athmheasta choose · athmheasta daoine Óga ag obair clár oideachais ar phrionsabail na sláinte...
TRANSCRIPT
ATHMHEASTA
Daoine Óga ag ObairClár oideachais ar phrionsabail na sláinte agus sábháilteachta san ionad oibre don timthriall
sinsearach agus do mhic léinn atá ag gabháil do bhreisoideachas
CHOOSETéacs
múinteoir
Arna fhoilsiú i Lúnasa 2014 ag an Údarás Sláinte agus Sábháilteachta, An Foirgneamh Cathrach, Sráid James Joyce, Baile Átha Cliath 1.
© Cóipcheart 2014 Gach ceart ar chosaint. Ní ceadmhach aon chuid den fhoilseachán seo a atáirgeadh, a chur i gcóras aisghabhála, ná a tharchur i bhfoirm ar bith nó trí mhodhanna ar bith eile, bíodh sin leictreonach, meicniúil, fótachóipeáilte, taifeadta nó eile, gan cead a fháil roimh ré ón Údarás Sláinte agus Sábháilteachta.
CHOOSE
Daoine Óga ag Obair
Clár na nÁbharTosú ag obair Ábhar an Aonaid 18 Treoirlínte do mhúinteoirí 19 Cearta oibrithe óga 19 Ionduchtúchán 19 Dlíthe sláinte agus sábháilteachta agus d’ionad oibre 20 Gníomhaíochtaí an aonaid 22 Faisnéis bhreise 25
AONAD 1
Guaiseacha ionad Ábhar an Aonaid 26oibre Treoirlínte do mhúinteoirí 27 Guaiseacha agus measúnú riosca 27 Láimhsiú agus eirgeanamaíocht 27 Sciorrthaí, Tuislí agus Titimí 28 Sábháilteacht dóiteáin agus garchabhair 28 Gníomhaíochtaí an aonaid 29 Faisnéis bhreise 39
AONAD 2
Do phost a Ábhar an Aonaid 40dhéanamh Treoirlínte do mhúinteoirí 41 Obair ar airde 41 Sábháilteacht iompair san ionad oibre 42 Ceimiceáin 42 Feirmeoireacht 43 Fáilteachas 43 Trealamh cosanta pearsanta (PPE) 43 Gníomhaíochtaí an aonaid 45 Faisnéis bhreise 51
AONAD 3
Róil, tascanna agus Ábhar an Aonaid 54tusa Treoirlínte do mhúinteoirí 55 Oifigeach sábháilteachta agus ionadaí sábháilteachta 55 Timpeallacht Oibre 55 Sláinte agus folláine san ionad oibre 55 Gníomhaíochtaí an aonaid 57
Faisnéis bhreise 61
AONAD 4
Sábháilteacht a chur Ábhar an Aonaid 62in iúl Treoirlínte do mhúinteoirí 63 An teachtaireacht sábháilteachta a chur in iúl 63 Tuairiscí ar thimpistí agus ar theagmhais 63 Ráiteas sábháilteachta 64 Comharthaí sábháilteachta 64 Gníomhaíochtaí an aonaid 66
Faisnéis bhreise 71
AONAD 5
Breathnú siar Ábhar an Aonaid 72 Treoirlínte do mhúinteoirí 73 Cás-staidéir 73 Mórthasc 73 Gníomhaíochtaí an aonaid 74
Faisnéis bhreise 81
AONAD 6
Brollach do Mhúinteoirí 1
DAOINE ÓGA AG OBAIR
Clár oideachais maidir le prionsabail na sláinte agus na sábháilteachta san ionad oibre don tsraith shinsearach agus do mhic léinn ar chúrsa breisoideachais
CHOOSE
Téacs múinteoir
lean muid
hsalearning.ieHSA Online Courses
Tosú ag obair Ábhar an Aonaid 18 Treoirlínte do mhúinteoirí 19 Cearta oibrithe óga 19 Ionduchtúchán 19 Dlíthe sláinte agus sábháilteachta agus d’ionad oibre 20 Gníomhaíochtaí an aonaid 22 Faisnéis bhreise 25
Guaiseacha ionad Ábhar an Aonaid 26oibre Treoirlínte do mhúinteoirí 27 Guaiseacha agus measúnú riosca 27 Láimhsiú agus eirgeanamaíocht 27 Sciorrthaí, Tuislí agus Titimí 28 Sábháilteacht dóiteáin agus garchabhair 28 Gníomhaíochtaí an aonaid 29 Faisnéis bhreise 39
Do phost a Ábhar an Aonaid 40dhéanamh Treoirlínte do mhúinteoirí 41 Obair ar airde 41 Sábháilteacht iompair san ionad oibre 42 Ceimiceáin 42 Feirmeoireacht 43 Fáilteachas 43 Trealamh cosanta pearsanta (PPE) 43 Gníomhaíochtaí an aonaid 45 Faisnéis bhreise 51
Róil, tascanna agus Ábhar an Aonaid 54tusa Treoirlínte do mhúinteoirí 55 Oifigeach sábháilteachta agus ionadaí sábháilteachta 55 Timpeallacht Oibre 55 Sláinte agus folláine san ionad oibre 55 Gníomhaíochtaí an aonaid 57
Faisnéis bhreise 61
Sábháilteacht a chur Ábhar an Aonaid 62in iúl Treoirlínte do mhúinteoirí 63 An teachtaireacht sábháilteachta a chur in iúl 63 Tuairiscí ar thimpistí agus ar theagmhais 63 Ráiteas sábháilteachta 64 Comharthaí sábháilteachta 64 Gníomhaíochtaí an aonaid 66
Faisnéis bhreise 71
Breathnú siar Ábhar an Aonaid 72 Treoirlínte do mhúinteoirí 73 Cás-staidéir 73 Mórthasc 73 Gníomhaíochtaí an aonaid 74
Faisnéis bhreise 81
Brollach do Mhúinteoirí 1
Tá an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta (HSA) ar an
gcomhlacht reachtúil náisiúnta atá freagrach as a áirithiú
go ndéantar oibrithe (fostaithe agus féinfhostaithe)
agus iad siúd a dtéann gníomhaíocht oibre i bhfeidhm
orthu a chosaint ó dhíobháil agus ó dhrochshláinte mar
gheall ar an obair. Feidhmíonn an tÚdarás faoin Acht
um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair, 2005,
agus tuairiscíonn an tÚdarás don Aire Post, Fiontar agus
Nuálaíochta. Ina theannta sin, tá an tÚdarás ar an lárionad
náisiúnta faisnéise agus comhairle d’fhostóirí, d’fhostaithe
agus do dhaoine féinfhostaithe maidir le gach gné den
tsláinte, den tsábháilteacht, agus de cheimiceáin san ionad
oibre.
AN tÚDARAS SLÁINTE AGUS SÁBHÁILTEACHTACuid ríthábhachtach de mhisean an Údaráis is ea feasacht
ar shláinte agus ar shábháilteacht a chur chun cinn i measc
na n-óg agus daoine óga a spreagadh chun meon i leith
na sábháilteachta a fhorbairt roimh thosú amach i saol na
hoibre dóibh. Is é sin is aidhm leis an gclár Choose Safety,
agus tá an clár tugtha chun dáta anois chun aiseolas ó
scoileanna agus ó dhaltaí a chur san áireamh.
Is iad daltaí agus mic léinn an lae inniu a bheidh ina
n-oibrithe amach anseo. Rachaidh sé chun leas an uile
dhuine go mbeidh daoine óga feasach ar an tsláinte agus
ar an tsábháilteacht mar a bhaineann leis an ionad oibre.
Trí mheon ina dtugtar tús áite do chúrsaí sláinte a chothú
agus iad fós ar scoil, is féidir leo foghlaim conas iad féin
agus na daoine mórthimpeall orthu a chosaint agus iad ag
obair.
In Éirinn, léirítear i bhfigiúirí ón bPríomh-Oifig Staidrimh
gurb airde i bhfad na rátaí díobhála san ionad oibre i gcás
oibrithe idir 15-24 bliana d’aois ná i gcás aon aoisghrúpa
eile.
Sonraíonn an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht
agus um Shláinte ag an Obair go mbíonn daoine óga ach
go háirithe i mbaol san ionad oibre: tá seans 50% níos mó
ar a laghad go ngortófaí oibrithe idir 18-24 bliana d’aois ná
oibrithe níos sine.
Tá sé mar aidhm ag Choose Safety a chur ina luí ar dhaoine
óga smaoineamh ar chúrsaí sláinte agus sábháilteachta i
gcomhthéacs a bpost páirtaimseartha nó socrúchán
oibre. Cuirtear faisnéis agus treoir ar fáil sa chlár agus
beidh daoine óga in ann an fhaisnéis agus an treoir
sin a chur i bhfeidhm agus iad ag obair amach anseo.
CONAS AN ACMHAINN OIDEACHAIS SEO A ÚSÁID
In Choose Safety, déantar feasacht mhéadaithe ar
cheisteanna sláinte agus sábháilteachta san ionad oibre a
chur chun cinn i measc daoine óga.
Tá an clár bunaithe ar shé aonad. Tá go leor ábhair agus
moltaí teagaisc i ngach aonad chun cúig thréimhse ranga
nó níos mó a chuimsiú. Féadfaidh tú giotaí áirithe den
leabhar a léamh agus úsáid a bhaint as na topaicí agus
as na gníomhaíochtaí do dhaltaí is mó a d’oirfeadh do
leibhéal agus d’eolas na ndaltaí nó na mac léinn atá agat.
Ina theannta sin, féadfaidh tú cur le scóip na gceachtanna
trí leas a bhaint as do smaointe teagaisc féin agus/nó trí
féachaint ar na suíomhanna gréasáin nó na hacmhai eile
atá ainmnithe.
Ní téacsleabhar é seo. Is leabhar saothair atá ann a
bhfuil mar aidhm leis fiosrú agus plé a spreagadh. Tá na
ceisteanna a spreagfar in aigne na ndaltaí díreach chomh
tábhachtach céanna leis na freagraí atá curtha ar fáil anseo
nó in áiteanna eile.
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
1
BROLLACH DO MHÚINTEOIRÍ
BRO
LLA
CH D
O M
HÚ
INTE
OIR
Í
CUR SÍOS AR NA hAONAID In ainneoin gur dearadh an cúrsa le cur ar chumas
múinteoirí dul díreach chuig na rannáin sin is mó atá
ábhartha do ghrúpaí ranga ar leith, tá gné forbraíochta i
gceist le hord na gceachtanna atá curtha i láthair. In Aonad
1 go hAonad 4, dírítear ar ghníomhaíochtaí oibre ar cosúil
go mbeidh siad ar siúl ag daoine óga. Is aonaid phraiticiúla
agus ábhartha iad sin, agus ar an ábhar sin tá siad bunaithe
ar eolas agus ar thuiscint go príomha.
Is mó a dhírítear ar fheidhmiú, ar anailís agus ar mheasúnú
in Aonad 5 agus in Aonad 6. Ar an ábhar sin, tá dúshlán níos
mó sa leabhar saothair de réir mar a théann na haonaid ar
aghaidh. Is fiú iarracht a dhéanamh cloí le hord ginearálta
na ngníomhaíochtaí mar atá curtha i láthair sa téacs. Nuair
a bhíonn an t-am gann, ba cheart do mhúinteoirí léim thar
ghníomhaíochtaí ar leith seachas aonaid iomlána.
In Aonaid 1-4, dírítear ar dhaoine óga ag obair agus ar
na príomhphrionsabail a bhaineann le cúrsaí sláinte agus
sábháilteachta agus le cosc timpistí. Is iad seo a leanas na
príomhfhocail: GUAIS, RIOSCA, RIALÚ. I ngach aonad,
dírítear ar cheann amháin de na prionsabail sin laistigh de
chás ar leith.
• In Aonad 1, dírítear ar chúrsaí sláinte agus
sábháilteachta ginearálta do dhaoine óga san ionad
oibre agus ar na freagrachtaí éagsúla a bhíonn ar
dhaoine aonair.
• In Aonad 2, cuirtear i láthair coincheap na guaise
agus riosca agus próiseas an mheasúnaithe riosca.
Dírítear ar na príomhghuaiseacha a théann i
bhfeidhm ar oibrithe óga lena n-áirítear láimhsiú agus
eirgeanamaíocht, sciorrthaí, tuislí agus titimí, dóiteán
agus garchabhair.
• In Aonad 3, féachtar ar rialuithe éifeachtacha i
gcomhthéacs bhainistiú na hoibre ar airde, innealra
agus trealaimh, fheithiclí an ionaid oibre, agus
ceimiceán. Féachtar freisin ar chúrsaí sláinte agus
sábháilteachta in dá earnáil thábhachtacha oibre:
cúrsaí feirmeoireachta agus cúrsaí fáilteachais.
• In Aonad 4, pléitear róil shainiúla an oifigigh
sábháilteachta agus an ionadaí sábháilteachta agus
spreagtar daltaí chun machnamh a dhéanamh ar
thimpeallachtaí sláintiúla oibre agus ar shláinte agus
ar fholláine phearsanta.
• In Aonad 5 agus in Aonad 6, cuirtear dúshlán
faoi dhaltaí machnamh agus plé a dhéanamh ar
an gcaoi a bhféadfaí prionsabail na sláinte agus na
sábháilteachta a chur i bhfeidhm ar chleachtais oibre
sa saol mar atá. Spreagtar plé agus fiosrú sa chuid seo
den leabhar. Dírítear freisin ar an duine agus ar chosc
timpistí.
• In Aonad 6, cuirtear an clár Choose Safety i gcrích
trí fhéachaint ar chás-staidéir ón saol mar atá. San
aonad seo, caitear súil arís ar na saincheisteanna a
tháinig chun cinn roimhe sin sa chúrsa.
DÁMHACHTAINÍ CHOOSE SAFETY Is féidir Deimhniú Críochnúcháin a bhronnadh ar gach
dalta nó mac léinn a n-éiríonn leis/léi an clár Choose
Safety a chríochnú go rathúil mar aitheantas ar an tuiscint
mhéadaithe ar chúrsaí sláinte agus sábháilteachta ag an
obair atá bainte amach aige/aici.
Féadfar Deimhniú le Gradam a bhronnadh ar dhaltaí nó
ar mhic léinn a n-éiríonn leo an mórthasc roghnach atá
leagtha amach in Aonad 6 a chur i gcrích go rathúil. Is iad
múinteoirí a cheartóidh an mórthasc agus is iad a chinnfidh
an leibhéal dámhachtana le haghaidh gach dalta nó mic
léinn. Féach ‘Measúnú, Deimhniúchán agus Suaitheantais
Dhigiteacha a Bhronnadh’ ar leathanach 4 chun faisnéis
bhreise ar Dheimhnithe a fháil.
Is féidir Suaitheantais Dhigiteacha a bhronnadh
freisin ar dhaltaí agus ar mhic léinn a ghlacann páirt in
Choose Safety agus ar chur i gcrích na n-aonad agus na
measúnuithe ar leith. (Féach ‘Suaitheantais Dhigiteacha
– Córas Dámhachtainí Roghnacha’ ar leathanach 4 chun
faisnéise bhreise ar shuaitheantais dhigiteacha a fháil.)
Cuimsítear os cionn 70 cleachtadh agus gníomhaíocht in
Choose Safety. Ní gá gach aon ghníomhaíocht i ngach
aonad a chríochnú. Is mó tairbhe a bhainfidh an dalta as
triail a bhaint as gníomhaíochtaí i ngach aonad ná díriú go
simplí ar an gcéad leath den leabhar.
TREOIRLÍNTE DO MHÚINTEOIRÍCéard iad na rudaí nua in Choose Safety? I ngach
aonad, cuirtear smaointe ar fáil don mhúinteoir chun na
ceachtanna a mhúnlú, agus rinneadh na haonaid a leasú
agus a thabhairt chun dáta leis na topaicí nua seo a leanas:
• Aonad 1 Ionduchtúchán
• Aonad 2 Sciorrthaí, tuislí agus titimí
• Aonad 3 Sábháilteacht iompair san ionad oibre,
Ceimiceáin, Feirmeoireacht agus Fáilteachas
• Aonad 4 An Timpeallacht Oibre
• Aonad 5 Comharthaí sábháilteachta
• Aonad 6 Tionchar timpistí san ionad oibre ar dhaoine
aonair agus ar ghnólachtaí
Is treoirlínte agus moltaí amháin iad sin, agus níl sé i gceist
go mbeidís saintreorach ná sriantach. Is tú is fearr a thuigfidh
conas gach ceacht a dhearadh chun an rannpháirtíocht is
fearr agus is féidir a bhaint as an rang. Is iad taithí agus
cumas na ndaltaí, mar aon le socrú amchláir an chláir, is
fearr a thabharfaidh treoir duit maidir le pleanáil chuige sin. Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
2
nua
BRO
LLA
CH D
O M
HÚ
INTE
OIR
Í
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
3
Tá faisnéis bhreise don mhúinteoir le fáil i roinnt aonad.
D’fhéadfadh an fhaisnéis sin cabhrú leat an cúrsa a
sheachadadh. Tá faisnéis bhreise, mar aon le rialacháin
nua maidir le cúrsaí sláinte agus sábháilteachta, le fáil ar na
suíomhanna gréasáin atá liostaithe ar leathanach 17.
Tá na nithe seo a leanas ar fáil i ngach aonad:
• treoirlínte don mhúinteoir chun tacú leis na
coincheapa sa cheacht
• pleananna ceachta molta chun treoir a thabhairt
duit tríd an aonad. Is mar mholtaí amháin a chuirtear
na pleananna ceachta ar fáil, agus is féidir cur leo go
héasca le do chuid eolais agus taithí féin agus leis na
modhanna teagaisc is rogha leat
• gníomhaíochtaí le daltaí a spreagadh chun
machnamh agus plé a dhéanamh ar na ceisteanna atá
san aonad. Cuirfidh na gníomhaíochtaí sa phacáiste
dúshlán faoi dhaltaí de gach cumas. I dtéarmaí
leathana, éiríonn na tascanna níos casta de réir mar a
théann an cúrsa ar aghaidh
• fíricí gasta ina bhfuil faisnéis ábhartha chun spéis a
mhúscailt san fhoghlaim
• aisnéis bhreise nó tagairtí spéisiúla chun cur leis
an eolas atá agatsa ar an topaic agus chun barr
feabhais a chur ar do chuid ullmhachta le haghaidh
na gceachtanna.
TORTHAÍ FOGHLAMALiostaítear torthaí foghlama gach aonaid sna treoirlínte do
mhúinteoirí. Tugtar forbhreathnú leo sin ar na cumais ba
cheart a bheith ag an dalta tar éis an t-aonad a chur i gcrích.
BUNACHAR FOCALB’fhéidir gur mhaith leat leas a bhaint as bunachar focal
nó an coincheap a chur in oiriúint. Níl sé san áireamh sa
liosta gníomhaíochtaí sa leabhar do dhaltaí. Mar sin féin, is
cleachtadh breise úsáideach atá ann chun cur le stór focal
na ndaltaí maidir le topaic na sláinte agus na sábháilteachta.
Is gluais téarmaí atá sa bhunachar focal a chuireann an
dalta le chéile le himeacht ama. Ag tréimhsí iomchuí i
ngach aonad, is féidir leis an dalta taighde a dhéanamh ar
théarmaíocht ábhartha agus liosta a chur le chéile. Is féidir
é sin a dhéanamh i gcóipleabhar nó i gcomhad ríomhaire.
Is féidir le daltaí obair ina n-aonar nó ina mbeirteanna nó i
ngrúpaí. De rogha air sin, is féidir póstaer den bhunachar
focal a chrochadh sa rang, agus is féidir cur leis an bpóstaer
de réir a chéile.
CUR I LÁTHAIR GAIRIDTá cuir i láthair ghairide le fáil in Aonad 1 go hAonad 5.
Is fearr a oireann na gníomhaíochtaí sin don obair bhaile.
Éilítear leis na gníomhaíochtaí sin machnamh níos doimhne
ar na saincheisteanna a tháinig chun cinn san aonad. I
bhformhór na gcásanna, ní mór don dalta tabhairt faoi
roinnt taighde. Ba cheart go mbeadh an tionscadal réasúnta
foirmiúil agus cruinn, bíodh sé á chur i láthair de bhéal
nó i bhfoirm scríofa. Cuirfear eispéireas foghlama níos
idirghníomhaí ar fáil don rang ina iomláine má chuirtear
an tionscadal i láthair de bhéal. Ina theannta sin, féadfaidh
daltaí roghnú a gcur i láthair a ullmhú i bhfoirmeacha eile
amhail póstaer, colláis, físeán, dráma, taifead fuaime, blag,
etc. Is féidir leis an múinteoir na roghanna is fearr a oireann
do chumais agus do scileanna na ndaltaí a roghnú.
TRIALACHA LUAISIs féidir measúnú gasta ar a bhfuil foghlamtha i ngach
aonad a dhéanamh leis na cleachtaí seo ag deireadh na
n-aonad. Is féidir leis an múinteoir teorainneacha ama a
leagan amach a oireann do ranganna ar leith. Cuireann an
teorainn ama roinnt spraoi leis an measúnú.
RÍOMHFHOGHLAIM
Tá cúrsaí a oireann do dhaltaí na sraithe sinsearaí le fáil
ar thairseach nua ríomhfhoghlama an Údaráis Sláinte agus
Sábháilteachta (agus cuirfidh na cúrsaí sin leis na ceachtanna
in Choose Safety). Go háirithe, rachaidh an cúrsa Get Safe
Work Safe chun leas daltaí atá ag ullmhú don ionad oibre.
Tá sé úsáideach freisin mar chúrsa athnuachana do dhaltaí.
Tá feidhm an bhainisteora grúpa ina gné úsáideach de na
cúrsaí ar líne. Féadfaidh múinteoirí é sin a roghnú chun
an cúrsa a sheachadadh do ghrúpaí daltaí, agus beidh
múinteoirí in ann dul chun cinn na ndaltaí a bhainistiú
agus súil a choinneáil air. Féach http://hsalearning.ie chun
liosta a fháil de réimse iomlán na gcúrsaí ar líne don earnáil
oideachais (idir mhúinteoirí agus daltaí).
Féach na suíomhanna gréasáin seo a leanas chun smaointe
a fháil ar obair i ngrúpaí, ransú smaointe, agus rólghlacadh
sa seomra ranga.
Téigh chuig www.ite.org.uk, www.eslflow.com,
www.teachingexpertise.com.
BRO
LLA
CH D
O M
HÚ
INTE
OIR
Í
hsalearning.ieHSA Online Courses
MEASÚNÚ, DEIMHNIÚCHÁN AGUS SUAITHEANTAIS DHIGITEACHA A BHRONNADHNí clár oiliúna atá in Choose Safety. Ina áit sin, is clár atá ann a dhéanann feasacht, fiosrú agus machnamh a chur chun cinn. Tá na ceisteanna a chuirtear díreach chomh tábhachtach céanna leis an gcroí-ábhar.
Is iad spriocphobal an chláir daltaí na sraithe sinsearaí agus mic léinn atá ag gabháil don bhreisoideachas agus ar dhócha go mbeidís páirteach i dtaithí oibre, nó in obair pháirtaimseartha nó lánaimseartha nó i seirbhís pobail go luath. Is é an aidhm fhadtéarmach go mbeidh an grúpa daltaí agus mac léinn sin ag tosú amach ar a saol oibre agus tuiscint áirithe acu ar phrionsabail na sláinte agus na sábháilteachta.
Tá go leor de ghnéithe na foghlama gníomhaí le fáil in Choose Safety ar gnéithe bunriachtanacha iad de na cláir mhalartacha den tsraith shinsearach amhail an Idirbhliain, an Ardteistiméireacht Fheidhmeach agus Gairmchlár na hArdteistiméireachta. Cuirtear béim mhór ar réiteach fadhbanna, obair i ngrúpaí, machnamh agus plé/díospóireacht.
De réir mar a théann an dalta tríd an gclár, beidh ar an múinteoir modheolaíochtaí na foghlama gníomhaí a chur i bhfeidhm. Ní mór go mbeadh múinteoirí sásta ligean do phlé, do rólghlacadh agus do dhíospóireachtaí dul ar aghaidh gan na freagraí cearta a sholáthar. Is é nós an fhiosraithe a bhíonn á spreagadh sna haonaid deiridh de Choose Safety.
Dlúthchuid den phróiseas foghlama is ea stíl agus raon na ngníomhaíochtaí sa chlár. Bíodh is go bhfuil tuiscint ar an inneachar a bhaineann le sláinte agus le sábháilteacht tábhachtach chun an clár a chur i gcrích, tá an chaoi a ndéantar an t-inneachar sin a sheachadadh agus a ghlacadh ríthábhachtach don oideolaíocht. Céim thábhachtach chun timpistí a chosc is ea dul isteach i saol na hoibre le heolas bunúsach ar chúrsaí sláinte. Baineann luach cothrom leis na scileanna a fhoghlaimeoidh daltaí ar chur i gcrích Choose Safety dóibh – machnamh, fiosrú agus cumarsáid.
Éilítear freagra cliste meabhraithe ó dhaltaí in go leor de na gníomhaíochtaí sa leabhar. Ba cheart go mbeadh roinnt machnaimh i gceist le cúrsaí sláinte agus sábháilteachta, agus caitear mar sin leis an ábhar i stíl agus i ndoimhneacht na dtascanna atá leagtha amach do dhaltaí. Déantar iarracht, mar sin féin, na gníomhaíochtaí a dhéanamh chomh taitneamhach agus is féidir. Is iad scileanna an mhúinteora agus an cur chuige a ghlacfar sa rang a chinnfidh go mór a thaitneamhaí atá na gníomhaíochtaí.
Sa tábla ar an gcéad leathanach eile, leagtar amach raon na ngníomhaíochtaí don seomra ranga agus don obair bhaile atá le fáil sa phacáiste (is gníomhaíochtaí nua iad cuid mhór díobh). Féadfar iad sin a chur in oiriúint do raon cumais agus do réimsí spéise na ndaltaí. Tá os cionn 70 gníomhaíocht ann chun spéis a mhúscailt. Is féidir féachaint orthu sin mar
roghchlár ónar féidir gníomhaíochtaí a roghnú don rang de réir mar is cuí.
Ní gá gach aon chleachtadh a chur i gcrích. Is féidir leatsa cinneadh a dhéanamh an bhfuil nó nach bhfuil deimhniú tuillte ag dalta mar gheall ar a rannpháirtíocht. Ní bhronnfar dámhachtain faoin gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí ar Choose Safety a chur i gcrích ach, mar sin féin, is taifead atá sna deimhnithe agus sna suaitheantais ar fhoghlaim na ndaltaí lena mbaineann torthaí foghlama ar leith.
Deimhniú Críochnúcháin:
I gcás formhór na ndaltaí, is féidir gnáth-Dheimhniú Críochnúcháin a bhronnadh go réasúnta orthu. Baineann an Deimhniú sin le daltaí a ghlac páirt i raon gníomhaíochtaí i ngach ceann de na haonaid. Ar chríochnú na n-aonad, ba cheart go mbeadh tuiscint mhaith bainte amach ar na saincheisteanna ann mar aon le feasacht mhaith go mbaineann cúrsaí sláinte agus sábháilteachta le gach aon duine.
Deimhniú le Gradam:
I gcás daltaí a bhfuil Deimhniú le Gradam tuillte acu, ní mór dóibh ardtuiscint a léiriú ar na saincheisteanna i gceist. Beidh formhór mhór na ngníomhaíochtaí curtha i gcrích acu, lena n-áirítear gach ceann de na tionscadail ghearra agus ceann amháin ar a laghad de na mórthascanna in Aonad 6.
Is féidir leis an múinteoir a chinneadh cén deimhniú atá tuillte ag gach dalta. Eisítear na deimhnithe go leictreonach don scoil/don institiúid tríd an gcomhordaitheoir áitiúil den chlár Choose Safety. Déan teagmháil dhíreach le hAonad Oideachais an Údaráis ag [email protected] má bhíonn deacracht agat dul i dteagmháil le do chomhordaitheoir nó
na deimhnithe a rochtain.
SUAITHEANTAIS DHIGITEACHA – CÓRAS DÁMHACHTAINÍ ROGHNACHATrí chóras an Údaráis Sláinte agus Sábháilteachta chun
Suaitheantais Oscailte a dhámhachtain, aithnítear daltaí a
n-éiríonn leo gach aonad de réimse na gclár Choose Safety
de chuid an Údaráis a chur i gcrích agus a bhaint amach
go rathúil. Bronntar ‘suaitheantas digiteach’ ar dhaltaí a
n-éiríonn leo ceann ar bith de na sé aonad ar leith agus
ceann ar bith de na ceithre chlár iomlána Choose Safety atá
ar tairiscint a chur i gcrích (féach thall chun an liosta iomlán
a fháil). D’fhéadfadh seo a bheith oiriúnach do dhaltaí agus
do mhúinteoirí nach gcríochnaíonn an clár iomlán ach a
bhíonn ag díriú ar roinnt de na haonaid ann. Féach thíos
chun faisnéis bhreise a fháil ar na suaitheantais. Is féidir
na suaitheantais dhigiteacha a fhoilsiú ar do láithreán
líonraithe shóisialta, ar do CV ar líne, i do mhála droma le
haghaidh suaitheantas, nó ar phróifíl ar líne eile.
