coimisiún thithe an oireachtais – an tuarascáil bhliantúil, 2019 laid... · 2020-07-01 ·...
TRANSCRIPT
Coimisiún Thithe an OireachtaisAn Tuarascáil Bhliantúil, 2019
Hou
ses
of t
he
Oir
each
tas
Com
mis
sion
A
nnu
al R
epor
t 20
19
Coimisiún Th
ithe an O
ireachtais
An Tu
arascáil Bhliantú
il, 2019
Tithe an Oireachtais Teach Laighean Sráid Chill Dara Baile Átha Cliath 2 D02 XR20
www.oireachtas.ie Guthán: +353 (0)1 6183000 nó (0)76 1001700 Facebook: www.facebook.com/OireachtasNews Twitter: @OireachtasNews Instagram: www.instagram.com/oireachtas_news flickr: www.flickr.com/photos/oireachtas LinkedIn: https://ie.linkedin.com/company/housesoftheoireachtas
Déan ceangal linn
Íoslódáil an Aip
Ar ócáid an Chomórtha seo ar Chothrom Céad Bliain an chéad tionóil de Dháil Éireann an 21 Eanáir 1919,
Déanaimidne, ionadaithe mhuintir na hÉireann, aitheantas a thabhairt don stair chasta chomhroinnte atá againn agus déanaimid ár machnamh uirthi;
Déanaimid comóradh ar aisling, crógacht agus íobairt na gcomhaltaí den chéad Dáil Éireann agus déanaimid onóir a thabhairt dóibh;
Is ábhar mórtais dúinn, agus is luachmhar linn, an daonlathas parlaiminteach a d’fhág siad le hoidhreacht; agus
Déanaimid gealltanas sollúnta a thabhairt, leis an Dearbhú seo, ár ndaonlathas parlaiminteach a chaomhnú agus a neartú, ar mhaithe lenár náisiún agus go ceann céad bliain eile.
Seán Ó Fearghaíl, T.D. An Seanadóir Donnacadha Ó Donnabháin An Ceann Comhairle Cathaoirleach Sheanad Éireann
Dearbhú Comórtha Céad Bliain
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
1
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
Réamhrá ón gCeann Comhairle agus ón gCathaoirleach 3
Forléargas an Ard-Rúnaí 6
Ár gCreat Rialachais 9
Forléargas ar Obair an Choimisiúin in 2019 15
An Tuarascáil Bhliantúil ar an bPlean Straitéiseach, 2019-2021 –
Oireachtas a Oibríonn don Phobal, a Chur i nGníomh 17
Príomhghníomhaíochtaí Parlaiminteacha in 2019 18
Na Ceithre Phríomhthoradh Straitéiseacha 20
TORADH STRAITÉISE 1: Parlaimint Éifeachtach 26
TORADH STRAITÉISE 2: Parlaimint Oscailte agus Ghafa 40
TORADH STRAITÉISE 3: Parlaimint Dhigiteach 54
TORADH STRAITÉISE 4: Pobal Parlaiminteach a dTacaítear go Tréan leis 59
Feidhmíocht Airgeadais le linn thréimhse Chreat Buiséid Trí Bliana an Choimisiúin, 2019-2021 75
Cuntais Choimisiún Thithe an Oireachtais don Tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2019 76
An Tuarascáil ar Chomhlíonadh Fhorálacha na Reachtaíochta um Íoc Pras 111
Aguisíní 112
Aguisín I: Cairt Eagraíochtúil Sheirbhís Thithe an Oireachtais 112
Aguisín II: An Ráiteas maidir le hAcmhainní, 2019 113
Aguisín III: An Tuarascáil Bhliantúil ó Choiste Iniúchóireachta an Choimisiúin, 2019 114
Aguisín IV: Na Billí a Tionscnaíodh i dTithe an Oireachtais in 2019 117
Aguisín V: Na Billí a Rith Tithe an Oireachtais in 2019 120
Aguisín VI: Cruinnithe agus Tuarascálacha na gCoistí Parlaiminte in 2019 122
Aguisín VII: An Tuarascáil Bhliantúil faoin Acht um Nochtadh Cosanta, 2014 125
Aguisín VIII: Cruinnithe den Choimisiún agus Tinreamh in 2019 126
Aguisín IX: Gluais Téarmaí 127
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
2
Coimisiún Thithe an Oireachtais
Clár an Ábhair
Réamhrá ón gCeann Comhairle agus ón gCathaoirleach
Tá áthas orainn an Tuarascáil Bhliantúil, 2019
a thíolacadh do Thithe an Oireachtais, de
bhun an cheanglais maidir le tuairisciú reachtúil a
shonraítear in alt 6 de na hAchtanna um Choimisiún
Thithe an Oireachtais, 2003-2018 (Achtanna an
Choimisiún).
Tugtar forléargas sa tuarascáil bhliantúil ar obair an
Choimisiúin ó thaobh tabhairt faoina fheidhmeanna,
go sonrach maidir le seirbhísí a sholáthar chun tacú
le hobair Thithe an Oireachtais agus chomhaltaí na
parlaiminte. Léirítear sna cuntais airgeadais iniúchta,
a chuirtear i láthair ar leathanach 76, an caiteachas
a tabhaíodh maidir le Tithe an Oireachtais a reáchtáil
in 2019.
Leagtar amach an tuarascáil bhliantúil ar chur i
ngníomh an Phlean Straitéisigh, a chuir an tArd-
Rúnaí faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le
halt 16 d’Achtanna an Choimisiúin ar leathanach 19.
Léirítear an dul chun cinn sa tuarascáil a rinneadh in
aghaidh an Phlean Straitéisigh in 2019. Aithnímid na
héachtaí le bliain anuas, na gníomhartha atá ar na
bacáin chun an straitéis a thabhairt chun cinn i
gcaitheamh na chéad tréimhse eile den Phlean,
agus iarrachtaí fhoireann na Seirbhíse chun an
dul chun cinn a tugadh le fios a bhaint amach.
Cuirtear tuarascáil bhliantúil na bliana seo i láthair le
linn tréimhse ar leith fad a théann ár náisiún i ngleic
leis na hathruithe ó bhonn atá tagtha ar ár saol de
dheasca phaindéim COVID-19.
Cuirimid ár gcomhbhrón ó chroí in iúl do theaghlaigh
agus do chairde na ndaoine sin a fuair bás mar
thoradh ar COVID-19.
Cuirimid ár mbuíochas in iúl freisin do na sároibrithe
uile túslíne; dár n-oibrithe cúraim sláinte a thugann
aire dár bpobal; dóibh siúd a d’fhill abhaile ó
áiteanna thar lear agus a d’éirigh as bheith ar scor
chun a scileanna agus saineolas a chur ar fáil; dár
bpríomhoibrithe a bhfuil seirbhísí bunriachtanacha á
soláthar acu; dár bhfostaithe sa tseirbhís phoiblí a
bhfuil seirbhísí ríthábhachtacha poiblí á soláthar acu;
agus do na hiarrachtaí ollmhóra atá á ndéanamh ag
comharsana agus ag oibrithe deonacha ar fud ár
bpobal a chuir lámh chúnta ar fáil chun cabhrú leis na
daoine is leochailí.
Go raibh maith agaibh as an tseirbhís a sholáthair
sibh dúinn go léir.
Tá ról tábhachtach ag Tithe an Oireachtais agus ag
parlaiminteoirí maidir le maoirseacht a dhéanamh ar
na bearta a cuireadh i bhfeidhm chun sláinte an
phobail a chosaint agus ar thionchar na mbeart sin ar
an saol agus ar shlite maireachtála. Is tábhachtaí
anois ná riamh, le linn na tréimhse seo ina bhfuil
íobairtí ollmhóra déanta ag daoine agus ina bhfuil
an-tiomantas go deo á léiriú acu chun tacú leis an
iarracht sláinte poiblí, go dtugann ionadaithe tofa
buarthaí a dtoghthóirí sa pharlaimint chun solais
agus go gcinntíonn siad go mbuntacaítear leis an
bhfreagairt don éigeandáil sláinte poiblí trí
ghrinnscrúdú parlaiminteach a dhéanamh.
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
3
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
Agus machnamh siar níos fairsinge á dhéanamh ar
an obair a rinneamar le bliain anuas, ba gharsprioc
thábhachtach é Tionscadal Athchóirithe Theach
Laighean Seoirseach a chríochnú. Ba mhór an togra é
athchóiriú agus caomhnú an Tí a tógadh 274 bliain ó
shin agus ní hamháin go gcaomhnóidh sé stair an Tí
don ghlúin amach anseo, ach cinnteoidh an
t-uasghrádú a rinneadh ar an bhfoirgneamh freisin
go bhfreastalóidh Teach Laighean ar riachtanais ár
bparlaiminte agus ár bparlaiminteoirí agus go
leanfaidh sé de bheith inrochtana do chuairteoirí
agus d’fháilte a chur roimh chuairteoirí go ceann
tamall fada de bhlianta amach anseo. Léirímid ár
mbuíochas don Choimisinéir John McMahon, don
Phríomhailtire, Ciarán O’Connor agus dá bhfoireann
oifigeach ó Oifig na nOibreacha Poiblí.
Ba é aistriú Sheanad Éireann ar ais go Teach
Laighean óna sheomra sealadach in Ard-Mhúsaem
na hÉireann an chéad chuspóir maidir leis an
bhfoirgneamh a ullmhú le haghaidh atháitiú. Áiríodh
leis na hoibreacha: Seomra an tSeanaid a
athshuiteáil sa Teach sula n-atosófar suíonna an
tSeanaid i ndiaidh shos an tsamhraidh. Ba mhaith
linn ár mbuíochas a chur in iúl do Bhord Ard-
Mhúsaem na hÉireann a thacaigh linn i rith an
tionscadail seo.
Cuid lárnach de Straitéis Cumarsáide an Choimisiúin
is ea an pobal a nascadh lena bparlaimint agus na
Tithe a dhéanamh níos inrochtana. Is iomaí rud atá
bainte amach cheana féin chun an cuspóir sin a
thabhairt chun cinn agus lean an obair seo ar
aghaidh trí roinnt tionscnaimh éagsúla i
gcaitheamh na bliana.
Tionóladh suí speisialta de dhá Theach an
Oireachtais i dTeach an Ard-Mhéara in Eanáir 2019
chun comóradh céad bliain a dhéanamh ar chéad
chruinniú Dháil Éireann. Chun comóradh a dhéanamh
ar an eachtra stairiúil seo, rinne na Tithe clár
imeachtaí a bhí dírithe ar rannpháirtíocht an phobail
a reáchtáil faoi chlár comórtha Dáil 100 chun an
institiúid a oscailt don phobal.
Chun ceiliúradh a dhéanamh ar chríochnú an
tionscadail athchóirithe, osclaíodh Teach Laighean
don phobal chun clár turas treoraithe speisialta agus
gníomhaíochtaí cultúrtha a chur ar siúl, rud a thug
deis do chuairteoirí féachaint timpeall sa Teach
stairiúil agus foghlaim faoina athchóiriú agus faoina
chaomhnú ó na daoine a raibh baint acu leis an
tionscadal.
Díríodh freisin ar dheis cainte a thabhairt do dhaoine
óga inár bparlaimint náisiúnta. Shuigh 157 duine óg
i nDáil Éireann i mí na Samhna chun an chéad
Chomhthionól na nÓg ar an Aeráid a thionól. Thug an
t-imeacht deis uathúil do thoscairí óga ó áiteanna fud
fad na tíre a ndearcthaí agus a dtograí a chur i láthair
TDanna, Seanadóirí agus Airí ó urlár Sheomra na
Dála maidir le gníomhú ar son na haeráide. Ba
mhaith linn ár mbuíochas a léiriú do RTÉ as
comhoibriú le Seirbhís Thithe an Oireachtais
chun an Tionól a eagrú.
Bhí sé de phribhléid againn freisin Dáil na nÓg,
an pharlaimint náisiúnta do dhaoine óga, a reáchtáil,
áit ar cuireadh a ndíospóireacht dhébhliantúil
ar bun i dTeach Laighean mar chuid de chlár
comórtha Dáil 100.
