annual report 2013 - roscommoncoco.ie garvey fine gael an crl. ernie keenan fine gael an crl. john...
TRANSCRIPT
2013Tuarascáil Bhliantúil
Annual Report
Comhairle Contae Ros Comáin
Roscommon County Council
Ráiteas Misin
Áit bheoga a dhéanamh de Ros Comáin le caighdeán saoil breisithe, inbhuanaithe trí chothú fostaíochta, infreastruchtúr d’ardchaighdeán, spiorad láidir fostaíochta agus trí sheirbhísí inrochtana a chur ar fáil ar bhealach inbhuanaithe i gcomhpháirtíocht leis an bpobal.
Clár Ábhar
Réamhrá an Mhéara 2
Réamhrá an Bhainisteora Contae 3
Baill Chomhairle Contae Ros Comáin 5
Coistí ar Pholasaí Straitéiseacha 7
Pobal agus Fiontraíocht, na hEalaíona agus Oidhreacht 12
Seirbhísí Corparáideacha 19
Seirbhísí Éigeandála 23
Dreasachtaí agus Rialú Forbartha 26
Cosaint Comhshaoil 30
Airgeadas 33
Tithíocht agus Tógáil 37
Acmhainní Daonna 40
Teicneolaíocht Faisnéise 43
Seirbhísí Leabharlainne 45
Iompar ar Bhóithre agus Sábháilteacht ar Bhóithre 48
Seirbhísí Uisce 51
Comhdhálacha na gComhairleoirí 53
Coistí na gComhairleoirí 56
1Tuarascáil Bhliantúil 2013
Réamhrá an Mhéara
Martin Connaughton,
Méara Chomhairle Contae Ros Comáin
Cuireann sé an-áthas orm, mar Mhéara, Tuarascáil Bhliantúil
Chomhairle Contae Ros Comáin 2013 a chur i láthair ina dtugtar
imlíne ar dhul chun cinn na seirbhísí a sholáthair an t-údarás
áitiúil i rith na blian. Áiritear Táscairí Seirbhíse sa Tuarascáil a
chlúdaíonn réimse de ghníomhaíochtaí Chomhairle Contae Ros
Comáin.
D’ainneoin bliain eile dúshlánach airgeadais, lean an Chomhairle le seirbhísí agus bonneagar riachtanach a sholáthar ar fud an Chontae. Tugtar sonraí sa tuarascáil seo ar roinnt tionscadal suntasach a bhaineann le hiompar, seribhísí uisce, pobal agus fiontraíocht ar a n-áirítear An Tóstal 2013. Bhí na tionscadail seo indéanta de bharr obair na mBall Tofa, an Fheidhmeannas agus foireann Chomhairle Contae Ros Comáin. I 2013 lean Comhairle Contae Ros Comáin le scéimeanna deontais phobail a riaradh ar fud na rannóga ar a n-áirítear deontais na mBailte Slachtmhara agus Reiligí agus is mian liom aitheantas a thabhairt do ghníomhaithe áitiúla pobail as ucht a dtiomantas maidir le feabhas a chur ar a bpobal áitiúil.
Ba mhaith liom aitheantas a thabhait do chion tairbhe fhostaithe Chomhairle Contae Ros Comáin a chuaigh ar scor le déanaí agus buíochas a ghabháil leis an bhfoireann reatha, laistigh agus lasmuigh, as ucht a n-iarrachtaí leanúnacha a chinntiú go soláthraítear seirbhísí ar ardchaighdeán don phobal ar bhonn leanúnach. B’é a bhí mar dhúshlán do 2013 na seirbhísí áitiúla sin a choimeád le foireann níos lú agus leanfar i 2014 ag díriú ar sheirbhísí a roinnt, ar sholáthar, straitéisí ICT agus le hathbhreithniú a éifeachtúlacht. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le mo chomhghleacaaithe, Baill Thofa Chomhairle Contae Ros Comáin as mé a thogha mar Mhéara agus as a dtacaíocht agus a gcomhoibriú le linn mo thréimhse mar Mhéara. Sa deireadh, ba mhaith liom buíochas ar leith a ghabháil leis an mBainisteoir Contae, Frank Dawson as a ndearna sé maidir le forbairt gheilleagrach, shóisialta agus cultúrtha an chontae a chur chun cinn le linn dó a bheith mar Bhainisteoir Contae le Comhairle Contae Ros Comáin.
Martin Connaughton
Méara Chomhairle Contae Ros Comáin
Mhé
2 Comhairle Contae Ros ComáinC
Cuirim fáilte roimh fhoilsiú Turarascáil Bhliantúil Chomhairle Contae Ros Comáin 2013.
Ba bhliain dúshlánach eile í seo maidir lenár bpríomhshierbhísí a choimeád, le cistiú
laghdaithe agus líon na foirne laghdaithe go dtí 496. Lean Comhairle Contae Ros Comáin le
seirbhísí agus bonneagar riachtanach a sholáthar ar fud an chontae agus tugtar imlíne ar
scála agus éagsúlacht na ngníomhaíochtaí a déanadh i 2013 sa Tuarascáil Bhliantúil seo.
I rith 2013 rinne an Chomhairle comhoibriú leis an bpleanáil d’aistriú feidhme na Seirbhísí Uisce chuig Uisce Éireann. Rinne Suirbhéirí na Comhairle suirbhéireachtaí ar gach nasc uisce teaghlaigh mar ullmhúchán do shuiteáil na méadar uisce tí ag Uisce Éireann. D’éirigh an Chomhairle as a bheith mar Údarás Sláintíochta do Chontae Ros Comáin ar an 31ú Nollaig 2013. Leanann an Chomhairle le seirbhísí uisce a sholáthar thar ceann Uisce Éireann faoi Chomhaontú Seirbhíse atá le bheith ann go dtí 2026.
� Ba í 2013 bliain An Tóstail. Áiríodh ar na himeachtaí The Return of the Rossies i Mainistir na Búille sa Bhealtaine agus déanadh forbairt ar shuíomh nua gréasáin turasóireachta, www.visitroscommon.com i gcomhar le Comhpháirtíocht LEADER Ros Comáin agus craoladh imeacht ócáid cheoil traidisiúnta beoshrutha san Aibreán ó Dhíseart Nuan.
� D’éirigh thar barr leis an tríú bliain de Meetwest, imeacht Líonrú Gnó Réigiúnach, le 400 rannpháirtí ó 300 cuideachta ag glacadh páirte ann.
� I rith 2013 bhí an-fháilte roimh fhilleadh infheistíochta ar Chontae Ros Comáin ag tionsclaíocht dúchais agus thar lear. Is treocht í seo a thugann an-spreagadh agus táim sásta go leanfaidh sí. Cothóidh polasaithe Chomhairle Contae Ros Comáin a leithéid de thionscnaimh dhearfacha ginte fostaíochta.
� Tá gach Meánscoil sa chontae, 94% de na Bunscoileanna, agus 3 ghrúpa súgartha agus club óige amháin cláraithe ar Chlár na Scoileanna Glasa. Bronnadh 85 Bratach Uaine ar fad i Ros Comáin.
� Bhí 100 grúpa pobail agus scoil rannpháirteach i nGlantachán Earraigh 2013.
� Tháinig méadú suntasach ar líon na gcapall ar strae i rith na bliana le 235 capall ar strae gafa agus gaibhnithe i 2013 a ndearna a n-úinéirí 10 acu a lorg ar ais.
� Tugann an Sparántacht Spóirt bhliantúil, in onóir Dermot Earley nach maireann, cúnamh airgeadais do thríúr iarrthóir ó Ros Comáin a n-éiríonn leo i dtreo a gcuid oideachais tríú leibhéil.
� Soláthraíodh maoiniú ó na Fáltais Chaipitil Inmheánacha agus Uasghrádú Éifeachtúlachta Fuinnimh/Clár Spreagtha Fostaíochta 2013 le huasghrádú agus athchóiriú a dhéanamh ar 145 teach leis an Údarás Áitiúil agus iad a fhilleadh ar an stoc.
� Soláthraíodh caiteachas iomlán de €770,746 do 119 iarratasóir ar an Scéim Deontais Oiriúnaithe Tithe agus an Scéim Deontais Cúnamimh Tithíochta do Dhaoine Scothaosta.
� Rinne na rannóga T.F. maoirseacht ar fhorfheidhmiú an rannáin Invest Roscommon ar an suíomh grásáin agus www.fixyourstreet.ie le freastal ar an bpobal le taifead a dhéanamh ar cheisteanna maidir le seirbhísí údaráis áitiúil.
Frank Dawson
Bainisteoir Contae
Réamhrá an Bhainisteora Contae
3Tuarascáil Bhliantúil 2013
� Leanann an tseirbhís leabharlainne uirthi ag fobairt agus rochtain a chur ar fáil ar Chartlanna substaintiúla agus seirbhís tagartha agus taighde Staitéar Áitiúil agus is é an stór lárnach é do gach bailiúchán le os cionn 275,000 mír stoic.
� Lean Glynn’s Photography, An Caisleán Riabhach le digitiú a dhéanamh ar Thionscadal Chartlann Grianghrafadóireachta na Seirbhíse Leabharlainne agus bailiúchán de 100,000 ábhar grianghrafadóireachta a bhaineann le Ros Comáin a chur ar fáil i 2013.
� Soláthraíodh 2,382 lá oiliúna do bhaill foirne Chomhairle Contae Ros Comáin i 2013 ar a raibh oiliúint PMDS, oiliúint Sláinte agus Sábháilteachta agus Oiliúint Garchabhrach.
� I ndiaidh athbhreithniú fairsing agus comhairliúchán poiblí a thosaigh i Meitheamh 2012, táthar le glacadh le Plean Forbartha Contae Ros Comáin 2014 – 2020 i 2014.
� Fuair Comhairle Contae Ros Comáin deontais beagnach €4 mhilliún do bhóithre i 2013. Ina theannta sin, soláthraíodh figiúr de €1,112,200 ó bhuiséad ioncaim na Comhairle do chothabháil bóithre áitiúla agus €300,000 ó bhuiséad caipitil do chothabháil na gcosán.
� Fuarthas leithdháileadh de €151,879 ón Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt do Scéimeanna Rannpháirtíochta Pobail i 2013 agus críochnaíodh 10 scéim.
� Soláthraíodh cúnamh deontais de €35,000 79 grúpa deonach faoin Scéim Feabhsaithe agus Cothabhála Reilige in 2013 le huasghrádú agus cothabháil a dhéanamh ar reiligí.
� Shínigh Comhairle Contae Ros Comáin conradh le Glen Agua Limited, Béal Átha na Sluaighe, ar luach €11.9m, le cúig ionad nua cóireála uisce a thógáil. Déanfaidh an gléasra nua seo freastal ar dhaonra de 25,000 duine agus is ionann é agus an infheistíocht is mó riamh i mbonneagar an Chontae.
� Mar chuid den chlár Caomhnaithe Uisce, déanadh faomhadh i 2013 ar iarratas buiséid don chéad Chonradh Athshlánúcháin eile, ar luach €5.4 milliún ag clúdach 70km.
� Cuireann Oifig na Gaeilge úsáid na Gaeilge chun cinn sa Chomhairle Contae agus tá feabhas á chur go rialta ag Comhairle Contae Ros Comáin ar an fáil atá ar sheirbhísí trí Ghaeilge. Tugann Oifig na Gaeilge tacaíocht d’imeachtaí i nGaeilge sa Chomhairle Contae agus tá Comhairle Contae Roscomáin go rialta ag feabhsú na seirbhísí atá ar fáil trí Gaeilge.
� D’fhreagair na Seirbhísí Dóiteáin do 372 glaoch éigeandála i rith 2013 ar a raibh dóiteáin tí, timpistí tráchta bóthair agus cúnamh otharchairr.
� Sholáthair Cosaint Shibhialta Ros Comáin cúnamh don Gharda Síochána i gcuardach agus aisghabháil agus sholáthair tacaíocht ag os cionn 120 imeachtaí pobail i rith na bliana.
� I 2013 leanadh le pleanáil maidir le ceannáras nua corparáideach a sholáthar agus táimid ag tnúth le feabhas dá réir ar éifeachtúlacht feidhme, rochtana, ar sheirbhís do chustaiméirí agus ar shláinte agus sábháilteacht.
Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do thiomantas agus do sholúbthacht leanúnach na foirne agus seirbhísí rialtais áitiúil á sholáthar ar ardchaighdeán acu, agus mo bhuíochas a ghabhail le Méara agus Baill Tofa Chomhairle Contae Ros Comáin agus le baill na gCoistí um Beartais Straitéiseacha agus an Ghrúpa Beartais Chorparáidigh as a gcomhoibriú agus a saothar i gcaitheamh na bliana.
Frank Dawson
Bainisteoir Contae Ros Comáin
4 Comhairle Contae Ros Comáin
Réamhrá an Mhéara
C
Mainistirna Búille
Béal na mBuillí
An ChaisleáinRiabhaigh
Ros Comáin
Báile Átha Luain
Baill Chomhairle Contae Ros Comáin
Baill Chomhairle Contae Ros Comáin
Toghcheantar Mhainistir na Búille
Toghcheantar An Chaisleáin Riabhaigh
Toghcheantar Béal na mBuillí
An Crl. Liam CallaghanFine Gael
An Crl. Michael CreatonFine Gael
An Crl. Paschal FitzmauriceFianna Fáil
An Crl. Jimmy CoganNeamh-Pháirtí
An Crl. John CumminsFianna Fáil
An Crl. Rachel DohertyFianna Fáil
An Crl. Gerry GarveyFine Gael
An Crl. Ernie KeenanFine Gael
An Crl. John MurphyNeamh-Pháirtí
An Crl. Michael McGrealFine Gael
An Crl. Michael MulliganSinn Féin
An Crl. Seán BeirneFine Gael
An Crl. Valerie ByrneNeamh-Pháirtí
An Crl. Tom CrosbyNeamh-Pháirtí
An Crl. Eugene MurphyFianna Fáil
Baill Chomhairle Contae Ros Comáin
5Tuarascáil Bhliantúil 2013
Mainistirna Búille
Béal na mBuillí
An ChaisleáinRiabhaigh
Ros Comáin
Báile Átha Luain
Baill Chomhairle Contae Ros Comáin
Toghcheantar Ros Comáin
Toghcheantar Átha Luain
An Crl. Martin ConnaughtonFianna Fáil
An Crl. Domnick ConnollyFine Gael
An Crl. Laurence FallonFine Gael
An Crl. Orla LeydenFianna Fáil
An Crl. Paula McNamaraNeamh-Pháirtí
An Crl. Jimmy KennyNeamh-Pháirtí
An Crl. John KeoghFianna Fáil
An Crl. Paddy KilduffFianna Fáil
An Crl. Ollie MooreFine Gael
An Crl. John Naughten Fine Gael
An Crl. Tony WardNeamh-Pháirtí
6 Comhairle Contae Ros Comáin
Baill Chomhairle Contae Ros Comáin
C
Coistí ar Pholasaí Straitéiseacha
Tuarascáil an Choiste Polasaí Straitéiseach ar an gComhshaol, ar Sheirbhísí Corparáideacha agus Éigeandála i 2013
Seo a leanas baill na Seirbhísí Comhshaoil, Corparáideacha agus Éigeandála i 2013:
An Comhairleoir Seán Beirne, Cathaoirleach
An Comhairleoir Domnick Connolly
An Comhairleoir Michael Creaton
An Comhairleoir Gerry Garvey
An Comhairleoir Paula McNamara
An Comhairleoir Michael Mulligan
Eilish Feeley
Donal Greene, Earnáil Talmhaíochta agus Feirmeoireachta
Kevin McBrien, Earnáil Phobail/Dheonach
Jim McGrath
Tionóladh ceithre chruinniú den CPS i rith 2013: 6ú Márta, 5ú Meitheamh, 17ú Meán Fómhair agus 17ú Nollaig.
Rinne na baill plé ar na ceisteanna seo a leanas:
� Clár Oibre CPS 2013
� Coimeád na bPobal Slán
� Scoilteadh Hiodrálach – aighneacht ar Théarmaí Tagartha
� Plean Cigireachta Náisiúnta 2013 DWWTS
� Athbhreithniú ar Phlean Gníomhaíochta Níotráití
� Plean Gníomhaíochta Torainn
� Pobal ar Aire – Comharthaí Foláirimh Téacsa
� Plean Cosanta Sibhialta
� Plean Bainistíochta Dramhaíola Réigiúnach
� Cigireachtaí DWWTS
� Rialú Madraí
� Athbhreithniú ar an bPlean Bainistíochta Dramhaíola Guaiseach
� Ardfheachtas Feasachta Fuinnimh
7Tuarascáil Bhliantúil 2013
Tuarascáil ar ghníomhaíochtaí an Choiste um Beartas Straitéiseach Tithíochta, Cultúrtha, Pobail agus Fiontraíochta 2013
Ba iad seo a leanas baill an Choiste CPS Tithíochta, Cultúrtha, Pobail agus Fiontraíochta i 2013:
An Comhairleoir Tony Ward, Cathaoirleach
An Comhairleoir Liam Callaghan
An Comhairleoir John Cummins
An Comhairleoir James Kenny
An Comhairleoir John Keogh
An Comhairleoir Orla Leyden
An Comhairleoir Jane Suffin, Comhairle Baile Mhainistir na Búille
Sandra Flanagan
Mary Ganley
Peter Kenny
John Roche
Tionóladh ceithre chruinniú den CPS i rith 2013. Rinne na baill plé ar na ceisteanna seo a leanas:
� Measúnú Reachtúil ar Riachtanais tithíochta 2013
� Plean Gníomhaíochta Réigiúnach an Iarthar do Dhaoine gan Dídean
� DéachtChlár Cóiríochta do Thaistealaithe 2014-2018
� Iompraíocht Fhrithshóisialta
� Íocaíocht um Chúnamh Tithíochta
� Comóradh Náisiúnta an Ghorta Mhóir 2014
� DréachtPhlean Ealaíona Contae
8 Comhairle Contae Ros Comáin
Coistí ar Pholasaí Straitéiseacha
C
Tuarascáil ar ghníomhaíochtaí an Choiste um Beartas Straitéiseach maidir le Forbairt agus Pleanáil Eacnamaíochta i 2013
Seo a leanas baill an CPS maidir le Forbairt agus Pleanáil Eacnamaíochta in 2013:
An Comhairleoir John Murphy, Cathaoirleach
An Comhairleoir Laurence Fallon
An Comhairleoir Paschal Fitzmaurice
An Comhairleoir Ernie Keenan
An Comhairleoir Paddy Kilduff
An Comhairleoir Michael McGreal
An Comhairleoir John Naughten
An Comhairleoir Tony Ward
Anya Greally, Earnáil Ghnó agus Tráchtála
Dermot Kelly, Earnáil Talmhaíochta agus Feirmeoireachta
Anthony McCormack, Ceardchumann
Alan Moran, Earnáil Chomhshaoil
Dolores Neary, Earnáil Phobail/Dheonach
Tionóladh trí chruinniu den CPS ar na dátaí seo a leanas i rith 2013: 28ú Feabhra, 16ú Deireadh Fómhair agus 20ú Samhain.
