beatha le bua - nicurriculum.org.uk€¦ · wintering out. bhí ráchairt mhór ar a chuid...

22

Upload: others

Post on 10-Jul-2020

0 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Page 1: beatha le bua - nicurriculum.org.uk€¦ · Wintering Out. Bhí ráchairt mhór ar a chuid filíochta anois agus ... fóill, mar atá The Rattle Bag in 1982 agus The School Bag in
Page 2: beatha le bua - nicurriculum.org.uk€¦ · Wintering Out. Bhí ráchairt mhór ar a chuid filíochta anois agus ... fóill, mar atá The Rattle Bag in 1982 agus The School Bag in

beatha le bua

Page 3: beatha le bua - nicurriculum.org.uk€¦ · Wintering Out. Bhí ráchairt mhór ar a chuid filíochta anois agus ... fóill, mar atá The Rattle Bag in 1982 agus The School Bag in

Pictiúr Clúdaigh © Getty Images.

Pictiúir le © Getty Images, RTÉ, Associated Press agus Simon Garbutt.

Arna tháirgeadh agus arna fhoilsiú ag CCEA.

Gach ceart ar cosaint. Ní féidir cuid ar bith den leabhar seo a athfhoilsiú i gcruth ar bith nó ar dhóigh ar bith gan cead a fháil roimh ré ó CCEA.

Page 4: beatha le bua - nicurriculum.org.uk€¦ · Wintering Out. Bhí ráchairt mhór ar a chuid filíochta anois agus ... fóill, mar atá The Rattle Bag in 1982 agus The School Bag in

SEA

MU

S H

EAN

EYbeatha le bua

Page 5: beatha le bua - nicurriculum.org.uk€¦ · Wintering Out. Bhí ráchairt mhór ar a chuid filíochta anois agus ... fóill, mar atá The Rattle Bag in 1982 agus The School Bag in

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

4

Intreoir

Tá Seamus Heaney ar na filí is mó clú agus cáil in Éirinn maidir le litríocht an Bhéarla. Ní in Éirinn amháin atá sé clúiteach ach ar fud an domhain fosta, go háirithe sa Bhreatain agus sna Stáit Aontaithe. Aithnítear mar fhile den scoth é a bhfuil cuid mhór scríofa aige lenár linn. Aithnítear mar dhrámadóir fosta é agus mar léachtóir ar a bharr sin. Mar chomhartha ar an aitheantas sin, bhain sé Duais Nobel as a bhfuil scríofa aige chomh maith le go leor gradam agus duaiseanna eile. Tá a chuid filíochta ar churaclam an Bhéarla i scoileanna in Éirinn agus thar lear leis na blianta. D’oibrigh sé sna hollscoileanna is mó cáil sna Stáit Aontaithe agus sa Bhreatain mar léachtóir.

S E A M U S H E A N E Y

Page 6: beatha le bua - nicurriculum.org.uk€¦ · Wintering Out. Bhí ráchairt mhór ar a chuid filíochta anois agus ... fóill, mar atá The Rattle Bag in 1982 agus The School Bag in

5

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

S E A M U S H E A N E Y

© ASSOCIATED PRESS

Page 7: beatha le bua - nicurriculum.org.uk€¦ · Wintering Out. Bhí ráchairt mhór ar a chuid filíochta anois agus ... fóill, mar atá The Rattle Bag in 1982 agus The School Bag in

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

6

Thaistil sé an domhan ag léamh agus ag tabhairt leachtaí ar a chuid filíochta. Is duine é a bhfuil dúil mhór ag daoine eile ann, agus meas acu air mar gheall ar an phearsantacht atá aige. Duine macánta umhal ionraic atá ann nach bhfuil aon mhórtas ná amaidí mar sin ag baint leis. Tá cuid mhór bainte amach aige agus beatha le bua caite aige. Is duine é ar féidir le muintir na hÉireann a bheith iontach bródúil as.