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
4
Coimisiún Thithe an Oireachtais
B’ócáidí tábhachtacha iad seo i dtaobh aird a
thabhairt ar rannpháirtíocht daoine óga sa phróiseas
daonlathach agus i dtaobh cloisteáil ón gcéad ghlúin
eile de chinnteoirí maidir leis na saincheisteanna atá
tábhachtach dóibh. Ba mhaith linn moladh a
thabhairt do na daoine óga a ghlac páirt sna
díospóireachtaí a chuir siad ar siúl sa Seomra
agus a thug ábhar machnaimh dúinn.
Chuireamar fáilte roimh bhreis agus 98,000
cuairteoir chuig Teach Laighean in 2019. Cé nach
féidir le cuairteoirí cuairt a thabhairt ar na Tithe faoi
láthair chun na treoirlínte maidir le sláinte phoiblí a
chomhlíonadh, leanfar le clúdach beo ar imeachtaí
na Dála, an tSeanaid agus na gcoistí parlaiminte a
chraoladh beo ar Oireachtas TV. Leanfaimid freisin le
rannpháirtíocht i measc scoileanna agus daltaí a
éascú trínár gclár oideachais ar líne, agus bainfear
úsáid bhreise as ár gcainéil chumarsáide ar líne agus
dhigiteacha chun eolas a thabhairt don phobal ar
obair na dTithe. Tugaimid cuireadh duit cuairt a
thabhairt ar Thithe an Oireachtais ar líne ag
www.oireachtas.ie.
Leagtar amach cuntas airgeadais an Choimisiúin don
bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2019 a ndearna an
tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste iniúchadh air, ar
leathanach 76. Tá an Coimisiún meáite ar a chinntiú
go mbaintear úsáid éifeachtúil as acmhainní poiblí i
gcomhlíonadh a fheidhmeanna. Léirítear sa chuntas
gur tabhaíodh caiteachas €127 milliún i ndáil leis na
Tithe a reáchtáil, i gcomparáid le buiséad €149
milliún. Áiríodh sa mhéid sin soláthar do thoghcháin
don dá Theach, ar tugadh anonn é go dtí 2020, agus
d’fhág sé sin go raibh glanchaiteachas €22 milliún
(15%) ann in 2019.
Ba é an bhliain seo caite bliain deiridh an 32ú Dáil
agus an 25ú Seanad. Is cuspóir tábhachtach de chuid
an Choimisiún agus de chuid na Seirbhíse faoi láthair
é tacú le comhaltaí nuathofa chun tabhairt faoina róil
reachtaíochta sa Dáil agus sa Seanad.
Mar fhocal scoir, ba mhaith linn ár mbuíochas a
chur in iúl d’iarchomhaltaí a d’fhóin sa Choimisiún le
ceithre bliana anuas, agus do na Coistí a chabhraíonn
leis an gCoimisiún. Cuirimid fáilte roimh chomhaltaí
nua an Choimisiúin agus táimid ag tnúth le bheith ag
obair leo sa tréimhse amach romhainn. Aithnímid na
héachtaí atá bainte amach ag an tSeirbhís le bliain
anuas. Ba mhaith linn buíochas a ghlacadh leis an
Ard-Rúnaí, leis an mBord Bainistíochta agus le
foireann na Seirbhíse as an obair a rinne siad chun
na seirbhísí is gá a sholáthar chun tacú le Tithe an
Oireachtais agus lena gcomhaltaí. Cuirimid buíochas
ar leith in iúl don tSeirbhís as an obair atá ar siúl acu
chun freagairt don dúshlán ar leith a bhaineann le
leanúint le soláthar na seirbhísí ríthábhachtacha a
bhfuil gá leo chun gur féidir leanúint de ghnó na
parlaiminte agus d’obair na gcomhaltaí a dhéanamh,
ar bhealach sábháilte, i rith phaindéim COVID-19.
Seán Ó Fearghaíl TD
An Ceann Comhairle
An Seanadóir Donnacadha Ó Donnabháin
Cathaoirleach Sheanad Éireann
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
5
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
Forléargas an Ard-Rúnaí
An Tuarascáil Bhliantúil ar an bPlean Straitéiseach, 2019-2021 – Oireachtas a Oibríonn don Phobal, a Chur i nGníomh
Is cúis áthais dom Tuarascáil 2019 a thíolacadh ar an
bPlean Straitéiseach, 2019 -2021 – Oireachtas a
Oibríonn don Phobal, a Chur i nGníomh.
Tá an Plean Straitéiseach seo á sholáthar de réir
mar a dhruideann cothrom dhá chéad bliain Dháil
Éireann linn. Is mór an t-athrú atá tagtha ar an
domhan, áfach, ó cuireadh tús leis an bplean in
2019. Tá dúshláin nua nach raibh a leithéid ann riamh
roimhe seo romhainn mar thoradh ar phaindéim
Covid-19. Caithfimid teacht ar bhealaí nua, ach go
háirithe, chun seirbhísí a sholáthar do na comhaltaí
den 33ú Dáil agus den 26ú Seanad lena chur ar a
gcumas tabhairt faoina bhfeidhmeanna
parlaiminteacha go héifeachtach i rith na tréimhse
dúshlánaí seo, agus sábháilteacht agus folláine gach
duine inár bpobal parlaiminte á gcinntiú ag an am
céanna.
Ullmhaíodh an tuarascáil seo don bhliain 2019 de réir
alt 16(1)(k) de na hAchtanna um Choimisiún Thithe an
Oireachtais, 2003-2018 (Achtanna an Choimisiúin),
lena gceanglaítear orm, mar Ard-Rúnaí, tuarascáil a
thíolacadh don Choimisiún go bliantúil faoin dul chun
cinn atá déanta maidir leis an bPlean Straitéiseach
a chur i ngníomh.
Ba bhliain an-tábhachtach do Thithe an Oireachtais
é 2019, tráth a rinneamar ceiliúradh ar chomóradh
céad bliain ar chéad suí Dháil Éireann. Rinne an Dáil
ceiliúradh ar chomóradh céad bliain na Dála an 21
Eanáir 2019 i ndiaidh imeacht searmanais a craoladh
go beo ar an teilifís a chur ar siúl i dTeach an Ard-
Mhéara a rinne athmhachnamh ar an daonlathas
parlaiminteach atá bainte amach le 100 bliain anuas.
Chuir an Ceann Comhairle tús leis an imeacht. Thug
Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUiginn, an
spreagaitheasc agus cuireadh deireadh leis an
imeacht le Comhshuí na dTithe agus i ndiaidh
gur bronnadh an Dearbhú Comórtha Céad Bliain le
linn an tSuí. Lean imeachtaí Dáil 100 ar aghaidh
i gcaitheamh 2019 agus díríodh ar chomóradh
a dhéanamh ar 100 bliain de dhioscúrsa polaitiúil,
de dhíospóireacht agus de dhlíthe a dhéanamh i
nDáil Éireann.
Ba é toradh an Choimisiúin in 2019 €127
milliún. Bhí 516 comhalta foirne coibhéis
lánaimseartha (CLA), 8 gcomhalta foirne de chuid
Sealbhóirí Oifige agus 47 comhalta foirne Tionscail
Stáit CLA atá fostaithe sa tSeirbhís Lónadóireachta
agus sa tSaoráid Chlódóireachta, fostaithe ag an
gCoimisiún ag deireadh na bliana 2019. Tá 544
comhalta foirne (454 comhalta foirne CLA)
polaitíochta fostaithe freisin a thacaíonn le hobair
chomhaltaí ina ról mar pharlaiminteoirí agus
ionadaithe na ndaoine.
Leanann an Plean Straitéiseach reatha tréimhse
ina ndearnadh athleasú suntasach parlaiminteach
agus athrú suntasach eagraíochta atá ar siúl go fóill i
dtréimhse reatha na straitéise. Áirítear leo seo bunú
na hOifige Buiséid Parlaimintí (OBP) agus Oifig na
gComhairleoirí Dlí Parlaiminte (OCDP) ar bhonn
reachtúil an 1 Eanáir 2019. Is cuid dhílis den chóras
grinnscrúdaithe ar chúrsaí airgeadais san Oireachtas
é OBP agus leanann a sheirbhísí, a thuarascálacha
agus a scileanna ag teacht chun cinn i gcaitheamh
thréimhse reatha na straitéise. Chuir OBP 78
foilseachán i dtoll a chéile in 2019, chuir sé
naoi gcruinniú faisnéise ar bun don Choiste
um Fhormhaoirsiú Buiséid, agus d’fhoilsigh
sé a Thráchtaireacht Réamhbhuiséid 2020 a
thug forléargas fioscach do Chomhaltaí roimh
Lá an Bhuiséid.
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
6
Coimisiún Thithe an Oireachtais
Tá ról tábhachtach ag OCDP maidir le comhairle dlí a
chur ar Shealbhóirí Oifige, comhaltaí, Coistí agus an
tSeirbhís agus chun imeachtaí dlíthiúla a bhainistiú.
Eisíodh 438 comhairle dlí don tSeirbhís in 2019. Ina
theannta sin, tá seirbhísí nua forbartha aici chun
tacú le reachtaíocht chomhaltaí príobháideacha.
Ritheadh sé Bhille Comhaltaí Príobháideacha in
2019.
Leanann an tSeirbhís Leabharlainne agus Taighde
(SLaT) le seirbhísí eolais, taighde agus anailíse a
sholáthar ar ardchaighdeán do chomhaltaí. Rinne
SLaT a láithreán gréasáin inmheánach a
athdhearadh agus a athfhorbairt. Cuireann sé sin ar
chumas na gcomhaltaí agus na foirne acmhainní
faisnéise agus taighde ábhartha a d’fhoilsigh SLaT a
aimsiú go tapa agus gan stró agus iarrataí ar
thaighde a sheoladh ar aghaidh ar líne. Rinne Aonad
Bainistíochta Taifead SLaT oiliúint ar an Rialachán
Ginearálta um Chosaint Sonraí (RGCS) do
chomhaltaí agus don fhoireann a fhorbairt agus a
thabhairt isteach. Fuair an tSeirbhís 17 nIarraidh
Rochtana Cosanta Sonraí ó Ábhair Sonraí (IRÁanna)
in 2019. Thacaigh sé freisin le córas nua ríomh-SF
don tSeirbhís a fhorbairt agus a chur chun feidhme.
Fuair an tSeirbhís 272 iarraidh SF in 2019.
Bhí na Tithe agus a gCoistí an-ghnóthach in 2019.
Thacaigh an tSeirbhís leis an Dáil ar gach ceann dá
106 lá suí agus leis an Seanad ar gach ceann dá 93
lá suí. Ritheadh ocht gcinn is daichead de Bhillí
Comhaltaí Príobháideacha in 2019. Cuireadh 588
Díospóireacht i dTosach Suí ar bun sa Seanad agus
d’fhoilsigh Coiste Comhairliúcháin Phoiblí an
tSeanaid a thuarascáil ‘An Lucht Siúil i dTreo Éire
Níos Cothroime Tar Éis Aitheantas a Fháil’. Chuir
coistí an Oireachtais 623 cruinniú ar bun ar ar
fhreastail beagnach 2,000 finné agus rinne siad 61
tuarascáil choiste a chur i láthair.
Ina theannta sin, sheol an tSeirbhís a Straitéis
Theanga Chomharthaíochta na hÉireann (TCÉ)
2019-2021. Is é cuspóir na straitéise chun tacaíochtaí
le Teanga Chomharthaíochta na hÉireann a chur i
bhfeidhm d’fhinnéithe agus do chuairteoirí a
fhreastalaíonn ar na Tithe agus ar Choistí; do lucht
féachana ‘Oireachtas TV; do chuairteoirí ar ár
láithreán gréasáin agus ár láithreáin mheán
sóisialta; do chuairteoirí ar thurais sna Tithe agus do
chomhaltaí agus don fhoireann.