Ag an gcruinniú den 28ú Feabhra 2013 rinne an coiste plé ar:
� Athbhreithniú ar an Scéim Ranníocaíochta Forbartha
� Plean Forbartha Contae Ros Comáin 2014 - 2020
� Polasaí Athcheartaithe maidir le Tógáil i gCúram
Ag an gcruinniú den 16ú Deireadh Fomhair 2013 rinne an coiste plé ar:
� Cur i láthair ar “Chosaint Chearta Teaghlach Ros Comáin ag déileáil le Fuinneamh Gaoithe” le PRFFG (Pobail ar son Rannpháirtíochta Freagrach le Fuinneamh Gaoithe)
� Nuashonrú ar Dhréachtphlean Forbartha Contae Ros Comáin 2014 – 2020
� Struchtúir Athbhreithnithe i Rannóg Pleanála Chomhairle Contae Ros Comáin
Ag an gcruinniú den 20ú Samhain 2013 rinne an coiste plé ar:
� Polasaí Chomhairle Contae Ros Comáin maidir le Tógáil i gCúram
� Polasaí Beartaithe maidir le Forbairt Gheilleagrach
� Struchtúir Eagraíochtúla i Rannóg Pleanála Chomhairle Contae Ros Comáin
Coistí ar Pholasaí Straitéiseacha
9Tuarascáil Bhliantúil 2013
Tuarascáil ar ghníomhaíochtaí an Choiste Polasaí Straitéiseach um Bonneagar Bóithre agus Uisce 2013
Ba iad seo a leanas baill CPS maidir le Bonneagar Bóithre agus Uisce i 2013:
An Comhairleoir Eugene Murphy, Cathaoirleach
An Comhairleoir Valerie Byrne
An Comhairleoir Jimmy Cogan
An Comhairleoir Martin Connaughton
An Comhairleoir Rachel Doherty
An Comhairleoir Ollie Moore
An Comhairleoir Keith Suffin, Comhairle Baile
Mhainistir na Búille
Mary Clifford, Earnáil Ghnó agus Tráchtála
Seán Flanagan, Earnáil Forbartha agus Foirgníochta
Percy Flynn, Earnáil Talmhaíochta agus Feirmeoireachta
Bernie Kearney, Earnáil Phobail/Dheonach
Howard Preston, Earnáil Chomhshaoil
Tionóladh dhá Chruinniú i 2013: 4ú Iúil agus 13ú Samhain. Rinne na baill plé ar na ceisteanna seo a leanas:
� Nuashonrú ar an aistriú chuig Uisce Éireann
� Nuashonrú ar theagmhais uisce
� Nuashonrú ar Scéimeanna Caipitil Uisce
� Bóithre Plean Seirbhíse Cothabhála Geimhridh
� Cigirí Droichead
� Dul chun cinn ar Sheachbhóthar Bhealach an Doirín
� Imlíne ar Chlár um Bóithre 2014
10 Comhairle Contae Ros Comáin
Coistí ar Pholasaí Straitéiseacha
C
11Tuarascáil Bhliantúil 2013
Pobal agus Fiontraíocht, na hEalaíona agus Oidhreacht
Pobal agus FiontraíochtSoláthraíonn an rannóg Pobail agus Fiontair tacaíocht do Bhord Forbartha Contae
Ros Comáin agus tugann sí treoir agus spreagadh freisin do rannpháirtíocht
Chomhairle Contae Ros Comáin maidir le tionscnaimh phobail, na healaíona, an
Ghaeilge agus forbairt turasóireachta agus fiontraíochta ar fud an chontae.
Bord Forbartha Contae Ros Comáin (BFCRC)Tá 30 ball ar BFCRC ag tabhairt ionadaíochta do 20 gníomhaireacht agus comhlacht forbartha ar fud chontae Ros Comáin. Déanann an BFCRC maoirseacht ar fhorfheidhmiú na straitéise deich mbliana d’fhorbairt eacnamaíochta, sóisialta agus cultúrtha chontae Ros Comáin agus cuireann sé comhoibriú chun cinn idir gach gníomhaireacht agus comhlacht forbartha atá ag feidhmiú sa chontae. Soláthraítear tacaíocht don BFCRC tríd an Roinn Pobail agus Fiontair.
Aonad Cuimsithe Sóisialta Ros Comáin (Aonad CS)Is í príomhfheidhm an Aonaid CS ná Cuimsiú Sóisialta a dhaingniú i gcomhlacht corparáideach Chomhairle Contae Ros Comáin agus comhoibriú le heagraíochtaí agus le gníomhaireachtaí eile ar fud an chontae trí struchtúir mar an BFCRC agus Grúpa Céimeanna Cuimsithe Sóisialta an BFCRC. I rith 2013 bhí an tAonad CS rannpháirteach i roinnt imeachtaí Cuimsithe Sóisialta agus chuir clár imeachtaí a raibh an-rath air ar siúl le linn na Seachtaine Cuimsithe Sóisialta i mí Dheireadh Fómhair.
Forbairt Loch O Flynn,
Ros Comáin
12 Comhairle Contae Ros ComáinC
Forbairt GheilleagrachTá an-tábhacht le tacaíocht Chomhairle Contae Ros Comáin do ghnó agus déanann na rannóga éagsúla den Chomhairle ar a n-áirítear Pleanáil, Uisce, Bóithre agus Pobal agus Fiontraíocht teagmháil le gnó.Déanann an rannóg Pobail agus Fiontraíochta an tAonad Tacaíochta Gnó a bhainistiú mar thacaíocht do ghnó.
MeetWest 2013Bhí Comhairle Contae Ros Comáin rannpháirteach le Comhairlí Contae agus Cathrach na Gaillimhe agus Mhaigh Eo agus leis na Boird Fiontair Contae agus Cathrach in óstáil mhórimeachta líonraithe gnó ar a dtugtar MeetWest 2013. Ba í seo an tríú bliain don imeacht seo ar éirigh thar barr leis le 400 rannpháirtí ó 300 cuideachta ann.
TurasóireachtBa í 2013 bliain An Tóstail. Bronnadh maoiniú ar ghrúpaí pobail d’imeachtaí An Tóstal agus tionóladh imeacht mór Tionóil sa chontae, The Return of the Rossies, i Mainistir na Búille sa Bhealtaine. Leanadh le hobair margaíochta agus curtha chun cinn an Líonra Turasóireachta Pobail agus Chomhairle Contae Ros Comáin agus ar ábhair, suíomh gréasáin agus le físeáin phromóisin ar an gcontae a dhéanamh i gcomhar le Comhpháirtíocht Leader Ros Comáin. Craoladh ócáid cheoil traidisiúnta beostiúrtha san Aibreán ó Dhíseart Nuan. Bhí láithreacht ag Ros Comáin ag Aerfort Chnoc Mhuire den chéad uair le seastán faisnéise agus cuireadh comharthaíocht suas maidir le Ros Comáin. Lean Comhairle Contae Ros Comáin le tacaíocht a thabhairt d’fhéilte sa chontae agus le hoibriú le Fáilte Éireann agus Comhpháirtíocht Leader Ros Comáin le tionscadail éagsúla turasóireachta a chur chun cinn.
Fóram Pobail Ros Comáin Lean Comhairle Contae Ros Comáin ag tacú le hobair na bhFóram Pobail le linn 2013. D’aontaigh an dá Fhóram Pobail ag feidhmiú sa chontae - Fóram Pobail Ros Comáin Thuaidh agus Fóram Pobail Ros Comáin Theas – cónascadh i rith 2012. Críochnaíodh an próiseas seo i rith 2013 le buaic á bhaint amach le toghcháin á gcur ar siúl ar fud an chontae le hionadaithe a thoghadh ar bhord na cuideachta nua Fóram Pobail Ros Comáin Teo. i mí na Samhna. Tá sé mar chúram ar an mbord nua athnuachan agus athbheochan a dhéanamh ar ról ionadaíoch an Fhóraim d’fhonn ionadaíocht phobail agus deonach a neartú ag leibhéal rialtais áitiúil agus forbartha áitiúil. Tionóladh an chéad CCB ar an 30ú Samhain 2013.
Buaiteoir 2013 Dámhachtainí Rochtana do Chách
Fleming’s Supervalu, Ros Comáin
Pobal agus Fiontraíocht, na hEalaíona agus Oidhreacht
13Tuarascáil Bhliantúil 2013
Comórtas Mórtais Ceantair
In 2013 d’ainmnigh Comhairle Contae Ros Comáin Grúpa Ealaíona Pobail Bhealach an Doirín don Chomórtas Mórtais Ceantair Uile-Oileáin. Déanann Comhoibriú Éireann bainistiú ar Mhórtas Ceantair i gcomhar leis na hÚdaráis Áitiúla agus le tacaíocht ó Chomhlachtaí Poiblí na hÉireann. Tugann an comórtas aitheantas do thionscnaimh pobail a dhéanann difríocht ag leibhéal áitiúil. Thug Grúpa Ealaíona Pobail Bhealach an Doirín láithreoireacht chuimsitheach do na breithiúna le cuairteanna ar áiteanna is díol spéise ar fud bhaile Bhealach an Doirín.
Bailte Slachtmhara agus Ciste Deontais Taitneamhachta 2013I 2013 déanadh ciste iomlán de €25,000 a leithdháileadh ar 56 grúpa pobail le cabhrú leo tionscadail chaipitil taitneamhachta ar scála beag a thabhairt i gcrích chun leasa a gceantar áitiúil. Tugadh tosaíocht do shaothar Chumainn na mBailte Slachtmhara agus na ngrúpaí forbartha áitiúla lena chinntiú go bhfuair gach ceantar sa chontae cistiú.
Oifi geach Forbartha CSÉRinne Comhairle Contae Ros Comáin ranníocaíocht maidir le tuarastal Oifigh Fhorbartha an CSÉ atá fostaithe ag an CSÉ leis na príomhchuspóirí seo a leanas a bhaint amach:
� Cuimsiú Sóisialta a chur chun cinn trí Pheil, go háirithe i gceantair geografacha atá faoi mhíbhuntáiste.
� Forbairt ghníomhach peile a sheachadadh do sprioc-phobail tábhachtacha.
� A chinntiú go soláthraítear cláir chomhtháite forbartha peile ar fud an phobail.
Comhchoiste PóilíneachtaTionóladh ceithre chruinniú de Chomhchoiste Póilíneachta Chontae Ros Comáin, CCP, i rith 2013. Tionóladh cruinniú poiblí den CCP ar an téama Pobal ar Aire in Óstán Percy French, Béal na mBuillí, Co. Ros Comáin ar an 19ú Samhain 2013 le haoichainteoirí ó Mhuintir na Tíre Liam Kelly, Comhordaitheoir Náisiúnta Pobal ar Aire agus Bernie Kearney, Oifigeach Forbartha Réigiúin an Iarthair. Cuireadh forbhreathnú ar obair CCP i gcaitheamh na bliana i láthair freisin.
Dámhachtainí Rochtana do Chách 2013
14 Comhairle Contae Ros Comáin
Pobal agus Fiontraíocht, na hEalaíona agus Oidhreacht
C
Oifi g EalaíonLeanann an Oifig Ealaíon leis na healaíona a chur chun cinn trí níos mó deiseanna, rannpháirtíocht agus rochtain ar shaoráidí, imeachtaí agus gníomhaíochtaí ealaíona a sholáthar agus ag spreagadh níos mó tuisceana ar na healaíona go ginearálta do dhaoine de gach aois agus cúlra.
Bhí rath leanúnach ar roinnt príomhchlár i rith 2013. Áiríodh orthu seo clár na nEalaíontóirí Chónaitheacha i Scoileanna agus forbairt leanúnach ar Cheolfhoireann Óige Chontae Ros Comáin, CÓRC agus Amharclannaíocht Óige Chontae Ros Comáin, AÓRC.
Lean an Scríbhneoir Cónaithe le mórán gníomhaíochtaí agus imeachtaí bunaithe ar litríocht i gcaitheamh 2013. Tagann an chónaitheacht seo lenár n-uaillmhianta cultúrtha, stairiúla, liteartha agus oidhreacht agus tacaíonn sí leis na grúpaí liteartha, scríbhneoirí atá againn atá gníomhach sa chontae.
Tosaíodh i 2013 ar an gcéad chéim d’fhorbairt stiúideonna ealaíontóra sa chontae ar thailte King House, Mainistir na Buaille.
I 2013, bhí Comhdháil Douglas Hyde ar siúl i Seomra Comhdhála an Tionóil Réigiúnaigh an BMW, Bealach an Doirín. Ba é teideal na comhdhála ‘Gathering Ourselves Again: the Legacy of Douglas Hyde, the Life and Death of the Irish language’.
Ar rannpháirtíocht Ros Comáin san Oíche Chultúrtha áiríodh ceol agus rince traidisiúnta, ceol agus bia ón Afraic, imeachtaí amharcealaíona, gníomhaíochtaí cultúrtha teicstíle, léamh filíochta, scéalaíocht agus cruinnithe le grúpaí scríbhneoirí.
Lean clár Sparántacht d’Ealaíontóirí Indibhidiúla agus Sparántacht Tyrone Guthrie i 2013 le roinnt ealaíontóirí ag fáil sparántachta faoin dá chlár.
Roscommon County Youth Orchestra, RCYO
Pobal agus Fiontraíocht, na hEalaíona agus Oidhreacht
15Tuarascáil Bhliantúil 2013
Ionad Léirithe Douglas HydeTá ionad adhlactha an Dr. Douglas Hyde, céad Uachtarán na hÉireann, fós ina dhíol suntais oidhreachta i gcontae Ros Comáin agus meallann sé mórán cuairteoirí, ar a n-áirítear turais scoile agus cuairteoirí ó chumainn staire.
Lárionad Ealaíon Ros ComáinI mbliana rinne Lárionad Ealaíon Ros Comáin óstáil ar 97 imeachtaí ticéad sa halla. Bhí freastal 71% mar mheán ar imeachtaí, le beagnach 13,500 duine ag ceannach ticéid, ar mhéadú beagnach 35% é ar fhigiúirí 2012.
Ar bhuaicphointí an chláir bhí dhá chomhléiriú gairmiúil amharclainne, ar a raibh an chéad léiriú in Éirinn ar The Cavalcaders le Nomad Theatre Network. Le cúnamh ó Scéim Coimeádaí Cónaithe na Comhairle Ealaíon, bhí Comhairle Contae Ros Comáin sa riocht le Mary Cremin, an chéad choimeádaí sa chontae do na hamharcealaíona, a cheapadh i 2013 do chónaitheacht bhliana. Chuaigh sí i mbun phróisis athfhorbartha ar chlár amharcealaíona an lárionaid ealaíon, ag tabhairt sraith léirithe isteach a sholáthair deiseanna do d’ealaíontóirí óga atá ag teacht chun cinn a saothar a fhorbairt do thaispeántais aonair. Áiríodh ann léirithe agus imeachtaí lasmuigh den láthair ag na healaíontóirí Eleanor Duffin agus Aoibheann Greenan, The Joinery agus Block T.
I 2013 glacadh le polasaí cláreagraithe maidir leis na léirithe dírithe ar scoileanna. Áiríodh ar na céimeanna urraíocht ar chostas na dticéad, lena chinntiú go n-áireofaí gach scoil, go háirithe scoileanna tuaithe a mbíonn costas iompair orthu, maidir le freastal ar cheardlanna, plé iarléirithe agus léiriú lasmuigh den láthair nuair is féidir é a sholáthraíonn breisluach do léiriú agus a chuireann feabhas ar thaithí an lucht féachana níos óige.
Lean an Oifig Ealaíon ag obair le hInstitiúid Náisiúnta na Scannán ar chlár oideachais ar scannáin, dírithe ar dhaltaí dara leibhéil: an tsraith shóisearach, shinsearach agus an t-idirbhliain. Go traidisiúnta d’áirigh an clár teilgean scannán i dteanga iasachta ar an gcuraclam Béarla. Tacaíodh le teilgin, nuair ab fhéidir é, le réamhrá agus treoracha staidéir do mhúinteoirí. Tá fóirdheonú iomlán á dhéanamh ag an Lárionad Ealaíon ar chostas an chláir, gan aon táille ar dhul ann. Áiríodh sa chlár amaitéarach craobh na hÉireann don Chraobhchomórtas Drámaíochta Aonghnímh agus Craobhchomórtas Aonghnímh Mhacra na Feirme.
Áiríodh inár gclár ceardlainne, a forbraíodh le teacht lenár gclár séasúrach, Turas Amharcealaíona agus Clár Ceardlainne, dírithe ar scoileanna agus grúpaí pobail araon. Eagraíodh sraith imeachtaí míosa do dhaoine níos sine mar chuid de chlár bliantúil Bealtaine, ar a raibh: amharcealaíon, ceol, ceardlanna rince agus sraith scannán gearr rince.
Teach KingMheall Teach King na céadta cuairteoirí i 2013. Tháinig an teach ina bheatha le séasúr d’imeachtaí cultúrtha ar a raibh pictiúrlann, fuirseoireacht, amharclann, ceol agus imeachtaí teaghlaigh. Bhain mórán cuairteoirí taitneamh as bailiúchán Ealaíona Cathartha Mhainistir na Búille, atá i dTeach King, i gcaitheamh an tséasúir agus lean Féile Ealaíona Mhainistir na Búille le cuairteoirí a mhealladh lena clár fairsing. Tá spéis ar leith ag baint le Músaem na Connaught Rangers, atá suite i dTeach King, dóibh siúd ar mhian leo taighde a dhéanamh ar na Connaught Rangers, a throid i gcogaí ar fud an domhain. Teach King, Mainistir na Búille
16 Comhairle Contae Ros Comáin
Pobal agus Fiontraíocht, na hEalaíona agus Oidhreacht
C
Seachtain na Bithéagsúlachta 2013 imeacht éiceolaíochta abhann le hIascaigh Intíre Éireann
An tOifi geach Forbartha GaeilgeCuireann Oifig na Gaeilge úsáid na Gaeilge chun cinn sa Chomhairle Contae agus i soláthar a seirbhísí.
Tugann Oifig na Gaeilge tacaíocht d’imeachtaí i nGaeilge sa Comhairle Contae agus a cuid seirbhísí.
Oifi g Oidhreachta Thug an Oifig Oidhreachta faoi na gníomhaíochtaí seo a leanas faoi Phlean Oidhreachta Chontae Ros Comáin i 2013:
Rinne Conor Newman, Ollscoil na Gaillimhe, Cathaoirleach na Comhairle Oidhreachta Mainistir Ros Comáin – Treoir do Chuairteoirí agus bileog in éineacht leis a sheoladh i mí Feabhra 2013. Fuarthas maoiniú ón gComhairle Oidhreachta do dhá thionscadal – Tionscadal Caomhnaithe Shéipéal Chill Trostáin – do chéim na n-oibreacha agus an treoirleabhar Karst, Turloughs and Eskers – The Geological Heritage of County Roscommon. Chuir baill de Ghréasán Béaloidis agus Seanchais Chontae Ros Comáin seacht dtaifead nua le Cartlann na Meáin i Ros Comáin. Déanadh Seachtain na Bithéagsúlachta a cheiliúradh le clár imeachtaí ar fud an chontae, a bhain buaic amach leis an BioBlitz ag Páirc Foraoise agus Gníomhaíochta Loch Cé. Rinne os cionn fiche grúpa pobail, eagraíochtaí agus daoine aonair níos mó ná caoga imeachtaí a eagrú ar fud an chontae le ceiliúradh a dhéanamh ar an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta. Bronnadh Sparántacht Taighde Oidhreachta ar Brian Shanahan, Scoláire Hardiman, Ollscoil na Gaillimhe dá staidéar PhD ar thírdhreach stairiúil agus lonnaíochtaí i gcontae Ros Comáin. Bronnadh an Sparántacht Oidhreachta Pobail ar Thionscadal Chearca Fraoigh Phortach Bhaile Daighean, atá á bhainistiú ag Cumann Gunna an Mhúir i gcomhar le Comhairle Áitiúil Géime Ros Comáin.
Pobal agus Fiontraíocht, na hEalaíona agus Oidhreacht
17Tuarascáil Bhliantúil 2013
An Clr Tom Crosby Méara Chomhairle Contae Ros Comáin, sa phictiúr leis na húdair
Brian Shanahan agus an Dr. Kieran O’Connor, Frank Dawson Bainisteoir Contae,
Nollaig Feeney Oifigeach Oidhreachta agus Conor Newman, Cathaoirleach na Comhairle
Oidhreachta ag seoladh Mainistir Ros Comáin - Treoir do Chuairteoirí i mí Feabhra 2013.
Ionad Fóillíochta Ros Comáin
Linnte SnámhaBhí Linn Snámha Lasmuigh á oibriú ag an gComhairle sa Chaisleán Riabhach do shamhradh 2013. Críochnaíodh suiteáil chórais nua dáileoige ceimiceán agus foscadán nua i 2013.
Lean Ionad Fóillíochta Ros Comáin, ina bhfuil linn snámha 25 méadar téite faoi dhíon, linn do leanaí, giomnáisiam agus áiseanna fóillíochta ar oscailt don phobal agus do chlubanna éagsúla, ag feidhmiú le linn 2013.
18 Comhairle Contae Ros Comáin
Pobal agus Fiontraíocht, na hEalaíona agus Oidhreacht
C
Seirbhísí Corparáideacha
Áirítear ar fheidhmeanna na Rannóige Seirbhísí Corparáideacha Seirbhísí Tacaíochta do
Bhainistíocht na Comhairle; Eagrú agus Seirbhísiú chruinnithe na Comhairle agus a fochoistí;
Clár na dToghthóirí; Deontais Ardoideachais; Árachas; Bainistiú Réadmhaoine; Sábháilteacht,
Sláinte agus Leas ag an Obair, Feidhmeanna Tréidliachta, Fáiltithe Chathartha, Gearáin ó
Chustaiméirí agus Saoráil Faisnéise.
Clár na dToghthóiríFaoi Acht Toghcháin 1992, 1997 agus Acht Toghcháin (Leasú) 2001, tháinig dhá leagan den Chlár .i. An Clár Atheagraithe agus an Clár Iomlán i bhfeidhm ar an 15ú Feabhra 2013.