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
4
nua
nua
BRO
LLA
CH D
O M
HÚ
INTE
OIR
Í
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
5
CÉARD IS SUAITHEANTAS DIGITEACH ANN?Is é is suaitheantas ann comhartha nó táscaire ar
ghnóthachtáil, scil, inniúlacht nó ábhar spéise. Is féidir
suaitheantais a úsáid chun éachtaí a léiriú, rath a chur in
iúl, agus spriocanna a leagan amach. Is féidir iad a úsáid
freisin chun tacú leis an bhfoghlaim a tharlaíonn lasmuigh
den seomra ranga traidisiúnta.
Léiriú digiteach ar a bhfuil bainte amach atá sna suaitheantais.
Íomhá atá sa suaitheantas ina bhfuil meiteashonraí breise
ionchódaithe chun an fhoghlaim a fhíorú. Déantar é sin a
bhainistiú ar thairseach ‘Suaitheantais Oscailte’ de chuid an
Údaráis Sláinte agus Sábháilteachta.
Tar éis do dhalta ceann de chláir Choose Safety a chur i
gcrích, is féidir Suaitheantas Digiteach a bhronnadh ar an
dalta mar aitheantas ar an tuiscint mhéadaithe ar chúrsaí
sláinte agus sábháilteachta ag an obair atá bainte amach
aige/aici. Déanfar na suaitheantais a dhámhachtain trí
thairseach ‘Suaitheantais Oscailte’ de chuid an Údaráis. Is
féidir faisnéis bhreise ar conas suaitheantais dhigiteacha a
dhámhachtain a fháil ar http://hsalearning.ie.
Céard a dhéanfaidh daltaí le suaitheantais dhigiteacha?
Nuair a éiríonn le daltaí gach aonad den chlár Choose
Safety a chur i gcrích, is féidir leo suaitheantas a ghnóthú.
Is féidir leo na suaitheantais a ghnóthaigh siad a bhailiú ina
mála droma ar líne féin d’fhonn úsáid a bhaint astú chun
an fhoghlaim a thaispeáint do mhúinteoirí, tuismitheoirí,
fostóirí ionchasacha agus cairde.
Conas is féidir liomsa, an múinteoir, suaitheantais a bhronnadh?
Anuas ar an gclár Choose Safety a chur ar fáil agus a
mheasúnú, níl le déanamh chun suaitheantais a bhronnadh
ach liosta de na daltaí a chríochnaigh na cláir éagsúla
faoi Choose Safety a chruthú agus cúpla céim shimplí a
leanúint. Tá na céimeanna sin le fáil faoin gceannteideal
‘Suaitheantais Dhigiteacha’ ar thairseach ríomhfhoghlama
an Údaráis, http://hsalearning.ie. I gcás ceisteanna eile
maidir le suaitheantais dhigiteacha a bhronnadh, déan
teagmháil le: [email protected]
Cruthófar cuntas na ndaltaí sa chóras ar líne ansin, agus
eiseofar na suaitheantais dóibh. Is féidir faisnéis bhreise ar
Shuaitheantais Dhigiteacha go ginearálta a fháil ar www.
openbadges.org.
SUAITHEANTAIS AN CHLÁIR SUAITHEANTAIS D’AONAID AR LEITH
• Choose Safety (clár iomlán)
• Suaitheantais Choose Safety le Gradam (clár iomlán + mórthasc)
• Aonad idirbhliana: (Choose Safety + Taithí Oibre + Ríomhfhoghlaim) ‘Get Safe – Work Safe’ ar hsalearning.ie
• An clár ríomhfhoghlama ar líne leis féin: ‘Get Safe – Work Safe’ ar hsalearning.ie
• Máistir Choose Safety (bronntar suaitheantas digiteach an Údaráis ar an múinteoir as Choose Safety a mhúineadh)
• Printíseach Choose Safety (ar thosú an chláir nuair a thosaíonn an scoil ar a sheachadadh)
Choose Safety (in aghaidh an aonaid)
Aonad 1 – Ionduchtúchán
Aonad 2 – Guaiseacha san ionad oibre
Aonad 3 – Feasacht ar rioscaí
Aonad 4 – Freagracht
Aonad 5 – Cumarsáid
Aonad 6 – Cás-staidéir
nua
BRO
LLA
CH D
O M
HÚ
INTE
OIR
Í
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
6
Féach thíos na híomhánna de na suaitheantais atá le fáil ón Údarás Sláinte agus Sábháilteachta agus
na naisc chuig na torthaí foghlama a léireofar nuair a chliceálfar orthu.
Suaitheantais Dhigiteacha Choose Safety
Teideal an tsuaitheantais
Cur síos
Aonad 1 – Ionduchtúchán
Bronntar an suaitheantas Ionduchtúchán ar chur i gcrích rathúil Aonad 1, Tosú amach ag obair. Ba cheart go mbeadh an faighteoir in ann na nithe seo a leanas a dhéanamh:
• breac-chuntas a thabhairt ar na forálacha is tábhachtaí den Acht um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht), 1996
• cur síos a dhéanamh ar an leas a bhaineann le hoiliúint ionduchtúcháin
• breac-chuntas a thabhairt ar phríomhfhreagrachtaí fostóirí agus fostaithe maidir le cúrsaí sláinte agus sábháilteachta ag an obair.
Aonad 2 – Guaiseacha san ionad oibre
Bronntar an suaitheantas Guaiseacha san ionad oibre ar chur i gcrích rathúil Aonad 2, Guaiseacha san ionad oibre. Ba cheart go mbeadh an faighteoir in ann na nithe seo a leanas a dhéanamh:
• guaiseacha a shainaithint agus a aicmiú • sainmhíniú a thabhairt ar mheasúnú riosca • breac-chuntas a thabhairt ar na guaiseacha seo a leanas agus
na rialuithe a bhaineann leo; láimhsiú agus eirgeanamaíocht, sciorrthaí, tuislí agus titimí, dóiteán agus garchabhair
• breac-chuntas a thabhairt ar bhunphrionsabail na heirgeanamaíochta
• breac-chuntas a thabhairt ar phrionsabail an ardaithe shábháilte.
Aonad 3 – Feasacht ar rioscaí
Bronntar an suaitheantas Feasacht ar rioscaí ar chur i gcrích rathúil Aonad 3, Do jab a dhéanamh. Ba cheart go mbeadh an faighteoir in ann na nithe seo a leanas a dhéanamh:
• breac-chuntas a thabhairt ar na príomhghnéithe le cur san áireamh agus obair á déanamh ar airde
• liosta a thabhairt de na réamhchúraimí atá le glacadh maidir le feithiclí an ionaid oibre
• cur síos a thabhairt ar conas is féidir le ceimiceáin díobháil a dhéanamh
• breac-chuntas a thabhairt ar Bhileoga Sonraí Sábháilteachta a úsáid
• lipéid ar tháirgí ceimiceacha a shainaithint • na guaiseacha a bhaineann le dhá earnáil thábhachtacha
oibre – an fheirmeoireacht agus an fáilteachas – a shainaithint • breac-chuntas a thabhairt ar fhreagrachtaí fostóirí agus
fostaithe maidir le trealamh cosanta pearsanta.
Aonad 4 –Freagracht
Bronntar an suaitheantas Freagracht ar chur i gcrích rathúil Aonad 4, Róil, tascanna, agus tú féin. Ba cheart go mbeadh an faighteoir in ann na nithe seo a leanas a dhéanamh:
• breac-chuntas a thabhairt ar ról an oifigigh sábháilteachta agus an ionadaí sábháilteachta
• breac-chuntas a thabhairt ar na tosca a chuireann le timpeallacht shláintiúil oibre
• liosta a thabhairt de na tosca a chuireann ar bhealach dearfach agus diúltach le sláinte agus folláine san ionad oibre.
NA SUAITHEANTAIS DHIGITEACHA ATÁ AR FÁIL ÓN ÚDARÁS SLÁINTE AGUS SÁBHÁILTEACHA nua
BRO
LLA
CH D
O M
HÚ
INTE
OIR
Í
Aonad 5 – Cumarsáid
Bronntar an suaitheantas Cumarsáid ar chur i gcrích rathúil Aonad 5, An tSábháilteacht a chur in iúl. Ba cheart go mbeadh an faighteoir in ann na nithe seo a leanas a dhéanamh:
• liosta a thabhairt de bhealaí chun saincheisteanna sláinte agus sábháilteachta a chur in iúl
• roinnt gnéithe den reachtaíocht maidir le sláinte agus sábháilteacht a phlé
• breac-chuntas a thabhairt ar an difríocht idir timpiste agus tarlú contúirteach
• úsáid na dtuairiscí ar thimpistí a léiriú • ullmhú le haghaidh cruinnithe san ionad oibre tar éis timpiste • cur síos a dhéanamh ar chuspóir ráitis sábháilteachta • comharthaí sábháilteachta coitianta agus an chiall atá leo a
shainaithint.
Aonad 6 – Cás-staidéir
Bronntar an suaitheantas Cás-staidéir ar chur i gcrích rathúil Aonad 6, Machnamh, Cuid 1: Cás-staidéir. Ba cheart go mbeadh an faighteoir in ann na nithe seo a leanas a dhéanamh:
• tionchar timpistí san ionad oibre ar dhaoine aonair agus ar ghnólachtaí a phlé
• roinnt de phrionsabail na sláinte agus na sábháilteachta a foghlaimíodh ar an gclár Choose Safety a chur i bhfeidhm
• gnéithe de thimpistí sa saol mar atá a phlé • mórthasc maidir le gné amháin den chúrsa a chur i gcrích.
Aonad 6 – Mórthasc
Bronntar an suaitheantas Mórthasc ar chur i gcrích rathúil Aonad 6, Machnamh, Cuid 2: Mórthasc. Tá mórthasc maidir le gné amháin den chúrsa curtha i gcrích ag an bhfaighteoir.
Choose Safety (Máistir)
Bronntar an Suaitheantas Oscailte Choose Safety (Máistir) ar an múinteoir ar thosú an chláir sa scoil.
Choose Safety (Printíseach)
Bronnfaidh an múinteoir an suaitheantas Choose Safety (Printíseach) ar gach dalta a thugann faoin gcúrsa ag tús an chúrsa, ar thosú an chláir sa scoil.
Choose Safety Curtha i gCrích
Bronntar an suaitheantas Choose Safety ar chur i gcrích rathúil an chláir Choose Safety. Bronntar an suaitheantas mar aitheantas ar an tuiscint mhéadaithe ar chúrsaí sláinte agus sábháilteachta ag an obair atá bainte amach ag an bhfaighteoir.
Choose Safety Curtha i gCrích le Gradam
Bronntar an suaitheantas Choose Safety le Gradam ar dhaltaí a n-éiríonn leo an mórthasc roghnach a chur i gcrích go rathúil. Bronntar an suaitheantas mar aitheantas ar ardtuiscint an fhaighteora ar na saincheisteanna a thagann chun cinn agus ar chur i gcrích sármhaith an chláir Choose Safety.
Get Safe – Work Safe Cur i gcrích an chúrsa ar líne
Bronntar an suaitheantas ríomhfhoghlaim ar dhaltaí a n-éiríonn leo cúrsa ar líne an Údaráis Sláinte agus Sábháilteachta ‘Get Safe – Work Safe’ a chur i gcrích go rathúil.
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
7
BRO
LLA
CH D
O M
HÚ
INTE
OIR
Í
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
8
GNÍOMHAÍOCHTAÍ DO DHALTAÍ Tá raon na ngníomhaíochtaí do dhaltaí leagtha amach sa tábla thíos. Éilítear machnamh pearsanta, obair i ngrúpaí, agus
plé sa seomra ranga i ngach aonad.
Tá leibhéal rannpháirtíochta agus machnaimh iomchuí don tsraith shinsearach de dhíth i ngach aonad.
Cleachtadh do dhaltaí aonair
I mbeirteanna
I ngrúpaí
Plé sa seomra ranga
Fíricí Tapa
Cur i Láthair Gairid
Mórthionscadal
Ransú smaointe
Díospóireacht
Cur i Láthair de Bhéal
Litir
Rólghlacadh
Triail Luais
Ceistneoir
Póstaer
Bunachar Focal
Topaic Aonad 1 Aonad 2 Aonad 3 Aonad 4 Aonad 5 Aonad 6
BRO
LLA
CH D
O M
HÚ
INTE
OIR
Í
Cur i gCrích Aonad Idirbhliana Choose Safety
Bronntar an suaitheantas Aonad Idirbhliana ar chur i gcrích rathúil chlár an Aonaid Idirbhliana. Tá an clár iomlán seo dírithe ar dhaltaí na hIdirbhliana a bhfuil an clár Choose Safety agus taithí oibre agus an cúrsa ríomhfhoghlama ‘Get Safe – Work Safe’ ar http://hsalearning.ie a curtha i gcrích acu.
Cur i gCrích Taithí Oibre Choose Safety
Bronntar an suaitheantas Taithí Oibre ar chur i gcrích rathúil taithí oibre.
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
9
NAISC LEIS AN tSRAITH SHINSEARACH AGUS LE BREISOIDEACHAS/hOILIÚINTIDIRBHLIAINTacaíonn inneachar agus stíl an chláir Sláinte agus Sábháilteachta seo leis na gnéithe bunriachtanacha ar fad i gClár na hIdirbhliana. Tá an t-inneachar fréamhaithe go domhain i bhfírinne na taithí oibre atá ina dlúthchuid den Idirbhliain in go leor scoileanna. Ina theannta sin, tugtar léiriú maith ar iniúchadh coincheap amhail freagracht agus cuntasacht, féinmheas, caoinfhulaingt agus saoránacht gníomhach sa chúrsa Choose Safety. Iarrtar ar dhaltaí smaoineamh agus gníomhú, machnamh a dhéanamh agus áitiú.
Úsáidtear an cleachtas is fearr san fhealsúnacht oideolaíoch atá mar bhonn agus thaca ag na heispéiris foghlama sa chlár seo. In Choose Safety, cuirtear béim ar an machnamh pearsanta, obair i mbeirteanna agus obair i ngrúpaí. Tá gnéithe eile na foghlama gníomhaí le fáil freisin i rólghlacadh, díospóireachtaí foirne, anailís ar na meáin, agus measúnuithe ar chás-staidéir.
Éascaítear an fhoghlaim le teicnící teagaisc nua-aimseartha ina mbíonn an dalta rannpháirteach go gníomhach sa cheacht. Ní oireann an stíl ná an t-inneachar don teagasc oideasach aontoiseach.
Go hachomair, tá stíl, inneachar agus réasúnaíocht bhunúsach an phacáiste seo comhsheasmhach ina n-iomláine le fealsúnacht na hIdirbhliana.
AONAD IDIRBHLIANATá Choose Safety ina gné bhunúsach d’aonad idirbhliana nua dar teideal “Sábháilteacht Daltaí san Ionad Oibre”. San aonad idirbhliana 45 uaire seo, tugtar réamheolas ar choincheapa sláinte agus sábháilteachta do dhaltaí a bhfuil sé beartaithe acu dul ar thaithí oibre. Tá an t-aonad iomlán ar fáil lena íoslódáil ón www.ncca.ie.
GAIRMCHLÁR NA hARDTEISTIMÉIREACHTAI gcás daltaí ar Ghairmchlár na hArdteistiméireachta (GCAT), feicfidh siad go mbaineann go leor d’inneachar an chláir Choose Safety le riachtanais an tsiollabais maidir le gnéithe dá gcúrsa lena n-áirítear tuiscint mhaith a bhaint amach ar an reachtaíocht sláinte agus sábháilteachta. Tacaíonn an leabhar le Nascmhodúl 1 “Ullmhú do Shaol na hOibre”, Aonad 1 Tús eolais ar Shaol na hOibre, agus Aonad 4 Socrúchán Oibre.
D’fhéadfaí leas a bhaint as gníomhaíochtaí sa leabhar le haghaidh riachtanas punainne GCAT. Amhail an Idirbhliain, cuirfear le go leor de na scileanna beatha atá bunriachtanach do GCAT trí rannpháirtíocht ghníomhach iomlán.
AN ARDTEISTIMÉIREACHT FHEIDHMEACHAr an gcaoi chéanna, baineann inneachar an chláir feasachta seo ar shláinte agus ar shábháilteacht
le gach comhpháirt den Ardteistiméireacht Fheidhmeach (ATF). Tacaíonn inneachar Choose Safety go maith le modhanna measúnaithe na hArdteistiméireachta Feidhmí (modúil, tascanna do dhaltaí agus scrúduithe deiridh). Feicfidh daltaí ATF go mbaineann go leor den inneachar go díreach lena gcúrsa Gairmullmhúcháin (ábhar).
In Choose Safety, cuimsítear na heispéiris foghlama lena bhfuiltear ag súil chun go leor de na torthaí foghlama follasacha den ghairmullmhúchán a chur i gcrích. Tacaíonn an t-inneachar anseo go díreach leis an taithí oibre éigeantach atá ina dlúthchuid den chúrsa ATF. Ina theannta sin, cuimsítear sna Speisialachais Ghairme aonaid inar léir an fheasacht ar shláinte agus ar shábháilteacht. Cuimsítear inneachar ábhartha dá leithéid in Choose Safety. Féadfaidh daltaí úsáid a bhaint as na hinniúlachtaí arna bhforbairt anseo chun riachtanais na ‘dtascanna’ do dhaltaí ATF a chomhlíonadh. Ar deireadh, baineann na ceachtanna a fhoghlaimítear ón leabhar seo go díreach le scrúdú deiridh na hArdteistiméireachta Feidhmí.
AN ARDTEISTIMÉIREACHT SHEANBHUNAITHEFéadfaidh múinteoirí ábhair phríomhshrutha na hArdteistiméireachta amhail na Teicneolaíochtaí, Eolaíocht, Eolaíocht Talmhaíochta, Staidéar Foirgníochta, Eacnamaíocht Bhaile, Ealaín, agus Corpoideachas leas a bhaint as Choose Safety. Tá tuiscint ar shaincheisteanna sláinte agus sábháilteachta follasach nó intuigthe i ngach ceann de na hábhair sin. Mar gheall ar leibhéal na rannpháirtíochta intleachtúla a éilítear ó dhaltaí sna haonaid deiridh den chlár, cabhrófar lena gcuid oibre in ábhair eile amhail Béarla agus Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte. Féadfaidh múinteoirí agus daltaí ceann ar bith de na hábhair thuasluaite leas a bhaint as gnéithe den phacáiste acmhainní seo chun cur leis an mbunsiollabas.
BREISOIDEACHAS AGUS OILIÚINTIs iomaí cúrsa breisoideachais ina mbeidh Choose Safety ábhartha chun daoine óga agus daoine dífhostaithe a ullmhú don ionad oibre. Féadfaidh múinteoirí agus teagascóirí leas a bhaint as gnéithe áirithe de thopaicí agus d’aonaid de réir mar is mian leo. Ná déan dearmad gur féidir suaitheantais dhigiteacha a bhronnadh le haghaidh gach aonaid ar a ndéantar staidéar mar aon le deimhnithe ar chúrsaí a chuirtear i gcrích. Tá an clár Choose Safety comhsheasmhach le córas oideachais ina dtacaítear le freastal ar riachtanais gach foghlaimeora agus a bhfuil sé mar aidhm leis go háirithe feabhas a chur ar ionchais fostaíochta daoine óga dífhostaithe.
Cuirtear cúrsaí a bhaineann go sainiúil le hearnálacha ar leith ar fáil ar thairseach foghlama ar líne an Údaráis, http://hsalearning.ie, agus tá na cúrsaí sin le fáil saor in aisce 24/7. Féadfaidh múinteoirí grúpaí foghlaimeoirí a shocrú ar an gcóras nó is féidir le foghlaimeoirí aonair cúrsaí a rochtain go neamhspleách. Féach http://hsalearning.ie chun liosta iomlán na gcúrsaí a fháil.
BRO
LLA
CH D
O M
HÚ
INTE
OIR
Í
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
10
BRO
LLA
CH D
O M
HÚ
INTE
OIR
Í
Topaic
Gairm
chlár na hA
rdteistiméi-
reachta
An A
rdteis-tim
éireacht Fheidhm
each
Ábhair Phraiticiúla
OSPS
Gnó
Corpoi-deachas
Eolaíocht (Fisic, Ceim
ic, Bitheolaíocht)
TeicneolaíochtaíStaidéar Foirgníochta
Eolaíocht Talm
haíochtaEacna-m
aíocht Bhaile
Ealaín
Dlíthiúil
Cearta Oibrithe Ó
ga
Freagrachtaí an Fhostóra
Freagrachtaí an Fhostaí
Guais, Riosca, Rialú
Dóiteán agus G
archabhair
Láimhsiú agus Eirgeanam
aíocht
Sleam
hnú, Coir Choise agus Titim
Obair ar A
irde
Sábháilteacht Feithiclí san Ionad
O
ibre
Ceim
iceáin
Feirm
eoireacht
Fáilteachas
Oifigeach Sábháilteachta agus Ionadaí
Sábháilteachta
Tim
peallacht Oibre
Sláinte agus Folláine san Ionad Oibre
Ráitis Sábháilteachta
Com
harthaí Sábháilteachta
Trealamh Cosanta Pearsanta
Iniúchadh ar Thimpistí / ar Theagm
hais
Mórthascanna
NA
ISC LE CURA
CLAM
NA
SRAITH
E SINSEA
RAÍ
*B’fhéidir gur mhian le m
úinteoirí agus le hoiliúnóirí breisoideachais súil a chaitheamh ar na topaicí chun féachaint ar a n-ábharthacht don chúrsa.
nua
nua
nua
nua
nua
nua
nua
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
11
CLEACHTAÍ A BHAINEANN LE HÁBHAIR ÉAGSÚLA1. EALAÍN2. EACNAMAÍOCHT BHAILE3. ÁBHAIR EOLAÍOCHTA4. ÁBHAIR THEICNEOLAÍOCHTA
nua
EALAÍN
Sceitseáil bheo-ábhair Socrú – málaí agus seoláin shraoilleacha Tuislí, Titimí
Doirteadh uisce Sciorrthaí
Suí ar feadh tréimhsí fada Suíocháin chompordacha
Modúil Phraiticiúla Gníomhaíocht Guaiseacha:
Saothar samhailteach nó
ábhar neamhbheo
Seoláin leictreacha shraoilleacha, málaí
scoile
Tuislí, Titimí
Péinteanna púdair a mheascadh Gortú súl, deannach ag cur isteach ar an
gcóras riospráide
Stóráil trealaimh Eirgeanamaíocht, Tuislí, Titimí
Doirteadh uisce Sciorrthaí
1. Cé na guaiseacha a chuireann daoine i mbaol agus
obair chaomhantais á déanamh?
Dear póstaer le do rogha ábhar chun cúrsaí sláinte
agus sábháilteachta a chur chun cinn agus obair
chaomhantais á déanamh.
2. Tabhair cuairt ar dhánlann nó ar mhúsaem. Féach ar
an gcaoi a ndéanann coimeádaithe saothair ealaíne
a láimhseáil, a bhogadh, a chur ar taispeáint nó
a stóráil. Déan measúnú riosca eirgeanamaíochta chun
saothar mór ealaíne a iompar.
Tá de bhuntáiste ag ealaín, i gcomparáid le hábhair eile,
gur gníomhaíocht phraiticiúil theagmhálach atá ann.
Mar sin féin, dá mhéad gníomhaíochta a bhíonn ar siúl
ag dalta is ea is mó an seans go dtarlóidh timpiste agus
gortú pearsanta. Anuas air sin, sa seomra ranga ealaíne,
d’fhéadfaí go mbeadh daltaí ag obair le meáin éagsúla ag
an am céanna agus d’fhéadfadh contúirt a bheith i gceist
leis sin, go háirithe mura bhfuil go leor spáis sa seomra
ranga.
Leis na sceitimíní a bhaineann le trealamh a d’fhéadfadh
a bheith contúirteach a úsáid (mar shampla iarann sádrála
agus ábhair amhail péinteanna púdair), cuirtear leis na
rioscaí a bhaineann le gníomhaíochtaí praiticiúla ealaíne a
dhéanamh.
Sa tábla seo a leanas, léirítear gníomhaíochtaí agus na
guaiseacha a bhaineann leo de réir mar a bhaineann le
modúil Ealaíne. Féachtar ar Láimhsiú agus Eirgeanamaíocht
in Aonad 2, Cuid 2 de Choose Safety (leathanach 24 den
leabhar do dhaltaí), féachtar ar Sciorrthaí, Tuislí agus Titimí
i gCuid 3 (leathanach 29), agus dírítear ar Cheimiceáin in
Aonad 3, Cuid 3 (leathanach 43).
BRO
LLA
CH D
O M
HÚ
INTE
OIR
Í
Tar éis obair a dhéanamh leis an gclár Choose Safety, seo roinnt cleachtaí roghnacha a d’fhéadfadh cur leis an eispéireas
foghlama.
Dearadh nó ceardaíocht Iarann sádrála Dónna, dóiteán
Móta papier mâché Sciorrthaí ón uisce, móta
Snoíodóireacht Gortú súl, gearrthacha, deannach ag cur
isteach ar an gcóras riospráide
Ceirmigh bhriste Gearrthacha, gortú súl
Criadóireacht a bhácáil Dónna
Péinteanna púdair a mheascadh Gortú súl, deannach ag cur isteach ar an
gcóras riospráide
Bróidnéireacht Biorpholladh
Siosúr Gearrthacha
Lionóilphriontáil Gearrthacha, gortú do na méara / do na
lámha
Baitíc – céir the Dónna, dóiteán
Diúscairt snáthaidí briste Biorpholladh
Miotalóireacht ealaíne Dónna, gortú súl, gearrthacha
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
12
Agus staidéar á dhéanamh ar Eacnamaíocht Bhaile ar
scoil, foghlaimíonn daltaí conas na nithe seo a leanas a
dhéanamh:
• aire a thabhairt dá sláinte agus dá sábháilteacht féin,
agus do shláinte agus do shábháilteacht daoine eile
• a limistéir foghlama agus oibre a eagrú agus a bhain-
istiú chun timpeallacht shláintiúil shábháilte a chruthú
• guaiseacha a shainaithint, gníomhú dá réir, agus
na hiarmhairtí a d’fhéadfadh teacht chun cinn a
sheachaint
• ábhair agus trealamh a láimhseáil ar bhealach sláin-
teach sábháilte
• saol atá níos sábháilte agus níos sláintiúla a
chaitheamh.
Tá an obair phraiticiúil ina dlúthchuid d’Eacnamaíocht
Bhaile – Eolaíoch agus Sóisialta, agus déantar go leor
den obair phraiticiúil sin sa chistin ar scoil. Ós rud é gur
sa chistin a tharlaíonn formhór na dtimpistí sa ghnáth-
theach, tá sé tábhachtach go ndéanann an múinteoir na
caighdeáin is fearr a leagan amach agus cur ar chumas na
ndaltaí a gcuid foghlama a dhéanamh i dtimpeallacht atá
sábháilte, sláinteach agus tacúil. Moltar do thuismitheoirí
dearcthaí dearfacha agus cineálacha dearfacha cur chuige
a chothú ina gcuid daltaí maidir le sábháilteacht sa réimse
gníomhaíochtaí a dhéanann siad, agus feasacht ar a
thábhachtaí atá sé timpeallacht shábháilte oibre a chur ina
luí orthu.
Moltar do dhaltaí dul i mbun oibre ar bhealach aireach, a
bheith eolach ar an gcontúirt a bhaineann le doirteadh,
teas, tine, sceana géara, trealamh leictreach, ábhair glanta
thocsaineacha agus guaiseacha eile a d’fhéadfadh teacht
chun cinn. Múintear do dhaltaí a thábhachtaí atá sé cloí
le rialacháin a bhaineann le cistin oibre, lena n-áirítear a
thábhachtaí atá cosaint phearsanta amhail éadaí cosanta
a chaitheamh (naprúin, clúdach don chloigeann, agus
miteoga oighinn). Cuirtear oiliúint orthu conas is ceart a
dhéanamh i gcásanna éigeandála, mar shampla druileanna
dóiteáin, conas pluid dóiteáin a úsáid i gcás dóiteáin bheaga
logánta. Is leo seo a leanas a bhaineann príomhthorthaí
foghlama na ngníomhaíochtaí praiticiúla a dhéantar sa
chistin ar scoil:
• úsáid shábháilte ábhar agus trealaimh, • na nósanna imeachta lena ndéantar dea- chleachtais sláinte agus sábháilteachta a chur chun cinn.
Sa mhodúl toghthach ‘Teicstílí, Faisean agus Dearadh’,
bítear ag súil go mbeidh daltaí eolach ar bhailchríocha
dódhíonacha agus ar an Ordú Taighde Tionscail agus
Caighdeán (Sábháilteacht Dóiteáin) (Troscán Tí) (1988 agus
1995), agus go mbeidh eolas acu ar inadhainteacht na
snáithíní i dteicstílí tí éagsúla.
Déantar staidéar freisin ar eirgeanamaíocht sa mhodúl
toghthach ‘Dearadh agus Bainistíocht Tí’.
Conas is féidir linn an t-eolas a fhaightear ó staidéar a dhéanamh ar Eacnamaíocht Bhaile a chur i bhfeidhm sa timpeallacht oibre?
In earnáil na lónadóireachta agus an fháilteachais, is de
bharr sciorrthaí, tuislí agus titimí a tharlaíonn formhór na
dtimpistí, go háirithe timpeall ar fhoinsí leachtanna (mar
shampla ag an doirteal agus glasraí, uirlisí agus gréithe á
ní).
