beo go deo 3 téarma 2 ceacht 5

22
Beo go Deo 3 Téarma 2 Ceacht 5 Cuid den cheacht

Upload: evadne

Post on 11-Jan-2016

176 views

Category:

Documents


0 download

DESCRIPTION

Beo go Deo 3 Téarma 2 Ceacht 5. Cuid den cheacht. Scéal na gcaorach a bhí Caillte. Fadó fadó , bhí aoire ann. Bhí céad caora aige agus bhí grá aige do gach ceann acu . Bhí ainm aige orthu go léir . - PowerPoint PPT Presentation

TRANSCRIPT

Page 1: Beo go Deo 3  Téarma 2 Ceacht 5

Beo go Deo 3 Téarma 2 Ceacht 5

Cuid den cheacht

Page 2: Beo go Deo 3  Téarma 2 Ceacht 5

Scéal na gcaorach a bhí Caillte

Fadó fadó, bhí aoire ann. Bhí céad caora aige agus bhí grá

aige do gach ceann acu. Bhí ainm aige orthu go léir. Ar maidin,thugadh sé amach iad.

Shiúladh sé rompu agus leanadh siad é. Bhí a fhios acu go raibh grá ag an aoire dóibh agus a dtabharfadh sé aire dóibh.

Page 3: Beo go Deo 3  Téarma 2 Ceacht 5
Page 4: Beo go Deo 3  Téarma 2 Ceacht 5

Lá amháin bhí an t-aoire amuigh

leis na caoirigh.Bhí siad ag innilt agus shuigh sé síos ag faire orthu. Ba mhaith leis a bheith cinnte go raibh siad go léir slán sábháilte agus thosaigh sé á gcomhaireamh. Nuair a bhí sé críochnaithe bhí a fhios aige go raibh ceann amháin acu ar iarraidh.Bhí imní air.D’fhéach sé thart arís. Scairt sé amach ainm a chaoirigh ach níor chuala sé aon fheagra.

Page 5: Beo go Deo 3  Téarma 2 Ceacht 5
Page 6: Beo go Deo 3  Téarma 2 Ceacht 5

Bhí grá ag an aoire maith dá chaora a bhí caillte.

Ba mhaith leis dul ar a lorg. Ní raibh sé sásta go raibh caora

amháin scartha ón tréad.Chuir sé na caoirigh go léir le

chéile agus d’imigh sé leis a lorg an chaora a bhí caillte.

Bhí a fhios ag na caoirigh eile go dtiocfadh an t-aoire maith ar ais.

Page 7: Beo go Deo 3  Téarma 2 Ceacht 5
Page 8: Beo go Deo 3  Téarma 2 Ceacht 5

Chuardaigh sé agus chuardaigh sé. Scairt sé agus scairt sé. Shiúil sé suas cnoc agus síos cnoc. Ansin chuala sé rud éigin. D’fhéach sé i dtreo an tormáin. D’fhéach sé arís agus chonaic sé an chaora, an chaora a bhí caillte.

Scairt sé a hainm. Rith sé chuici agus thóg sé í. Scrudaigh sé an chaora le cinntiú nach raibh sí gortaithe.

D’iompar sé abhaile ansin ar a ghualainn í. Bhí áthas ar an aoire maith arís.

Page 9: Beo go Deo 3  Téarma 2 Ceacht 5
Page 11: Beo go Deo 3  Téarma 2 Ceacht 5
Page 12: Beo go Deo 3  Téarma 2 Ceacht 5
Page 13: Beo go Deo 3  Téarma 2 Ceacht 5
Page 14: Beo go Deo 3  Téarma 2 Ceacht 5

An tráthnóna sin, threoraigh sé na caoirigh abhaile.

Nuair a bhí siad sa bhaile slán sábháilte, chuaigh sé go dtí teach a charad.

D’inis sé dá chairde faoin rud uafásach a tharla an lá sin.

“Tharla rud uafásach inniu. Chaill mé caora agus bhí an- imní orm. Bhí mé brónach agus uaigneach ina

dhiaidh sin. Cé go raibh nócha is a naoi caora agam d’imigh mé á lorg mo chaora a bhí caillte agus fuair mé í.”

Page 15: Beo go Deo 3  Téarma 2 Ceacht 5

Anois tá mé sásta arís. Ba mhaith liom go dtiocfadh sibh go léir chuig mo theach-sa agus beidh ceiliúradh againn. Fuaireas mo chaora a bhí caillte. Míle buíochas!

Page 16: Beo go Deo 3  Téarma 2 Ceacht 5

Amhrán

Page 17: Beo go Deo 3  Téarma 2 Ceacht 5

An tUan a d’imigh ar strae

A t-uan beag bocht sea thosaigh sé ag gol,Nuair a chuaigh sé amú ‘gus ar straeNíor chaoin sé a MhamaíNíor chaoin sé A MhamAch thosaigh ag méileach go hard is go tréan:Bá, bá, bá. Ba mhaith liom mo Mham, Mham-ma.Bá, bá, bá, ba mhaith liom mo Mham.

Page 18: Beo go Deo 3  Téarma 2 Ceacht 5

Ar ais sa scioból, bhí Mamaí go fóill,Ag cuardach thart timpeall go géar,Níor chaoin sí “A Bhabaí”Níor chaoin sí “A Bhab”Ach thosaigh ag méileach go hard is go tréanBá, bá, bá, ba mhaith liom mo bhá bhaba.Bá, bá, bá, ba mhaith liom Bhaba.

Page 19: Beo go Deo 3  Téarma 2 Ceacht 5

Ach tháinig an t-aoire isteach chuig na caoirigh,An t-uan ar ais slán aige féinNíor chaoin sí “A Bhabaí,”Níor chaoin sé “A Mham,”Ach thosaigh ag méileach,go hard is go tréan“Bá, bá, bá, sin é mo bhá bhabaBá, bá, bá, sin í mo Mham.”

Page 20: Beo go Deo 3  Téarma 2 Ceacht 5
Page 21: Beo go Deo 3  Téarma 2 Ceacht 5
Page 22: Beo go Deo 3  Téarma 2 Ceacht 5