
ScéalaíochtfaoiRóisínRavenleCarmelSmithInsíonn Carmel scéal siamsúil agus oideachasúil faoi bhfiach dubh, Róisín Raven agus a cairde a chaitheann saol sona sásta sna coillte. Téann cúrsaí chun donais nuair a éiríonn Róisín tinn. Nuair a dhéanann créatúir na coille fiosrúchán faigheann siad amach gurb iad bruscar agus dumpáil ag daoine atá freagrach as. Tagann biseach ar Róisín le cabhair óna cairde agus foghlaimítear ceacht luachmhar faoin tionchar a bhíonn ag caitheamh bruscair ar fhiadhúlra.
LeabharlannanChontaeDé Luain 19 Aibreán 10 r.n., 11.15 r.n., 5 go 8 mbliana d’Aois, NíMórÁitaChurinÁirithe
LeabharlannChaisleánThighMotháinDé Céadaoin 21 Aibreán 10r.n., 11.15r.n., 5 go 8 mbliana d’Aois, NíMórÁitaChurinÁirithe
GníomhaíochtaíiScoileannaTá na seónna téatair agus na ceardlanna seo a leanas ar fáil saor in aisce do scoileanna. Déan teagmháil le do thoil le Claire nó Sorcha ar 01 414 9000 / 01 414 9003, chinch@sdublincoco.ie nó sorchaobrien@dublincoco.ie chun áit a chur in áirithe.
WalkontheWildSidelehAislingTallonBí i do Bhleachtaire Dúlra ar feadh lae, siúil ar an taobh fiáin agus faigh amach cén fáth a dteastaíonn crainn, plandaí agus bláthanna uainn, agus céard faoi éin agus feithidí (go háirithe iad siúd a fhéadann cealg a chur ionat!). Céard faoi na rudaí go léir a bhfuil cónaí orthu faoin talamh, agus ná déan dearmad ar na haibhneacha agus lochanna agus an fharraige. Tá go leor blianta taithí ag Aisling Tallon ar oibriú le grúpaí in Oideachas Comhshaoil - d’fhorbair sí na ceardlanna sin do Sheachtain Éiceolaíochta Chontae Bhaile Átha Theas go speisialta chun ‘BITHÉAGSÚLACHT’ a mhíniú ar bhealach taitneamhach agus faisnéiseach.
PáircChorcaíDé Luain 19 Aibreán & Dé Máirt 20 Aibreán 10r.n. & 12.30i.n. 3ú go 6ú rang, NíMórÁitaChurinÁirithe
PáircLíneachGhleannna Dothra Dé Céadaoin 21 Aibreán, Déardaoin 22 Aibreán, Dé hAoine 23 Aibreán, Dé Sathairn 24 Aibreán 10r.n. & 12.30 i.n. 3ú go 6ú rang, NíMórÁitaChurinÁirithe
DraíochtAthchúrsálaleMarvinanDraíodóirIs taithí dhraíochtach, thaitneamhach do leanaí Bunscoile é seó Marvin an Draíodóir. Úsáideann Marvin draíocht agus puipéid chun siamsaíocht a thabhairt do leanaí agus chun iad a mhúineadh maidir le hathchúrsáil agus caomhnú fuinnimh agus gnáthaimh dhraíochta agus teachtaireachtaí láidre físe á n-úsáid aige. Déanfaidh an seó feasacht níos leithne ar ábhair in-athchúrsáilte a chur chun cinn agus
spreagfaidh sé leanaí chun athchúrsáil a dhéanamh ina saol féin.
ArfáilaranLuanan19Aibreán2010,2ú go 4ú Rang, NíMórÁitaChurinÁirithe
Jugglingthe3RsleisangCompántasTéatairDowntoEarthIs é atá i ‘Juggling the 3 Rs’, ná taibhléiriú ardoilte, gasta agus iontach siamsúil leis an taibheoir lámhchleasaíochta is fearr sa tír i Johnny “d” juggler, ag díriú ar na 3 R - Reduce, Reuse & Recycle (Laghdaigh, Athúsáid, Athchúrsáil). Trí ghnáthaimh thraidisiúnta lámhchleasaíochta a úsáid chomh maith le frapaí lena n-áirítear liathróidí, fáinní, bataí agus boscaí, cuireann ‘Juggling the 3 Rs’ an teachtaireacht chomhshaoil in iúl ar bhealach uathúil, siamsúil agus diongbháilte nach ndéanfar dearmad air.