Sa tábla seo a leanas, léirítear gníomhaíochtaí agus na
guaiseacha a bhaineann leo atá ábhartha do mhodúil a
bhaineann le Staidéar Bia, agus le Teicstílí, Faisean agus
Dearadh. Féachtar ar Láimhsiú agus Eirgeanamaíocht in
Aonad 2, Cuid 2 de Choose Safety (leathanach 24 den
leabhar do dhaltaí), féachtar go mionsonraithe ar Sciorrthaí,
Tuislí agus Titimí in Aonad 2, Cuid 3 (leathanach 29).
Modúil Phraiticiúla Gníomhaíocht Guaiseacha:
Staidéar Bia Ní gréithe ag an doirteal Sciorrthaí, titimí
Oigheann Dónna
Leacht te, mar shampla steallóga anraith Dónna, gortú súl
Potaí agus pannaí Eirgeanamaíocht – ardú agus iompar
Meascthóirí Eirgeanamaíocht – ardú agus iompar, gortú
do na cosa
Amhábhar – urlár, siúcra Eirgeanamaíocht – ardú agus iompar
Sceana agus gearrthóirí Gearrthacha
Seoláin leictreacha shraoilleacha, málaí
scoile
Tuislí, titimí
EACNAMAÍOCHT BHAILE
BRO
LLA
CH D
O M
HÚ
INTE
OIR
Í
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
13
Modúil Phraiticiúla Gníomhaíocht Guaiseacha:
Teicstílí, faisean agus dearadh Fuáil Biorpholladh
Diúscairt snáthaidí briste Biorpholladh
Deisiúcháin do threalamh Fostú, pinse ar mhéar
Iarann sádrála Dónna, dóiteán
Iarann Dónna, dóiteán
Siosúr Gearrthacha
Seoláin leictreacha shraoilleacha, málaí
scoile
Tuislí, titimí
Baitíc – céir the Dónna, dóiteán
Seoláin leictreacha shraoilleacha, málaí
scoile
Tuislí, titimí
Péinteanna púdair a mheascadh Gortú súl, deannach ag cur isteach ar an
gcóras riospráide
Ní gréithe ag an doirteal Sciorrthaí, titimí
Stóráil trealaimh Eirgeanamaíocht, tuislí, titimí
Bíonn daltaí sa tsaotharlann le haghaidh fhormhór na
gceachtanna eolaíochta, nó le haghaidh na gceachtanna
ar fad, san oideachas iarbhunscoile. Is leo seo a leanas a
bhaineann príomhthorthaí foghlama na ngníomhaíochtaí
praiticiúla tosaigh a dhéantar i saotharlann na scoile:
• úsáid shábháilte an fhearais • forbairt nósanna imeachta lena ndéantar dea- chleachtais sláinte agus sábháilteachta a chur chun cinn.
Múintear do dhaltaí conas guaiseacha féideartha a
shainaithint agus a sheachaint. Baineann go leor de na
guaiseacha sin leis an saol laethúil amhail dónna, scalladh,
gloine bhriste agus dromchlaí sciorracha. Múintear dóibh a
thábhachtaí atá sé cloí leis na rialacha dochta a bhaineann
le saotharlanna, lena n-áirítear a thábhachtaí atá cosaint
phearsanta amhail éadaí cosanta agus súilchosaint.
Agus staidéar á dhéanamh ar eolaíocht ar scoil,
foghlaimíonn daltaí conas na nithe seo a leanas a
dhéanamh:
• aire a thabhairt dá sláinte agus dá sábháilteacht féin,
agus do shláinte agus do shábháilteacht daoine eile
• guaiseacha sa saol laethúil a shainaithint agus iad féin
a chosaint orthu
• ábhair agus trealamh a láimhseáil ar bhealach sábháilte
• timpeallacht foghlama agus oibre atá níos sábháilte
agus níos sláintiúla a chruthú
• saol atá níos sábháilte agus níos sláintiúla a
chaitheamh.
Ceann de na róil atá ag an múinteoir eolaíochta is ea cur ar
chumas na ndaltaí eolaíocht a fhoghlaim i dtimpeallacht atá
sábháilte agus tacúil. Agus iad ag foghlaim na heolaíochta ar
scoil, múintear do dhaltaí conas déileáil leis na guaiseacha a
bhaineann le hobair phraiticiúil agus conas an riosca dóibh
féin agus do dhaltaí eile a laghdú an oiread is féidir. Tá de
bhuntáiste ag an eolaíocht, i gcomparáid le hábhair eile, gur
gníomhaíocht phraiticiúil theagmhálach atá ann. Mar sin
féin, dá mhéad gníomhaíochta a bhíonn ar siúl ag dalta is ea
is mó an seans go dtarlóidh timpiste agus gortú pearsanta.
Leis na sceitimíní a bhaineann le trealamh agus ceimiceáin
a d’fhéadfadh a bheith contúirteach a úsáid, cuirtear leis na
rioscaí a bhaineann le gníomhaíochtaí praiticiúla eolaíochta
a dhéanamh. Anuas ar ghníomhaíochtaí praiticiúla, is
féidir inneachar ó na siollabais eolaíochta a úsáid mar
chomhthéacs chun cabhrú le daltaí dearcadh dearfach a
fhorbairt i leith saincheisteanna sláinte agus sábháilteachta
i gcásanna éagsúla (Mapping Health and Safety in the
Curriculum, an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus
Measúnachta, Meán Fómhair 2007).
Sa tábla seo a leanas, léirítear gníomhaíochtaí agus na
guaiseacha a bhaineann leo atá ábhartha don Eolaíocht.
Déantar na guaiseacha a aicmiú mar ghuaiseacha
ceimiceacha, bitheolaíocha agus fisiceacha. Dírítear
ar Cheimiceáin in Aonad 3, Cuid 3 de Choose Safety
(leathanach 43 den leabhar do dhaltaí).
ÁBHAIR EOLAÍOCHTA
BRO
LLA
CH D
O M
HÚ
INTE
OIR
Í
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
14
Turgnaimh
Ní hea Teideal Aicme na nguaiseacha Gníomhaíocht Guaiseacha
Ceimiceach Gás peitriliam leachtach (GPL) – níos
troime ná an t-aer
Plúchadh, nimhiú
tocsaineach
Gás nádúrtha – níos éadroime ná an t-aer Dóiteán
Hidrigin chomhbhrúite
Dé-ocsaíd charbóin chomhbhrúite Nimhiú tocsaineach
Ocsaigin chomhbhrúite Dóiteán, pléascadh
Bitheolaíoch Dioscadh ainmhí Baictéir, víreas
Fisiceach Dóire Bunsen Dóiteán, dó
Láimhsiú agus diúscairt sleamhnán briste,
earraí gloine atá briste
Gearrthacha
Earraí gloine atá te Dónna
Ceirmigh theo Dónna
Ceirmigh bhriste Gearrthacha
Léasair Gortú súl, dónna
Tar éis obair a dhéanamh leis an gclár Choose Safety, seo
cleachtadh roghnach a d’fhéadfadh cur leis an eispéireas
foghlama.
Déan iniúchadh ar na ceimiceáin a bhíonn in úsáid sa
tsaotharlann.
Roghnaigh trí thurgnamh ón gcuraclam eolaíochta inar gá
ceimiceán a úsáid.
Déan ceimiceán tocsaineach, creimneach agus greannach
a shainaithint. Conas is féidir le gach ceann díobh sin
díobháil a dhéanamh don tsláinte?
Féach ar lipéad gach ceimiceáin. Cén fhaisnéis
thábhachtach atá le fáil ar an lipéad?
Féach ar an mbileog sonraí sábháilteachta i gcás ceann
amháin de na ceimiceáin. Cén fhaisnéis thábhachtach a
sholáthraítear ar an mbileog sin maidir leis an gceimiceán?
Acmhainní
Managing Safety and Health in the Science Laboratory for
Teachers http://hsalearning.ie
Cabhróidh an cúrsa saor in aisce seo ar líne le múinteoirí
na n-ábhar eolaíochta feabhas a chur ar an eolas agus ar an
tuiscint atá acu ar shábháilteacht, ar shláinte agus ar leas,
go háirithe sa tsaotharlann eolaíochta.
Ar chríochnú an chúrsa sin duit, ba cheart go mbeifeá in
ann na nithe seo a leanas a dhéanamh:
• guaiseacha agus rioscaí sa tsaotharlann eolaíochta a
shainaithint
• rialacha saotharlainne agus timpistí a d’fhéadfadh
tarlú i saotharlann a shainaithint
• cleachtais a chur i bhfeidhm chun na timpistí sin a
chosc
• guaiseacha fisiceacha, ceimiceacha agus bitheolaíocha
a shainaithint, agus
• cúrsaí sláinte agus sábháilteachta a bhainistiú sa
tsaotharlann scoile.
BRO
LLA
CH D
O M
HÚ
INTE
OIR
Í
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
15
Cuirtear béim sna siollabais ar an ngá atá le haird chuí a
thabhairt ar shaincheisteanna sláinte agus sábháilteachta
i ngach gníomhaíocht, go háirithe nuair atá ábhair agus
trealamh in úsáid, ach freisin maidir le smaointe agus réitigh
dearaidh a ghiniúint agus a mheasúnú.
Cuspóir ar leith den oideachas teicneolaíochta is ea gur
cheart go mbeadh na riachtanais sláinte agus sábháilteachta
a bhaineann le hobair phraiticiúil a phleanáil agus a
dhéanamh ar eolas ag daltaí agus gur cheart do dhaltaí cloí
leo. Ina theannta sin, ba cheart dóibh a thuiscint conas a
d’fhéadfadh na riachtanais sin teorainneacha nó srianta a
chur ar dhearadh earraí agus córas.
Agus na hábhair sin á dteagasc agus á bhfoghlaim, éilítear
ar dhaltaí féachaint ar chleachtais shábháilte oibre agus
nósanna imeachta molta a leanúint. Forbraíonn siad
tuiscint ar na contúirtí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le
foinsí fuinnimh, innealra, trealamh agus feistí a bhíonn in
úsáid acu agus iad ag foghlaim. Mar gheall ar theagasc,
téann siad i dtaithí ar threalamh sábháilteachta a úsáid i
gceart agus ar thimpeallacht shábháilte oibre a chothú trí
bhíthin réamhchúraimí cuí sábháilteachta a chur i bhfeidhm
chun contúirt a sheachaint agus chun rioscaí a laghdú an
oiread is féidir. Ní mór cúrsaí sláinte agus sábháilteachta
a chur san áireamh sna réitigh dearaidh ar fhadhbanna
teicneolaíochta.
Sa tábla seo a leanas, léirítear gníomhaíochtaí agus na
guaiseacha a bhaineann leo atá ábhartha d’ábhair na
teicneolaíochta. Dírítear ar láimhsiú agus ar eirgeanamaíocht
in Aonad 2, Cuid 2 (leathanach 24).
Croí-ábhair – Modúil Phraiticiúla Gníomhaíocht Guaiseacha:
Próiseas dearaidh
Bainistiú tionscadail agus cáilíochta
Ábhair agus táirgeadh Meaisín muilleála Fostú
Druilire seastáin Gortú súl, gearrthacha
Deil láir miotalóireachta Gortú súl, gearrthacha
Meáin chumarsáide agus ghrafacha
Teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide Aonaid fístaispeána Tuirse shúl, straidhn ar
ghéaga uachtaracha
Eirgeanamaíocht Gortú athstraidhneála
Struchtúir agus meicníochtaí
Fuinneamh, leictreachas agus leictreonaic
Roghanna (roghnaigh péire)
Leictreonaic agus rialú
Córais rialaithe fheidhmeacha
Teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide
Córais déantúsaíochta
Teicneolaíocht ábhar
ÁBHAIR THEICNEOLAÍOCHTA
BRO
LLA
CH D
O M
HÚ
INTE
OIR
Í
In ábhair amhail Staidéar Foirgníochta agus Innealtóireacht, tá eolas ar chúrsaí sláinte agus sábháilteachta follasach sa
siollabas.
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
16
Tar éis obair a dhéanamh leis an gclár Choose Safety, seo
cleachtadh roghnach a d’fhéadfadh cur leis an eispéireas
foghlama.
Déan athbhreithniú ar fhearais agus ar threalamh i seomra
ranga na Teicneolaíochta.
I ngrúpaí de thriúr:-
1. Déan fardal de na fearais agus den trealamh sa
seomra ranga agus déan taifead den déantúsóir,
den dáta déantúsaíochta, agus de dháta na
cothabhála deiridh.
2. Sainaithin píosa trealaimh amháin. Féach ar
lámhleabhar oibriúcháin an trealaimh roghnaithe, go
háirithe an fhaisnéis sláinte agus sábháilteachta atá
ann. Sainaithin na guaiseacha, na rioscaí, agus na
rialuithe a bhaineann leis an trealamh sin.
3. Féach ar dhearadh an trealaimh sin agus ar an gcaoi
a n-úsáidtear é. An bhféadfaí aon fheabhas a
dhéanamh ó thaobh na heirgeanamaíochta de?
4. Ón méid a d’fhoghlaim tú, déan bileog faisnéise
sláinte agus sábháilteachta (aon leathanach amháin)
a chur le chéile don trealamh sin.
Acmhainní
Managing Safety and Health in the Technologies
classroom for Teachers http://hsalearning.ie
Cabhróidh an cúrsa saor in aisce seo ar líne le múinteoirí
na n-ábhar teicneolaíochta feabhas a chur ar an eolas agus
ar an tuiscint atá acu ar shábháilteacht, ar shláinte agus ar
leas.
Ar chríochnú an chúrsa sin duit, ba cheart go mbeifeá in
ann na nithe seo a leanas a dhéanamh:
• príomhghuaiseacha sa seomra ranga teicneolaíochta a
shainaithint
• na bearta riachtanacha a shainaithint chun timpistí a
chosc
• cleachtais shábháilte oibre, an ráiteas sábháilteachta,
comhairliúchán sábháilteachta, agus conas iniúchadh
sláinte agus sábháilteachta a shainaithint agus a
bheith ar an eolas fúthu
• pleanáil le haghaidh sábháilteacht dóiteáin agus
cásanna éigeandála
• riachtanais tábhachtacha a shainaithint maidir
le garchabhair, eirgeanamaíocht, tuaslagóirí agus
greamacháin ceimiceacha, agus reachtaíocht maidir
leis an tsábháilteacht.
BRO
LLA
CH D
O M
HÚ
INTE
OIR
Í
BÍ AG BRABHSÁIL
Is féidir faisnéis mhionsonraithe agus chun dáta ar gach topaic ar a bhféachtar in Choose Safety a
fháil ach dul chuig suíomh gréasáin an Údaráis Sláinte agus Sábháilteachta, www.hsa.ie.
Téigh chuig http://hsalearning.ie chun féachaint ar chúrsaí ar líne an Údaráis
Tugtar liosta anseo thíos ar shuíomhanna eile ar fiú féachaint orthu:
www.hsa.ie/eng/Topics/Simple_Safety/
www.agriaware.ie
www.scoilnet.ie
www.cdc.gov/niosh
www.iif.ie
www.slss.ie
www.esb.ie
www.mentalhealthireland.ie
www.epa.ie
www.osha.gov (Stáit Aontaithe Mheiriceá)
www.fsai.ie
www.hse.gov.uk (an Ríocht Aontaithe)
www.osha.europa.eu
www.nra.ie
www.iif.ie
www.agriculture.gov.ie
www.enetosh.net
www.ascc.gov.au (an Astráil)
www.citizensinformation.ie
www.besmart.ie
www.statcentral.ie
hsalearning.ieHSA Online Courses
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
17
BRO
LLA
CH D
O M
HÚ
INTE
OIR
Í
1 Treoirlínte do mhúinteoirí2 Cearta oibrithe óga3 Ionduchtúchán4 Dlíthe sláinte agus sábháilteachta agus d’ionad oibre5 Gníomhaíochtaí an aonaid6 Faisnéis bhreise
Ábhair an Aonaid
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
18
TOSÚ AG OBAIRAONAD 1
AO
NA
D 1
TO
SÚ A
G O
BAIR
TREOIRLÍNTE DO MHÚINTEOIRÍSa leabhar saothair ‘Daoine Óga ag Obair’, tá an t-inneachar seo a leanas le fáil in Aonad 1 Tosú amach ag obair:
n Cuid 1 Cearta oibrithe ógan Cuid 2 Ionduchtúchánn Cuid 3 Freagrachtaí Fostóirí agus Fostaithe
In Aonad 1, dírítear ar dhaoine óga a ullmhú don ionad
oibre. Cuirtear réamheolas na foghlama faoi chúrsaí sláinte
agus sábháilteachta i láthair, agus tugtar léargas ar na
príomhriachtanais sláinte agus sábháilteachta. In Aonad
1, tugtar aird ar leith ar thosú amach ag obair agus ar ar
cheart a bheith ar eolas ag daoine maidir le cearta oibrithe
óga agus ionduchtúchán.
AONAD 1, CUID 1, CEARTA OIBRITHE ÓGABaineann an reachtaíocht agus na rialacháin ábhartha ar fad
maidir le cúrsaí sláinte agus sábháilteachta le hionaid oibre
ina bhfostaítear daoine óga. Mar shampla, ní cheadaítear
do dhaoine faoi 18 mbliana d’aois trealamh ardúcháin a
fheidhmiú. Anuas air sin, ní cheadaítear do dhaoine faoi 18
mbliana d’aois obair mar seo a leanas a dhéanamh:
• obair atá róchrua orthu go fisiciúil nó go meabhrach
• obair ina nochtar iad d’ábhair thocsaineacha
• obair ina nochtar iad do radaighníomhaíocht
• obair lena mbaineann teas, torann nó creathadh as
cuimse
• obair lena mbaineann rioscaí nár dhócha go
sainaithneodh ná go seachnódh na hoibrithe iad toisc a laghad taithí atá acu nó a laghad oiliúna atá orthu.
Is é is aidhm leis an Acht um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht), 1996, sláinte oibrithe óga a chosaint, agus a
áirithiú nach ndéanfar dochar do do chuid oideachais mar
gheall ar obair a dhéanann tú i rith na scoilbhlianta.
Is é an chiall atá le “duine óg” duine atá 16 bliana d’aois
nó níos sine nó a bhfuil an aois fágála scoile bainte amach
aige/aici (cibé acu is airde), ach atá níos óige ná 18 mbliana
d’aois.
Leagtar amach íosteorainneacha aoise d’fhostaíocht,
sainmhínítear na tréimhsí sosa agus na huaireanta oibre
uasta, agus cuirtear cosc ar dhaoine faoi bhun 18 mbliana
d’aois a bheith ag obair déanach san oíche faoin dlí – féach
Tábla 1: Uaireanta Oibre: Daoine faoi bhun 16 bliana d’aois
agus Tábla 2: Uaireanta Oibre: Daoine atá 16 bliana nó 17
mbliana d’aois (leathanach 6 den leabhar do dhaltaí).
Anuas air sin, ní mór d’fhostóirí taifid shonracha a
choimeád le haghaidh na n-oibrithe sin atá níos óige ná 18
mbliana d’aois.
An Aois Íosta d’FhostaíochtNí cheadaítear d’fhostóirí daoine faoi bhun 16 mbliana
d’aois a fhostú i bpost rialta lánaimseartha.
AONAD 1, CUID 2, IONDUCHTÚCHÁNTréimhse neirbhíseach spreagúil i saol an duine óig is ea
tosú amach ag obair dó/di. D’fhéadfaí go mbeadh tréimhsí
taithí oibre agus foghlama bunaithe ar an obair ar an
gcéad taithí a bhíonn ag daoine óga ar an timpeallacht
oibre. Bíonn contúirtí i ngach ionad oibre mar sin féin,
agus d’fhéadfadh timpistí tarlú agus bíonn siad ag tarlú.
D’fhéadfadh gortuithe tromchúiseacha nó bás fiú a bheith
mar thoradh ar roinnt timpistí – ach is féidir formhór na
dtimpistí a sheachaint. Bí cinnte neart ceisteanna a chur
mar is é seo an deis a bheidh agat fáil amach céard leis a
bhfuiltear ag súil uait agus tú féin a chosaint ó ghortú nó ó
thinneas a bhaineann leis an obair.
Ar cheart oiliúint ionduchtúcháin a chur ar gach oibrí nua (lena n-áirítear daltaí ar thaithí oibre)?
Ba cheart. Faoin dlí, ní mór d’fhostóirí teagasc, oiliúint
agus maoirseacht a sholáthar. Dlúthchuid den phróiseas
foghlama is ea oiliúint ionduchtúcháin. Ar thosú poist nó
taithí oibre duit, ba cheart go gcuirfí ionduchtúchán agus
oiliúint ar leith ort le haghaidh gach poist nua.
AONAD 1TOSÚ AG OBAIR
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
19
Tapa Fíricí
Nuair a thosaíonn tú ag obair den chéad uair, tá seans 50% níos mó go ngortófaí thú san ionad oibre i gcomparáid le hoibrithe a bhfuil taithí acu.
In Choose Safety, tugtar duit an fhaisnéis sláinte agus sábháilteachta atá riachtanach chun go mbeidh tú sábháilte ag an obair.
AO
NA
D 1
TO
SÚ A
G O
BAIR
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
20
Is san ionduchtúchán a thugtar faisnéis bhunúsach duit
maidir leis an ionad oibre ionas go mbeidh ar do chumas a
bheith sábháilte.
Ba cheart go dtabharfaí an fhaisnéis seo a leanas duit:
• rialacha an ionaid oibre. Ba cheart go gcuimseofaí
leis sin tús eolais ar chúrsaí sláinte agus
sábháilteachta, socruithe garchabhrach agus nósanna
imeachta aslonnaithe i gcás dóiteáin nó éigeandáil
eile
• aon ghuaiseacha agus riosca san ionad oibre atá ar
eolas
• na bearta sábháilteachta atá i bhfeidhm
• céard ba cheart duit a dhéanamh chun tú féin agus
na daoine eile a choimeád sábháilte.
Ná déan dearmad:
• Cuir aithne ar do thimpeallacht, do stáisiún oibre, an ceaintín, na seomraí scíthe, na bealaí éalaithe lena n-áirítear bealaí éalaithe i gcás dóiteáin, an stáisiún garchabhrach más ann dó, limistéar páirceála, etc.
• Bíodh a fhios agat cé hé/hí an maoirseoir agus conas dul i dteagmháil leis/léi más gá.
• Bíodh a fhios agat conas an Trealamh Cosanta Pearsanta a úsáid más gá. Má bhíonn trealamh athsholáthair de dhíth ort, bí ar an eolas conas an trealamh sin a fháil.
• Oiliúint – cén oiliúint atá de dhíth ort?
• Nósanna imeachta éigeandála – druil dóiteáin, garchabhair.
D’fhéadfadh an fostóir iarraidh ort doiciméid/rialacháin
thábhachtacha sábháilteachta a léamh agus doiciméad a
shíniú lena dhearbhú go bhfuil na nithe sin léite agat agus
go dtuigeann tú iad.
Féach an ‘Student Checklist’ in ‘Health and Safety Matters
for Students on Work Experience’, foilseachán de chuid an
Údaráis.
AONAD 1, CUID 3, DLÍTHE SLÁINTE AGUS SÁBHÁILTEACHTA AGUS D’IONAD OIBRE
Cé atá freagrach as sábháilteacht? I mbeagán focal, gach
aon duine. Ní ceart glacadh leis gurb iad na fostóirí amháin
atá freagrach as ionad oibre sábháilte agus sláintiúil a
chruthú agus a chothú. Tá a ról féin ag gach aon duine.
Féachfaidh tú ar phríomhfhreagrachtaí fostóirí agus
fostaithe sa Chuid deiridh seo d’Aonad 1.
FREAGRACHTAÍ FOSTÓIRÍTá fostóirí freagrach as ionad oibre sábháilte agus sláintiúil
a sholáthar. Cuimsítear leis sin, mar shampla, na nithe seo
a leanas a sholáthar: fearas agus trealamh sábháilte, córais
shábháilte oibre, oiliúint agus maoirseacht más gá, agus
trealamh cosanta pearsanta más gá.
Tá go leor reachtaíocht sláinte agus sábháilteachta i
bhfeidhm freisin, agus baineann cuid den reachtaíocht sin
go sainiúil le cosaint leanaí agus daoine óga. Tá doiciméad
treorach aon leathanach déag foilsithe ag an Údarás Sláinte
agus Sábháilteachta maidir le Cosaint Leanaí agus Daoine
Óga agus cuimsítear leis faisnéis maidir leo seo a leanas:
daoine óga a fhostú
measúnú riosca
dálaí lena gcuirtear cosc ar leanbh nó duine óg a fhostú
faireachas sláinte
substaintí guaiseacha agus próisis ghuaiseacha
obair a bhféadfadh cosaint a bheith de dhíth ar dhaoine óga ina leith
Is é is aidhm leis an Treoir tú féin agus do chomhghleacaithe
a chosaint agus cosc a chur ar thimpistí nó ar dhrochshláinte
san ionad oibre. Is féidir an doiciméad a íoslódáil ó
www.hsa.ie
Is ann do dhlíthe sláinte agus sábháilteachta chun cosaint
a thabhairt d’oibrithe (áirítear leis sin daltaí ar thaithí oibre)
nó do dhaoine a bhféadfadh gníomhaíochtaí oibre dul i
bhfeidhm orthu. Tá an tAcht um Shábháilteacht, Sláinte
agus Leas ag an Obair, 2005 ar an bpríomhreachtaíocht
lena gcuimsítear sábháilteacht, sláinte agus leas san ionad
oibre. Is ar an Údarás Sláinte agus Sábháilteachta atá an
fhreagracht fhoriomlán as a áirithiú go gcloítear le hAcht
2005.
AO
NA
D 1
TO
SÚ A
G O
BAIR
Ná déan dearmad Bí Stuama – Fan Sábháilte
FREAGRACHTAÍ FOSTAITHETá dualgas ar fhostaithe iad féin agus daoine eile a
chosaint. Ní mór duit comhoibriú leis an bhfostóir agus a
áirithiú nach contúirt thú duit féin ná do dhaoine eile ag
an obair. Má chuirtear trealamh cosanta pearsanta amhail
miteoga, masc, cluaschosaint, éadaí shofheicthe, nó clogad
sábháilteachta ar fáil duit, ní mór duit é a úsáid faoi mar a
dúradh leat agus aire a thabhairt dó.
Anuas air sin, ba cheart duit eolas a thabhairt don fhostóir
nó don mhaoirseoir maidir le rud ar bith a d’fhéadfadh
a bheith ina chúis le timpiste, mar shampla má thugann
tú faoi deara cleachtais oibre bhaolacha nó guaiseacha
tromchúiseacha. Ná déan iarracht riamh caoi a chur ar rud
ar bith thú féin – abair le do mhaoirseoir é.
PLEANANNA CEACHTA MOLTA D’AONAD 11. Tús eolais a thabhairt ar choincheap na sláinte agus na
sábháilteachta agus ar aidhmeanna an aonaid.
2. D’fhéadfaí iad seo a leanas a áireamh i measc na
gceisteanna tosaigh a bheidh le breithniú ag an rang:
• Ainmnigh dhá chineál gairme lena mbaineann
leibhéal ard timpistí san ionad oibre (Freagra:
feirmeoireacht agus obair thógála)
• Cé is mó a bhíonn i mbaol san ionad oibre?
(Freagra: Daoine óga idir 18 agus 24 bliana d’aois)
3. Smaoinigh ar gach cás i nGníomhaíocht 1.C. Roinn na
daltaí ina ngrúpaí agus iarr orthu machnamh a
dhéanamh ar an bhfreagairt a bheadh acu mar
fhostóirí agus ansin mar fhostaithe. Iarr ar dhaltaí a
machnamh a dhéanamh ar an gcur chuige
is fearr i ngach cás. Cuir neart ama i leataobh le
haghaidh plé fhada.
4. Iarr ar an rang tabhairt faoi Ghníomhaíocht 1.D –
freagrachtaí fostóirí agus fostaithe ar leathanach 11.
Is féidir leis na daltaí é sin a dhéanamh ina n-aonar, i
mbeirteanna, nó i ngrúpaí.
5. Cuimsítear cearta oibrithe óga ar leathanach 5-6 den
leabhar do dhaltaí. Iarr ar dhaltaí an bhfuil aon eolas
acu ar Chearta Oibrithe Óga. An bhfuil a fhios acu
conas teacht ar an bhfaisnéis sin? Cé chomh
hábhartha is atá sé d’oibrithe páirtaimseartha?
6. Tabhair isteach coincheap an Bhunachair Focal.
Socraigh an mbeidh cóipleabhar, comhad ríomhaire,
nó póstaer sa seomra ranga in úsáid mar an bunachar
focal.
7. I gcás na nGníomhaíochtaí Aonaid, ba cheart
do dhaltaí an taithí atá acu féin go dtí seo a chur
san áireamh, nó smaoineamh ar aon taithí a bhí
acu chuige sin agus na ceisteanna á bhfreagairt.
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
21
Ar chríochnú an aonaid seo, ba cheart go mbeadh daltaí in ann na nithe seo a leanas a dhéanamh:
• príomhfhreagrachtaí fostóirí agus fostaithe maidir le cúrsaí sláinte agus sábháilteachta ag an obair a shainaithint• breac-chuntas a thabhairt ar na forálacha is tábhachtaí den Acht um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht), 1996 • cur síos a dhéanamh ar an leas a bhaineann le hionduchtúchán
Torthaí Foghlama
Cé atá freagrach as sábháilteacht?
I mbeagán focal, gach aon duine!