Críochnaíodh an clár oibre struchtúraí agus
athchóirithe d’fhoirgneamh Seoirseach Theach
Laighean in 2019. Chuir sé sin ar chumas an
tSeanaid aistriú ar ais go dtí a shuíomh buan i
dTeach Laighean. Rinneadh athchóiriú agus
caomhnú cúramach ar gach gné den teach ón
íoslach aníos go dtí an t-áiléar agus an díon - agus
bhronn seo beocht úrnua ar an bhfoirgneamh. Tá
caomhnú déanta ar Theach Laighean Seoirseach don
ghlúin amach anseo de chomhaltaí mar bhunláthair
an daonlathais Pharlaimintigh agus don iomaí
cuairteoir a gcuirimid fáilte rompu gach bliain a
bhuíochas leis an obair fhorleathan athchóirithe seo
a bhainistigh Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) agus
Tithe an Oireachtais go cúramach. Áirítear leis na
cuairteoirí mic léinn mar chuid de Chláir Oideachais
Parlaiminte agus comhaltaí na dtoscaireachtaí
parlaiminteacha a thugann cuairt ar Thithe an
Oireachtais fad a chuirimid leis an idirchaidreamh
oibre a dhéanaimid le parlaimintí eile.
Tugann an tSeirbhís ardtús áite do shlándáil agus
sábháilteacht chuairteoirí chuig na Tithe agus do
shlándáil agus sábháilteacht na gcomhaltaí agus na
foirne. Cinntíonn na foirne Uiséirí Parlaiminte agus
Oifigigh Sheirbhíse rochtain cheart ar Theach
Laighean agus cinntíonn siad go ndéantar
cuairteoirí, oifigigh, agus toscaireachtaí
Parlaiminteacha a thionlacan i gceart agus go
sábháilte i rith a gcuairteanna.
Is dúshlán leanúnach don tSeirbhís é cóiríocht
bhreise shlán agus chuí a sholáthar do phobal na
parlaiminte agus do spásanna le haghaidh
rannpháirtíocht an phobail. Cuireadh tús le hobair ar
straitéisí agus pleananna fadtéarmacha a fhorbairt
chun soláthar a dhéanamh do riachtanais
chóiríochta na dTithe amach anseo agus chun réitigh
agus cleachtais inbhuanaithe a chur chun cinn agus
a chur i bhfeidhm do na Tithe.
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
7
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
Is príomhchuspóir straitéiseach de chuid na
Seirbhíse é infheistiú a dhéanamh sa teicneolaíocht.
Leanadh leis an gClár um Chlaochlú Digiteach in
2019 a bhfuil sé mar chuspóir aige eagraíocht a
thugann ‘Tús Áite do Chúrsaí Digiteacha’ (Digital
First) a dhéanamh den tSeirbhís.
Le dhá mhí dhéag anuas, d’oibrigh an eagraíocht as
lámh a chéile chun roinnt tionscadail mhóra a
sholáthar faoin gClár um Chlaochlú Digiteach. Bhí na
foirne tionscadail ag obair chun feidhmchláir na
dTairiscintí agus na Ráiteas a fhorbairt, is
feidhmchláir a chruthaíonn cuid den Chóras
Parlaiminte Digití nua. Rinne Aonad na dTuarastal a
bhfeidhmchlár CorePay a uasghrádú agus thug an
tAonad SF córas nua r-Saorála Faisnéise isteach.
Sheol an tSeirbhís Leabharlainne agus Taighde agus
Rannóg an Aistriúcháin láithreáin nua inmheánacha
agus rinne an tAonad Cumarsáide an t-inlíon, An
Tairseach, a athdhearadh. D’aistrigh an eagraíocht
go dtí Microsoft 365 agus Windows 10 agus
chríochnaíomar an tionscadal Teicneolaíocht sna
Seomraí. Dhéileáil Deasca na Seirbhíse TF do
chomhaltaí agus don fhoireann freisin le beagnach
20,000 iarraidh ar chúnamh agus tacaíocht.
Leanamar i rith 2019 le forbairt agus soláthar na
gcroísheirbhísí parlaiminteacha a chur chun cinn do
na Tithe agus dá gCoistí agus do chomhaltaí agus
don fhoireann. Tá tacaíochtaí breise curtha i
bhfeidhm againn chun ár bpobal parlaiminte a
fhorbairt agus chun tacú leis. Dúshlán leanúnach a
bhí romhainn ná leibhéil agus scileanna reatha na
foirne a choimeád. Cabhróidh ár Straitéis Daoine
Acmhainní Daonna 2019-2021 - Ag Tacú le Pobal na
Parlaiminte leis an tSeirbhís chun a spriocanna
eagraíochtúla a bhaint amach trí úsáid éifeachtach a
bhaint as acmhainní, tacú leis an bhfoireann agus na
comhaltaí go léir, agus cultúr dínite agus measa,
ceannaireachta agus éagsúlachta a chur chun cinn.
Tacaíonn An Straitéis Foghlama agus Forbartha
2019-2021 leis seo, is straitéis a bhfuil sé mar
chuspóir aici a chinntiú go mbíonn an t-eolas, na
scileanna agus na tréithe ag an bhfoireann go léir
chun tabhairt faoina róil go héifeachtúil agus go
gairmiúil. Leanann Ionad Ilfhreastail Seirbhísí na
gComhaltaí, na seirbhísí Lónadóireachta agus
Clódóireachta agus Acmhainní Daonna (AD) na
gComhaltaí le seirbhísí ríthábhachtacha a sholáthar
do chomhaltaí chun tacú leo ina gcuid oibre agus
mar fhostóirí foirne.
Rinneamar forbairt bhreise ar Chlár Oibre Foghlama
an Oireachtais (OFO) do dhaoine óga atá faoi
mhíchumas intleachtúil. Rinneamar idirchaidreamh
freisin le ranna rialtais maidir le deiseanna
socrúcháin oibre agus fostaíochta do dhaoine faoi
mhíchumas intleachtúil sa státseirbhís i gcoitinne.
Tacaíonn ár nAonaid Chorparáideacha lenár seirbhísí
go léir, a chinntíonn riaradh barainneach, éifeachtúil
agus éifeachtach na Seirbhíse.
Is deas liom a thabhairt le fios go ndearna an
tSeirbhís dul chun cinn suntasach maidir le tacú le
hobair na dTithe agus a gcomhaltaí; maidir lenár
seirbhísí digiteacha a nuachóiriú tuilleadh; maidir le
teacht níos fusa a bheith ag an bpobal ar Thithe an
Oireachtais agus rannpháirtíocht níos fusa an
phobail san Oireachtas a chumasú, agus maidir le
tacú le pobal ár bparlaiminte.
Ba mhian liom mo bhuíochas a chur in iúl don Bhord
Bainistíochta agus don Choiste Iniúchóireachta as a
dtiomantas agus tacaíocht leanúnach.
Ba mhaith liom aitheantas ar leith a thabhairt do
shárobair agus gairmiúlacht m’fhoirne. Is pribhléid é
a bheith ag obair in éineacht leo agus is rímhór
agam a dtiomantas dár bParlaimint Náisiúnta.
Táim ag tnúth leis an dara bliain den Phlean
Straitéiseach 2019-2021 a sholáthar in 2020 le
tacaíocht ón gCoimisiún agus ón bhfoireann.
Peadar Ó Fionnagáin
Cléireach Dháil Éireann agus Ard-Rúnaí
Sheirbhís Thithe an Oireachtais
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
8
Coimisiún Thithe an Oireachtais
Coimisiún Thithe an Oireachtais
Is é Coimisiún Thithe an Oireachtais (an Coimisiún)
an comhlacht atá freagrach as Tithe an Oireachtais
a reáchtáil agus is é an comhlacht ceannais é do
Sheirbhís Thithe an Oireachtais. Bunaíodh an
Coimisiún in 2004 mar chomhlacht reachtúil
neamhspleách faoin Acht um Choimisiún Thithe
an Oireachtais, 2003. Tá sé cuntasach do Thithe
an Oireachtais as comhlíonadh a fheidhmeanna.
Tá an Coimisiún freagrach as beartas airgeadais agus
riaracháin a chinneadh maidir le cláir agus seirbhísí a
sholáthar do na Tithe agus do chomhaltaí na dTithe
chun tacú leo chun a gcuid feidhmeanna parlaiminte
a chomhlíonadh. Ina theannta sin, déanann sé
formhaoirsiú ar chur i ngníomh na mbeartas sin
ag Seirbhís Thithe an Oireachtais (an tSeirbhís).
11 chomhalta atá ar an gCoimisiún. Is é an Ceann
Comhairle atá mar Chathaoirleach ex officio ar an
gCoimisiún.
Is i gcáil chorparáideach a fhónann comhaltaí an
Choimisiúin agus ní bhíonn ionadaíocht á déanamh
acu ar son a bpáirtithe, a ngrúpaí ná ní ar mhaithe
lena leasanna féin a bhíonn siad ag an bhfóram seo.
Bíonn ról tábhachtach ag comhaltaí an Choimisiúin,
áfach, ó thaobh faisnéis faoi bheartais agus faoi
chinntí an Choimisiúin a chur in iúl trí chóras na
parlaiminte.
Seirbhís Thithe an Oireachtais
Is í Seirbhís Thithe an Oireachtais (an tSeirbhís) an
comhlacht seirbhíse poiblí a chuireann comhairle
ghairmiúil agus seirbhísí agus saoráidí nós imeachta
agus riaracháin ar fáil don Choimisiún, do Thithe an
Oireachtais, do Choistí na dTithe agus do chomhaltaí
na dTithe.
Tá an tSeirbhís faoi stiúir Chléireach na Dála agus an
Ard-Rúnaí. Tá 516 Státseirbhíseach de chuid an Stáit
agus 55 gcomhalta foirne tionscail Stáit (coibhéis
fostaithe lánaimseartha) ar fhoireann na Seirbhíse
a leagtar a gcuid téarmaí agus coinníollacha
fostaíochta síos i gCód Reachtúil Ginearálta na
Státseirbhíse, san Acht um Fhoireann Thithe an
Oireachtais, 1959 agus sna hAchtanna um
Choimisiún Thithe an Oireachtais, 2003 go 2018.
Tá 454 ball foirne polaitíochta ag obair go
lánaimseartha i dTeach Laighean nó in oifigí
toghlaigh comhaltaí, ar fostaithe iad a bhfostaíonn
na comhaltaí nó an páirtí polaitíochta iomchuí iad
go díreach agus a n-íocann an Coimisiún a bpá leo.
Ard-Rúnaí Sheirbhís Thithe an Oireachtais
Tá an tArd-Rúnaí freagrach as an tSeirbhís a bhainistiú
ar bhonn laethúil agus as beartais an Choimisiúin a
chur i ngníomh. Is é nó is í an tArd-Rúnaí an
Príomhfheidhmeannach leis mar aon le bheith ina
chomhalta nó ina comhalta den Choimisiún, ina
Chléireach nó ina Cléireach ar Dháil Éireann, agus
ina Oifigeach Cuntasaíochta nó ina hOifigeach
Cuntasaíochta i leith chaiteachas an Choimisiúin.
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
9
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
Ár gCreat Rialachais
Comhaltas an Choimisiúin (2019)
Ina suí ó chlé go deas: Peadar Ó Fionnagáin, Cléireach Dháil Éireann agus Ard-Rúnaí (Príomhfheidhmeannach an Choimisiúin),
an Seanadóir Pádraig Ó Cobhthaigh, Mairsile Ní Chorcoráin Cinnéide, TD, an Seanadóir Gearóid P. Ó Creachmhaoil, Máirtín Ó
hÉideáin, TD, Caitríona Uí Mhurchú, TD, an Seanadóir Donnacadha Ó Donnabháin (Cathaoirleach Sheanad Éireann agus
Leas-Chathaoirleach an Choimisiúin), Seán Ó Fearghaíl, TD (An Ceann Comhairle agus Cathaoirleach an Choimisiúin).
Níl sa ghrianghraf: Tadhg Ó Dubhlaoigh, TD, Laoise Uí Raghallaigh, TD, an Seanadóir Eamonn Ó Súilleabháin.
An Bord Bainistíochta
Cuidíonn an Bord Bainistíochta leis an Ard-Rúnaí
an tSeirbhís a bhainistiú trí chéile.
Tá an tArd-Rúnaí agus ceathrar Rúnaithe Cúnta
a thuairiscíonn don Ard-Rúnaí sa struchtúr
bainistíochta ardleibhéil reatha.