Tábla 1. Clár na dToghthóirí
Dáil Constituency Uachtaránachta Dáil
Toghthóirí Thoghcheantar Ros Comáin – Deisceart Liatroma
45,504 47,118
Toghthóirí Thoghcheantar Thuaidh – Thiar Pharlaimint na hEorpa 47,252
Toghthóirí Toghcheantair Áitiúla 48,241
Deontais um ArdoideachasÓ 2012 tá SUSI (Tacaíocht Chomhchoiteann do Mhic Léinn in Éirinn) ag riaradh na n-iarratas nua ar Dheontais Ardoideachais (DAO). Leanann Comhairle Contae Ros Comáin le riaradh a dhéanamh ar an Scéim DAO do mhic léinn athnuachana in oideachas Tríú Leibhéal go dtí go gcríochnaítear a gcúrsaí reatha. Sa bhliain acadaúil 2013/2014, tugadh cúnamh deontais do 257 mac léinn ag leibhéal fochéime agus 5 ag leibhéal iarchéime le beagnach €1.45m á íoc amach. Bhí 59 mac léinn i dteideal an Deontais do Ráta Speisialta Cothabhála (Breisiú).
Struchtúir Chontúirteacha agus Láithreáin ThréigtheTá Áiteanna agus Struchtúir Chontúirteacha faoi rialú reachtaíochta príomha an tAcht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta) 1964. Is é is brí le háit chontúirteach ná tochailt, cairéal, log nó tobar atá nó a fhéadfadh a bheith contúirteach do dhuine ar bith. Is é is brí le struchtúr contúirteach ná aon fhoirgneamh, balla nó struchtúr eile de chineál ar bith atá nó a fhéadfadh a bheith contúirteach do dhuine ar bith nó do mhaoin. Eisíodh dhá ordú maidir le struchtúr contúirteach i rith 2013 agus déanadh ceann acu a chlárú ar Chlár na Struchtúr Contúirteacha ar an 31ú Nollaig 2013.
Leagann an tAcht um Láithreáin Thréigthe 1990 dualgas ginearálta ar úinéirí agus ar áititheoirí talún, ar a n-áirítear comhlachtaí reachtúla agus Údaráis Stáit, le cosc a chur ar thalamh a bheith nó leanúint de bheith ina láithreán tréigthe. Bhí 9 láithreán tréigthe ar Chlár na Láithreán Tréigthe ar an 31ú Nollaig 2013.
19Tuarascáil Bhliantúil 2013
Feidhmeanna TréidliachtaFeidhmíonn Comhairle Contae Ros Comáin conradh seirbhíse le hÚdarás Sábháilteachta Bia na hÉireann, ÚSBÉ, le maoirseacht a dhéanamh ar shábháilteacht bia in 10 seamlas agus 7 mhonarcha neamhspleách táirgeachta feola. Déanann Oifigeach Tréidliachta Chomhairle Contae Ros Comáin agus Cigirí Sealadacha Tréidliachta, C.S.Tanna maoirseacht ar an marú. Déantar gach ainmhí a scrúdú ante-mortem agus post-mortem agus déantar inrianaitheacht na n-ainmhithe a dheimhniú freisin. In 2013, maraíodh 2,997 eallach, 7,205 caora agus 246 muc i seamlais faoi mhaoirseacht an Údarás Áitiúil i gContae Ros Comáin.
Rialú MadraíFaoin Acht um Rialú Madraí 1986, glactar le freagracht maidir le rialú madraí sa chontae i gcomhar le Cumann na hÉireann um Fhóirithint ar Ainmhithe le ranníocaíocht dhíreach ó Chomhairle Contae Ros Comáin. Tá ar úinéirí madraí de réir dlí ceadúnas reatha madra a bheith acu agus is féidir an ceadúnas seo a cheannach ag aon Oifig Poist ar chostas €20. I 2013 caitheadh os cionn €125,000 ar Sheirbhísí um Rialú Madraí leis na ioncam iomlán ó cheadúnais agus fíneálacha ag €49,000. Déanadh láimhseáil ar 202 madra ar strae/nach raibh ag teastáil ag póna madraí Ros Comáin agus eisíodh 2,775 Ceadúnas Madra. Éilíonn Acht na nIonad Pórúcháin Madraí, 2010 go mbeadh ar áitribh iarratas a dhéanamh le bheith áirithe ar Chlár Ionaid Phórúcháin Madraí an Údaráis Áitiúil. Bhí 2 fhoras ar Chlár Chomhairle Contae Ros Comáin ag deireadh 2013.
Rialú CapallTháinig méadú suntasach ar líon na gcapall ar strae le dhá bhliain anuas. Faoin Acht um Rialú Capall, 1996, ciallaíonn “capall ar strae” capall a bhíonn ag dul ar fud na háite, caillte, tréigthe nó neamhthionlactha (pé ceangailte nó neamhcheangailte) ag aon duine a bheadh i gceannas air in áit phoiblí nó ar aon áitreabh gan cead an úinéara nó an áititheora. Bhí 235 capall ar strae gafa agus gaibhnithe i 2013 a ndearna a n-úinéirí 10 acu a lorg ar ais. Faightear caiteachas ar ais ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Muirí.
20 Comhairle Contae Ros Comáin
Seirbhísí Corparáideacha
C
Sparántacht Dermot Earley
Bhunaigh Comhairle Contae Ros Comáin Sparántacht Spóirt bliantúil in onóir Dermot Earley nach maireann. Tugann na scoláireachtaí cúnamh airgeadais d’iarrthóirí ó Ros Comáin a n-éiríonn leo agus ag freastal á dhéanamh ar a c(h)éad bhliain in oideachas tríú leibhéal agus cúlra tréitheach acu i spóirt CLG. Déanadh 3 íocaíocht sa bhliain acadúil 2013/2014 ar Ronan Daly, Caroline Gunning agus Diarmuid Murtagh.
Faighteoirí Sarántacht Dermot Earley 2013 Ar Cúl (C go D)
Fíona Ní Chuinn, Comhairle Contae Ros Comáin, An Clr. Martin
Connaughton, Méara Chomhairle Contae Ros Comáin, Tommy Ryan,
Comhairle Contae Ros Comáin agus Ann Marie Earley
Chun Tosaigh (C go D): Na faighteoirí Ronan Daly agus Caroline
Gunning, Mrs. Mary Earley agus an Faighteoir Diarmuid Murtagh
Séadchomhartha Dermot Earley Gort an Ghainimh, Co. Ros Comáin
Seirbhísí Corparáideacha
21Tuarascáil Bhliantúil 2013
Sláinte agus Sábháilteacht Éilíonn an tAcht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair, 2005 go bhféachfadh fostóirí, a mbainistíocht ionadaíoch agus fostaithe araon ar Shláinte agus ar Shábháilteacht mar chomhfhreagracht. Áiríodh i gClár Oibre 2013:
� Tuilleadh forbartha agus monatóireachta ar Chóras Bainistíochta Sábháilteachta curtha ar bhonn foirmiúil agus Córas Bainistíochta an Tionscadail Tógála.
� Cumarsáid, rannpháirtíocht agus comhoibriú a fheabhsú: ar a n-áirítear cruinnithe uair sa ráithe de na Coistí Bainistíochta Sábháilteachta agus Ionadaithe Sábháilteachta.
� Athbhreithniú agus nuashonrú leanúnach ar Chláir Rioscaí Rannóige.
� Forbairt leanúnach agus soláthar chláir oiliúna S&S.
� Comhoibriú leanúnach le páirtithe seachtracha mar an HAS.
� Leasú agus forbairt ar pholasaithe S&S Tuismitheora, Bun-nóis Imeachta Oibríochta (BIO) do gach rannóg agus feidhmiú céimneach ar Bhun-treoirlínte Oibríochta (BTO) don tSeirbhís Dóiteáin.
� Iniúchóireacht leanúnach ar an gCóras Bainistíochta Sábháilteachta ag Oifigigh S&S trí chigireacht rialta ar obair na foirne agus chonraitheora.
� Forbairt agus soláthar Chláir Sláinte agus Leasa Ceirde ar a n-áirítear Measúnuithe VDU, Measúnuithe Riosca maidir le Fostaí ag Iompar Clainne agus Cláir Ionaclaithe.
Saoráil FaisnéiseCuireann Achtanna um Shaoráil Faisnéise 1997-2003 ar chumas an phobail rochtain a bheith acu, chomh fada agus is féidir é ag teacht le leas an phobail agus le ceart chun príobháideachta, ar fhaisnéis a bhíonn i seilbh chomhlachtaí poiblí. Tá soláthar sna hAchtanna maidir le:
� Ceart dlíthiúil rochtana ar thaifid a bhíonn á gcoimeád ag comhlachtaí poiblí.
� Ceart dlíthiúil ag gach duine go ndéanfaí faisnéis phearsanta a bhíonn i dtaifead a leasú nuair a bhíonn sí neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.
� Ceart dlíthiúil ag daoine cúiseanna a fháil ar chinntí a bhaineann leo.
Tá ar dhuine ar mhian leis nó léi a c(h)earta faoi na hAchtanna a chleachtadh le rochtain a fháil ar thaifid atá i gcoimeád ag Comhairle Contae Ros Comáin, iarratas bailí a dhéanamh .i. ceann atá déanta i scríbhinn; go ndeirtear go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise 1997-2003 agus go bhfuil go leor sonraí ann go n-aithneofaí na taifid a bhíonn i gceist. Ní mór táille €15 a bheith in éineacht leis an iarratas le rochtain a fháil ar thaifid ina bhfuil faisnéis neamhphearsanta.
Tábla 2: Saoráil Faisnéise 2013
Líon na nIarratas neamhchinntithe ar an 1ú Eanáir 2013 1
Líon na nIarratas a fuarthas i rith 2013 14
Líon na nIarratas a deonta 6
Líon na nIarratas a deonta i bpáirt 5
Líon na nIarratas a diúltaíodh 2
Líon na nIarratas a Aistríodh, a Tarraingíodh Siar nó gur déileáladh leo lasmuigh den SF 1
Líon na nIarratas neamhchinntithe ar an 31ú Nollaig 2013 1
Seirbhísí Dóiteáin22 Comhairle Contae Ros Comáin
Seirbhísí Corparáideacha
Seirrbbbbbbbbbbbbbbbbbhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhíííssí DóC
Seirbhísí Éigeandála
Is é Comhairle Contae Ros Comáin an tÚdarás Dóiteáin reachtúil do Chomhairle Ros
Comáin agus soláthraíonn an tSeirbhís Dóiteáin réimse seirbhísí Sábháilteachta Dóiteáin,
Forfheidhmithe agus Bainistíochta Éigeandála in éineacht le seirbhísí Brigáide Dóiteáin
Infheidhme.
Gníomhaíocht PhráinnfhreagarthaSoláthraíonn persanra ó na Stáisiúin Dóiteáin atá suite i mBaile Ros Comáin, An Caisleán Riabhach, Bealach an Doirín, Mainistir na Búille, Ail Finn agus Béal na mBuillí freagra comhraice Dóiteáin. I rith 2013 d’fheagair an pearsanra seo do theagmhais éigeandála 339 uaire i gcontae Ros Comáin, 7 n-uaire i gcontae Mhaigh Eo, 13 i gcontae na Gaillimhe, 14 i gcontae Shligigh agus faoi dhó i gcontae an Longfoirt. D’fhreastal Seirbhísí Dóiteaín ó chontaetha Longfoirt, Liatr oma, na Gaillimhe, Mhaigh Eo agus na hIarmhí ar 90 glaoch éigeandála laistigh de chontae Ros Comáin. Tá miondealú ginearálta ar na 375 glaoch Éigeandála ar déanadh freastal orthu i 2013 áirithe i dTábla 1.
Tábla 1: Glaonna Éigeandála ar freastlaíodh orthu i 2013
Catagóir na nGlaonna Uimh. i 2013
Tinte 275 (ag áireamh 119 Dóiteán Simléir agus 30 Dóiteán Tí a tuairiscíodh)
Imbhuailtí Tráchta Bóthair 61
Rabhadh Bréige 24 (ag áireamh 5 ghlaonna mailíseacha)
Cúnamh Otharchairr 2
Ilchineálach/Tarrtháil 13
Seirbhísí Dóiteáin
23Tuarascáil Bhliantúil 2013
Sábháilteacht Dóiteáin agus Gníomhaíocht FhorfheidhmitheRinne an tÚdarás Dóiteáin próiseáil ar 43 iarratas ar Dheimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán faoin reachtaíocht um Rialú Tógála. Déanadh déileáil freisin le tarchur pleanála d’fhorbairtí tráchtála, Clárú ar Cheadúnais Arm Tine agus Stórais do Phléascáin agus na Rialacháin um Shubstaintí Contúirteacha (Stórais Pheitril). Tá soláthar déanta d’fhógra ar iarratais maidir le hiarratais ar cheadúnas nó teastas clárúchán faoin reachtaíocht um Seirbhísí Dóiteáin agus Ceadúnú. Tá ar an Údarás Dóiteáin tuarascálacha maidir le Sábháilteacht Dóiteáin a sholáthar ar iarratais ar cheadúnas d’áitreabh Siamsaíochta Poiblí chuig an gCúirt Chuarda agus Dúiche. Rinne Oifigigh Shinsearacha Dóiteáin cigireacht freisin ar áitribh shiamsaíochta i rith 2013.
Bhí Seirbhís Dóiteáin Ros Comáin gníomhach maidir le sábháilteacht dóiteáin pobail a chur chun cinn i rith na bliana. Rinne pearsanra ó gach Stáisiún Dóiteáin éascú ar chuairteanna chuig a Stáisiún Dóiteáin agus déanadh freastal ar iarratais ó ghrúpaí deonacha eile le cainteanna a sholáthar ar Shábháilteacht Dóiteáin.
Sláinte, Sábháilteacht agus Leas ag an ObairTá ar an Údarás Dóiteáin clár leanúnach traenála a chur i bhfeidhm, ar a n-áirítear traenáil éigeantach athnuachana i gcroíscileanna agus scileanna speisialtóra do phearsanra comhraice dóiteáin. Tá an traenáil seo mar bhreis le feidhmiú céimneach na dTreoirlínte Caighdeánacha Oibríochta (TCOanna) náisiúnta ar leanadh leo i rith 2013.
Soláthraíodh Traenáil Speisialta do chomhraiceoirí Dóiteáin Coinnithe do 129 rannpháirtí i rith na bliana ar Chúrsa Céadchaite Ghaireas Análaithe, Cúrsa Cothabhála do Ghaireas Análaithe, Nósann Imeachta i gcás Imbhuailte Timpiste Bóthair, Freagairt ar Theagmhais Ábhair Ghuaisigh, Traenáil Oifigeach Dóiteáin Sóisearach agus Buan-nósanna oibríochta.
Sholáthair an Stiúrthóireacht Náisiúnta um Dóiteán agus Pleanáil Éigeandála Cistiú Caipitil d’oibreacha feabhsúcháin éigeandála ag Stáisiún Dóiteáin Ail Finn i ndiaidh aighneachta ó Chomhairle Contae Ros Comáin.
Cosaint Shibhialta
Ráiteas Misin
Cur chun cinn, forbairt agus cothabháil a dhéanamh ar Chosaint Shibhialta mar eagraíocht éifeachtach gairmiúil ar bonn deonach a sholáthraíonn práinnfhreagairt agus seirbhísí tacaíochta pobail.
Cosaint Shibhialta Ros ComáinTá freagracht ar Chomhairle Contae Ros Comáin as an seirbhís Cosanta Sibhialta sa chontae. Oibríonn oibrithe deonacha faoi threoir an Oifigigh Chosanta Sibhialta. Tá flít feithiclí ag Cosaint Shibhialta Ros Comáin ar a n-áirítear jeepanna 4x4, báid righin inséidte, cadhcanna, otharchairr, trucail dóiteáin, iompróirí phearsanra agus aonad lónadóireachta soghluaiste.
Is féidir le daoine 16 bliana agus os a chionn cur isteach ar a bheith ina n-oibrithe deonacha ach teagmhaíl a dhéanamh le Ray Dunne, Oifigeach Cosanta Sibhialta ag 090 6637100 nó eolas a lorg trí shuíomh gréasáin Cosaint Shibhialta, www.civildefence.ie
Seirbhísí Dóiteáin
Cosaint Shibhialta Cleachtaí Traenála
24 Comhairle Contae Ros Comáin
Seirbhísí Éigeandála
C
Seirbhísí a dhéantar a SholátharGarchabhair - Soláthar do gharchabhair agus seirbhís otharchairr; Cuardach agus Tarrtháil - tarrtháil uirbeach, cuardach fairsing do dhaoine ar iarraidh agus cuardach agus aisghabháil ar an uisce; Seirbhís Dóiteáin Chúnta – cúnamh a thabhairt don tseirbhís chomhraice dóiteáin choinnithe má iarrtar é; Bardach - logáil, monatóireacht agus tuairisciú ar ghníomhaíochtaí raidíochta; Leas - béilí teo, deochanna agus tacaíocht síceolaíoch a sholáthar. Cúnamh agus cúram a sholáthar do dhaoine gan dídean nó daoine as ionad; Cumarsáid – córais raidió UHF/VHF agus Banda Muirí; Cúnamh le linn drochaimsire. Cúnamh a thabhairt don Gharda Síochána maidir le cuardach agus aisghabháil.
Cúnamh le linn aimsire an-chruaSholáthair Cosaint Shibhialta Ros Comáin cúnamh don Gharda Síochána i gcuardach agus aisghabháil agus sholáthair tacaíocht ag os cionn 120 imeachtaí pobail i rith na bliana. Bhí Cosaint Shibhialta Ros Comáin ar fuireachas le linn na haimsire an-chrua i 2013 ag déanamh monatóireachta ar cheantair ina raibh tuilte, ag soláthar tacaíochta luachmhar don Phobal ar fud an chontae.
Traenáil agus ForbairtTáthar ag leanúint le ranganna traenála in aghaidh na seachtaine d’Oibrithe Deonacha. Déanadh óstáil ar chleachtadh contae maidir le tástáil ar a bhfreagairt do Mhóréigeandáil ag Páirc an Mhóta Ros Comáin i mí Iúil 2013.
Tá Cosaint Shibhialta Ros Comáin gníomhach i mbun fhorbairtí nua i gCosaint Shibhialta ar a n-áirítear iad seo a laenas: Clár Oibrithe Deonacha; Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána; polasaithe maidir le Cosaint Leanaí; Polasaí Vacsaínithe; Feasacht Uisce; Tarrtháil Teicniúil; Liachleachtóir Éigeandála; Traenáil Feasachta Tiománaí; Láimhsiú; Aistriú Daoine.
Cosaint Shibhialta Cleachtaí Traenála
Seirbhísí Éigeandála
25Tuarascáil Bhliantúil 2013 2
Dreasachtaí agus Rialúchán Forbartha
Clúdaíonn an clárghrúpa seo aidhmeanna na Rannóige Pleanála faoi na hAchtanna Pleanála
agus Forbartha 1963 – 2013. Tá na gníomhaíochtaí a dhéantar faoin gclár seo leagtha
amach i dtrí phríomhréimse:
1. Is ionann Bainistíocht Forbartha agus ról rialála Comhairle maidir lena feidhm pleanála. D’íríonn sé ar an bpróiseas iarratais phleanála, a cheadúnais d’oibreacha seladacha, dearbhuithe maidir le forbairt dhíolmhaithe, struchtúir atá faoi chosaint agus teastais faoi Chuid V.
2. Is é atá i gceist le Forfheidhmiú Pleanála ná gníomhaíocht fhorfheidhmithe a ghlacadh in aghaidh dhuine a bhíonn i mbun forbartha neamhúdaraithe. I rith 2013 bhí fócas leanúnach ar aghaidh a thabhairt ar cheisteanna sábháilteachta ar Eastáit Neamhchríochnaithe.
3. Díríonn Pleanáil Chun Cinn ar ról polasaí feidhme pleanála na Comhairle. Cuimsíonn sé déanamh agus glacadh leis an bPlean Forbartha Contae, Pleananna Ceantair Áitiúil do bhailte agus pleananna roghnacha forbartha do bhailte agus do shráidbhailte chomh maith le Pleananna Cuspóra Speisialta do cheantair gur dócha a bheidh faoi réir ag forbairt ar scála mór.
Bainistíocht Forbartha
Iarratais PhleanálaBhí laghdú ar líon na n-iarratas pleanála a fuarthas i 2013. Tá achoimre sa tábla thíos ar líon agus ar thoradh na n-iarratas pleanála i 2013 agus do na cúig bliana roimhe sin.
