tuarascáil um dhearbhú cáilíochta an chóid chaiteachais ... · roinn caiteachais phoiblí agus...
Post on 28-Feb-2019
221 Views
Preview:
TRANSCRIPT
Tuarascáil um Dhearbhú Cáilíochta an Chóid Chaiteachais Phoiblí 2014
Don
Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil
Ráiteas Misin 2014
“Forbairt Inbhuanaithe a Chur chun Cinn”
Tá leagan Gaeilge agus leagan Béarla den Tuarascáil um Dhearbhú Cáilíochta (2014) ar fáil ar
http://www.housing.gov.ie/
1
Tuarascáil um Dhearbhú Cáilíochta an Chóid Chaiteachais Phoiblí
An Bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2014
An Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil
Clár na nÁbhar Gluais....................................................................................................................................................... 2
Brollach agus Deimhniú .......................................................................................................................... 4
1 Caiteachas Buiséadaithe agus Toraidh na Roinne Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil 2014 ....... 6
Caiteachas Buiséadaithe 2014 ............................................................................................................ 6
Caiteachas Toraidh 2014 ..................................................................................................................... 7
2 Rialachas an Chóid Chaiteachais Phoiblí sa Roinn ............................................................................... 8
3 Próisis um Dhearbhú Cáilíochta 2014 ................................................................................................ 10
Grinnseiceálacha um Dhearbhú Cáilíochta 2014 .................................................................................. 16
A. Clár na ngrinnseiceálacha ......................................................................................................... 16
B. Athbhreithnithe Eile a Rinne an tAonad ................................................................................... 21
5 Cá háit anois? Na Chéad Chéimeanna le Tuairisciú Comhtháite ....................................................... 22
Admháil ............................................................................................................................................. 23
Aguisín 1: Gníomhaireachtaí agus Comhlachtaí eile laistigh de raon feidhme dhearbhú cáilíochta
2014 ...................................................................................................................................................... 24
Aguisín 2: Litir Dhearbhaithe Gníomhaireachtaí Beaga 2014 ............................................................... 25
Aguisín 3: Seicliosta Féinmheasúnaithe 1 na Roinne ............................................................................ 28
Aguisín 4: Tagairtí .................................................................................................................................. 31
2
Gluais ACC Athbhreithniú Cuimsitheach ar Chaiteachas
CBFF Córas Bainistíochta agus Forbartha Feidhmíochta
CCCP Coiste an Chóid Chaiteachais Phoiblí
CCP Cód Caiteachais Phoiblí
CEEU An Láraonad Meastóireachta Caiteachais
CFÁanna Cuideachtaí Forbartha Áitiúla
CRÁ An Ciste Rialtas Áitiúil
CSO An Phríomh-Oifig Staidrimh
ECFE An Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta
Fardal Fardal Féinaitheanta Tionscadal/Clár
FSC Freagracht Shóisialta Chorparáideach
GBRÁ An Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil
GCC An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil
GTPI An Ghníomhaireacht um Thithíocht agus Pobail Inbhuanaithe
IFAC Cónaidhm Idirnáisiúnta na gCuntasóirí
IGEES Seirbhís Eacnamaíoch agus Meastóireachta Rialtas na hÉireann
IIRC An Chomhairle Idirnáisiúnta um Thuairisciú Comhtháite
ISAE Caighdeán Idirnáisiúnta um Dhearbhuithe Iontaofachta
MBS Measúnú Beartas Fócasaithe
NOAC An Coimisiún Náisiúnta Maoirseachta agus Iniúchóireachta
PTF Príomhtháscaire Feidhmíochta
RCPA An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe
RCPRÁ An Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil
Roinn/RCPRÁ An Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil (RTPPRÁ roimhe seo)
RTPPRÁ An Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil (RCPRÁ roimhe seo)
SPG Soláthar Poiblí Glas
3
Tairiscintí Glasa Tairiscintí Glasa – An Plean Gníomhaíochta maidir le Soláthar Poiblí Glas
ÚFDBÁC Údarás Forbartha Dugthailte Bhaile Átha Cliath
Údarás Ceadaithe:
CTCCP Gluais Téarmaí an Chóid Chaiteachais Phoiblí: Údarás Ceadaithe
Is éard is Údarás Ceadaithe ann ‘An eagraíocht atá freagrach as na ceadanna a theastaíonn de réir
mar a théann tionscadail tríd an tsaolré a dheonú. Ní mór dó a bheith sásta chomh maith go bhfuil
na Gníomhaireachtaí Urraíochta imleor’.
CCSGP Clár um Chuimsiú Sóisialta agus um Ghníomhaíochtú Pobail
CS Comhaontuithe Seirbhíse
Gníomhaireacht Urraíochta
CTCCP Gluais Téarmaí an Chóid Chaiteachais Phoiblí: Gníomhaireacht Urraíochta
Is éard is Gníomhaireacht Urraíochta ann ‘an eagraíocht a bheidh freagrach as tionscadal nó clár a
chur chun feidhme. Déanann sí an breithmheas, meastóireacht agus athbhreithniú chomh maith.
Teastaíonn cead uaithi ag príomhphointí ón Údarás Ceadaithe’.
An Creat An Creat Idirnáisiúnta um Thuairisciú Comhtháite
An tAonad Aonad an Chóid Chaiteachais Phoiblí
ABLA Athbhreithniú ar an mBeartas um Luach ar Airgead
Is éard is Caiteachas Vótáilte ann airgead i gcomhair sheirbhísí ginearálta na Ranna a vótálann an
Dáil ar bhonn bliantúil.
4
Brollach agus Deimhniú Comhthéacs
I gcomhpháirtíocht leis an AE, Rialtais Láir eile, an Earnáil Rialtais Áitiúil, Gníomhaireachtaí, agus
Comhlachtaí eile, chaith an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil €1.320 billiún, a thacaigh le
forbairt eacnamaíoch agus shóisialta inbhuanaithe in 2014. Ba é misean uileghabhálach na Roinne an
bhliain sin forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn. Tá freagracht ag an Roinn as raon tiomantas atá
cuimsithe sa Chlár don Rialtas agus léirítear iad sin i Ráiteas Straitéise na Roinne. I sainchúram na
Roinne tugadh aghaidh ar shaincheisteanna casta comhshaoil, eacnamaíocha agus sóisialta.
Mór-Athstruchtúir Roinn Athraithe i mí Mheán Fómhair 2016 agus i mí Iúil 2017
In 2016 rinneadh dhá mhór-athrú chun feabhais ar an Roinn. Rinneadh codanna Rannán Comhshaoil
agus Fhorbairt Tuaithe an Rannáin Phobail agus roinnt gníomhaireachtaí (an Ghníomhaireacht um
Chaomhnú Comhshaoil agus Coimisiún Forbartha an Iarthair) a aistriú ón Roinn, agus rinneadh an
Roinn a athstruchtúrú go hiomlán ar an taobh istigh, agus athainmníodh í mar an Roinn Tithíochta,
Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil (RTPPRÁ).
Ina dhiaidh sin, i mí Iúil 2017, rinneadh athchumrú eile ar an Roinn nuair a aistríodh an Rannán
Pobail agus roinnt gníomhaireachtaí (Pobal agus Sábháilteacht Uisce na hÉireann) chuig Roinn úr um
Fhorbairt Tuaithe agus Pobail. Athainmníodh an Roinn mar an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais
Áitiúil i mí Iúil 2017. Tagraíonn an tuarascáil um dhearbhú cáilíochta seo don struchtúr a bhí i
bhfeidhm an 31 Nollaig 2014.
Measúnú agus Comhlíonadh an Chóid Chaiteachais Phoiblí 2014
Rinneadh réimse athbhreithnithe le linn 2015 chun measúnú grinn a dhéanamh ar an gcaiteachas le
haghaidh 2014 agus tá breithnithe maidir le dúshláin amach anseo leagtha amach sa tuarascáil seo.
Le cead ó CCCP, rinne an tAonad aighneacht chuig Grúpa Oibre um Fhoghlaim agus um Fhorbairt
Athnuachana na Státseirbhíse i ndáil le Riachtanais Oiliúna maidir leis an gCód Caiteachais Phoiblí.
Rinneadh comhaontú maidir le Próifíl Róil 2016, go gcinnteodh Príomhoifigigh go ndéanfaí
oibleagáidí maidir leis an gCód Caiteachais Phoiblí agus oiliúint riachtanach a chuimsiú i bPróifílí Róil
na foirne agus i bpleananna oiliúna agus forbartha CBFF.
Achoimre ar Ghníomhaíochtaí a rinneadh mar chuid den Dearbhú Cáilíochta
Rinne an Roinn raon gníomhaíochtaí agus tá siad á ndéanamh fós aici chun dearbhú
féinmheasúnaithe a chur ar fáil i ndáil leis an airgead poiblí a chaitheann sí. Go sonrach rinne an
Roinn an méid seo a leanas:
an Fardal Tionscadal/Clár 2014 a ullmhú faoi na ceannteidil atá leagtha amach, a léiríonn an
caiteachas féinaitheanta bunaithe ar Mheastacháin Athbhreithnithe 2014;
5
dearbhuithe soláthair sa bhreis ar €10 milliún a fhoilsiú do 2014, cibé acu an bhfuil siad úr, ar
siúl nó críochnaithe, mar is gá. Tá na dearbhuithe ar fáil ar an nasc seo a leanas; Dearbhuithe
Soláthair;
féinmheasúnachtaí um chomhlíonadh maidir leis an gCód Caiteachais Phoiblí a ullmhú do
chaiteachas uile 2014;
a clár um sheisiúin oiliúna maidir le gnéithe den Chód Caiteachais Phoiblí a chur chun cinn;
leanúint le hoibriú leis an earnáil rialtais áitiúil maidir leis an gCód Caiteachais Phoiblí, in
2015, ag cur cur i láthair os comhair chomhdháil bhliantúil na gCeann Airgeadais maidir le
féinmheasúnú um chomhlíonadh maidir le próisis CCP, arna n-iarraidh ag an earnáil; agus
leanúint leis an gclár maidir le Grinn-Athbhreithnithe um Dhearbhú Cáilíochta chun an
mheánsprioc 5% trí bliana a bhaint amach.