Tapa Fíricí
Ní ceart glacadh leis gurb iad na bainisteoirí amháin atá freagrach as ionad oibre sábháilte a chruthú agus a chothú. Tá a ról féin ag gach aon duine. In Aonad 1, féachtar ar fhreagrachtaí fostóirí agus fostaithe.
AO
NA
D 1
TO
SÚ A
G O
BAIR
GNÍOMHAÍOCHT 1.A, Leathanach 7PLÉ RANGAPléigh na sonraí i dTábla 1 agus i dTábla 2.
An bhfuil na huaireanta oibre, am saor agus
tréimhsí sosa réasúnta, dar leat? An gcloítear
leo?
GNÍOMHAÍOCHT 1.B, Leathanach 7LOGÁIL ISTEACHCuardaigh an gréasán chun faisnéis bhreise a fháil ar chearta fostaíochta do dhaoine óga. Cuardaigh faisnéis
ar leibhéil íosphá agus ar úsáid trealaimh. D’fhéadfá tosú trí fhéachaint ar na suíomhanna seo a leanas:
• www.irishstatutebook.ie
• www.citizensinformation.ie
• www.employmentrights.ie
Tagairtí Dlí
• Na Rialacháin um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair (Feidhm Ghinearálta), 2007, Cosaint
Leanaí agus Daoine Óga, Caibidil 1 agus Cuid 6
• Na Rialacháin um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair (Feidhm Ghinearálta) (Leasú).
GNÍOMHAÍOCHTAÍ AONAD 1Aonad 1, Cuid 1, Cearta Oibrithe Óga
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
22
AO
NA
D 1
TO
SÚ A
G O
BAIR
SLIOCHT A: ‘baineann dualgas an fhostóra leis na nithe seo a leanas: … gníomhaíochtaí oibre a bhainistiú agus a stiúradh d’fhonn aon iompar míchuí nó iompraíocht mhíchuí ar dhóigh go gcuirfí sábháilteacht, sláinte nó leas ag an obair a fhostaithe nó a fostaithe i mbaol leo a chosc.… pleananna agus nósanna imeachta imleora atá le leanúint agus bearta atá le glacadh i gcás éigeandála nó contúirt thromchúiseach nó ar tí a bheith ann a ullmhú agus a athbhreithniú.… timpistí agus tarluithe contúirteacha a thuairisciú.’
Alt 8 d’Acht 2005
Pléigh conas a d’fhéadfadh do rogha fostóra gach ceann de na trí dhualgas sin a chur i bhfeidhm.
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
23
GNÍOMHAÍOCHTAÍ AONAD 1Aonad 1, Cuid 3, Dlíthe sláinte agus sábháilteachta agus d’ionad oibre
Léigh na sleachta seo a leanas ón Acht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair, 2005. Smaoinigh ar an bhfáth a bhfuil siad san áireamh in Acht 2005. Cé chomh héifeachtach is atá siad, dar leat, chun rátaí timpiste a laghdú ag an obair?
GNÍOMHAÍOCHT 1.C, Leathanach 10PLÉ RANGA
SLIOCHT B: ‘Áiritheoidh gach fostóir … go soláthraítear gach teagasc, oiliúint agus maoirsiú i bhfoirm, ar bhealach agus i dteanga ar dóigh, le réasún, go dtuigfidh an fostaí é.’
Alt 10 d’Acht 2005
Cén fáth a bhfuil an fhoráil sin san Acht? Pléigh na deacrachtaí a bhaineann leis an dualgas sin a fheidhmiú in ospidéal mór, mar shampla. Déan trácht ar impleachtaí an dlí sin in eagraíocht ina bhfostaítear oibrithe ó go leor tíortha éagsúla.
SLIOCHT C:‘Ní ghlacfaidh fostaí páirt in iompar míchuí nó in iompraíocht eile amhail foréigean, bulaíocht nó pleidhcíocht a d’fhéadfadh duine eile ag an obair nó a s(h)ábháilteacht, a s(h)láinte agus a leas féin a chur i gcontúirt.’
Alt 13 d’Acht 2005
Cén fáth a bhfuil an fhoráil sin san Acht? Conas a fhéadfaidh ‘foréigean, bulaíocht nó pleidhcíocht’ cur isteach ar shábháilteacht, ar shláinte nó ar leas duine eile? Céard iad na héifeachtaí eile d’iompar dá leithéid?
AO
NA
D 1
TO
SÚ A
G O
BAIR
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
24
Freagracht an Fhostóra Freagracht an Fhostaí AO
NA
D 1
TO
SÚ A
G O
BAIR
Cé acu de na dualgais seo a leanas atá mar fhreagracht ar lucht bainistíochta, agus cé acu atá mar fhreagracht ar fhostaithe? Athscríobh an liosta freagrachtaí sa cholún ceart. I gcásanna áirithe, d'fhéadfadh freagracht a bheith ar an bhfostaí agus ar an bhfostóir araon.
• Ionad oibre sábháilte agus sláintiúil a chur ar fáil
• oiliúint a chur ar fáil
• trealamh agus éadaí cosanta oiriúnacha a chaitheamh
• guaiseacha a aithint san ionad oibre
• timpiste nó tarlú contúirteach a thuairisciú don Údarás
Sláinte agus Sábháilteachta
• ionadaí sábháilteachta a roghnú
• teacht imleor a chur ar fáil do sheirbhísí éigeandála
• pionóis a íoc as sárú rialacháin sláinte agus
sábháilteachta
• lucht bainistíochta a chur ar an eolas faoi ghuais nua
• trealamh agus éadaí cosanta oiriúnacha a chur ar fáil
• rioscaí oibre san fhoirgneamh a mheasúnú
• gan a bheith ag obair faoi thionchar an óil nó drugaí
• ráiteas sábháilteachta scríofa a chur i gcrích
• druileanna cuí dóiteáin a chur ar siúl
• trealamh a úsáid go cuí
• trealamh cosanta pearsanta atá lochtach a thuairisciú
• gan a bheith páirteach in iompraíocht mhíchuí amhail
bulaíocht nó ramhaltaíocht
• trealamh a chothabháil go rialta
• socruithe speisialta a bhreithniú le haghaidh oibrithe
leochaileacha, amhail daoine faoi oiliúint
• insint do dhaoine eile faoi ghuaiseacha nua
• míniú a thabhairt ar an méid ba chóir a dhéanamh i
gcás timpiste
• má tá ceimiceáin i gceist, léigh na lipaéid
sábháilteachta agus féach ar na bileoga sonraí
sábháilteachta.
GNÍOMHAÍOCHT 1.DCLEACHTADH AONAIR
FAISNÉIS BHREISE
Is féidir réimse leathan d’fhoilseacháin a bhaineann le cúrsaí sláinte agus sábháilteachta a íoslódáil ó www.hsa.ie
• Foilseachán de chuid an Údaráis: ‘Health and Safety Matters for Students on Work Experience’
• Cúrsa ar líne de chuid an Údaráis: ‘Get Safe Work Safe’ le fáil ar http://hsalearning.ie
• Treoir an Údaráis: Protection of Children and Young Persons http://www.hsa.ie/eng/Publications_and_Forms/Publications/General_Application_ Regulations/Protection_of_Children_and_Young_Persons.html
• www.employmentrights.ie
• www.citizensinformation.ie
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
25
DEIREADH AONAD 1: TRIAIL LUAIS, Leathanach 12
C1. Liostaigh trí fhreagracht atá ar fhostóir agus trí fhreagracht atá ar fhostaí?
C2. Cé na gníomhaíochtaí ar gá do d’fhostóir a chinntiú nach mbeidh tú nochta dóibh?
C3. Cé mhéad uair oibre is gá duit a dhéanamh sula bhfaighidh tú sos tríocha nóiméad?
C4. Céard í an aois íosta le haghaidh fostaíocht rialta lánaimseartha?
C5. Liostaigh trí cinn de na príomhnithe ar gá díriú orthu i rith oiliúint insealbhaithe.
AO
NA
D 1
TO
SÚ A
G O
BAIR
1 Treoirlínte do mhúinteoirí 2 Guaiseacha agus measúnú riosca3 Láimhsiú agus eirgeanamaíocht4 Sciorrthaí, Tuislí agus Titimí5 Sábháilteacht dóiteáin agus garchabhair6 Gníomhaíochtaí an aonaid7 Faisnéis bhreise
Ábhair an Aonaid
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
26
GUAISEACHA IONAD OIBREAONAD 2
AO
NA
D 2
GU
AIS
EACH
A IO
NA
D O
IBRE
TREOIRLÍNTE DO MHÚINTEOIRÍSa leabhar saothair ‘Choose Safety’, tá an t-inneachar seo a leanas le fáil in Aonad 2 Guaiseacha san ionad oibre
n Cuid 1 Guaiseacha agus measúnú rioscan Cuid 2 Láimhsiú agus eirgeanamaíochtn Cuid 3 Sciorrthaí, tuislí agus titimín Cuid 4 Sábháilteacht dóiteáin agus garchabhair
Tugtar isteach na téarmaí ‘guais’, ‘riosca’ agus ‘rialú’ in
Aonad 2. Baintear leas as an téarmaíocht sin ar fud Choose
Safety. Tá sé mar aidhm ag Aonad 2 cur le feasacht daltaí
ar ghuaiseacha agus ar rioscaí san ionad oibre. Dírítear ar
roinnt de na príomhghuaiseacha a bhíonn i mbeagnach
gach aon ionad oibre: láimhsiú agus eirgeanamaíocht,
sciorrthaí, tuislí agus titimí, agus dóiteán.
AONAD 2, CUID 1, GUAISEACHA AGUS MEASÚNÚ RIOSCASoláthraítear forbhreathnú gairid ar na guaiseacha agus ar
mheasúnú riosca ar leathanach 16 agus 17 den leabhar do
dhaltaí. Mínítear na naoi bPrionsabal maidir le Cosc, agus
tugtar breac-chuntas orthu i gcairt úsáideach (sa rannán
dúghorm, leathanach 17). Sna Fíricí Gasta ar leathanach 18
den leabhar do dhaltaí, soláthraítear roinnt staitisticí reatha
úsáideacha maidir le timpistí san ionad oibre.
Agus riosca á mheasúnú, ní mór na nithe seo a leanas a
sheiceáil:
1. Céard é an dóchúlacht go dtarlódh gortú nó díobháil?
2. Cé chomh tromchúiseach ar dócha go mbeidh an gortú
nó an díobháil sin?
3. Cé mhéad duine a d’fhéadfadh a bheith i mbaol?
Is féidir rioscaí a thomhas leis an bhfoirmle seo a leanas:
Is maith le roinnt daoine riosca a thomhas le huimhreacha
agus úsáid a bhaint as an bhfoirmle thuas. Mar shampla,
má thugtar uimhir idir 1 agus 3 do gach mír thuas (is
ionann 1 agus íseal agus 3 agus ard), beidh an rátáil riosca
idir 1 agus 27.
AONAD 2, CUID 2, LÁIMHSIÚ AGUS EIRGEANAMAÍOCHTIs mar gheall nach ndéantar bainistíocht éifeacht ar ghuais
an láimhsithe go dtarlaíonn aon trian amháin de gach
timpiste tuairiscithe san ionad oibre. Ar leathanach 24 den
leabhar do dhaltaí, sonraítear go láidir go bhfuil measúnú
riosca ar an ngné is tábhachtaí de láimhsiú sábháilte.
Ba cheart na tosca seo a leanas a chur san áireamh i gcás
gníomhaíochtaí láimhsithe:
Tá faisnéis bhreise ar gach ceann de na tosca sin le fáil ar
leathanach 24 agus 25 den leabhar do dhaltaí, tá prionsabail
an ardúcháin shábháilte (mar aon le léaráid) le fáil ar
leathanach 25, agus tá faisnéis ar eirgeanamaíocht agus
Fíricí Gasta maidir le neamhoird mhatánchnámharlaigh le
fáil ar leathanach 26.
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
27
AONAD 2GUAISEACHA IONAD OIBRE
1céim
Aithin an ghuais
2céim
Déan measúnú ar an riosca.
3céim
Cuir an Rialúchán i bhFeidhm
Is próiseas trí chéim é measúnú riosca.• Tasc• Duine• Ualach• Timpeallacht
Dóchúlacht Rioscadéine an
ghortaithe fhéideartha
líon na ndaoine nochta
AO
NA
D 2
GU
AIS
EACH
A IO
NA
D O
IBRE
AONAD 2, CUID 3, SCIORRTHAÍ, TUISLÍ AGUS TITIMÍTá sciorrthaí, tuislí agus titimí ar an dara cúis is mó le
gortuithe san ionad oibre. Tuairiscíodh os cionn 1,200
sciorradh, tuisle agus titim don Údarás Sláinte agus
Sábháilteachta in 2013. Maidir leis an gceathrú cuid de na
teagmhais sin, bhí an duine gortaithe as láthair ón obair ar
feadh os cionn míosa.
Cuimsítear ar leathanach 29-31 faisnéis chuimsitheach ar
sciorrthaí, tuislí agus titimí lena n-áirítear na príomhréimsí
ar cheart féachaint orthu.
AONAD 2, CUID 4, SÁBHÁILTEACHT DÓITEÁIN AGUS GARCHABHAIR
Bíonn dóiteán ina chúis le gortuithe agus le básanna gach bliain. Ní mór d’fhostóirí gach beart réasúnach a ghlacadh chun cosaint a thabhairt in aghaidh dóiteáin agus bearta a phleanáil chun sábháilteacht daoine a chosaint má tharlaíonn dóiteáin. Ba cheart córas bainistíochta sábháilteachta ar dhóiteán a bheith i bhfeidhm i ngach gnólacht, bunaithe ar thrí phríomhchéim:
Áirítear na nithe seo a leanas i measc réamhchúraimí in
aghaidh dóiteáin:
n ní mór treoracha a thabhairt do gach fostaí maidir le
céard ba cheart a dhéanamh i gcás dóiteáin n ní mór bealaí éalaithe a bheith marcáilte go soiléir agus
ní mór ionaid tionóil a bheith so-aitheanta
n ní mór go mbeadh na nósanna imeachta aslonnaithe
ar eolas go maith ag gach duine agus ní mór
cleachtadh rialta a dhéanamh orthu
n ní mór an trealamh ar fad a scrúdú go rialta.
Cabhraíonn brathadóirí deataigh, aláraim dóiteáin,
doirse dóiteáin agus ábhair thógála dhódhíonacha
chun leathadh tapa an dóiteáin a chosc
n tá deimhnithe sábháilteachta dóiteáin riachtanach
le haghaidh gach foirgneamh nua agus le haghaidh
fhormhór na n-athchóirithe nó na síntí ar áitribh ghnó
n d’fhéadfadh soilsiú éigeandála agus trealamh
comhraicthe dóiteáin beatha daoine a shábháil i gcás
dóiteáin
n i gcás dóiteáin, ba cheart daoine a aistriú amach as
an bhfoirgneamh láithreach agus glaoch ar an
mbriogáid dóiteáin.
CÉARD IS DÓITEÁN ANN?Imoibriú ceimiceach atá
i ndóiteán a bhfuil trí
rud de dhíth air:
Mura bhfuil ann do rud amháin díobh sin, ní thosóidh
an dóiteán. Má bhaintear rud amháin díobh ón dóiteán,
múchfar an dóiteán. Ach conas a chruthaítear dóiteán leis
na trí rud le chéile?
Tá faisnéis bhreise air sin le fáil ar leathanach 32 agus 33
den leabhar do dhaltaí.
Anuas air sin, cuimsítear sonraí ar theocht dó bhreoslaí
éagsúla, staitisticí maidir le sábháilteacht dóiteáin, nósanna
imeachta sábháilteachta dóiteáin don ionad oibre, agus
múchtóirí dóiteáin ar leathanach 33 agus 34 den leabhar
do dhaltaí.
Críochnaítear Aonad 2, Cuid 4.1 le roinnt faisnéis phraiticiúil
maidir le garchabhair ar leathanach 35.
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
28
Cosaint Brath Aslonnú
Teas
CoscDóiteáin
Ocsaigin Breosla
Ocsaigin + Teas + Breosla = Dóiteán
Ar chríochnú an aonaid seo, ba cheart go mbeadh daltaí in ann na nithe seo a leanas a dhéanamh:
• guaiseacha a shainaithint agus a aicmiú• sainmhíniú a thabhairt ar mheasúnú riosca• breac-chuntas a thabhairt ar na guaiseacha seo a leanas agus na rialuithe a bhaineann leo; láimhsiú agus eirgeanamaíocht, sciorrthaí, tuislí agus titimí, dóiteán agus garchabhair• breac-chuntas a thabhairt ar bhunphrionsabail na aheirgeanamaíochta• breac-chuntas a thabhairt ar phrionsabail an ardaithe shábháilte
Torthaí Foghlama AO
NA
D 2
GU
AIS
EACH
A IO
NA
D O
IBRE
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
29
PLEANANNA CEACHTA MOLTA D’AONAD 21. Ceisteanna tosaigh le breithniú ag an rang:
a. Cén tuiscint atá agat ar na téarmaí ‘guais’, ‘riosca’,
‘rialú’?
b. An féidir gach guais a dhíchur? Cén fáth?
Féadfaidh an rang samplaí a thabhairt de ghuaiseacha
sa saol laethúil. Réamhrá deas é sin ar choincheap an
mheasúnaithe riosca. Ní féidir gach guais a dhíchur.
Ar an ábhar sin, tá sé tábhachtach an dealraitheacht
go dtarlódh timpiste a laghdú trí ‘rialuithe’ a chur i
bhfeidhm.
c. Céard is brí le ‘measúnú riosca’? Is féidir leat
iarraidh ar an dalta breac-chuntas a thabhairt ar
ghnáthghníomhaíochtaí laethúla a bhfuil guais
ag baint leo.
d. Cén duine ar cheart dó/di measúnú riosca a
dhéanamh? Cén fáth a bhfuil measúnú riosca
riachtanach san ionad oibre?
2. Tar éis Cleachtadh 1 a dhéanamh, d’fhéadfá iarraidh
ar an rang gníomhaíochtaí amhail spéirthumadóireacht
, eitilt, tiomáint, obair thógála, gruagaireacht etc.
a chur in ord de réir an leibhéil riosca a bhaineann leo.
Cuireann sin coincheap an riosca choibhneasta iláthair.
3. I gCleachtadh 2, cuirtear i láthair tomhas rioscaí, rud
atá níos teicniúla, agus na naoi bPrionsabal maidir le
Cosc.
4. Féach an cleachtadh do na hábhair Theicneolaíochta
(leathanach 15 den Bhrollach do Mhúinteoirí) agus
an cleachtadh don Ealaín (leathanach 11). Is féidir é
sin a chur i bhfeidhm ar Láimhsiú agus
Eirgeanamaíocht.
5. Féach an fhaisnéis maidir le hEacnamaíocht Bhaile
(leathanach 12 den Bhrollach do Mhúinteoirí). Is féidir
é sin a chur i bhfeidhm ar Sciorrthaí, Tuislí agus Titimí.
6. I gcás na nGníomhaíochtaí Aonaid (féach thíos),
ba cheart do dhaltaí an taithí atá acu féin go dtí seo a
chur san áireamh, nó smaoineamh ar aon taithí a bhí
acu chuige sin agus na ceisteanna á bhfreagairt.
GNÍOMHAÍOCHTAÍ AONAD 2Aonad 2, Cuid 1, Guaiseacha agus measúnú riosca
GNÍOMHAÍOCHT 2.A, Leathanach 19RANSÚ SMAOINTE
Liostaigh 25 ghuais ar féidir teacht orthu i scoil. Ná déan dearmad go bhfuil guaiseacha le fáil i ngach áit, agus go bhfuil
guaiseacha le fáil i ngach ionad oibre.
AO
NA
D 2
GU
AIS
EACH
A IO
NA
D O
IBRE
Tugtar léiriú áirithiú sna léaráidí seo (thíos) ar an gcaoi ar féidir rioscaí a mheas mar íseal, meánach nó ard.
Smaoinigh ar na fáthanna a gcuirtear na rátálacha sin i bhfeidhm.
An ann do rudaí eile ar cheart iad a chur san áireamh nach léir iad sna léaráidí (mar shampla, suíomh stad an bhus
nó an tráth den lá)?
GNÍOMHAÍOCHT 2.B, Leathanach 19
PLÉ RANGA
GNÍOMHAÍOCHT 2.C, Leathanach 19 I mBEIRTEANNA
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
30
Agus an fhoirmle thíos á húsáid, ríomh an riosca a bhaineann le gach ceann de na gníomhaíochtaí thuas.
Riosca Dóchúlacht (1 má tá sé neamhdhóchúil, 2 má tá sé dóchúil, 3 má tá sé an-dóchúil)
Déine an ghortaithe fhéideartha (1 más díobháil bheag é, 2 má tá sé díobhálach, 3 má tá sé an-díobhálach)
Líon na ndaoine nochta (1 i gcás duine amháin, 2 i gcás roinnt daoine, 3 i gcás cuid mhaith daoine)
Beidh do fhreagraí idir riosca íosta 1 agus riosca uasta 27.
=
x
x
AO
NA
D 2
GU
AIS
EACH
A IO
NA
D O
IBRE
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
31
i. Abair go bhfuil tú ag obair in oifig agus go mbíonn ort suí os comhair ríomhaire ar feadh cuid mhór den lá.
a. Liostaigh na guaiseacha ar fad ar do dheasc san oifig nó thart timpeall air.
b. Rátáil an riosca a bhaineann le gach guais a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh.
I gcás gach riosca, abair:
- an dócha go mbeidh sé ina chúis le díobháil (ardriosca)
- an bhféadfadh sé a bheith ina chúis le díobháil (meánriosca)
- nach dócha go mbeidh sé ina chúis le díobháil (riosca íseal)
c. Ríomh luach uimhriúil (1-27) le haghaidh gach riosca.
ii. Samhlaigh go bhfuil tú ag obair mar chúntóir fiaclóireachta. Téigh trí cheisteanna a, b agus c thuas arís.
GNÍOMHAÍOCHT 2.D, Leathanach 20
CLEACHTADH DO DHALTAÍ AONAIR
GNÍOMHAÍOCHT 2.E, Leathanach 20
I mBEIRTEANNA
Cuir do liosta i gcomparáid le liosta dalta eile sa rang. Déan iarracht teacht ar liosta coitianta guaiseacha agus an leibhéal riosca a bhaineann le gach ceann díobh. Tabharfaidh duine agaibh tuairisc don rang.
Guais (Luach) ardriosca (Luach) riosca mheánaigh (Luach) riosca ísil
Guais (Luach) ardriosca (Luach) riosca mheánaigh (Luach) riosca ísilAO
NA
D 2
GU
AIS
EACH
A IO
NA
D O
IBRE
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
32
Fíor Bréagach
1Is don droim a tharlaíonn formhór na ngortuithe de réir ball beatha (i dtimpistí san ionad oibre).
2 Tá sciorrthaí, tuislí agus titimí ar an gcúis is lú le timpistí san ionad oibre.
3 Is faoin bhfostaí atá sé a áirithiú go ndéantar measúnú ar rioscaí.
4 Cuimsíonn guais rud ar bith a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh.
5 Ní léir guaiseacha i gcónaí.
6Is é láimhsiú is cúis le beagnach aon trian amháin de na timpistí san ionad oibre.
7 Is é an obair a chur in oiriúint don duine an chéad phrionsabal maidir le cosc.
8Ba iad titim ó airde, láimhsiú, agus titim ar an leibhéal céanna na trí chúis ba mhó le timpistí neamh-mharfacha in 2013.
An bhfuil na ráitis seo a leanas fíor nó bréagach, dar leat?
GNÍOMHAÍOCHT 2.F, Leathanach 21
CLEACHTADH DO DHALTAÍ AONAIR
Nóta don mhúinteoir: Is i leabhar an mhúinteora amháin a chuirtear na freagraí ar fáil. Féach na léaráidí ar leathanach 18 den leabhar do dhaltaí chun faisnéis staitistiúil a fháil.
AO
NA
D 2
GU
AIS
EACH
A IO
NA
D O
IBRE
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
33
GNÍOMHAÍOCHT 2.G, Leathanach 22
CLEACHTADH DO DHALTAÍ AONAIRLiostaigh na gníomhaíochtaí a dhéanann tú de ghnáth sa saol laethúil lena mbaineann riosca gortaithe áirithe, ansin comhlánaigh an chuid eile den tábla.
GNÍOMHAÍOCHT 2.H, Leathanach 22
I nGRÚPAÍ
Gnáthghníomhaíocht Céard a d'fhéadfadh dul ó mhaith
Cé chomh dóchúil is atá sé go dtarlódh sé seo
Rialúcháin
rothaíocht ar scoil titim, tuairteáil, dul i bhfostú, bheith leagtha, teip trealaimh, caillteanas rialaithe
riosca meánach go hardriosca (féidearthacht réasúnta go dtarlódh timpiste agus go bhféadfadh an gortú a bheith trom nó marfach)
Caith clogad agus feisteas cosantaBí infheicthe go soiléirLean rialacha uile an bhóthairSeachain bealaí dainséarachaMaolaigh ar do luasDéan do rothar a chothabháil
cluichí ríomhaire trioblóid súlpian mhatánachleictreamharútinnis chinnstrus, oibseisiún
riosca íseal(míchompord measartha dóchúil, ach amháin má imrítear go hiomarcach iad)
Úsáid ar feadh tréimhse ghearr amháinGlac sosanna rialtaCoigeartaigh airde na cathaoireach, na deisce agus an AFCaith spéaclaí, más gáCoigeartaigh rialúcháin AFBreithnigh soilsiú an tseomra
1. Cuir seicliosta guaiseacha le chéile le haghaidh an
tseomra ranga a roghnaíodh – féach an seicliosta
samplach (le bheith curtha ar fáil)
2. Agus an seicliosta á úsáid agat, aithin agus déan
catagóiriú ar na guaiseacha sa seomra, agus tú ag
tagairt siar don mhéid atá foghlamtha agat go dtí seo.
3. Nuair a bheidh sé críochnaithe, measúnaigh an leibhéal
riosca trí chinneadh cé na daoine a bhféadfadh díobháil
tarlú dóibh agus cén chaoi. Ba chóir na nithe seo a
leanas a bhreithniú:
• líon na ndaoine a bhíonn nochta don ghuais
• minicíocht an nochta don ghuais
• fad an nochta don ghuais
• modhanna teipe féideartha
• bealaí nochta.
Ríomh an leibhéal riosca agus aithin cé acu an bhfuil
ardriosca nó riosca meánach/íseal ag baint leis an nguais.
4. Deimhnigh cé na rialúcháin atá i bhfeidhm chun
an ghuais a bhainistiú agus céard iad na rialúcháin
eile is gá a chur i bhfeidhm chun an riosca gortaithe
agus drochshláinte a laghdú. Cuimhnigh go luann
reachtaíocht, cóid chleachtais agus caighdeáin na
riachtanais íosta le haghaidh an ionaid oibre.
Nuair a bheidh an tionscadal thuas críochnaithe, beidh
do mhúinteoir in ann an seicliosta guaiseacha a úsáid le
cinntiú go bhfuil an seomra ranga a roghnaigh do ghrúpa
sábháilte do dhaltaí, don fhoireann agus do chuairteoirí.
Maith sibh!
Agus sibh i ngrúpa triúir, roghnaigh seomra ranga i do scoil ina ndéantar tascanna praiticiúla, mar shampla, an seomra
Ealaíne, an seomra Eacnamaíochta Baile, an seomra TFC, an tSaotharlann Eolaíochta nó an seomra Teicneolaíochta.
AO
NA
D 2
GU
AIS
EACH
A IO
NA
D O
IBRE
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
34
GNÍOMHAÍOCHT 2.I, Leathanach 23
AIMSIGH AN GHUAISMar rang, féach ar an bpictiúr ar leathanach 23 den téacsleabhar. An féidir leat rud a aimsiú a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh – an ‘ghuais’?
Nóta don mhúinteoir: Tá cúig ghuais sa phictiúr seo: 1. Tá an múchtóir dóiteáin in úsáid chun an doras a
choimeád ar oscailt.
2. Tá cábla leictreach ag síneadh thar bhealach siúil.
3. Tá fillteáin ina mbac ar bhealach siúil.
4. Tá doras an chomhadchaibinéid ar oscailt.
5. Tá boscaí á stóráil go hard, rud atá contúirteach.
GNÍOMHAÍOCHTAÍ AONAD 2Aonad 2, Cuid 2, Láimhsiú agus eirgeanamaíocht
1. Céard atá ar siúl anseo?
2. An bhfuil an stáisiún oibre socraithe ar bhealach
oiriúnach?
3. An bhfuil an scáileán, an méarchlár, agus an luchóg
socraithe i gceart, dar leat?
4. An timpeallacht oibre riosca íseal atá in oifig, dar leat?
5. Liostaigh ceithre ghuais a bhaineann le hobair in oifig.
GNÍOMHAÍOCHT 2.J, Leathanach 27
PLÉ RANGA
AO
NA
D 2
GU
AIS
EACH
A IO
NA
D O
IBRE
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
35
Féach ar an tseilfre seo a d’fhéadfadh a bheith in úsáid i
limistéar stórála. Tá ceithre sheilf ann. Tá an t-aonad ocht
dtroithe ar airde ó leibhéal an urláir. Socraigh an áit inar
cheart na haicmí seo a leanas de bhoscaí stórála a chur.