Tábla 1 Iarratais Phleanála Chomhairle Contae Ros Comáin 2008–2013
2008 2009 2010 2011 2012 2013
Iarratais a Fuarthas 1,492 748 710 583 740 5761
Cinntí ar Dheonú 1,072 592 491 447 443 4022
Cinntí ar Dhiúltú 137 66 90 72 46 323
Ráta Diúltaithe 11.3% 10% 15.5% 13.8% 12% 10.5%4
Líon na n-Achomharc 70 55 43 22 11 11
Achomhairc ar sheas An Bord Pleanála leo 47 27 23 23 8 8
1 Áirítear 137 iarratas a fuarthas ar Fhadú ar Aga.
2 Áirítear 145 Fadú ar Aga a Deonadh.
3 Áirítear 2 Fhadú ar Aga.
4 % nach n-áirítear na hiarratais ar Fhadú ar Aga.
26 Comhairle Contae Ros ComáinC
Forfheidhmiú PleanálaÁiríonn ról an Údaráis Phleanála Forfheidhmiú Pleanála, nuair a bhíonn freagracht ar an Údarás as a chinntiú go ngéilltear do choinníollacha an chead pleanála a tugtar agus as imfhiosrú a dhéanamh ar fhorbairt neamhúdaraithe i gContae Ros Comáin. Díríonn gníomhaíochtaí forfheidhmithe pleanála ar thrí phríomhréimse:
� Gníomhaíocht forfheidhmithe
� Réiteach ar Fhorbairtí Tithíochta Neamhchríochnaithe
� Bailiú Ranníocaíochtaí Forbartha
Gníomhaíocht Forfheidhmithe De bhun Alt 151de na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt is cion é aon fhorbairt neamhúdaraithe a dhéanamh. Tá roinnt céimeanna sa phróiseas forfheidhmithe a thosaíonn leis an Údarás Pleanála a bheith ar an eolas maidir le forbairt phoitéinsiúil neamhúdaraithe.
Litir Fholáirimh: Ar ghearán scríofa a fháil nach gceaptar é a bheith mion, beagbhríoch nó cráiteach, is féidir go n-eiseofaí Litir Fholáirimh de réir Ailt 152 de na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt 2000-2013. Tugann sé eolas ar na torthaí a fhéadfadh a bheith ar fhorbairt neamhúdaraithe a dhéanamh agus tugtar imlíne ar an gceart maidir le haighneacht a dhéanamh. D’eisigh Comhairle Contae Ros Comáin 67 litir fholáirimh i 2013.
Fógra Forfheidhmithe: De réir Ailt 154 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, is féidir go n-eiseodh an tÚdarás Pleanála Fógra Forfheidhmithe ag éileamh ar an úinéir, áititheoir nó aon duine eile a bheidh ag forbairt éirí as nó gan tosú ar fhorbairt neamhúdaraithe, nó i gcásanna gur tugadh cead, a éileamh go ndéanfaí an fhorbairt de réir an chead agus a choinníollacha. D’eisigh Comhairle Contae Ros Comáin 30 Fógra Forfheidhmithe i 2013.
Caingean Dlí: Is féidir leis an Údarás Pleanála an cion a ionchúiseamh de bhun Alt 151 maidir le forbairt neamhúdaraithe a bheith á tógáil nó faoin gcion de bhun Alt 154 maidir le teip géilleadh d’Fhógra Forfheidhmiúcháin. Beidh duine ar bith a fhaightear ciontach i gcion faoi dhliteanas fíneála ar a chiontú.
Is féidir leis an Údarás Pleanála Ordú Cúirte a lorg ón gCúirt Chuarda nó ón Ardchúirt de bhun Alt 160 a éileodh gníomhaíochtaí éagsúla, ar a n-áirítear an fhorbairt neamhúdaraithe a stad, athchóiriú talún chuig an riocht ina raibh sí, go ndéanfaí oibreacha áirithe mar athchóiriú, atógáil nó scartáil, nó go ndéanfaí an fhorbairt de réir an chead a deonadh. Chuir Comhairle Contae Ros Comáin tús le caingean dlí i 9 gcás i 2013.
Dreasachtaí agus Rialúchán Forbartha
27Tuarascáil Bhliantúil 2013
Réiteach Fhorbairtí Tithíochta Neamhchríochnaithe:Ag deireadh 2013, bhí 205 forbairt tithíochta i Ros Comáin nach raibh tógtha i gcúram, agus is é is dóichí go bhfuil siad neamhchríochnaithe ar bhealach éigin dá réir sin. De na forbairtí seo bhí 68 acu áirithe i Suirbhéireacht 2013 An Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, RCPRÁ.
Tá foireann na bhForbairtí Tithíochta Neamhchríochnaithe i gComhairle Contae Ros Comáin ag obair le réiteach a fháil ar na forbairtí tithíochta neamhchríochnaithe sa chontae ar bhealaí éagsúla ar a n-áirítear:
� Teagmháil a dhéanamh le forbróirí, gníomhaireachtaí cistiúcháin, glacadóirí agus/ nó cónaitheoirí le haontú agus feidhmiú a dhéanamh ar Phleananna Réitigh Láithreáin d’fhorbairtí tithíochta neamhchríochnaithe.
� Tá oibreacha déanta ar roinnt forbairtí faoi Thionscnamh um Shábháilteacht Pobail an RCPRÁ le híoslaghdú a dhéanamh ar ghuaiseacha tromchúiseacha sábháilteachta poiblí.
� Tá dhá chéad agus a sé forbairt tithíochta i Ros Comáin nach bhfuil tógtha i gcúram faoi réir bhannaí mar urrús go gcríochnófar an fhorbairt go sásúil. Éilíodh na bannaí i 95 cás.
Bailiú Ranníocaíochtaí ForbarthaDe réir Alt 48 de na hAchtanna Pleanála agus Forbartha 2000 – 2011 ghlac Comhairle Contae Ros Comáin leis an Scéim Rannaíocaíochta Forbartha reatha agus tháinig seo i bhfeidhm ar an 24ú Samhain, 2008, ag cumasú Comhairle Contae Ros Comáin tobhach Rannaíocaíochta Forbartha a chur ar gach Iarratas Pleanála.
Tugann Tábla 2 mionsonraí ar na ranníocaíochtaí a taobhadh i rith 2013, agus soláthraíonn sé comparáid le 2012.
Tábla 2. Scéim Ranníocaíochta Forbartha 2012 agus 2013
Development Contribution Scheme 2012 2013
Ranníocaíochtaí a tobhachadh faoi Cheadanna Pleanála a deonadh i rith na bliana €2,118,237 €865,227
Ranníocaíochtaí sonraisc (Forbairt Tosaithe) €680,826 €845,785
Ranníocaíochtaí a fuarthas €1,225,793 €891,628
Pleanáil Chun Cinn Tosaíodh ar an athbhreithniú ar Phlean Forbartha Contae Ros Comáin 2008-2014 i Meitheamh 2012 agus cuireadh Dréachtphlean Forbartha Contae Ros Comáin 2014-2020 ar taispeáint go poiblí ón 3ú Bealtaine 2013 – 11ú Iúil 2013. Mhol baill go ndéanfaí leasuithe ar an Dréachtphlean i mí na Nollag 2013, de bhun Alt 12(6) den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (mar a leasaíodh). Táthar le glacadh le Plean Forbartha Contae Ros Comáin 2014 – 2020 i 2014.
Leanadh le hobair freisin i 2013 ar Phlean Ceantair Áitiúil Bhaile Ros Comáin (PCÁ) 2014 – 2020, agus áiríodh ullmhúcháin le dul i mbun réimse de chomhairliúcháin phoiblí agus tionscnaimh theagmhála. Beidh Dréachtphlean Bhaile Ros Comáin PCÁ 2014 – 2020 ar dul ar taispeáint go poiblí in Earrach 2014 agus é le teacht i bhfeidhm níos déanaí sa bhliain sin.
28 Comhairle Contae Ros Comáin
Dreasachtaí agus Rialúchán Forbartha
C
Struchtúr Cosanta Ardeaglais,
Bhealach an Doirín
Struchtúr Cosanta Prióireacht Thuilsce
Dreasachtaí agus Rialúchán Forbartha
29Tuarascáil Bhliantúil 2013
Cosaint an Chomhshaoil
Clúdaíonn Rannóg Comhshaoil Chomhairle
Contae Ros Comáin réimse éagsúil
feidhmeanna agus seirbhísí. Is iad na
príomhréimsí ná:
� Rialú ar thruailliú agus Bainistíocht ar Cháilíocht Uisce
� Bainistiú Dramhaíola agus Forfheidhmiúchán � Bainistiú ar Líonadh Talún � Bainistiú Bruscair � Feasacht Comhshaoil � Ionad Fóntas Poiblí agus Bainistiú Bainc
‘Fág Anseo’
Rialú ar Thruailliú agus ar Bhainistíocht ar Cháilíocht UisceClúdaíonn reachtaíocht maidir le rialú ar thruailliú réimsí mar thruailliú uisce, truailliú an aeir, núis agus torann. Ar na gníomhaíochtaí sonracha ar tugadh fúthu maidir le rialú ar thruailliú tá imfiosrú ar chásanna truaillithe uisce, ceadúnú agus monatóireacht ar urscaoilte le huiscí agus séaracha, ceadúnú agus astúcháin chuig an aer, monatóireacht ar uisce óil, feidhmiú ionad cóireála fuíolluisce uirbeach agus monatóireacht ar aibhneacha agus lochanna.
An Chreat-treoir UisceTá forbairt déanta ar chláir mhonatóireachta le stádas na ndobharlach a aithint agus le ceadú dúinn tomhas a dhéanamh ar fheabhsú sa todhchaí mar thoradh ar ghníomhaíochtaí bainistíochta. Ullmhaíodh Pleananna Bainistíochta agus Clár na gCéimeanna a bhain leo leis an tréimhse 2011-2015 a chlúdach. Leag siad síos na céimeanna a bheadh le glacadh ag gach páirtí leasmhar agus na huirlisí le tosaíocht a thabhairt d’fheidhmiú na n-acmhainní atá ar fáil do na beartais seo, d’fhonn cuspóirí na bPleananna a bhaint amach. Is iad na ceithre príomhchuspóirí ná:
1. Cosc a chur le meathlúchán
2. Dea-stádas a thabhairt ar ais
3. Truailliú ó cheimiceáin a laghdú
4. Cuspóirí na gceantar faoi chosaint a bhaint amach
Bainistiú Dramhaíola agus ForfheidhmiúchánDéanadh leithdháileadh ar dheontas €136,373 chuig Comhairle Contae Ros Comáin ón gCiste Comhshaoil le tacú le tionscnaimh tiomnaithe agus intomhaiste forfheidhmiúcháin. Leanann an tAonad Forfheidhmithe ag feidhmiú agus mar thoradh ar sin tá méadú suntasach ar fhorfheidhmiú na nAchtanna um Bainistiú Dramhaíola agus um Thruailliú Uisce.
Bainistiú ar Líonadh TalúnLeanann Comhairle Contae Ros Comáin le monatóireacht a dhéanamh agus le dhá líonadh talún le ceadúnais dúnta ag Bealach an Doirín agus Ros Comáin.
Ionaid AthchúrsálaLeanann Comhairle Contae Ros Comáin le ceithre Ionad Athchúrsála a fheidhmiú ag Mainistir na Búille, Ros Comáin, Bealach an Doirín agus An Caisleán Riabhach. Tá 40 banc buidéal suite ar fud an Chontae le bainc teicstíle suite ag 29 de na suíomhanna seo.
Clárú Umar SeipteachIs í aidhm an chórais cláraithe agus cigireachta do chórais chóireála fuíolluisce tí ná cáilíocht screamhuisce agus uisce dromchla (go háirithe foinsí uisce óil) a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le córais mhí-fheidhmeacha. Le feidhm ón 26ú Meitheamh 2012 tá ar gach úinéir áitribh atá nasctha le córas cóireála fuíolluisce tí a gcóras a chlárú. Is í an táille chlárúcháin anois ná €50. Tosaíodh ar chigireachtaí faoin Acht um Sirbhísí Uisce 2007 (mar a leasaíodh) i 2013.
30 Comhairle Contae Ros ComáinC
Rialacháin maidir le DramhbhiaD’oibrigh Comhairle Contae Ros Comáin le ceithre ghnó a bhaineann le tionscal an bhia faoin gClár maidir le Dramhbhia. Déanadh iniúchtaí ar dhramhbhia in éineacht le measúnuithe fuinnimh agus soláthraíodh aiseolas do na gnólachtaí.
Na Fodhlíthe um Stóráil agus Láithriú DramhaíolaRinne Maoir bhruscair Cigireachtaí Teaghlaigh lena chinntiú go raibh na Fodhlíthe á gcomhlíonadh.
Feasacht Chomhshaoil agus Tionscnaimh Frithbhruscair Soláthraíonn Comhairle Contae Ros Comáin réimse leathan seirbhísí glas-chumasaithe agus tá tuiscint an-mhaith againn ar chur chun cinn agus spreagadh ar dhearcadh agus uaillmhian ghlas i ndearcadh agus i gcleachtas dhaoine indibhidiúla, ghnólachtaí agus scoileanna inár limistéar feidhme.
Scoileanna GlasaTá gach Meánscoil sa chontae, 94% de na Bunscoileanna, agus 3 ghrúpa súgartha agus club óige amháin cláraithe ar Chlár na Scoileanna Glasa. Bronnadh 85 Bratach Uaine ar fad i Ros Comáin..
Comórtais ChomhshaoilSpreagtar rannpháirtíocht an phobail trí thionscnaimh phobail mar Comórtas Mhíle Órga na bhFál Sceach, Comórtas na nEastát Slachtmhar, Comórtas na nÚirleachas Slachtmhar, Glantachán Náisiúnta Earraigh, Mórtas Bláthach agus Gnólachtaí Éireannacha in Aghaidh Bhruscair.
Glantachán Earraigh
Bhí beagnach 100 grúpa pobail agus scoileanna rannpháirteach i nGlantachán Earraigh 2013 a sheol Comhairle Contae Ros Comáin le Coiste Bhailte Slachtmhara Bhaile Mhic Oireachtaigh, agus Sarah McGovern, Ambasadóir Ghlantacháin Earraigh.
Glac le Scéim Bhainc ‘Fág Anseo’Chuir grúpaí rannpháirteacha feabhas ar shaoráidí bainc ‘fág anseo’, agus rinne siad monatóireacht agus tuairisciú ar dhumpáil neamhdhleathach.
Scéim maidir le Bóthar a Thógáil i gCúramTugadh cuireadh do Ghrúpaí Pobail cuid de bhóthar a thógáil i gcúram agus clár cothabhála bruscair a bheith acu i gcomhaontú le Comhairle Contae Ros Comáin. Cuireadh cúig Ghrúpa Pobail ar ghearrliosta le bheith rannpháirteach i 2013.
Feachtas in Aghaidh Salú ag MadraíLean Comhairle Contae Ros Comáin lena feachtas in Aghaidh Salú ag Madraí i rith 2013. Déanadh teachtaireachtaí in aghaidh salú ag madraí a chur le stionsail ar chosáin na mbailte agus na sráidbhailte ar fud an chontae. Déanadh leithdháileadh freisin ar phóstaeir agus málaí do shalachar madraí.
Feachtas Bruscair GhumaSheol Comhairle Contae Ros Comáin a feachtas áitiúil i gColáiste Pobail Ros Comáin, in éineacht le daltaí ó Scoil na mBráithre, Clochar na Trócaire, ionadaithe Bailte Slachtmhara agus lucht gnó.
Seoladh Glantachán Earraigh le Bailte Slachtmhara Bhaile Mhic Oireachtaigh agus Sarah McGovern,
Ambasadóir An Taisce
Cosaint an Chomhshaoil
31Tuarascáil Bhliantúil 2013
Feachtas Where have you Bin? iRadio agus Comhairle Contae Ros ComáinSheol iRadio in éineachtr le 8 Údarás Áitiúil eile mórfheachtas frithbhruscair a bhí ar siúl le linn na Samhna 2013.
Scannán Gearr Frithbhruscair 2013Bhí seacht meánscoil rannpháirteach i bhFógra Frithbhruscair a chur le chéile a taispeánadh den chéad uair san Ionad Ealaíona, i mbaile Ros Comáin. Ba mhic léinn ó Choláiste Pobail an Ail Finn a rinne an fógra a fuair an bua agus taispeánadh an fógra sa phictiúrlann i gCora Droma Rúisc i gcaitheamh an tsamhraidh.
Comórtas Póstaer TCIIarradh ar dhaltaí Meánscoile póstaer a dhearadh ag úsáid íomhá TCI a fhéadfaí a úsáid ag ionaid Banc ‘Fág Anseo’ ar fud an chontae le caitheamh bruscair agus dumpáil neamhdhleathach a dhíspeagadh.
Feachtas in Aghaidh Bhruscair ThoitíníSheol Comhairle Contae Ros Comáin a feachtas frithbhruscair thoitíní Roscommon is not an Ashtray i mBealtaine 2013, in éineacht le Cumann Fíoncheannaithe Ros Comáin. Úsáideadh fógraí sealadacha stionsail le teachtaireachtaí Frithbhruscair Thoitíní a bheith chomh cóngrach don iompar caite bruscair agus ab fhéidir é le héifeacht an fheachtais a mhéadú.
Comórtas Póstaer BithéagsúlachtaMar chuid den Bio Blitz 2013 eagraíodh comórtas Póstaer Bithéagsúlachta le scoileanna náisiúnta sa Chontae. Iarradh ar pháistí scoile póstaer a dhearadh ag taispeáint Bhithéagsúlachta Ros Comáin. Bronnadh duaiseanna ag Páirc Foraoise Loch Cé i mBealtaine 2013.
Seoladh Bruscar Guma ag Coláiste Pobail Ros Comáin
32 Comhairle Contae Ros Comáin
Cosaint an Chomhshaoil
C
Bainistíocht AirgeadaisFeidhmíonn an Chomhairle Contae Cuntas Ioncaim le freastal ar chostas na heagraíochta ó lá go chéile agus Cuntas Caipitil do sholáthar sóchmhainní mar thithe agus bóithre. Bhí leibhéal caiteachais don Chuntas Ioncaim in 2013 thart ar €60m, agus bhí an Cuntas Caipitil thart ar €35m. Tá luach
measta ar shóchmhainní na Comhairle Contae thart ar €2bn.
IoncamTá bailiú ioncaim áitiúil fíorthábhachtach don údarás áitiúil toisc go gcabhraíonn sé le hairgeadú agus seachadadh seirbhísí dár gcustaiméirí. Rátaí an t-ioncam lánroghnach is mó atá ar fáil do Chomhairle Contae Ros Comáin. Bhí an Ráta bliantúil ar Luacháil ( ar a dtugtaí an ráta sa phunt roimhe seo) do 2013 ar 72.89, ar ionann agus méadú 2% é ar ráta 2012. Ba é €11,195,305 an t-iomlán a sonraíodh don bhliain, le
ráta bailiúcháin de 77% bainte amach.
Ráitis AirgeadaisTáirgítear na cuntais reachtúla ag teacht leis an gCód Cleachtais Cuntasóireachta. Seachadadh barrachas de €38,723 in 2013, rud a thug an cúlchiste ginearálta foriomlán ar ais go barrachas ar €149,312. Déanfaidh Seirbhís Iniúchóireachta
Rialtais Áitiúil, sirá, iniúchóireacht ar an gcuntas i rith 2014.
Mótarcháin Tugtar imlíne i dTábla 1 ar chuid de na staitisticí a bhaineann le Mótarcháin don tréimhse cúig bliana ó 1009 go 2013, an dá bhliain sin san áireamh:
Tábla 1: Staitisticí Mótarchánach 2009-
2013
2009 2010 2011 2012 2013
Líon na gCeadúnas Feithicle a eisíodh 53,473 50,644 49,124 46,077 47,836
Líon Ceadúnais (Iomlán) Tiomána 4,851 7,396 6,988 7,078 5,555
Líon na gCeadúnas Foghlaimeora
2,658 2,556 2,593 2,298 1,948
Is é an figiúr thuasluaite de 47,836 ceadúnas feithicle a eisíodh in 2013 líon na ndioscaí cánach a eisíodh san Oifig Mhótarchánach in 2013, eisíodh 26,963 diosca cánach chomh
maith in 2013 do thiománaithe ó Ros Comáin tríd an seirbhís Mhótarchánach Ar Líne, agus eisítear na dioscaí seo go díreach ón Aonad Clárúcháin Feithiclí sa tSionainn, Contae an Chláir. Ba é an t-ioncam iomlán a gineadh ó Chánachas Carranna (Ceadúnú Tiománaithe san áireamh) sa chontae in 2013 ná €10,613,246 a íocadh leis an Rialtas Láir. Ba é an méid iomlán a d’íoc tiománaithe Ros Comáin leis an Seirbhís Mótarchánach ar Líne i 2013 ná €6,166,827.