Agus an mór-athstruchtúrú a rinneadh in 2016 á admháil, cuirfidh an Roinn, in 2017, tríd an CCCP,
tús le clár athbhreithnithe comhad a roghnófar ó Fhardal féinaitheanta 2015 a úsáidfear mar bhonn
mheastóireacht Roinne 2015 maidir le seicliostaí féinmheasúnaithe.
Measúnú Riosca Comhtháite agus Tuairisciú Comhtháite
D’oibrigh an Roinn leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus d’fhorbair siad dóigh do
na gníomhaireachtaí níos lú leis an measúnú sin a dhéanamh tríd an tuarascáil um dhearbhú 2014,
bunaithe ar chaighdeáin ISAE 3200.
Nascann tuairisciú comhtháite cineálacha difriúla faisnéise, faisnéis airgeadais agus
neamhairgeadais, PTFanna, rioscaí agus cuspóirí straitéiseacha. Cuirtear faisnéis cháilíochtúil agus
chainníochtúil i láthair, rud a chuireann feabhas ar cháilíocht na cumarsáide idir an Roinn agus a
geallsealbhóirí. Ghlac an tAonad páirt i seimineáir ghréasáin Líonra Ceannródaithe na hEarnála
Poiblí de chuid IIRC, agus le linn 2015, d’fhorbair sé Tuarascáil Chomhtháite teimpléid don Chiste
Comhshaoil i gcomhpháirtíocht leis an Rannán Comhshaoil.
Ráiteas um chomhlíonadh Cheanglais Tuairiscithe Dhearbhú Cáilíochta CCP
Comhlíonann an tuarascáil um Dhearbhú Cáilíochta seo ceanglais tuairiscithe Dhearbhú Cáilíochta
CCP.
John McCarthy
__________________________________
Oifigeach Cuntasaíochta
Dáta: 11 October 2018
6
1 Caiteachas Buiséadaithe agus Toraidh na Roinne
Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil 2014
Caiteachas Buiséadaithe 2014 In 2014, rinne an Roinn buiséadú €1.279 billiún1 a thacaigh le forbairt eacnamaíoch agus shóisialta
inbhuanaithe, i gcomhpháirtíocht le Rialtais Láir eile, leis an Earnáil Rialtais Áitiúil, gníomhaireachtaí,
an AE agus Comhlachtaí eile. Maoiníodh an caiteachas sin trí chistí Státchiste Vótáilte, tríd an gCiste
Rialtais Áitiúil agus tríd an gCiste Comhshaoil. In Aguisín 1 sainaithnítear na Gníomhaireachtaí agus
na Comhlachtaí eile laistigh de raon feidhme chleachtadh um dhearbhú cáilíochta 2014.
Léaráid 1: Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil 2014 Caiteachas buiséid mar chéatadán
Foinse REV2015 Caiteachas Bhuiséad 2014 tiontaithe ina chéatadáin
Community - Pobal
Planning - Pleanáil
Local Government – Rialtas Áitiúil
Environment & Waste Management – An Comhshaol agus Bainistíocht Dramhaíola
Water Services – Seirbhísí Uisce
Met Éireann - Met Éireann
Local Government Fund – An Ciste Rialtais Áitiúil
Environment Fund An Ciste Comhshaoil
Léaráid 2: Buiséad 2014 na Roinne Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil i €’000
1 cuimsítear sa €1.279 billiún Caiteachas Vótáilte 2014 de €868.22 milliún, Buiséad an Chiste Comhshaoil 2014
de €47.8 milliún, Buiséad an Chiste Rialtais Áitiúil 2014 de €376.38 milliún (gan maoiniú a cuireadh ar fáil don
Státchiste, Uisce Éireann agus Ranna Rialtais eile san áireamh).
Local Government
Fund 28%
Environment Fund 4%
Housing 45%
Water Services 3%
Environment & Waste
Management 3%
Local Government
3%
Community 11%
Planning 1%
Met Éireann 2%
7
Foinse REV2015 Caiteachas Bhuiséad 2014 Housing - Tithíocht
Caiteachas Toraidh 2014 Faoi mar a tuairiscíodh i gCuntas Leithreasa na Roinne, agus i gcuntais an Chiste Comhshaoil agus an
Chiste Rialtais Áitiúil 2014, ba é €1.320 billiún an toradh a shainaithníodh le haghaidh na réimsí
buiséid2.
Léaráid 3: Caiteachas Toraidh 2014 na Roinne Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil mar
chéatadán
2 Caiteachas Vótáilte 2014 €916.12 milliún Cuntais Leithreasa 2014
http://www.audgen.gov.ie/documents/annualreports/2014/appacc/en/appaccs2014.pdf Cuntais an Chiste
Comhshaoil 2014, €46.2,
https://www.housing.gov.ie/láithreán/default/files/foilseachán/files/environment_fund_accounts_2014_engli
sh.pdf Cuntais an Chiste Rialtais Áitiúil 2014, €358.17 arb é sin an caiteachas iomlán lúide an Roinn Iompair,
Turasóireachta agus Spóirt, Bonneagar Bóithre agus Seirbhísí Poiblí agus Rannán Seirbhísí Ríomhaireachta
Ceadúnas Tiománaithe agus Feithiclí, Cistiú an Státchiste agus Fóirdheontas Uisce Éireann
http://www.housing.gov.ie/sites/default/files/publications/files/local_government_fund_accounts_2014_-
_english.pdf
363,378
47,800
575,833
43,914
34,675
37,724
141,442
16,285
18,350
Local Government Fund
Environment Fund
Housing
Water Services
Environment & Waste Management
Local Government
Community
Planning
Met Éireann
€'000
Local Government
Fund 27%
Environment Fund 3% Housing
45%
Water Services
3%
Environment & Waste
Management 3%
Local Government
3%
Community 14%
Planning 1%
Met Éireann 1%
8
Foinse An Cuntas Leithreasa 2014, Cuntais 2014 an Chiste Rialtais Áitiúil (féach nóta 2) agus an Chiste Comhshaoil, agus iad
ar fad tiontaithe ina gcéatadáin
Léaráid 4: Caiteachas Toraidh 2014 na Roinne Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil i €’000
Foinse An Cuntas Leithreasa 2014, Cuntais 2014 an Chiste Rialtais Áitiúil (féach nóta 2) agus an Chiste Comhshaoil
2 Rialachas an Chóid Chaiteachais Phoiblí sa Roinn Lean Coiste an Chóid Chaiteachais Phoiblí (CCCP) agus Aonad an Chóid Chaiteachais Phoiblí
(Aonad) san Aonad um Thacaíocht Straitéiseach agus Ghnó (an tAonad) lena gclár oibre in 2015,
agus ghlac siad páirt chomh maith sna ceardlanna ceachtanna a foghlaimíodh arna reáchtáil ag an
Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, agus d’oibrigh siad go comhoibríoch le fochoiste Chód
Caiteachais Phoiblí NOAC, ag cur soiléiriú agus comhairle ar fáil maidir le tuairisciú meastóireachta.
a. Ról Choiste an Chóid Chaiteachais Phoiblí
D’oibrigh CCCP lena chomhghleacaithe agus lena bhfoireann Roinne ar fud na Roinne agus
thiomsaigh siad an Fardal féinaitheanta Tionscadal/Clár, na seicliosta féinmheasúnaithe um
chomhlíonadh CCP don chaiteachas go léir agus do na dearbhuithe go léir ag cur sonraí ar fáil faoin
soláthar ar fad sa bhreis ar €10 milliún.
D’ainmnigh an Bord Bainistíochta Comhordaitheoirí Roinne CCCP ag tús an phróisis bhliantúil
féinmheasúnaithe, agus bhí siad freagrach as dul i gcomhar lena gcomhghleacaithe sna Rannáin faoi
seach. Príomhoifigigh ba iad na Comhordaitheoirí Roinne go léir. Cuireann a gcuid oibre le
comhghleacaithe ina Rannáin an bonn ar fáil le haghaidh fhéinmheasúnú feidhmíochta foriomlán na
Roinne, arna dheimhniú ag an Oifigeach Cuntasaíochta. Oibríonn Comhordaitheoirí Roinne CCCP, trí
fhoireann a Rannán, le gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile chomh maith. Rinneadh an Ciste
Rialtais Áitiúil agus an Ciste Comhshaoil a riar sa Rannán Rialtais Áitiúil agus sa Rannán Comhshaoil,
faoi seach.
Rinneadh tuilleadh oibre trí CCCP le gníomhaireachtaí maoinithe chun cuidiú leis na
gníomhaireachtaí a n-oibleagáidí um dhearbhú cáilíochta 2014 a sheachadadh, lena n-áirítear
monatóireacht a dhéanamh ar na Comhaontuithe Seirbhíse a bhí i bhfeidhm. Bhí sé ghníomhaireacht
mhaoinithe ag an Roinn an 31 Nollaig 2014:
o An Bord Pleanála
358,173
46,220
594,593
36,450
33,184
36,237
181,640
18,955
15,061
Local Government Fund
Environment Fund
Housing
Water Services
Environment & Waste Management
Local Government
Community
Planning
Met Éireann
€'000
9
o An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) o An Ghníomhaireacht um Thithíocht agus Pobail Inbhuanaithe (GTPI) o Sábháilteacht Uisce na hÉireann o Coimisiún Forbartha an Iarthair o An Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil (GBRÁ).
