céad - diocese of kerry · web view2020/05/10  · féile bhréanainn naofa – Éarlamh dheoise...

2
Paróiste an Fheirtéaraigh Paróiste Dhún Chaoin, Paróiste Dhún Urlann, Paróiste Mhárthain, Paróiste na Cille, Paróiste Mórdhach Fógraí na Seachtaine, 10 - 16 Bealtaine 2020 Beidh Aifreann á chraoladh ó Shéipéal Naomh Uinseann gach Domhnach ar a 10.00 r.n. ar 'youtube' faoin ainm 'Paróiste an Fheirtéaraigh (cuardaigh youtube agus cuir isteach Paróiste an Fheirtéaraigh.) Aifreann ar Raidió na Gaeltachta Beidh Aifreann á chraoladh beo ó Shéipéal Naomh Naomh Bréanainn (Éarlamh Dheoise Chiarraí) – Lá 'Le Bréanainn, 16 Bealtaine Ciarraíoch é Bréanainn a rugadh sa bhliain 486. Rinne sé staidéar i mainistir Chluain Ioraird faoi Naomh Finnian. Sa tseanchas tá dlúthbhaint ag a ainm lena lán áiteanna i gContae Chiarraí, mar atá Ard Fhearta, Cnoc Bhréanainn, Cuas an Bhodaigh, Tobar Bhréanainn, na Blascaodaí agus Oileán Dairbhre. Thug sé cuairt ar Albain agus shroich sé Inse Ghall agus b’fhéidir áiteanna níos faide i gcéin. Bhunaigh An Chéad Chomaoineach Gach beannacht agus rath ar na leanaí a bheidh ag glacadh Céad Chomaoine i mbliana. Ag cuimhneamh go speisialta ar leanaí ar Scoil Naomh Eirc a bhí ag ullmhú don lá mór ar Lá le Féile Bhréanainn Naofa – Éarlamh Dheoise Chiarraí (16 Bealtaine) ‘Chuir mé go seascair chun seoil a Thiarna, i mo bhárc i mbois do láimhe Céad Míle Fáilte Romhat Céad míle fáilte romhat, a Íosa, a Íosa, Céad míle fáilte romhat, a Íosa. Céad míle fáilte romhat, a Shlánitheoir. Céad míle, míle fáilte romhat, a Íosa, a Íosa. Glóir agus moladh duit, a

Upload: others

Post on 15-Mar-2021

0 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Page 1: Céad - Diocese of Kerry · Web view2020/05/10  · Féile Bhréanainn Naofa – Éarlamh Dheoise Chiarraí (16 Bealtaine) ‘ Chuir mé go seascair chun seoil a Thiarna, i mo bhárc

Paróiste an FheirtéaraighParóiste Dhún Chaoin, Paróiste Dhún Urlann, Paróiste Mhárthain,

Paróiste na Cille, Paróiste MórdhachFógraí na Seachtaine, 10 - 16 Bealtaine 2020

Beidh Aifreann á chraoladh ó Shéipéal Naomh Uinseann gach Domhnach ar a 10.00 r.n. ar 'youtube' faoin ainm 'Paróiste an Fheirtéaraigh (cuardaigh youtube agus cuir isteach Paróiste an Fheirtéaraigh.)

Aifreann ar Raidió na GaeltachtaBeidh Aifreann á chraoladh beo ó Shéipéal Naomh Uinseann ar Raidió na Gaeltachta, an Domhnach seo, 10 Bealtaine, ag 11.00 r.n.

Naomh Bréanainn (Éarlamh Dheoise Chiarraí) – Lá 'Le Bréanainn, 16 Bealtaine Ciarraíoch é Bréanainn a rugadh sa bhliain 486. Rinne sé staidéar i mainistir Chluain Ioraird faoi Naomh Finnian. Sa tseanchas tá dlúthbhaint ag a ainm lena lán áiteanna i gContae Chiarraí, mar atá Ard Fhearta, Cnoc Bhréanainn, Cuas an Bhodaigh, Tobar Bhréanainn, na Blascaodaí agus Oileán Dairbhre. Thug sé cuairt ar Albain agus shroich sé Inse Ghall agus b’fhéidir áiteanna níos faide i gcéin. Bhunaigh sé mainistir i gCluain Fearta sa bhliain 576 agus d’éag sé ansin sa bhliain 578.I dteachtaireacht do Lá 'le Bréanainn dein an tEaspag Ray tagairt do thréithe Bhréanainn; an dúthracht do chraobhscaoileadh an tsoiscéil; ag dul thar lear chun é sin a dhéanamh; agus an mhuinín a bhí aige i nDia.