Is iad atá ar an mBord Bainistíochta an tArd-Rúnaí
(cathaoirleach an Bhoird), ceathrar Rúnaithe Cúnta,
Cléireach Sheanad Éireann, Príomhoifigeach ar
cathaoirleach Líonra na bPríomhoifigeach sa tSeirbhís
é, agus aon chomhalta seachtrach amháin den Bhord
atá ceaptha ag an Ard-Rúnaí. Is ar an mBord a bhíonn
an fhreagracht fhoriomlán as an bplean straitéiseach i
gcomhair na Seirbhíse a chur i ngníomh. Is é a
dhéanann maoirseacht ar fheidhmíocht na Seirbhíse,
agus a thugann cuntas inti, trí chomhcheannaireacht.
Ina cheann sin, déanann sé cinntí maidir le
saincheisteanna a bhfuil tábhacht straitéiseach,
oibriúcháin agus airgeadais leo agus féadfar iad a
chur faoi bhráid an Choimisiúin ansin chun cinneadh
a fháil ina leith, de réir mar is cuí.
Tá cúig cinn de choistí straitéiseacha, agus comhalta
den bhord ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar
gach aon cheann acu, bunaithe ag an mBord
Bainistíochta chun tacaíocht a thabhairt dó ag
comhlíonadh a fheidhmeanna dó: An Coiste
Rialachais, Feidhmíochta agus Cuntasachta; an
Coiste Oscailteachta, Rannpháirtíocht an Phobail
agus Forbartha Campais; an Coiste Daoine agus
Eagrúcháin; an Coiste Teicneolaíochta agus
Claochlaithe Dhigitigh; agus Coiste Rannóg 2024.
Bunaíodh na Coistí Straitéiseacha lena chinntiú go
mbeidh cur chuige comhordaithe ann i leith
saincheisteanna straitéiseacha agus oibriúcháin sa
tSeirbhís a bhainistiú inar gá plé le roinnt rannóga
éagsúla. Bunaíodh Coiste Rannóg 2024 chun
maoirseacht a sholáthar ar chur i bhfeidhm na
straitéise glanta riaráistí aistriúcháin le haghaidh
Rannóg an Aistriúcháin, an tSeirbhís Aistriúcháin
Gaeilge i Seirbhís Thithe an Oireachtais.
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
10
Coimisiún Thithe an Oireachtais
Comhaltaí an Bhoird Bhainistíochta
Ina suí ó chlé go deas: Máirtín Groves, Cléireach Sheanad Éireann, Elaine Gunn, Rúnaí Cúnta, Rannóg na Seirbhísí
Parlaiminteacha agus Leas-Chléireach Dháil Éireann; Annette Connolly, Rúnaí Cúnta, Seirbhísí Faisnéise agus Taighde
Pharlaimintigh; Peadar Ó Fionnagáin (Cathaoirleach), Cléireach Dháil Éireann agus Ard-Rúnaí; Michael Errity, Rúnaí Cúnta,
Rannóg na Seirbhísí Corparáideacha agus Seirbhísí do Chomhaltaí; Mellissa English, Rúnaí Cúnta, An Príomh-
Chomhairleoir Dlí Parlaiminte; Seosamh Ó hÁghmaill, Comhalta Seachtrach; Derek Dignam, Príomhoifigeach,
Cathaoirleach Líonra na bPríomhoifigeach.
Bíonn obair an Bhoird Bhainistíochta agus a
choistí ag brath ar na beartais a ghlacann an
Coimisiún agus, chomh maith leis sin, ar na straitéisí
agus ar na tosaíochtaí a leagtar amach sa Phlean
Straitéiseach agus sa Phlean Gnó Corparáideach
don tSeirbhís. Freastalaíonn comhaltaí an Bhoird
Bainistíochta agus bainisteoirí sinsearacha eile
sa tSeirbhís ar chruinnithe den Choimisiún de réir
mar is gá.
Ról an Choimisiúin
Is é ról an Choimisiúin, faoi na hAchtanna um
Choimisiún Thithe an Oireachtais, 2003-2018, socrú a
dhéanamh maidir le Tithe an Oireachtais a reáchtáil,
gníomhú mar chomhlacht ceannais na Seirbhíse,
beartas i ndáil leis an tSeirbhís a bhreithniú agus a
chinneadh, agus formhaoirsiú a dhéanamh ar chur i
ngníomh an bheartais sin ag an Ard-Rúnaí.
D’éirigh dhá rud thábhachtacha as an reachtaíocht
lenar bunaíodh an Coimisiún sa bhliain 2003:
(i) tháinig an Coimisiún chun bheith ina údarás
ceadúcháin i ndáil le caiteachas agus i ndáil le cinntí
maidir le líon foirne, soláthar seirbhísí agus nithe
gaolmhara (ba ag an Roinn Airgeadais a bhí an
t-údarás sin roimhe sin); agus (ii) rinneadh an córas
chun buiséid a leithroinnt ar Thithe an Oireachtais a
athrú ó phróiseas bliantúil na Státseirbhíse i ndáil
le Meastacháin agus “Vótaí” go próiseas trína
soláthraítear buiséad trí bliana a tharraingítear as
an bPríomh-Chiste. Socraítear buiséad nua faoin
reachtaíocht gach trí bliana tar éis caibidlíocht a
dhéanamh leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus
Athchóirithe. Ceadaíonn an Coimisiún an buiséad ar
leibhéal polaitiúil agus déanann an dá Theach an
reachtaíocht leasaitheach riachtanach a rith ansin.
Is ionann leithroinnt buiséid trí bliana an Choimisiúin
faoi láthair agus €422.3 milliún don tréimhse 2019
go 2021.
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
11
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
Comhaltas an Choimisiúin
11 chomhalta atá ar an gCoimisiún:
�� Cathaoirleach Dháil Éireann (comhalta ex officio)
(An Cathaoirleach ar an gCoimisiún)
�� Cathaoirleach Sheanad Éireann
(comhalta ex officio) (An Leas-Chathaoirleach)
�� Ard-Rúnaí Sheirbhís Thithe an Oireachtais
(comhalta ex officio) (Príomhfheidhmeannach
an Choimisiúin)
�� aon chomhalta amháin de Thithe an
Oireachtais arna cheapadh nó arna ceapadh
ag an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe
(“ionadaí an Aire”)
�� ceathrar gnáthchomhaltaí arna gceapadh
ag Dáil Éireann
�� triúr gnáthchomhaltaí arna gceapadh
ag Seanad Éireann
Feidhmíonn an Coimisiún de réir an phrionsabail
ghinearálta go bhféachann sé le tacaíocht a thabhairt
go comhionann do na Tithe agus do gach comhalta le
linn dóibh an ról atá acu mar ionadaithe tofa a
chomhlíonadh. Bíonn liúntas bliantúil ag dul do
Chomhaltaí an Choimisiúin (seachas comhaltaí
ex officio). Bíonn liúntas ag dul d’ionadaí an Aire
mura bhfuil sé nó sí ag fónamh mar Aire Stáit.
Feidhmeanna an Choimisiúin
Leagtar feidhmeanna sonracha áirithe de chuid an
Choimisiúin amach faoin reachtaíocht, lena n-áirítear:
�� formhaoirsiú a dhéanamh ar chaiteachas
leanúnach na dTithe;
�� cuntais bhliantúla a choimeád;
�� tuarastail agus costais na gcomhaltaí, fhoireann
na gcomhaltaí agus fhoireann na Seirbhíse a íoc;
�� feidhmeanna a chomhlíonadh i ndáil le
foireann státseirbhíse an Choimisiúin;
�� pleananna straitéiseacha, tuarascálacha bliantúla
agus meastacháin bhliantúla a chur i dtoll a chéile
agus a fhoilsiú, agus lámhleabhair agus faisnéis a
bhaineann le gnó Thithe an Oireachtais a chur i
dtoll a chéile do chomhaltaí na dTithe;
�� seirbhísí aistriúcháin a chur ar fáil maidir le
hAchtanna an Oireachtais agus le hIonstraimí
Reachtúla;
�� faisnéis, anailís agus comhairle fhioscach
agus eacnamaíoch a chur ar fáil do Thithe
an Oireachtais agus do Choistí Oireachtais;
�� treoirlínte do na comhaltaí faoi úsáid seirbhísí
agus saoráidí a mhaoinítear le cistí poiblí a
ullmhú agus a fhoilsiú, agus muirir ina leith
sin a shonrú tar éis lánscor na Dála;
�� feidhmeanna áirithe a fheidhmiú maidir le saoráidí
rúnaíochta do chomhaltaí agus do pháirtithe
cáilitheacha, mar shampla, acmhainní a leithroinnt
faoin Scéim um Chúnamh Rúnaíochta do
Chomhaltaí agus saoráidí TFC, clódóireachta
agus dearthóireachta grafaice a chur ar fáil;
�� feidhmeanna áirithe dlí a fheidhmiú, lena
n-áirítear páirt a ghlacadh in imeachtaí dlí de
réir mar is gá agus socrú a dhéanamh maidir
le comhairle dlí a chur ar fáil;
�� Cléireach Dháil Éireann a cheapadh ar bhonn
moladh ón gCeann Comhairle as measc an liosta
ainmneacha arna roghnú ag an gCoiste um
Cheapacháin Ardleibhéil (CCAL), de thoradh
comórtas oscailte arna eagrú ag CCAL; agus
�� Cléireach Sheanad Éireann, Leas-Chléireach Dháil
Éireann agus Leas-Chléireach Sheanad Éireann a
cheapadh ar bhonn moladh ón gCeann Comhairle
nó ón gCathaoirleach, de réir mar is cuí.
12
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
12
Coimisiún Thithe an Oireachtais
Ceisteanna nach dtagann faoi Shainchúram
an Choimisiúin
Níl d’údarás ag an gCoimisiún:
�� tuarastail nó liúntais na gcomhaltaí a shocrú;
�� pá, coinníollacha nó pinsin na foirne a shocrú; agus
�� aon oibreacha tógála a rialú nó a bhainistiú –
Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) a chuireann an
fheidhm sin i gcrích do na Ranna agus na hOifigí
Rialtais uile.
Ina dteannta sin, níl aon ról ag an gCoimisiún i
mbainistiú na Seirbhíse ó lá go lá. Is ar an Ard-Rúnaí
agus ar an mBord Bainistíochta atá an fhreagracht sin.
Trédhearcacht agus Cuntasacht
Tá an Coimisiún cuntasach do Thithe an Oireachtais
i gcomhlíonadh a fheidhmeanna. Foilsíonn sé
tuarascáil bhliantúil a leagtar faoi bhráid an dá
Theach agus foilsítear í chomh maith ar shuíomh
gréasáin an Oireachtais. Tugtar faisnéis sa tuarascáil
bhliantúil faoin obair a rinne an tSeirbhís chun tacú
leis na Tithe agus leis na comhaltaí, agus tugtar
cuntas inti freisin ar chistí poiblí a caitheadh le
linn reáchtáil na dTithe i rith na bliana áirithe sin.
Déanann an Coimisiún, tríd an Ard-Rúnaí, a chuntais a
chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste
faoin 31 Márta i ngach bliain lena n-iniúchadh. Tá an
Coimisiún cuntasach do Choiste Dháil Éireann um
Chuntais Phoiblí i leith thorthaí an iniúchta phoiblí
agus tá sé cuntasach do na Coistí Oireachtais
iomchuí i leith a phlean straitéisigh agus i leith
nithe gaolmhara a bhaineann le cúrsaí beartais.
Déantar cláir oibre agus miontuairiscí chruinnithe
an Choimisiúin a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin
an Oireachtais. Tá an Coimisiún faoi réir an Achta
um Shaoráil Faisnéise, 2014 freisin.
Cód Iompair do Chomhaltaí an Choimisiúin
Tá an Coimisiún faoi rialú Cód Iompair lena leagtar
síos caighdeáin eitice atá mar theoir ag comhaltaí ó
thaobh iompar de, ag gníomhú dóibh i dteannta a
chéile nó go haonarach, agus a bhfeidhmeanna á
gcomhlíonadh acu. Is iad seo a leanas na prionsabail
ar a bhfuil an Cód bunaithe: freagracht, iontaofacht,
dílseacht, tiomantas, géilleadh, faisnéis agus
riarachán. Agus iad ina gcomhaltaí de Thithe an
Oireachtais, ní mór do chomhaltaí an Choimisiúin
freisin, cloí leis na Cóid Iompair ar ghlac Dáil Éireann
agus Seanad Éireann leo de réir na nAchtanna um
Eitic, mar is cuí. Agus iad ina Stiúrthóirí Ainmnithe
faoi na hAchtanna um Eitic, ceanglaítear ar
chomhaltaí an Choimisiúin ráiteas bliantúil
faoina gcuid leasanna inchláraithe a chur ar fáil
do Chathaoirleach an Choimisiúin agus don
Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí.