Mhaoinigh an Roinn cláir náisiúnta beartas chomh maith trí Pobal. Oibríonn Pobal faoi choimirce na
Roinne mar chuideachta neamhbhrabúis faoi theorainn ráthaíochta agus déanann an tArd-
Reachtaire Cuntas agus Ciste a chuntais a iniúchadh.
Measúnú Riosca Comhtháite
D’oibrigh an Roinn leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe chun bealach a fhorbairt do na
gníomhaireachtaí níos lú leis an measúnú sin a dhéanamh tríd an tuarascáil um dhearbhú 2014
bunaithe ar chaighdeáin ISAE 3200. D’oibrigh CCCP le Sábháilteacht Uisce na hÉireann agus le
Coimisiún Forbartha an Iarthair agus sholáthair siad an tuarascáil um dhearbhú a iarradh. In Aguisín
2 leagtar amach teimpléad le haghaidh litir dhearbhaithe na ngníomhaireachtaí a d’fhorbair an Roinn
i gcomhairliúchán leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.
b. Ról Aonaid an Chóid Chaiteachais Phoiblí Tuairiscíonn an tAonad ár gcomhlíonadh agus, mar aon le CCCP, tá sé freagrach as an gCód
Caiteachais Phoiblí sa Roinn, ina gníomhaireachtaí agus i gcomhlachtaí eile faoina choimirce a
spreagadh agus tacú leis. I dtús 2016, aistríodh obair an Aonaid chuig Airgeadas na Roinne.
Ag Oibriú le Gníomhaireachtaí agus leis an Roinn ag cur ar aghaidh Athbhreithniú na CSanna
Ní thugann an tAonad faoi ghrinn-athbhreithnithe i ngníomhaireachtaí, toisc go bhfuil siad freagrach
as a gcomhlíonadh féin maidir leis an gcód a dheimhniú.
Rinne an tAonad, nuair a iarraidh air, teagmháil le gníomhaireachtaí agus sholáthair siad soiléiriú
maidir le fiosrúcháin faoin gCód Caiteachais Phoiblí agus tá sé fós ina phointe teagmhála do
ghníomhaireachtaí. Chuir sé oiliúint ar fáil chomh maith do ghníomhaireachtaí mar aon le baill foirne
na Roinne.
10
3 Próisis um Dhearbhú Cáilíochta 2014 Le haghaidh na bliana dar críoch Nollaig 2014, rinne an Roinn in éineacht lena gníomhaireachtaí agus
comhlachtaí eile:
a. Fardal Tionscadal/Clár féinaitheanta 2014 a ullmhú
Chuir CCCP an Fardal Tionscadal/Clár féinaitheanta 2014 i gcrích, faoi na ceannteidil atá leagtha
amach, a léiríonn an caiteachas féinaitheanta faoin bpróiseas meastachán bliantúil. Thiomsaigh an
tAonad an Fardal féinmheasúnaithe, mar Fhardal amháin Tionscadal/Clár don Roinn, a faomhadh trí
CCCP lena fhoilsiú.
Léaráid 5: Tábla Achoimre Líon na dTionscadal/gClár amhail an 31 Nollaig 2014 An caiteachas atá á bhreithniú An caiteachas atá á thabhú Caiteachas ar tháinig deireadh leis
le déanaí
Caipiteal Reatha Caipiteal Caipiteal Reatha Caipiteal Caipiteal Reatha
Tionscadail agus Scéimeanna Deontais Scéimeanna
nó Cláir
Tionscadail Scéimeanna
Deontais
Scéimeanna
nó Cláir
Tionscadail Scéimeanna
Deontais
Scéimeanna
nó Cláir
€0.5m-
€5m
>€5m-
€20m
>€20m €0.5m nó
níos mó
>€0.5m >€0.5m >€0.5m >€0.5m >€0.5m >€0.5m
Rannáin
Roinne
19 1 - 2 42 42 52 1 1 1
An Ciste
Comhshaoil
- - - - - 1 14 - - -
An Ciste
Rialtas Áitiúil
- - 1 11 - - 9 - - -
Gníomhairea
chtaí
- - - 1 4 68 - - -
Iomlán 19 1 1 13 43 47 143 1 1 1
Foinse: Bainte as an bhFardal féinmheasúnaithe Tionscadal/Clár 2014
b. Dearbhuithe a dhéanamh don Roinn, ag cur sonraí ar fáil maidir leis an Soláthar uile os cionn €10 milliún
Dhearbhaigh an tAonad trí Chomhordaitheoirí Roinne CCCP, go ndearnadh dearbhuithe
féinaitheanta ina soláthraíodh sonraí maidir le soláthar os cionn €10 milliún, cibé acu an raibh siad
úr, ar siúl nó críochnaithe agus foilsíodh iad san fhormáid a éilíodh in 2014. Tá na dearbhuithe ar fáil
ar an nasc seo a leanas; Dearbhuithe Soláthair
11
c. Seicliostaí féinaitheanta Roinne 2014 a chur i dtoll a chéile bunaithe ar fhéinmheasúnú Roinne
Chuir CCCP seicliostaí féinmheasúnaithe um chomhlíonadh maidir leis an gCód Caiteachais Phoiblí
don chaiteachas uile i gcrích. Chuir an tAonad Seicliosta 1, Oibleagáidí Ginearálta nach mbaineann
go sonrach le tionscadail/cláir aonair , ar bhonn na Roinne Iomláine i gcrích, agus tá sé cuimsithe in
Aguisín 3.
Léaráid 6: Féinmheasúnú 2014: An Ciste Comhshaoil €47.8 milliún Seicliosta 1.
Cás-staidéar ar fhéinmheasúnú 2014: An Ciste Comhshaoil €47.8 milliún Seicliosta 1.
Shainaithin Comhordaitheoir an Chiste Comhshaoil an gá atá le rannpháirtíocht foirne ábhartha in
oiliúint sheachtrach maidir leis an gCód Caiteachais Phoiblí (CCP) tríd an Roinn Caiteachais Phoiblí
agus Athchóirithe, ag tabhairt chun suntais chomh maith an gá atá le hoiliúint bhreise maidir le
bainistíocht struchtúrach CCP sa Rannán Comhshaoil. Tá an Roinn, ina ról mar Údarás Ceadaithe
sásta go gcloíonn na gníomhaireachtaí a mhaoiníonn sí leis an gCód Caiteachais Phoiblí ach
shonraigh sí nach mór iarmheasúnú agus fíorú a dhéanamh i gcás an CCP. Chun cabhair a thabhairt le
moltaí cuí a scaipeadh, cuirtear rochtain ar fáil do Chomhordaitheoirí Roinne CCCP ar gach grinn-
tuarascáil dréachta agus deiridh um dhearbhú cáilíochta, trí láithreán tionscadal inlín roinne
comhroinnte, ó R1 2017.
d. Leanúint le hionadaíocht a dhéanamh ar son na Roinne ar Líonra Ceannródaithe na
hEarnála Poiblí de chuid na Comhairle Idirnáisiúnta um Thuairisciú Comhtháite (IIRC)
Ghlac an tAonad páirt i seimineáir ghréasáin Líonra Ceannródaithe na hEarnála Poiblí de chuid IIRC,
agus tríothu siúd agus moltaí na grinntuarascála, d’fhorbair sé Tuarascáil Chomhtháite don Chiste
Comhshaoil. Leag an tAonad béim chomh maith ar na tairbhí a bhaineann le Tuairisciú Comhtháite
do gheallsealbhóirí.
e. Chuaigh siad i ngleic le ról CCP an Choimisiúin Náisiúnta Maoirseachta agus
Iniúchóireachta (NOAC); agus chuir siad oiliúint chomhtháite agus cúnamh ar fáil chun
tacú le comhlíonadh an hearnála maidir leis an gCód le linn 2014
Faoi mar a tuairiscíodh i dTuarascáil um Dhearbhú Cáilíochta 2013, gheall an NOAC go ndéanfadh
siad an méid seo a leanas maidir leis an earnáil rialtais áitiúil agus leis an gCód Caiteachais Phoiblí:
Scríobh chuig Príomhfheidhmeannaigh na n-údarás áitiúil chun cóip den tuarascáil a bheidh
gach duine acu ag ullmhú maidir le ceanglais dearbhaithe cáilíochta 2014 a iarraidh.
Athbhreithniú ar tuarascálacha uile na n-údarás áitiúil maidir le ceanglais dearbhaithe
cáilíochta 2014 i ndáil le comhlíonadh an phróisis agus treochtaí, dea-chleachtas nó
12
easnaimh ar bith a dhearbhú a tháinig as na hachoimrí ar na grinnseiceálacha a rinne na
húdaráis áitiúla.
Tuarascáil a ullmhú ar na torthaí óna hathbhreithniú ar na tuarascálacha um dhearbhú
cáilíochta, lena n-áirítear moltaí is iomchuí léi, a tháinig as an athbhreithniú seo.
I mí Feabhra 2015, bhuail ceann Aonad Meastóireachta na Roinne le foghrúpa an NOAC um Chód
Caiteachais Phoiblí, phléigh sé ról an NOAC i maoirseacht a dhéanamh ar ghné um Dhearbhú
Cáilíochta an Chóid Chaiteachais Phoiblí3 agus thug sé breac-chuntas ar a chuid oibre féin. Tá
tuilleadh faisnéise maidir le comhlíonadh an Chóid ag na húdaráis áitiúla agus an obair ghaolmhar a
dhéanann an NOAC leagtha amach sa chéad roinn eile.