ArfáilDéDéardaoin22AibreánagusDéhAoine23Aibreán1ú go 6ú Rang, NíMórÁitaChurinÁirithe
TaispeántaisirithnaSeachtaineÉiceolaíochtaAnTaispeántasStopFoodWasteIs é Cosc Dramhaíola an rogha is fearr maidir le bainistíocht dramhaíola in Éirinn. Mura nginimid dramhaíl, féadaimid deireadh a chur leis an ngá le dramhaíl a láimhseáil, a iompar, a chóireáil nó a dhiúscairt. Freisin ní bheidh orainn íoc as na seirbhísí sin. Déanann an clár STOP Food Waste cur chun cinn ar chosc dramhaíola bia agus ar mhúiríniú baile. Féach www.stopfoodwaste.ie chun eolas cuimsitheach a fháil faoin mbia a chaillimid agus faoi conas é sin a chosc trí hathmhachnamh a dhéanamh ar an gcaoi a ndéanaimid siopadóireacht, ar an gcaoi a ndéanaimid ár gcuid bia a stóráil, a chócaráil agus an chaoi a ndéanaimid bia breise a athúsáid.
ForsheomraHallaanChontae,Tamhlacht19 go 23 Aibreán, FáilteroimhChách
TaispeántasGreenHomeIs é atá i Green Home ná clár comhshaoil nua a shíneann teachtaireacht na Scoileanna Glasa thar gheataí na scoile agus isteach i dteaghlaigh an phobail níos leithne. Trí fheasacht a ardú, molann Green Home bealaí chun dul i ngleic go héifeachtach le dúshláin agus fadhbanna maidir le dramhaíl, fuinneamh, iompar agus uisce i láthair na huaire agus amach anseo. Tá sé mar aidhm ag an gclár sealbhóirí tí a thacú agus a threorú agus
iad ag glacadh gníomhartha a laghdóidh a dtionchar ar an gcomhshaol agus airgead á shábháil ar bhillí tí ag an am céanna. Féadann aon duine cuairt a
thabhairt ar an láithreán www.greenhome.ie clárú leis agus foghlaim bealaí le hairgead a shábháil, rochtain a fháil ar eolas reatha faoin gcomhshaol, féachaint cé chomh ‘glas’ is atá a dteach féin agus páirt a ghlacadh i gcomórtais. Tá an Clár maoinithe ag an EPA faoin gClár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl agus is é Aonad Oideachas Comhshaoil An Taisce a ritheann é.
ForsheomraHallaanChontaeDé hAoine 23 Aibreán, 10 r.n. go 3 i.n., FáilteroimhChách
TaispeántasGreenCommunitiesOibríonn Green Communities le grúpaí pobail chun bithéagsúlacht áitiúil a fheabhsú agus lorg carbóin gníomhaíochtaí grúpa a laghdú. I measc na samplaí de ghníomhaíochtaí tá forbairt gairdín nó ceantar fiadhúlra don phobal, glanadh rialta agus obair chaomhnúcháin, tógáil agus cothabháil boscaí gnáthóige. Féadann grúpaí iarratas a dhéanamh ar dheontas beag bliantúil le cur i dtreo a gcuid gníomhaíochtaí faoi Green Communities. Oibríonn Aonad Oideachais An Taisce agus Keep Wales Tidy an clár i dteannta a chéile agus tá sé maoinithe ag deontas ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa Clár na hÉireann/na Breataine Bige Interreg 4A. Chun tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le Deirdre McGovern ar 01 400 2202 nó téigh chuig www.greencommunity.org a bheidh ar líne in 2010.
ForsheomraHallaanChontaeDé hAoine 23 Aibreán, 10 r.n. go 3 i.n. FáilteroimhChách
AnPowerdownShowBa iad Cultivate a rinne an Powerdown Show agus tugann sé treoir ar chomhthéacs éiginnteachta maidir le haeráid agus fuinneamh agus ar fhreagraí dóibh, maireann gach clár ar feadh 20 nóiméid agus breathnaíonn sé ar réitigh agus spreagann sé freagraí ar leibhéal an duine aonair agus an phobail.
TheChallengesAhead – Aeráid, Fuinneamh agus Inbhuanaitheacht
ThePowerOfCommunity – Solúbthacht agus an Geilleagar Áitiúil
It’sAllConnected – Smaoineamh faoi Chórais Iomláine agus Buantalmhaíocht
RethinkingEnergy – Caomhnú, agus Éifeachtacht Fuinnimh
GettingAround – Iompar agus Soghluaisteacht
DeconstructingDinner – Mílte Bia, Trádáil agus Córais Bhia
Shelter – Ár dTithe agus Foirgnimh a Ullmhú don Todhchaí
EnergyDescentPathways – Cathracha Iar-Charbóin, Idirbhailte agus Sráidbhailte Éiceolaíochta
GlobalCitizenship – Deiseanna d’Athrú
WhereDoWeGoFromHere? – Cumarsáid agus Slite Beatha
AonadanPhictiúirMhóirAonad5,TeachThalbóid,CroisThamhlachtaThoirBaileÁthaCliath2419 go 23 Aibreán, FáilteroimhChách
GardenBirdDetectives:DiscoverBirdsonyourDoorstepTaispeántas ar éin ghairdín bunaithe ar shuirbhé bliantúil Birdwatch Ireland ar éin ghairdín.