Nochtadh Leasanna ag Comhaltaí an Choimisiúin
Faoina Chód Iompair, agus de bhreis ar na ceanglais
faoi na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí a
chomhlíonadh, ní mór do chomhaltaí an Choimisiúin
aon leas ábhartha a nochtadh, is leas ábhartha a
d’fhéadfadh a bheith acu féin nó ag aon duine atá
bainteach leo in aon ní atá á bhreithniú ag cruinniú,
nó ar shlí eile, i nithe a bhaineann le feidhmeanna an
Choimisiúin. Déantar gach nochtadh leasanna a
thaifeadadh i miontuairiscí na gcruinnithe den
choimisiún, ar miontuairiscí iad a fhoilsítear ar
shuíomh gréasáin an Oireachtais tar éis iad a
cheadú.
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
13
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
Coistí an Choimisiúin
Tá dhá bhuanchoiste chomhairleacha phríomhúla
ag an gCoimisiún: Coiste Airgeadais a dhéanann
breithniú ar thuarascálacha airgeadais ráithiúla
agus a chuireann faoi bhráid an Choimisiúin iad
lena gceadú; agus Coiste Iniúchóireachta, a
dhéanann formhaoirsiú ar bhainistiú priacal,
rialuithe inmheánacha (lena n-áirítear an fheidhm
maidir le hiniúchóireacht inmheánach agus
saincheisteanna a aithnítear trí iniúchóireacht
sheachtrach) agus luach ar airgead, agus a
thugann comhairle ina leith.
Tá an Coiste Iniúchóireachta bunaithe ar bhonn
reachtúil de bhun alt 10 den Acht um Choimisiún
Thithe an Oireachtais (Leasú), 2009. Tugann sé
tuarascáil ar bhonn bliantúil don Choimisiún agus
foilsítear na tuarascálacha ar an suíomh gréasáin
www.oireachtas.ie. Tionóltar cruinnithe den Choiste
Airgeadais agus den Choiste Iniúchóireachta de
chuid an Choimisiúin ar bhonn ráithiúil. Tá tuilleadh
sonraí faoi obair an Choiste Iniúchóireachta in 2019
ar fáil ag Aguisín III. Is féidir leis an gCoimisiún
Fochoistí eile a bhunú, faoi mar is gá, chun
cabhrú leis tabhairt faoina fhreagrachtaí.
Tábla 1: Comhaltas an Choimisiúin (2019)
An Teachta Seán Ó Fearghaíl, an Ceann Comhairle
An Cathaoirleach Comhalta ex officio
An Seanadóir Donnacadha Ó Donnabháin, Cathaoirleach an tSeanaid
An Leas-Chathaoirleach Comhalta ex officio
An tUasal Peadar Ó Fionnagáin, Ard-Rúnaí na Seirbhíse
Príomhfheidhmeannach Comhalta ex officio
An Teachta Máirtín Ó hÉideáin Ionadaí an Aire
An Seanadóir Pádraig Ó Cobhthaigh
Comhalta den Seanad
An Teachta Mairsile Uí Chorcoráin-Uí Chinnéide
Comhalta den Dáil
An Seanadóir Gearóid P. Ó Creachmhaoil
Comhalta den Seanad
An Teachta Tadhg Ó Dubhlaoigh
Comhalta den Dáil
An Teachta Caitríona Uí Mhurchú
Comhalta den Dáil
An Teachta Laoise Uí Raghallaigh
Comhalta den Dáil
An Seanadóir Éamonn Ó Súilleabháin
Comhalta den Seanad
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
14
Coimisiún Thithe an Oireachtais
Is é Coimisiún Thithe an Oireachtais an comhlacht
reachtúil atá freagrach as Tithe an Oireachtais a
reáchtáil. Déanann an Coimisiún formhaoirsiú ar
chaiteachas leanúnach na dTithe agus tugann sé
treoir straitéiseach maidir le seirbhísí a sholáthar
do na Tithe agus do chomhaltaí na dTithe. Is é atá
freagrach freisin as foireann na Seirbhíse a fhostú.
I dtabhairt faoina fhreagracht reachtúil as
maoirseacht a dhéanamh ar reáchtáil Thithe an
Oireachtais, is gnách go dtagann an Coimisiún le
chéile uair sa mhí ar a laghad nuair a bhíonn na Tithe
ina suí nó a mhinice is gá chun a fheidhmeanna a
chomhlíonadh go héifeachtach. Foilsítear cláir agus
miontuairiscí cruinnithe an Choimisiúin ar láithreán
gréasáin an Oireachtais www.oireachtas.ie. Leagtar
amach líon na ndaoine a d’fhreastail ar chruinnithe
sa bhliain 2019 in Aguisín VIII den tuarascáil seo.
Thionóil an Coimisiún 15 chruinniú, lena n-áirítear
dhá chruinniú neamhchorpracha, in 2019. Is féidir an
achoimre seo a leanas a thabhairt ar na ceisteanna ar
déileáladh leo:
Feidhmíocht Airgeadais
�� Tuarascálacha airgeadais ráithiúla ón gCoiste
Airgeadais agus scrúdú ar mhionfhaisnéis faoi
chaiteachas na dTithe i gcomparáid leis an
gcaiteachas a tuaradh
�� Cuntais Bhliantúla an Choimisiúin
don bhliain 2018
�� Ráiteas ón gCoimisiún faoi Mheastacháin
don bhliain 2020
Straitéis
�� Plean Straitéiseach Seirbhíse Thithe
an Oireachtais 2019-2021
�� Straitéis agus Plean um Chur i bhFeidhm 2019-
2024 Rannóg 2024
�� Plean Straitéiseach Leabharlann Thithe
an Oireachtais 2019-2024
�� Plean Straitéiseach Seirbhíse Taighde
Pharlaimintigh 2019-2021
�� Tionscadal Athchóirithe ar Theach Laighean
Seoirseach: Maoirseacht an chláir oibre agus
na straitéise cóiríochta do na Tithe
�� Straitéis Rannpháirtíocht an Phobail: Clár
imeachtaí rannpháirtíocht an phobail chun
ceiliúradh a dhéanamh ar Theach Laighean
Seoirseach a Athoscailt i ndiaidh gur
críochnaíodh an tionscadal athchóirithe.
�� Straitéis TFC a Chur i nGníomh
�� Straitéis Cumarsáide a Chur i bhFeidhm
�� Cruinniú Faisnéise Cibearshlándála
Beartas agus Seirbhísí
�� Plean Oibre agus Buiséad maidir
le Claochlú Digiteach 2019
�� Rialachas um Chosaint Sonraí
�� Clár Oideachais Thithe an Oireachtais
�� Saoráil Faisnéise
�� An Scéim um Chúnamh Rúnaíochta do
Chomhaltaí: Acmhainní breise a sholáthar do
ghrúpaí polaitíochta a bhfuil ionadaithe acu ar an
gComhchoiste um Ghníomhú ar son na hAeráide
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
15
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
Forléargas ar Obair an Choimisiúin in 2019
�� Clár Oibre Foghlama an Oireachtais (COF)
�� Clár Taithí Oibre Dhaltaí na hIdirbhliana
i dTithe an Oireachtais
�� An Oifig Buiséid Pharlaiminteach:
Clár Oibre Bliantúil 2019
�� Oifig na gComhairleoirí Dlí Parlaiminte:
Seirbhísí Billí Comhaltaí Príobháideacha
�� Rialacha na Seirbhíse Leabharlainne
agus Taighde agus Ráiteas ar Sheirbhísí
�� An Ráiteas Prionsabal agus Beartais i leith Dínite
agus Urraime i gcomhair Láthair Oibre na
Parlaiminte: Cur i bhFeidhm an Bheartais
�� Cairt Seirbhíse do Chustaiméirí agus Plean
Gníomhaíochta do Sheirbhís Thithe an
Oireachtais
�� An Liúntas Ionadaíochta Poiblí (LIP): Treoirlínte
do chomhaltaí na dTithe maidir le caiteachas
inlamhála faoin Liúntas Ionadaíochta Poiblí (LIP)
�� Treoirlínte do Chomhaltaí maidir le húsáid
seirbhísí agus saoráidí a sholáthraíonn an
Coimisiún as cistí poiblí i gcaitheamh feachtas
toghcháin Eorpach
�� Treoirlínte do Chomhaltaí maidir le húsáid
seirbhísí agus saoráidí a sholáthraíonn an
Coimisiún as cistí poiblí maidir le corrthoghchán
le Dáil Éireann
�� Tuarascáil ar Chlóphreas a cheannach do
Shaoráid Phriontála an Oireachtais
�� Athbhreithniú ar an gcóras chun freastal
comhaltaí a chur i dtaifead ag Teach Laighean
Tuairisciú Bliantúil
�� Tuarascáil Bhliantúil 2018 le Tithe an Oireachtais
an Choimisiúin de réir alt 6 de na hAchtanna um
Choimisiún Thithe an Oireachtais
�� An Tuarascáil Bhliantúil ón gCoiste Iniúchóireachta,
2018 leis an gCoimisiún de réir alt 14A(10)(c) de na
hAchtanna um Choimisiún Thithe an Oireachtais
�� An Tuarascáil Bhliantúil ón Ard-Rúnaí don
Choimisiún maidir le Cur i nGníomh an Phlean
Straitéisigh i gcomhréir le halt 16(1)(k) de na
hAchtanna um Choimisiún Thithe an Oireachtais
An Straitéis Acmhainní Daonna don tSeirbhís
�� Tuarascáil an tSuirbhé ar Iompar san Ionad
Oibre de chuid Sheirbhís Thithe an Oireachtais
�� Post Maoirseora ar Thithe an Oireachtais a líonadh
Dlíthiúil
�� Imeachtaí dlí a raibh baint ag Tithe
an Oireachtais leo
Cásanna Gnó a Cheadú
�� Tionscadail Dhigiteacha TFC
�� Tionscadal Athnuaite Ríomhairí Deisce TFC
�� Seirbhísí Eagarthóireachta Reachtaíochta Gaeilge
�� Acmhainní foirne breise a sholáthar chun tacú le
comhaltaí na gCoistí Parlaiminteacha
�� Togra chun 12ú Cruinniú Bliantúil Líonra Oifigigh
Buiséid Pharlaiminteacha agus Fhorais
Fhioscacha Neamhspleácha na hEagraíochta um
Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (an
ECFE) a chur ar siúl
�� Togra chun Cruinniú Fómhair Thionól
Parlaiminteach na hEagraíochta um Shlándáil
agus Comhar san Eoraip (ESCE), a chuirfear ar
bun i nDeireadh Fómhair 2021
�� Togra chun an 36ú Réamhchomhdháil Bhliantúil
Rannóg Sheirbhísí Leabharlainne agus Taighde
Choiste Iniúchóireachtaónaidhm idirnáisiúnta na
gComhlachas Leabharlainne
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
16
Coimisiún Thithe an Oireachtais
Ár bhFís, Ár Misean, Ár Luachanna
Ár bhFísOireachtas a Oibríonn don Phobal
Ár MiseanSeirbhís Pharlaiminteach ardfheidhmíochta a chumasaíonn do Thithe an Oireachtais a
bhfeidhmeanna bunreachtúla a chomhlíonadh; a thacaíonn le comhaltaí mar pharlaiminteoirí agus mar ionadaithe an phobail, agus a chuireann Oireachtas
oscailte agus inrochtana chun cinn.