Ní raibh aon mhéadú sna rátaí mótarchánacha in 2013.Mhéadaigh na táillí ar cheadúnas tiomána agus ar cheadúnas foghlaimeora le feidhm ón 1ú Eanáir 2013 agus bhí na táillí athcheartaithe mar seo a leanas: Ceadúnas Iomlán 10 mBliana €55; Ceadúnas Iomlán 3 Bliana (Ar Chúiseanna Míochaine agus Aoise) €35; 1 Bliain (Ar Chúiseanna Míochaine): €25; Ceadúnas Foghlaimeora: €35. Tugadh táille €35 isteach maidir le catagóir nua in éineacht leis an gceadúnas tiomána nó foghlaimeora atá ann, le feidhm ón 12ú Eanáir 2013. D’fhan ceadúnas tiomána nó foghlaimeora do thiománaí os cionn 70 nó os a chionn in aisce.
Tharla athrú mór ar oibriú agus bainistiú an chórais ceadúnais tiomána i 2013. Ba é an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre an t-údarás ceadúnúcháin náisiúnta ó Eanáir 2013.Le feidhm ón 19ú Eanáir 2013 ba i bhfoirm chárta creidmheasa plaisteach a eisíodh gach ceadúnas tiomána agus foghlaimeora. Lean an Oifig Mótarchánach le déileáil agus le próiseáil a dhéanamh ar iarratais ar cheadúnais tiomána agus foghlaimeora go dtí an 25ú Deireadh Fómhair 2013, mar sin féin déanadh an ceadúnas sa bhfoirm nua a tháirgeadh i sainsaoráid déanta cártaí toisc gnéithe slándála ardleibhéil na gcártaí. D’éirigh an Oifig Mótarchánach as glacadh le hiarratais ar cheadúnais tiomána agus foghlaimeora ón 29ú Deireadh Fómhair 2013 agus ón data sin amach bheadh freagracht ar an Seirbhís Náisiúnta um Cheadúnais Tiománaithe (SNCT) as an tseirbhís seo a sholáthar.
Achtaíodh an tAcht um Neamhúsáid Mótar-Fheithiclí 2013 i Meitheamh 2013. Thug an tAcht seo socruithe nua isteach maidir le dearbhú nach raibh feithicil ar an mbóthar. In ionad an tsocraithe a bhí ann go bhféadfadh úinéir na feithicle a dhearbhú go cúlghabhálach nach raibh an fheithicil ar an mbóthar trí stampa a fháil ar an bhfoirm ag Stáisiún An Gharda Síochána, tugadh córas isteach a éilíonn dearbhú nach raibh an fheithicil ar an mbóthar trí Fhoirm RF150 a líonadh. Le hachtú an tAcht um Neamhúsáid Mótar-Fheithiclí agus an idirthréimhse ina dhiaidh sin tháinig méadú suntasach ar
mhéid oibre na hOifige Mótarchánach i rith 2013.
Airgeadas
Tá an Rannóg Airgeadais freagrach as:
� Bainistíocht airgeadais acmhainní. � Ioncam a bhailiú. � Táirgeadh Cuntas Reachtúil. � Mótarcháin.
33Tuarascáil Bhliantúil 2013 3
2013 2012
€ €
Sócmhainní Seasta
Oibríochtúil 187,786,201 186,395,540Infreastruchtúrtha 1,819,492,734 1,825,583,716Pobal 11,588,490 11,632,393Oibríochtúil 1,555,000 1,575,000 2,020,422,425 2,025,186,649
Obair idir lámha agus Réamhchostais 111,530,687 89,077,107
Féichiúnaithe Fadtéarmacha 5,476,303 6,191,277
Sóchmhainní Reatha
Stoic 82,821 101,309Féichiúnaithe Trádála agus Réamhíocaíochtaí 8,730,007 10,716,863Infheistíochtaí Bainc 1,556,386 1,686,914Airgead sa Bhanc 6,204,358 8,226,914Airgead Faoi Bhealach 216,666 287,854 16,790,238 21,019,854
Dliteanais Reatha
Creidiúnaithe agus Fabhruithe 9,010,820 5,305,964Cuntas Uirbeach - -Léasanna Airgeadais - - 9,010,820 5,305,964
Glan-Sócmhainní Reatha / (Dliteanais) 7,779,418 15,713,890
Creidiúnaithe (Méideanna dlite níos sia ná aon bhliain amháin)
Iasachtaí Iníoctha 23,577,842 26,010,553Léasanna Airgeadais - -Taiscí in-aisíoctha 1,556,386 1,719,375Eile 422,979 776,010 25,557,207 28,505,938
Glansóchmhainní / (Dliteanais) 2,119,651,626 2,107,662,985
Ionadaithe ag
Cuntas Caipitlíochta 2,020,422,425 2,025,186,649Ioncam WIP 108,163,287 93,198,851Sain-chúlchiste Ioncaim 1,723,174 1,723,174Gnáth-chúlchiste Ioncaim 149,312 110,589Iarmhéideanna Eile (10,806,570) (12,556,280)Cúlchiste Iomlán 2,119,651,628 2,107,662,983
Clár Comhardaithe ar an 31Ú Nollaig 2013
34 Comhairle Contae Ros Comáin
Airgeadas
C
Ráiteas Cuntais Ioncaim agus Caiteachais don Bhliain dar Chríoch 31ú Nollaig 2013Tugann an Ráiteas Cuntais Ioncaim agus Caiteachais an uile ioncam agus caiteachas ioncamghaolmharle chéile. Taispeáineann sé an barrachas/(easnamh) don bhliain.
Caiteachas de réir Cláir
Gross Ioncam Net Net Ollchaiteachas Glanchaiteachas Caiteachas 2013 2013 2013 2012
€ € € €
Tithíocht & Tógáíl 6,130,633 6,164,063 (33 ,431) (490,044)
Iompar agus Sábháilteacht ar Bhóithre 20,336,269 16,188,240 4,148,030 4,309,865
Seirbhísí Uisce 11,792,193 4,471 ,497 7,320,696 6,050,312
Bainistíocht Forbartha 4,427,156 837,633 3,589,523 3,678,571
Seirbhísí Comhshaoil 5,757,128 1,200,831 4,556,298 5,404,328
Áineas agus Taitneamhach 3,431,262 704,994 2,726,268 2,696,734
Talmhaíocht, Oideachas, Sláinte agus Leas 2,707,675 2,159,441 548,234 511,360
Seirbhísí Ilghnéitheacha 5,782,611 1,916,366 3,866,245 3,734,175
Muirir Bhainistíochta Lárnaigh - - - -
Caiteachas/Ioncam Iomlán 60,364,927 33,643,065
Glanchostas na Ranna le maoiniú trí Rátaí agus Ciste Rialtais Áitiúil 26,721 ,862 25 ,895,300
Rátaí 11,195,305 11,223,586
Asbhaintí a Bhaineann le Pinsean 1,154,726 1,166,394
Ciste Rialtais Áitiúil – Deontas Ilchuspóra 15,784,524 15,521,073
Barrachas/(Easnamh) don Bhliain roimh Aistrithe 1,412,693 2,015,753
Aistrithe ó/(go) Cúlchistí (1,373 ,970) (2,004,977)
Barrachas/(Easnamh)Foriom lán don Bhliain 38,723 10,775
Cúlchiste Ginearálta @ 1ú Eanáir 110,589 99,814
Cúlchiste Ginearálta @ 31ú Nollaig 149,312 110,589
Airgeadas
35Tuarascáil Bhliantúil 2013 3
Tithíocht agus
Tógáíl
10%Iompar agus
Sábháilteacht ar
Bhóithre
34%
Seirbhísí
Uisce
19.5%
Bainistíocht
Forbartha
7%
Seirbhísí
Comhshaoil
9.5%
Áineas agus
Taitneamhacht
6%
Talmhaíocht,
Oideachas,
Sláinte
agus Leas
4.5%
Seirbhísí
Ilghnéitheacha
9.5%
Costais Ilghnéitheacha
2%
Párolla
43%
Costais
Oibriúcháin
Costais
Riaracháin
3%
Costais
Teaghlachais
1%
Costais
Airgeadais
7%
Conas a Caitheadh an Buiséad Ioncaim in 2013
2013 2013
€ %
Tithíocht agus Tógáíl 6,130,633 10%
Iompar agus Sábháilteacht ar Bhóithre 20,336,269 34%
Seirbhísí Uisce 11,792,193 19.5%
Bainistíocht Forbartha 4,427,156 7%
Seirbhísí Comhshaoil 5,757,128 9.5%
Áineas agus Taitneamhacht 3,431,262 6%
Talmhaíocht, Oideachas, Sláinte agus Leas 2,707,675 4.5%
Seirbhísí Ilghnéitheacha 5,782,611 9.5%
Iomlán 60,364,927 100%
2013 2013
€ %
Párolla 26,241,839 43%Costais Oibriúcháin 26,556,747 44%Costais Riaracháin 1,968,404 3%Costais Teaghlachais 386,445 1%Costais Airgeadais 4,291,053 7%Costais Ilghnéitheacha 920,438 2%
Iomlán 60,364,926 100%
Caiteachas de réir Cláir
Cad air a caitheadh airgead
36 Comhairle Contae Ros Comáin
Airgeadas
C
Tharla athrú leanúnach i 2013 ar an mbealach a ndearna Comhairle Contae Ros Comáin
réimse dá feidhmeanna tithíochta a chomhlíonadh. Mar thoradh ar an laghdú ar mhaoiniú
caipitil do na haonaid tógála agus fáltais tá athchóiriú á dhéanamh ar chorrfholúntais
i stoc reatha tithíochta na Comhairle agus an Scéim um Chóiríocht ar Cíos mar dhá
phríomhfhoinse soláthair Tithíochta Sóisialta sa chontae. Ar na foinsí eile le cóiríocht
a sholáthar áirítear socruithe léasaithe fadtéarma nuair a bhíonn gá le haonaid agus le
haonaid a sholáthar trí Scéimeanna Deonacha Tithíochta.
Measúnú ar Riachtanais do Chóiríocht TithíochtaSocraítear cáilitheacht do thithíocht shóisialta de réir Rialacháin Mheasúnaithe Tithíochta Sóisialta 2011 agus déantar leithdháileadh de réir na Scéime um Thosaíocht Ligin. Faoi Alt 21 d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 2009, bhí ar údaráis tithíochta measúnú a dhéanamh ar an riachtanas tithíochta agus achoimre a ullmhú ar na measúnaithe maidir le tithíocht shóisialta a déanadh ina réimse riaracháin ar an 30ú Aibreán 2013. Léiríonn an measúnú seo gá glan 256 iarrthóir incháilithe do thacaíocht tithíochta sóisialta.
Clár Infheistíochta Tithíochta Sóisialta (CITS)Soláthraítear tithe sóisialta trí mheascán de thithe a thógáil, tithe a cheannach nó a fháil lándéanta ag brath ar an méid airgid a bhíonn ar fáil faoi CITS. Ceannaíodh daichead teach i 2013 agus déanadh leithdháileadh ar 84 teach (1 nua, 3 faighte agus 80 corrfholúntas) i 2013.
Forbairt Tithíochta Chomhairle Contae Ros Comáin
ag Kilmacananney, Béal na mBuillí
Tithíocht agus Tógáil
37Tuarascáil Bhliantúil 2013
Scéim um Chóiríocht ar Cíos (SCC)Is é atá i gceist leis an Scéim um Chóiríocht Cíosa, a tugadh isteach in 2004, ná go nglacann údaráis áitiúla freagracht go forásach as cóiríocht a dhéanamh ar fhaighteoirí liúntais cíosa a bhfuil sainriachtanas fadtéarmach tithíochta acu, trí chomhaontuithe díreacha idir na húdarás áitiúil agus an earnáil phríobháideach cíosa. In 2013, aistríodh 68 aonad faoin scéim i dtreo is go bhfuil 402 aonad sa scéim faoi láthair.
Scéimeanna Deonacha TithíochtaDéanann an earnáil dheonach agus comharthithíochta clár tógála tithíochta na Comhairle a fhorlíonadh trí aonaid de chóiríocht ar cíos a sholáthar do dhaoine go bhfuil gá acu d’athchóiríocht. Déanann an Chomhairle teagmháil le Comhlachtaí Tithíochta faofa agus measúnú á dhéanamh ar éileamh i gceantar áirithe. Bíonn ról maoirseachta acu i ndearadh agus tógáil na dtionscadal agus ról teagmhála maidir le tionóntaí oiriúnacha a roghnú don réadmhaoin. Críochnaíodh 22 scéim faoin gClár seo, ag soláthar 151 aonad breise cóiríochta ar cíos. Tá ceithre scéim eile ag Ard Salach Mór, Ros Comáin (7 n-aonad), Lios Ruáin, Béal na mBuillí (7 n-aonad), Cruachán, Mainistir na Búille (10 n-aonad) agus An Siúlán, Ros Comáin (3 aonad) le bheith críochnaithe agus áitithe i 2014.
Straitéis Tithíochta - Cuid VDe réir fhorálacha Chuid V an Achta um Pleanáil agus Forbairt 2000, mar a leasaíodh, ghlac Comhairle Contae Ros Comáin leis an Straitéis Tithíochta 2001 – 2006 (ar síneadh ina dhiaidh sin go 2008 í). Is eilimint de Phlean Forbartha Contae Ros Comáin 2008-2014 í an Straitéis Tithíochta reatha 2008-2014. I 2012 d’ullmhaigh Rannóg Pleanála na Comhairle Croístraitéis go n-áireofaí bonn fianaise lena léiriú go bhfuil an Plean Forbartha Contae ag déanamh de réir na Straitéise Náisiúnta Spásúlachta agus na Treoirlínte um Pleanáil Réigiúnach. Déanadh athbhreithniú ar an Straitéis Tithíochta sa chomhthéacs seo. Is iad na treoracha a fuarthas ón Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil ná go gcaithfidh na comhaontuithe a dhéantar a bheith neodrach ó thaobh costais don Údarás Áitiúil.
Feabhsú ar an Stoc Tithíochta/Uasghrádú FuinnimhTáthar ag leanúint le hobair ar uasghrádú a dhéanamh ar stoc tithíochta na Comhairle le hoibreacha á maoiniú go hiomlán ó Fháltais Chaipitil Inmheánaigh agus Leithdháileadh Roinne.. Faoi Chlár Uasghrádaithe Éifeachtúlachta Fuinnimh/Spreagtha Jabanna 2013 déanadh €293,206 a leithdháileadh ar Chomhairle Contae Ros Comáin d’iarfheistiú inslithe chuasbhallaí agus áiléir i stoc áitithe an Údaráis Áitiúil. Déanadh uasghrádú ar 91 teach faoin scéim seo i 2013 agus déanadh athchóiriú ar 54 teach eile agus filleadh ar an stoc iad, maoinithe ó Fháltais Chaipitil Inmheánaigh.
Forbairt Tithíochta Chomhairle Contae Ros Comáin ag Manor Valley,
Fearann na Manach, Baile Átha Luain
38 Comhairle Contae Ros Comáin
Tithíocht agus Tógáil
C
Bainistíocht Eastát Tá an tOifigeach Idirchaidrimh Tithíochta fostaithe le feabhas a chur ar chaidrimh idir thionóntaí/tiarnaí talún, chun an cleachtas is fearr i mbainistíocht agus i gcothabháil stoic tithíochta a bhunú agus chun tionscnaimh bhainistíochta eastát a fhorbairt. Faoi Alt 35 d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009 ghlac Comhairle Contae Ros Comáin le Straitéis maidir le hIompraíocht Fhrithshóisialta ar an 18ú Deireadh Fómhair 2010.
Leagann an straitéis seo céimeanna amach le dea-bhainistíocht eastáit a chur chun cinn.
Iasachtaí TithíochtaLeagann Rialacháin na dTithe (Iasachtaí Údaráis Tithíochta) 2009 amach riachtanais agus próisis d’fhaomhadh údaráis áitiúil ar iasachtaí.
Díol Láithreán PríobháideachaLeanann an Chomhairle le roinnt láithreán atá seirbhísíte go hiomlán a bheith ar fáil le díol le ceannaitheoirí céaduaire. Díoltar na suímh ar lascaine shuntasach ar an luach margaidh agus ceadaítear dos na ceannaitheoirí a gcineál tí féin a roghnú faoi réir ag cead pleanála a bheith deonaithe. Tá 12 láithreán ar fáil le ceannach faoi láthair, ceann ag Ard Salach Mór, Baile Ros Comáin agus aon cheann déag ag Radharc na Foraoise, Mainistir na Búille.
Scéim Cheannaigh ag TionóntaíD’fhógair an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil go raibh deireadh á chur le Scéim Cheannaigh ag Tionóntaí 1995 le feidhm ón 31ú Nollaig 2012.
Scéimeanna na nDeontas TithíochtaRinne Comhairle Contae Ros Comáin cúnamh deontais a sholáthar faoi dhá Scéim Deontais i 2013 le caiteachas iomlán de €770,746; fuair 85 faighteoir €548,771.96 faoin Scéim Deontais Oiriúnaithe Tithe agus fuair 34 faithteoir €221,974.04 faoin Scéim Cúnaimh Tithíochta do Dhaoine Scothaosta.
Cóiríocht Phríobháideach ar CíosDe réir Rialacháin um Thithíocht (Caighdeáin do Thithe ar Cíos) 2008, tá freagracht ar na húdaráis áitiúla as na rialacháin reachtúla maidir le Cóiríocht Phríobháideach ar Cíos a fhorfheidhmiú. Déanann Comhairle Contae Ros Comáin imscrúdú ar bhonn leanúnach ar chóiríocht phríobháideach ar cíos. Déanadh cigireacht ar 465 áit chónaithe i 2013 agus céanadh cigireachtaí leantacha d’fhonn na Rialacháin um Chaighdeáin do Thithe Príobháideacha ar Cíos a fhorfheidhmiú. Rinneadh 691 imscrúdú ar fad i rith 2013.
Easpa Dídine – Straitéis ChomhtháiteUllmhaíodh an Plean Gníomhaíochta Réigiúnach an Iarthair maidir le hEaspa Dídine 2013-2016 agus glacadh leis ar an 27ú Bealtaine, 2013 de réir Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 2009, Cuid 2, Caibidil 6. Is é Comhairle Cathrach na Gaillimhe an t-údarás tosaigh i Réigiún an Iarthair do Chathair na Gaillimhe, Contae na Gaillimhe, Ros Comáin agus Maigh Eo.
Cóiríocht do ThaistealaitheTagann deireadh leis an gClár Cóiríochta do Thaistealaithe 2009-2013 ar an 31ú Nollaig 2013. Glacfar le clár nua a chlúdóidh an tréimhse ón 1ú Eanáir 2014 go dtí 31ú Nollaig 2018 i 2014.
Tithíocht agus Tógáil
39Tuarascáil Bhliantúil 2013 3
Acmhainní Daonna
Tá freagracht ar an Roinn Acmhainní Daonna maidir le:
� Earcú agus imlonnú foirne
� Traenáil agus Forbairt Foirne
� Bainistíocht Feidhmíochta
� Leas Foirne
� Polasaithe agus Modhanna Oibre Foirne
� Bainistíocht Comhionannais agus Éagsúlachta
� Caidreamh Tionsclaíoch Foirne
� Aoisliúntas
FoireannAithníonn Comhairle Contae Ros Comáin gurb iad an fhoireann an acmhainn is luachmhaire san eagraíocht agus go bhfuil ról ríthábhachtach acu maidir lena cuspóirí a bhaint amach. Is aidhm don Chomhairle Contae an deis a thabhairt do gach duine dá fostaithe a lánacmhainn a bhaint amach trí thraenáil agus rannpháirtíocht leanúnach i bpleanáil agus i seachadadh seirbhísí ar ardchaighdeán.
Comhaontú Cobhsaíochta na Seirbhíse Poiblí 2013-2016 (Comhaontú Bhóthar Haddington) / Athchóiriú an Rialtais ÁitiúilTháinig Comhaontú Cobhsaíochta na Seirbhíse Poiblí 2013-2016 i bhfeidhm ar an 1ú Iúil, 2013 do thréimhse trí bliana. Soláthraíonn an Comhaontú struchtúr le hathrú a bhainistiú tríd an Earnáil Phoiblí. Faoin gComhaontú tá Comhairle Contae Ros Comáin tar éis céimeanna cobhsaíochta a thabhairt isteach ar a n-áirítear céimeanna a bhaineann le pá agus táirgiúlacht, breis uaireanta oibre tugtha isteach, athchóirú agus athstruchtúrú ar an láthair oibre. Leanadh le sábháil a bhaint amach trí éifeachtúlacht shuntasach a bhaint amach ar a n-áirítear athruithe ar chleachtais oibre agus feabhas ar nósanna imeachta soláthair. Ina theannta sin táthar ag iarraidh ar Údaráis Áitiúla glacadh le bealaí nua oibre faoin gClár Athchóirithe Rialtais Áitiúil, próiseas a bhfuil trí phríomheilimint mar thaca leis: aistriú chuig Uisce Éireann, seirbhísí i gcomhpháirt agus Daoine a Chur sa Chéad Áit.
