bochtanas réamh phlé 1

9
Bochtanas Réamhphlé 1 Cad is bochtanas ann? An bhfuil sainmhíniú agat? Bí ag obair leis an duine in aice leat. Féachaigí ar na fotheidil seo – an féidir libh a rá conas a bhaineann siad le bochtanas? Bia Uisce óil Saoráidí sláintíochta (sanitation facilities) Sláinte Dídean Oideachas Eolas

Upload: kitty

Post on 21-Mar-2016

149 views

Category:

Documents


4 download

DESCRIPTION

Bochtanas Réamh phlé 1. Cad is bochtanas ann? An bhfuil sainmhíniú agat? Bí ag obair leis an duine in aice leat. Féachaigí ar na fotheidil seo – an féidir libh a rá conas a bhaineann siad le bochtanas? Bia Uisce óil Saoráidí sláintíochta ( sanitation facilities ) Sláinte Dídean Oideachas - PowerPoint PPT Presentation

TRANSCRIPT

Page 1: Bochtanas Réamh phlé 1

Bochtanas Réamhphlé 1

Cad is bochtanas ann? An bhfuil sainmhíniú agat?

Bí ag obair leis an duine in aice leat. Féachaigí ar na fotheidil seo – an féidir libh a rá conas a bhaineann siad le bochtanas?

Bia

Uisce óil

Saoráidí sláintíochta (sanitation facilities)

Sláinte

Dídean

Oideachas

Eolas

Page 2: Bochtanas Réamh phlé 1

Bochtanas Réamhphlé 2

Seo an sainmhíniú a bhí ag fear darbh ainm David Gordon ar riachtanais dhaonna, le bochtanas a sheachaint.

Bia: Caithfidh an innéacs corpmhaise (body mass index) a bheith níos mó ná 16.

Uisce óil: Ba cheart go mbeadh uisce óil ar fáil taobh istigh de shiúlóid cheathrú uaire, agus níor cheart go dtiocfadh an t-uisce seo ó aibhneacha amháin.

Saoráidí sláintíochta (sanitation facilities): Ba cheart go mbeadh leithreas sa bhaile nó in aice leis an mbaile.

Sláinte: Ba chóir go mbeadh cóir leighis ar fáil, má tá duine an-tinn nó ag iompar clainne.

Dídean: Níor cheart go mbeadh níos mó ná ceathrar ina gcónaí in aon seomra amháin; níor cheart go mbeadh urlár salachair, láibe nó cré sa teach.

Page 3: Bochtanas Réamh phlé 1

Bochtanas Réamhphlé 2 ar lean

Oideachas: Ba chóir go mbeadh oideachas ar fáil do chách, nó ar a laghad go mbeadh léamh ag duine.

Eolas: Ba cheart go mbeadh teacht ag gach duine ar pháipéir nuachta, ar an raidió, ar an teilifís, ar ríomhairí nó ar ghutháin.

An raibh na riachtanais chéanna luaite agaibh féin?

Cuirigí na teidil in ord tábhachta, de réir bhur dtuairimí féin.

Page 4: Bochtanas Réamh phlé 1

Bochtanas Réamhobair 1

Beidh tú ag éisteacht le cailín ag caint faoin mbochtanas ar ball. An féidir leat na focail a cheangal leis na sainmhínithe cearta?

1. Eagraíochtaí deonacha

Díobháil nó easpa rud éigin.

2. An mhórchuid An t-airgead a íoctar ar iasachtaí.

3. Ganntanas Oibleagáid.

4. Carthanacht Mímhacántacht nó mí-ionracas.

5. Dúshraith Grúpaí a dhéanann obair gan aon íocaíocht.

6. Dualgas Ag cuidiú le nó ag tabhairt airgid do dhaoine eile.

7. Mangairí cogaí Bun rud éigin, nó an chéad sraith de theach.

8. Caimiléireacht An chuid is mó.

9. Gadaíocht Airgead a fhaightear ón mbanc, mar shampla.

10. Ús Daoine a chuireann tús le cogaí.

11. Iasachtaí Goid, nó ag glacadh rud éigin nach leat é.

Page 5: Bochtanas Réamh phlé 1

Bochtanas Réamhobair 2

Féach ar na focail arís. Meaitseáil na focail a bhfuil na deirí céanna acu.

Bí ag obair leis an duine in aice leat.

An féidir libh aon rud a rá faoi na focail thuas - a bhfuil na deirí céanna acu?

Cad faoi na focail seo, cuirigí leis an ngrúpa is fearr a oireann thuas (1-4) iad! Mínígí bhur rogha!!

Mangairí Gadaíocht Ús

1. Eagraíochtaí2. An mhórchuid3. Ganntanas4. Carthanacht

a. Dúshraithb. Dualgasc. Caimiléireachtd. Iasachtaí

1 2 3 4

Page 6: Bochtanas Réamh phlé 1

Bochtanas Éisteacht 1

Éist le Sorcha, an dara cainteoir, i gcomórtas díospóireachta. Freagair gach ceist tar éis gach coda.

Cuid 11. Cad é an rún, agus an bhfuil Sorcha i

gcoinne nó ar son an rúin?2. Cad air a mbeidh sí ag caint?3. Cad a deir sí faoi Trócaire?

Cuir 24. Cad a deir Sorcha faoin mbeirt i mBaile Átha

Cliath?5. Déanann sí cur síos ar bhoicht na tíre seo,

cad é?6. Cad a deir sí faoi charthanacht?

Page 7: Bochtanas Réamh phlé 1

Bochtanas Éisteacht 2

Cuid 31. Cén fáth nach n-aontaíonn Sorcha le

Helena?

Cuid 42. Cad a deir Sorcha faoi na rialtais san Afraic,

mar shampla?3. Cén tuairim atá ag John O’Shea?4. An aontaíonn sí le John O’Shea?

Cuid 55. Cén cineál rialtas iad rialtais na hAfraice, de

réir an chainteora?6. Cé atá ag fáil iasachtaí ó bhaincéirí?7. An bhfuil Sorcha den tuairim nár cheart aon

airgead a thabhairt don tríú domhan?

Page 8: Bochtanas Réamh phlé 1

Bochtanas Iarobair 1

Bí ag obair leis an duine in aice leat arís. Déanaigí cur síos ar na graif seo.

GDP / OTI - Olltáirgeacht intíre (billiúin dollar)

Daoine ar thairseach na bochtaineachta (%)

Page 9: Bochtanas Réamh phlé 1

Bochtanas Iarobair 2

Díospóireacht Ranga

Tá caighdeán níos airde maireachtála ag muintir na hÉireann sa lá atá inniu ann, ná mar a bhí deich

mbliana ó shin.

Ná déan dearmad de:

‘A chathaoirligh, a mholtóirí, a lucht an fhreasúra agus a lucht éisteachta.’