beatha le bua - nicurriculum.org.uk · teideal popstars. bhí louis walsh, atá anois le feiceáil...

22

Upload: others

Post on 22-Jul-2020

4 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Page 1: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · teideal Popstars. Bhí Louis Walsh, atá anois le feiceáil ar X Factor, mar bhreitheamh ar an chlár. Bhí Nadine go fóill ar scoil Chnoc
Page 2: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · teideal Popstars. Bhí Louis Walsh, atá anois le feiceáil ar X Factor, mar bhreitheamh ar an chlár. Bhí Nadine go fóill ar scoil Chnoc

beatha le bua

Page 3: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · teideal Popstars. Bhí Louis Walsh, atá anois le feiceáil ar X Factor, mar bhreitheamh ar an chlár. Bhí Nadine go fóill ar scoil Chnoc

Pictiúr Clúdaigh © Justin Goff/UK Press via Getty Images.

Pictiúr le © Dave Hogan/Getty Images, Justin Goff/UK Press via Getty Images, Hayley Madden/Redferns/Getty Images agus Associated Press.

Arna tháirgeadh agus arna fhoilsiú ag CCEA.

Gach ceart ar cosaint. Ní féidir cuid ar bith den leabhar seo a athfhoilsiú i gcruth ar bith nó ar dhóigh ar bith gan cead a fháil roimh ré ó CCEA.

Page 4: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · teideal Popstars. Bhí Louis Walsh, atá anois le feiceáil ar X Factor, mar bhreitheamh ar an chlár. Bhí Nadine go fóill ar scoil Chnoc

NA

DIN

E C

OYL

Ebeatha le bua

Page 5: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · teideal Popstars. Bhí Louis Walsh, atá anois le feiceáil ar X Factor, mar bhreitheamh ar an chlár. Bhí Nadine go fóill ar scoil Chnoc

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

4

Intreoir

Tá daoine ann a chaitheann blianta ag foghlaim a gceirde sula dtagann rath orthu sa deireadh. Caitheann an chuid is mó de laochra móra i saol an cheoil, an spóirt nó na scannán blianta fada ag obair go crua sula bhfaigheann siad aitheantas agus sula dtosaíonn siad a shaothrú airgead mór. Le blianta beaga aníos, áfach, tá glúin nua de dhaoine i saol an cheoil a n-éiríonn leo thar oíche agus a bhíonn i mbéal an phobail chomh maith céanna. Tarlaíonn sin go minic de thairbhe clár teilifíse mar X Factor agus ‘comórtais’ den chineál sin. Deir daoine áirithe gur maith an rud a leithéid a bheith ann agus go dtugann sé deis chothrom do dhaoine teacht chun tosaigh go gasta in áit a bheith ag fanacht le deis ar feadh na mblianta. Ar an taobh eile de, tá go leor daoine eile ann a

N A D I N E C O Y L E

Page 6: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · teideal Popstars. Bhí Louis Walsh, atá anois le feiceáil ar X Factor, mar bhreitheamh ar an chlár. Bhí Nadine go fóill ar scoil Chnoc

5

© GETTY IMAGES

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

N A D I N E C O Y L E

Page 7: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · teideal Popstars. Bhí Louis Walsh, atá anois le feiceáil ar X Factor, mar bhreitheamh ar an chlár. Bhí Nadine go fóill ar scoil Chnoc

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

6

deir nach rud maith ná nádúrtha é seo. ‘Réaltaí thar oíche’ a thugtar ar na daoine a mbíonn rath den chineál seo orthu agus is minic nach maireann a gclú agus a gcáil i bhfad. Is mar sin a tháinig Nadine Coyle chun tosaigh agus ar feadh tamaill bhí sí ar na popcheoltóirí is clúití in Éirinn agus ar domhan mar bhall den ghrúpa Girls Aloud.

Cúlra

Rugadh Nadine Coyle i nDoire ar an 15 Meitheamh 1985 agus is ann a tógadh í. D’fhreastail sí ar Choláiste Chnoc na nDealg, scoil mhór ghramadaí do chailíní amháin ar imeall Dhoire. Fuair sí oideachas maith ansin ach ní raibh a croí san fhoghlaim ná sa tsaol acadúil, cé gur cailín cliste a bhí inti. Tá Doire sa dúchas aici agus tá blas láidir na cathrach sin aici dá réir. Níor chaill sí an blas sin

N A D I N E C O Y L E

Page 8: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · teideal Popstars. Bhí Louis Walsh, atá anois le feiceáil ar X Factor, mar bhreitheamh ar an chlár. Bhí Nadine go fóill ar scoil Chnoc

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

7

riamh ná ní dhearna sí iarracht ar é a cheilt nuair a d’éirigh sí clúiteach sna blianta ina dhiaidh sin. Bhí go leor daoine eile, áfach, a rinne magadh faoina blas, rud a chuir isteach go mór uirthi. Éireannach go smior atá inti fosta agus is cosúil go ndearna sí cinnte de go raibh bratach na hÉireann le feiceáil ar chlúdach albaim de chuid Girls Aloud!