An Chéad ChomaoineachGach beannacht agus rath ar na leanaí a bheidh ag glacadh Céad Chomaoine i mbliana. Ag cuimhneamh go speisialta ar leanaí ar Scoil Naomh Eirc a bhí ag ullmhú don lá mór ar Lá le Bréanainn i mbliana. Táimid ag súil le ceiliúradh lúcháireach níos déanaí i mbliana.

Féile Bhréanainn Naofa – Éarlamh Dheoise Chiarraí (16 Bealtaine)‘Chuir mé go seascair chun seoil a Thiarna, i mo bhárc i mbois do láimhe Ar thonn mhór tréan na mara.’

Céad Míle Fáilte RomhatCéad míle fáilte romhat, a Íosa, a Íosa,Céad míle fáilte romhat, a Íosa.Céad míle fáilte romhat, a Shlánitheoir.Céad míle, míle fáilte romhat, a Íosa, a Íosa.

Glóir agus moladh duit, a Íosa, a Íosa.Glóir agus moladh duit, a Íosa.Glóir agus moladh duit, a Shlánaitheoir.Glóir, moladh agus buíochas duit a Íosa, a Íosa.

Page 2: Céad - Diocese of Kerry · Web view2020/05/10  · Féile Bhréanainn Naofa – Éarlamh Dheoise Chiarraí (16 Bealtaine) ‘ Chuir mé go seascair chun seoil a Thiarna, i mo bhárc

Beidh Aifreann ar Raidió agus Teilifís gach lá:- RTÉ News Now 10.30 r.n. Saorview 21.Raidió Maria - Saorview 210, 10.00 r.n.EWTN - Sky 588, Virgin Media 815, Eircom eFibre 589 nó ar líne ar www.ewtn.ie .

Fógraí go Tigh na Sagart, roimh 10.30 r.n. Déardaoin,

le bhur dtoil: Fón: 066-9156131,

r-phost: [email protected]

Comaoineach SpioradáltaNuair nach féidir leat Comaoineach a ghlacadh, is féidir leat an phaidir seo a rá:A Íosa, creidim go daingean go bhfuil tú i láthair sa Naomhshacraimint. Tá grá agam duit ós cionn gach uile ní agus is mian liom tú a ghlacadh isteach im' anam. Ó tharla nach féidir liom tú do ghlacadh anois sa Naomhshacraimint, tar ar a laghad go spioradálta isteach im' chroí. Tar chugam mar sin, a Thiarna, agus méadaigh do ghrásta ionam. Ná lig dom scarúint leat go brách. Moladh go deo leat, a Íosa sa Naomhshacraimint. (Lámhleabhar Chuallacht An Chroí Ró-Naofa)

Guí an PhobailMáire Ní Chíobháin, Baile Átha Claith agus Na Gorta Dubha, a fuair bás le déanaí.Siobhán Ághas, Baile Átha Claith agus Leataoibh, a fuair bás le déanaí.Micheál (Mikey) Breathnach, Baile na bhFionnúrach, Cuimhneachán Míosa,Éamonn agus Eibhlín Uí Choileáin, Baile Átha Claith, Cuimhneachán Bliana.John Mulvihill, Moyvane agus Cill Dara, a fuair bás le déanaí.An Canónach Micheál Fleming, Cill Orglan, a fuair bás i rith na seachtaine.

Mí na Bealtaine - Mí na Maighdine Muire Bláthanna Bealtaine chugat a BhanríonRéalt na bhFhlaitheasTú is fonn linn.

An MemorareCuimhnigh, a Mhaighdean Mhuire ró-ghrámhar, ró-cheansa, nár chuala trácht ar éinne riamh a chuir é féin féd thearmann nó d'iarr cabhair ort ná tairbhe id eadarghuí is gur theip tú air. Lán de mhuinín asat, dá bhrí sin, rithimse chugat, a Mhaighdean na Maighdean is a Mháthair. Is chugatsa a thagaim, os do chomhair a sheasaim, im pheacach bocht atuirseacht. A Mháthair an Aon-Mhic, ná diúltaigh dom urnaí ach éist liom go trócaireach agus tabhair toradh ar mo ghuí.

Canaigí amhrán nua don dTiarna,óir rinne an Tiarna éachtaí;d’fhoilsigh sé a fhíréantacht i láthair na gciníocha. Alleluia!Sm 97:1-2