Ba mhaith le Comhairle Contae Ros Comáin buíochas a chur in iúl d’fhoireann uile na Comhairle agus d’ionadaithe na foirne as a gcomhoibriú, a solúbthacht agus a dtiomantas.
Caidreamh TionsclaíocOibríonn an Roinn Acmhainní Daonna in éineacht le Ceardchumainn agus Ionadaithe Foirne chun caidreamh maith oibre a thabhairt i gcrích agus tá sí tiomanta do chomhshaol maith um Chaidrimh Thionsclaíoch a chur chun cinn.
40 Comhairle Contae Ros ComáinC
Comhionannas agus ÉagsúlachtTá Comhairle Contae Ros Comáin tiomanta do phrionsabail am chomhionannais rochtana, rannpháirtíochta agus forthoraidh do chách maidir le seachadadh seirbhíse agus le feidhm na nAcmhainní Daonna. Déanann an Chomhairle Contae dianiarracht a chinntiú go gcaitear go cothrom le gach saoránach agus nach ndéantar leatrom maidir le haon cheann de na húdair a aithnítear sa reachtaíocht chomhionannais.
Staitisticí EarcaíochtaBa é líon iomlán na foirne a bhí fostaithe ag Comhairle Contae Ros Comáin ar an 31ú Nollaig, 2013 ná 496.
Ceapacháin 2013 � Mary Grier, Pleanálaí Sinsearach
� Adrian Gorman, Maor Seirbhísí Ginearálta
� Adrian Reynolds, Maor Seirbhísí Ginearálta
� Bernard Devine, Feighlí Séarachais
� John Lawe, Saoiste
� David Lee, Saoiste
� Harry Woods, Oifigeach Stáisiúin
� Brendan Foy, Oifigeach Fostáisiúin
� Patrick Sharkey, Oifigeach Fostáisiúin
� Pat Finn, Comhraiceoir Dóiteáin
� David Taylor, Comhraiceoir Dóiteáin
� Bobby Cooper, Comhraiceoir Dóiteáin
� Ciaran O’Reilly, Comhraiceoir Dóiteáin
� Mark Gilleran, Comhraiceoir Dóiteáin
Scor/Éirí as in 2013 � Pat O’Connor, Saoiste
� John Quigley, Oibrí Ginearálta
� John Cooney, Tiománaí Leoraí
� Sean Martin, Oifigeach Stáisiúin
� Dermot Mulvihill, Comhraiceoir Dóiteáin
� Gerard Gibbons, Comhraiceoir Dóiteáin
� Pat Middleton, Saoiste
� Danny Rogerson, Oibrí Leathoilte
� Tom Cassidy, Oibrí Ginearálta
� Patrick Scanlon, Oibrí Ginearálta
� Anne Nolan, Oifigeach Cúnta Foirne
� Joan McDermott, Oifigeach Cléireachais
� Maria Revins, Oifigeach Cléireachais
� Esther Costello, Oifigeach Cúnta Foirne
� Gerard Greally, Innealtóir Sinsearach Feidhmiúcháin
Traenáil agus Forbairt FoirneSoláthraíodh clár cuimsitheach traenála agus forbartha d’fhoireann Chomhairle Contae Ros Comáin i rith 2013. Tugtar imlíne i dTábla 1 ar an 2,382 lá traenála a soláthraíodh do 503 ball foirne.
Tábla 1: Laethanta Traenála Foirne 2013
Catagóir FostaíochtaLíon na Foirne a
Fuair Traenáil
Líon na Laethanta Traenála
Faighte
Ardbhainistíocht 17 91.5
Fostaithe Riaracháin/Cléireachais 149 289.5
Fostaithe Innealtóireachta/Teicniúla 96 458
Oibrithe Ginearálta agus Gráid Ghaolmhara 185 666
Seirbhís Dóiteáin – Comhraiceoirí Dóiteáin Fostaithe
56 877
Iomlán 503 2,382
Acmhainní Daonna
41Tuarascáil Bhliantúil 2013
Chlúdaigh imeachtaí Traenála agus Forbartha réimsí fairsinge mar bhainistíocht feidhmíochta, sláinte agus sábháilteacht, oibriú innealra/trealaimh, saineolas proifisiúnta/teicniúil ceirde, teicneolaíocht faisnéise agus cosaint leanaí. Tá samplaí den traenáil a soláthraíodh leagtha amach i dTábla 2.
Tábla 2: Cúrsaí Traenála agus Forbartha 2013
Teideal an ChúrsaFad an Chúrsa
(Laethanta)
Líon na bhFostaithe
a Traenáladh
Múnla athchóirithe CBFF Oiliúint Feasachta Foirne 0.5 406
Múnla athchóirithe CBFF Oiliúint Bhainistíochta Líne 1 127
Pas Sábháilte 1 19
Bainistiú Sábháilteachta i dTógáil 0.5 44
Oiliúint ar Láimhsiú Sábháilte 0.5 247
Traenáil Gharchabhrach 3 52
Comharthaíocht, Soilsiú agus Cosaint ag Oibreacha Bóthair 3 13
Faisnéis Nuashonraithe ar Chomharthaíocht, Soilsiú agus Cosaint ag Oibreacha Bóthair
1 59
Traenáil ar Shuíomhanna Cúnga (Riosca Íseal) 1 22
Traenáil ar Shuíomhanna Cúnga (Meánriosca) 1 22
Traenáil ar Shuíomhanna Cúnga (Ardriosca) 1 24
Seimineár Sláinte agus Sábháilteachta 0.5 45
Oiliúint Athnuachana in Úsáid Sábh Slabhrach 2 19
Athnuachan Oiliúna Roithleán Scríobacha 1 42
Oiliúint Athnuachana in Úsáid Dumpaire ar an Láithreán 1 14
Teastas Inniúlachta Gairmiúil Tiomána (Modúil 1) 1 41
Teastas Inniúlachta Gairmiúil Tiomána (Modúil 2) 1 17
Teastas Inniúlachta Gairmiúil Tiomána (Modúil 3) 1 15
Teastas Inniúlachta Gairmiúil Tiomána (Modúil 4) 1 16
Socraigh Do Shráid 0.5 17
Oiliúint ar Eolas Mhapaí 1 13
Oiliúint ar Fheasacht maidir le Cosaint Leanaí 0.25 50
Córas Bainistíochta agus Forbartha Feidhmiúcháin (CBFF)Is cuspóir den CBFF a dheimhniú go bhforbraítear pleananna straitéiseacha agus oibriúcháin ar fud gach leibhéal den eagraíocht. Is é a Plean Corparáideach bunchloch chóras CBFF Chomhairle Contae Ros Comáin. Úsáidtear an Plean Corparáideach mar bhonn le Pleananna Forbartha Foirne, PFF, a ghiniúint laistigh de gach rannóg agus ina thuras cruthóidh seo Pleananna Forbartha Pearsanra, PFP, do gach fostaí. Bunaíonn na pleananna seo aidhmeanna, spriocanna agus creataí ama chun a chinntiú go gcuideoidh gach duine san eagraíocht le seirbhís ardchaighdeáin a sheachadadh don phobal. Tugadh athshamhail de CBFF isteach i 2013 le feabhas a chur ar an bpróiseas athbhreithnithe agus measúnaithe ar fheidhmíocht an fhostaí. Bhí ar gach rannóg PFF a ullmhú don bhliain agus bhí ar gach fostaí PFP a chríochnú.
42 Comhairle Contae Ros Comáin
Acmhainní Daonna
C
Teicneolaíocht Faisnéise
Tá Roinn Teicneolaíochta Faisnéise Chomhairle Contae Ros Comáin lonnaithe in Ard-Oifig
na Comhairle, Teach na Cúirte, Ros Comáin. Tá struchtúr na foirne faoi stiúir ag Ceann
na gCóras Faisnéise agus cuimsíonn sé triúr Ceannaire Tionscadail, triúr Forbróir Córais
agus beirt Oifigeach Tacaíochta Teicniúla.
Soláthraíonn an Roinn TF tacaíocht theicniúil do gach uile roinn den Chomhairle, ag cinntiú go bhfuil an trealamh agus an fhaisnéis riachtanach ar fáil go mear chun soláthar a dhéanamh ar sheirbhís éifeachtach phoiblí. Tá sí freagrach as cur i bhfeidhm, bainistíocht, sábháilteacht, agus cothabháil na gcóras uile TF. Cuimsíonn sé seo soláthar ar thacaíocht theicniúil bogearraí agus crua-earraí d’os cionn 200 úsáideoir, dearadh bunachair sonraí, dearadh gréasáin, seirbhísí agus tacaíocht Chóras Faisnéise Geografaí, chomh maith le cothabháil agus cúltacaíocht na gcóras seachtracha mar Chlár na dToghdóirí.
Líonra Achair FhairsingCuimsíonn freagracht bainistíochta ár ngréasán cothabháil a dhéanamh chomh maith ar líonra achair fhairsing, a cheanglaíonn gach oifig eis-shuímh leis an ardoifig trí úsáid a bhaint as línte DFSL, snáithín agus as teicneolaíocht gan sreang.
Tá na hOifigí Ceantair agus Bealach an Doirín, Mainistir na Búille, An Caisleán Riabhach agus Béal na mBuillí go léir nasctha ag úsáid na nasc DSL MPLS 8/1 mbits/s a sholáthair Vodafone. Tá nasc idir oifig an cheantair i mBaile Átha Luain agus an Ardoifig ag úsáid DSL MPLS 4/1 mbits/s a sholáthraíonn Vodafone freisin. Tá nasc idir an rannóg Pleanála agus Oifigí um Dhearadh Bóithre Réigiúnacha i Ros Comáin ag úsáid nasc gan sreang a sholáthraíonn Eurona. Tá Roinn Seirbhísí Uisce, Mótarchánach, Rátaí agus Oifig Ceantair Ros Comáin ceangailte dár nGréasán ag úsáid Naisc Snáthoptaice. Úsáidtear Líonra Cheantar Cathrach Ros Comáin le nasic 100mb a sholáthar do na láithreacha seo a leanas ón ár gceannoifig: Ceanncheathrú na Leabharlainne Contae, Tithíocht, Comhshaol, Pobal agus Fiontraíocht, an Oifig Ealaíon, agus an Stáisiún Dóiteáin.
Is trí nasc 10MB ó Eircom a dhéantar nasc le Líonra Príobháideach Fíorúil (LPF) an Rialtais. Chun críche iomarcaíochta cuireadh nasc breise 10MB isteach agus tá seo á sholáthar ag Strencom. Tá gléas scagtha ghlaonna Quintium suiteáilte ar an líne seo a dhéanann atreorú ar gach glaoch amach ó fhón póca chuig idirnasc Vodafone ar an Gov VPN le laghdú a dhéanamh ar chostas ghlaonna fón póca.
Tá sé beartaithe uasghrádú a dhéanamh ar ár bpríomhnasc le Líonraí an Rialtais i 2014. Laistigh dár Líonra Achair Logánta tá tús curtha againn le haistriú ár bhfreastalaithe crua-earraí baile chuig freastalaithe fíorúla ag laghdú dá réir sin ar úsáid fuinnimh agus na costais a bhaineann le hinfreastruchtúr ár seomra freastalaí.
Suíomh Gréasáin Chomhairle Contae Ros ComáinIs í Roinn T.F. na Comhairle a dhéanann suíomh gréasáin Chomhairle Contae Ros Comáin ag www.roscommoncoco.ie a chothabháil. Tá an suíomh gréasáin in phríomhacmhainn chun faisnéis maidir leis an gComhairle a chur in iúl don bpobal. Déantar nuashonrú ar an suíomh go rialta le faisnéis a fhaightear ó ranna éagsúla na Comhairle. Déanann an Rannóg T.F. bainistiú ar an suíomh gréasáin do Theach King, Mainistir na Búille ag www.kinghouse.ie.
T i l í h F i éi
43Tuarascáil Bhliantúil 2013 4
Feabhas a cuireadh ar shuíomh gréasáin na Comhairle i rith 2013 ar a n-áirítear:
� www.Fixyourstreet.ie curtha i bhfeidhm i gComhairle Contae Ros Comáin le héascú a dhéanamh don phobal logáil a dhéanamh ar cheisteanna maidir le fabhtanna bhóthair, ligean uisce agus soilsiú poiblí etc.
� Mír nua Invest Roscommon ar an suíomh gréasáin le feidhmchlár Aimsitheoir Maoine ArcGIS atá bunaithe ar fhreastalaí
� Mapaí nua gréasáin ArcGIS ar an suíomh gréasáin ag áireamh Stáisiúin Dóiteáin, Cuimhneacháin Reilige, Leabharlanna, Carrchlóis agus Plean Seirbhíse Geimhridh
� Painéal inrochtaineachta nua shonraithe BrowseAloud ar an suíomh gréasáin.
� Nuashonrú lá agus oíche le linn fíor-dhrochaimsire.
Córais Faisnéise Geografaí (CFG) Chomh maith leis an mbainistíocht, an traenáil agus an tacaíocht CFG ghaolmhar tharla roinnt forbairtí nua i réimse an CFG in 2013.
� Sealbhú agus forfheidhmiú Freastalaí ArcGIS mar ardán teicneolaíochta seasmhach GIS na Comhairle, agus forbairt agus forfheidhmiú na bhfeidhmchlár éagsúil ar bharr an ardáin seo ag tacú le comhroinnt agus anailís sonraí.
� Chuir ceannach shuibscríbhinn ArcGIS ar líne ar chumas na Comhairle réitigh agus feidhmchláir GIS néalríomhaireachta a chruthú dírithe ar an ngnáthphobal.
� Cruthú agus forfheidhmiú Mapatháirseach a bhain duais amach, ar fáil ar suíomh gréasáin na Comhairle, ag cur méid mór faisnéise ar ghnéithe agus seirbhísí inspéise ar fáil ar fud an chontae.
� Leanúint le méadú ar sheirbhís fholáirimh láthair-bhunaithe MapAlerter.
� Tacú leis an rannóg Comhshaoil maidir le feidhmiú céimneach ar réiteach ghabháil sonraí móibíleacha.
� Forfheidhmiú ar fheidhmchlár athcheartaithe Aimsigh M’Ionad Vótála ar shuíomh gréasáin na Comhairle le tacú le Toghcháin Áitiúla 2014.
� Stiúrú na Comhairle maidir le freastal ar a riachtanais leanúnacha faoi Threoir INSPIRE an AE, an Treoir a bhunaigh an bonneagar d’Fhaisnéis Spásúlachta sa Chomhphobal Eorpach.
Mapatháirseach Chomhairle Contae Ros Comáin
44 Comhairle Contae Ros Comáin
Teicneolaíocht Faisnéise
C
Title HereSeirbhísí Leabharlainne
Déanann Seirbhísí Leabharlainne Chomhairle Contae Ros Comáin soláthar ar
riachtanais chultúrtha, oideachais, áineasa, faisnéise agus foghlama na ndaoine
de gach raon aoise ar fud an chontae agus déanann dianiarracht ar sheirbhís
chuimsitheach, nua-aoiseach agus inrochtana a sholáthar agus a fhorbairt.
Soláthar SeirbhíseFeidhmíonn an tSeirbhís Leabharlainne trí líonra de sé leabharlann bhrainse ag Ros Comáin, Mainistir na Búille, Bealach an Doirín, An Caisleán Riabhach, Béal na mBuillí agus Ail Finn agus tríd an tSeirbhís Leabharlainne Taistil a fheidhmíonn de réir uainchláir choicíse ag freastal ar bhailte, sráidbhailte, tithe altranais, creiseanna etc. Leanann an tseirbhís leabharlainne uirthi ag fobairt agus rochtain a chur ar fáil ar Chartlanna substaintiúla agus seirbhís tagartha agus taighde Staitéar Áitiúil ag ceannáras na Leabharlainne Contae, ar é an stór lárnach é do gach bailiúchán le os cionn 275,000 mír stoic.
Straitéisí Forbartha LeabharlainneI rith 2013, chuir an tseirbhís Leabharlainne na straitéisí agus na gníomhaíochtaí atá sa Chéad Chaibidil Eile: Plean Forbartha Seirbhísí Leabharlainne Chomhairle Contae Ros Comáin, 2011 – 2014 chun cinn. Seoladh plean nua forbartha náisiúnta i mí na Nollag 2013 leis an teideal Deiseanna do Chách: Straitéis do Leabharlanna Poiblí 2013 – 2017.
Forbairt an ChnuasaighLean an tseirbhís leabharlainne lena polasaí maidir le forbairt bhailiúcháin thar réimse leathan ábhar agus leagan amach, le méadú ar ionchur na foirne agus lucht úsáide agus le tuilleadh forbartha ar an gcóras inmheánach ciorclaíochta stoic le ciorclaíocht a chinntiú. Leanadh le hiarratais lucht úsáide a shásamh as acmhainní a stoic féin agus úsáid a bhaint as an scéim náisiúnta Leabhair a Fháil ar Iasacht agus Seirbhís Iasachta Idirleabharlainne Leabharlann na Breataine.
Teicneolaíochtaí Cumarsáide FaisnéiseLeanadh le feabhas a chur ar theicneolaíochtaí cumarsáide faisnéise i soláthar Seribhísí Leabharlainne mar bhealach le rochtain a nuachóiriú agus a fheabhsú. Cuireadh oiliúint ríomhaireachta ar fáil do dhaoine níos sine ag pointí éagsúla seirbhíse ar bhonn leanúnach i gcomhar le hAoisghníomhaíocht Éireann. Soláthraíodh an tseirbhísí chlosleabhair in-íoslódáilte den chéad uair i 2013.
45Tuarascáil Bhliantúil 2013 4
Taifi d agus Cartlanna an Údaráis ÁitiúilTa freagracht reachtúil ar an údarás áitiúil chomh maith le tiomantas a bheith aige do bhainistíocht, coimeád, cúram, caomhnú agus seachadadh gach gné de na cartlanna agus na dtaifead áitiúla chomh maith le rochtain ag an bpobal orthu. Déanadh tuilleadh oibre buanchoimeádta, caomhnaithe agus cóireála ar ábhar chartlainne ardriosca. Déanadh ábhar ar a n-áirítear cláir rolla Bunscoile agus Bailiúchán Bhriogáide Ros Comáin Theas a dheonú ar na cartlanna. Lean Glynn’s Photography, An Caisleán Riabhach le digitiú a dhéanamh ar Thionscadal Chartlann Grianghrafadóireachta bhailiúchán de 100,000 ábhar grianghrafadóireachta a bhaineann le Ros Comáin a chur ar fáil i 2013.
Cartlanna agus Taispeántais Leabharlainne � Tharla seoladh Féile Drámaíochta Ros
Comáin 2013 ar an 20ú Feabhra, leis an Méara ag bronnadh na nduaiseanna ar bhuaiteoirí chomórtas Aistí Leanaí na Féile Drámaíochta.
� Bhí an Fhéile Siarscéal ar siúl ón 7ú – 9ú Márta 2013 le buaic á bhaint amach le searmanas Dhámhachtain Litríochta Hanna Greally a bhí ar siúl i láthair Ambasadóir Cheanada Loyola Hearn agus a bhean chéile, agus an tAire Stáit Gnóthaí Gaeltachta, An tAire Dinny McGinley.
Ambasadóir Cheanada A Oirirceas, Loyola Hearn i ngrianghraf le huaisle áitiúla le
linn Fhéile Siarscéal
Seoladh an leagain dhigithe den bhliainiris Roscommon Life
leis an gClr. Martin Connaughton, Méara Ros Comáin le
hEagarthóir Roscommon Life Paul Healy
� Tionóladh seoladh Fhéile Percy French i seomra seimineáir Leabharlann an Chontae ar an 4ú Iúil 2013 agus áiríodh Ceolfhoireann Óige Chontae Ros Comáin ag seinm ann.
� Ghlac os cionn 400 leanbh páirt agus léadh os cionn mile leabhar le linn na ndúshlán Crann Léitheoireachta an tSamhraidh i ngach brainse sa Chontae.
� I mí Lúnasa, seoladh leagan digitithe den bhliainiris Roscommon Life le linn Seachtain na hOidhreachta. Áirítear i gclár digitithe na Leabharlainne anois an Roscommon Herald, Roscommon Champion, Roscommon Journal agus an Roscommon Messenger.