GNÍOMHAÍOCHT 2.L, Leathanach 27
CLEACHTADH DO DHALTAÍ AONAIR
(BARR) SEILF UIMHIR 4
(BARR) SEILF UIMHIR 3
(BARR) SEILF UIMHIR 2
(BARR) SEILF UIMHIR 1
GNÍOMHAÍOCHT 2.M, Leathanach 28
I mBEIRTEANNAFéach ar an dá shraith léaráidí thíos. Mínigh conas ar cuireadh feabhas ar an gcóras oibre i ngach timpeallacht trí phrionsabail na heirgeanamaíochta a chur i bhfeidhm.
Chun léaráidí cosúla eile a fheiceáil, téigh chuig www.hsa.ie agus cuardaigh ‘manual handling case studies’.
GNÍOMHAÍOCHT 2.K, Leathanach 27
I nGRÚPAÍAimsigh ualach ciotach (ach ualach nach bhfuil trom) ó
áit éigin sa scoil. D’fhéadfá meascán de bhoscaí cairtchláir
folmha nó gabhdáin phlaisteacha a úsáid. Cuir roinnt rudaí
éadroma in aon cheann amháin nó níos mó de na boscaí/
gabhdáin amhail buidéil phlaisteacha, liathróidí leadóige,
nó earraí cosúla. Smaoinigh ar conas a d’fhéadfaí feabhas a
chur ar an ngníomhaíocht chun na tosca riosca a bhaineann
le láimhsiú a laghdú nó a sheachaint.
Nithe a úsáidtear go
minic
Nithe a úsáidtear go
hannamh (éadrom)
Ualaí tromaNithe a
úsáidtear go hannamh (trom)
Iarracht fhis-iceach róchrua
Deacair greim a fháil air
Tá an t-ualach róthrom
Tá an t-ualach rómhór
Deacair greim a
fháil air
Tá an t-ualach róthrom
Tá an corp suite go héagobhsaí
AO
NA
D 2
GU
AIS
EACH
A IO
NA
D O
IBRE
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
36
GNÍOMHAÍOCHTAÍ AONAD 2Aonad 2, Cuid 3, Sciorrthaí, tuislí agus titimí
Dá mbeifeá ag obair san ionad oibre sin, céard a
d’fhéadfá a dhéanamh ionas nach sleamhnódh daoine?
Nóta don mhúinteoir: Freagraí do Ghníomhaíocht 2.N Plé Ranga
1. Úsáid bacainní nó comharthaí le cur in iúl do dhaoine
go bhfuil rud doirte ar an urlár.
2. Glan an doirteadh láithreach.
3. Más leacht gréisceach atá ann, bí cinnte ábhar glanta
oiriúnach a úsáid.
4. Triomaigh an t-urlár más féidir.
5. Socraigh go ndéanfar glanadh ag deireadh an lae más
féidir.
6. Bain anuas an fógra nó an bhacainn a luaithe atá an
t-urlár tirim.
GNÍOMHAÍOCHT 2.N, Leathanach 31 PLÉ RANGA
GNÍOMHAÍOCHT 2.O, Leathanach 31 I nGRÚPAÍ
I mbeirteanna, déan suirbhé maidir le sciorrthaí, tuislí agus
titimí i d’ionad oibre, sa seomra ranga eacnamaíocht bhaile
nó i seomra ranga praiticiúil eile, agus bain úsáid as an gcur
chuige san Uirlis Mapála (féach an nasc thíos) agus déan
measúnú riosca maidir le sciorrthaí, tuislí agus titimí.
Féach www.hsa.ie/slips chun faisnéis úsáideach a fháil.
Féach www.hsa.ie/eng/Topics/Slips_Trips_Falls/Mapping_
Slips_Trips_and_Falls/Mapping_tool_rev1.pdf
www.hsa.ie/slips
nua
AO
NA
D 2
GU
AIS
EACH
A IO
NA
D O
IBRE
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
37
GNÍOMHAÍOCHTAÍ AONAD 2Aonad 2, Cuid 4, Sábháilteacht dóiteáin
GNÍOMHAÍOCHT 2.P, Leathanach 35 PLÉ RANGA
Cé na nósanna imeachta éigeandála atá i bhfeidhm i do scoil nó i d’ionad oibre?
Cá bhfuil an t-ionad tionóil i gcás dóiteáin?
C E E T U S R U O P A V
O S D R D I O X I D E C
M D F I Y O P A Y Z B V
B C L E C W E S H X E G
U O X W D Q D R F T D A
S P A R K U Z W I E O S
T N I O P H S A L F L N
I G N I T E Z T B O P M
O W K U W E D P P A X I
N E R U T A R E P M E T
GNÍOMHAÍOCHT 2.Q, Leathanach 35 CLEACHTADH DO DHALTAÍ AONAIR
C S R U O P A V
O D I O X I D E
M I
B L E E G
U O R D A
S P A R K I O S
T N I O P H S A L F L
I G N I T E O P
O A X
N E R U T A R E P M E T
Aimsigh an dá fhocal déag a bhaineann le dóiteán agus teas sa ghreille thíos.
Réiteach: Tá an dá fhocal déag a bhaineann le dóiteán agus teas atá le fáil sa ghreille aibhsithe thíos.
CombustionSparkFlashpoint
IgniteSolidVapours
DioxideGasFire
ExplodeTemperatureFoam
AO
NA
D 2
GU
AIS
EACH
A IO
NA
D O
IBRE
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
38
C.1 Céard is ciall le guais?
C.2 Cén fáth a bhfuil gá le rialuithe?
C.3 Tabhair cúig shampla de ghuaiseacha sciorrthaí, tuislí agus titimí atá in go leor ionaid oibre.
C.4 Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach foghlaim faoi earraí a láimhsiú agus a ardú?
C.5 Conas a d’fhéadfaí feabhas a chur ar ghníomhaíochtaí oibre chun na tosca riosca a bhaineann le láimhsiú a laghdú nó a sheachaint?
C.6 Mínigh an triantán dóiteáin.
C.7 Liostaigh ceithre chineál múchtóra agus an cineál dóiteáin atá siad ceaptha a mhúchadh.
C.8 An bhfuil sé éigeantach go mbeadh garchabhróir gairme oilte i ngach ionad oibre?
DEIREADH AONAD 2: TRIAIL LUAIS,Leathanach 36
GNÍOMHAÍOCHT 2.R, Leathanach 36 I nGRÚPAÍ
Eagraigh an rang i ngrúpaí beaga. Iarr cead na múchtóirí
dóiteáin ar fad sa scoil a aimsiú agus a scrúdú. Tuairiscigh
na torthaí don rang.
Nó
Féach ar an druil aslonnaithe dóiteáin sa scoil. An gcloítear
leis? An leor é, dar leat? Cén feabhas a chuirfeá air?
GNÍOMHAÍOCHT 2.S, Leathanach 36 PLÉ RANGA
Céard atá cearr leis an mbealach éalaithe dóiteáin seo?
BUNACHAR FOCALCríochnaigh Aonad 2 trí iarraidh ar an rang an Bunachar
Focal a thabhairt chun dáta leis na téarmaí a foghlaimíodh
in Aonad 2.
AO
NA
D 2
GU
AIS
EACH
A IO
NA
D O
IBRE
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
39
FAISNÉIS BHREISESuíomh gréasáin an Údaráis Sláinte agus Sábháilteachta www.hsa.ie
• Acmhainn Spirit of Enterprise ar www. hsa.ie• Young People and Workplace Accidents (Spirit of Enterprise, 6ú leagan)• Protecting Young People at Work (Spirit of Enterprise, 5ú leagan)• Guidance on the Prevention and Management of Musculo-Skeletal Disorders in the Workplace• Guidance on Manual Handling Risk Assessment in the Manufacturing Sector• Guidance on An Introduction to the Management of Manual Handling in Construction• Guidance on the Management of Manual Handling in Healthcare• Guide on Manual Handling Risk Assessment in the Hospitality Sector
• http://www.hsa.ie/eng/Publications_ and_Forms/Publications/Retail/ Hospitality_Sector.pdf• Guide on Manual Handling Risk Assessment in the Retail Sector http://www.hsa.ie/eng/Topics/Slips_ Trips_Falls/• Físeán cás-staidéir ar láimhsiú, sraith 1 http://www.hsa.ie/eng/Workplace_ Health/Manual_Handling/Manual_ Handling_Risk_Assessment_Videos_ Series_1/• Físeán cás-staidéir ar láimhsiú, sraith 2 http://www.hsa.ie/eng/ Workplace_Health/Manual_ Handling/Manual_Handling_Risk_ Assessment_Videos_Series_2/• Sciorrthaí, Tuislí agus Titimí www. hsa.ie/slips
Cluiche bogearraí oideachasúil is ea ‘Haphazard’ le haghaidh daltaí iarbhunscoile bunaithe go sonrach ar chásanna san ionad oibre. Tá an cluiche dírithe ar
dhaltaí atá ag gabháil don Idirbhliain, don Ardteistiméireacht Fheidhmeach, agus do Ghairmchlár na hArdteistiméireachta. Chun ‘Haphazard’ a úsáid, téigh chuig www.hsasafetygame.ie
Cluiche sábháilteachta ‘Haphazard’
AO
NA
D 2
GU
AIS
EACH
A IO
NA
D O
IBRE
1 Treoirlínte do mhúinteoirí 2 Obair ar airde3 Sábháilteacht iompair san ionad oibre4 Ceimiceáin5 Feirmeoireacht6 Fáilteachas7 Trealamh cosanta pearsanta (PPE)8 Gníomhaíochtaí an aonaid9 Faisnéis bhreise
Ábhair an Aonaid
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
40
DO PHOST A DHÉANAMHAONAD 3
AO
NA
D 3
DO
PH
OST
A D
HÉA
NA
MH
TREOIRLÍNTE DO MHÚINTEOIRÍ
Sa leabhar saothair ‘Choose Safety’, tá an t-inneachar seo a leanas le fáil in Aonad 3 Do jab a dhéanamh
n Cuid 1 Obair ar airden Cuid 2 Sábháilteacht iompair san ionad oibren Cuid 3 Ceimiceáinn Cuid 4 Feirmeoireachtn Cuid 5 Fáilteachas n Cuid 6 Trealamh Cosanta Pearsanta
AONAD 3, CUID 1, OBAIR AR AIRDEIs éard is obair ar airde ann ná obair in áit ar bith óna
bhféadfadh fostaí titim anuas agus a bhféadfaí díobháil
phearsanta tarlú dó/di dá bharr. Áirítear leis sin obair a
dhéanamh ar scafall nó ar ardán soghluaiste, obair ar chúl
leoraí, ar chuaille teileafóin, ar dhréimire, etc.
Áirítear iad seo a leanas i measc samplaí de ghníomhaíochtaí oibre a n-aicmítear iad mar obair ar airde agus a gcuimsítear iad faoi na Rialacháin um Obair ar Airde:
• stól soghluaiste ar rothaí nó dréimire taca a úsáid i
seomra stoic nó i leabharlann
• ardán ardaithe oibre soghluaiste a úsáid chun obair
chruach a chur suas
• ardáin oibre agus dréimirí a úsáid chun péinteáil nó
glanadh a dhéanamh
• lampaí nó tíleanna síleála a athrú in oifig
• obair ar chúl leoraí chun ualach a chlúdach
• obair ar bharr leoraí breosla
• crainn nó cuaillí a dhreapadh
• soilsiú a shocrú le haghaidh ceolchoirme nó léiriú
stáitse
• úmacha agus téada a úsáid go gairmiúil chun teagasc
a thabhairt i rópadóireacht anuas nó in ailleadóireacht
• obair gar do thochailt oscailte nó do comhla thógála
siléir
• póstaeir a chrochadh ar airde
• scafall a chur suas nó obair air
• obair ar mhúnlóireacht ar airde.
I measc gníomhaíochtaí nach gcuimsítear iad faoi na
Rialacháin um Obair ar Airde, áirítear:
• siúl suas agus anuas an staighre in oifig
• obair in oifig ar urláir uachtaracha foirgneamh
cóiríochta sealadaí
• suí i gcathaoir.
GNÉITHE LE CUR SAN ÁIREAMH
• Seachain obair ar airde más féidir
• iarr ar an saoiste an féidir an jab a dhéanamh ón
talamh, mar shampla scuab insínte a úsáid chun
fuinneog thuas staighre a ghlanadh
• roghnaigh trealamh oiriúnach don obair ar airde. Más
gá dréimirí a úsáid, déan cinnte go bhfuil sé sábháilte
iad a úsáid. Seiceáil go bhfuil dea-bhail orthu roimh iad
a úsáid, agus go bhfuil siad socraithe agus daingnithe
i gceart
• má tá an obair ar airde le déanamh lasmuigh,
smaoinigh ar na dálaí aimsire.
AONAD 3DO PHOST A DHÉANAMH
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
41
Tá haistí siléir le fáil ar go leor áitreabh. D’fhéadfadh haistí siléir a bheith an-chontúirteach, agus tá sé thar a bheith tábhachtach na réamhchúraimí cuí a ghlacadh. Tá bearta eagrúcháin ríthábhachtach lena áirithiú gur féidir haistí siléir a úsáid go sábháilte.
AO
NA
D 3
DO
PH
OST
A D
HÉA
NA
MH
Sna Rialacháin um Obair ar Airde, éilítear ar fhostóirí agus ar fhostaithe na nithe seo a leanas a áirithiú:
• go seachnaítear gach obair ar airde nuair is féidir
• go ndéantar gach obair ar airde a phleanáil, a eagrú,
a mhaoirsiú agus a chur i gcrích i gceart
• gurb in áit shábháilte a dhéantar an obair ar airde
• go gcuirtear dálaí aimsire san áireamh maidir le gach
obair ar airde
• go gcuirtear teagasc agus oiliúint ar oibrithe
• go ndéantar trealamh a scrúdú roimh úsáid a bhaint
as
• go n-úsáidtear an trealamh is cuí.
AONAD 3, CUID 2, SÁBHÁILTEACHT IOMPAIR SAN IONAD OIBREGach bliain, bíonn feithiclí san ionad oibre ina gcúis le líon
suntasach timpistí. Mar gheall go n-úsáidtear feithiclí go
forleathan mar chuid den saol laethúil, go minic ní aithníonn
fostóirí, bainisteoirí ná fostaithe go mbíonn contúirt ag
baint le gníomhaíochtaí feithiclí san ionad oibre agus gur
gá iad a rialú agus a bhainistiú go héifeachtach chun gortú
do dhaoine a chosc. Tarlaíonn roinnt timpistí mar gheall
nach bhfuil an fheithicil oiriúnach don tasc, go bhfuil sí
lochtach nó go gcuirtear droch-chothabháil uirthi nó gurb
iad baill foirne neamhoilte a chuireann cothabháil uirthi
nó go n-úsáidtear cleachtais nach bhfuil sábháilte agus
cothabháil á cur uirthi. Tarlaíonn timpistí freisin mar gheall
nach rialaítear rochtain choisithe ar limistéir feithiclí nó mar
gheall nach gcuirtear a dhóthain oiliúna ar thiománaithe.
Ní mór d’fhostóirí agus do dhaoine féinfhostaithe a bheith
ar an eolas i ndáil leis na rioscaí is mó a bhaineann le feithiclí
ar gá iad a bhainistiú chun oibrithe agus daoine den phobal
a chosaint san ionad oibre.
Is iad seo a leanas na gníomhaíochtaí is coitianta a
bhaineann le básanna agus gortuithe de bharr feithiclí:
• tiomáint don obair
• cúlú agus ainlithe ar luas mall
• cúpláil agus díchúpláil
• cothabháil agus deisiúcháin ar fheithicil
• lódáil, dílódáil agus daingniú an t-ualach.
Gnéithe d’Ionad Oibre SábháilteBa cheart go gcuimseofaí bealaí, comharthaí agus marcanna
cuí don trácht mar chuid d’ionad oibre atá deartha agus
cothabháilte go maith. Gnéithe tábhachtacha eile is ea iad
coisithe agus feithiclí a scaradh óna chéile, córas aontreo,
agus infheictheacht mhaith.
Bealaí tráchtaCabhrófar le gluaiseacht shábháilte thart timpeall an ionaid
oibre don uile dhuine trí bhealaí tráchta oiriúnacha agus
soiléire atá marcáilte go maith agus a bhfuil comharthaíocht
mhaith orthu.
ComharthaíochtLe comharthaíocht chuí, cabhrófar le tiománaithe agus le
coisithe rialacha an láithreáin a leanúint.
Sábháilteacht CoisitheIs coisithe iad daoine a bhíonn ag siúl san ionad oibre.
Cabhrófar le rioscaí féideartha a dhíorthú trí choisithe
a scaradh go héifeachtach (chomh fada agus is féidir) ó
fheithiclí. Le bealaí oiriúnacha agus soiléire do choisithe
atá marcáilte go maith agus a bhfuil comharthaíocht
mhaith orthu, cabhrófar lena áirithiú gur féidir le coisithe
gluaiseacht go sábháilte agus nach ndéanfar díobháil
dóibh.
Déantar iniúchadh breise ar shábháilteacht coisithe agus
sábháilteacht forcardaitheoirí ar leathanach 41 agus 42 den
leabhar do dhaltaí.
AONAD 3, CUID 3,CEIMICEÁINIs cuid den saol laethúil iad ceimiceáin. Bíonn siad le fáil in
éagsúlacht mhór táirgí timpeall an tí, amhail péint, púdar
níocháin, seampú agus glóthach chithfholctha. Bíonn siad
le fáil sa timpeallacht freisin, d’aonturas (mar shampla ó
lotnaidicídí a úsáidtear sa ghairdín) nó de neamhaistear
(ó thruailliú). Bíonn ceimiceáin le fáil i ngach ionad oibre
freisin; fiú san oifig is glaine agus is nua-aimseartha, is féidir
a bheith nochtaithe go rialta do cheimiceáin amhail dúigh
agus tonóirí.
Is iomaí foirm a bhíonn ag ceimiceáin:
Níl gach ceimiceán díobhálach, ach tugtar ceimiceáin
ghuaiseacha ar na ceimiceáin sin a d’fhéadfadh díobháil a
dhéanamh do shláinte an duine nó don timpeallacht.
Áirítear iad seo a leanas i measc na nguaiseacha a
bhaineann le ceimiceáin:
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
42
Deannach, múch, snáithíní, púdair
Leachtanna
Gáis, gala, ceonna
PléascachInlastaOcsaídiúchánCreimneachGreannach
ÍogróirCarcanaiginSó-ghineachTocsaineacht maidir le síolrúGuaiseach don timpeallacht
AO
NA
D 3
DO
PH
OST
A D
HÉA
NA
MH
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
43
Is féidir éifeachtaí ceimiceán guaiseach a shonrú:
• go díreach tar éis teagmhála: dó ceimiceach nó
pléascadh mar shampla
• tar éis tréimhse ama amháin: mar shampla ailse.
Cuimsítear na nithe seo a leanas freisin in Aonad 3, Cuid 3
den leabhar do dhaltaí:
• conas is féidir le ceimiceáin a bheith guaiseach don
tsláinte?, leathanach 43
• cá háit ar féidir eolas a fháil faoi ghuaiseacha
ceimiceacha? 44
• fíricí gasta maidir le táibléid/capsúil ina bhfuil leacht
níocháin, leathanach 44
• faisnéis úsáideach maidir le lipéid, lena n-áirítear
léaráidí, leathanach 44 agus 45
• bileoga sonraí sábháilteachta, leathanach 46
• príomhleideanna, má iarrtar ort ceimiceán a úsáid
san ionad oibre, leathanach 47.
AONAD 3, CUID 4, FEIRMEOIREACHTEarnáil oibre ardriosca is ea an fheirmeoireacht. Ba le timpistí
feirme a bhain an chuid ab airde de bhásanna san ionad
oibre a tuairiscíodh don Údarás Sláinte agus Sábháilteachta
idir 2010 agus 2013. In 2013 amháin, maraíodh sé dhuine
dhéag in earnáil na feirmeoireachta.
I gCuid 4 den leabhar do dhaltaí, déantar iniúchadh breise
ar phríomhchúiseanna timpistí ar an bhfeirm agus ar
bhealaí tábhachtacha chun timpistí a chosc, leathanach 49.
Féachtar freisin ar Chumhachtdúiseachtaí (PTO), Scileanna
Sábháilteachta maidir le Tarracóirí, Feithiclí Uile-Thalún/
Cuadrothair, leathanach 49 agus 50.
AONAD 3, CUID 5, FÁILTEACHASFostaítear go leor daoine óga in earnáil an fháilteachais.
Ionaid oibre ghnóthacha agus ghníomhacha iad seo ina
bhfuil go leor guaiseacha. Tá láimhsiú agus sciorrthaí, tuislí
agus titimí ar na cúiseanna is mó le timpistí san earnáil seo.
Cuimsítear iad sin araon in Aonad 2. Tugtar breac-chuntas
ar chúiseanna eile timpistí agus ar bhearta coisctheacha ar
leathanach 51 den leabhar do dhaltaí.
AONAD 3, CUID 6, TREALAMH COSANTA PEARSANTA (PPE)Críochnaítear Aonad 3 trí fhéachaint ar threalamh cosanta
pearsanta. Is le measúnú riosca a chinntear soláthar agus
úsáid trealamh cosanta pearsanta. Ba cheart gach beart
rialaithe a chur i bhfeidhm roimh threalamh cosanta
pearsanta a chaitheamh nó i dteannta an trealaimh sin.
Soláthraítear leideanna úsáideacha maidir le trealamh
cosanta pearsanta a úsáid ar leathanach 53 den leabhar
do dhaltaí.
RU
DAÍ EILE
BEO
STO
C
TITIMÍ, INTITIMÍ
INNEALRA
FEITHICLÍ
29%
17%18%
14%
22%
BÁSANNA AR AN BHFEIRM2004 - 2013
Torthaí Foghlama
Ar chríochnú an aonaid seo, ba cheart go mbeadh daltaí in ann na nithe seo a leanas a dhéanamh:
• breac-chuntas a thabhairt ar na príomhghnéithe le cur san áireamh agus obair á déanamh ar airde• liosta a thabhairt de na réamhchúraimí atá le glacadh maidir le hiompar an ionaid oibre• cur síos a thabhairt ar conas is féidir le ceimiceáin díobháil a dhéanamh • breac-chuntas a thabhairt ar Bhileoga Sonraí Sábháilteachta a úsáid• lipéid ar tháirgí ceimiceacha a shainaithint • breac-chuntas a thabhairt ar fhreagrachtaí fostóirí agus fostaithe maidir le trealamh cosanta pearsanta• na guaiseacha a bhaineann le dhá earnáil thábhachtacha oibre – an fheirmeoireacht agus an fáilteachas – a shainaithint
AO
NA
D 3
DO
PH
OST
A D
HÉA
NA
MH
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
44
PLEANANNA CEACHTA MOLTA D’AONAD 31. Iarr ar dhaltaí liosta a thabhairt de na gníomhaíochtaí
oibre a bhíonn ar siúl acu agus na rioscaí don tsláinte
agus don tsábháilteacht a bhaineann leo. Déan plé sa
rang ar bhealaí chun an ghníomhaíocht oibre a
dhéanamh níos sábháilte.
2. Is iad láimhsiú mícheart agus sciorrthaí, tuislí agus
titimí is cúis le cuid mhór de na timpistí san ionad
oibre. D’fhéadfadh daltaí féachaint ar na háiteanna
is mó ina dtarlódh na guaiseacha sin ina bpost nó ar a
dtaithí oibre féin, agus ar na bearta atá i bhfeidhm
chun cosc a chur ar thimpistí.
3. D’fhéadfaí iarraidh ar dhaltaí míniú a thabhairt ar an
bhfáth a gcuirtear lipéid ar tháirgí ceimiceacha, cé
na táirgí ceimiceacha a úsáidtear sa bhaile, agus conas
is ceart iad a stóráil agus a láimhseáil.
4. Is iad láimhsiú mícheart agus sciorrthaí, tuislí agus
titimí is cúis le cuid mhór de na timpistí san ionad
oibre. D’fhéadfadh daltaí féachaint ar na háiteanna
is mó ina dtarlódh na guaiseacha sin ina bpost nó ar a
dtaithí oibre féin, agus ar na bearta atá i bhfeidhm
chun cosc a chur ar thimpistí.
5. Féach an cleachtadh do na hábhair Eolaíochta
(leathanach 14 den Bhrollach do Mhúinteoirí). Is
féidir é sin a chur i bhfeidhm ar an gcuid maidir
le Ceimiceáin.
6. Féach an fhaisnéis maidir le hEacnamaíocht Bhaile
(leathanach 12 den Bhrollach do Mhúinteoirí). Is féidir
é sin a chur i bhfeidhm ar an bhFáilteachas.
7. Críochnaigh an tAonad trí iarraidh ar dhaltaí focail
bhreise a chur lena mBunachar Focal féin nó le
Bunachar Focal an ghrúpa.
8. I gcás na nGníomhaíochtaí Aonaid, ba cheart
do dhaltaí an taithí atá acu féin go dtí seo a chur san
áireamh, nó smaoineamh ar aon taithí a bhí acu
chuige sin agus na ceisteanna á bhfreagairt.
Scríobh Nótaí
AO
NA
D 3
DO
PH
OST
A D
HÉA
NA
MH
GNÍOMHAÍOCHTAÍ AONAD 3Aonad 3,Cuid 1, Obair ar Airde
GNÍOMHAÍOCHT 3.A, Leathanach 40 I mBEIRTEANNA
I mbeirteanna1. Liostaigh seacht n-ionad oibre ina mbíonn daoine ag obair ar airde go rialta.
2. Liostaigh na cineálacha gortuithe a d’fhéadfadh tarlú mar gheall ar obair ar airde.
3. Smaoinigh ar rialuithe a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm le haghaidh dhá cheann de na hionaid oibre atá liostaithe faoi uimhir 1 thuas.
4. Liostaigh an trealamh cosanta pearsanta a d’fhéadfadh cabhrú chun timpiste nó gortú a chosc i gcás duine ag obair ar airde.
Nóta don mhúinteoir: Gníomhaíocht 3.A
Gairmeacha beatha ina mbíonn daoine ag obair ar airde go rialta:• Tógálaithe
• Siúinéirí/Saoir adhmaid
• Leictreoirí
• Gloineadóirí
• Innealtóirí Téimh agus Aerála
• Péintéirí/Maisitheoirí
• Pluiméirí
• Díonadóirí
• Glantóirí simléar
Gortuithe tromchúiseacha a d’fhéadfadh tarlú mar gheall ar obair ar airde:
• Géaga briste
• Bristeacha
• Teascadh
• Cur as alt (gualainne, cromáin, glúine, dromlaigh)
• Lot inchinne (gortuithe don chloigeann)
• Comhtholgadh agus neamhaireachtáil
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
45
AO
NA
D 3
DO
PH
OST
A D
HÉA
NA
MH
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
46
GNÍOMHAÍOCHTAÍ AONAD 3Aonad 3, Cuid 2, Sábháilteacht iompair san ionad oibre
nua
I dtaighde a rinneadh le déanaí thar ceann an Údaráis Sláinte agus Sábháilteachta, i gcás an 111 eagraíocht ar a ndearnadh an suirbhé, thug gach eagraíocht le fios go mbíonn coisithe ag gluaiseacht timpeall ar an ionad oibre.
Ábhar imní atá ann gur chreid 45% de na heagraíochtaí sin nach bhfuil coisithe ar an eolas maidir leis na rioscaí a bhaineann le bealaí iompair san ionad oibre.
Cuimsítear le coisithe fostaithe, daoine den phobal nó oibrithe ar cuairt a thagann gar d’fheithiclí san ionad oibre. D’fhéadfadh innealtóir cothabhála a thagann ar an láithreán, custaiméir
ag siúl in aice le forcardaitheoir ag ollmhargadh nó ag clós soláthraí ábhar tógála, nó fiú duine ag siúl in aice le crann tógála soghluaiste a bheith i gceist leis sin.
An dúshlán atá romhat – ‘Céard is féidir a dhéanamh chun cabhrú leis na coisithe ar fad a choimeád slán sábháilte’?
I ngrúpaí de thriúr, roghnaigh ionad oibre atá liostaithe san alt thuas agus tabhair réitigh chun coisithe a choimeád sábháilte agus tabhair breac-chuntas ar leas na réiteach sin.
GNÍOMHAÍOCHT 3.B, Leathanach 42 I nGRÚPAÍ
GNÍOMHAÍOCHT 3.C, Leathanach 43 I mBEIRTEANNA
Úsáid foclóir nó suíomh gréasáin chun ciall na bhfocal
sna boscaí thíos a aimsiú.
Is iomaí foirm a bhíonn ag ceimiceáin:
PléascachInlastaOcsaídiúchánCreimneachGreannach
ÍogróirCarcanaiginSó-ghineachTocsaineacht maidir le síolrúGuaiseach don timpeallacht
Deannach, múch, snáithíní, púdair
Leachtanna
Gáis, gala, ceonna
Áirítear iad seo a leanas i measc na nguaiseacha a
bhaineann le ceimiceáin:
GNÍOMHAÍOCHTAÍ AONAD 3Aonad 3, Cuid 3, Ceimiceáin
nua
AO
NA
D 3
DO
PH
OST
A D
HÉA
NA
MH
Guais Uimhir na siombaile Guais Uimhir na siombaile
Pléascach Creimneach
Ocsaídiúchán Carcanaigin, Só-ghineach, Tocsaineacht maidir le síolrú
Gás faoi bhrú Greannú
Inlasta Tocsaineach
Guaiseach don Timpeallacht
GNÍOMHAÍOCHT 3.D, Leathanach 44 CLEACHTADH GRÚPA / PLÉ RANGA
Meaitseáil na guaiseacha sa liosta thíos leis an tsiombail ghuaise a bhaineann leo ón íomhá thuas:
Ní mór an tsiombail ghuaise chuí nó an picteagram cuí a chur ar taispeáint
ar cheimiceáin ghuaiseacha.