LeabharlannChaisleánThighMotháin19 go 24 Aibreán, FáilteroimhChách
BoglandaFutureinIrelandLeagann taispeántas ag Comhairle Caomhnaithe Phortaigh na hÉireann béim ar éagsúlacht fána agus flóra ar phortaigh ar fud na tíre, ar an mbaol do phortaigh agus ar na rudaí a fhéadann gach duine a dhéanamh chun cinntiú go dtiocfaidh ár gcuid gnáthóga portaigh slán.
LeabharlannBhaileUíRuáin19 go 24 Aibreán, FáilteroimhChách
SustainabilityBeginsatHomeTaispeántas le Enfo agus Sustainable Ireland a bhreathnaíonn ar bhealach iomlánaíoch i dtreo chaidreamh ár dtithe leis an ngeilleagar, leis an tsochaí agus an gcomhshaol.
LeabharlannChluainDolcáin19 go 24 Aibreán, FáilteroimhChách
TheRotter’sGuidetoCompostingIthir a dhéanamh as dramhaíl. Taispeántas ag Comhairle Contae Chill Mhantáin bunaithe ar a heolaí rathúil féin ar dhramhaíl Gairdín & Bia a mhúiríniú.
LeabharlannLeamhcán19 go 24 Aibreán, FáilteroimhChách
z www.southdublin.ie – Láithreán gréasáin Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas, Guthán 01 4149 000
z www.taptips.ie
z www.dublinwaste.ie
z ConláisteCatharthaBhaileanMhóta, 01 462 1251, Oscailte 7 lá sa tseachtain
z www.greenbin.ie
z www.stopfoodwaste.ie
z www.pureproject.ie cuir glaoch ar 1850 365 121 chun dumpáil mhídhleathach a thuairisciú
z www.greenhome.ie
z Beidh www.greencommunity.org ar líne in 2010
z www.greenbusiness.ie
z www.greenschoolsireland.org
z www.askaboutireland.ie
z www.recycleit.ie TAPCD Tionscnamh Athchúrsála Pobail Chluain Dolcáin, Guthán 01 457 8321
z www.nationalspringclean.ie
z www.ecounesco.ie
z www.sdchamber.ie
z www.birdsireland.com
z www.naturallywild.ie
z www.magicianmarvin.net
z www.dteeducation.ie
www.southdublin.iewww.dublinwaste.ie
weekApril 19th – April 24th 201019Aibreán–24Aibreán2010
TáUisceLuachmhar,CaomhnaímisÉ
LiostaÚsáideachdeLáithreáinGhréasáin&Teagmhálaithe
NímóráitachurináirithedoroinntimeachtaíagusníghlacfarleháirithintígodtíanAoine9AibreánagusinadhiaidhImeachtaí i LeabharlannaLeabharlann an Chontae, Tamhlacht 01 462 0073
Leabharlann Leamhcán 01 621 6422
Leabharlann Bhaile Uí Ruáin 01 494 1900
Leabharlann Chluain Dolcáin 01 459 3315
Leabharlann Chaisleán Thigh Motháin 01 452 4888
An Teampall Geal 01 493 0199
Le haghaidh aon fiosruithe eile cuir glaoch le do thoil ar Patricia Fitzgerald nó Caroline Higgins, Leabharlannaí Forbartha ar 01 459 7834, cuir ríomhphost chuig pfitzgerald@sdublincoco.ie nó chiggins@sdublincoco.ie
Imeachtaí i Scoileanna agus i bPáirceannaSorcha O’Brien nó Claire Hinch 01 414 9000 / 01 414 9003 nó seol ríomhphost chuig sorchaobrien@sdublincoco.ie nó chinch@sdublincoco.ie
Imeachtaí i gConláiste Chathartha Bhaile an MhótaEoin Buttle ar 01 462 1251 nó seol ríomhphost chuig ebuttle@sdublincoco.ie
Imeachtaí GnóDéan teagmháil le Mary Grassrick ag 01 462 2107 nó mary@sdchamber.ie
Arna Phriontáil ar Pháipéar Lánathchúrsáilte.
www.southdublin.iewww.dublinwaste.ie
top related