46 Comhairle Contae Ros Comáin
Seirbhísí Leabharlainne
C
Seoladh thaispeántas Ghrúpa Oidhreachta Ros Comáin dar teideal Roscommon – a TimelineC go D: Vivienne Clarke, Olive Morris, Frank Scott, David Molloy, Mary O’Carroll agus Michelle Comber
Brendan Lynch agus Liam Gilmartin sa phictiúr
le Méara Ros Comáin, an Clr. Martin Connaughton.
Teach King, Mainistir na Búille, Samháin 2013 Seoladh The Roscommon Anthology curtha in eagar ag Michael agus John O’Dea, in éineacht le Mapa Liteartha ar
Chontae Ros Comáin.
� Tionóladh seoladh thaispeántas Ghrúpa Oidhreachta Ros Comáin dar teideal Roscommon – a Timeline ar an 15ú Lúnasa 2013 le caint ó Michelle Comber ó Ollscoil na Gaillimhe. Bhí an taispeántas ar siúl sa leabharlann ar feadh míosa ina dhiaidh sin agus bhí an-éileamh air.
� Tionóladh seimineár Chnuasach Ginealaigh Ros Comáin mar chuid den Tóstal 2013 sa Leabharlann Contae ón 18ú - 20ú Meán Fómhair 2013.
� Ar an 6ú Deireadh Fómhair 2013 nochtadh plaic CLG le comóradh a dhéanamh ar an bpáirt a bhí ag foirgneamh na Leabharlainne in ullmhúchán na fóirne le linn Chraobh na hÉireann i 1943, 1944 agus 1946. Déanadh ceiliúradh ar an ócáid freisin ar chomóradh 70 bliain ar an gcéad Chraobhchomórtas Sinsear na hÉireann sa Pheil a bhain Ros Comáin amach i 1943 agus comóradh 25 bliain Chraobh na hÉireann Faoi 21 i 1978.
� Tionóladh Tráth na gCeist bliantúil na mBunscoileanna sa bhFómhar agus bhain foireann ó B.S. Chill Mobhí an bua amach.
Seirbhísí Leabharlainne
47Tuarascáil Bhliantúil 2013 4
Is é cuspóir corparáideach Chomhairle Contae Ros Comáin faoi mar atá leagtha amach
sa Phlean Corparáideach 2009–2014 ná “A chinntiú go ndéantar líonra imleor iompair a
fhorbairt”. Leanadh le cur i bhfeidhm an chuspóra seo in 2013 le tuilleadh infheistíochta
sa gréasán bóithre.
Tá miondealú ar na deontais um bóithre a fuarthas do 2013 leagtha amach thíos:
Tábla 1: Leithroinntí Deontais do Bhóithre
Bóithre Náisiúnta €21,093,687
Bóithre Neamhnáisiúnta €10,863,236
Iomlán na nDeontas €31,956,923
Ina theannta sin, soláthraíodh €1,112,200 ó bhuiséad ioncaim na Comhairle do chothabháil bóithre áitiúla agus €300,000 ó bhuiséad caipitil do chothabháil na gcosán.
Tionscadail um Bóithre Náisiúnta
N5 Seachbhealach Bhealach an DoirínÁiríodh sa mhórthionscadal bóthair tógáil timpeall 13.6km de bhóthar náisiúnta agus na hoibreacha coimhdeacha go léir. Bronnadh an príomhchonradh tógála ar Wills Bros Ltd. i nDeireadh Fómhair 2012. Áirítear dearadh agus tógáil an tionscadail sa chonradh seo.Is é 27 mí atá mar thréimhse fhoriomlán don tógáil.Tosaíodh ar oibreacha láithreáin i Samhain 2012 agus táthar ag dul ar aghaidh go maith agus táthar ag súil leis go mbeidh sé oscailte do thrácht i 2014.
Iompar Bóthair agus Sábháilteacht ar Bhóithre
Droichead Abhainn na Loinge
agus Linnte Maolúcháin
48 Comhairle Contae Ros ComáinC
N61 Cúil Taidhg (Céim 1)Is é atá i gceist le Tionscadal Bóthair N61 Cúil Taidhg (Céim 1) ná athailíniú agus feabhsú ar thimpeall 2.9km den bhóthar Náisiúnta den Dara Grád atá ann faoi láthair ar imeall thuaidh Bhaile Ros Comáin, ag nascadh bhailte fearainn Gallowstown nó Lisnacroghy agus Mullaigh Muc. Tá na tailte atá ag teastáil d’fhonn an tinscadal a thógáil aitheanta agus tá siad áirithe san Ordú Ceannaigh Éigeantaigh, OCÉ, a foilsíodh i mí na Nollag 2013.
N60 Athailíniú ÓrainIs é atá i gceist le Tionscadal Athailínithe Bóthair N60 Órain ná feabhsú ar thimpeall 3.4km den Bhóthar Náisiúnts den Dara Grád N60 ar an mbealach ó Bhéal Átha Mó go Baile Ros Comáin ag síneadh ón mbaile fearainn go Fearaghafin agus Rathmew go baile fearainn An Cluainín Bán. Rinne na Baill tofa de Chomhairle Contae Ros Comáin plé agus faomhadh ar an bhforbairt a mhol an tÚdarás Áitiúil ag cruinniú mhí Iúil 2013.
N61 Ratallen agus Trian na GraíIs é atá i gceist le scéim athailínithe Ratallen agus Trian na Graí ná athailíniú ar dhá chuid den Bhóthar Náisiúnta den Dara Grád N61 idir Tuilsce agus Mainistir na Búille.Tá an chéad chuid ag Trian na Graí suite timpeall 2km ó thuaidh ó acomhal an N61/R370 agus an dara cui dag Ratallen atá suite timpeall 1 km ó dheas ón acomhal céanna. Is é atá i gceist sna hoibreacha feabhsúcháin atá beartaithe ná athailíniú ar timpeall 1.1 km de bhóthar ag an dá láthair. Tá sé beartaithe go dtógfaí na codanna athailínithe mar charrbhealach caighdeánach singil de Chineál 2. Críochnaíodh oibreacha seandálaíochta agus iniúchta talún i 2013. Fuarthas tailte faoi OCÉ i rith na bliana agus tá dul chun cinn suntasacha déanta maidir le mionoibreacha dearaidh laistigh den tráthchlár céanna.
Dlúth-Acomhal Ilairde R293 / N5 Seachbhealach Bhealach an Doirín
Iompar Bóthair agus Sábháilteacht ar Bhóithre
49Tuarascáil Bhliantúil 2013 4
Bóithre Neamhnáisiúnta
Clár Athchóirithe um Bóithre
Réigiúnacha agus Áitiúla
Baineann an clár seo go sonrach le hathchóiriú pábhála réigiúnach agus áitiúil.
Scéim Deontais d’Fheabhsúcháin
Sonracha
Faoin scéim seo, fuarthas leithdháileadh €680,000 do na tionscadail sonracha seo a leanas:
� R368 Cill Abhaicín – oibreacha Feabhsúcháin Bhóthair ar a n-áirítear athailíniú agus cosáin a sholáthar.
� L1210 Float Bridge – Ullmhú Réamhthuarascála.
� R280 Srabragan - Imréiteach na scéime.
Scéimeanna Feabhsaithe Áitiúla
Cuireadh €60,000 i leathaobh ón Deontas Lánroghnach Cothabhála i 2013 le cistiú a dhéanamh ar Scéimeanna Feabhsúcháin Áitiúla. Críochnaíodh 10 scéim ar fad i rith na bliana.
Scéimeanna Rannpháirtíochta Pobail
Fuair an Chomhairle leithdháileadh de €151,879 ón Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt le cistiú a dhéanamh ar Scéimeanna Rannpháirtíochta Pobail i 2013. Críochnaíodh 10 scéim ar fad.
Soilsiú PoiblíFostaíodh Electric Skyline Ltd mar chuid de Chonradh Cothabhála Réigiúnach le soilse poiblí lochtacha nó a raibh damáiste déanta dóibh a dheisiú nó a athsholáthar i rith an chontae le linn 2013. Is féidir leis an bpobal lochtanna ar shoilsiú poiblí a logáil ar líne anois ag www.electricskyline.ie nó Íosghlao 1890328587 idir 6 a.m. aagis 8 p.m. gach lá nó tuairisciú díreach chuig an údarás áitiúil. Lean an Chomhairle le huasghrádú a dhéanamh ar an bhfardal soilsithe phoiblí i rith na bliana laistigh de na hacmhainní a bhí ar fáil agus críochnaíodh scéim bheag aisfheistithe de shoilse LED sa Chaisleán Riabhach.
Clár Sábháilteachta ar Bhóithre
Lean an Chomhairle ag cur roinnt tionscadal um shábháilteacht ar bhóithre chun cinn in 2013. Tugadh fóirdheontas don Tionscadal Oiliúna Rothaíochta i mbunscoileanna ar fud an chontae. Tugadh cúnamh freisin don Chlár Drive Safe for Life atá dírithe ar dhaltaí idirbhliana sna meánscoileanna. Rinne an Chomhairle maoiniú ar dhuaiseanna do na hiontrálacha buaiteacha sa Chomórtas Póstaeir do Shábháilteacht ar Bhóithre a d’eagraigh An Garda Síochána agus bhí 24 bunscoil rannpháirteach ann le breis agus 400 páiste rannpháirteach sa chomórtas. Tháinig Coiste Sábháilteacht ar Bhóithre le Chéile le chéile le plé a dhéanamh ar réimse ceisteanna maidir le sábháilteacht ar bhóithre agus le cur chun cinn a dhéanamh ar Phlean Sábháilteachta ar Bhóithre Chontae Ros Comáin 2010-2013. Oileadh Maoir Scoile Sóisearacha ag na bunscoileanna seo a leanas:
� Clochar na Trócaire, Mainistir na Búille � Bunscoil Naomh Pádraig, Béal na mBuillí � Bunscoil Naomh Pól, An Caisleán Riabhach � Abbeycarton, Ail Finn � Scoil Mhuire Lourdes, Loch Glinne
Bhí na 5 scoil rannpháirteach sa Chomórtas Réigiúnach i mBunscoil Naomh Pól, An Caisleán Riabhach, Co. Ros Comáin, i Meitheamh 2013.
ReiligíSholáthair an Chomhairle €35,000 i ndeontais do 79 grúpa deonach faoin Scéim Feabhsaithe agus Cothabhála Reilige in 2013 le huasghrádú agus cothabháil a dhéanamh ar reiligí.
Clár Sábháilteachta UisceLeanadh leis an gClár Sábháilteachta Uisce i rith an tsamhraidh i 2013. Fostaíodh gardaí tarrthála ag Linn Snámha An Chaisleáin Riabhaigh. Soláthraíodh cúrsaí teagaisc snámha do leanaí ag Ionad Fóillíochta Ros Comáin agus ag Linn Snámha an Chaisleáin Riabhaigh i rith an tsamhraidh.
Comórtas na Maor Scoile Sóisearach 2013
50 Comhairle Contae Ros Comáin
Iompar Bóthair agus Sábháilteacht ar Bhóithre
C
Seirbhísí Uisce
Tá sé mar fheidhm ag an Údarás Seirbhísí Uisce córas imleor cóireála uisce agus séarachais
a sholáthar d’úsáid tí, tionsclaíochta, talmhaíochta agus eile laistigh den Chontae. Táthar
ag leanúint le hinfheistíocht fhairsing caipitil le bonneagar nua a thógáil agus a uasghrádú
faoin gClár Infheistíochta. Seo a leanas achoimre air:
Mórthionscadail Chaipitil Uisce agus SéarachaisTionscadal Scéime Séarachais um Bailte agus Sráidbhailte: Áirítear sa tionscadal soláthar áiseanna nua agus uasghrádaithe séarachais i dtrí shráidbhaile déag ar fud an chontae. Ceapadh EPS Ltd. leis an gconradh maidir le Dearadh, Tógáil agus Oibriú na n-ionad cóireála a dhéanamh. Críochnaíodh gach conradh líonra agus ionad cóireála fuíolluisce i 2013 agus tá gach fearas á n-oibriú ag an gcuideachta naois mar chuid dá gconradh oibríochtúil.
Scéimeanna Lárnacha Réigiúnacha Soláthar Uisce An Airgnigh, Mainistir na Búille/Ard Carna, Ros Comáin
Theas agus Ros Comáin Láir: Shínigh Comhairle Contae Ros Comáin conradh le Glen Agua Limited, Béal Átha
na Sluaighe, ar luach €11.9m, le cúig ionad nua cóireála uisce a thógáil ag:
� Port na Carraige ar Scéim Soláthair Uisce Réigiúnach Mhainistir na Búille/Ard Carna;
� Caisleán Tenison, Béal Átha Fearnáin ar Scéim Soláthair Uisce Réigiúnach An Airgnigh;
� Baile na gCeard ar Scéim Soláthair Uisce Réigiúnach Ros Comáin Láir;
� Killeglan agus An Lios Breac ar Scéim Soláthair Uisce Réigiúnach Ros Comáin Theas.
Beidh soláthar i ngach ionad do bhac in aghaidh cripteaspóiridiam. Áirítear sa chonradh uasghrádú ar an stáisiún caidéalúcháin ag Hughestown ar Scéim Mhainistir na Búille/Ard Carna agus tá soláthar ann d’oibriú agus cothabháil na gcúig ionad ag Glan Agua Ltd. do thréimhse fiche bliain.
Déanfaidh an gléasra nua seo freastal ar dhaonra de 25,000 duine agus is ionann é agus an infheistíocht is mó riamh i mbonneagar an Chontae. Síníodh an dara conradh, ar luach €3.98m, le P&D Lydon Plant Hire Ltd. Conga, Contae Mhaigh Eo, le píblíne 30km agus taischumar nua a thógáil ag freastal ar Mhainistir na Búille/Ard Carna agus Scéimeanna Soláthair Uisce Réigiúnach An Airgnigh. Tosófar an an dá thionscadal a thógáil go luath i 2014.
Comhairle Contae Ros Comáin ag síniú chonartha le Glan Agua Ltd., Béal Átha na Sluaighe. Cúl D go C,
cúl: Conor McCarthy, Innealtóirí Comhairleacha Jennings O’Donovan; Desmond O’Dwyer, Comhairle Contae
Ros Comáin; Joe Healy, Jennings O’Donovan Innealtóirí Comhairleacha; Christine Doyle, Comhairle Contae
Ros Comáin; Tom O’Connor, Glan Agua agus Justin Fannon, Comhairle Contae Ros Comáin. Chun tosaigh:
Kieran Madden, Majella Hunt agus Frank Dawson Comhairle Contae Ros Comáin le Karl Zimmerer, Glan
Aqua. (Grianghraf: Gerard O’Loughlin)
51Tuarascáil Bhliantúil 2013
Scéim Réigiúnach Soláthar Uisce an Oirthuaiscirt: Chuaigh an tionscadal seo ina bhfuil ionad cóireála agus na píplínte a bhaineann leis chun tairisceana i 2013. Cuirfear tuarascáil ar thairiscintí ar aghaidh chuig Uisce Éireann dá mbreithniúchán.
Caomhnú Uisce: Faomhadh iarratas ar bhuiséid don chéad Chonradh Athshlánúcháin eile, ar luach €5.4 milliún ag clúdach 70km go luath i 2013. Chuaigh an tionscadal chun tairisceana agus soláthraíodh tairiscint a moladh do Uisce Éireann.
Uisce Éireann: I rith 2013 rinne an Chomhairle comhoibriú leis an bpleanáil d’aistriú feidhme na Seirbhísí Uisce chuig Uisce Éireann. Rinne Suirbhéirí na Comhairle suirbhéireachtaí ar gach nasc uisce teaghlaigh mar ullmhúchán do shuiteáil na méadar uisce tí ag Uisce Éireann.
D’éirigh an Chomhairle as a bheith mar Údarás Sláintíochta do Chontae Ros Comáin ar an 31ú Nollaig 2013. Leanann an Chomhairle le seirbhísí uisce a sholáthar thar ceann Uisce Éireann faoi Chomhaontú ar Leibhéal Seirbhíse atá le bheith ann go dtí 2026.
Clár Uisce Tuaithe Tionscadal le Cóireáil Uisce a Dhearadh, a Thógáil agus a Oibriú: Tá malgamú déanta ar fhiche tionscadal príobháideach i dtrí scéim nua comhoibríoch agus áiríodh iad le dhá scéim phoiblí, Chnoc an Chrochaire agus An Leathcheathrú, i dtionscadal Dearaidh, Tógála agus Oibrithe. Is iad Glan Agua Ltd. a oibríonn iad thar ceann na gcomharchumann agus na Comhairle. Críochnaíodh pleanáil d’uasghrádú agus d’éagsúlacht na n-ionad seo i rith 2013 agus táthar le tosú ar an suíomh go lutha i 2014.
Clár na Scéimeanna Beaga: Fuair an Chomhairle leithdháileadh de €300,000 ón Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil le bac eatramhach cripteaspóiridiam a sholáthar ag Uisce Lárnach Ros Comáin, ar ionann é agus 75% den chostas a sholáthar. Déanadh maoiniú ar an gcuid eile as Scéim do Ranníocaíocht Forbartha na Comhairle.
Naisc Uisce agus Séaraigh: Le linn 2013 eisíodh naoi gceadúnas is ochtó do nócha haon nasc le príomhphíobáin uisce poiblí, le séarachas, le huisce dromchla agus le grúpscéimeanna uisce. Eisíodh deich gceadúnas oscailte bother.
Deontais Soláthair Indibhidiúla Uisce: D’fhéadfadh tithe nach bhfuil ceangailte den phríomhphíobhán poiblí nó de scéim phríobháideach uisce a bheith i dteideal deontais chun uasghrádú a dhéanamh ar a gcuid soláthar má tá an teach os cionn seacht mbliana d’aois. Is ionann an deontas agus 75% den chostas, faoi réir ag uasmhéid íocaíochta de €2,031.58. Íocadh €6,094.74 ar fad i ndeontais in 2013 le 3 iarratasóir.
Fóirdheontas um Chostas Feidhmiúcháin na nGrúpscéimeanna Soláthar Uisce: Tá fóirdheontais iníoctha le scéimeanna le cabhrú le fritháireamh a dhéanamh ar na costais a bhaineann le soláthar uisce do thithe cónaithe ó lá go chéile. Íocadh €690,101.87 le 13 scéim i leith éileamh a déanadh i rith 2013. Faightear an fóirdheontas ar ais ón Roinn.
Comhairle Contae Ros Comáin
ag síniú chonartha le P&D Lydon
Plant Hire Ltd.
Cúl C go D: Christine Doyle
Comhairle Contae Ros Comáin,
Conor McCarthy agus Joe Healy
Jennings O’Donovan Innealtóirí
Comhairleacha, Justin Fannon
Comhairle Contae Ros Comáin.