Cúlra

Rugadh Seamus Heaney ar 13ú Aibreán 1939 i ndeisceart Chontae Dhoire. Tógadh ar fheirm é agus scríobh sé faoin saol sin faoin tuath ina chuid filíochta níos moille anonn ina shaol. Bhí naonúr páistí sa teaghlach agus eisean an duine is sine acu. Maraíodh deartháir amháin dó nuair nach raibh sé ach ceithre bliana d’aois.

S E A M U S H E A N E Y

Page 8: beatha le bua - nicurriculum.org.uk€¦ · Wintering Out. Bhí ráchairt mhór ar a chuid filíochta anois agus ... fóill, mar atá The Rattle Bag in 1982 agus The School Bag in

7

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

© SIMON GARBUTT

S E A M U S H E A N E Y

Page 9: beatha le bua - nicurriculum.org.uk€¦ · Wintering Out. Bhí ráchairt mhór ar a chuid filíochta anois agus ... fóill, mar atá The Rattle Bag in 1982 agus The School Bag in

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

8

Chuaigh sin go mór i bhfeidhm ar Sheamus agus blianta ina dhiaidh sin scríobh sé roinnt dánta faoi seo i gcuimhne ar a dheartháir. D’fhreastail sé ar bhunscoil áitiúil agus ansin ar Choláiste Naomh Colmcille i nDoire. Sa bhliain 1957 chuaigh sé ar Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste le staidéar a dhéanamh ar an Bhéarla. Is ansin a chuir sé spéis san fhilíocht den chéad uair. Bhain sé céim amach sa Bhéarla in 1961. Bhí suim aige sa mhúinteoireacht agus chuaigh sé ansin ar Choláiste Iósaf le cúrsa múinteoireachta a dhéanamh. Tá Coláiste Iósaf anois mar chuid de Choláiste Ollscoile Naomh Muire ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste. Mar chuid den chúrsa sin, chaith sé tamall ag teagasc i meánscoil áitiúil. Bhí Michael McLaverty ina Phríomhoide ar an scoil ag an am. Ba scríbhneoir é Michael McLaverty fosta agus spreag sé Seamus go mór le dul leis an fhilíocht.

S E A M U S H E A N E Y

Page 10: beatha le bua - nicurriculum.org.uk€¦ · Wintering Out. Bhí ráchairt mhór ar a chuid filíochta anois agus ... fóill, mar atá The Rattle Bag in 1982 agus The School Bag in

9

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

© RTÉ

S E A M U S H E A N E Y

Page 11: beatha le bua - nicurriculum.org.uk€¦ · Wintering Out. Bhí ráchairt mhór ar a chuid filíochta anois agus ... fóill, mar atá The Rattle Bag in 1982 agus The School Bag in

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

1 0

An file óg

Sa bhliain 1963 tháinig sé ar ais go Coláiste Iósaf mar léachtóir lánaimseartha. Faoin am seo, bhí Heaney ag scríobh filíochta go rialta. Foilsíodh a chéad bhailiúchán dánta sa bhliain 1965 dar teideal Eleven Poems mar chuid d’Fhéile Ollscoil na Banríona. Ach is é Death of a Naturalist, áfach, a aithnítear mar an chéad bhailiúchán ceart a scríobh sé. Bhain sé roinnt duaiseanna ar a shon sin agus is bailiúchán é a bhfuil dúil mhór ag daoine ann go fóill. Aithníodh ansin mar fhile dáiríre é. Ach bhí post lánaimseartha de dhíth air fosta, agus in 1966 fuair sé post mar léachtóir Béarla in Ollscoil na Banríona. Le linn an ama seo, d’oibrigh sé ar an fhilíocht chomh maith. Ansin in 1969 foilsíodh an dara bailiúchán aige dar teideal Door Into the Dark. D’éirigh go geal leis seo fosta.

