ceacht cur sÍos ar an cheacht 5....ndiaidh chath an somme agus oibríochtaí móra eile, in...

12
57 MODÚL 5: CEACHT 5: PLEAN CEACHTA www.nervecentre.org/teachingdividedhistories MODÚL 5. CATH AN SOMME 5: FREAGAIRT AR CHATH AN SOMME IN ÉIRINN CUR SÍOS AR AN CHEACHT Díreofar sa cheacht seo ar an dóigh ar amharcadh ar Chath an Somme sa bhaile in Éirinn. Fiosróidh an ceacht freagairt phearsanta sa bhaile ar scéala báis agus an dóigh a ndeachaigh an Somme i bhfeidhm ar thuairim an phobail i gcoitinne: bhí titim sa liostáil agus tugadh isteach an coinscríobh dá bharr. Sa cheacht seo, fiosrófar fosta ról Éirí Amach na Cásca in 1916 agus an dóigh ar cuimhníodh ar dhaoine a bhí rannpháirteach i gceachtar den dá eachtra. CUSPÓIRÍ AN CHEACHTA TORTHAÍ AN CHEACHTA 1. Freagairtí ar Chath an Somme in Éirinn a thuiscint. 2. Torthaí an choinscríofa agus na gluaiseachta frithchoinscríofa ina dhiaidh sin in Éirinn a aimsiú. 3. Meáin dhigiteacha a úsáid le cuspóirí 1&2 a léiriú. Beidh na daltaí in ann a mhíniú an dóigh a ndeachaigh earcaíocht na gcathlán comrádaithe i bhfeidhm ar cheantair áirithe. Tuigfidh na daltaí aidhm an choinscríofa agus an dóigh ar pléadh leis in Éirinn. Scileanna TFC a úsáid le tuiscint ar an ábhar a chur in iúl. BILEOGA EOLAIS AGUS TREORACHA DIGITEACH BOGEARRAÍ CRUA- EARRAÍ • Eochairfhaisnéis Cheacht 5 • Scéalchlár Cruthaithe Greannáin • Scéalchlár Físeagar- thóireachta • Áiseanna Breise Molta • Bogearraí Cruthaithe Greannáin • Bogearraí Físeagar- thóireachta • Clár Bán • Ríomhairí / Ríomhairí Glúine • Cluasáin / Micreafóin CEACHT 5.

Upload: others

Post on 02-May-2020

6 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Page 1: CEACHT CUR SÍOS AR AN CHEACHT 5....ndiaidh Chath an Somme agus oibríochtaí móra eile, in ainneoin gur tuigeadh go dtiocfadh fadhbanna móra polaitiúla a bheith ann dá bharr

57MODÚL 5: CEACHT 5: PLEAN CEACHTAwww.nervecentre.org/teachingdividedhistories

MODÚL 5. CATH AN SOMME 5: FREAGAIRT AR CHATH AN SOMME IN ÉIRINN

CUR SÍOS AR AN CHEACHT

Díreofar sa cheacht seo ar an dóigh ar amharcadh ar Chath an Somme sa bhaile in Éirinn. Fiosróidh an ceacht freagairt phearsanta sa bhaile ar scéala báis agus an dóigh a ndeachaigh an Somme i bhfeidhm ar thuairim an phobail i gcoitinne: bhí titim sa liostáil agus tugadh isteach an coinscríobh dá bharr. Sa cheacht seo, fiosrófar fosta ról Éirí Amach na Cásca in 1916 agus an dóigh ar cuimhníodh ar dhaoine a bhí rannpháirteach i gceachtar den dá eachtra.

CUSPÓIRÍ AN CHEACHTA TORTHAÍ AN CHEACHTA

1. Freagairtí ar Chath an Somme in Éirinn a thuiscint.

2. Torthaí an choinscríofa agus na gluaiseachta frithchoinscríofa ina dhiaidh sin in Éirinn a aimsiú.

3. Meáin dhigiteacha a úsáid le cuspóirí 1&2 a léiriú.

• Beidh na daltaí in ann a mhíniú an dóigh a ndeachaigh earcaíocht na gcathlán comrádaithe i bhfeidhm ar cheantair áirithe.

• Tuigfidh na daltaí aidhm an choinscríofa agus an dóigh ar pléadh leis in Éirinn.

• Scileanna TFC a úsáid le tuiscint ar an ábhar a chur in iúl.