Lean an Roinn le hoibriú leis an earnáil rialtais áitiúil maidir leis an gCód, trína hAonad
Meastóireachta, agus sholáthair sí oiliúint agus cúnamh chun tacú le comhlíonadh na hearnála
maidir leis an gCód (lena n-áirítear cur i láthair os comhair chomhdháil Chinn Airgeadais na n-údarás
áitiúil i mí na Bealtaine 2015). Shainaithin na húdaráis áitiúla gá atá le hoiliúint bhreise maidir leis an
gCód Caiteachais Phoiblí, toisc a tháinig chun cinn trí obair an NOAC chomh maith.
Léaráid 7: An Cód Caiteachais Phoiblí: Sainchabhróir do dhea-chinnteoireacht
Comhdháil Bhliantúil na hEarnála Rialtais Áitiúil do Chinn Airgeadais Bealtaine 2015
Foinse: An Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil.
Comhlíonadh na nÚdarás Áitiúil maidir leis an gCód Caiteachais Phoiblí
3 Féach Miontuairiscí an NOAC Márta 2015 http://noac.ie/wp-content/uploads/2016/02/Minutes-3-March-
2015.pdf (Oscailte an 31 Eanáir 2017)
13
Faoi mar atá leis an rialtas láir, ceanglaítear ar gach údarás áitiúil faoin gCód fardail tionscadal/clár a
dhréachtú; foilseachán faisnéise maidir le soláthairtí ar a shuíomh gréasáin a dhearbhú; na seicliostaí
sonracha a chur i gcrích; grinn-athbhreithnithe a dhéanamh ar thionscadail/chláir roghnaithe; agus
tuarascáil achoimre ghairid a ullmhú.
Dá réir sin, ullmhaíonn agus foilsíonn gach údarás áitiúil a thuarascáil um Dhearbhú Cáilíochta féin
faoin gCód.. Tá Príomhfheidhmeannaigh na n-údarás áitiúil aonair freagrach as maoirseacht a
dhéanamh ar chur i gcrích na gceanglas ábhartha um dhearbhú cáilíochta agus as measúnú a
dhéanamh ar chomhlíonadh an Chóid. (Tugadh cabhair leis an obair seo maidir le 2014 ó Nóta
Treorach don earnáil rialtais áitiúil ar cheanglais um dhearbhú cáilíochta sa Chód a d’fhorbair Coiste
Airgeadais Chumann na Bainistíochta Contae agus Cathrach).
Cuirtear na tuarascálacha a thagann as an bpróiseas sin isteach chuig an NOAC a chuimsíonn
tuarascáil ilchodach um dhearbhú cáilíochta ansin faoi Chuid A-04 den Chód ina gcumhdaítear an 31
údarás áitiúil.
I mí Feabhra 2016, d’fhoilsigh an NOAC tuarascáil ábhartha 2014 ar a shuíomh gréasáin - féach
Tuarascálacha um Dhearbhú Cáilíochta 2014 na nÚdarás Áitiúil – ina gcuimsítear faisnéis
mhionsonraithe fhairsing maidir le comhlíonadh na n-údarás áitiúil i ndáil leis an gCód in 2014.
Áirítear sa tuarascáil chomh maith athbhreithniú a rinne an NOAC ar thuarascálacha na n-údarás
áitiúil maidir le comhlíonadh an Chóid. Áirítear ar na tionscadail tionscadal Chomhairle Contae Dún
Laoghaire-Ráth an Dúin, pleanáil chun feidhm a bhaint as cumais TFC chun réimsí uile
monatóireachta agus tuarascálacha i ndáil lena thionscadail chaipitil a lárú agus a chuíchóiriú ar
chóras aonair ina gcuimseofar ceanglais, foirmeacha agus seicliostaí an Chóid Chaiteachais Phoiblí
chomh maith (leathanach 8). I mí Iúil 2016, d’fhoilsigh an NOAC a thuarascáil i ndáil le comhlíonadh
na n-údarás áitiúil maidir leis an gCód in 2015 – féach Tuarascálacha um Dhearbhú Cáilíochta 2015
na nÚdarás Áitiúil.
Cumhdaíonn obair na n-údarás áitiúil agus CCP an NOAC lena mbaineann caiteachas uile na n-údarás
áitiúil, beag beann ar fhoinse an mhaoinithe. Tá sé de chúram na n-údarás áitiúil beartas an Rialtais a
chur chun feidhme ar an leibhéal áitiúil ar fud speictream leathan gníomhaíochta. In 2014, b’ionann
an maoiniú a fuair na húdaráis áitiúla chun na críche sin ó fhoinsí rialtais láir agus thart ar €1.7 billiún
(féach Maoiniú Rialtais Áitiúil d’Údaráis Áitiúla, Tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar
Chuntais na Seirbhísí Poiblí 2014).
Seachadann an earnáil rialtais áitiúil cion substaintiúil d’obair na Roinne. Ag léiriú é sin, thionscain
37% d’iomlán mhaoiniú an Státchiste d’údaráis áitiúla in 2014 mar thacaíocht dhíreach ón Roinn
(chun tacú le cláir thithíochta den chuid ba mhó), tháinig 39% de ón gCiste Rialtais Áitiúil agus 1% de
ón gCiste Comhshaoil (bhí an dá Chiste á riar ag an Roinn in 2014). Sholáthair an Roinn Iompair,
Turasóireachta agus Spóirt (17%), an Roinn Oideachais agus Scileanna (2%) agus Vótaí eile (4%) an
chuid eile de4.
4 OC&AG (2015) Tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar Chuntais na Seirbhíse Poiblí 2014
Leathanach 118 Ar fáil ag
14
Chuimsigh maoiniú díreach an Státchiste ón Roinn seo den chuid ba mhó tacaíocht do chláir
thithíochta inar cumhdaíodh soláthar tithíochta sóisialta, obair athghiniúna agus feabhsúcháin,
cóiríocht do thaistealaithe, tithíocht dheonach agus comharthithíocht, an Scéim um Chóiríocht ar
Chíos, deontais um oiriúnú tithe, agus cóiríocht do dhaoine gan dídean. D’fhorchúitigh an Roinn
caiteachas faofa chomh maith do na húdaráis áitiúla maidir le réimsí cláir amhail leabharlanna,
tionscadal uisce tuaithe, stáisiúin dóiteáin agus feabhsúchán líonta talún.
In obair ar dhearbhú cáilíochta a rinne na húdaráis áitiúla maidir le 2014 agus a d’athbhreithnigh an
NOAC, lena n-áirítear grinn-athbhreithnithe na n-údarás áitiúla, tugadh aghaidh ar chomhlíonadh
cheanglais an Chóid Chaiteachais Phoiblí i réimsí cláir arna maoiniú ag an Roinn.
f. Leanúint le cur i bhfeidhm an chláir oiliúna de réir Straitéis um Oiliúint Chomhtháite ar an
gCód Caiteachais Phoiblí
Le cead ó CCCP, rinne an tAonad aighneacht chuig Grúpa Oibre um Fhoghlaim agus um Fhorbairt
Athnuachana na Státseirbhíse i ndáil le Riachtanais Oiliúna maidir leis an gCód Caiteachais Phoiblí,
faoi Ghníomh 9 “Samhail chomhroinnte úr a bhunú chun foghlaim agus forbairt a sheachadadh”.
Áirítear i dtiomantais Ghníomh 9:
Straitéis aontaithe Foghlama agus Forbartha a fhorbairt bunaithe ar mheasúnú ar riachtanais
scileanna amach anseo i sainréimsí agus i réimsí ginearálta araon.
Samhail chomhroinnte a bhunú chun sraith comhchlár foghlama agus forbartha a
sheachadadh, a bheidh tacú curtha fúthu ag meastóireacht chun torthaí foghlama níos
comhsheasmhaí agus níos éifeachtúla a bhaint amach.
Iarradh san aighneacht go gcuimseofaí oiliúint maidir leis an gCód Caiteachais Phoiblí sa Straitéis
Foghlama agus Forbartha agus i sraith comhchlár foghlama agus forbartha, chun torthaí foghlama
níos comhsheasmhaí agus níos éifeachtúla a bhaint amach, ar fud na seirbhíse poiblí i gcoitinne faoi
Ghníomh 9 de Plean Athnuachana na Státseirbhíse.
Áirítear iad seo a leanas ar shamplaí d’oiliúint maidir leis an gCód Caiteachais Phoiblí a sainaithníodh
san aighneacht:
Ról an Údaráis Cheadaithe agus Gníomhaireachtaí Urraíochta
Leibhéil bhreithmheasa agus ceadanna a theastaíonn
Cás Gnó a Dhéanamh faoi mar a cheanglaítear leis an gCód Caiteachais Phoiblí
Anailís Ilchritéar, nó Anailís Costais is Tairbhe a ullmhú
Breithmheas Eacnamaíoch a ullmhú
Breithmheas Airgeadais a ullmhú
http://www.audgen.gov.ie/viewdoc.asp?fn=/documents/annualreports/2014/Report/En/Report_Accounts_Pu
blic_Services_2014.PDF (Oscailte an 9 Bealtaine 2017)
15
Athbhreithniú um Dhearbhú Cáilíochta a dhéanamh
Seicliostaí féinmheasúnaithe a ullmhú
Nósanna Imeachta um Measúnú Cainníochtúil agus Cáilíochtúil
Fardal ilbhliantúil Tionscadal/Clár a ullmhú
Bainistíocht Tionscadal/Clár faoi mar a cheanglaítear leis an gCód Caiteachais Phoiblí
Le linn 2015, lean an tAonad le clár oiliúna a chur i bhfeidhm de réir Straitéis um Oiliúint
Chomhtháite ar an gCód Caiteachais Phoiblí.
Tionóladh seisiúin oiliúna ‘Lón a Ithe agus Foghlaim’ maidir le ‘Public Spending Code - what to expect
from a Quality Assurance Visit’ sa Roinn ag gach ceann dá príomhshuíomhanna.
