beatha le bua - nicurriculum.org.uk · mary louise streep a bhí uirthi mar ainm sular tugadh meryl...

26

Upload: others

Post on 03-Aug-2020

0 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Page 1: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · Mary Louise Streep a bhí uirthi mar ainm sular tugadh Meryl uirthi. Ealaíontóir a bhí ina máthair agus ceimiceoir a bhí ina hathair. Bhí
Page 2: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · Mary Louise Streep a bhí uirthi mar ainm sular tugadh Meryl uirthi. Ealaíontóir a bhí ina máthair agus ceimiceoir a bhí ina hathair. Bhí

beatha le bua

JC739 CEA_Streep A5 Book (BLUE).indd 1 29/03/2012 15:10

Page 3: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · Mary Louise Streep a bhí uirthi mar ainm sular tugadh Meryl uirthi. Ealaíontóir a bhí ina máthair agus ceimiceoir a bhí ina hathair. Bhí

Pictiúr Clúdaigh © Time & Life Pictures/Getty Images.

Pictiúr le © Getty Images.

Arna tháirgeadh agus arna fhoilsiú ag CCEA.

Gach ceart ar cosaint. Ní féidir cuid ar bith den leabhar seo a athfhoilsiú i gcruth ar bith nó ar dhóigh ar bith gan cead a fháil roimh ré ó CCEA.

JC739 CEA_Streep A5 Book (BLUE).indd 2 30/03/2012 14:47

Page 4: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · Mary Louise Streep a bhí uirthi mar ainm sular tugadh Meryl uirthi. Ealaíontóir a bhí ina máthair agus ceimiceoir a bhí ina hathair. Bhí

ME

RY

L S

TR

EE

Pbeatha le bua

JC739 CEA_Streep A5 Book (BLUE).indd 3 29/03/2012 15:10

Page 5: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · Mary Louise Streep a bhí uirthi mar ainm sular tugadh Meryl uirthi. Ealaíontóir a bhí ina máthair agus ceimiceoir a bhí ina hathair. Bhí

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

4

M E R Y L S T R E E P

Is beag duine nach bhfaca Meryl Streep am éigin ar an teilifís nó sa phictiúrlann. Tá sí ar na ban-aisteoirí is aitheanta, is mó agus is fearr ar domhan. Bhí páirt aici i gcuid de na scannáin is fearr riamh. Tá cuid mhór gradam bainte aici as na páirteanna sin. D’oibrigh sí le cuid de na haisteoirí is mó atá i saol na scannán amhail Robert de Niro, Woody Allen, Robert Redford, Clint Eastwood, Goldie Hawn, Shirley MacLaine, Nicole Kidman, Uma Thurman, Pierce Brosman, Colin Firth agus go leor leor eile. Is ban-aisteoir iontach dáiríre í agus bhí an chuid is mó de na carachtair a rinne sí sna scannáin iontach dáiríre fosta. Tá ard-mheas ag daoine uirthi gan dabht agus tá go leor daoine den bharúil go bhfuil sí ar an bhan-aisteoir is fearr riamh.

JC739 CEA_Streep A5 Book (BLUE).indd 4 29/03/2012 15:10

Page 6: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · Mary Louise Streep a bhí uirthi mar ainm sular tugadh Meryl uirthi. Ealaíontóir a bhí ina máthair agus ceimiceoir a bhí ina hathair. Bhí

5

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

M E R Y L S T R E E P

© GETTY IMAGES

JC739 CEA_Streep A5 Book (BLUE).indd 5 29/03/2012 15:10

Page 7: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · Mary Louise Streep a bhí uirthi mar ainm sular tugadh Meryl uirthi. Ealaíontóir a bhí ina máthair agus ceimiceoir a bhí ina hathair. Bhí