Bhí a máthair agus a hathair, Lillian agus Niall, i gcónaí den bharúil go mbeadh rath ar Nadine i saol an cheoil. Thug siad faoi deara nuair a bhí sí iontach óg go raibh guth iontach láidir aici agus go mbeadh sí ina hamhránaí iontach maith. Rinne sí roinnt CDanna trialacha nuair a bhí sí ina déagóir agus scaip sí iad ar fud na hÉireann ag iarraidh aird a tharraingt uirthi féin mar amhránaí. Fuair sí a céad deis mar is ceart nuair a chuir sí isteach ar

N A D I N E C O Y L E

Page 9: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · teideal Popstars. Bhí Louis Walsh, atá anois le feiceáil ar X Factor, mar bhreitheamh ar an chlár. Bhí Nadine go fóill ar scoil Chnoc

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

8

chomórtas de chuid RTÉ dar teideal Popstars. Bhí Louis Walsh, atá anois le feiceáil ar X Factor, mar bhreitheamh ar an chlár. Bhí Nadine go fóill ar scoil Chnoc na nDealg. Mar thoradh ar an chomórtas sin, fuair sí áit sa bhanna ceoil Six agus bhí muintir Dhoire ag ceiliúradh. Ach nuair a fuarthas amach nach raibh sí ach 16 bliana d’aois, chaill sí a háit sa bhanna. B’éigean a bheith 18 mbliana d’aois ar a laghad agus d’inis Nadine bréag faoina haois. Bhí sí croíbhriste nuair a chaill sí a háit.

Mar sin féin, ba léir go raibh sí éirimiúil mar amhránaí agus go raibh saol rathúil sa phopcheol i ndán di. Sa bhliain 2002 mhol Louis Walsh di cur isteach ar áit i ngrúpa eile faoi choinne comórtas nua eile i Sasana dar teideal Popstars The Rivals. Seó teilifíse eile roimh aimsir X Factor a bhí sa cheann

N A D I N E C O Y L E

Page 10: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · teideal Popstars. Bhí Louis Walsh, atá anois le feiceáil ar X Factor, mar bhreitheamh ar an chlár. Bhí Nadine go fóill ar scoil Chnoc

9

© GETTY IMAGES

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

N A D I N E C O Y L E

Page 11: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · teideal Popstars. Bhí Louis Walsh, atá anois le feiceáil ar X Factor, mar bhreitheamh ar an chlár. Bhí Nadine go fóill ar scoil Chnoc

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

1 0

seo. Chuir na mílte daoine isteach ar an chomórtas seo agus, sa deireadh, roghnaíodh deichniúr cailíní agus deichniúr buachaillí le dul ar an chlár féin a bheadh le craoladh ar an teilifís. D’éirigh go hiontach le Nadine agus as sin a tháinig an grúpa Girls Aloud ina raibh Cheryl Cole, Sarah Harding, Nicola Roberts agus Kimberly Walsh mar aon le Nadine féin.

I mBarr a Réime

Ar feadh seacht mbliana ina dhiaidh sin bhí Girls Aloud ar cheann de na popghrúpaí is mó agus is rathúla ar domhan. D’éirigh go hiontach leis an chéad singil a rinne siad dar teideal Sound of the Underground a bhain an chéad áit amach sna cairteacha sa Bhreatain in 2003. Chuaigh siad ó neart go neart as sin amach. D’eisigh siad a gcéad albam a raibh an teideal céanna air agus d’éirigh go

N A D I N E C O Y L E

Page 12: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · teideal Popstars. Bhí Louis Walsh, atá anois le feiceáil ar X Factor, mar bhreitheamh ar an chlár. Bhí Nadine go fóill ar scoil Chnoc

1 1

© REDFERNS

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

N A D I N E C O Y L E

Page 13: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · teideal Popstars. Bhí Louis Walsh, atá anois le feiceáil ar X Factor, mar bhreitheamh ar an chlár. Bhí Nadine go fóill ar scoil Chnoc

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

1 2

hiontach leis sin fosta. Ansin chuir siad dhá cheann eile amach ina dhiaidh sin arís dar teideal The Sounds of Girls Aloud agus ansin Out of Control. Bhí an grúpa i mbarr a réime ag an am seo. I dtaca leis an chuid is mó de na ceoltóirí agus na grúpaí a bhain comórtais amhail Popstars nó X Factor ina dhiaidh sin, níor mhair a gclú níos mó ná tamall gairid. Ach ní mar sin a tharla le Girls Aloud. Léirigh siad go raibh níos mó iontu ná réaltaí thar oíche a d’imeodh mar sneachta na haon oíche. Lean siad leo ag baint go leor duaiseanna agus gradam.