Rinneadh comhaontú maidir le Próifíl Róil 2016, go gcinnteodh Príomhoifigigh go ndéanfaí
oibleagáidí maidir leis an gCód Caiteachais Phoiblí agus oiliúint riachtanach a chuimsiú i bPróifílí Róil
na foirne agus i bpleananna oiliúna agus forbartha CBFF.
g. Leanúint le páirt a ghlacadh i gceardlanna Ceachtanna a Foghlaimíodh leis an Roinn
Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, ag déanamh ionadaíochta ar son na Roinne agus ar
son CCCP
Ghlac an tAonad páirt sna ceardlanna Ceachtanna a Foghlaimíodh leis an Roinn Caiteachais Phoiblí
agus Athchóirithe. Bainfidh an chéad cheardlann eile le saincheisteanna ar bith a shainaithint a
d’eascair as cuir chuige na ngníomhaireachtaí maidir le measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh agus
na gníomhaíochtaí a beartaíodh chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna ar bith a eascróidh
agus saincheisteanna eile a d’eascair as dearbhú cáilíochta 2014, lena n-áirítear an gá atá le cúrsaí
oiliúna a sholáthar a sainaithníodh agus a cuimsíodh i bPróifíl Róil na foirne agus i bpleananna oiliúna
agus forbartha CBFF.
h. Litir Dhearbhaithe a Fhorbairt do Ghníomhaireachtaí níos lú i ngach Roinn i gcomhar leis
an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe
D’fhorbair an tAonad litir dhearbhaithe, i gcomhar leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus
Athchóirithe, lena cur isteach ag POFanna gníomhaireachtaí níos lú in 2014, bunaithe ar an dea-
chleachtas idirnáisiúnta do dhearbhuithe iontaofachta, arna soláthar ag Cónaidhm Idirnáisiúnta na
gCuntasóirí (IFAC) (Féach Aguisín 2).
16
Grinnseiceálacha um Dhearbhú Cáilíochta 2014
A. Clár na ngrinnseiceálacha
Bhí dhá chuid i gclár na ngrinnseiceálacha: féinmheasúnú feidhmíochta ag Príomhoifigigh i ngach
Rannán, trí bhíthin seiceálacha ar chomhaid agus grinnseiceálacha neamhspleácha; agus an sampla
srathaithe randamach a roghnaíodh ón bhfardal féinaitheanta Tionscadal/Clár. Ceanglaítear leis an
gCód go bhfuil 5% ar a laghad de na comhaid ar fad sa Roinn, thar thréimhse rollach 3 bliana faoi réir
grinnseiceála.
Féinmheasúnú feidhmíochta ag Príomhoifigigh i ngach Rannán, trí bhíthin seiceálacha ar
chomhaid
In Imlitir na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe 13/2014, Bainistíocht Deontas ó Chistí an
Státchiste agus Cuntasacht Astu, leagtar amach na freagrachtaí agus na hoibleagáidí atá ar
Dheontóirí (íocóirí cistí), i dtaca le bainistíocht chistí an Státchiste a leithdháiltear ar Dheontaithe
(faighteoirí cistí) agus sainítear inti deontas mar “sholáthar airgeadais, a thionscnaítear i Vóta, le
haghaidh gníomhaíocht nó seirbhís faoi leith ar bith a riarann nó a dhéanann comhlacht seachtrach,
lena n-áirítear gníomhaireachtaí, cuideachtaí, coistí, grúpaí comhairleacha, carthanais nó daoine
aonair”. Shín an Roinn seo forálacha na himlitreacha chun “an maoiniú deontas uile, beag beann ar
an bhfoinse, chomh maith le deontais a leithdháiltear ar údaráis áitiúla, ar ghníomhaireachtaí agus ar
chomhlachtaí eile ó Vóta na Roinne Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil”, a chuimsiú faoi
fhógra oifige DFS 02/2014.
Léaráid 8: Féinmheasúnú 2014 Caiteachas caipitil agus reatha tithíochta, 45% den chaiteachas iomlán
Cás-staidéar ar fhéinmheasúnú 2014: Caiteachas Caipitil agus Reatha leanúnach Tithíochta
Tá na Rannáin Tithíochta freagrach as measúnú, faomhadh agus íocaíocht deontas, faoi
chláir/scéimeanna caiteachais.
Sainaithnítear i dtuairisceáin féinmheasúnaithe Rannán Tithíochta go bhfuil an Roinn sásta, ina ról
mar Údarás Ceadaithe, go mbaintear úsáid as modhanna breithmheasa iomchuí le haghaidh
tionscadail chaipitil agus reatha, clár agus scéimeanna deontais.
Caiteachas Reatha:
Tá na haschuir maidir leis an Scéim um Chóiríocht ar Chíos (SCC), maidir leis an gClár Caiteachais
Reatha don Tithíocht Shóisialta (SHCEP) agus na scéimeanna um Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ÍCT)
sainithe go maith i gcomhthéacs líon na n-aonad / dteaghlach atá tacaithe trí éascaíocht a dhéanamh
do theaghlaigh chun tithíocht shlán, ardchaighdeáin a oireann dá riachtanais a rochtain ar phraghas
réasúnta agus déantar iad a chainníochtú ar bhonn rialta. Déantar monatóireacht ar éifeachtúlacht
ar bhonn leanúnach de réir mar a fhaightear éilimh mheasúnaithe ó na húdaráis áitiúla.
17
Caiteachas Caipitil:
Maoiníonn an Roinn Tithíocht Údaráis Áitiúil, an Scéim Cúnaimh Caipitil agus an scéim Tithíochta
Pobail agus riarann na húdaráis nó comhlachtaí ceadaithe tithíochta iad. Tabhaíodh caiteachas trí
thart ar 100 scéim éagsúil tógála faoi na scéimeanna sin in 2014. Déanann an Roinn measúnú ar na
scéimeanna lena gceadú ar aon dul leis an gCreat um Bainistíocht Oibreacha Caipitil. I gcásanna go
sáraítear buiséid/amlínte, déanann Comhairleoirí Suirbhéirí Ailtireachta agus Cainníochta na Roinne
measúnú orthu sin agus déanann na húdaráis áitiúla aonair iarmheasúnú orthu de réir mar is cuí. I
gcás go lorgaíonn údarás áitiúil coigeartuithe buiséid, déanann an Roinn athbhreithniú ar an gcostáil
don scéim. Déantar monatóireacht ráithiúil ar thionscadail shuntasacha agus, i gcás go dtagann
saincheisteanna chun cinn, cuirtear é sin in iúl do chomhaltaí an Bhoird Bhainistíochta ábhartha
agus/nó don Aire, de réir mar is gá agus mar is cuí.
Fógra oifige DFS 02/2014 na Roinne ar Imlitir 13/2014
Ó R1 2015, ní mór do gach bainisteoir de mhaoiniú deontas sa Roinn (an tÚdarás Ceadaithe)
seicliosta féinmheasúnaithe a dhéanamh maidir leis an maoiniú deontas a bhainistíonn siad, lena n-
áirítear dearbhuithe maidir le freagrachtaí riaracháin, e.g. an ndearna an deontóir cásanna a
dhoiciméadú i gcás go raibh roinnt sraitheanna maoinithe idirghabhálaigh i gceist? An bhfuil scóip an
Vóta ceart? An bhfuil nósanna imeachta cuí i bhfeidhm maidir le bainistíocht an chuntais chun
ildeontaithe a íoc? Murab ionann an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste an tIniúchóir atá bainteach,
an bhfuil nóta ceangailte leis an Vóta? Áirítear ann chomh maith dearbhuithe maidir le maoirseacht
lena n-áirítear: an bhfuil an deontaí ar an eolas faoi na téarmaí faoina bhfuil an t-airgead eisithe? An
bhfuil comhaontú seachadta seirbhíse/seirbhíse i bhfeidhm leis an deontaí nuair is cuí? An bhfuil
córas tuairiscithe cuí i bhfeidhm? An bhfuil a fhios ag an deontaí gur féidir leis an deontóir a dtaifid a
iniúchadh?
Grinnseiceálacha arna ndéanamh trí shampla srathaithe randamach
Lean an tAonad leis an gclár ar ghrinnseiceálacha a sheachadadh, ar meánsampla 5% de na
tionscadail/cláir san Fhardal, lena n-áirítear Leabharlanna, LEADER, agus na Scéim chun Tacú le
hEagraíochtaí Náisiúnta; agus tá siad sin ar fad aistrithe anois ó shainchúram na Roinne.
Tá cás-staidéir ar chuid de na grinn-athbhreithnithe a rinneadh léirithe thíos.
Léaráid 9: 2014 Grinnathbhreithniú, an Rannán Pobail.
Grinnathbhreithniú ar Dhearbhú Cáilíochta: Príomhthorthaí LEADER
San athbhreithniú rinneadh scrúdú ar na tuarascálacha meastóireachta do Chlár LEADER 2007-2013
agus na próisis rialachais do Ghrúpaí Gníomhaíochta Áitiúla (GGÁanna), i gcás go raibh na
dámhachtainí deontais Tionscnóirí a rinne na GGÁanna faoi réir nósanna imeachta breise rialachais
ag an Roinn. Rinneadh líon moltaí san athbhreithniú, ina sonraítear go gcuirfear a n-oibleagáidí um
18
chomhlíonadh faoi dhearbhú cáilíochta an Chóid Chaiteachais Phoiblí in iúl do gach GGÁ láithreach;
nach mór tuairisceáin um chomhlíonadh féinmheasúnaithe do 2013 a chur isteach chuig Roinn
Náisiúnta AE um Fhorbairt Tuaithe na Roinne; go ndéanfar athbhreithniú ar Threoirlínte an Rialtais
atá i bhfeidhm chun iad a shimpliú; agus go dtabharfar Beartas um Fhrith-Chalaois agus um Fhrith-
Éillitheacht isteach mar chuid de shocruithe rialachais GGÁanna.