BILEOGA EOLAIS AGUS TREORACHA

DIGITEACH BOGEARRAÍ CRUA-EARRAÍ

• Eochairfhaisnéis Cheacht 5

• Scéalchlár Cruthaithe Greannáin

• Scéalchlár Físeagar- thóireachta

• Áiseanna Breise Molta

• Bogearraí Cruthaithe Greannáin

• Bogearraí Físeagar-thóireachta

• Clár Bán

• Ríomhairí / Ríomhairí Glúine

• Cluasáin / Micreafóin

CEACHT

5.

Page 2: CEACHT CUR SÍOS AR AN CHEACHT 5....ndiaidh Chath an Somme agus oibríochtaí móra eile, in ainneoin gur tuigeadh go dtiocfadh fadhbanna móra polaitiúla a bheith ann dá bharr

58 MODÚL 5: CEACHT 5: PLEAN CEACHTA www.nervecentre.org/teachingdividedhistories

MODÚL 5. CATH AN SOMME 5: FREAGAIRT AR CHATH AN SOMME IN ÉIRINN

Linen Hall Library

GNÍOMHAÍOCHT TORTHAÍ FOGHLAMA

Tús – Taispeáin do na daltaí tuairisc phearsanta ó dheirfiúr fir a fuair bás le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda (féach Áiseanna Breise Molta 4) a léireoidh freagairt teaghlach ar dhuine muinteartha a cailleadh le linn an chogaidh.

Tabharfaidh seo léargas do na daltaí ar scéalta pearsanta na dteaghlach a ndeachaigh básanna i bhfeidhm orthu. Tabharfaidh sé tuiscint níos fearr ar an dearcadh choitianta in Éirinn ar Chath an Somme agus ar rannpháirteachas sa chogadh go ginearálta.

Beidh rogha gníomhaíochtaí ag múinteoirí ón Eochairfhaisnéis leis na daltaí a spreagadh.

Is féidir le múinteoirí an rang a scoilt ina ghrúpaí agus iarraidh ar na daltaí na pointí plé a úsáid le gnéithe den Eochairfhaisnéis a phlé. Ansin roinnfidh na daltaí na rudaí a phléigh siad leis an rang.

De rogha air sin, thiocfadh le múinteoirí na Ceisteanna/Tascanna a úsáid do phlé grúpa nó le heolas daoine aonair a thástáil.

Tabharfaidh an ghníomhaíocht foghlaim ghníomhach deis do na daltaí eolas a fhoghlaim agus a roinnt i ngrúpa agus ansin an méid a d’fhoghlaim siad a chur in iúl don rang.

*Más féidir, lig do na daltaí an topaic a fhiosrú ar an idirlíon – áiseanna breise molta/inneall cuardaigh.

Tá an Eochairfhaisnéis ceaptha an fhaisnéis sa topaic a chlúdach agus na cuspóirí foghlama a chomhlíonadh.

Tá na ceisteanna plé ar an Eochairfhaisnéis ceaptha na cuspóirí foghlama a chomhlíonadh leis an idirghníomhaíocht agus le C&F.

Tá na ceisteanna ar an bhileog eolais ceaptha na cuspóirí foghlama a chomhlíonadh as na daltaí an fhaisnéis a thuiscint agus a chur i bhfeidhm.

Ba cheart go dtabharfadh na gníomhaíochtaí éagsúla deiseanna foghlama do na daltaí agus iad ag idirghníomhú. Déanfaidh na gníomhaíochtaí eolas a dhaingniú agus plé a spreagadh fosta.

Plé iomlánach – Eagraigh plé sa rang maidir le tabhairt isteach an choinscríofa in Éirinn in 1918. Iarr ar na daltaí tuairim a thabhairt cé acu ba cheart nó nár cheart Éireannaigh agus Éire a bheith san áireamh.

Cuirfidh an plé ar chumas na ndaltaí mothúcháin na bhfear agus a dteaghlach ón am sin a thuiscint, mar aon lena gcur in éadan an choinscríofa. Beidh an modh foghlaim ghníomhach DDE (Dearcadh Daoine Eile) mar chuid de seo.

Page 3: CEACHT CUR SÍOS AR AN CHEACHT 5....ndiaidh Chath an Somme agus oibríochtaí móra eile, in ainneoin gur tuigeadh go dtiocfadh fadhbanna móra polaitiúla a bheith ann dá bharr

59MODÚL 5: CEACHT 5: EOCHAIRFHAISNÉIS www.nervecentre.org/teachingdividedhistories

