caibidil an dóigh ar chuir máthair i gcéill gur di féin a...
TRANSCRIPT
Leab
hrán
Oib
re A
n Ga
súr A
Cha
ith
Pits
eám
aí S
trío
cach
a
32
An Dóigh Ar Chuir Máthair I gCéillGur Di Féin A Bhí An Chreidiúint Ag Dul
Na Focail DheacraLch 76 ridirí
Lch 76 faobhar
Lch 77 marcanna círe
Lch 78 maitheamh
Lch 78 in aimhréidhe léi
Lch 78 geáitse
Lch 79 leamhgháire
Lch 81 go heagnaí
Lch 84 mioscaiseach
Lch 85 leathchos
Lch 87 ag cúbadh
Lch 87 cneá
Lch 88 cladhaire
Lch 89 gaiste bháis
Lch 91 scamhaire
FrásaíLch 76 le malairt spéire a fháil
Lch 78 ciall cheannaithe
Lch 79 idir camáin acu
Lch 83 chomh flúirseach le gaineamh na trá
Lch 83 ar a sháimhín suilt
Ceisteanna Bunaithe ar Fhianaisea. Cén t-ainm a bhí ar an fhear a shíl Bruno a bhí ar mire?
b. Cén tréimhse staire inar cuireadh an crann darach, dar le Bruno?
c. Cén dá rud a bhí de dhíth ar Bruno leis an chaitheamh aimsire nua a chruthú?
d. Cá raibh athair Bruno ag dul nuair a chonaic sé é an t-am deireanach?
e. Cad é an chéad ainm a bhí ar Leifteanant Kotler?
f. Cad é a bhí Bruno ag iarraidh a dhéanamh sa ghairdín?
g. Cad é an post a bhí ag Pavel in Amach-Libh?
h. Cad é a ghortaigh Bruno nuair a thit sé den luascán?
i. Cén fáth ar thit Bruno den luascán, dar le Pavel?
j. Cad é an post a bhí ag Pavel sular tháinig sé go hAmach-Libh?
k. Cad é a thug Pavel ar Bruno a bhí ní b’fhearr ná an rud a thug Leifteanant Kotler air?
l. Cad é a shíl Bruno a tharlódh dó mura mbeadh Pavel ann le haire a thabhairt dó?
Caibidil
7
Caibidil 7 An Dóigh Ar Chuir M
áthair I gCéill Gur Di Féin A Bhí An Chreidiúint Ag D
ul
33
An Dóigh Ar Chuir Máthair I gCéillGur Di Féin A Bhí An Chreidiúint Ag Dul
Ceisteanna Tátalacha Lch1 Dúirt máthair Bruno gur gortaíodh Franz i rith an Chogaidh
Mhóir. Cén t-ainm a thugann muid ar an chogadh sin sa lá atá inniu ann?
74
2 Cad é mar atá a fhios againn nach raibh dúil ag Bruno i Leifteanant Kotler?
77
3 Cad é a rinne Kotler a chuir isteach go mór ar Bruno? 78
4 Cad é atá ar bun ag Gretel agus í ag moladh Kotler agus ag labhairt de ghlór amaideach?
79
5 Cad é atá ar eolas againn faoi Sháirsint Hoffschneider bunaithe ar an rud a dúirt Kotler faoi?
80
6 Nuair a labhair Kotler le Pavel, dúirt sé ‘Goitse anall, tusa-’. Cad é a léiríonn seo faoin ról a bhí ag Pavel?
82
7 Thug Pavel ‘a dhuine uasail’ ar Kotler. Cad é a léiríonn seo faoin dearcadh a bhí aige air?
83
8 Thug Kotler ainm éigin eile ar Pavel. Cad é a bhí ann agus cad é a léiríonn sé faoi charachtar Kotler?
83
9 Más rud é gur shíl Pavel go raibh taisme ag dul a tharlú do Bruno, cén fáth nár dhúirt sé rud ar bith?
86
10 Luaigh dhá phíosa comhairle a thug Pavel do Bruno a léirigh gur dhuine é a bhí ag smaoineamh ar leas daoine eile?
88
11 Cén fáth a raibh Bruno den bharúil nach raibh Pavel ina dhochtúir maith?
91
12 Dúirt Pavel gur mhothaigh sé go raibh sé i gcónaí in Amach-Libh ach ní raibh deis aige sin a mhíniú. Cad é a bhí i gceist aige?