1 2 3 4 5
6 7 8 9
Liostaigh roinnt ceimiceáin ghuaiseacha a d’fhéadfaí a fháil sa bhaile nó ar scoil
Ceimiceán Guaiseacha atá liostaithe ar an lipéad
Tuarthóir Greannach
GNÍOMHAÍOCHT 3.E, Leathanach 45 I mBEIRTEANNA
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
47
AO
NA
D 3
DO
PH
OST
A D
HÉA
NA
MH
Ón liosta de cheimiceáin ghuaiseacha a bhféadfaí iad a fháil sa bhaile nó ar scoil, déan cur síos ar an nguais agus ar conas a d’fhéadfaí é a rialú.
Ceimiceán Guaiseacha Beart rialaithe
Tuarthóir Greannach Lipéad soiléirCaipín sábháilteachta leanaíStóráil shábháilteÚsáid miteoga agus spéaclaí cosanta
GNÍOMHAÍOCHT 3.F, Leathanach 47 I mBEIRTEANNA
Roghnaigh táirgí tí (mar shampla glantóirí, fiailnimheanna etc.) agus cuardaigh ar líne don bhileog sonraí
sábháilteachta don ghlantóir. Leid – cuardaigh ainm an tsoláthraí agus ba cheart go mbeifeá in ann teacht
ar chóip den bhileog sonraí sábháilteachta ón suíomh gréasáin sin. Déan plé sa rang ar conas a d’éirigh leat.
GNÍOMHAÍOCHT 3.G, Leathanach 47 I mBEIRTEANNA
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
48
AO
NA
D 3
DO
PH
OST
A D
HÉA
NA
MH
GNÍOMHAÍOCHTAÍ AONAD 3Aonad 3, Cuid 4, Feirmeoireacht
GNÍOMHAÍOCHT 3.H, Leathanach 50 CLEACHTADH DO DHALTAÍ AONAIR
Iarrtar ort cabhair a thabhairt ar fheirm comharsana leat i
rith mhíonna an tsamhraidh. Beidh tú páirteach san obair
seo a leanas: caoirigh a thabhairt ó pháirc go páirc, beatha
a thabhairt do na ba ar an bhféarach, tarracóir a thiomáint,
feistis éagsúla tarracóra a úsáid, dáileoga táirgí tréidliachta
a thabhairt d’ainmhithe.
Ainmnigh na deich nguais is mó a bheidh ann, dar leat.
Conas atá sé i gceist agat dul i ngleic leis na guaiseacha sin?
Conas a dhéanfaidh tú do mholtaí nó d’ábhair imní a chur
in iúl don fheirmeoir?
a) Déan plé ar conas a d’fhéadfadh an Rialtas,
an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta, coláistí
talmhaíochta tríú leibhéal, Feirmeoirí Aontaithe na
hÉireann, Teagasc, agus comhlachtaí feirmeoireachta
eile an gá atá le sábháilteacht ar an bhfeirm a chur ina
luí ar fheirmeoirí.
(b) Socraigh ar théamaí oiriúnacha d’fheachtas
fógraíochta teilifíse maidir le sábháilteacht ar an
bhfeirm.
Déan plé ar conas a chabhróidh sin leis an teachtaireacht
maidir le sábháilteacht ar an bhfeirm a scaipeadh i measc
feirmeoirí, agus an ann do bhealaí oiriúnacha eile chun
sábháilteacht ar an bhfeirm a chur chun cinn agus a
aibhsiú.
Breathnaigh ar an bhfíseán gairid http://www.youtube.
com/watch?v=W5l1hzWO--o sa tsraith Survivor Stories ar
shuíomh gréasáin an Údaráis, Clár 8: Buachaill óg trí bliana
déag d’aois i dtimpiste tarracóra. Déan plé ar thionchar
an fhíseáin sin. Céard a d’fhoghlaim tú ón bhfíseán seo?
Conas a d’fhéadfaí timpistí cosúla a sheachaint?
GNÍOMHAÍOCHT 3.I, Leathanach 50 I nGRÚPAÍ
nua
GNÍOMHAÍOCHTAÍ AONAD 3Aonad 3, Cuid 5, Fáilteachas
nua
GNÍOMHAÍOCHT 3.J, Leathanach 50 PLÉ RANGA
D’iarr Bainisteoir an Óstáin ort liosta a thabhairt de na deich
nguais is mó is féidir leat a aimsiú sa chistin ghairmiúil san
óstán. Teastaíonn uaidh go ndéanfaidh tú iad a chur in
ord de réir a thromchúisí atá siad agus an riosca gortaithe
do bhaill foirne a bhaineann leo, agus ansin liosta bearta
rialaithe a chur le chéile do na cúig ghuais is mó.
Féach an foilseachán ‘Safe Hospitality’, Cuid 1-7, ar www.
hsa.ie le faisnéis úsáideach a fháil chun an ghníomhaíocht
thuas a dhéanamh. Is féidir an tábla (leathanach 52 den
leabhar do dhaltaí) a úsáid freisin chun Gníomhaíocht 3.K
a dhéanamh.
Tá tú díreach tar éis tús a chur le do phost samhraidh i
mbialann áitiúil. Ar dtús, iarrtar ort an bruscar a thabhairt
amach chuig dlúthóir ar chúl an áitribh. Níor taispeánadh
duit conas an dlúthóir a úsáid, agus níl tú cinnte conas an
cairtchlár a chur isteach ann.
Céard ba cheart duit a dhéanamh?
GNÍOMHAÍOCHT 3.K, Leathanach 52 PLÉ RANGA
GNÍOMHAÍOCHT 3.L, Leathanach 52CLEACHTADH DO DHALTAÍ AONAIR
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
49
AO
NA
D 3
DO
PH
OST
A D
HÉA
NA
MH
GNÍOMHAÍOCHTAÍ AONAD 3Aonad 3, Cuid 6, Trealamh Cosanta Pearsanta
Ainmnigh na hocht mír de threalamh cosanta pearsanta
atá sa liosta thuas. Mínigh go hachomair conas atá cosaint
phearsanta de shaghas éigin i gceist le gach mír díobh.
Tabhair samplaí d’ionaid oibre inar dhócha go mbeadh
gach píosa trealaimh le fáil.
Nóta don mhúinteoir:Tá na freagraí cearta aibhsithe thuas.
1. Cé na cineálacha gortuithe a d’fhéadfadh tarlú gan
rialuithe cearta amhail trealamh cosanta pearsanta?
2. Roghnaigh an trealamh cosanta pearsanta ceart atá
riachtanach chun na tascanna seo a leanas a dhéanamh
go sábháilte:
• adhmad a ghearradh • innealra a ghlanadh • obair ar airde • marcannaa a chur ar bhóthar • drugaí a fhodháileadh • táthú
• gruagaireacht.
GNÍOMHAÍOCHT 3.M, Leathanach 54 CLEACHTADH DO DHALTAÍ AONAIR
TREALAMH COSANTA PEARSANTA
Ainmnigh an trealamh cosanta pearsanta i measc na míreanna seo a leanas.
Dréimirí, spéaclaí cosanta, dalláin cluaise, druil, buataisí sábháilteachta, scafall, veist shofheicthe, crios iompair, clogad oibre, aghaidhmhasc, úim shábháilteachta, miteoga, múchtóir dóiteáin, aonad fístaispeána.
GNÍOMHAÍOCHT 3.N, Leathanach 54 CLEACHTADH DO DHALTAÍ AONAIR
C.1. Tabhair ceithre shampla de ghuaiseacha iompair san ionad oibre.
C.2. Ainmnigh ceithre phríomhchúis le timpistí ar an bhfeirm.
C.3. Céard iad na príomhrudaí is gá a chur san áireamh chun feithicil uile-thalún a oibriú?
C.4. Ainmnigh trí ghuais cheimiceach a d’fhéadfadh cur isteach ar shláinte an duine.
C.5. Ainmnigh dhá phríomhbhealach ina bhféadfá a bheith nochta do cheimiceáin san ionad oibre.
C.6. Ainmnigh an dá fhoinse faisnéise is tábhachtaí ar cheimiceán guaiseach.
C.7. Léirigh an cineál faisnéise a bheifeá ag súil le feiceáil ar lipéad ceimiceáin ghuaisigh.
C.8. Ainmnigh ceithre ghairm ina bhféadfadh trealamh cosanta pearsanta a bheith de dhíth.
DEIREADH AONAD 3: TRIAIL LUAIS, Leathanach 54
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
50
AO
NA
D 3
DO
PH
OST
A D
HÉA
NA
MH
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
51
FAISNÉIS BHREISEFeirmeoireacht
• Féach faisnéis ar an talmhaíocht atá ar fáil ar shuíomh gréasáin an Údaráis http://www.hsa.ie/eng/Your_ Industry/Agriculture_Forestry/Vehicles_ Machinery/Vehicles/
• Keep Safe on the Farm – Bileog faisnéise ón Údarás do dhaltaí meánscoile
• Foilseachán ón Údarás ‘Safe use of all-terrain vehicles (ATVs) in Agriculture and Forestry’ – Bileog Faisnéise 2008 http://www.hsa.ie/ eng/Publications_and_Forms/ Publications/Agriculture_and_ Forestry/ATV.pdf
• Tractor Safety and You http://www. hsa.ie/eng/Publications_and_Forms/ Publications/Agriculture_and_Forestry/ Tractor_Safety_and_You.html
• Children and Young Persons in Agriculture Code of Practice http:// www.hsa.ie/eng/Publications_and_ Forms/Publications/Agriculture_and_ Forestry/The_Children_and_Young_ Persons_in_Agriculture_COP_.html
• Físeán sa tsraith Survivor Stories – Aaron O’Donnell: Bhí Aaron O’Donnell trí bliana déag d’aois nuair a ghortaigh sé a chos go dona agus nascaire tarracóra á athrú aige. San fhíseán seo, déanann sé cur síos ar an timpiste agus ar thionchar na timpiste air. Tosaíonn formhór na bhfeirmeoirí ag déanamh jabanna ar an bhfeirm agus iad an-óg. Cuireann Aaron comhairle ar fáil le bheith sábháilte thart timpeall ar innealra.
• Féach cúrsa ar líne an Údaráis ‘Far Safely with Slurry’ ar http:// hsalearning.ie
Fáilteachas
Láithreán gréasáin an Údaráis
• Safe Hospitality, Cuid 1-7. Féach http://www.hsa.ie/eng/Your_Industry/ Catering_and_Hospitality/
• Simple Safety – sraith uirlisí praiticiúla a bhfuil sé mar aidhm leo feabhas a chur ar chúrsaí sláinte agus sábháilteachta san ionad oibre agus timpistí a laghdú. Áirítear sa tsraith sábháilteacht shimplí maidir le bia agus deochanna agus in earnálacha miondíola. Féach http:// www.hsa.ie/eng/Topics/Simple_Safety/
• Guide on Manual Handling Risk Assessment in the Retail Sector http://www.hsa.ie/eng/Topics/Slips_ Trips_Falls/
• Físeán cás-staidéir ar láimhsiú, sraith 1 http://www.hsa.ie/eng/Workplace_ Health/Manual_Handling/Manual_ Handling_Risk_Assessment_Videos_ Series_1/
• Físeán cás-staidéir ar láimhsiú, sraith 2 http://www.hsa.ie/eng/Workplace_ Health/Manual_Handling/Manual_ Handling_Risk_Assessment_Videos_ Series_2/
D’fhéadfadh daltaí triail a bhaint as ‘Haphazard’, cluiche oideachasúil ar líne, mar chuid d’Aonad 3. Cuimsíodh an cluiche sin sna nótaí d’Aonad 2 ó tharla go mbaineann sé leis an dá aonad. Áirítear leis an gcluiche guaiseacha a shainaithint i roinnt cásanna oibre lena n-áirítear in earnáil an fháilteachais. Is féidir triail a bhaint as ‘Haphazard’ ar www.hsasafetygame.ie
AO
NA
D 3
DO
PH
OST
A D
HÉA
NA
MH
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
52
FAISNÉIS BHREISESábháilteacht iompair san ionad oibre
Féach faisnéis bhreise ar shábháilteacht iompair san ionad oibre ar www.hsa.ie
• http://www.hsa.ie/eng/Publications_ and_Forms/Publications/Work_ Related_Vehicles/WTS_Safe_ Workplace.pdf • Sábháílteacht coisithe san ionad oibre http://www.hsa.ie/eng/Publications_ and_Forms/Publications/Information_ Sheets/pedestrian-safety-in-the- workplace.pdf
• Leideanna sábháilteachta maidir le forcardaitheoirí – http://www.hsa.ie/eng/Publications_ and_Forms/Publications/Information_ Sheets/forklift-safety-tips.pdf
Ceimiceáin
• Bileog Faisnéise maidir le Glantaigh http://www.hsa.ie/eng/Publications_ and_Forms/Publications/Chemical_ and_Hazardous_Substances/ Detergents_Info_Sheet.pdf • Bileoga Faisnéise maidir le Bileoga Sonraí Sábháilteachta http://www.hsa.ie/eng/Publications_ and_Forms/Publications/Information_ Sheets/SDS_hazchem_info_sheet.pdf
AO
NA
D 3
DO
PH
OST
A D
HÉA
NA
MH
Scríobh Nótaí
1 Treoirlínte do mhúinteoirí2 Oifigeach sábháilteachta agus ionadaí sábháilteachta3 Timpeallacht Oibre4 Sláinte agus folláine san ionad oibre 5 Gníomhaíochtaí an aonaid6 Faisnéis bhreise
Ábhair an Aonaid
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
54
RÓIL, TASCANNA AGUS TUSAAONAD 4
AO
NA
D 4
RÓ
IL, T
ASC
AN
NA
AG
US
TUSA
TREOIRLÍNTE DO MHÚINTEOIRÍSa leabhar saothair ‘Daoine Óga ag Obair’, tá an t-inneachar seo a leanas le fáil in Aonad 4 Róil, tascanna, agus tusa:
n Cuid 1 Oifigeach sábháilteachta agus ionadaí sábháilteachtan Cuid 2 An Timpeallacht Oibren Cuid 3 Sláinte agus folláine san ionad oibre
AONAD 4, CUID 1, OIFIGEACH SÁBHÁILTEACHTA AGUS IONADAÍ SÁBHÁILTEACHTA
Tá dualgas ar gach fostóir cúrsaí sláinte agus sábháilteachta
ag an obair a bhainistiú d’fhonn timpistí agus drochshláinte
a chosc. Féadfaidh an fostóir cinneadh a dhéanamh
oifigeach sábháilteachta a cheapadh chun oibríochtaí
sláinte agus sábháilteachta a bhainistiú agus chun gníomhú
ar a s(h)on maidir le cúrsaí sláinte agus sábháilteachta.
Mar sin féin, is faoin bhfostóir atá an fhreagracht as cúrsaí
sláinte agus sábháilteachta i gcónaí.
Tá fostaithe i dteideal ionadaí sábháilteachta a roghnú
chun ionadaíocht a dhéanamh dóibh maidir le cúrsaí sláinte
agus sábháilteachta i gcomhairle leis an bhfostóir. Tugtar
breac-chuntas ar fheidhmeanna an ionadaí sábháilteachta
ar leathanach 57 den leabhar do dhaltaí.
AONAD 4, CUID 2, TIMPEALLACHT OIBREFéachtar ar an timpeallacht oibre in Aonad 4, Cuid 2.
Cuimsítear leis an timpeallacht oibre tosca amhail teas,
solas, aerú, agus torann. Tá sé tábhachtach go bhfuil
oibrithe compordach ag an obair agus go bhfuil rialuithe
cuí i bhfeidhm chun é sin a áirithiú. Mar shampla,
socraítear scáileáin ríomhaire go cuí chun dalladh ón ngrian
a sheachaint.
I gCuid 2, dírítear ar theocht, soilsiú, aerú, deannach agus
múch, torann, agus bainistí (leathanach 59 agus 60 den
leabhar do dhaltaí).
AONAD 4, CUID 3 SLÁINTE AGUS FOLLÁINE SAN IONAD OIBREIn Aonad 4, Cuid 3, féachtar ar shláinte agus ar fholláine
san ionad oibre. Tagraíonn an téarma ‘síceasóisialta’ do na
cineálacha gortuithe sin nach gortuithe fisiciúla iad ach a
chuireann isteach ar conas mar a mhothaíonn daoine. Is
féidir féachaint ar an tsláinte mar fholláine an duine mar
aon le heaspa tinneas a bheith air/uirthi. Trí dhea-bhraistint
agus dhearcadh dearfach i leith an tsaoil a chothú, is féidir
cur go mór lenár gcáilíocht beatha. Is iad na daoine sin
atá sona sásta agus a bhfuil dearcadh sláintiúil agus intinn
agus spiorad láidir acu is fearr atá in ann, go ginearálta, na
dúshláin a bhíonn os a gcomhair sa saol a láimhseáil.
Mar sin féin, is lú an táirgiúlacht go minic a bhaineann
le hoibrithe a bhfuil lagmheas acu orthu féin nó a bhfuil
leibhéal meanma lag acu. Is mó an seans go dtarlódh
timpiste ag an obair dóibh siúd freisin.
Féachtar ar na nithe seo a leanas freisin in Aonad 4, Cuid 3:
n strus (leathanach 61 den leabhar do dhaltaí)n iompraíocht an duine agus conas is féidir leis cur
le timpistí (leathanach 65 agus 66 den leabhar do
dhaltaí)n cur isteach (leathanach 67 den leabhar do
dhaltaí).
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
55
AONAD 4RÓIL, TASCANNA AGUS TUSA
AO
NA
D 4
RÓ
IL, T
ASC
AN
NA
AG
US
TUSA
Samhlaigh:Samhlaigh go bhfuil tú ag cleasaíocht le trí liathróid ag
an am céanna. Tá tú ar do chompord ag cleasaíocht le 3
liathróid, tá tú go breá in ann chuige, agus ní chuirfeadh
sé isteach ort go dtitfeadh ceann de na liathróidí mar, dá
dtitfeadh, ní bheadh ort ach stopadh agus tosú in athuair.
Mar sin féin, samhlaigh go bhfuil tú ag cleasaíocht le 5
liathróid. Mothaíonn tú nach bhfuil tú in ann chuige,
go dtitfeadh liathróid amháin díobh ag am ar bith, go
bhféadfadh duine liathróid eile a chaitheamh i do threo
am ar bith agus, dá dtitfidís, cháinfí thú agus ní bheadh ar
do chumas tosú in athuair. Samhlaigh an scéal sin ar feadh
cúpla soicind agus smaoinigh ar conas mar a mhothóidh
tú. Tá an mothúchán sin, an leibhéal ardaithe airdill agus
eagla sin atá le brath, ar an ngné bhunúsach den strus.
PLEANANNA CEACHTA MOLTA1. D’fhéadfaí iad seo a leanas a áireamh i measc na
gceisteanna tosaigh a bheidh le breithniú ag an rang:
cén difríocht atá idir oifigeach sábháilteachta agus
ionadaí sábháilteachta? Cén áit ar dhócha go mbeidís
beirt le fáil? An bhfuil an bheirt acu riachtanach in
ionaid oibre?
2. Tabhair faoi deara, i nGníomhaíocht 4.A Cur i Láthair
Gairid, go bhféadfadh an príomhoide a bheith ina
oifigeach sábháilteachta. Ní mór an togra sin a ullmhú
go cúramach. Tá cúram agus maoirsiú cuí riachtanach
nuair a thugann daltaí cuairt ar sheomraí
teicneolaíochta, seomraí eolaíochta, etc.
3. Pléigh na buntáistí a bhaineann le timpeallacht
chompordach oibre. Tabhair aird ar leith do thosca
amhail teas, solas, aerú, agus torann.
4. Ní mór nochtadh na ndaltaí féin don bhulaíocht ar
scoil a chur san áireamh nuair atá breithniú á
dhéanamh ar strus agus ar bhulaíocht san ionad oibre.
Is gá bheith cúramach anseo. Ceadaigh plé oscailte ar
na topaicí seo, ach bí aireach i leith riachtanais daoine
ar leith.
5. Spreag plé forleathan ar ‘Roth an tSaoil’. Cén fáth a
bhfuil an cleachtadh seo úsáideach? Déan plé
ar smaointe chun cothroime a bhaint amach i
míreanna áirithe den roth. Ná déan dearmad go
mb’fhéidir gurbh fhearr le daltaí áirithe an t-eolas
seo a choimeád dóibh féin. Bíodh an plé i dtéarmaí
ginearálta.
6. I gcás na nGníomhaíochtaí Aonaid, ba cheart
do dhaltaí an taithí atá acu féin go dtí seo a chur san
áireamh, nó smaoineamh ar aon taithí a bhí acu
chuige sin agus na ceisteanna á bhfreagairt.
n Liostaigh bealaí ina bhféadfadh oibrí a mheas go bhfuil
bulaíocht á déanamh air/uirthi san ionad oibre n Cé air a dtéann bulaíocht i bhfeidhm?
n Cén fáth a dtarlaíonn bulaíocht?
n Cén fáth ar fadhb thromchúiseach é?
n Céard is féidir le fostóir agus le fostaí a dhéanamh
chun deireadh a chur leis an riosca bulaíochta
san ionad oibre?
n Cé eile a d’fhéadfadh cabhrú chun deireadh a chur leis
an nguais sin?
n An bhfuil difríocht idir an bhulaíocht ar scoil agus an
bhulaíocht san ionad oibre?
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
56
Torthaí Foghlama
Ar chríochnú an aonaid seo, ba cheart go mbeadh daltaí in ann na nithe seo a leanas a dhéanamh:
• breac-chuntas a thabhairt ar ról an oifigigh sábháilteachta agus an ionadaí sábháilteachta• breac-chuntas a thabhairt ar na tosca a chuireann le timpeallacht chompordach oibre• breac-chuntas a thabhairt ar na tosca a chuireann le sláinte agus folláine dhearfach nó dhiúltach san ionad oibre• ábhair seachráin san ionad oibre a shainaithint a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh
AO
NA
D 4
RÓ
IL, T
ASC
AN
NA
AG
US
TUSA
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
57
GNÍOMHAÍOCHTAÍ AONAD 4Aonad 4, Cuid 1, Oifigeach sábháilteachta agus ionadaí sábháilteachta
Déan socruithe le do mhúinteoir nó leis an bpríomhoide nó
leis an oifigeach sábháilteachta cuairt a thabhairt ar cheann
de na seomraí oibre sa scoil. D’fhéadfadh grúpaí seisear
cuairt a thabhairt ar an seomra ealaíne, adhmadóireachta,
eolaíochta nó mar sin de.
Coinnigh taifead ar an gcruinniú. Roghnaigh formáid ar
bith amhail taifead curtha in eagar ar théip nó ar fhístéip,
colláis de ghrianghraif nó de léaráidí, tuairisc de bhéal nó
tras-scríbhinn ar an agallamh.
GNÍOMHAÍOCHT 4.A, Leathanach 58 CUR I LÁTHAIR GEARR
GNÍOMHAÍOCHTAÍ AONAD 4Aonad 4, Cuid 2, Timpeallacht Oibre
Áirítear i measc coinníollacha san ionad oibre:
A. Teas
B. Solas
C. Torann
D. Aerú
E. Trealamh cosanta pearsanta
Roghnaigh na freagraí cearta.
Sraith Thapa
Ceisteanna
GNÍOMHAÍOCHTAÍ AONAD 4Aonad 4, Cuid 3 Sláinte agus folláine san ionad oibre
nua
Smaoinigh ar na ceisteanna seo a leanas:
C.1 Céard is cúis le strus?
C.2 Céard is féidir le duine a dhéanamh chun na
leibhéil struis ina shaol a laghdú?
C.3 Céard is féidir le fostóirí a dhéanamh chun an
strus ag an obair a laghdú?
C.1 Cé na cineálacha brú a d’fhéadfadh a bheith ag baint
le torthaí dearfacha agus diúltacha?
C.2 An bhfuil tábhacht leis an gcineál pearsantachta?
C.3 An bhfuil tábhacht leis an suíomh?
C.4 An bhfuil tábhacht le haois agus/nó inscne?
GNÍOMHAÍOCHT 4.B, Leathanach 62 PLÉ RANGA
GNÍOMHAÍOCHT 4.C, Leathanach 62 PLÉ RANGA
Tráth na gCeist Gasta, Leathanach 60
AO
NA
D 4
RÓ
IL, T
ASC
AN
NA
AG
US
TUSA
GNÍOMHAÍOCHT 4.E, Leathanach 62CUR I LÁTHAIR GEARR
Ullmhaigh cur láthair ar CHEANN AMHÁIN de na guaiseacha seo a leanas san ionad oibre:
Torann iomarcachSoilsiú lagStrusDrochbhainistí
D’fhéadfá cur i láthair a dhéanamh i gceann
de na formáidí seo a leanas:
n togra scríofa n póstaer n saothar drámaíochta n pictiúr nó saothar ealaíne n colláis n físeán n mír raidió.
Nóta don mhúinteoir: is é atá i gceist le bainistí san ionad oibre an t-ionad oibre a choinneáil néata
ionas nach dtarlódh timpistí. I measc samplaí den bhainistí, áirítear bealaí siúil a choimeád glan, gan
seoláin shraoilleacha a bheith ann, gan carn ró-ard a dhéanamh d’earraí, uirlisí agus/nó trealamh cosanta
pearsanta a chur ar ais san áit cheart nuair nach bhfuil siad in úsáid, agus limistéir stórála eagraithe.
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
58
GNÍOMHAÍOCHT 4.F, Leathanach 63RANSÚ SMAOINTE
GNÍOMHAÍOCHT 4.D, Leathanach 62
I mBEIRTEANNALe dalta eile, pléigh gach ceann de na hábhair seo a leanas a bhaineann le bulaíocht:
n bealaí ina bhféadfadh oibrí a mheas go bhfuil bulaíocht á
déanamh air/uirthi san ionad oibre
n cé air a dtéann bulaíocht i bhfeidhm?
n cén fáth a dtarlaíonn bulaíocht?
n cén fáth ar fadhb thromchúiseach é?
n céard is féidir le fostaí agus le fostóir a dhéanamh chun
deireadh a chur leis an riosca bulaíochta san ionad oibre?
n cé eile a d’fhéadfadh cabhrú chun deireadh a chur leis an
nguais sin?
n an bhfuil difríocht idir an bhulaíocht ar scoil agus an
bhulaíocht san ionad oibre?
1. Déan plé ar an ról a d’fhéadfadh a bheith ag gach ceann díobh seo a leanas maidir le folláine dhearfach a spreagadh i measc oibrithe:
fostóir scoil tuismitheoirí céile / páirtí rialtas comhghleacaí ón obair cara fostaí ceardchumann
2. Cén tuiscint atá agat ar na téarmaí seo a leanas:
féinmhuinín / féinmheas / féin-íomhá
3. Déan ransú smaointe ar choincheap na cothromaíochta oibre is saoil.
I ngrúpaí de CHEATHRAR, smaoinigh ar conas a chuireann
gach ceann díobh seo a leanas le dea-bhraistint an duine.
Ansin liostaigh na deich dtoisc IS TÁBHACHTAÍ ón liosta,
dar leis an ngrúpa, chun dea-bhraistint a chinneadh. An
mbeadh liosta éagsúil ag duine níos sine, dar leat?
Spórt, Gníomhaíocht Fhisiciúil, Obair, Ceol, Pobal, Ionbhá, Saibhreas, Saoirse chun roghanna a dhéanamh, Caidrimh, Creideamh Reiligiúnach, Glacadh leis an éagsúlacht, Riail agus Reacht éifeachtach, Tacaíocht, Cothú maith, Acmhainní sóisialta cearta, Deacrachtaí foghlama a thuiscint, Ceart Vótála.
GNÍOMHAÍOCHT 4.G, Leathanach 63I nGRÚPAÍ
AO
NA
D 4
RÓ
IL, T
ASC
AN
NA
AG
US
TUSA
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
59
GNÍOMHAÍOCHT 4.H, Leathanach 63I nGRÚPAÍ
Sna grúpaí céanna de CHEATHRAR, smaoinigh ar conas a
d’fhéadfadh gach ceann de na nithe seo a leanas tionchar
diúltach a imirt ar dhea-bhraistint an duine. Ansin, déan
iarracht na deich dtoisc IS MÓ, dar leis an ngrúpa, a imríonn
tionchar diúltach ar dhea-bhraistint a chothú.
Bulaíocht, Steiréitíopáil, Foréigean Baile, Piarbhrú, Deacrachtaí Foghlama, Ábharachas, Neamhoird Itheacháin, Dífhostaíocht, Alcól, Cliseadh an Teaghlaigh, Strus, Bochtaineacht Choibhneasta, Leibhéal íseal oideachais, Caidrimh, Bás, Andúil
GNÍOMHAÍOCHT 4.I, Leathanach 64CLEACHTADH DO DHALTAÍ AONAIR
DÉAN ‘ROTH SAOIL’.Tabhair faoi deara: Tá roth an tsaoil roinnte in 8 mír
atá tábhachtach duit i do shaol. Glac roinnt ama chun
machnamh a dhéanamh ar gach mír díobh. Ansin, tabhair
ráta ar do leibhéal sástachta i leith gach míre (glac leis go
bhfuil lár an rotha cothrom le 0 agus go bhfuil an t-imeall
lasmuigh cothrom le 10). Ná déan dearmad gurb é an aidhm
atá le roth an tsaoil sonas agus cothromaíocht a aimsiú i do
shaol.