MODÚL 5. CATH AN SOMME 5: FREAGAIRT AR CHATH AN SOMME IN ÉIRINN

EOCHAIR FHAISNÉIS

FREAGAIRT AR CHATH AN SOMME IN ÉIRINNBliain achrannach a bheadh in 1916 in Éirinn. Cé gur shíl a lán daoine go mbeadh deireadh leis faoi Nollaig 1914, bhí sé go fóill ina chogadh dearg agus Éireannaigh óga ag titim go fóill ar pháirc an áir, fir óga nach dtiocfadh abhaile go deo. Thosaigh líon na ndaoine a bhí ag liostáil in Arm na Breataine ag titim de réir mar a d’fhás an tuiscint nach mbeadh deireadh luath leis an chogadh. Thug rialtas na Breataine an coinscríobh isteach i Márta 1916 ach, ar dtús, chinn siad gan an dlí a chur i bhfeidhm in Éirinn ar eagla go spreagfadh sé géarchéim pholaitiúil. Faoin am ar thosaigh Cath an Somme in Iúil 1916, áfach, bhí próiseas athraithe ar bun in Éirinn a d’athródh tírdhreach polaitiúil agus sóisialta na tíre go buan.

TIONCHAR AR PHOBAILTuairim is seachtain i ndiaidh thús an chatha, bhí sé ag teacht chun solais go raibh líon na ndaoine a bhí á marú agus á ngortú ag an Somme iontach ard. Fágadh teaghlaigh agus pobail scriosta i ndiaidh an chatha mar gheall ar an dóigh ar cuireadh cathláin chomrádaithe le chéile a d’fhág go dtiocfadh le cairde, comharsana, comhoibrithe agus gaolta a bheith ag troid taobh le taobh. Léiríonn scéal mhuintir Hobbs ón Lorgain an tionchar a bhí ag an chath ar theaghlaigh agus ar phobail áirithe. Throid ceathrar deartháireacha – David, Andrew, Herbert agus Robert Hobbs – le chéile mar aon lena lán fear ón tsráid chéanna agus ó shráideanna cóngaracha ar an Lorgain. Ar an 8 Iúil, 1916, chonaic comharsana de chuid theaghlach Hobbs buachaill na dteileagram ag seachadadh nuacht faoi bhásanna saighdiúirí ar na tithe ar an tsráid. Nuair a tháinig an buachaill chuig teach mhuintir Hobbs, thug sé trí theileagram dá máthair, léiriú go raibh triúr den cheathrar mac a bhí aici marbh. Tháinig an ceathrú deartháir slán ach gortaíodh é. Ní ar an Lorgain amháin a raibh scéalta ann faoi níos mó ná aon teileagram amháin ag teacht chuig sráideanna agus tithe. Tharla a leithéid ar fud na hÉireann agus na Breataine.

1.)))PLÉCad é an eachtra a tharla in Éirinn in 1916 a raibh géarchéim pholaitiúil ann mar gheall uirthi?

5.

Page 4: CEACHT CUR SÍOS AR AN CHEACHT 5....ndiaidh Chath an Somme agus oibríochtaí móra eile, in ainneoin gur tuigeadh go dtiocfadh fadhbanna móra polaitiúla a bheith ann dá bharr

60 MODÚL 5: CEACHT 5: EOCHAIRFHAISNÉIS

MODÚL 5. CATH AN SOMME 5: FREAGAIRT AR CHATH AN SOMME IN ÉIRINN

Linen Hall Library

Linen Hall Library

FREAGAIRTÍ AR AN CHATH AR AN FHRONTA BAILEI litreacha a scríobhadh abhaile le linn an chatha, ba mhinic a léiríodh crógacht na saighdiúirí taobh le cur síos fuilteach ar na huafáis a chonaic siad. Scríobh a lán faoin scéin a bhí orthu agus iad ag amharc ar a gcomrádaithe ina luí marbh nó gortaithe, agus faoin eagla a bhí orthu go dtarlódh an rud céanna dóibhsean. Is dócha gur Cath an Somme a chuir beaguchtach ar roinnt daoine a bhí ag beartú liostáil, ach bhí laghdú tagtha ar an liostáil sular thosaigh an troid ag an Somme. Mar gheall ar ráta ard daoine a cailleadh nó a gortaíodh roimh an chath, mar aon leis an laghdú ar liostáil le háit na ndaoine a maraíodh nó a gortaíodh a ghlacadh, thug rialtas na Breataine an coinscríobh isteach i Márta 1916.

LIOSTÁIL VS COINSCRÍOBH IN ARM NA BREATAINESa chairt thíos, cuirtear figiúirí don liostáil agus don choinscríobh i gcomparáid i ndiaidh thabhairt isteach an choinscríofa i Márta 1916. Ó Iúil 1917, measadh gur coinscríofaigh iad na hearcaigh uilig a chuaigh isteach san arm.