Moladh chomh maith gur cheart cuntais airgeadais iniúchta bunaidh agus deimhnithe a bheidh
sínithe, ní dréachtchuntais airgeadais, do ghnólachtaí reatha, a chur ar fáil don Roinn de réir na
Rialacha Oibriúcháin agus nár cheart doiciméid fhótacóipeáilte a ghlacadh choíche; gur cheart na
doiciméid tairisceana bhunaidh ar fad a choinneáil nó, i gcás gur thug an GGÁ ar ais iad don
Tionscnóir, gur cheart iad a mharcáil i gcomhréir le Riail Oibriúcháin 10.4 agus iad a chur ar fáil lena
n-iniúchadh nuair a iarrfaidh foireann na Roinne amhlaidh lena n-áirítear cuairteanna Dearbhaithe
Cáilíochtaí LAA de réir Riail Oibriúcháin 10.5; agus go gcuirfear seicliosta bainistíochta tionscadal
amháin i bhfeidhm ar bhonn comhsheasmhach ar fud na gcomhad tionscadail go léir.
Tá measúnú feidhmíochta cáilíochtúil ina chuid de nósanna imeachta bliantúla féinmheasúnaithe
CCP. D’eisigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa tuarascáil, “Achieving economy: keeping the costs of EU
financed rural development project grants under control” Tuarascáil Speisialta 22/2014. Léirigh
Coimisiún AE a rún oibriú leis na Ballstáit chun feabhas a chur ar rialú na gcostas ar fhorbairt tuaithe
sa chéad Chreat Ilbhliantúil Airgeadais eile. Moladh san athbhreithniú gur cheart measúnú
feidhmíochta cáilíochtúil, mar chuid d’fhéinmheasúnú CCP a chur i bhfeidhm.
Comhaontuithe Seirbhíse
Sa ghrinnathbhreithniú ar an Scéim chun Tacú le hEagraíochtaí Náisiúnta (STEN) leagadh béim ar an
tábhacht a bhaineann le Comhaontuithe Seirbhíse agus moladh gur cheart go ndéanfaí tagairt faoi
leith do cheanglais an Chóid Chaiteachais Phoiblí i CS STEN. Tarmligeadh an fheidhm sin chuig POBAL
le linn 2015. Aistríodh an fheidhm ón Roinn chuig an Roinn um Fhorbairt Tuaithe agus Pobail i mí Iúil
2017.
Léaráid 10: Grinnathbhreithniú 2014, an Rannán Pobail.
Grinnathbhreithniú ar Dhearbhú Cáilíochta: An Scéim chun Tacú le hEagraíochtaí Náisiúnta (STEN)
2011-2013; Scéim Idirlinne agus STEN 2014-2016 Vóta Reatha Leithdháilte 2011 - 2013 €10.8
milliún, Scéim Idirlinne €1.4 milliún, 2014-2016 €8 milliún; Príomhthorthaí
Rinneadh líon moltaí san athbhreithniú, ag moladh go sonrach nach mór tagairt faoi leith a
dhéanamh do cheanglais an Chóid Chaiteachais Phoiblí i CS STEN agus nach mór na ceanglais sin a
chumhdach i monatóireacht na Roinne ar cheanglais tuairiscithe Pobal. Rinneadh bainistíocht STEN a
tharmligin chuig Pobal ach tá na hoibleagáidí monatóireachta ann fós.
Moladh chomh maith go ndéanfaí an seicliosta in Imlitir 13/2014 Bainistíocht Deontas ó Chistí an
Státchiste agus Cuntasacht Astu a chorprú i monatóireacht na Roinne ar cheanglais tuairiscithe Pobal
19
agus ag Pobal faoin gceannteideal CS Monatóireacht a dhéanamh ar Fheidhmíocht Tairbhithe [CS
5.1] agus na cúiseanna le scaoileadh le ceanglais/gníomhaíochtaí de réir mar is gá ag an Roinn a
shonrú i CS 2013 do Pobal, ó CS STEN/ Pobal 2014-2016.
20
Rinneadh an moladh céanna san athbhreithniú ar chlár caipitil na Leabharlann chomh maith i dtaca le GBRÁ agus monatóireacht ar leabharlanna ag an Roinn. Aistríodh feidhm na leabharlann ón Roinn chuig an Roinn um Fhorbairt Tuaithe agus Pobail i mí Iúil 2017.
Léaráid 11: Grinnathbhreithniú 2014, An Rannán Rialtais Áitiúil, Leabharlanna
Grinnathbhreithniú ar Dhearbhú Cáilíochta: Clár Ilbhliantúil Caipitil na Leabharlann 2008-2015
€51.5 milliún, an Clár Ilbhliantúil Reatha 2008-2015 €11.3 milliún, Príomhthorthaí
Le linn na tréimhse 1999 go 2012, d’infheistigh an Roinn €131 milliún i maoiniú caipitil le maoiniú
meaitseála ó na húdaráis áitiúil, lenar seachadadh 95 leabharlann ar fud na tíre (an Roinn
Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, 2013:13). Rinneadh roinnt moltaí san athbhreithniú, lena n-
áirítear gur cheart don Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil critéir soláthair ghlais agus
critéir shóisialta a chuimsiú sna critéir soláthair do leabharlanna a mhaoineofar faoin gcéad chlár
caipitil eile; gur cheart na paraiméadair le haghaidh comhaontú seirbhíse in Imlitir 13/2014
Bainistíocht Deontas ó Chistí an Státchiste agus Cuntasacht Astu a léiriú i CS STEN agus i
monatóireacht na Roinne Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil ar leabharlann; agus go gcinnteoidh
an Príomhoifigeach go gcuimseoidh na baill foirne ábhartha sa Roinn oibleagáidí agus oiliúint an
Chóid Chaiteachais Phoiblí ina bPróifíl Róil agus i bpleananna oiliúna agus forbartha CBFF ag tosú i
bPróifílí Róil 2016.
Leagadh béim chomh maith i ngrinnathbhreithniú na Leabharlann ar an acmhainneacht atá ann le
haghaidh seirbhísí náisiúnta leathana, ina sainaithneofaí forbairt leabharlainne náisiúnta fíorúla chun
inrochtaineacht, cost-éifeachtúlacht, rochtain, tionchar, ábharthacht agus inrochtaineacht seirbhísí
leabharlainne a uasmhéadú d’úsáideoirí agus d’údaráis áitiúla. Sonraítear sa straitéis náisiúnta do
leabharlanna poiblí 2013-2017, ‘go soláthródh córas bainistíochta leabharlann aonair acmhainneacht
d’fhorbairt seirbhísí náisiúnta eile’ (leathanach 8) agus trí Chlár na Leabharlann Fíorúil, féachtar inti
leis an tseirbhís leabharlainne a shuí, “mar phríomhnualaí agus lucht tionchair digiteach sna réimse
foghlama, faisnéise agus malartaithe eolais” (Leathanach 45).
Grinnathbhreithniú na leabharlann a úsáideadh i Scórchárta Ualaithe an Chóid Chaiteachais Phoiblí.
De réir sainmhínithe, déanann Scórchárta Ualaithe ‘cothromaíocht idir comaoineacha airgeadais
agus neamhairgeadais’, agus cuireann sé comhcheangal tomhais i bhfeidhm (Kaplan and Norton
1996).
Sonraítear sa Chód Caiteachais Phoiblí go gcaithfear tuarascáil chaighdeánach – a ‘scórchárta
ualaithe’ – a chuimsiú i ngach Athbhreithniú LAA agus Beartais – bunaithe ar líon critéar tábhachtach
a bhaineann le gach meastóireacht (CCP C03 Bosca 1). Le scórchárta ualaithe inseofar scéal na
straitéise i dtéarmaí straitéis inghníomhaithe.
21
B. Athbhreithnithe Eile a Rinne an tAonad
Athbhreithniú ar Bhainistíocht Airgeadais an Chiste Comhshaoil
In athbhreithniú an Aonaid ar Bhainistíocht Airgeadais an Chiste Comhshaoil rinneadh roinnt moltaí,
agus forbraíodh Prótacal idir an Rannán um Thacaíocht Chorparáideach agus Ghnó agus an Rannán
Comhshaoil. Tá an fhreagracht as an gCiste Comhshaoil aistrithe anois chuig an Roinn Cumarsáide,
Gníomhú Aeráide agus Comhshaoil.
Léaráid 12: Athbhreithniú um Bainistíocht Airgeadais 2014 an Chiste Comhshaoil €47.8 milliún
Grinnathbhreithniú ar Dhearbhú Cáilíochta: Príomhthorthaí an Chiste Comhshaoil
In mí na Samhna 2014, bhunaigh an Bord Bainistíochta Foireann Tionscadal agus Grúpa
Maoirseachta chun moltaí an athbhreithnithe a sheachadadh. Tháinig an fhoireann tionscadal le
chéile trí huaire déag agus sheachaid siad tionscadal an-rathúil lenar soláthraíodh méadú ar
éifeachtúlacht agus ar thrédhearcacht oibriú an Chiste Comhshaoil (Tuairisciú Comhtháite agus
cuntas infheistíochtaí úra).
Tá tuilleadh eolais faoi Thuarascáil Chomhtháite an Chiste Comhshaoil cuimsithe faoi roinn 5: Cá háit
anois? Na Chéad Chéimeanna le tuairisciú comhtháite.