GNÍOMHAÍOCHT 4.J, Leathanach 65
PLÉ RANGA
Níos luaithe, phléamar an tábhacht a bhaineann le dea-bhraistint fostaí. Is mó timpistí a tharlaíonn nuair a bhaintear an
bonn den dea-bhraistint sin. Smaoinigh ar bhealaí (rialuithe) a d’fhéadfadh dea-bhraistint a spreagadh le haghaidh gach
ceann de na hoibrithe seo a leanas:
oibrí ar líne tháirgeachta garda nua-oilte
cúntóir cúram leanaí freastalaí i mbialann ghnóthach
Roth saoil
AO
NA
D 4
RÓ
IL, T
ASC
AN
NA
AG
US
TUSA
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
60
Sa ghníomhaíocht seo, oibríonn tú i ngrúpaí de cheathrar. Ní mór teacht ar fhreagra comhaontaithe ar na cásanna a gcuirtear síos orthu, ansin tabharfaidh duine agaibh tuairisc don rang. Léigh gach ceann de na cásanna seo a leanas. Ainmnigh an droch-chleachtas agus abair cén fáth gur droch-chleachtas atá ann. Tabhair tuairim ar an duine a ghníomhaíonn go freagrach agus ar an duine a ghníomhaíonn go mífhreagrach. Conas ba cheart an cás a láimhseáil?
Cás 1Cuireann fostaí in iúl dá maoirseoir go bhfuil sreanga
nochta ar chúl an mhicreathonnáin sa chistin foirne. Ní
dhéanann an maoirseoir é sin a chur in iúl don bhainisteoir.
Dhá lá ina dhiaidh sin, tugtar turraing leictreach d’fhostaí
eile agus an micreathonnán in úsáid aige.
Cás 2Cuireann fostaí in iúl dá shaoiste go bhfuil dromchla
sciorrach ar na céimeanna go dtí an seomra stórais.
Is dócha gurb iad tíleanna ídithe ar an urlár is cúis leis.
Bogann an fostóir an fostaí chuig tasc eile i limistéar eile
den mhonarcha. Ní réitíonn an fostóir an fhadhb.
Cás 3Iarrtar ort bosca ina bhfuil “roinnt ábhair glanta” a bhailiú
ón seomra stórais thíos staighre. Deirtear leat go bhfuil na
coimeádáin i mboscaí gan mharcáil, ‘áit éigin’ ar cheann
de na seilfeanna is airde. Le stró mór, éiríonn leat na boscaí
a aimsiú, agus tugann tú ar ais go dtí an oifig iad.
Cás 4Is dalta thú atá ar thaithí oibre i siopa mór crua-earraí.
Iarrtar ort moirtéal stroighin-bhunaithe a mheascadh chun
cabhrú le balla a dheisiú sa limistéar stórála lasmuigh.
Cé go bhfaca tú é sin á dhéanamh go minic agus gur
chabhraigh tú le d’athair moirtéal a mheascadh roinnt
blianta ó shin, níl tú cinnte maidir leis an gcleachtas is
sábháilte. Go háirithe, ní thuigeann tú na lipéid ar thaobh
an mhála stroighne.
Cás 5Tá tú ag obair in óstán gnóthach. Feiceann tú go bhfuil an
fáilteoir, atá ag obair ar conradh sealadach, ag láimhseáil
go leor glaonna gutháin mar aon le daoine a sheiceáil
isteach is amach, agus go bhfuil sí ag déileáil le go leor
fiosrúcháin agus gearáin ghinearálta. Tá an chuma uirthi
go bhfuil sí faoi bhrú, agus tá sí an-tuirseach agus an-
choimhthíoch. Is cosúil nach bhfuil bainisteoir an óstáin
ná an maoirseoir ar an eolas maidir leis an mbrú atá ar
an bhfáilteoir. D’iarr sí ort gan aon rud a rá ar fhaitíos go
measfaí í mar neamhoiriúnach don obair mar fháilteoir. Ina
theannta sin, tá súil aici go dtabharfar conradh buan di
amach anseo. Cinneann tú fanacht i do thost agus gan
rud ar bith a rá.
Cás 6Iarrtar ar dhalta idirbhliana ar thaithí oibre i siopa trealamh
feirme dul suas ar fhorcardaitheoir chun é a bhogadh trí
mhéadar as an mbealach sula dtiocfaidh veain seachadta.
Níl an dalta oilte chun forcardaitheoir a thiomáint.
GNÍOMHAÍOCHT 4.K, Leathanach 67I nGRÚPAÍ
TRIAIL LUAIS DHEIREADH AN AONAID, Leathanach 68
C.1. Cén difríocht is mó atá idir oifigeach sábháilteachta agus ionadaí sábháilteachta?
C.2. Ainmnigh ceithre thoisc a chuireann le timpeallacht chompordach oibre.
C.3. Ainmnigh ocht ngníomhaíocht laethúla a théann chun leas fholláine an duine.
C.4. Céard is féidir le fostóir a dhéanamh chun timpeallacht oibre níos compordaí a chruthú don fhostaí?
AO
NA
D 4
RÓ
IL, T
ASC
AN
NA
AG
US
TUSA
FAISNÉIS BHREISE• www.hsa.ie
• http://www.hsa.ie/eng/Workplace_ Health/Workplace_Stress/
• Cás-staidéir ‘Work Positive’ http:// www.hsa.ie/eng/Workplace_Health/ Workplace_Stress/Work_Positive/ Case%20Studies/
• Ceistneoir ar líne ‘Work Positive’ http://www.workpositiveprofile.com/
• Iompraíocht ag an Obair agus tú féin http://www.hsa.ie/eng/Workplace_ Health/Accidents_and_Behaviour/
• Guide to the Safety, Health and Welfare at Work (General Application) Regulations 2007, Chapter 1 of Part 6 ProtectIon of Children and Young Persons http://www.hsa.ie/eng/Publications_ and_Forms/Publications/Retail/Gen_ Apps_Children_Young_Persons.pdf
• Work Related Stress - Bileog Faisnéise an Údaráis le haghaidh Fostaithe (2011) http://www.hsa.ie/eng/Publications_ and_Forms/Publications/Occupational_ Health/Work_Related_Stress_ Information_Sheet.pdf
• Cód cleachtais an Údaráis maidir le Cosc agus Réiteach na Bulaíochta ag an Obair
• Intoxicants at Work – Bileog Faisnéise de chuid an Údaráis (2011) http:// www.hsa.ie/eng/Publications_ and_Forms/Publications/Occupational_ Health/Intoxicants_at_Work_ Information_Sheet_.pdf
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
61
AO
NA
D 4
RÓ
IL, T
ASC
AN
NA
AG
US
TUSA
1 Treoirlínte do mhúinteoirí2 An teachtaireacht sábháilteachta a chur in iúl3 Tuairiscí ar thimpistí agus ar theagmhais4 Ráiteas sábháilteachta5 Comharthaí sábháilteachta6 Gníomhaíochtaí an aonaid7 Faisnéis bhreise
Ábhair an Aonaid
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
62
SÁBHÁILTEACHT A CHUR IN IÚLAONAD 5
AO
NA
D 5
SÁ
BHÁ
ILTEA
CHT
A C
HU
R IN
IÚL
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
63
TREOIRLÍNTE DO MHÚINTEOIRÍ
Sa leabhar saothair ‘Choose Safety’, tá an t-inneachar seo a leanas le fáil in Aonad 5 An tsábháilteacht a chur in iúl:
n Cuid 1 An teachtaireacht sábháilteachta a chur in iúln Cuid 2 Tuairiscí ar thimpistí agus ar theagmhaisn Cuid 3 Ráitis Sábháilteachtan Cuid 4 Comharthaí Sábháilteachta
San aonad seo, foghlaimíonn daltaí faoin tsábháilteacht a
chur in iúl. Foghlaimíonn siad faoi thimpistí agus tarluithe
contúirteacha san ionad oibre, lena n-áirítear cathain agus
conas iad sin a thuairisciú. Ba cheart go bhfoghlaimeodh
daltaí faoina thábhachtaí atá cumarsáid éifeachtach maidir
le cúrsaí sláinte agus sábháilteachta agus go bhforbróidís
feasacht ar an ngá atá le híogaireacht agus le discréid.
AONAD 5,CUID 1, AN TEACHTAIREACHT SÁBHÁILTEACHTA A CHUR IN IÚL
Ábhar imní do go leor oibrithe, go háirithe na hoibrithe sin ar thaithí oibre nó atá ag obair go páirtaimseartha, is ea aithint conas a chur in iúl don lucht bainistíochta go bhfuil riosca nua nó méadaithe san ionad oibre. Má fheiceann siad rud nach bhfuil sábháilte, ar cheart dóibh é a thuairisciú? An dtabharfar moladh dóibh nó an ndéanfar neamhshuim díobh as an ábhar imní a léiriú?
Pléitear nósanna imeachta san oiliúint ionduchtúcháin
go hiondúil, nó d’fhéadfadh oibrithe foghlaim óna
gcomhghleacaithe nó ó fhógraí san ionad oibre a léamh. Má
bhíonn amhras ann, is cleachtas maith é iarraidh ar dhuine
freagrach amhail maoirseoir nó oifigeach sábháilteachta.
Bíonn imní ar an lucht bainistíochta freisin maidir le
cúrsaí sláinte agus sábháilteachta a chur in iúl. Céard é
an bealach is fearr chun ábhair imní nua maidir le cúrsaí
sláinte agus sábháilteachta a chur in iúl don fhoireann
nó do chustaiméirí? Ar an gcaoi chéanna, ní mór don
rialtas smaoineamh go cúramach maidir leis an stíl agus
leis an mbealach ina ndéanann siad cúrsaí sláinte agus
sábháilteachta a chur in iúl. Ní mór do dhlíthe a bheith
soiléir agus sothuigthe.
Is iomaí bealach trína féidir an teachtaireacht maidir le
sláinte agus sábháilteacht san ionad oibre a chur in iúl
d’fhostóirí, d’fhostaithe, agus don phobal.
Ina measc siúd, áirítear:
n foilseacháin rialtais
n treoirlínte agus cóid chleachtais arna bhfoilsiú ag an
Údarás Sláinte agus Sábháilteachta
n fógraí sna nuachtáin, ar an raidió agus ar an teilifís
n irisleabhair ghairmiúla agus irisí ceirde
n clár fógraí san ionad oibre
n cruinnithe agus comhdhálacha ceirde
n fógraíocht lasmuigh agus póstaeir phoiblí
n cúrsaí agus lámhleabhair oiliúna
n imeachtaí urraithe ag an Údarás Sláinte agus
Sábháilteachta.
Dar ndóigh, is é an tIdirlíon an córas cumarsáide is coitianta
a úsáidtear inniu. Áit mhaith is ea suíomh gréasáin an
Údaráis Sláinte agus Sábháilteachta chun tús a chur le
cuardach maidir le ‘sláinte agus sábháilteacht’:
www.hsa.ie. Cuirtear faisnéis ríthábhachtach ar fáil i
bhformáid shimplí ar an suíomh www.simplesafety.ie.
Téigh chuig na suíomhanna sin agus féach ar an nuacht, ar
an gcomhairle agus ar na staitisticí is déanaí maidir le cúrsaí
sláinte agus sábháilteachta ag an obair.
AONAD 5SÁBHÁILTEACHT A CHUR IN IÚL
AON
AD 5
SÁB
HÁI
LTEA
CHT
A CH
UR
IN IÚ
L
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
64
Ar chríochnú an aonaid seo, ba cheart go mbeadh daltaí in ann na nithe seo a leanas a dhéanamh:
• liosta a thabhairt de bhealaí chun saincheisteanna sláinte agus sábháilteachta a chur in iúl• roinnt gnéithe den reachtaíocht maidir le sláinte agus sábháilteacht a phlé• breac-chuntas a thabhairt ar an difríocht idir timpiste agus tarlú contúirteach• úsáid na dtuairiscí ar thimpistí a léiriú• ullmhú le haghaidh cruinnithe san ionad oibre tar éis timpiste• cur síos a dhéanamh ar chuspóir ráitis sábháilteachta• measúnú riosca a dhéanamh le BeSMART, uirlis measúnaithe rioscaí ar líne www.besmart.ie• comharthaí sábháilteachta coitianta agus an chiall atá leo a shainaithint
AONAD 5, CUID 2 TUAIRISCÍ AR THIMPISTÍ AGUS AR THEAGMHAISTá sé tábhachtach go ndéantar timpistí san ionad oibre
a thuairisciú agus a thaifeadadh d’fhonn timpistí eile a
chosc. Is féidir timpistí cosúla a sheachaint agus is féidir
athbhreithniú agus feabhas a chur ar chórais de réir mar
is cuí. I gCuid 2, féachtar ar thimpistí agus ar tharluithe
contúirteacha a thuairisciú don Údarás Sláinte agus
Sábháilteachta. Ina theannta sin, féachtar ar roinnt de
na bearta a bhféadfadh Cigire ón Údarás Sláinte agus
Sábháilteachta iad a ghlacadh ionas nach dtarlódh timpistí
– féach leathanach 74 den leabhar do dhaltaí.
AONAD 5, CUID 3, RÁITEAS SÁBHÁILTEACHTACuimsítear cur síos gairid ar an Ráiteas Sábháilteachta agus
ar a chuspóir ar leathanach 77 den leabhar do dhaltaí.
Déantar trácht eile anseo ar na coincheapa ‘guais’, ‘riosca’ agus ‘rialú’ ó Aonad 2.
D’fhéadfadh sé tarlú nach bhfeicfeadh daltaí ráiteas
sábháilteachta i gcónaí agus iad ag tosú amach ag obair.
Uaireanta tugtar ‘beart sábháilteachta’ air in ionaid oibre
áirithe. Tá sé de dhualgas ar an bhfostóir a áirithiú go bhfuil
ráiteas sábháilteachta chun dáta i bhfeidhm agus, níos
tábhachtaí, go gcloítear leis.
AONAD 5, CUID COMHARTHAÍ SÁBHÁILTEACHTASoláthraítear faisnéis maidir le sábháilteacht nó sláinte ar
chomhartha sábháilteachta, agus d’fhéadfadh na nithe
seo a leanas a bheith i gceist leis:
• clár comharthaí
• dath
• comhartha fuaimiúil
• cumarsáid bhriathartha
• comhartha láimhe.
Comhartha is ea clár comharthaí ar a soláthraítear faisnéis
nó treoracha trí mheascán de chruth, de dhath agus de
shiombailí, ach ní sholáthraítear faisnéis i scríbhinn.
Ní ceart focail scríofa a úsáid más léir an chiall
ó phicteagram nó ó shiombail leis féin. Más gá míniú a
thabhairt i bhfocail (mar shampla, dá mbeadh amhras ann
maidir le ciall siombaile), is ceart clár comharthaí forlíontach
a sholáthar leis na focail chuí. Is féidir an clár comharthaí
forlíontach sin a chrochadh ar an “iompróir” céanna.
Tá tábla úsáideach le fáil ar leathanach 79 agus 80 den
leabhar do dhaltaí maidir le faisnéis ar chomharthaí
sábháilteachta, lena n-áirítear cineálacha comharthaí, brí
agus faisnéis, mar aon le sampla de gach cineál.
Cabhróidh sé le daltaí dul i dtaithí leis an ábhar sin mar tá
comharthaí sábháilteachta le fáil i bhformhór na n-ionad
oibre. Tá roinnt ‘fíricí gasta’ le fáil ar leathanach 80 maidir
le comharthaí a sholáthar agus a úsáid.
Torthaí Foghlama
Is iad seo a leanas na dathanna agus na cruthanna is ceart a úsáid ar chláir comharthaí sábháilteachta:
• dearg ar thoirmeasc• gorm ar ghníomhartha éigeantacha• buí ar rabhadh• glas ar ghníomh dearfach• ciorcail ar thoirmisc agus ar threoracha• triantáin ar rabhaidh• cearnóga agus dronuilleoga ar chomharthaí éigeandála agus faisnéise.
AO
NA
D 5
SÁ
BHÁ
ILTEA
CHT
A C
HU
R IN
IÚL
PLEANANNA CEACHTA MOLTA1. Is féidir éagsúlacht mhór de ghníomhaíochtaí seomra
ranga a dhéanamh ar an topaic a léiríodh ag tús an
aonaid ‘An Teachtaireacht a Chur in Iúl’. D’fhéadfá
cinneadh go mbeadh sé oiriúnach don rang am a
chaitheamh ag féachaint ar ról na meán cumarsáide
maidir le hábhair amhail sláinte agus sábháilteacht san
ionad oibre a chur in iúl. D’fhéadfaí am a chaitheamh
chun iniúchadh a dhéanamh ar an Idirlíon agus ar
mheáin eile chun féachaint ar na bealaí is éifeachtaí
leis an tsábháilteacht ag an obair a chur chun cinn.
2. Ba cheart go mbeadh tuiscint ghinearálta ag daltaí ar
an difríocht idir timpiste agus tarlú contúirteach san
ionad oibre agus ar cathain is gá iad sin a thuairisciú
don Údarás Sláinte agus Sábháilteachta. D’fhéadfaí
am a chaitheamh freisin ag féachaint ar an ngá atá
le híogaireacht agus le discréid maidir le cúrsaí sláinte
agus sábháilteachta. Níor cheart daltaí a spreagadh
chun barúil a thabhairt go neamhaireach ar chúrsaí
sláinte agus sábháilteachta i ngnóthais nó in ionaid
oibre áitiúla ina bhféadfaí na daltaí a fhostú nó a
bhféadfaí deiseanna taithí oibre a sholáthar iontu don
scoil.
3. Is Acht fada casta é an tAcht um Shábháilteacht,
Sláinte agus Leas ag an Obair (2005). Tá treoir maidir
leis an Acht ar fáil ar www.hsa.ie. Sna sleachta i
nGníomhaíocht 5.A, caitear súil siar ar chuid de na
saincheisteanna tábhachtacha a ardaíodh roimhe seo
sa leabhar seo.
4. Tá an tuairisc ar thimpiste i nGníomhaíocht 5.B
bunaithe ar thimpiste fhíor. Tá ainmneacha bréige in
úsáid ar na daoine agus na háiteanna sa tuairisc.
5. Cuir go leor am ullmhúcháin i leataobh le haghaidh
an rólghlactha i nGníomhaíocht 5.C. Déantar go
leor den fhoghlaim san ullmhúchán sula dtarlaíonn
an cruinniú féin. Beidh neart spraoi ag baint le
cur i láthair an rólghlactha agus ar bhreithniú an
rólghlactha chéanna. Is fearr a oibríonn rólghlacadh
nuair a thuigtear na bunrialacha, nuair a thuigeann
na daltaí an ról atá le glacadh acu agus nuair a
bhíonn an múinteoir sásta ligean do shamhlaíocht na
ndaltaí ról lárnach a ghlacadh sa ghníomhaíocht.
6. Tabhair faoi deara, i nGníomhaíocht 5.G, go
bhféadfadh an príomhoide a bheith ina Oifigeach
Sábháilteachta.
7. Is féidir le daltaí taighde a dhéanamh ar an uirlis
measúnaithe riosca ar líne ‘HSA BeSMART’ atá ar fáil
ar shuíomh gréasáin an Údaráis
8. BeSMART.ie agus an méid atá foghlamtha acu a úsáid
go praiticiúil trí mheasúnú riosca ar líne a dhéanamh i
ngrúpaí maidir lena rogha ionad oibre.
9. Críochnaigh an t-aonad trí iarraidh ar dhaltaí focail
bhreise a chur lena mBunachar Focal féin nó le
Bunachar Focal an ghrúpa.
10. I gcás na nGníomhaíochtaí Aonaid, ba cheart do
dhaltaí an taithí atá acu féin go dtí seo a chur san
áireamh, nó smaoineamh ar aon taithí a bhí acu
chuige sin agus na ceisteanna á bhfreagairt.
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
65
AON
AD 5
SÁB
HÁI
LTEA
CHT
A CH
UR
IN IÚ
L
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
66
GNÍOMHAÍOCHTAÍ AONAD 5Aonad 5, Cuid 1, An teachtaireacht sábháilteachta a chur in iúl
Léigh na sleachta seo a leanas ón Acht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair (2005). Smaoinigh ar an bhfáth a bhfuil siad san áireamh in Acht 2005. Cé chomh héifeachtach is atá siad, dar leat, chun rátaí timpiste a laghdú ag an obair?
GNÍOMHAÍOCHT 5.A, Leathanach 72
PLÉ RANGA
Sliocht A: ‘cuimsíonn dualgas fostóra: ... gníomhaíochtaí oibre a bhainistiú agus a chur i gcrích ar bhealach a choiscfeadh iompraíocht mhíchuí ar bith a d'fhéadfadh sábháilteacht, sláinte nó leas a f(h)ostaithe ag an obair a chur i mbaol.... pleananna agus nósanna imeachta imleora atá le bheith leanta, agus bearta atá le bheith déanta i gcás éigeandála nó dainséir thromchúisigh, nó dainséir atá ar tí a bheith ann a ullmhú agus a athmheas.... timpistí agus tarluithe contúirteacha a thuairisciú.’ Alt 8 d'Acht 2005
Pléigh cén duine/cé na daoine a mbeadh ar fhostóir cumarsáid a dhéanamh leo i gcur i gcrích na ndualgas seo.
Sliocht B: ‘Cinnteoidh gach fostóir ... go gcuirfear treoir, oiliúint agus maoirseacht ar fáil i bhfoirm, bealach agus friotal ar dócha go réasúnta go dtuigfidh an fostaí iad.’Alt 10 d'Acht 2005
Pléigh na bealaí éagsúla inar féidir le fostóir treoir, oiliúint agus maoirseacht a chur ar fáil dá f(h)ostaithe. Breithnigh na deacrachtaí a bhainfeadh leis an dualgas seo a chur i gcrích i gcuideachta mhór a fhostaíonn oibrithe a bhfuil cuid mhaith náisiúntachtaí difriúla ag baint leo.
AO
NA
D 5
SÁ
BHÁ
ILTEA
CHT
A C
HU
R IN
IÚL
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
67
Sliocht C:
Sliocht D:
‘Níl cead ag fostaí páirt a ghlacadh in iompraíocht mhíchuí nó iompraíocht eile amhail foréigean, bulaíocht nó ramhaltaíocht a d'fhéadfadh duine eile ag an obair nó a s(h)ábháilteacht, a s(h)láinte agus a leas a chur i mbaol.’Alt 13 d'Acht 2005
Déan plé ar éifeachtaí foréigin, bulaíochta nó ramhaltaíochta san ionad oibre ar dhuine. Cé na bearta is féidir le fostóir a chur i bhfeidhm chun a leithéid d'iompraíocht a chosc?
‘Aithneoidh gach fostóir na guaiseacha san ionad oibre atá faoina smacht, déanfaidh sé/sí measúnú ar na rioscaí a bhaineann leis na guaiseacha sin agus beidh measúnú scríofa ar na rioscaí ina s(h)eilbh aige/aici.’Alt 19 d'Acht 2005
Cén fáth a bhfuil an fhoráil seo san Acht? Céard is féidir a dhéanamh chun an rialúchán seo a fhorfheidhmiú? An gcomhlíonann do scoil an riachtanas seo?
Sliocht E:
Ní ghearrfaidh fostóir pionós ar fhostaí as ... gearán a dhéanamh le, nó uiríoll a chur faoi bhráid a (h)ionadaí sábháilteachta nó a f(h)ostóra nó an Údaráis (Sláinte agus Sábháilteachta) maidir le ceist ar bith a bhaineann le sábháilteacht, sláinte agus leas ag an obair.’Alt 27 d'Acht 2005
Cén fáth a bhfuil an fhoráil seo san Acht? An dóigh leat gur chiallmhar an mhaise é d'fhostóirí pionós a ghearradh nó iarracht a dhéanamh pionós a ghearradh ar oibrithe a thuairiscíonn teagmhais drochshláinte agus drochshábháilteachta ina n-ionaid oibre? An ndéanfá a leithéid de ghearán?
AON
AD 5
SÁB
HÁI
LTEA
CHT
A CH
UR
IN IÚ
L
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
68
GNÍOMHAÍOCHT 5.B, Leathanach 75
CLEACHTADH DO DHALTAÍ AONAIR
GNÍOMHAÍOCHTAÍ AONAD 5Aonad 5, Cuid 2, Tuairiscí ar thimpistí agus ar theagmhais
Léigh an tuairisc seo a leanas ar thimpiste agus freagair na ceisteanna seo a leanas:
C.1 Cár tharla an timpiste seo?
C.2 Conas a tharla an timpiste seo?C.3 Cén cóir leighis a cuireadh ar an oibrí?C.4 Arbh fhéidir an timpiste seo a sheachaint go héasca, dar leat? Mínigh do fhreagra.
Sonraí an duine ghortaithe:
Ainm: Seosamh Ó Riain Seoladh: Radharc an Chloig, Cill Mhaí Post: Oibrí feirme Dáta Breithe: 29/04/1965Inscne: Fireann Dáta / am na timpiste: 6.50 am, 12/08/2014
Déan cur síos ar an gcineál oibre a bhí ar siúl ag an duine nuair a tharla an timpiste:
Bhí Seosamh ag réiteach le féar tirim a bhurláil. Bhí burlaire á cheangal aige den ‘fhearsaid chumhachtdúiseachta’ (PTO) ar tharracóir a bhí cláraithe in 1993.
Déan cur síos ar an timpeallacht inar tharla an timpiste:
Tharla an timpiste i gclós fheirm Mháirtín Mhic Cionaoith. Maidin thirim gheal a bhí ann. Bhí cuid mhaith innealra feirme sa chlós.
Déan cur síos ar an méid a tharla ag am na timpiste:
Chuaigh léine Sheosaimh i bhfostú sa PTO, rud a bhí ar siúl ag an am. Chuaigh Seosamh i bhfostú sa PTO.
Déan cur síos ar na gortuithe a tharla dó:
Gortaíodh Seosamh go dona. Gearradh scráibeacha troma ar a bhrollach. Bhí a sciathán clé i bhfostú go daingean san innealra agus baineadh seo dá chorp ina dhiaidh sin.
Déan cur síos ar an gcúnamh láithreach a tugadh don duine gortaithe:
Ó ba rud é go raibh Seosamh ag obair ina aonar, ní bhfuair sé cúnamh go dtí gur chuala an t-úinéir, an tUas Mac Cionaoith, é ag glaoch ar chabhair. Mhúch an tUas. Mac Cionaoith an tarracóir. Ó ba rud é nach raibh ag éirí leis an tUas. Ó Riain a shaoradh, chuir sé fios ar otharcharr. Tháinig sé seo tríocha nóiméad ina dhiaidh sin. D'éirigh le hoibrithe leighis Seosamh a bhaint den innealra. Tógadh é go dtí Ospidéal Lúcáis, áit atá trí mhíle is fiche ón bhfeirm.
Tabhair breac-chuntas ar na hiarmhairtí:
Marfach: ní hea Cuireadh fios ar otharcharr / dochtúir: cuireadh Ar tugadh go dtí an t-ospidéal é: tugadh
Tréimhse neamhláithreachta ó obair:
Tá Seosamh ar saoire bhreoiteachta go fóill. Níl cinneadh déanta an mbeidh sé in ann filleadh ar obair feirme
Sonraí an fhógróra: Máirtín Mac Cionaoith Cineál / ainm an ghnó: feirm
Dáta an lae inniu: 15/08/2014
FÓGRA TIMPISTE
AO
NA
D 5
SÁ
BHÁ
ILTEA
CHT
A C
HU
R IN
IÚL
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
69
Iarrtar ort páirt a ghlacadh i rólghlacadh sa ghníomhaíocht
seo. Léigh an cuntas thíos ar eachtra a tharla agus ar shonraí
na páirte a bhí ag do charachtar ann. De bharr dhálaí na
heachtra agus na n-imeachtaí ina diaidh, tá cruinniú á
reáchtáil idir an lucht bainistíochta agus an t-oibrí i gceist.
Agus páirt do charachtair á glacadh agat, ní mór duit do
smaointe a ullmhú roimh an gcruinniú. Ansin, déanfaidh tú
an rólghlacadh den chruinniú sa rang.
Iarrfar ort ceann de na róil seo a leanas a ghlacadh:
a. Paul Walsh
b. Ger Byrne, comhghleacaí le Paul
c. Jane Brennan, stiúrthóir bainistíochta Brennan’s Design
d. Damien Browne, maoirseoir Paul ar an lá agus
bainisteoir sinsearach le Brennan’s Design.
Agus tú ag ullmhú don rólghlacadh, ba cheart duit:
n do chuid fíricí ar fad a chur in eagarn do chuid freagrachtaí maidir le sláinte agus
sábháilteacht a liostún a bheith soiléir maidir le do ról san eachtra n a bheith ag súil leis na rudaí is dócha a bheidh le rá ag
na carachtair eilen cinneadh a dhéanamh maidir lena bhfuil uait ón
gcruinniún gach rud a scríobh síos.
Nuair atá gach duine réidh, déanann gach grúpa a
rólghlacadh a chur i láthair. Féachann an chuid eile den
rang air. D’fhéadfaí plé ranga a dhéanamh ina dhiaidh.
Féach ar BeSMART.ie – Uirlis leictreonach bainistithe
sábháilteachta agus measúnaithe rioscaí do ghnóthais
(Business electronic safety management and risk
assessment tool).