Ar feadh an chogaidh, bhí laghdú leanúnach ar an liostáil. Ar na fáthanna leis seo, bhí an tuiscint nach mbeadh bua gasta sa chogadh agus na scéalta uafásacha a tháinig abhaile ón fhronta. Is léir ón iarracht an coinscríobh a thabhairt isteach in Éirinn in 1918 go raibh laghdú leanúnach ar an liostáil i ndiaidh Chath an Somme agus oibríochtaí móra eile, in ainneoin gur tuigeadh go dtiocfadh fadhbanna móra polaitiúla a bheith ann dá bharr.

0 50,000 100,000 150,000 200,000

Mar-16

Apr-16

May-16

Jun-16

Jul-16

Aug-16

Sep-16

Oct-16

Nov-16

Dec-16

Jan-17

Feb-17

Mar-17

Apr-17

May-17

Jun-17

Enlistment Conscription

Page 5: CEACHT CUR SÍOS AR AN CHEACHT 5....ndiaidh Chath an Somme agus oibríochtaí móra eile, in ainneoin gur tuigeadh go dtiocfadh fadhbanna móra polaitiúla a bheith ann dá bharr

61MODÚL 5: CEACHT 5: EOCHAIRFHAISNÉIS www.nervecentre.org/teachingdividedhistories

MODÚL 5. CATH AN SOMME 5: FREAGAIRT AR CHATH AN SOMME IN ÉIRINN

‘GÉARCHÉIM AN CHOINSCRÍOFA’ IN ÉIRINN

18 Aibreán 1918Reáchtáil Laurence O’Neill, Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, comhdháil ag Teach an Ard-Mhéara agus tionóladh Coiste Éireannach In Éadan an Choinscríofa ann, coiste ar a raibh Art Ó Gríofa, Éamon de Valera agus Joe Devlin, daoine a bhí ina n-ionadaí do chodanna difriúla den náisiúnachas.

Ar an lá chéanna, reáchtáil easpaig Chaitliceacha Rómhánacha a gcruinniú bliantúil agus d’fhógair siad go raibh an coinscríobh éagórach, agus spreag siad na baill le seasamh ina éadan.

1918

AIBREÁN

MEITHEAMH

21 Aibreán 1918Mhol na heaspaig agus an Coiste In Éadan an Choinscríofa móid in éadan an choinscríofa agus cuireadh ar fáil í ag doras an tséipéil i bparóistí Caitliceacha. Focail na móide: ‘Agus muid ag séanadh go bhfuil an ceart ag Rialtas na Breataine seirbhís éigeantach a chur i bhfeidhm sa tír seo, móidíonn muid go sollúnta le chéile seasamh in éadan an choinscríofa ar an dóigh is éifeachtaí dá bhfuil againn.’

23 Aibreán 1918D’eagraigh gluaiseacht Éireannach an lucht oibre stailc ghinearálta lae a chuir stop le hobair ar iompar poiblí, longcheárta, siopaí, dugaí agus monarchana. Oibrithe i mBéal Feirste amháin, áit a raibh an pobal aontachtach ina thromlach, nach ndeachaigh ar stailc.

5 Bealtaine 1918John Dillon, ceannaire Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann, agus Éamon de Valera, ceannaire Shinn Féin, dhá pháirtí a scoilt mar gheall ar cheisteanna neamhspleáchais ón Bhreatain, roinn siad ardán ag slógadh in aghaidh an choinscríofa i Ros Comáin os comhair 15,000 duine.

17 Bealtaine 1918Creideadh go raibh plota ann le sluaíocht mhíleata Ghearmánach a thabhairt go hÉirinn, agus thug riarachán Chaisleán Bhaile Átha Cliath ordú go ngabhfaí 73 de cheannairí Shinn Féin, Éamon de Valera ina measc. Chonacthas gur freagairt róláidir ó na húdaráis a bhí ann gan fianaise ar bith leis. Mar gheall air sin, chothaigh na gabhálacha tacaíocht do Shinn Féin.

20 Meitheamh 1918D’éirigh Rialtas na Breataine as na pleananna don choinscríobh in Éirinn i ndiaidh do Mheiriceá dul isteach sa chogadh, rud a chas taoide an chogaidh ar son fhórsaí na gComhghuaillithe. Dá bharr, glacadh leis go raibh an bua ag Sinn Féin agus bhí ollbhua acu ina dhiaidh sin ar Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann sa toghchán i Mí na Nollag 1918.