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

6

M E R Y L S T R E E P

Cúlra

Rugadh í ar 22ú Meitheamh 1949 in New Jersey i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Mary Louise Streep a bhí uirthi mar ainm sular tugadh Meryl uirthi. Ealaíontóir a bhí ina máthair agus ceimiceoir a bhí ina hathair. Bhí beirt deartháireacha aici. Ba de mhuintir na Gearmáine sinsir a hathar a tháinig go Meiriceá mar imircigh. Bhí saol measartha compordach aici agus í ag fás aníos. Chuaigh sí ar scoil in New Jersey agus léirigh sí suim mhór sa drámaíocht go luath ina saol. Bhain sí céim amach sa drámaíocht sa bhliain 1971. Tógadh mar Phreispitéireach í ach cionn is go raibh cuid mhór cairde aici a bhí ina gCaitlicigh, ba ghnách léi freastal ar Aifreann leo go minic!

JC739 CEA_Streep A5 Book (BLUE).indd 6 29/03/2012 15:10

Page 8: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · Mary Louise Streep a bhí uirthi mar ainm sular tugadh Meryl uirthi. Ealaíontóir a bhí ina máthair agus ceimiceoir a bhí ina hathair. Bhí

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

7

M E R Y L S T R E E P

An ban-aisteoir óg

Thosaigh Meryl amach sa drámaíocht ar an stáitse i ndiaidh di teacht as Scoil na Drámaíochta in Ollscoil Yale. D’oibrigh sí in amharclanna éagsúla i Nua-Eabhrac ar dtús agus d’éirigh go maith léi ón tús. Is ag an am sin a bhain sí a céad ghradam as aisteoireacht ar stáitse. Níorbh fhada gur thosaigh sí ag cuardach páirteanna i scannáin. Ghlac sé tamall uirthi ar dtús ach fuair sí a céad pháirt sa scannán Julia i 1977. Sa bhliain 1978 fuair sí páirt sa scannán clúiteach The Deer Hunter ina raibh Robert de Nero.

JC739 CEA_Streep A5 Book (BLUE).indd 7 29/03/2012 15:10

Page 9: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · Mary Louise Streep a bhí uirthi mar ainm sular tugadh Meryl uirthi. Ealaíontóir a bhí ina máthair agus ceimiceoir a bhí ina hathair. Bhí

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

8

M E R Y L S T R E E P

Ní raibh mórán d’aithne ag daoine uirthi go dtí go bhfuair sí páirt ina dhiaidh sin sa tsraith mhór teilifíse Holocaust faoi na Giúdaigh le linn an uileloiscthe sa Ghearmáin. Bhain sí gradam as an pháirt a bhí aici sa scannán, ach níos tábhachtaí arís, chonaic na milliúin duine an tsraith seo agus chonaic siad den chéad uair gur ban-aisteoir den scoth a bhí inti.

Ghlac sí páirt in dhá scannán mhóra i 1979, mar a bhí Manhattan le Woody Allen agus Kramer v Kramer le Dustin Hoffman. Bhain sí gradaim as na páirteanna a bhí aici sna scannáin seo fosta. Bhí a clú agus a cáil ag méadú i rith an ama.

JC739 CEA_Streep A5 Book (BLUE).indd 8 29/03/2012 15:10

Page 10: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · Mary Louise Streep a bhí uirthi mar ainm sular tugadh Meryl uirthi. Ealaíontóir a bhí ina máthair agus ceimiceoir a bhí ina hathair. Bhí

M E R Y L S T R E E P

9

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

© NBC via GETTY IMAGES

JC739 CEA_Streep A5 Book (BLUE).indd 9 29/03/2012 15:10

Page 11: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · Mary Louise Streep a bhí uirthi mar ainm sular tugadh Meryl uirthi. Ealaíontóir a bhí ina máthair agus ceimiceoir a bhí ina hathair. Bhí