Ár LuachannaNeamhchlaonta | Cuntasach | Oscailte
Comhghleacúil | Nuálach
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
17
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
An Tuarascáil Bhliantúil ar an bPlean Straitéiseach, 2019-2021 – Oireachtas a Oibríonn don Phobal, a Chur i nGníomh
Príomhghníomhaíochtaí Parlaiminteacha 2019 2018 2017 2016
Suíonna na dTithe
Laethanta suí na Dála 102 106 104 91
Laethanta suí an tSeanaid 93 98 86 62
Uaireanta suí na Dála 914 989 923 772
Uaireanta suí an tSeanaid 511 615 506 349
Cruinnithe na gCoistí Parlaiminte
Cruinnithe Coistí 623 625 665 324
Uaireanta suí na gCoistí 1,329 1,406 1,498 729
Finnéithe coistí 1,986 2,223 2,179 990
Tuarascálacha arna dtíolacadh ag Coistí 61 75 80 31
An Próiseas Reachtach
Billí a tionscnaíodh sa dá Theach 108 142 156 121
Billí Rialtais 40 48 33 36
Billí Comhaltaí Príobháideacha 68 94 123 85
Billí a tionscnaíodh sa Dáil 80 105 123 88
Billí Rialtais 28 31 27 24
Billí Comhaltaí Príobháideacha 52 74 96 64
Billí a tionscnaíodh sa Seanad 28 37 33 33
Billí Rialtais 12 17 6 12
Billí Comhaltaí Príobháideacha 16 20 27 21
Billí a ritheadh sa dá Theach 54 44 41 22
Billí Rialtais 48 39 37 22
Billí Comhaltaí Príobháideacha 6 5 4 0
Leasuithe a moladh ar Bhillí 2,660 3,622 3,166 1,684
Ceisteanna Parlaiminteacha
CPanna a Próiseáladh 57,697 58,727 58,820 44,942
Ceisteanna le haghaidh Freagra Scríofa 47,197 47,673 48,641 28,963
Ceisteanna le haghaidh Freagra ó Bhéal 2,018 2,008 1,958 1,071
Díospóireacht Oifigiúil
Uaireanta an chloig de dhíospóireacht pharlaiminteach 2,754 3,010 2,939 1,850
Vótálacha a taifeadadh (vótaí sna Tithe)
Vótálacha na Dála 161 198 194 147
Vótálacha an tSeanaid 173 193 94 78
Foireann na Seirbhíse ag Deireadh na Bliana (Coibhéis Lánaimseartha)1 516 511 495 449
Foireann na gComhaltaí ag Deireadh na Bliana (Coibhéisí Lánaimseartha) 454 450 448 439
Glanchaiteachas (€000) 126,979 131,581 110,194 113,557
1 Ní thagraíonn Foireann na Seirbhíse ag Deireadh na Bliana (Coibhéisí Lánaimseartha) ach do Chomhaltaí Foirne Státseirbhíse amháin (tá slánú déanta ar na
huimhreacha).
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
18
Coimisiún Thithe an Oireachtais
Príomhghníomhaíochtaí Parlaiminteacha in 2019
Déantar an tuarascáil bhliantúil seo a ullmhú de réir alt 6(1)(k) de na hAchtanna
um Choimisiún Thithe an Oireachtais, 2003-2018 (Achtanna an Choimisiúin), lena
gceanglaítear orm, mar Ard-Rúnaí, tuarascáil a thíolacadh don Choimisiún go bliantúil
faoin dul chun cinn atá déanta maidir leis an bPlean Straitéiseach a chur i ngníomh.
Ba bhliain an-tábhachtach do Thithe an Oireachtais é 2019, tráth a rinneamar ceiliúradh
ar chomóradh céad bliain ar chéad suí Dháil Éireann agus cuireadh imeacht tábhachtach
i dTeach an Ard-Mhéara an 21 Eanáir 2019 agus clár imeachtaí comórtha ar siúl i
gcaitheamh na bliana.
Tá Plean Straitéiseach 2019-2021 á chur ar fáil fad atá athbhreithniú agus
comhdhlúthú á dhéanamh ar thionscnaimh athchóirithe pharlaimintigh agus
eagraíochta chun a n-éifeachtacht a neartú. Rinne an tSeirbhís dul chun cinn
suntasach in 2019 i dtreo na 14 sprioc a leagtar amach faoi na ceithre phríomhthoradh
straitéise a bhaint amach a dtugtar cuntas orthu sa Phlean Straitéiseach.
Rinne Seirbhís Thithe an Oireachtais dul chun cinn suntasach ar phleanáil do
na hOlltoghcháin agus do thoghcháin na Dála agus an tSeanaid i rith tréimhse na
straitéise agus chun ullmhú do Dháil agus do Sheanad Éireann nua; infheistíocht a
dhéanamh in TFC agus córais agus feidhmchláir nua TF a thabhairt isteach; éagsúlacht
agus ionchuimsiú níos fearr a chur chun cinn; agus caidreamh idirpharlaiminteach a
neartú agus a leathnú agus rannpháirtíocht níos fearr i measc an phobail a fhorbairt
leis an Oireachtas.rannpháirtíocht níos mó i measc an phobail a fhorbairt le Tithe an
Oireachtais. Lean na Tithe agus a gCoistí freisin dá gcuid oibre maidir leis an tionchar
a bhainistiú a d’imir cinneadh na Ríochta Aontaithe chun aistarraingt ó AE.
Gné thábhachtach eile dár gcuid oibre le bliain anuas a bhí i bhfilleadh ar ár dTeach
Laighean Seoirseach athchóirithe fad atá na príomhsheirbhísí tacaíochta á gcothabháil
do Thithe an Oireachtais.
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
19
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
Tuarascáil an Ard-Rúnaí
An Tuarascáil Bhliantúil ar an bPlean Straitéiseach, 2019-2021 – Oireachtas a Oibríonn don Phobal, a Chur i nGníomh
Na Ceithre Phríomhthoradh Straitéiseacha
Toradh Straitéise 1:
Parlaimint Éifeachtach
Sprioc 1: An tacaíocht agus an chomhairle
riachtanach a sholáthar do Dháil
Éireann agus Seanad Éireann chun
cabhrú leo tabhairt faoina ngnó go
héifeachtach.
Sprioc 2: An tacaíocht agus an chomhairle
riachtanach a sholáthar do Choistí an
Oireachtais chun cabhrú leo tabhairt
faoina ngnó go héifeachtach.
Sprioc 3: Acmhainn reachtaíochta,
mhaoirseachta agus ghrinnscrúdaithe
na dTithe agus a gCoistí a neartú
Toradh Straitéise 2:
Parlaimint Oscailte agus Ghafa
Sprioc 1: Rannpháirtíocht níos mó i measc
an phobail a fhorbairt le Tithe an
Oireachtais.
Sprioc 2: Ár gcaidreamh leis an AE, an RA agus ár
gcaidreamh eile idirnáisiúnta a neartú.
Sprioc 3: Idirchaidreamh le Ranna Rialtais
a fheabhsú.
Toradh Straitéise 3:
Parlaimint Dhigiteach
Sprioc 1: An Teicneolaíocht a úsáideann
na Tithe agus na Coistí a Chlaochlú
Sprioc 2: Rochtain phoiblí níos éasca a chumasú
ar obair an Oireachtais agus a
chomhaltaí
Sprioc 3: Ár mBonneagar Teicniúil a Nuachóiriú
Toradh Straitéise 4:
Pobal Parlaiminteach a dTacaítear go Tréan leis
Sprioc 1: Pobal Parlaiminte a fhorbairt a léirítear
luach air, atá gafa agus a dtacaítear leis
Sprioc 2: Timpeallacht fhisiciúil shlán agus
shábháilte a sholáthar a fhreastalaíonn
ar riachtanais Phobal na Parlaiminte
Sprioc 3: Cultúr dínite agus measa, éagsúlachta
agus ionchuimsithe a chothú
Sprioc 4: Seirbhísí ardchaighdeáin a sholáthar
dár gcustaiméirí go léir
Sprioc 5: Ardchaighdeáin de rialachas
corparáideach a chinntiú
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
20
Coimisiún Thithe an Oireachtais
Toradh Straitéise 1: Parlaimint Éifeachtach
Ár Spriocanna Ár bPríomhghníomhaíochtaí agus Príomhghnóthachtálacha in 2019
Sprioc 1:An tacaíocht agus an chomhairle riachtanach a sholáthar do Dháil Éireann agus Seanad Éireann chun cabhrú leo tabhairt faoina ngnó go héifeachtach
Sprioc 2:An tacaíocht agus an chomhairle riachtanach a sholáthar do Choistí an Oireachtais chun cabhrú leo tabhairt faoina ngnó go héifeachtach
Sprioc 3:Acmhainn reachtaíochta, mhaoirseachta agus ghrinnscrúdaithe na dTithe agus a gCoistí a neartú
Tionóladh Comhshuí Dhá Theach an Oireachtais sa Seomra Cruinn i dTeach an Ard-Mhéara Dé Luain, an 21 Eanáir 2019 chun comóradh céad bliain a dhéanamh ar chruinniú poiblí tionscnaimh Dháil Éireann an 21 Eanáir 1919.
Shuigh Dáil Éireann ar 102 lá (914 uair an chloig). Cuireadh 161 vótáil de chuid na Dála i dtaifead.
Roghnaíodh 361 saincheist thráthúil maidir le díospóireacht a dhéanamh orthu sa Dáil.
Rinneadh 57,697 Ceist Pharlaiminte a phróiseáil.
Shuigh Seanad Éireann ar 93 lá (511 uair an chloig). Cuireadh 173 vótáil an tSeanaid i dtaifead.
Tugadh 588 Ní I dTosach Suí i láthair le haghaidh díospóireachta sa Seanad – roghnaítear ceithre cinn, ar a mhéid, chun díospóireacht a dhéanamh orthu gach lá suí.
Tionscnaíodh 108 Bille sna Tithe – ba Bhillí Rialtais 37% díobh agus ba Bhillí Comhaltaí Príobháideacha (BCPanna) 63% díobh.
Ritheadh 48 Bille Rialtais i rith 2019 agus ritheadh 6 BCP i rith 2019.
D’fhoilsigh Oifig na nDíospóirechtaí 35,500 leathanach den Tuarascáil Oifigiúil ar imeachtaí poiblí na Dála, an tSeanaid agus na gCoistí Parlaiminte. Cuireadh siompóisiam bliantúil Chumann Tuairiscithe Parlaiminte na Breataine agus na hÉireann (BIPRA) ar siúl ann freisin i dTeach Laighean in Iúil 2019.
Sholáthair Rannóg an Aistriúcháin seirbhísí aistriúcháin chomhuainigh le linn 914 uair an chloig de dhíospóireacht Dála, 511 uair an chloig de dhíospóireacht Seanaid, agus do chruinnithe Coiste nuair a iarradh sin. Sholáthair sí chomh maith aistriúchán oifigiúil ar ábhar maidir le 260 Riar Oibre Dála agus Seanaid.
Tacaíodh le 623 cruinniú de Choistí Parlaiminte (1,329 uair an chloig). D’fhreastail 1,986 finné ar chruinnithe Coistí.
Cuireadh 61 tuarascáil Choiste i láthair.
Bunaíodh Coiste Speisialta um Príomh-Shaincheisteanna i leith Phobal an Lucht Siúil agus chuir sé tuarascáil eatramhach i láthair i Samhain 2019.
D’eisigh Oifig na gComhairleoirí Dlí Parlaiminte (OCDP) 99 comhairle dlí do Choistí agus 9 gcomhairle maidir le grinnscrúdú roimh Chéim an Choiste. De bhreis air sin, sholáthair OCDP 31 comhairle dlí do chomhaltaí aonair maidir lena mBillí Comhaltaí Príobháideacha. Sannadh sé Bhille Comhaltaí Príobháideacha dhéag don tseirbhís dréachtaithe reachtaíochta.
Sholáthair an tSeirbhís Leabharlainne agus Taighde (an SLaT) 240 cruinniú faisnéise saincheaptha agus 1,302 cruinniú faisnéise do chomhaltaí agus úsáideoirí eile. Sholáthair sí 103 foilseachán, ina raibh 31 Rianaire Billí, 34 Díolaim Bhillí ar Bhillí Rialtais, 14 Pháipéar Nóta agus Spotsolais, 21 Físghrafaic, agus a foilseachán Research Matters Quarterly. Thug sí grinnscrúdú mionsonraithe ar 13 BCP agus 17 n-aschur Grinnscrúdaithe Réamhreachtaigh ar scéimeanna ginearálta Billí Rialtais do Choistí chun críche.
Rinne an Oifig Buiséid Pharlaiminteach (an OBP) 78 foilseachán a tháirgeadh agus d’ullmhaigh sí 9 gcruinniú faisnéise don Choiste um Fhormhaoirsiú Buiséid.