Page 6: CEACHT CUR SÍOS AR AN CHEACHT 5....ndiaidh Chath an Somme agus oibríochtaí móra eile, in ainneoin gur tuigeadh go dtiocfadh fadhbanna móra polaitiúla a bheith ann dá bharr

62 MODÚL 5: CEACHT 5: EOCHAIRFHAISNÉIS www.nervecentre.org/teachingdividedhistories

MODÚL 5. CATH AN SOMME 5: FREAGAIRT AR CHATH AN SOMME IN ÉIRINN

TUAIRIMÍ DIFRIÚLABhí difear sa fhreagairt ar an Somme go ginearálta idir Éireannaigh aontachtacha agus Éireannaigh náisiúnacha. Nuair a tháinig an cath chun deiridh i Mí na Samhna 1916, bhí athrú polaitiúil ag dul ar aghaidh sa náisiúnachas in Éirinn. Bhí ceiliúradh ar na sráideanna i Mí na Nollag 1916 nuair a scaoileadh saor imtheorannaithe ó Éirí Amach na Cásca agus d’fhill siad abhaile. Bhí mic, fir chéile, aithreacha agus deartháireacha ó a lán teaghlach náisiúnach ag troid ar an Fhronta Thiar agus bheadh an teaghlach iontach bródúil as a ngníomhartha, beag beann ar na hathruithe polaitiúla. Faoi dheireadh an chogaidh, áfach, ba laochra iad ag náisiúnaithe mairtírigh Éirí Amach na Cásca, agus ní na hÉireannaigh a throid ag an Somme. (Féach Dearcthaí 1).

Bhí freagairt na nAontachtaithe ar an chath thar a bheith difriúil. I gcomparáid le himeachtaí Sheachtain na Cásca, spreag eachtraí an Somme insint ar an stair inar throid agus inar bhásaigh Aontachtaithe dílse Uladh ar son na Breataine, a fhad agus a bhuail Poblachtaigh mhídhílse Éireannacha buille fealltach ar an Bhreatain le linn cogaidh. Mar gheall ar na cailliúintí móra a d’fhulaing an 36ú Rannán (Ulaidh) ag an Somme, d’amharcfaí ar na saighdiúirí a throid mar laochra agus ghreanfaí an eachtra in intinn na n-aontachtaithe go ceann na nglúnta. De réir mar a chuaigh an fichiú haois ar aghaidh, d’éirigh Cath an Somme ina cuid thábhachtach d’fhéiniúlacht chultúrtha Aontachtaithe Uladh.

© IW

M (Q

1540

)

2.))) PLÉ Dar leat, cad chuige ar mhó an comóradh a rinne náisiúnaithe ar na daoine a bhí páirteach in Éirí Amach na Cásca ná orthu siúd a throid ag Cath an Somme?

Page 7: CEACHT CUR SÍOS AR AN CHEACHT 5....ndiaidh Chath an Somme agus oibríochtaí móra eile, in ainneoin gur tuigeadh go dtiocfadh fadhbanna móra polaitiúla a bheith ann dá bharr

63MODÚL 5: CEACHT 5: EOCHAIRFHAISNÉIS www.nervecentre.org/teachingdividedhistories

MODÚL 5. CATH AN SOMME 5: FREAGAIRT AR CHATH AN SOMME IN ÉIRINN

DEARCTHAÍ

1. “ Beidh na fir seo sa Táin mar laochra agus mar mhairtírigh; agus beidh mise sa Táin - má luaitear ar chor ar bith mé - mar oifigeach mallaithe Briotanach.’

Tom Kettle, Éireannach a throid sa Chéad Chogadh Domhanda, ag trácht ar cheannairí Éirí Amach na Cásca

2. “ Bhí a fhios agam cad é a bhí sa teileagram – bhí a fhios agam le seachtain – ach cionn is go ndiúltaíonn dóchas síoraí chroí an duine ligean don chinnteacht iomasach rud atá ar eolas aici a áitiú ar an réasún, d’oscail mé é agus léigh mé é agus mé cráite go coscrach ag an teannas.”

Vera Brittain agus í ag cuimhneamh ar fhógra a fháil ar bhás a dearthár

3. “ Dar le hAontachtaí Uladh, ba é géarchéim an choinscríofa an deimhniú deiridh nárbh fhéidir comhréiteach a dhéanamh idir ardmhianta Náisiúnaithe agus Aontachtaithe.”