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

1 0

M E R Y L S T R E E P

Ag éirí go maith léi

Faoin am seo d’aithin daoine í mar bhan-aisteoir iontach dáiríre a rinne sár-iarracht i ngach rud a rinne sí. Go dtí sin, áfach, páirteanna tacaíochta a bhí aici i scannáin. Ansin, fuair sí a céad phríomhpháirt sa scannán The French Lieutenant’s Woman i 1981 le Jeremy Irons. Bhain sí gradam BAFTA as seo a dhéanamh. Rinne sí cúpla scannán go luath ina dhiaidh, ach níor éirigh chomh maith sin leo. Ach i 1982 ghlac sí an phríomhpháirt sa scannán iontach Sophie’s Choice. Scannán an-bhrónach a bhí ann agus is cosúil gur bhain sé cuid mhór aisti. Scannán eile faoin Uileloscadh sa Ghearmáin a bhí ann. Arís eile, bhain Meryl gradam agus aitheantas as an pháirt sin.

JC739 CEA_Streep A5 Book (BLUE).indd 10 29/03/2012 15:10

Page 12: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · Mary Louise Streep a bhí uirthi mar ainm sular tugadh Meryl uirthi. Ealaíontóir a bhí ina máthair agus ceimiceoir a bhí ina hathair. Bhí

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

1 1

M E R Y L S T R E E P

Lean sí léi ag glacadh páirteanna i scannáin mhóra. Bhí sí in Silkwood (scannán polaitiúil), Falling in Love (scannán rómánsúil), Out of Africa (scannán eile rómánsúil), A Cry in the Dark (scannán brónach faoi bheirt a chaill páiste óg nuair a bhí siad ag campáil san Astráil) agus She-Devil (scannán grinn). Is sa scannán She-Devil a bhain sí triail as páirt ghreannmhar a dhéanamh den chéad uair agus d’éirigh go maith léi.

JC739 CEA_Streep A5 Book (BLUE).indd 11 29/03/2012 15:10

Page 13: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · Mary Louise Streep a bhí uirthi mar ainm sular tugadh Meryl uirthi. Ealaíontóir a bhí ina máthair agus ceimiceoir a bhí ina hathair. Bhí

M E R Y L

JC739 CEA_Streep A5 Book (BLUE).indd 12 29/03/2012 15:10

Page 14: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · Mary Louise Streep a bhí uirthi mar ainm sular tugadh Meryl uirthi. Ealaíontóir a bhí ina máthair agus ceimiceoir a bhí ina hathair. Bhí

S T R E E P

© POPPERFOTO / GETTY IMAGES

JC739 CEA_Streep A5 Book (BLUE).indd 13 29/03/2012 15:10

Page 15: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · Mary Louise Streep a bhí uirthi mar ainm sular tugadh Meryl uirthi. Ealaíontóir a bhí ina máthair agus ceimiceoir a bhí ina hathair. Bhí

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

1 4

M E R Y L S T R E E P

Idir shúgradh agus dáiríre

Bhí Meryl iontach éirimiúil agus thiocfadh léi, mar bhan-aisteoir, gach cineál duine a dhéanamh, fiú na páirteanna is troime. Is minic a rinne sí scannáin ina raibh an príomhcharachtar iontach casta agus deacair. Bhí an scannán Postcards from the Edge mar sin ina raibh Denis Quaid agus Shirley MacLaine fosta. Ghlac sí páirt ban-aisteora a bhí tugtha do dhrugaí. D’éirigh sí cairdiúil leis an bhan-aisteoir ghreannmhar Goldie Hawn. Rinne siad scannán grinn le chéile darb ainm Death Becomes Her ina raibh Bruce Willis. Ba mhian léi rud éigin éadrom a dhéanamh mar athrach. D’éirigh go breá leis an scannán, ach shíl go leor daoine nár chóir di scannáin den chineál sin a dhéanamh ach cloí leis na páirteanna dáiríre. D’fhill sí ar na páirteanna dáiríre sin go luath

JC739 CEA_Streep A5 Book (BLUE).indd 14 29/03/2012 15:10

Page 16: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · Mary Louise Streep a bhí uirthi mar ainm sular tugadh Meryl uirthi. Ealaíontóir a bhí ina máthair agus ceimiceoir a bhí ina hathair. Bhí

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

1 5

M E R Y L S T R E E P

ina dhiaidh. Bhí sí i scannáin mar The Bridges of Madison County le Clint Eastwood, The River Wild le Kevin Bacon agus Marvin’s Room le Leonardo de Caprio. Don scannán Music of the Heart b’éigean di an fhidil a fhoghlaim don pháirt a bhí aici mar cheoltóir.