Céard í an uirlis sin agus conas a chabhróidh sí le gnóthais
bheaga? Céard iad na buntáistí a bhaineann le huirlisí ar
líne amhail BeSMART dóibh seo a leanas:
(a) daoine aonair?(b) gnóthais?
GNÍOMHAÍOCHT 5.C, Leathanach 76
RÓLGHLACADH
GNÍOMHAÍOCHT 5.D, Leathanach 76
PLÉ RANGA
Is péintéir printísigh é Pól Breathnach atá ag obair do Dhearadh Uí Bhraonáin. Conraíodh an chuideachta chun bloc cuideachta mhór chógaisíochta darb ainm DCC a athmhaisiú. Ar na cúraimí a bhí ar Phól, bhí air soithí péinte 10 lítear a iompar ó veain na cuideachta taobh amuigh den fhoirgneamh. Bhí ar Phól staighre a dhreapadh agus dul trí 'limistéar glan' inar tharla céim ríthábhachtach den phróiseas déantúsaíochta drugaí chun seo a dhéanamh. Caithfidh gach duine a théann isteach sa limistéar seo éadaí iomlána cosanta pearsanta a chaitheamh, cumhdaigh bhróige san áireamh.
Ar lá na timpiste, bhí dhá shoitheach 10 lítear ar iompar ag Pól agus é ag dreapadh an staighre. Soitheach amháin in aghaidh na gualainne a bhí ar iompar aige. Bhí na héadaí cosanta riachtanacha go léir á gcaitheamh aige. Thuisligh Pól ar cheann amháin de na céimeanna agus thit sé. Gortaíodh a ghlúin go dona agus tá sé thíos le pian droma ghéar ó shin i leith.Níor chuir Dearadh Uí Bhraonáin oiliúint ar bith ar Phól ar an gcaoi le hualaí móra a iompar, agus níor chuir DCC oiliúint ar bith air ar obair a dhéanamh agus éadaí cosanta ort.
Cur síos ar an teagmhas
AON
AD 5
SÁB
HÁI
LTEA
CHT
A CH
UR
IN IÚ
L
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
70
GNÍOMHAÍOCHTAÍ AONAD 5Aonad 5, Cuid 3, Ráiteas Sábháilteachta
GNÍOMHAÍOCHTAÍ AONAD 5Aonad 5, Cuid 4, Comharthaí Sábháilteachta
GNÍOMHAÍOCHT 5.H, Leathanach 80
CLEACHTADH DO DHALTAÍ AONAIR
C1. Céard é an difríocht idir comharthaí dearga, gorma
agus buí, agus cathain a úsáidtear iad sin?
C2. Cathain a d’úsáidfí ciorcail, triantáin, agus cearnóga
ar chlár comharthaí agus tabhair sampla de gach
ceann?
nua
GNÍOMHAÍOCHT 5.F, Leathanach 78
CUR I LÁTHAIR GEARRPóstaer Sláinte agus Sábháilteachta
GNÍOMHAÍOCHT 5.G, Leathanach 78
CUR I LÁTHAIR GEARRCóras Sláinte agus Sábháilteachta na Scoile
GNÍOMHAÍOCHT 5.E, Leathanach 78
CUR I LÁTHAIR GEARRCEISTNEOIR
Agus sibh i ngrúpaí ceathrair, ullmhaigh ceistneoir gearr is féidir a úsáid chun leibhéil na feasachta agus na rialúchán sláinte agus sábháilteachta atá i bhfiontar beag áitiúil AR BITH atá roghnaithe agaibh féin a imscrúdú.
Dear póstaer a chuireann ceachtar díobh seo a leanas chun cinn:
Folláine dhearfachnóTeidlíocht oibrithe óga timpeallacht oibre shábháilte a bheith acu
Tabhair cuireadh d'Oifigeach Sábháilteachta nó Ionadaí Sábháilteachta na scoile labhairt leis an rang faoin gCóras Sláinte agus Sábháilteachta a oibrítear i do scoil.
Ullmhaigh sraith ceisteanna roimh an gcaint. Seans gurb é an cur chuige is fearr ná na ceisteanna seo a thaispeáint don aoi-chainteoir roimh an gcaint.
AO
NA
D 5
SÁ
BHÁ
ILTEA
CHT
A C
HU
R IN
IÚL
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
71
FAISNÉIS BHREISE• www.hsa.ie
• Timpistí agus tarluithe contúirteacha a thuairisciú: http://www.hsa.ie/eng/ Topics/Accident_and_Dangerous_ Occurrence_Reporting/
• BeSMART.ie
DEIREADH AONAD 1: TRIAIL LUAIS, Leathanach 81
C1. Liostaigh ceithre cheanglas den Acht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair, 2005.
C2. Cén áit a bhféadfaí ráiteas sábháilteachta a aimsiú?
C3. Céard é an phríomhdhifríocht idir timpiste agus tarlú contúirteach?
C4. Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach timpistí a thuairisciú?
C5. Céard dó a seasann na dathanna dearg, gorm, buí, agus glas ar chlár comharthaí?
AON
AD 5
SÁB
HÁI
LTEA
CHT
A CH
UR
IN IÚ
L
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
5
AO
NA
D 5
AN
TSÁ
BHÁ
ILTEA
CHT
A C
HU
R IN
IÚL
1 Treoirlínte do mhúinteoirí2 Cás-staidéir3 Mórthasc4 Gníomhaíochtaí an aonaid5 Faisnéis bhreise
Ábhair an Aonaid
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
72
BREATHNÚ SIARAONAD 6
AO
NA
D 6
BRE
ATH
NÚ
SIA
R
TREOIRLÍNTE DO MHÚINTEOIRÍSa leabhar saothair ‘Choose Safety’, tá an t-inneachar seo a leanas le fáil in Aonad 6 Breathnú Siar:
n Cuid 1 Cás-staidéirn Cuid 2 Mórthasc
Tá sé mar aidhm leis an aonad deiridh seo ligean do
dhaltaí an t-eolas agus na scileanna a fuair siad ar an
gcúrsa seo a chur i bhfeidhm. Is samplaí iad na cás-staidéir
de na cineálacha timpistí nó de na cásanna ón saol mar
atá a tharla roimhe sin. Athraíodh roinnt de na sonraí ar
chúiseanna rúndachta. Roghnaigh na cás-staidéir sin atá oiriúnach, dar leat, do leibhéal na ndaltaí atá agat.
Soláthraítear faisnéis staitistiúil maidir le gortuithe neamh-
mharfacha de réir neamhláithreachta ón obair (2013),
agus de réir timpeallacht oibre (leathanach 83 agus 84
den leabhar do dhaltaí). Ba cheart do dhaltaí anailís a
dhéanamh ar na staitisticí sin agus dul chuig suíomh
gréasáin an Údaráis Sláinte agus Sábháilteachta chun a
n-eolas a fhorbairt ar thimpistí san ionad oibre agus ar
straitéisí chun timpistí a chosc.
I nGníomhaíocht 6.C, soláthraítear sonraí ar na gortuithe
neamh-mharfacha a tuairiscíodh in 2012 agus in 2013,
agus i nGníomhaíocht 6.D soláthraítear sonraí ar an líon
básanna (oibrithe agus daoine nárbh oibrithe iad) de réir
banda aoise a tuairiscíodh in 2013. Áirítear cairt spéisiúil
ar na hearnálacha oibre is guaisí ar leathanach 87 freisin.
Críochnaítear Cuid 2 leis an Mórthasc roghnach.
PLEANANNA CEACHTA MOLTA1. Is é Cás Uimh. 1 i nGníomhaíocht 6.A, Timpistí
Marfacha (leathanach 85 den leabhar do dhaltaí) an
t-aon chás amháin nach bhfuil curtha in oiriúint ó
chartlann na dtimpistí marfacha a tuairiscíodh don
Údarás. Mar sin féin, is cás an-inchreidte é agus rud a
tharlaíonn go coitianta. Athraíodh roinnt sonraí de na
naoi gcás eile. Spreag plé forleathan ar gach ceann
de na cásanna. Déan iarracht gan ligean do dhaltaí
díriú an iomarca ar an gcúiteamh a bronnadh i ngach
cás. D’fhéadfadh béim dá leithéid an teachtaireacht a
chur as riocht.
2. Tá formhór na gcásanna i 6.B (leathanach 86 den
leabhar do dhaltaí) bunaithe ar thuairiscí fíora.
Is í Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) a
fhostaíonn cúramóirí gairmiúla go príomha agus
áirítear leo cúntóirí baile, altraí sláinte poiblí agus
teiripeoirí gairme a chuireann seirbhís cúraim ar
fáil sa bhaile. Cuimsítear le cúramóirí eile cúramóirí
teaghlaigh a thugann aire do dhuine muinteartha leo
atá tinn nó ar éagumas.
3. Cuir neart ama i leataobh do dhaltaí taighde agus
pleanáil a dhéanamh don díospóireacht foirne in 6.F
(leathanach 89 den leabhar do dhaltaí). Ba cheart
go léireoidís tuiscint mhaith ar na saincheisteanna a
ardaíodh mar aon le fianaise ar roinnt taighde.
4. Cleachtadh roghnach is ea an Mórthasc deiridh. Is féidir é a chur in oiriúint chun
freastal ar chumais na ndaltaí atá agat. Téigh i
gcomhairle le Comhordaitheoir an Chláir i do
scoil féachaint an bhféadfaí tasc dá leithéid a
úsáid mar chuid de na riachtanais chúrsa don
Ardteistiméireacht Fheidhmeach nó do Ghairmchlár
na hArdteistiméireachta.
AONAD 6BREATHNÚ SIAR
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
73
AO
NA
D 6
BRE
ATH
NÚ
SIA
R
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
74
GNÍOMHAÍOCHTAÍ AONAD 6Aonad 6, Cuid 1, Cás-staidéir
GNÍOMHAÍOCHT 6.A, Leathanach 85I nGRÚPAÍ
Léigh na cás-staidéir seo maidir le timpistí marfacha agus freagair na ceisteanna ina ndiaidh:
6. Tá sé riachtanach ceann amháin de na Mórthascanna
a chríochnú chun go mbronnfaí Deimhniú le Gradam agus/nó an Suaitheantas Digiteach le Gradam. I dteannta an riachtanais sin, ní mór
fianaise a léiriú gur ghlac an dalta páirt réasúnach i
bhformhór na gcodanna eile den chlár Choose Safety.
Fuair garraíodóir bás de bharr turraing leictreach mharfach tar éis citeal uisce a chur ar siúl. Bhí an citeal cúig bliana d’aois agus níor úsáideadh é le tamall roimhe sin mar bhí téitheoir leictreach uisce in úsáid. Mar sin féin, theip ar an téitheoir uisce go gairid roimhe sin agus bhí sé á dheisiú. Mar thoradh air sin, bhain an t-oibrí úsáid as an seanchiteal. In iniúchadh a rinneadh tar éis na timpiste, léiríodh nach raibh an tsreang thalmhaithe ceangailte leis an teirminéal sa phluga. Bhí an tsreang thalmhaithe agus an tsreang bheo i dteagmháil le chéile, agus ba é sin ba chúis leis an timpiste.
Fuair fostaí i gcuideachta A bás nuair a thit burla cornaí cruach de leantóir leoraí. Bhí sí ag iarraidh an t-ualach a dhaingniú le leantóir mór nuair a tharla an timpiste.
Fuair fostaí i gcuideachta B bás de bharr gortuithe tromchúiseacha don chloigeann a fuair sé nuair a buaileadh é le hionramhálaí teileascópach a bhí in úsáid chun cloch mhór a chur ar bhalla tí.
Fuair fostaí i gcuideachtaí C bás mar gheall ar leictreamharú nuair a bhí an barr á bhaint de chrainn aige gar do línte cumhachta beo 20,000 volta.
Fuair fostaí bás nuair a d’iompar dumpaire 9 dtonna a bhí a thiomáint aige agus cuireadh i bhfostú é thíos faoi.
Fuair fostaí i gcuideachta D bás nuair a thit sé de chláir ar bharr balla laindéil inmheánaigh de theach aon stóir a bhí á thógáil. Thit sé mar gheall ar thrusanna dín a thit, amhail domanónna, sular daingníodh iad. Ní raibh aon chosaint ar thitim in úsáid.
Shiúil oibrí feirme isteach i limistéar ina raibh sciodar á shuaitheadh. Tar éis dó aon anáil amháin den ghás sciodair a ghlacadh, thit sé i laige agus fuair sé bás.
Fuair dalta a bhí ag obair go páirtaimseartha le cuideachta F bás mar gheall ar leictreamharú. Tharla an timpiste agus sadhlas á bhaint ag an dalta. Bhí sé ag iarraidh dreapadh suas ar an mbuainteoir (a bhí á thiomáint ag an bhfostóir) nuair a bhí an buainteoir ag dul faoi línte ardvoltais.
Fuair fostaí i gcuideachta H bás mar gheall ar leictreamharú agus gáitéar alúmanaim á chur aige ar theach nua dhá stór. Nuair a bhí píosa den gháitéar a bhí 15 mhéadar ar fhad á ionramháil, rinne an gháitéar teagmháil le líne chumhachta 10,000 volta.
Bhí oibrí cothabhála ag glanadh gáitéir ar theach dhá stór nuair a shleamhnaigh an dréimire ar a raibh sé ina sheasamh. Thit an t-oibrí go talamh, agus rinneadh gortuithe báis dó.5
6
7
8
9
1
2
3
4
10
TIMPISTÍ MARFACHA
C. 1 Tá ceann amháin de na cás-staidéir thuas nach cuntas fíor é ar eachtra fhíor. Cén ceann é féin?
C.2 I ngach cás, pléigh príomhchúis na timpiste agus na bearta rialaithe ciallmhara a d’fhéadfaí a bheith curtha i bhfeidhm roimh ré.
C.3 Cén foras ar a bhféadfadh fostóir achomharc a dhéanamh i gcoinne fíneála nó pianbhreith phríosúnachta?
C.4 Cé na ceachtanna ginearálta atá le foghlaim tar éis na cásanna thuas a chur faoi chaibidil?
AO
NA
D 6
BRE
ATH
NÚ
SIA
R
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
75
GNÍOMHAÍOCHT 6.B, Leathanach 86PLÉ RANGA
Léigh na cás-staidéir seo maidir le timpistí neamh-mharfacha agus freagair na ceisteanna ina ndiaidh:
Gortaíodh fostaí i gcuideachta X nuair a bhí scrúdú á dhéanamh aici ar ghléas nach raibh ag feidhmiú i gceart. Bascadh a géag láimhe go dona toisc gur múchadh an trealamh cosanta leictrimheicniúla thart timpeall ar an ngléas.
Gortaíodh duine den phobal nuair a thit scafall ar phríomhshráid ghnóthach. Bhí an scafall á bhaint dá chéile ag an am.
Fostaíodh conraitheoir chun díon miotail rocaigh a bhaint ó áitreabh chuideachta Y. Nochtadh fostaí den chonraitheoir d’iarmhír aispeiste sna painéil ón díon. Bhí úinéir na cuideachta ar an eolas gur dhócha go mbeadh aispeist sa díon, ach níor chuir an t-úinéir an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig an gconraitheoir.
Gortaíodh printíseach go dona tar éis dó titim trí dhíon peirspéacs rocaigh ar sheid feirme.
Fágadh fostaí gan lúth na ngéag nuair a bascadh é le dumpaire a bhí á thiomáint aige. Thit an dumpaire i ndiaidh a mhullaigh ar fhána géar.
Teascadh ceithre mhéar dá lámh dheas d’fhostaí i gcuideachta Z nuair a bhí sábh ciorclach in úsáid aige. Ní raibh aon chosaint in úsáid ar an sábh.
Rinneadh gortú tromchúiseach do dhroim cúramóra a bhí ag tabhairt aire d’fhear ar éagumas mar thoradh ar fhear a iompar go minic óna leaba go dtí a chathaoir.
Baineadh tuisle as oibrí óstáin ar chábla folúsghlantóra agus thit sé síos staighre. Rinneadh gortú tromchúiseach dá dhroim.
1
2
3
4
5
6
7
TIMPISTÍ NEAMH-MHARFACHA
8
C. 1 Déan machnamh ar na bearta rialaithe ar cheart iad a bheith curtha i bhfeidhm i ngach ceann de na cásanna thuas.
C.2 Cén ról a bheadh ag oiliúint agus/nó maoirsiú chun na timpistí thuas a sheachaint?
C.3 Cé air a bhfuil an locht i ngach cás, dar leat?
GNÍOMHAÍOCHT 6.C, Leathanach 86
PLÉ RANGAIs iomaí timpiste san ionad oibre a d’fhéadfadh dul gan tuairisciú. Cén fáth a dtarlaíonn a leithéid, dar leat?
AO
NA
D 6
BRE
ATH
NÚ
SIA
R
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
76
0-17 18-24 25-34 35-44 45-54 55-64 65+Aoisbhanda
12
10
8
6
4
2
0
Líon
na m
bása
nna
Líon na mbásanna (idir oibrithe agus eile) a tuairiscíodh de réir aoisbhanda 2013 (HSA)
GNÍOMHAÍOCHT 6.D, Leathanach 87
PLÉ RANGAAg féachaint ar na cairteacha thíos, pléigh modhanna oiriúnacha chun faisnéis maidir le sláinte agus sábháilteacht a chur in iúl d’fhostaithe san aoisghrúpa 18-24 bliana agus d’fhostaithe san aoisghrúpa 55-64 bliana.
Smaoinigh ar fhoinsí faisnéise agus comhairle, oideachas agus oiliúint, feachtais phoiblíochta, teilifís, raidió, agus na meáin shóisialta.
AO
NA
D 6
BRE
ATH
NÚ
SIA
R
17 21
Na hearnálacha is guaisí
5 7
118
Bása
nna
Iascaireacht FoirgníochtTalmhaíocht
2013 2012 2013 2012 2013 2012
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
77
GNÍOMHAÍOCHT 6.E, Leathanach 88
SCRÍOBH LITIR CHUIG POLAITEOIRLéigh an cuntas fíor seo a leanas ar an athrú ollmhór a tháinig ar shaol fir tar éis dó titim de dhíon:
Samhlaigh gur tusa bean chéile Sheáin, nó leanbh/cara dá chuid. Scríobh litir a sheolfadh sé/sí chuig an aire atá freagrach as sláinte agus sábháilteacht ag an obair a rialáil.
AO
NA
D 6
BRE
ATH
NÚ
SIA
R
Níl obair ar bith déanta agam ó tharla timpiste dom ceithre bliana ó shin. Déanta na fírinne, tá mo shaol go
léir tar éis titim as a chéile.
Thit mé de dhíon nuair a bhí teach á thógáil agam agus bhris mé mo dhromlach in dhá áit. Rinneadh díobháil
fíocháin bhoig dom agus díobháil eile do mo ghlúin dheas chomh maith. Bhí mo rúitín casta go dona agus
scriosadh an maolaire turrainge i mo ghlúin. Dúirt gach duine liom go raibh an t-ádh dearg orm teacht slán
in aon chor. Chaith mé an chéad sé bliana eile i bhfráma dromlaigh, agus an leaba á coinneáil agam.
I ndáiríre, ba iad an dúlagar agus na taomanna scaoill an ghné ba mheasa. Cuireadh mé i mbarda síciatrach
ar deireadh.
Ar ndóigh, bhí m'ioncam imithe. Ach ní raibh mo theaghlach in ann cur suas leis an strus a bhain le
maireachtáil ar liúntas míchumais agus na taomanna scaoill athfhillteacha. Scar mé féin agus mo bhean chéile
óna chéile agus tá deacracht mhór agam labhairt go hoscailte le mo leanaí.
Blianta ina dhiaidh sin, tá na cneácha coirp leigheasta den chuid is mó anois
ach ní hionann mé agus an fear a bhí ionam san am sin go fóill.’
Seán; fear 38 bliain d'aois.
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
78
GNÍOMHAÍOCHT 6.F, Leathanach 89
DÍOSPÓIREACHT FOIRNE
Ullmhaigh díospóireacht foirne ar cheann amháin de na hábhair seo a leanas.
Uimh.1 Nach bhfuil go leor á dhéanamh ag an rialtas chun oibrithe a chosaint ar thimpistí ionad oibre.
Uimh.2 Go mbíonn na ceisteanna sláinte agus sábháilteachta go léir ag brath ar ghlacadh an duine le freagracht phearsanta.
Uimh.3 Nár chóir glacadh in aon chor le sárú na rialachán sláinte agus sábháilteachta.
Uimh.4 Gur féidir gach gortú agus breoiteacht cheirde a chosc.
Uimh.5 Gur chóir go mbeadh ceisteanna sláinte agus sábháilteachta níos mó chun tosaigh i gcuraclam na mbunscoileanna agus na meánscoileanna.
Rialacha díospóireachta
Bíonn triúr ar gach foireann. Bíonn an fhoireann ag argóint ar son nó in aghaidh an rúin. Ní mór do gach foireann na hargóintí ar fad a phlé, a phleanáil agus a ullmhú. Ansin, déantar codanna áirithe de na hargóintí sin a thabhairt do gach ball den fhoireann. Bíonn dalta amháin ina c(h)aptaen. Is é an captaen a chuireann tús le díospóireacht na foirne, agus labhraíonn sé/sí arís ag an deireadh chun achoimre a thabhairt.
Labhraíonn gach ball den fhoireann ar feadh TRÍ nóiméad. Labhraíonn an captaen arís ar feadh DHÁ nóiméad chun achoimre a thabhairt ar argóint bhunúsach na foirne.
GNÍOMHAÍOCHT 6.G, Leathanach 89
TIONSCADAL GEARR GRÚPADialann
AO
NA
D 6
BRE
ATH
NÚ
SIA
R
Scríobh cuntas samhailteach dar teideal: ‘Lá amháin de shaol...’ agus é bunaithe ar an ngnáthamh laethúil oibre a mheasann tú a bheith ag duine amháin de na hoibrithe seo a leanas. Agus an cleachtadh seo á dhéanamh agat, dírigh go hiomlán ar ghuaiseacha, rioscaí agus ceisteanna eile sláinte agus sábháilteachta a thiocfadh chun cinn go rialta i rith obair laethúil an duine.
Roghnaigh uathu seo a leanas:
gardamaoirseoir naíolainneDochtúir ginearáltacúramóirfreastalaí mnáfeirmeoiriascaire amach ón gcóstaoibrí foirgníochtagruagairetiománaí busbainisteoir seirbhísí airgeadaisbainisteoir i monarcha.
GNÍOMHAÍOCHTAÍ AONAD 6Aonad 6, Cuid 2, Mórthasc
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
79
MÓRTHASC, Leathanach 90
AO
NA
D 6
BRE
ATH
NÚ
SIA
R
Breithnigh ionad oibre ina raibh tú ag obair le déanaí nó a bhfuil tú ag obair ann faoi láthair. Scríobh tuairisc ar chleachtais sláinte agus sábháilteachta an ghnó. Ná cuir eolas pearsanta nó íogair san áireamh.
Ba chóir go gcuimseodh Cuid a haon de do thuairisc cuid nó iomlán na nithe seo a leanas:
n achoimre ar ráiteas sábháilteachta na cuideachta
n tuairisc ar eolas na cuideachta ar reachtaíocht sláinte agus sábháilteachta
n breithniú na hoiliúna a chuirtear ar fáil don fhoireann
n polasaí na cuideachta ar na nithe seo a leanas (más bainteach):
- Trealamh cosanta pearsanta - Tuairiscí timpiste - Nósanna imeachta aslonnaithe - Polasaí ar bhulaíocht san ionad oibre.
Ba chóir go ndéanfadh Cuid a dó de do thuairisc moltaí faoin gcaoi ar féidir sábháilteacht a fheabhsú san ionad oibre seo.
Iarr cead ráiteas sábháilteachta do scoile a fheiceáil. Scríobh anailís chriticiúil ar an ráiteas, agus é bunaithe ar chodanna a haon agus a dó de Thionscadal a hAon thuas.
Breithnigh ócáid thábhachtach i bhféilire do scoile(amhail turas idirbhliana, turas scoile, dráma ceoil scoile nó lá spóirt). Scríobh measúnú riosca le haghaidh na hócáide, agus tú ag breithniú na nguaiseacha, rioscaí agus rialúchán go léir a shamhlaíonn tú leis an ócáid.
Tá tú le freastal ar chruinniú leis an aire atá freagrach as sábháilteacht ionad oibre. Is mian leat bealaí chun sláinte agus sábháilteacht a fheabhsú do dhaoine óga ag an obair a phlé leis / léi. Ullmhaigh na nótaí a thabharfaidh tú leat ar an lá. Ba chóir go mbeadh na príomhphointí is mian leat a dhéanamh iontu, chomh maith le staidreamh agus / nó léaráidí bainteacha le tacú le d'argóint.
Dear póstaer do do scoil, rud is féidir a chur ar taispeáint in áit fheiceálach. Ba chóir go gcuirfeadh an póstaer gach úsáideoir sa scoil (daltaí, múinteoirí, tuismitheoirí, srl.) ar an eolas faoin gcleachtas is fearr agus is sábháilte nuair a bhítear ag úsáid na n-áiseanna atá ar fáil (amhail limistéir thionóil, seomraí eolaíochta, seomraí na ríomhairí, srl.). Caithfidh an póstaer a bheith faisnéiseach agus insúl araon. Más fearr leat, is féidir leat póstaer a dhearadh do GACH ceann de na príomhlimistéir i do scoil.
Iarrtar ar gach dalta ceann amháin de na tionscadail seo a leanas a chur i gcrích
Tionscadal Uimhir a hAon
Tionscadal Uimhir a Dó
Tionscadal Uimhir a Trí
Tionscadal Uimhir a Ceathair
Tionscadal Uimhir a Cúig
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
80
AO
NA
D 6
BRE
ATH
NÚ
SIA
R
Nóta don mhúinteoir:Is é/í an múinteoir a cheartóidh na Mórthascanna agus is é/í a chinnfidh an leibhéal dámhachtana le haghaidh gach dalta nó mic léinn.
Dear, ullmhaigh agus déan suirbhé ar ghrúpa bliana iomlán i do scoil. Ba chóir go bhfiosródh an suirbhé eolas na ndaltaí ar, agus a suim i gceisteanna sláinte agus sábháilteachta. Caithfidh tú graif, cairteacha agus liostaí a chur le chéile agus iad bunaithe ar do thaighde. Ba chóir go mbeadh rannán ann chomh maith ina mbeadh conclúidí a bheadh bunaithe ar an suirbhé.Seans gur mhaith leat comhoibriú agus cúnamh chomhairle daltaí agus chinnirí na scoile a lorg, nó an méid sin a lorg ón gCeann Bliana cuí.
Roghnaigh ceann ar bith de na cásanna atá curtha i láthair san aonad seo. Samhlaigh go bhfuil cás coiriúil cúirte ar siúl mar gheall ar an teagmhas. Ullmhaigh an óráid a d'fhéadfadh an t-abhcóide atá ar son na cosanta nó an ionchúisimh a thabhairt. Tá cead agat d'óráid a chur i láthair ó bhéal nó i scríbhinn.
Scríobh tuairisc ar fheachtas meán sóisialta a fhorbairt ar sciorrthaí, tuislí agus titimí. Breithnigh an méid atá foghlamtha agat i gclár ‘Choose Safety’. Úsáid eolas, cairteacha agus acmhainní staidrimh chun béim a leagan ar an bhfáth a bhfuil tábhacht leis an bhfeachtas, na hamanna is fearr leis an bhfeachtas a thosú, an sprioclucht féachana agus na meáin a úsáidfear. Scríobh postáil ghearr le haghaidh Facebook agus Twitter nó déan cur síos ar phostáil oiriúnach ar You Tube, agus cuir na sonraí seo san áireamh i do thuairisc.
Tionscadal Uimhir a Sé
Tionscadal Uimhir a Seacht
Tionscadal Uimhir a hOcht
FAISNÉIS BHREISE• HSA Summary of Workplace Injury, Illness and Fatality Statistics 2012/2013 http://www.hsa.ie/eng/Publications_ and_Forms/Publications/Corporate/ Stats_Report_2013_2012.pdf
• Health and Safety Executive (Ríocht Aontaithe) www.hse.gov.uk
• an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus um Shláinte ag an Obair: https://osha.europa.eu/en
TRIAIL LUAIS DHEIREADH AN AONAID, Leathanach 92
Choo
se S
afet
y –
Dao
ine
Óga
ag
Oba
ir
81
AO
NA
D 6
BRE
ATH
NÚ
SIA
R
Agus sibh ag obair i ngrúpaí ceathrair, tá 12 nóiméad agaibh chun nameasúnuithe riosca tapa seo a leanas a chomhlánú:
An t-ionad oibre Aonad Guaiseacha 1 Aonad Riosca 2 Aonad Rialúcháin 3
Limistéar cistine i mbialann
Seomra stórais i siopa DFÉ (DIY)
Oifig ghnóthach cuntasóirí
Gruagairí
Clós feirme
Ionad garraíodóireachta
Trálaer iascaireachta
‘Tír ina bhfuil sábháilteacht, sláinte agus leas oibrithe, chomh maith le bainistíocht shábháilte ceimiceán mar chuid ríthábhachtach d'fhiontraíocht rathúil.’
lean muid
hsalearning.ieHSA Online Courses
ww
w.h
sa.ie
An tÚdarás Sláinte agus SábháilteachtaAn Foirgneamh CathrachSráid James JoyceBaile Átha Cliath 1
T: 1890 289 389 R: [email protected] I: www.hsa.ie
ISBN 978-1-84496-204-4 HSA0426