S E A M U S H E A N E Y

Page 12: beatha le bua - nicurriculum.org.uk€¦ · Wintering Out. Bhí ráchairt mhór ar a chuid filíochta anois agus ... fóill, mar atá The Rattle Bag in 1982 agus The School Bag in

1 1

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

© RTÉ

S E A M U S H E A N E Y

Page 13: beatha le bua - nicurriculum.org.uk€¦ · Wintering Out. Bhí ráchairt mhór ar a chuid filíochta anois agus ... fóill, mar atá The Rattle Bag in 1982 agus The School Bag in

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

1 2

An file déanta

Lean sé leis ag léachtóireacht in áiteanna éagsúla agus é ag scríobh filíochta ag an am céanna. Sa bhliain 1972 chuaigh sé go Coláiste Dhún Carúin mar léachtóir, coláiste oiliúna do mhúinteoirí i mBaile Átha Cliath. Is sa bhliain sin a d’fhoilsigh sé an tríú bailiúchán aige dar teideal Wintering Out. Bhí ráchairt mhór ar a chuid filíochta anois agus thaistil sé go minic go Sasana agus chun na Stát Aontaithe lena chuid filíochta a léamh. Is le linn an ama seo sna 1970í agus sna 1980í a scríobh sé an méid is mó agus b’fhéidir an méid is fearr dá chuid filíochta. D’fhoilsigh sé na bailiúcháin North agus Stations in 1975 agus Field Work in 1979, agus ansin Preoccupations in 1980.

S E A M U S H E A N E Y

Page 14: beatha le bua - nicurriculum.org.uk€¦ · Wintering Out. Bhí ráchairt mhór ar a chuid filíochta anois agus ... fóill, mar atá The Rattle Bag in 1982 agus The School Bag in

1 3

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

S E A M U S H E A N E Y

© RTÉ

Page 15: beatha le bua - nicurriculum.org.uk€¦ · Wintering Out. Bhí ráchairt mhór ar a chuid filíochta anois agus ... fóill, mar atá The Rattle Bag in 1982 agus The School Bag in

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

1 4

D’fhoilsigh sé dhá bhailiúchán atá in úsáid i scoileanna in Éirinn agus sa Bhreatain go fóill, mar atá The Rattle Bag in 1982 agus The School Bag in 1997. Rud suimiúil faoi The School Bag go raibh dánta ann i dteangacha eile seachas an Béarla amhail Gaeilge, Gaeilge na hAlban agus Breatnais.

An saol acadúil D’oibrigh Seamus Heaney i gcoláistí agus in ollscoileanna in Éirinn, ar nós Ollscoil na Banríona agus Choláiste Dhún Carúin, mar léachtóir. De thairbhe a chuid filíochta, tháinig clú agus a cáil air fud fad an domhain. Bhí ráchairt ar a chuid filíochta agus ar a léamha filíochta thar lear fosta. Fuair sé cuireadh dul chuig tíortha éagsúla le bheith ag obair sna hinstitiúidí is clúití.

S E A M U S H E A N E Y

Page 16: beatha le bua - nicurriculum.org.uk€¦ · Wintering Out. Bhí ráchairt mhór ar a chuid filíochta anois agus ... fóill, mar atá The Rattle Bag in 1982 agus The School Bag in

1 5

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

© GETTY IMAGES

S E A M U S H E A N E Y

Page 17: beatha le bua - nicurriculum.org.uk€¦ · Wintering Out. Bhí ráchairt mhór ar a chuid filíochta anois agus ... fóill, mar atá The Rattle Bag in 1982 agus The School Bag in

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

1 6

Theagasc sé in Ollscoil Harvard sna Stáit Aontaithe idir 1985 agus 2006. Toghadh é ina ollamh le filíocht in Ollscoil Oxford i Sasana in 1989 agus chríochnaigh a théarma in 1994. Lean sé de bheith ag scríobh le linn an ama seo. Mar shampla, in 1996 d’fhoilsigh sé bailiúchán dar teideal The Spirit Level. Bhain seo Gradam Whitbread, gradam mór tábhachtach i litríocht an Bhéarla. Le linn an ama seo fosta, bronnadh céimeanna oinigh air in ollscoileanna éagsúla ar fud an domhain mar aitheantas ar an obair uilig a bhí déanta aige.