Na 2000í

Le linn na 2000í lean sí léi ag glacadh páirteanna i scannáin mhóra leis na haistreoirí is clúití ar domhan. Bhí a guth le cluinstin sa scannán A.I. Artificial Intelligence, rud nach ndearna sí roimhe. Ghlac sí páirt sa scannán Adaptation i 2002 agus, mar is gnách, bhain sí gradam eile – gradam an Golden Globe – den cheathrú huair. Tharla seo arís sa bhliain chéanna sa scannán The Hours ina raibh Nicole Kidman fosta. D’éirigh go mór leis an scannán chomh maith. I 2003, ghlac sí páirt i sraith eile

JC739 CEA_Streep A5 Book (BLUE).indd 15 29/03/2012 15:10

Page 17: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · Mary Louise Streep a bhí uirthi mar ainm sular tugadh Meryl uirthi. Ealaíontóir a bhí ina máthair agus ceimiceoir a bhí ina hathair. Bhí

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

1 6

M E R Y L S T R E E P

teilifíse darb ainm Angela in America ina raibh Al Pacino agus Emma Thompson. Ar ndóigh, lean na gradaim ina dhiaidh sin. I 2004, bhí sí sa scannán The Manchurian Candidate leis an aisteoir clúiteach Denzel Washington. Níor éirigh chomh maith sin leis an scannán áfach.

Ba léir go raibh dúil aici sna scannáin ghrinn agus go raibh sí iontach maith mar bhan-aisteoir grinn. Ghlac sí páirt sa scannán grinn Prime i 2005 le Uma Thurman. 1 2006, rinne sí scannán eile grinn darb ainm A Prairie Home Companion ina raibh Tommy Lee Jones, Kevin Cline agus Woody Harrelson. Ansin, i 2006 rinne sí an scannán iontach greannmhar The Devil Wears Prada faoi shaol an fhaisin. D’éirigh go hiontach leis an scannán seo agus, ar ndóigh, tháinig na duaiseanna ina dhiaidh arís. Rinne sí cúpla scannán a bhí iontach dáiríre ina dhiaidh sin arís, mar a bhí Dark Matter agus Rendition.

JC739 CEA_Streep A5 Book (BLUE).indd 16 29/03/2012 15:10

Page 18: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · Mary Louise Streep a bhí uirthi mar ainm sular tugadh Meryl uirthi. Ealaíontóir a bhí ina máthair agus ceimiceoir a bhí ina hathair. Bhí

1 7

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

M E R Y L S T R E E P

© AFP/GETTY IMAGES

JC739 CEA_Streep A5 Book (BLUE).indd 17 29/03/2012 15:10

Page 19: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · Mary Louise Streep a bhí uirthi mar ainm sular tugadh Meryl uirthi. Ealaíontóir a bhí ina máthair agus ceimiceoir a bhí ina hathair. Bhí

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

1 8

M E R Y L S T R E E P

Ach ansin i 2008, rinne sí an scannán is greannmhaire aici go dtí sin, mar a bhí Mamma Mia! ina raibh Amanda Seyfried, Pierce Brosnan agus Colin Firth fosta. Bhí an scannán seo bunaithe ar cheol an ghrúpa ABBA agus ar bhainis ar oileán Gréagach. D’éirigh tharr barr leis an scannán seo agus is iomaí uair a chluineann tú faoi dhaoine ag caint ar ‘oíche Mamma Mia’ a dhéanamh go fóill mar chóisir. Ar ndóigh, lean na gradaim.