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
21
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
Toradh Straitéise 2: Parlaimint Oscailte agus Ghafa
Ár Spriocanna Ár bPríomhghníomhaíochtaí agus Príomhghnóthachtálacha in 2019
Sprioc 1:Rannpháirtíocht níos mó i measc an phobail a fhorbairt le Tithe an Oireachtais.
Sprioc 2:Ár gcaidreamh leis an AE, an RA agus ár gcaidreamh eile idirnáisiúnta a neartú
Sprioc 3:Idirchaidreamh le Ranna Rialtais a fheabhsú
Cuireadh clár tionscnamh agus imeachtaí poiblí ‘Dáil 100’ ar siúl a sholáthair an méid seo a leanas:
n Príomhimeacht comórtha sa Seomra Cruinn i dTeach an Ard-Mhéara inar labhair an tUachtarán Mícheál D. Ó hUiginn agus inar tionóladh comhshuí na dTithe ina dhiaidh sin;
n Thug Cainteoir Theach na nIonadaithe, Stáit Aontaithe Mheiriceá, Nancy Pelosi, aitheasc i measc chomhaltaí agus iarchomhaltaí na dTithe;
n Cuireadh bailiúchán nua cáipéisí ó thréimhse réabhlóideach na hÉireann (1918-1923) ar fáil ar líne i ndiaidh tionscadal comhoibritheach digitithe idir an tOireachtas agus Cartlann Náisiúnta na hÉireann;
n Cuireadh láithreán gréasáin Dáil 100 in airde a chuireann eolas ar fáil ar an gcéad Dáil, a daoine agus a díospóireachtaí; agus a chuireann Seoda Leabharlann an Oireachtais, tuairisciú Parlaiminteach leis na blianta anuas, agus acmhainní múinteoireachta ar fáil;
n Thug Comhthionól na nÓg ar an Aeráid ina raibh an tOireachtas/RTÉ páirteach 157 dalta le chéile ó áiteanna ar fud na hÉireann chun plé a dhéanamh ar an gcaoi gur gá d’Éirinn dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide;
n Cuireadh cruinniú Dháil na nÓg ar siúl chun plé a dhéanamh ar an gclár athraithe aeráide; agus
n Cuireadh turas a bhí ar siúl ar feadh bliana ar Thaispeántas Dáil 100 ar siúl ar fud na hÉireann.
Críochnaíodh an clár oibre struchtúraí agus athchóirithe d’fhoirgneamh Seoirseach Theach Laighean agus d’aistrigh an Seanad ar ais isteach sa seomra ina mbíodh sé suite i dTeach Laighean.
Cuireadh 2,789 turas ar siúl in 2019 agus ghlac 41,610 cuairteoir páirt iontu. Cuireadh fáilte roimh beagnach 100,000 cuairteoir go dtí Teach Laighean.
Tháinig méadú ar ghníomhaíocht maidir le hoscailteacht agus idirchaidreamh leis an Oireachtas in 2019. Seo a leanas roinnt sonraí faoin oscailteacht agus idirchaidreamh sin:
n Tugadh 2.3 milliún cuairt ar láithreán gréasáin an Oireachtais;
n Rinneadh 2.2 milliún amharc ar dhíospóireachtaí parlaiminte agus ba dhíospóireachtaí coiste 1.6 milliún díobh; agus
Bhuaigh foireann mheán sóisialta Sheirbhís an Oireachtais dámhachtain na nEagraíochtaí Neamhrialtasacha (ENRanna)/na bhFiontar Beag agus Meánmhéide (FBManna)/na gComhlachtaí Beaga is Fearr i nDámhachtainí Meán Sóisialta Sockies 2019.
Sheol an tSeirbhís a Straitéis Theanga Chomharthaíochta na hÉireann (TCÉ) 2019-2021 chun tacaíochtaí TCÉ a chur i bhfeidhm don idirchaidreamh a dhéanann an tOireachtas leis an bpobal, le comhaltaí agus leis an bhfoireann. Ainmníodh agus cuireadh an Straitéis ar an ngearrliosta do Ghradaim Sármhaitheasa agus Nuálaíochta sa Státseirbhís 2019 sa Chatagóir Sármhaitheas i gCultúr, Luachanna agus Éagsúlacht.
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
22
Coimisiún Thithe an Oireachtais
Toradh Straitéise 2: Parlaimint Oscailte agus Ghafa
Ár Spriocanna Ár bPríomhghníomhaíochtaí agus Príomhghnóthachtálacha in 2019
Ag deireadh na scoilbhliana 2018/19:
n Cuireadh ceardlanna clár oideachais pharlaiminte ar siúl do 36 scoil inar fhreastail breis agus 1,000 dalta;
n Ghlac ocht scoil páirt sa tionscnamh ‘Ceann Go Ceann’ ina nglacann an Ceann Comhairle páirt i bhfíschomhrá le rang de dhaltaí Polaitíochta agus an tSochaí ina scoil féin;
n Chuir 15 dhalta cainteanna an Chlub Oideachas Teicneolaíochta, Siamsaíochta agus Dearaidh ar siúl i gCaisleán Bhaile Átha Cliath; agus
n Rinneadh an Clár Oideachais Parlaiminte a fhairsingiú chun cláir struchtúracha a chur ar fáil do dhaltaí na hIdirbhliana.
Tá méadú tagtha, ar an iomlán, ar an leibhéal de rannpháirtíocht idirpharlaiminteach, an méid seo a leanas ina measc:
n 16 chruinniú dhéthaobhacha ar cuairt isteach;
n Ceithre thoscaireacht ar cuairt isteach faoi stiúir Cainteora;
n Naoi nGrúpa Cairdis Pharlaimintigh ar cuairt isteach; agus
n 65 idirchaidreamh idirpharlaiminteach ar cuairt amach, cuairteanna Grúpaí Cairdis ina measc.
Ghlac parlaiminteoirí ó ocht dtír páirt in imeachtaí an 3ú cruinniú Ollchoiste Idirnáisiúnta (OCI) maidir le Bréagaisnéis agus Nuacht Bhréagach a bhí ar siúl i mBaile Átha Cliath an 6 agus an 7 Samhain 2019.
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
23
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
Toradh Straitéise 3: Parlaimint Dhigiteach
Ár Spriocanna Ár bPríomhghníomhaíochtaí agus Príomhghnóthachtálacha in 2019
Sprioc 1:An teicneolaíocht a úsáideann na Tithe agus na Coistí a chlaochlú
Sprioc 2:Rochtain phoiblí níos éasca a chumasú ar obair an Oireachtais agus a chomhaltaí
Sprioc 3:Ár mBonneagar Teicniúil a Nuachóiriú
Leanadh ar aghaidh leis an gClár um Chlaochlú Digiteach a fhorbairt agus a sholáthar i gcaitheamh 2019.
Críochnaíodh 18 dTionscadal um Chlaochlú Digiteach. I measc na bpríomhthionscadal a críochnaíodh, bhí:
n Uasghrádú ar an gcóras Wi-Fi agus suiteáladh teicneolaíocht nua sna Seomraí;
n Forbraíodh feidhmchláir nua do ‘Tairiscintí’ agus ‘Ráitis’ don chóras parlaiminte digití;
n Sheol an tSeirbhís Leabharlainne agus Taighde (an SLaT) láithreán nua inmheánach agus rinne an tAonad Cumarsáide inlíon na Seirbhíse, An Tairseach, a athdhearadh;
n Thug Oifig na gComhairleoirí Dlí Parlaiminteacha (OCDP) córas bainistíochta cáis nua, Legal Evolve, isteach; agus
n Thug an tAonad SF córas nua ríomh-SF isteach atá néalbhunaithe. Forbraíodh an córas nua faoin gclár feidhmchlár Tógáil le Roinnt (TlR).
Thug deasca na Seirbhíse TFC tacaíocht do thart ar 20,000 glao – 11,217 nglao ó chomhaltaí agus óna bhfoireann agus 8,711 glao ó fhoireann na Seirbhíse.
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
24
Coimisiún Thithe an Oireachtais
Toradh Straitéise 4: Pobal Parlaiminteach a dTacaítear go Tréan leis
Ár Spriocanna Ár bPríomhghníomhaíochtaí agus Príomhghnóthachtálacha in 2019
Sprioc 1:Pobal Parlaiminte a fhorbairt a léirítear luach air, atá gafa agus a dtacaítear leis
Sprioc 2:Timpeallacht fhisiciúil shlán agus shábháilte a sholáthar a fhreastalaíonn ar riachtanais Phobal na Parlaiminte
Sprioc 3:Cultúr dínite agus measa, éagsúlachta agus ionchuimsithe a chothú
Sprioc 4:Seirbhísí ardchaighdeáin a sholáthar dár gcustaiméirí go léir
Sprioc 5:Ardchaighdeáin de rialachas corparáideach a chinntiú
Ba é líon iomlán na foirne CLA (Státseirbhísigh, Foireann Tionscail Stáit, Clódóirí agus Foireann Sealbhóirí Oifige) ag deireadh 2019 572.43 duine.
D’fhoilsigh Seirbhísí Acmhainní Daonna na príomhcháipéisí seo a leanas:
n An Straitéis Daoine 2019-2021;
n An Straitéis Foghlama agus Forbarhta (FaF) 2019-2021;
n Treoir do Bhainisteoirí Líne maidir le Bainistíocht Éifeachtach Foirne. Cuireadh 206 cúrsa oiliúna ar siúl.
Bhí 454 comhalta foirne polaitíochta Coibhéise Lánaimseartha (CLA) fostaithe ag comhaltaí na dTithe.
Bhí pinsin iníoctha le 208 iarchomhalta foirne polaitíochta agus le 419 iarchomhalta.
Críochnaíodh caomhnú agus athchóiriú Theach Laighean Seoirseach i Lúnasa 2019 i ndiaidh clár oibreacha a mhair dhá bhliain a bhainistigh Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) agus Tithe an Oireachtais.
Léiríodh clár faisnéise 2 chuid, “The Restoration of Historic Leinster House”.
Foilsíodh Ráiteas Prionsabal agus Beartais i leith Dínite agus Urraime.
Foilsíodh Ráiteas um Chosaint Leanaí agus Plean maidir leis an Ráiteas um Chosaint Leanaí a Chur i nGníomh.
Foilsíodh na torthaí a bhí ar Shuirbhé ar Ionad Oibre Parlaiminteach.
Bhain na chéad rannpháirtithe i gClár Foghlama agus Foghlama (FFO) an Oireachtais a gcáilíocht amach ag searmanas dámhachtainí i dTeach Laighean. Bhain seachtar de na céimithe fostaíocht pháirtaimseartha amach i ndiaidh dóibh páirt a ghlacadh sa chlár.
Forbraíodh agus foilsíodh Cairt agus Plean Gníomhaíochta Custaiméirí nua. D’fhoilsigh an tSeirbhís a Plean Straitéiseach don tréimhse 2019-2021.
Cuireadh na cruinnithe rialachais seo a leanas ar bun:
n 15 chruinniú de chuid Thithe an Oireachtais;
n Cúig chruinniú an Choiste Airgeadais;
n Ceithre chruinniú an Choiste Iniúchóireachta;
n 20 cruinniú an Bhoird Bhainistíochta;
n 38 cruinniú de chuid Choistí Straitéiseacha an Bhoird Bhainistíochta
Phróiseáil an tAonad Airgeadais breis agus 5,700 sonrasc le haghaidh earraí agus seirbhísí. Tugadh faoi 36 próiseas soláthair.
Fuarthas 272 iarraidh Saorála Faisnéise, aníos ó 167 in 2018.
Tugadh faoi shé Phróiseas um Chosaint Sonraí agus próiseáladh 17 nIarraidh Rochtana Cosanta Sonraí ó Ábhair (IRÁanna).
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
25
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
TORADH STRAITÉISE 1: Parlaimint ÉifeachtachTá trí sprioc straitéiseacha ag an tSeirbhís chun an toradh straitéise seo a bhaint amach.