James Craig, ceannaire Aontachtach, agus é ag freagairt do ‘ghéarchéim an choinscríofa’ in Éirinn

Page 8: CEACHT CUR SÍOS AR AN CHEACHT 5....ndiaidh Chath an Somme agus oibríochtaí móra eile, in ainneoin gur tuigeadh go dtiocfadh fadhbanna móra polaitiúla a bheith ann dá bharr

64 MODÚL 5: CEACHT 5: EOCHAIRFHAISNÉIS www.nervecentre.org/teachingdividedhistories

MODÚL 5. CATH AN SOMME 5: FREAGAIRT AR CHATH AN SOMME IN ÉIRINN

CEISTEANNA

1. Cad é an toisc a chreidtear a chuir leis an titim ar an liostáil in Éirinn?

3. Cérbh iad an dá cheannaire a bhí ar an aon ardán ag slógadh in éadan an choinscríofa i Ros Comáin?

4. Cad é an páirtí polaitíochta in Éirinn a raibh clú níos fear air cionn is gur chuir se in éadan an choinscríofa?

2. Cad chuige nár ghlac Aontachtaithe i mBéal Feirste páirt sa stailc lae a eagraíodh in éadan an choinscríofa?

?

?

++ ++GNÍOMHAÍOCHT BHREISE 2: Luaigh trí cinn de na grúpaí difriúla a bhí in éadan an choinscríofa in Éirinn agus tabhair cur síos gairid ar na fáthanna.

GNÍOMHAÍOCHT BHREISE 1: Déan taighde ar eachtraí an Phlota Ghearmánaigh i mBealtaine 1918, ar gabhadh 73 ball de Shinn Féin dá bharr, agus scríobh paragraf gairid ar an méid a bhí riarachán Chaisleán Bhaile Átha Cliath ag iarraidh a chur i gcrích leis. Cad iad na modhanna a bhí siad ag iarraidh a úsáid? An raibh a gcuid gníomhartha bunaithe ar fhíricí? Mínigh do fhreagra agus eagraigh plé ranga bunaithe ar na torthaí.

TASC 1Fiosraigh an chairt liostála ar lch 60 agus scrúdaigh an ról a d'fhéadfadh a bheith ag treo Chath an Somme agus ag na scéalta a scríobhadh faoi ar an titim ar an liostáil. Cad iad na tosca eile a d'fhéadfadh titim ar an liostáil in arm na Breataine a bheith ann dá mbarr? An smaoineamh maith a bhí sa choinscríobh? Déanfar dhá ghrúpa den rang - ceann amháin ar son an choinscríofa agus an ceann eile ina éadan agus eagrófar díospóireacht ranga bunaithe ar thorthaí a dtaighde. Fiosraigh an t-éileamh ar níos mó fear ar an líne tosaigh i bhfianaise cogadh fada ina raibh a lán daoine ag fáil bháis. An raibh an ceart ag náisiúnaithe Éireannacha seasamh in éadan an choinscríofa? Fiosraigh agóideoirí a throid ar son an chirt gan dul isteach san arm, in ainneoin thabhairt isteach an choinscríofa.

Page 9: CEACHT CUR SÍOS AR AN CHEACHT 5....ndiaidh Chath an Somme agus oibríochtaí móra eile, in ainneoin gur tuigeadh go dtiocfadh fadhbanna móra polaitiúla a bheith ann dá bharr

65MODÚL 5: CEACHT 5: EOCHAIRFHAISNÉIS www.nervecentre.org/teachingdividedhistories

MODÚL 5. CATH AN SOMME 5: FREAGAIRT AR CHATH AN SOMME IN ÉIRINN

ÁISEANNA BREISE MOLTA1) http://www.rte.ie/archives/exhibitions/1011-ireland-and-

the-great-war/1016-easter-rising/315378-emmet-dalton-remembers/?page=1 - Saighdiúir Éireannach ag cuimhneamh ar an fhreagairt a bhí aige ar Éirí Amach na Cásca

2) http://www.rte.ie/archives/exhibitions/1011-ireland-and-the-great-war/1016-easter-rising/317223-the-irish-brigades-in-the-first-world-war/ - Cuimhníonn ball de na Gardaí Éireannacha ar an Éirí Amach in Éirinn

3) http://www.bbc.co.uk/guides/zc3dhyc - Píosa ina ndéantar scrúdú ar thionchar scannán Chath an Somme

4) http://www.independent.co.uk/news/world/world-history/history-of-the-first-world-war-in-100-moments/a-history-of-the-first-world-war-in-100-moments-i-read-it-in-a-tearing-anguish--a-nurse-on-receiving-the-telegram-that-brought-news-of-her-brothers-death-9580091.html - Cuimhníonn altra ar theileagram a fháil de bhás a dearthár

5) http://www.irishtimes.com/news/ireland/irish-news/band-of-brothers-one-family-s-story-of-the-first-world-war-1.1885281 - Scéal cúigear deartháireacha Éireannacha a maraíodh i dTuaisceart na Fraince

Déanfar dhá ghrúpa de na daltaí, le guthanna na náisiúnaithe agus guthanna na n-aontachtaithe a léiriú faoi seach, agus beidh orthu a shamhlú go bhfuil siad ag eagrú ócáid chomórtha 10 mbliana Chath an Somme.