In 2009, áfach, tháinig an scéala go tobann go raibh an grúpa le briseadh suas sa dóigh go dtiocfadh leo triail a bhaint as dul a mbealach féin ó thaobh an cheoil de. Bhí sé de rún acu teacht le chéile arís i ndiaidh bliana nó mar sin. Bhí amhras ar chuid mhór daoine faoi sin agus

N A D I N E C O Y L E

Page 14: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · teideal Popstars. Bhí Louis Walsh, atá anois le feiceáil ar X Factor, mar bhreitheamh ar an chlár. Bhí Nadine go fóill ar scoil Chnoc

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

1 3

shíl siad go raibh deireadh ar fad leo mar ghrúpa.

An saol i ndiaidh Girls Aloud

I ndiaidh don ghrúpa scaradh óna chéile, bhí rún láidir ag Nadine albam aonair a dhéanamh. Ach ní raibh seo furasta agus ghlac sé tamall uirthi conradh a fháil lena dhéanamh. Sa deireadh, d’éirigh léi conradh a fháil agus as sin a tháinig albam dar teideal Insatiable i mí na Samhna 2003. Níor éirigh chomh maith sin uilig leis an albam agus ba léir nach mbeadh saol furasta aici mar amhránaí aonair. B’éigean di triail a bhaint as rudaí éagsúla, an teilifís, an aisteoireacht agus an scríbhneoireacht ina measc. De réir mar a chuaigh an t-am thart, ba léir nach dtiocfadh Girls Aloud ar ais le chéile sa ghearrthéarma. Nuair a cuireadh agallamh orthu anois is arís is minic nach raibh mórán rudaí

N A D I N E C O Y L E

Page 15: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · teideal Popstars. Bhí Louis Walsh, atá anois le feiceáil ar X Factor, mar bhreitheamh ar an chlár. Bhí Nadine go fóill ar scoil Chnoc

NADINE

Page 16: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · teideal Popstars. Bhí Louis Walsh, atá anois le feiceáil ar X Factor, mar bhreitheamh ar an chlár. Bhí Nadine go fóill ar scoil Chnoc

COYLE

© GETTY IMAGES

Page 17: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · teideal Popstars. Bhí Louis Walsh, atá anois le feiceáil ar X Factor, mar bhreitheamh ar an chlár. Bhí Nadine go fóill ar scoil Chnoc

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

1 6

deasa le rá acu faoina chéile. D’oibrigh Nadine le réaltaí ceoil eile mar Boyzone agus Boyz II Men ach níor tháinig mórán as seo uilig. Tháinig na cailíní le chéile faoi dheireadh ansin i mí na Samhna 2012. Rinne siad turas amháin agus d’eisigh siad albam amháin eile ach níor mhair siad i bhfad le chéile. Go luath in 2013 d’fhógair siad go raibh siad le scaradh óna chéile arís.

Lean Nadine ar aghaidh ag baint triail as rudaí éagsúla ach níor éirigh léi rud ar bith suntasach a dhéanamh. B’fhéidir go raibh go leor déanta aici faoin am seo ar scor ar bith. Bhí sí mar bhall de cheann de na popghrúpaí is mó ar domhan ar feadh seacht mbliana. Bhí na milliúin punt déanta aici. Bhí clú agus cáil uirthi. B’fhéidir go bhfuil an ceart ag daoine a deir nach rud maith é éirí i do réalta thar oíche mar thoradh ar leithéidí X Factor. Bíodh sin fíor nó ná

N A D I N E C O Y L E

Page 18: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · teideal Popstars. Bhí Louis Walsh, atá anois le feiceáil ar X Factor, mar bhreitheamh ar an chlár. Bhí Nadine go fóill ar scoil Chnoc

1 7

© ASSOCC PRESS

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

N A D I N E C O Y L E

Page 19: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · teideal Popstars. Bhí Louis Walsh, atá anois le feiceáil ar X Factor, mar bhreitheamh ar an chlár. Bhí Nadine go fóill ar scoil Chnoc

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

1 8

bíodh, gnáthchailín as Doire a bhí in Nadine Coyle a thuill clú agus saibhreas as cuimse. Is beag againn atá ábalta sin a rá.

N A D I N E C O Y L E

Page 20: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · teideal Popstars. Bhí Louis Walsh, atá anois le feiceáil ar X Factor, mar bhreitheamh ar an chlár. Bhí Nadine go fóill ar scoil Chnoc

1 9

© UK PRESS VIA GETTY IMAGES

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

N A D I N E C O Y L E

Page 21: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · teideal Popstars. Bhí Louis Walsh, atá anois le feiceáil ar X Factor, mar bhreitheamh ar an chlár. Bhí Nadine go fóill ar scoil Chnoc
Page 22: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · teideal Popstars. Bhí Louis Walsh, atá anois le feiceáil ar X Factor, mar bhreitheamh ar an chlár. Bhí Nadine go fóill ar scoil Chnoc