Athbhreithniú ar an anailís ilchritéar um Nuachóiriú agus Uathoibriú na hEitlíochta (AMAP)
Cuireadh tús leis an athbhreithniú ar Thionscadal AMAP in Met Éireann in 2013, inar moladh feabhas
a chur ar na próisis le haghaidh Anailís Ilchritéar ag baint leas as an gcás-staidéar. Le linn 2015,
d’oibrigh an tAonad leis an Rannán agus rinne siad athbhreithniú ar an anailís ilchritéar
nuashonraithe do Thionscadal AMAP agus rinne siad tuilleadh moltaí. Tá an tionscadal seo á chur
chun cinn trí fhoireann tionscadail a bunaíodh in 2016.
Síntiúis Idirnáisiúnta Met Éireann - Measúnú Beartas Fócasaithe
Chuir Aonad um Thacaíocht Straitéiseach agus Ghnó na Roinne an MBF é sin i gcrích, i
gcomhairliúchán leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, in 2017.
22
5 Cá háit anois? Na Chéad Chéimeanna le Tuairisciú
Comhtháite Nascann tuairisciú comhtháite cineálacha difriúla faisnéise, faisnéis airgeadais agus
neamhairgeadais, PTFanna, rioscaí agus cuspóirí straitéiseacha. Cuirtear faisnéis cháilíochtúil agus
chainníochtúil i láthair, rud a chuireann feabhas ar cháilíocht na cumarsáide idir an Roinn agus a
geallsealbhóirí.
In 2013 thuairiscíomar go raibh Tuarascáil Chomhtháite á forbairt don Chiste Comhshaoil, ag cur an
Chreata Idirnáisiúnta um Thuairisciú Comhtháite i bhfeidhm, mar chuid de na tograí chun dul i ngleic
le riachtanas a sainaithníodh mar chuid den dearbhú cáilíochta. Rinneadh dul chun cinn suntasach
maidir leis sin.
Faigheann an Ciste Comhshaoil airgead a bhailítear ó láithreáin Líonta Talún agus ó thobhaigh ar
Mhálaí Plaisteacha. Is é is cuspóir le tobhaigh sin an Chiste Comhshaoil athrú a dhéanamh ar an
iompraíocht shochaíoch ó thaobh úsáid líonta talún de agus tionchar a imirt ar iompraíocht ó thaobh
úsáid málaí plaisteacha aon uaire. Caitear na tobhaigh ar raon leathan tionscadal comhshaoil agus
bainistíochta dramhaíola, lena n-áirítear taighde agus forbairt, le bonn eolais a chur faoi bheartas.
Déanann an tAire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil na leithdháiltí caiteachais a údarú gach
bliain, ‘ag tacú le tionscnaimh, feachtais agus cláir um chomhshaol’.
In mí na Samhna 2014, d’fhaomh Bord Bainistíochta na Roinne forbairt Tuarascála Comhtháite don
Chiste Comhshaoil.
Cuirtear síos i Samhail Ghnó ar an gcóras a bhaineann le hionchuir a aistriú, trína ghníomhaíochtaí
gnó, isteach in aschuir agus torthaí a bhfuil sé d’aidhm leo cuspóirí straitéiseacha na heagraíochta a
chomhlíonadh agus luach a chruthú thar an ngearrthéarma, an meántéarma agus an bhfadtéarma.
Forbraíodh samhail ghnó don Chiste Comhshaoil.
Tá an fhreagracht as an gCiste Comhshaoil a bhainistiú aistrithe anois chuig an Roinn Cumarsáide,
Gníomhú Aeráide agus Comhshaoil.
23
Léaráid 13: Samhail Ghnó an Chiste Comhshaoil
.
Foinse: An Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil
Admháil
Is é seo dara Tuarascáil um Dhearbhú Cáilíochta CCP na Roinne. Admhaíonn tacaíocht leanúnach na
gcomhghleacaithe ar fad san obair ar an dearbhú cáilíochta féinmheasúnaithe, chomh maith leis an
rannpháirtíocht leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Ranna Rialtais eile,
gníomhaireachtaí, Comhlachtaí eile agus an earnáil rialtais áitiúil.
Deireadh
24
Aguisín 1: Gníomhaireachtaí agus Comhlachtaí eile laistigh
de raon feidhme dhearbhú cáilíochta 2014
Gníomhaireachtaí Maoinithe:
o An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil
o An Ghníomhaireacht um Thithíocht agus Pobail Inbhuanaithe
o Sábháilteacht Uisce na hÉireann
o An Bord Pleanála
o Coimisiún Forbartha an Iarthair
o An Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil
Gníomhaireachtaí Neamh-mhaoinithe
o An Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe
o An Bord um Thionóntachtaí Cónaithe
o Údarás Forbartha Dugthailte Bhaile Átha Cliath agus Fochomhlachtaí
Cláir agus creata náisiúnta/trasearnála beartas:
o Pobal
Cuideachtaí
o HSC Ltd
25
Aguisín 2: Litir Dhearbhaithe Gníomhaireachtaí Beaga 2014
Litir Dhearbhaithe ó POF [ainm na Gníomhaireachta] maidir le comhlíonadh cheanglais an
Chóid Chaiteachais Phoiblí ag [ainm na Gníomhaireachta]
Chuig: An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil
Cuid 1: Dearbhú agus Cuid 2 den Ráiteas um Dhearbhú
Dátaithe: xx/xx/201x
Cuid 1: Dearbhú ag POF (nó a choibhéis má tá an teideal difriúil) [ainm na
Gníomhaireachta anseo]
Tá sonraí leagtha amach agam maidir leis an dóigh a gcloíonn [ainm na Gníomhaireacht anseo] le
ceanglais an Chóid Chaiteachais Phoiblí sa chur síos in (a) thíos. Rinne mé athbhreithniú ar
Chomhlíonadh an Chóid agus chinntigh mé go raibh na bearta, córais agus nósanna imeachta a
theastaigh chun na rioscaí Luach ar Airgead maidir le neamhchomhlíonadh oibleagáidí an Chóid
Chaiteachais Phoiblí a mhaolú, i bhfeidhm an bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2014 agus go dtí seo. I
gcás go bhfuil scóip ann chun feabhas a chur ar chomhlíonadh, léirigh mé bearta beartaithe chun na
feabhsuithe riachtanacha a dhéanamh. Dheimhnigh mé é sin i roinn (b) i dtaca le saincheisteanna um
chomhlíonadh agus neamhchomhlíonadh araon.
Chuir mé Ráiteas um Dhearbhú i gcrích thíos chomh maith, i gCuid 2.
Rinne [ainm na Gníomhaireachta] athbhreithniú ar an gcóras beart, córas agus nósanna imeachta a
bhí i bhfeidhm maidir le comhlíonadh an Chóid bunaithe ar phrionsabail an dearbhaithe cáilíochta
atá cuimsithe sa Chód Caiteachais Phoiblí.
Ar an iomlán, táim sásta a chur in iúl go dearbhaíodh leis an athbhreithniú sin go raibh [ainm na
Gníomhaireachta] ag comhlíonadh a hoibleagáidí go ginearálta faoin gCód an bhliain dar críoch an 31
Nollaig 2014 agus gur sainaithníodh feabhsuithe riachtanacha ar bith agus go gcuirfear i bhfeidhm
iad.
[Cuir in iúl é má rinneadh sáruithe ábhartha ar an gCód a chiallaíonn nach bhfuil a hoibleagáidí á
gcomhlíonadh go ginearálta ag Gníomhaireacht.]
Ráiteas um chomhlíonadh cheanglais an Chóid Chaiteachais Phoiblí
(a) Cinntíonn cur síos ar an nGníomhaireacht go gcomhlíontar oibleagáidí an Chóid Chaiteachais
Phoiblí lena n-áirítear dearbhú cáilíochta.
Cuir síos ar raon feidhme an chórais. Tuairiscigh go gcomhlíonann sé ceanglais Chód Caiteachais
Phoiblí na Roinne agus iniúchóirí na Roinne, bunaithe ar an gcur chuige ar sheicliostaí atá leagtha
amach i gcuid A4 den Chaint ar an gCód Caiteachais Phoiblí faoi na nósanna imeachta a bhíonn i
bhfeidhm ag céimeanna ábhartha shaolré an chaiteachais (i.e. breithmheas, pleanáil, cur chun
feidhme agus athbhreithniú) chomh maith leis na próisis maidir le tuarascálacha um chomhlíonadh
an Chóid Chaiteachais Phoiblí a dhéanamh. Labhair faoi athruithe ar chórais agus nósanna imeachta
26
na nGníomhaireachtaí sa tréimhse. Labhair faoin measúnú riosca agus próisis e.g. cad a d’fhéadfadh
dul chun donais ó thaobh chomhlíonadh cheanglais Luach ar Airgead an Chóid Chaiteachais Phoiblí
agus a phróiseas dearbhaithe cáilíochta, agus na bearta a chuir an Ghníomhaireacht i bhfeidhm lena
chinntiú nach dtarlódh sin.
Beidh ar an POF a shonrú nach ndearnadh faisnéis a bhaineann le comhlíonadh an Chóid
Chaiteachais Phoiblí sa chur síos thuas nuair a scríobhadh é, a fhágáil ar lár nó a chur as a riocht agus
a admháil go gcomhlíonann an cur síos ceanglais Chód Caiteachais Phoiblí na Roinne, na Roinn
Caiteachais Phoiblí agus a n-iniúchóirí.
(b) Dearbhú go raibh na bearta, na córais agus na nósanna imeachta a bhí i bhfeidhm don bhliain
go dtí an 31 Nollaig 2014, a bhain le cuspóirí Luach ar Airgead an Chóid Chaiteachais Phoiblí thuas,
oiriúnach agus á n-oibriú go héifeachtúil sa bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2014.