Beidh an dá ghrúpa ag moladh pointí bunaithe ar ghníomhartha an 36ú Rannán (Ulaidh), arbh aontachtaithe a mbunús, agus an 16ú Rannán (Éireannach), ar náisiúnaithe a mbunús, agus ar an dóigh a mothaíonn siad gur chóir an ócáid a chomóradh agus na saighdiúirí a chuimhneamh.

Ba chóir do dhaltaí na cineálacha eachtraí comórtha a rinneadh cheana féin a fhiosrú agus na dóigheanna ar roghnaigh an dá thaobh cuimhneamh ar rudaí. Cuir san áireamh an staid pholaitiúil in Éirinn ag an am, gan ach 10 mbliana i ndiaidh an chatha, agus an dóigh is fearr le tabhairt faoi ócáid chomhroinnte.

Cuirfidhandádhreamdaltaíagcuidtorthaíiláthairdonrangagus aontóidh siad ar chomóradh comhroinnte a léiríonn leasa an dá pháirtí.

TASC MALARTACH

Page 10: CEACHT CUR SÍOS AR AN CHEACHT 5....ndiaidh Chath an Somme agus oibríochtaí móra eile, in ainneoin gur tuigeadh go dtiocfadh fadhbanna móra polaitiúla a bheith ann dá bharr

66 MODÚL 5: CEACHT 5: TASCANNA DIGITEACHA www.nervecentre.org/teachingdividedhistories

MODÚL 5. CATH AN SOMME 5: FREAGAIRT AR CHATH AN SOMME IN ÉIRINN

CUR SÍOS AR AN TASCCruthóidh daltaí scannán, a bheidh ar a laghad 30 soicind ar fad, a inseoidh scéal na gluaiseachta in éadan an choinscríofa in Éirinn. Úsáidfidh na daltaí íomhánna ón chogadh agus ón am i mBaile Átha Cliath lena thaispeáint an dóigh ar glacadh le coincheap an choinscríofa, agus cuirfidh siad fotheidil leo leis an scéal a insint.

PLEANGheofar faisnéis ón idirlíon agus déanfar í a dhearadh mar scéalchlár.

• Tabharfaidh an múinteoir téarmaí cuardaigh do na daltaí agus gheobhaidh siad íomhánna, físeáin, closábhar agus faisnéis atá fóirsteanach ón idirlíon – iarr ar na daltaí iontaofacht agus oibiachtúlacht na faisnéise a gheobhaidh siad a chur san áireamh.

• Aimseoidh agus roghnóidh na daltaí faisnéis atá le húsáid agus sábhálfaidh siad í go cuí i bhfillteán tiomnaithe ar a bhfuil comhadainm ciallmhar (d’fhéadfaí gur íomhánna nó sleachta a bheadh ann, a bhí ina gcuidiú leo a scripteanna a scríobh).

• Coinneoidh na daltaí cuntas ar na suíomhanna ar thug siad cuairt orthu i ndoiciméad a shábhálfaidh siad.

• Úsáidfidh na daltaí an fhaisnéis agus na meáin a gheobhaidh siad agus déanfaidh siad scéalchlár leis an scannán a dhéanamh.

DÉANIompórtálfaidh na daltaí na míreanna meáin éagsúla a fuair siad ar an idirlíon. Úsáidfidh na daltaí a scéalchlár mar threoir agus déanfaidh siad an scannáin leis na huirlisí éagsúla eagarthóireachta (Scoilteadh, Bearradh, Trasdulta, Maisíochtaí agus Fotheidil/Teidil). Déanfaidh na daltaí a bpíosa oibre a easpórtáil i bhformáid comhaid chuí (m.sh. WMV nó MP4)) lena chríochnú.

• Spreag na daltaí le smaoineamh ar mhéid agus ar stíl an chló, méid na n-íomhánna, na maisíochtaí/trasdulta a úsáidtear agus na huirlisí atá ar fáil dóibh sa phacáiste bogearraí.

• Cuir i gcuimhne do na daltaí a gcuid oibre a shábháil i bhfillteán tiomanta ar a bhfuil comhadainm ciallmhar.

SÚIL SIARTabhair deis do na daltaí amharc ar obair a chéile. Seinn píosaí roghnaithe nó ligean do na daltaí siúl thart an seomra ag amharc ar obair a chéile leis an deis sin a thabhairt dóibh.