A fhéiniúlacht chultúrtha

Cé gur file mór an Bhéarla é Séamus Heaney, ní dhearna sé neamhshuim den Ghaeilge ná de chultúr na hÉireann riamh. Tá sé breá eolach ar litríocht na Gaeilge agus tá aistriúcháin déanta aige ar litríocht na Gaeilge chomh maith.

S E A M U S H E A N E Y

Page 18: beatha le bua - nicurriculum.org.uk€¦ · Wintering Out. Bhí ráchairt mhór ar a chuid filíochta anois agus ... fóill, mar atá The Rattle Bag in 1982 agus The School Bag in

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

1 7

S E A M U S H E A N E Y

Níor sheachain sé stair thrioblóideach na hÉireann ach oiread. Scríobh sé Requiem for the Croppies i gcuimhne ar éirí amach 1798. Tá go leor faoi na trioblóidí in Éirinn le sonrú ina chuid filíochta fosta. Nuair a fuair sé cuireadh le bheith mar Fhile an Stáit sa Bhreatain, is é sin file oifigiúil na Banríona, dhiúltaigh sé é. Dúirt sé, áfach, nach raibh rud ar bith aige go pearsanta in éadan na Banríona ach nár amharc sé air féin mar Bhriotanach. Nuair a bhí bailiúchán filíochta de chuid fhilí na Breataine á chur le chéile, dhiúltaigh sé a bheith mar chuid de as siocair nach file Briotanach é. Ní duine seicteach é ar dhóigh ar bith, ach a mhalairt ar fad. Déanann sé iarracht daoine a thabhairt le chéile agus iad a spreagadh le bheith ionraic agus tuisceanach dá chéile agus, thar rud ar bith eile, le meas a bheith acu ar a chéile.

Page 19: beatha le bua - nicurriculum.org.uk€¦ · Wintering Out. Bhí ráchairt mhór ar a chuid filíochta anois agus ... fóill, mar atá The Rattle Bag in 1982 agus The School Bag in

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

1 8

S E A M U S H E A N E Y

Ómós

Is cinnte go bhfuil Seamus Heaney ar na filí is mó tábhacht dá raibh riamh ann agus go bhfuil sé aitheanta ar fud an domhain dá bharr sin. Tá an-chuid filíochta scríofa aige a bhain cuid mhór duaiseanna agus gradam. Chomh maith le bheith ina ollamh le litríocht sna hollscoileanna is mó clú agus cáil in Éirinn agus thar lear, bronnadh go leor céimeanna oinigh air fosta. Rinneadh Saoi de in Aosdána, cumann de lucht na n-ealaíon atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Is dócha gurb í Duais Nobel, a bronnadh air sa bhliain 1995, an onóir is mó a thuill sé riamh. Fear uasal iontach atá ann a dtig linn uilig a bheith bródúil as, agus ní dócha go mbeidh a leithéid arís ann.

Page 20: beatha le bua - nicurriculum.org.uk€¦ · Wintering Out. Bhí ráchairt mhór ar a chuid filíochta anois agus ... fóill, mar atá The Rattle Bag in 1982 agus The School Bag in

1 9

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

© DAVID LEVENSON/GETTY IMAGES

S E A M U S H E A N E Y

Page 21: beatha le bua - nicurriculum.org.uk€¦ · Wintering Out. Bhí ráchairt mhór ar a chuid filíochta anois agus ... fóill, mar atá The Rattle Bag in 1982 agus The School Bag in
Page 22: beatha le bua - nicurriculum.org.uk€¦ · Wintering Out. Bhí ráchairt mhór ar a chuid filíochta anois agus ... fóill, mar atá The Rattle Bag in 1982 agus The School Bag in