Beidh ar an POF a dhearbhú go raibh rialuithe cheanglais an Chóid Chaiteachais Phoiblí a bhain leis
na cuspóirí Luach ar Airgead a sonraíodh sa chur chuige a ghabhann leis deartha go hiomchuí agus ag
oibriú go héifeachtúil le linn na tréimhse an 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2014.
Ba cheart don POF saincheisteanna ar bith a shainaithint a d’eascair as cur chuige na
gníomhaireachta chomh maith maidir le measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh agus
gníomhaíochtaí a beartaíodh chun déileáil leis na saincheisteanna, más ann dóibh.
Cuid 2: Ráiteas um Dhearbhú thar ceann [ainm na Gníomhaireachta]:
Thar ceann [ainm na Gníomhaireachta], dearbhaím:
(a) Tá an Dearbhú a ghabhann leis an Ráiteas, go bhfios dom, fíor i ngach cás ábhartha;
(b) Cuireadh an fhaisnéis ábhartha ar fad ar fáil don Roinn chun tacú leis an Dearbhú thuas agus
le hábhar an Ráitis seo.
(c) Is é €5 mhilliún nó níos lú Buiséad Riaracháin na Ghníomhaireachta. Sonraigh an Buiséad
Riaracháin Anseo
(d) Riarann [Ainm na Gníomhaireachta anseo] buiséid/cláir shuntasacha ar a cuireadh
ceanglais dearbhaithe cáilíochta an Chóid Chaiteachais Phoiblí i bhfeidhm.
Nó
Ní riarann [Ainm na Gníomhaireachta anseo] buiséid/cláir shuntasacha. Cuireadh ceanglais
dearbhaithe cáilíochta teoranta an Chóid Chaiteachais Phoiblí atá bunaithe go ginearálta ar
seicliostaí an Chóid Chaiteachais Phoiblí i bhfeidhm.
[Scrios de réir mar is cuí}
Sínithe: [Síniú an POF (nó a choibhéis má tá an teideal difriúil)
______________________
27
POF [Ainm na Gníomhaireachta anseo]
Dátaithe: xx/xx/xxxx
28
Aguisín 3: Seicliosta Féinmheasúnaithe 1 na Roinne
Seicliosta 1: Oibleagáidí Ginearálta nach mbaineann go sonrach le tionscadail/cláir aonair €
Scór Ilchodach 1-3 Rátáil an Chomhlíonta Féinmheasúnaithe.
Nóta Tráchta agus Gníomh a Theastaíonn.
An gcinntíonn an Roinn, ar bhonn leanúnach go bhfuil na daoine cuí laistigh den Roinn agus ina gníomhaireachtaí ar an eolas faoi cheanglais an Chóid Chaiteachais Phoiblí?
3
Cinntíonn, baintear é sin amach trí mhodhanna éagsúla le fócas ar oiliúint. Chuidigh Aonad Meastóireachta agus coiste an Chóid Chaiteachais Phoiblí a bhí i bhfeidhm in 2014 leis sin a bhaint amach. Cuireadh Príomhoifigigh uile na Roinne, baill foirne ábhartha gníomhaireachta, agus comhlachtaí ar an eolas faoi oibleagáidí dearbhaithe cáilíochta an Chóid Chaiteachais Phoiblí agus faoi cheanglais an Chóid Chaiteachais Phoiblí. Déantar oiliúint bhreise foirne a fhéinmheasúnú de réir mar is gá i réimsí áirithe na Roinne. Rinne an Roinn cur i láthair i gComhdháil Chinn Airgeadais an Rialtais Áitiúil i mí na Bealtaine 2015 agus rinne sí idirchaidreamh leis an NOAC maidir le cúrsaí a bhain le ceanglais an Chóid Chaiteachais Phoiblí le linn 2015.
An ghlac baill foirne ábhartha páirt in oiliúint sheachtrach maidir leis an gCód Caiteachais Phoiblí? (i.e. an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe)
3
Ghlac. Ghlac an Roinn páirt i gcruinnithe na gceachtanna a foghlaimíodh de chuid na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe maidir le próisis dearbhaithe cáilíochta 2013.
29
Ar cuireadh oiliúint inmheánach maidir leis an gCód Caiteachais Phoiblí ar fáil do bhaill foirne ábhartha?
2
Cuireadh Ceardlanna um Oiliúint Phraiticiúil sa Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil maidir le tuairisceáin féinmheasúnaithe i gcrích le linn 2015 lena n-áirítear cuairteanna ar na Rannáin Tithíochta, Rialtas Áitiúil agus Pobail chun cuidiú a thabhairt le tuairisceáin féinmheasúnaithe 2014 a chur i gcrích. I mí na Samhna 2015, chomhaontaigh Coiste an Chóid Chaiteachais Phoiblí, maidir le Próifíl Róil 2016, go gcinnteodh Príomhoifigigh go ndéanfaí oibleagáidí maidir leis an gCód Caiteachais Phoiblí agus oiliúint riachtanach a chuimsiú i bPróifílí Róil na foirne agus i bplean oiliúna agus forbartha CBFF. Déanfar oiliúint a chomhtháthú i bpróifíl róil CBFF agus a chur i bhfeidhm i measc fhoireann na Roinne, leis an sprioc próisis CCP a leabú laistigh den Roinn. Mar chuid de sin, forbraíodh Straitéis um Oiliúint Chomhtháite ar an gCód Caiteachais Phoiblí 2014-2015.
An ndearnadh an Cód Caiteachais Phoiblí a oiriúnú don chineál tionscadail/cláir a bhfuil do Roinn freagrach as? i.e. ar forbraíodh treoirlínte earnála oiriúnaithe?
2
Ina thuarascáil ilchodach údaráis áitiúil um dhearbhú cáilíochta 2014, thuairiscigh an NOAC gur fhorbair an Earnáil Rialtais Áitiúil treoirlínte earnála oiriúnaithe i mí Iúil 2015. D’fhorbair an tAonad Meastóireachta litir dhearbhaithe, i gcomhar leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, lena cur isteach ag POFanna gníomhaireachtaí níos lú in 2014, bunaithe ar an dea-chleachtas idirnáisiúnta do dhearbhuithe iontaofachta Chónaidhm Idirnáisiúnta na gCuntasóirí (IFAC).
An bhfuil an Roinn, ina ról mar Údarás Ceadaithe sásta go gcloíonn na gníomhaireachtaí a mhaoiníonn sí leis an gCód Caiteachais Phoiblí?
2
Ainmníonn Bord Bainistíochta na Roinne Comhordaitheoirí Roinne CCCP ag tús gach próisis bhliantúil féinmheasúnaithe, agus tá siad freagrach as dul i gcomhar lena gcomhghleacaithe sna Rannáin faoi seach. Tá na Comhordaitheoirí Roinne go léir ina bPríomhoifigigh.. Cuireann a gcuid oibre le comhghleacaithe ina Rannáin an bonn ar fáil le haghaidh fhéinmheasúnú feidhmíochta foriomlán na Roinne. Oibríonn Comhordaitheoirí Roinne CCCP, trí fhoireann a Rannán, le gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile chomh maith.
30
An ndearnadh moltaí ó chleachtaí um Dhearbhú Cáilíochta roimhe seo (lena n-áirítear Spotseiceálacha) a scaipeadh, nuair ba ghá, laistigh den Roinn ar do ghníomhaireachtaí?
3 Scaiptear iad trí bhíthin Chomhordaitheoirí Roinne Choiste an Chóid Chaiteachais Phoiblí.
Ar ghníomhaíodh de réir moltaí ó chleachtaí um Dhearbhú Cáilíochta roimhe seo?
3
Déanfar moltaí a rinneadh in athbhreithnithe um Dhearbhú Cáilíochta an Chóid Chaiteachais Phoiblí a iarmheasúnú leis na Rannáin ábhartha mar chuid den fhéinmheasúnú Rannach ar chomhlíonadh.
Ar cuireadh Tuarascáil bhliantúil um Dhearbhú Cáilíochta an Chóid Chaiteachais Phoiblí faoi bráid na Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe?
3 Cuireadh. Foilsithe ar shuíomh gréasáin na Roinne.
An ndearnadh Athbhreithniú níos grinne ar an sampla a éilíodh i.e de réir Chéim 4 den phróiseas dearbhaithe cáilíochta
3
Ag baint úsáid as an bhfardal féinmheasúnaithe, b’éigean athbhreithniú níos grinne a dhéanamh ar shampla caiteachais. Tá béim leagtha ar phríomhthorthaí cuid de na hathbhreithnithe mar chás-staidéir sa tuarascáil um Dhearbhú Cáilíochta 2014.
Ar chuir an tOifigeach Cuntasaíochta a (h)ainm leis an bhfaisnéis atá le foilsiú ar an suíomh gréasáin?
3
Chuir. Foilsithe ar shuíomh gréasáin na Roinne.
31
Aguisín 4: Tagairtí
Éire, An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, (2016) An Cód Caiteachais Phoiblí Ar fáil ag
http://publicspendingcode.per.gov.ie (Oscailte an 22 Nollaig 2016)
Éire, An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, (2015) Seicliostaí féinmheasúnaithe
nuashonraithe um Dhearbhú Cáilíochta an Chóid Chaiteachais Phoiblí eisithe ón Roinn Caiteachais
Phoiblí agus Athchóirithe an 27 Márta 2015 le ríomhphost.
Comhairle Idirnáisiúnta um Thuairisciú Comhtháite RA (IIRC) (2013) International Integrated
Reporting Framework ag http://integratedreporting.org/resource/international-ir-framework/
(Oscailte an 9 Samhain 2015) “Cóipcheart © Nollaig 2013 ag an gComhairle Idirnáisiúnta um
Thuairisciú Comhtháite (‘an IIRC). Gach ceart ar cosaint. Úsáidte le cead ón IIRC (deonaithe in 2014)”
top related