JC739 CEA_Streep A5 Book (BLUE).indd 18 29/03/2012 15:10

Page 20: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · Mary Louise Streep a bhí uirthi mar ainm sular tugadh Meryl uirthi. Ealaíontóir a bhí ina máthair agus ceimiceoir a bhí ina hathair. Bhí

1 9

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

M E R Y L S T R E E P

© AFP/GETTY IMAGES

JC739 CEA_Streep A5 Book (BLUE).indd 19 29/03/2012 15:10

Page 21: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · Mary Louise Streep a bhí uirthi mar ainm sular tugadh Meryl uirthi. Ealaíontóir a bhí ina máthair agus ceimiceoir a bhí ina hathair. Bhí

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

2 0

M E R Y L S T R E E P

D’fhill sí ar an aisteoireacht dháiríre ansin sa scannán Doubt i 2008 ina raibh sí mar bhean rialta iontach dian. Scannán measartha conspóideach a bhí ann fosta a phléigh le téama deacra san eaglais Chaitliceach. Níorbh fhada gur fhill sí ar an ghreann arís, áfach, nuair a ghlac sí páirt sa scannán grinn It’s Compicated ina raibh Steve Martin agus Alec Baldwin. Ar na mallaibh, rinne sí scannán polaitiúil darb ainm The Iron Lady faoin Phríomh-Aire Sasanach Margaret Thatcher nuair a chuaigh sí chun cogaidh leis an Airgintín mar gheall ar na hoileáin Las Malvinas (Falklands). D’éirigh go mór leis an scannán seo agus bhain Meryl duais Oscar arís.

JC739 CEA_Streep A5 Book (BLUE).indd 20 29/03/2012 15:10

Page 22: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · Mary Louise Streep a bhí uirthi mar ainm sular tugadh Meryl uirthi. Ealaíontóir a bhí ina máthair agus ceimiceoir a bhí ina hathair. Bhí

2 1

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

M E R Y L S T R E E P

© GETTY IMAGES

JC739 CEA_Streep A5 Book (BLUE).indd 21 29/03/2012 15:10

Page 23: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · Mary Louise Streep a bhí uirthi mar ainm sular tugadh Meryl uirthi. Ealaíontóir a bhí ina máthair agus ceimiceoir a bhí ina hathair. Bhí

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

2 2

M E R Y L S T R E E P

Ómós

Dúirt Mery Streep uair amháin gur shíl sí nach raibh seans ar bith ag ban-aisteoirí páirteanna móra maithe a fháil i scannáin nuair a bheadh siad os cionn 40 d’aois. Is léir nár tharla sin di féin nó tá sí le feiceáil sna scannáin is mó go fóill agus í os cionn 60 d’aois. Léirigh sí i gcónaí go raibh sí thar a bheith éirimiúil i ngach rud a rinne sí, cé acu dáiríre nó greannmhar nó ceolmhar a bhí an pháirt aici. Ban-aisteoir den scoth a bhí inti agus atá inti go fóill i measc na sár-réaltaí is mó in Hollywood. Tá liosta mór fada gradaim bainte aici go dtí seo agus, gan dabht, beidh tuilleadh le teacht.

JC739 CEA_Streep A5 Book (BLUE).indd 22 29/03/2012 15:10

Page 24: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · Mary Louise Streep a bhí uirthi mar ainm sular tugadh Meryl uirthi. Ealaíontóir a bhí ina máthair agus ceimiceoir a bhí ina hathair. Bhí

2 3

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

M E R Y L S T R E E P

© WIREIMAGE

JC739 CEA_Streep A5 Book (BLUE).indd 23 30/03/2012 14:50

Page 25: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · Mary Louise Streep a bhí uirthi mar ainm sular tugadh Meryl uirthi. Ealaíontóir a bhí ina máthair agus ceimiceoir a bhí ina hathair. Bhí

JC739 CEA_Streep A5 Book (BLUE).indd 24 29/03/2012 15:10

Page 26: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · Mary Louise Streep a bhí uirthi mar ainm sular tugadh Meryl uirthi. Ealaíontóir a bhí ina máthair agus ceimiceoir a bhí ina hathair. Bhí