92
13 Shíl Bruno go raibh a mháthair iontach santach agus í ag cur i gcéill gur di féin a bhí an chreidiúint ag dul. An bhfuil a fhios agat cad é a bhí taobh thiar den chur i gcéill sin?
93
Leab
hrán
Oib
re A
n Ga
súr A
Cha
ith
Pits
eám
aí S
trío
cach
a
34
Ceisteanna Smaointeoireachta1 Shíl Bruno go raibh Herr Roller ar mire cionn is go bhfaca sé é
ag tabhairt dorn dá scáil féin agus ag labhairt le cat. Mhínigh a mháthair gur gortaíodh é i rith cogaidh. Tarlaíonn a leithéid go fóill sa lá atá inniu ann; go mbíonn fadhbanna meabhrach ag daoine de bharr cogaidh nó rud tragóideach. Tá sé furasta a rá gur chóir dúinn a bheith tuisceanach ach an mbíonn sé chomh furasta sin i gcónaí?
2 Bíonn Gretel ag spochadh as Bruno an t-am ar fad, ar leathanach 80 mar shampla. Ach go fóill ba mhaith le Bruno í a tharraingt ar shiúl ó Kotler ar leathanach 83. Cad é a léiríonn sé sin faoin chaidreamh eatarthu?
3 Cad é a bhí i gceist ag Pavel nuair a dúirt sé:
4 Smaoinigh ar an dóigh ar chaith Kotler le Pavel ag tús na caibidle seo. Smaoinigh anois ar an dóigh ar chuidigh Pavel le Bruno, cé go dtiocfadh leis neamhaird a thabhairt ar an ghasúr ghortaithe. Cad é a léiríonn sin dúinn faoin chineál duine é Pavel?
Caibidil
7An Dóigh Ar Chuir Máthair I gCéillGur Di Féin A Bhí An Chreidiúint Ag Dul
Sliocht Athfhriotail Lch 90
“De bhrí go dtugann fearsracfhéachaint ar an spéir san oíche ní hionann é sin agus a rá gur réalteolaí é, bíodh a fhios agat.”
Caibidil 7 An Dóigh Ar Chuir M
áthair I gCéill Gur Di Féin A Bhí An Chreidiúint Ag D
ul
35
An Dóigh Ar Chuir Máthair I gCéillGur Di Féin A Bhí An Chreidiúint Ag Dul
Gníomhaíocht 1EalaínTugtar cur síos ar Kotler ar leathanach 77 agus cuid mhór mionsonraí ann faoin chuma a bhíodh air de ghnáth. Bunaithe ar an chur síos sin tarraing pictiúr den tsaighdiúir óg seo.
Gníomhaíocht 2Fostaíocht (Slite Beatha)Chaith Pavel na blianta fada ag staidéar le bheith ina dhochtúir agus d’éirigh leis. Ansin ní raibh deis aige gairm na dochtúireachta a chleachtadh. Shíl Bruno gur mhaith leis a bheith ina thaiscéalaí.
Nuair a bhí tú féin níos óige, cén post a shíl tú gur mhaith leat? Ar athraigh tú d’intinn ó shin?
Gníomhaíocht 3Stair agus Úsáid na MatamaiticeLuaitear An Cogadh Mór sa chaibidil seo. Mar a luadh roimhe tugtar ainm eile ar an chogadh sin sa lá atá inniu ann. Déan cuardach ar an idirlíon nó i do leabhair staire le fíricí agus staitisticí a bhailiú faoin chogadh sin.
Scríobh síos 5 fhíric shuimiúla agus 5 staitistic.
Roghnaigh na staitisticí is mó a chuir iontas ort féin agus taispeáin na torthaí i bhfoirm barrachairte, píchairte nó líneghraif.