Iarr ar na daltaí, i bhfianaise an aiseolais ó dhaltaí eile, a roghanna agus cinntí a chosaint, agus deacrachtaí ar bith le cruthú an fhíschomhaid a chur san áireamh. Is féidir seo a dhéanamh i ndoiciméad a shábhálfaidh siad.

TASC SCANNÁN- ÓIREACHTA

TASCANNA DIGITEACHA

Page 11: CEACHT CUR SÍOS AR AN CHEACHT 5....ndiaidh Chath an Somme agus oibríochtaí móra eile, in ainneoin gur tuigeadh go dtiocfadh fadhbanna móra polaitiúla a bheith ann dá bharr

67MODÚL 5: CEACHT 5: TASCANNA DIGITEACHAwww.nervecentre.org/teachingdividedhistories

MODÚL 5. CATH AN SOMME 5: FREAGAIRT AR CHATH AN SOMME IN ÉIRINN

TASCANNA DIGITEACHA

CUR SÍOS AR AN TASCÚsáidfidh na daltaí bogearraí cruthaithe greannáin (m.sh. Comic Life) le greannán aon leathanaigh a chruthú a dhéanfaidh comparáid agus codarsnacht idir an dóigh ar caitheadh le saighdiúirí Éireannacha a tháinig ar ais ón Somme agus leis na fir a tháinig ar ais i ndiaidh dóibh bheith i bpríosún as troid in Éirí Amach na Cásca. Déan taighde agus roghnaigh íomhánna agus faisnéis ón idirlíon a úsáidfear i do ghreannán leis an scéal a insint (de rogha air sin, is féidir leis an mhúinteoir íomhánna agus faisnéis a fháil roimh an cheacht).

PLEANGheofar íomhánna agus faisnéis ón idirlíon agus déanfar iad a dhearadh i bhfoirm scéalchlár.

• Tabharfaidh an múinteoir téarmaí cuardaigh do na daltaí agus gheobhaidh siad íomhánna agus téacs fóirsteanach ón idirlíon – iarr ar na daltaí iontaofacht agus oibiachtúlacht na faisnéise a gheobhaidh siad a chur san áireamh.

• Aimseoidh agus roghnóidh na daltaí íomhánna/téacs atá le húsáid agus sábhálfaidh siad iad go cuí i bhfillteán tiomnaithe ar a bhfuil comhadainm ciallmhar.

• Coinneoidh na daltaí cuntas ar na suíomhanna ar thug siad cuairt orthu i ndoiciméad a shábhálfaidh siad.

• Úsáidfidh na daltaí na híomhánna agus an fhaisnéis a fuair siad agus dearfaidh siad a ngreannán ar scéalchlár.

DÉANÚsáidfidh na daltaí íomhánna agus bolgáin chainte/boscaí fortheidil le cur síos ar an dóigh ar cuimhníodh ar an dá pháirtí agus an dóigh a ndearnadh comóradh orthu. Úsáidfidh na daltaí 3 íomhá ar a laghad a fuair siad. Thig le daltaí áirithe comparáid a dhéanamh idir na cuimhneacháin seo agus cinn eile ó ar fud an RA. Déanfaidh na daltaí an píosa oibre acu a easpórtáil i bhformáid comhaid chuí (m.sh. JPEG) lena chríochnú.

• Spreag na daltaí le smaoineamh ar mhéid agus ar stíl an chló, méid agus bearradh na n-íomhánna, na dathanna a úsáidtear agus na huirlisí atá ar fáil dóibh sa phacáiste bogearraí.

• Cuir i gcuimhne do na daltaí a gcuid oibre a shábháil i bhfillteán tiomanta ar a bhfuil comhadainm ciallmhar.

SÚIL SIARTabhair deis do na daltaí amharc ar obair a chéile. Cuir an obair is fearr ar taispeáint ar an chlár bhán nó lig do na daltaí siúl thart an seomra le hamharc ar obair a chéile leis an deis sin a thabhairt dóibh.

Iarr ar na daltaí, i bhfianaise an aiseolais ó dhaltaí eile, a roghanna agus cinntí a chosaint, agus deacrachtaí ar bith le cruthú an ghreannáin a lua. Is féidir seo a dhéanamh i ndoiciméad a shábhálfaidh siad.

TASC CRUTHAITHE GREANNÁIN

Page 12: CEACHT CUR SÍOS AR AN CHEACHT 5....ndiaidh Chath an Somme agus oibríochtaí móra eile, in ainneoin gur tuigeadh go dtiocfadh fadhbanna móra polaitiúla a bheith ann dá bharr

www.nervecentre.org/teachingdividedhistories