Chun tosaigh C go D: Kieran Madden
agus an Bainisteoir Contae Frank
Dawson Comhairle Contae Ros
Comáin, Declan Lydon agus Martin
Joyce P&D Lydon Plant Hire
52 Comhairle Contae Ros Comáin
Seirbhísí Uisce
C
Comhdhálacha/Seimineáir ar fhreastail Comhairle Contae Ros Comáin in Éireann orthu i 2013
Dáta Comhdhálacha, Seimineáir, srl. Eagraí IonadLíon na
gComhairleoirí a d’fhreastail ar
11-13/1/2013 Budget Seminar 2013 Ace Training Four Seasons Hotel, Carlingford, Co. Louth
8
18-19/1/2013 The Criminal Consequences of Breaching Local Authority Regulations
Esperanza Enterprises Manor West Hotel, Killarney Road, Tralee, Co. Kerry
1
17/1/2013 The 2013 National Radon Forum Radiological Protection Institute of Ireland (RPII)
The Chartered Accountants House, Pearse Street, Dublin
1
17-20/1/2013 Tourism in Recessionary Times Clare Tourist Council Falls Hotel, Ennistymon, Co. Clare
3
18-20/1/2013 Local Electoral Area Boundaries Kadenza Consultancies Silver Tassie Hotel, Letterkenny, Co. Donegal
3
25-27/1/2013 Neighbours and the Law TJK Conferences Ltd Patrick Punches Hotel, Limerick 4
8-9/2/2013 Equal Status (Amendment) Bill Esperanza Enterprises Manor West Hotel, Killarney Road, Tralee, Co. Kerry
1
22-23/2/2013 Health Issues pertaining to Local Authority Housing
Esperanza Enterprises Westport Plaza Hotel, Castlebar Street, Westport, Co. Mayo
1
1-3/3/2013 Water- Our Greatest Natural Resource BPI Investments The Radisson Blue Hotel, Letterkenny, Co. Donegal
2
5-6/3/2013 LAMA Spring Seminar Local Authority Members Association
Ashdown Park Hotel, Gorey, Co. Wexford
4
7-8/3/2013 Association of County and City Concils Annual Conference
Association of County and City Councils
Tower Hotel, Waterford City 4
8-9/3/2013 Public Policy Making and the Councillor Superior Training Great Northern Hotel, Bundoran, Co. Donegal
2
8-10/3/2013 Local Authorities as drivers of Local Development
Ace Training Four Seasons Hotel, Carlingford, Co. Louth
1
15-16/3/2013 The Right to Privacy: Data Protection (Amendment) Act 2003
Esperanza Enterprises Westport Plaza Hotel, Castlebar Street, Westport, Co. Mayo
1
22-24/3/2013 Drug and Alcohol Abuse Seminar Celtic Conferences Celtic Ross Hotel, Rosscarbery, West Cork
1
22-24/3/2013 Freedom of Information Seminar for Councillors
TJK Conferences Ltd Woodfield House Hotel, Limerick 3
12-13/4/2013 The Future of Local Government in Ireland
Esperanza Enterprises The Kingsvalley Hotel, Merlin Park, Dublin Road, Galway
1
12-14/4/2013 Starting and Growing a Chamber of Commerce in your Community
Ace Training Carlingford, Co. Louth 5
19-20/4/2013 Water Services Bill 2013 Esperanza Enterprises Westport Plaza Hotel, Castlebar Street, Westport, Co. Mayo
1
18-20/4/2013 The Gathering- Diaspora Tourism Matters
Carlow Tourism Ltd The Lord Bagenal Hotel, Leighlinbridge, Co. Carlow
3
19-20/4/2013 Local Government and the Consumer Superior Training Holyrood Hotel, Bundoran, Co. Donegal
2
26-27/4/2013 Strengthening the Building Control System
Esperanza Enterprises Westport Plaza Hotel, Castlebar Street, Westport, Co. Mayo
1
26-28/4/2013 Meeting Management Principles and Best Practice
Celtic Conferences Celtic Ross Hotel, Rosscarbery, West Cork
1
3/5/2013 For Flag and Country -The Emmigrant Irish in Military Service
Roscommon Civic Trust Gleeson's, The Square, Roscommon
2
3-4/5/2013 Role of Local Authorities in Promoting Sport, Recreation and Literature
Con Houlihan Seminar Committee
Castleisland, Co. Kerry 2
3-5/5/2013 Countdown to Local Elections 2014 Training Seminar
Kadenza Consultancies Mount Errigal Hotel, Letterkenny, Co. Donegal
1
Comhdhálacha na gComhairleoirí 2013
Comhdhálacha na gComhairleoirí 2013
Comhdhálacha na gComhairleoirí 2013
53Tuarascáil Bhliantúil 2013
Comhdhálacha/Seimineáir ar fhreastail Comhairle Contae Ros Comáin in Éireann orthu i 2013
Dáta Comhdhálacha, Seimineáir, srl. Eagraí IonadLíon na
gComhairleoirí a
d’fhreastail ar
10-11/5/2013 Flood Risk Assessment Esperanza Enterprises Westport Plaza Hotel, Castlebar Street, Westport, Co. Mayo
3
10-11/5/2013 Local Tourism and the Councillor Solution Marketing The Talbot Hotel, Wexford 5
17/5/2013 IPB AGM Irish Public Bodies Convention Centre, Dublin 1
17-18/5/2013 Dealing with Unfinished Housing Estates
Esperanza Enterprises Manor West Hotel, Killarney Road, Tralee, Co. Kerry
2
7-8/6/2013 Standards for Rented Houses Esperanza Enterprises Westport Plaza Hotel, Castlebar Street, Westport, Co. Mayo
2
14/6/2013 Leading the Change for Womens Equality NWCI Strategic Plan (2013-15)
National Womens’ Council of Ireland
Clarion Hotel, Dublin 1
14-15/6/2013 Local Government Learning from the Environment
Superior Training Hyland's Burren Hotel, Ballyvaughan, Co. Clare
1
14-16/6/2013 Preparing for new National and Regional Strategies
Kadenza Consultancies Silver Tassie Hotel, Letterkenny, Co. Donegal
3
19/6/2013 Contribution of Cohesion and Urban Policy to Economic Recovery
BMW Regional Assembly Royal Hospital Kilmainham, Dublin
3
28-29/6/2013 Mortgage Resolution Bill 2013 Esperanza Enterprises Manor West Hotel, Killarney Road, Tralee, Co. Kerry
1
5-6/7/2013 Financing Current Local Government Expenditure Programs
Esperanza Enterprises Westport Plaza Hotel, Castlebar Street, Westport, Co. Mayo
1
5-7/7/2013 Mental Health and Well Being - Coping Skills for Elected members
BG Seminarz Kenmare Bay Hotel, Kenmare, Co. Kerry
3
12-14/7/2013 Seminar on Drug and Alcohol Abuse for Local Authorites
Ace Training Four Seasons Hotel, Carlingford, Co. Louth
2
19-20/7/2013 International Famine Conference 2013 Centre for the Study of Historic Irish Houses and Estates/Strokestown Park House
Strokestown Park House and Famine Museum, Strokestown, Co. Roscommon
4
29/30/7/2013 Active Citizenship Esperanza Enterprises The Connacht Hotel, Galway 1
28/7-2/8/2013 Looking to 2016. How stands the Republic
33rd Macgill Summer School
Main Street, Glenties, Co. Donegal
8
2-3/8/2013 Tax for the Business Sector Esperanza Enterprises The Connacht Hotel, Galway 1
6-8/8/2013 Dignity at Work - A Guide to Bullying and Harassment in the Workplace
Ace Training Four Seasons Hotel, Carlingford, Co. Louth
3
14-18/8/2013 Merriman Summer School Merriman Summer School Pavillion Theatre, Lisdoonvarna 1
16-17/8/2013 Building Safer Communities Esperanza Enterprises The Connacht Hotel, Galway 1
23-25/8/2013 Public Presentation and PR Management Seminar
Celtic Conferences Celtic Ross Hotel, Rosscarbery, West Cork
3
12-14/9/2013 A Festival of Irish and American History, Culture, and Politics
Kennedy Summer School Kennedy Summer School, New Ross, Co. Wexford
2
27-29/9/2013 How the Elected Member can help combat Crime
BG Seminarz Quality Hotel, Killarney, Co. Kerry
3
27-29/9/2013 Local Government: A New Dawn Greystones Town Council Charlesland Golf and Country Club Hotel, Greystones, Co. Wicklow
1
4-5/10/2013 Community Living for Older People Esperanza Enterprises The Connacht Hotel, Galway 2
4-6/10/2013 Internet Elections Ace Training Louis Fitzgerald Hotel, Newlands, Dublin 22
3
4-6/10/2013 Tendering Requirements for Local Authorities
Ace Training Four Seasons Hotel, Carlingford, Co. Louth
2
11-12/10/2013 LAMA Autumn Seminar Local Authority Members Association
Falls Hotel, Ennistymon, Co. Clare
7
11-13/10/2013 Sport and Community Planning Ace Training Park Hotel, Clonmel, Co. Tipperary
1
54 Comhairle Contae Ros Comáin
Comhdhálacha na gComhairleoirí 2013
C
Comhdhálacha/Seimineáir ar fhreastail Comhairle Contae Ros Comáin in Éireann orthu i 2013
Dáta Comhdhálacha, Seimineáir, srl. Eagraí IonadLíon na
gComhairleoirí a
d’fhreastail ar
18-19/10/2013 Preventing and Reducing Alcohol Related Harm
Esperanza Enterprises Westport Plaza Hotel, Castlebar Street, Westport, Co. Mayo
4
25/10/2013 Douglas Hyde Conference Roscommon County Council
BMW Centre, Ballaghaderreen, Co. Roscommon
4
25-26/10/2013 Supporting Enterprise in the Community Esperanza Enterprises The Connacht Hotel, Galway 2
25-27/10/2013 Seanad - The Result: C.D.B.s Out - S.E.C.s In
Kadenza Consultancies Mount Errigal Hotel, Letterkenny, Co. Donegal
1
25-27/10/2013 Design Guidelines for the Planning and Development of Rural Housing
Celtic Conferences Celtic Ross Hotel, Rosscarbery, West Cork
2
1-2/11/2013 Electoral, Local Government and Planning and Development Act 2013
Esperanza Enterprises Westport Plaza Hotel, Castlebar Street, Westport, Co. Mayo
3
8-10/11/2013 A Practical Guide to Budget 2014 Ace Training Four Seasons Hotel, Carlingford, Co. Louth
3
15-17/11/2013 The Effects of Budgets 2014 Ace Training The Park Hotel, Clonmel, Co. Tipperary
3
22-24/11/2013 The New Personal Insolvency Act Celtic Conferences Celtic Ross Hotel, Rosscarbery, West Cork
5
29-30/11/2013 Early Education and Childcare in your Community
Esperanza Enterprises Manor West Hotel, Killarney Road, Tralee, Co. Kerry
4
1-3/11/2013 Budgets Preparation Adoptions and Amendments
BG Seminarz Quality Hotel, Killarney, Co. Kerry
1
8-9/11/2013 Local Authority Rates and Diminishing Returns
Esperanza Enterprises The Connacht Hotel, Galway 4
1-2/11/2013 Local Government Budget 2014 Superior Training The Hollyrood Hotel, Bundoran, Co. Donegal
2
15-17-11/2013 Local Authority Budgets 2014 Kadenza Consultancies Silver Tassie Hotel, Letterkenny, Co. Donegal
5
15-16/11/2013 Fostering Stronger Communities Esperanza Enterprises The Connacht Hotel, Galway 5
22-23/11/2013 Community Based CCTV Scheme Esperanza Enterprises Westport Plaza Hotel, Castlebar Street, Westport, Co. Mayo
1
29/11/2013 SIPO and Councillors Obligations Council Conferences Louis Fitzgerald Hotel, Newlands, Dublin 22
1
6-7/12/2013 Preparing a Development Contribution Scheme
Esperanza Enterprises The Connacht Hotel, Galway 1
6-8/12/2013 Local Authority Employment Law, Practice and Procedure
Ace Training The Park Hotel, Clonmel, Co. Tipperary
3
6-8/12/2013 Changing Trends and Approaches to Drug and Alcohol Abuse
Kadenza Consultancies Cahir House Hotel, Cahir, Co. Tipperary
2
13-15/12/2013 Tourism Technology and Competitive Strategies for 2014
Celtic Conferences Celtic Ross Hotel, Rosscarbery, West Cork
2
13-15/12/2013 Putting People First - Update on Local Government Reform to date
TGR Seminars Bunratty Castle Hotel, Bunratty, Co. Clare
2
13-14/12/2013 Creating and Sustaining Employment at Local and Community Level
Solution Marketing The Talbot Hotel, Wexford 2
13-14/12/2013 Housing Grants and Schemes Esperanza Enterprises The Connacht Hotel, Galway 1
20-21/12/2013 Improving Road Safety - Traffic Management
Esperanza Enterprises Westport Plaza Hotel, Castlebar Street, Westport, Co. Mayo
2
Comhdhálacha na gComhairleoirí 2013
55Tuarascáil Bhliantúil 2013
Coistí na gComhairleoirí
Liosta de na comhlachtaí seachtracha ar a bhfuil ionadaíocht fhoirmeálta ag Comhairle Contae Ros Comáin ag Comhairleoirí in 2013
Teideal an Choiste Cuspóir an ChoisteBaill ainmnithe ag Comhairle
Contae Ros Comáin
Ard-Chomhairle na gComhairlí Contae a aithnítear anois mar Chumann na gComhairlí Contae agus Cathrach
Eagraíonn an Cumann Clár de chruinnithe a chuidíonn leis na baill ceisteanna reatha i saol na gcomhairlí a fhógairt.
Na Comhairleoirí Crosby, Fitzmaurice agus Moore.
Tionól Réigiúnach na Teorann, Lár Tíre agus an Iarthair
Managing and monitoring the EU- funded operational programmes in the BMW Region.
Councillors Connaughton and Crosby.
Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin
Tá an coiste seo freagrach as rialachas ar na seirbhísí uile oideachais agus riaracháin a sholáthraíonn Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin
Na Comhairleoirí Beirne, Byrne, Callaghan, Creaton, Crosby, Keenan, Kenny, Leyden agus Mulligan.
Comhar-Árachais Comhairlí Éireann Teo
Coiste ag teastáil toisc gur cuideachta fhrithpháirteach í an chuideachta.
An Comhairleoir Keogh.
Cumann Chomhaltaí na nÚdarás Áitiúil
Déanann ionadaiocht ar bhaill na Comhairle Contae ar leibhéal contae, cathrach agus buirg. Cumann d’fheabhsú coinníollacha, oideachais agus traenála do bhaill.
An Comhairleoir Crosby.
Coiste Comhairleach Áitiúil um Chóiríocht an Lucht Siúil
Comhairle a thabhairt ar sholáhar agus ar bhainistiú cóiríochta don Lucht Siúil.
Na Comhairleoirí Connolly, Crosby agus Cummins.
Grúpa Stiúrtha Loch Uí Fhloinn
Taitneamhacht a fhorbairt ag Loch Uí Fhloinn ina mbeadh limistéar siúil, rothaíochta agus picnice.
Na Comhairleoirí Cogan, Fitzmaurice agus McGreal.
Fóram Réigiúnach Sláinte an Iarthair
A chinntiú go mbeadh deis i gcónaí ag ionadaithe tofa áitiúla forbhreathnú ar na seirbhísí sláinte agus sóisialta pearsanta a sholáthraíonn an FSS faoi láthair.
Na Comhairleoirí Fallon, McNamara agus Ward.
Comhchoiste Draenála na Suca
Feitheoireacht ar chothabháil leantach Cheantar Draenála na Sucha.
Na Comhairleoirí Callaghan, Connaughton, Fitzmaurice, Kenny, Kilduff, Leyden agus J. Murphy.
Coiste um Shábháilteacht Le Chéile ar Bhóithre
Ros Comáin ina áit níos sábháilte d’úsáideoirí uile na mbóithre.
Na Comhairleoirí Callaghan, Doherty agus Ward.
Coiste Iniúchóireachta Chomhairle Contae Ros Comáin
Comhairle Chomhairleach ar na próisis tuarascála airgeadais, rialú Inmheánach, bainistíocht riosca agus ceisteanna iniúchóireachta, cur chun inn dea-chleachtais cuntasaíochta, deimhniú déanamh cinntí níos fearr agus níos eolasaithe, agus ag feabhsú fócais ar luach ar airgead ar fud na heagraíochta.
An Comhairleoir E. Murphy.
Fóram um Dhaoine gan Dídean Chomhairle Contae Ros Comáin
Pleanáil agus feitheoireacht a dhéanamh ar sheachadadh seirbhísí do dhaoine gan dídean sa Chontae.
Na Comhairleoirí Kenny agus Keogh.
Coistí na gComhairleoirí
56 Comhairle Contae Ros Comáin
Coistí na gComhairleoirí
C
Liosta de na comhlachtaí seachtracha ar a bhfuil ionadaíocht fhoirmeálta ag Comhairle Contae Ros Comáin ag Comhairleoirí in 2013
Teideal an Choiste Cuspóir an ChoisteBaill ainmnithe ag Comhairle
Contae Ros Comáin
Comhchoiste Póilíneachta Chomhairle Contae Ros Comáin
Bheith mar fhóram do chomhairliúcháin, plé agus moltaí ar cheisteanna a bhaineann le póilíniú ar cheantar riarachán an údaráis áitiúil.
Na Comhairleoirí Beirne, Cogan, Connolly, Creaton, Crosby, Doherty, Fallon, Fitzmaurice, Keenan, Kenny, Keogh, Leyden, Mulligan, Naughten agus Ward.
Bord Forbartha Contae Ros Comáin
Cuireann comhoibriú chun cinn idir na gníomhaireachtaí agus na grúpaí forbartha uile atá ag feidhmiú sa chontae agus déanamhh faireoireacht ar fhorbairt agus ar fheidhmhúchán Straitéis 10 mbliana Eacnamaíochta, Sóisialta agus Cultúrtha aan Chontae 2002-2012.
Na Comhairleoirí Beirne, Crosby, Cummins, Keenan agus Keogh.
Bord Fiontair Contae Ros Comáin Teo
Stiúrthóirí na Cuideachta Teoranta. Na Comhairleoirí Fitzmaurice, Keenan, E.Murphy agus J.Murphy.
Cuideachta Forbartha Comhtháie Ros Comáin
Gníomhaireacht neamh-rialtais a sheachadadh cláir forbartha tuaithe agus pobail thar ceann an Rialtais do mhuintir Ros Comáin
Na Comhairleoirí Doherty, Garvey agus Ward.
Uisce Tuaithe–Coiste Monatóireachta Áitiúil
Comhairle a thabhairt ar fheidhmiú agus ar mhonatóireacht ar fheidhmiúchán cn Chlár Uisce Tuaithe go háitiúil
Na Comhairleoirí Beirne, Crosby agus Cummins.
Ceantar Abhantraí Idirnáisiúnta na Sionainne Comhlacht Comhairleach
Plé a dhéanamh ar cheisteanna a bhaineann le hullmhú an Phlean Bainistíochta CAÉ d’Abhantrach na Sionainne agus ceisteanna eile ábhartha do chosaint agus úsáid na timpeallachta uiscí agus na n-acmhainní uisce in CAÉ na Sionainne. Comhairle a thabhairt agus moltaí a dhéanamh ar na ceisteanna sin do na húdaráis ábhartha áitiúla.
Na ComhairleoiríConnaughton agus Ward.
Údarás na hOllscoile - Údarás Rialaithe, Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Galway
Freagrach as bainistiú agus rialú gnóthaí uile na hOllscoile agus tá sé comhdhéanta de bhaill den bhfoireann acadúil, na mac léinn agus mórán ball seachtrach.
An Comhairleoir Connolly.
Údarás Réigiúnach an Iarthair Comhordú gníomhaíochta thar ceann na gcomh-údarás áitiúla.
Na Comhairleoirí Connaughton, Crosby, Cummins, McGreal, Mulligan agus Naughten
Comhairle Chomhairleach Cheantar Abhantrach Thiar na Sionainne
Plé a dhéanamh ar cheisteanna a bhaineann le hullmhú an Phlean Bainistíochta CAÉ d’Abhantrach na Sionainne agus ceisteanna eile ábhartha do chosaint agus úsáid na timpeallachta uiscí agus na n-acmhainní uisce in CAÉ na Sionainne. Comhairle a thabhairt agus moltaí a dhéanamh ar na ceisteanna sin do na húdaráis ábhartha áitiúla.
Na Comhairleoirí Kenny agus Mulligan.
Coiste Iarnróid Idir-Chontae an Iarthair
Tá an coiste tiomanta d’athoscailt Dorchla Iarnróid an Iarthair
Na Comhairleoirí Cogan, Kilduff, McGreal agus Mulligan
Coistí na gComhairleoirí
57Tuarascáil Bhliantúil 2013
Dea
radh
: JD
K D
esig
n
Notaí
58 Comhairle Contae Ros ComáinC
Oifi gigh Sinsearacha Chomhairle Contae Ros Comáin
Frank Dawson, Bainisteoir Contae
An Fhoireann Bhainistíochta
Majella Hunt, Stiúrthóir Seirbhísí Bóithre, Iompar agus Bonneagar Uisce
Martin Lydon, Ceannasaí Airgeadais agus na Seirbhísí Pleanála
Kathleen Martin,Stiúrthóir Seirbhísí Tithíocht Pobail & Fiontar agus Cultúr
Tommy Ryan, Stiúrthóir Seirbhísí Comhshaoil, Acmhainní Daonna, Seirbhísí Corparáideacha agus Éigeandála
Oifi gigh Feidhmiúcháin Sinsearacha / Chomhchineáil
Cuntasóir Airgeadais/Bainistíochta Derek Caldbeck
Seirbhísí Corparáideacha Fíona ní Chuinn
Leabharlannaí Contae Richie Farrell
Ceannasaí na gCóras Faisnéise Martin Finan
Tithíocht agus Seirbhísí Pobail & Fiontar Pat Murtagh
Bóithre, Iompar agus Bonneagar Uisce Desmond O’Dwyer
Innealtóirí Sinsearacha
Bóithre agus Iompar Eugene Dwyer
Seirbhísí Uisce Kieran Madden
Comhshaol John O’Rourke
Pleanálaí Sinsearach Mary Grier
Príomhoifi geach Dóiteáin John Keane
Comhairle Contae Ros Comáin
Teach na Cúirte, Ros Comáin
Contae Ros Comáin
Teil: +353 (0)90-6637100
Facs: +353 (0)90-6637108
R-phost: [email protected]
www.roscommoncoco.ie