TORADH STRAITÉISE 1: SPRIOC 1
An tacaíocht agus an chomhairle riachtanach a sholáthar do Dháil Éireann agus Seanad Éireann chun cabhrú leo tabhairt faoina ngnó go héifeachtach
Is feidhm riachtanach de chuid na Seirbhíse é
tacaíocht agus comhairle ar ardchaighdeán maidir
leis an nós imeachta a sholáthar do Shealbhóirí
Oifige, do Chathaoirligh Coistí, agus do Chomhaltaí
na dTithe. Bíonn an modh faoin dtugann na Tithe faoi
dhíospóireachtaí faoi threoir na rialacha agus na
bhfasach mar atá siad leagtha amach sna Buan-
Orduithe agus i Rialuithe suntasacha ón gCathaoir.
Le linn 2019, lean Seirbhís Thithe an Oireachtais (an
tSeirbhís) ag cothabháil agus ag feabhsú na seirbhísí
comhairle agus tacaíochta a sholáthraíonn sí do na
Tithe agus dá gCoistí.
Fíor 1: Laethanta Suí na dTithe
0
50
100
150
200
250
2016201720182019
102
9886
62
93
106 10491
Laethanta Suí na Dála
Laethanta Suí an tSeanaid
Thacaigh an tSeirbhís le Dáil Éireann ar gach ceann
dá 102 lá suí agus le Seanad Éireann ar gach ceann
dá 93 lá suí.
Fíor 2: Uaireanta Suí na dTithe
0
5,00
1,000
1,500
2,000
2016201720182019
914
511
772
989
615
506
349
923
Uaireanta Suí na Dála
Uaireanta Suí an tSeanaid
Tionóladh Comhshuí Dhá Theach an Oireachtais sa
Seomra Cruinn i dTeach an Ard-Mhéara an 21 Eanáir
2019 chun comóradh céad bliain a dhéanamh ar
chruinniú poiblí tionscnaimh Dháil Éireann an 21
Eanáir 1919.
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
26
Coimisiún Thithe an Oireachtais
Chas comhaltaí na Dála agus an tSeanaid le chéile sa Seomra
Cruinn i dTeach an Ard-Mhéara le haghaidh suí speisialta chun
ceiliúradh a dhéanamh ar chothrom 100 bliain an chéad tionóil
de Dháil Éireann i dTeach an Ard-Mhéara an 21 Eanáir 1919.
Chuir an Ceann Comhairle agus an Cathaoirleach fáilte
roimh Chainteoir Theach na nIonadaithe, Stáit
Aontaithe Mheiriceá, Nancy Pelosi, go dtí Teach
Laighean an 17 Aibreán 2019. Thug Cainteoir Theach
na nIonadaithe, Stáit Aontaithe Mheiriceá, Nancy
Pelosi, aitheasc i Seomra na Dála do chomhaltaí agus
iar-chomhaltaí Dháil Éireann agus Sheanad Éireann
mar chuid den cheiliúradh céad bliain ar Dháil Éireann.
Thug Cainteoir Theach na nIonadaithe, Stáit Aontaithe
Mheiriceá, Nancy Pelosi, aitheasc i Seomra na Dála do
chomhaltaí agus iar-chomhaltaí na Dála agus Sheanad
Éireann. Thug an Ceann Comhairle agus an Cathaoirleach
cuireadh don Chainteoir Pelosi mar chuid de chlár
comórtha 100 bliain na Dála sna Tithe.
Cuireadh ceithre fhothoghchán ar bun i rith 2019
chun na folúntais sa Dáil agus sa Seanad a líonadh a
cruthaíodh nuair a toghadh comhaltaí le Parlaimint
na hEorpa (a cuireadh ar bun an 24 Bealtaine 2019).
Tacaíonn Cléireach agus Leas-Chléireach na Dála
agus aonaid ghnó Sheirbhísí an Tí le suíonna agus
le gnó Dháil Éireann agus a Sealbhóirí Oifige trí
chomhairle agus cúnamh nóis imeachta a sholáthar
chun suíonna an Tí a ullmhú agus a bheith i gceannas
orthu.
Cuireann Oifig na nImeachtaí raon seirbhísí
tacaíochta nóis imeachta ar fáil don Dáil. In 2019,
rinne sí 150 Riar Oibre, lena n-áirítear Riar na hOibre
Forlíontach a chur i dtoll a chéile, agus thaifead sí 161
vótáil Dála (vótaí sa Teach).
Ullmhaíodh cruinnithe faisnéise do gach suí na Dála
chun an Cathaoirleach a threorú trí gach mír ghnó.
Tugadh faisnéis do Chathaoirligh sula raibh
imeachtaí ar siúl sa Teach, agus tugadh faisnéis go
leithleach do Chathaoirligh na gCoistí, ar iarraidh
uathu, i ndáil le rialú nóis imeachta maidir le
leasuithe ar Bhillí.
Chuir Oifig na nImeachtaí tacaíocht ar fáil freisin do
Choiste na Dála um Nós Imeachta, a chuir ocht
gcruinniú ar siúl, agus do Choiste Gnó na Dála, a
chuir 44 cruinniú ar siúl.
Tábla 1: Cruinnithe Bhuanchoistí na Dála 2019 2018 2017 2016
An Coiste Gnó 44 43 50 25
An Coiste um Nós Imeachta 8 7 6 7
An Fochoiste ar Athleasú na Dála 5 7 8 26
An Coiste Roghnóireachta 3 7 7 6
Sprioc 1: An tacaíocht agus an chomhairle riachtanach a sholáthar do Dháil Éireann agus
Seanad Éireann chun cabhrú leo tabhairt faoina ngnó go héifeachtach
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
27
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
Mar fhreagairt do na breithiúnais a thug an Chúirt
Uachtarach in 2019 i gcásanna O’Brien v. Cléireach
Dháil Éireann agus Daoine Eile agus Kerins v.
McGuinness agus Daoine Eile (Uimh. 2), bhunaigh
Coiste na Dála um Nós Imeachta agus Coiste an
tSeanaid um Nós Imeachta agus Pribhléidí Grúpa
Oibre um Pribhléid Pharlaiminteach agus Cearta
Saoránach. Bunaíodh an Grúpa Oibre chun
athbhreithniú a dhéanamh ar nósanna imeachta
Thithe an Oireachtais, go háirithe a mBuanorduithe
(rialacha nóis imeachta), lena chinntiú go léirítear
meas ar chearta saoránach i rith an phróisis
pharlaimintigh.
Tá breithniú á dhéanamh ag an nGrúpa Oibre ar
impleachtaí na mbreithiúnas agus déanfaidh sé
teagmháil leis na Coistí, le moltaí, in am agus i dtráth.
Fíor 3: Billí a Tionscnaíodh sa Dá Theach agus Billí a Ritheadh
0
20
40
60
80
100
120
140
160
2016201720182019
Billí a Tionscnaíodh sa Dáil
Billí a Tionscnaíodh sa Seanad
Billí Rialtais a Ritheadh
Billí Comhaltaí Príobháideachaa Ritheadh
Tacaíonn Oifig na mBillí leis an bpróiseas reachtach
sa dá Theach agus i Roghchoistí na Dála, agus
bainistíonn sí an próiseas reachtaíochta ó fhoilsiú
Bille go dtí go seoltar cóip veillim dheimhnithe de
gach Bille a rith an dá Theach chun an Uachtaráin
lena síniú.
In 2019, rith na Tithe 48 Bille Rialtais agus 6 Bhille
Comhaltaí Príobháideacha (BCPanna). Cuireadh tús
le 108 Bille, ar an iomlán, sa dá Theach, agus ba
BCPanna 68 díobh. Liostaítear in Aguisín IV Billí a
tionscnaíodh sna Tithe agus liostaítear in Aguisín V
Billí a ritheadh.
Scrúdaíonn Oifig na mBillí téacs na mBillí agus na
leasuithe go léir agus tacaíonn sí le Cathaoirligh agus
Cléirigh an dá Thí i gcinntí maidir le hinghlacthacht,
de réir Buan-Orduithe. Scrúdaíonn Oifig na mBillí
gach BCP sula bhfoilsítear é, agus scrúdaítear gach
Bille i gcomhair impleachtaí airgeadais sula dtéann
siad ar aghaidh go dtí Céim Choiste na Dála.
Scrúdaíonn Oifig na mBillí freisin gach leasú ó Chéim
an Choiste agus ó Chéim na Tuarascála lena chinntiú
go bhfuil na Buan-Orduithe á gcomhlíonadh. Tugtar
faisnéis do Chathaoirligh an dá Theach agus do
Chathaoirligh na gCoistí, de réir mar is gá, i ndáil le
hinghlacthacht Bhillí agus leasuithe. Chomhaontaigh
an Rialtas agus an Fochoiste ar Athleasú na Dála ar
Mheabhrán Tuisceana (MT) i ndáil le BCPanna a ghlac
an Dáil ina dhiaidh sin1.
1 Tuarascáil ón bhFochoiste ar Athleasú na Dála – Meabhrán Tuisceana
idir an Rialtas agus Dáil Éireann ar Bhillí Comhaltaí Príobháideacha,
2018.
Sprioc 1: An tacaíocht agus an chomhairle riachtanach a sholáthar do Dháil Éireann agus
Seanad Éireann chun cabhrú leo tabhairt faoina ngnó go héifeachtach
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
28
Coimisiún Thithe an Oireachtais
Tábla 2: Ceisteanna Parlaiminteacha 2019 2018 2017 2016
CPanna a Próiseáladh1 57,697 58,727 58,820 44,942
Ceisteanna le haghaidh Freagra Scríofa 47,197 47,673 48,641 28,963
Ceisteanna le haghaidh Freagra ó Bhéal 2,018 2,008 1,958 1,071
1 Áirítear leis an líon CPanna a próiseáladh ceisteanna d’fhreagraí scríofa, ceisteanna atá le freagairt ó bhéal, ceisteanna a aistarraingíodh agus ceisteanna a
dícheadaíodh.
Phróiseáil Oifig na gCeisteanna 57,697 Ceist
Parlaiminte (CPanna), agus bhí freagra ó bhéal le
tabhairt ar 2,018 díobh. Lean bearta athchóirithe na
Dála leis an deis a chur ar fáil do Theachtaí Dála chun
ceisteanna scríofa a sheoladh ar aghaidh chun
freagra a fháil orthu le linn thréimhse shosa an
tSamhraidh. Cuireadh 5,091 ceist isteach le linn
an tsosa, arb ionann é agus méadú 11.5% ar an
tréimhse chéanna in 2018.
Tacaíonn Cléireach agus Leas-Chléireach an tSeanaid
agus Oifig an tSeanaid le suíonna agus le gnó
Sheanad Éireann, a Choistí, a Shealbhóirí Oifige agus
a chomhaltaí trí chomhairle faoin nós imeachta a
chur orthu agus cúnamh a thabhairt le linn dóibh
ullmhú do shuíonna den Teach agus dul i gceannas
orthu. Tacaíonn Oifig an tSeanaid freisin leis an
gCléireach chun a dhualgais a chomhlíonadh mar
Cheann Comhairimh ex officio do thoghcháin an
tSeanaid.
Tháinig comhaltaí nua isteach sna Tithe tar éis Corrthoghchán’ na bliana 2019: An Seanadóir Pippa Uí Haicéid, Pádraig Ó
Súilleabháin, TD, Seosamh Ó Briain, TD, Marc Mac an Bhaird, TD and Maolcholaim Ó Broin, TD.
Sprioc 1: An tacaíocht agus an chomhairle riachtanach a sholáthar do Dháil Éireann agus
Seanad Éireann chun cabhrú leo tabhairt faoina ngnó go héifeachtach
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
29
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
I ndiaidh tionscadal athchóirithe dhá bhliain,
d’aistrigh an Seanad ar ais go dtí Seomra an
tSeanaid i dTeach Laighean Seoirseach i Meán
Fómhair 2019. Chuir Cathaoirleach an tSeanaid
buíochas ar leith in iúl don Stiúrthóir, an Bord agus
foireann Ard-Mhúsaem na hÉireann chun suíonna
an tSeanaid a éascú i Seomra Ceirmeachta an
Mhúsaeim i rith an tionscadail dhá bhliain. Thug
an Cathaoirleach moladh, ach go háirithe, d’Oifig
na nOibreacha Poiblí, a rinne maoirseacht
ar an tionscadal athchóirithe.
Eolas á thabhairt ag an Uasal Ciarán Ó Conchubhair, Ailtire
Stáit Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP), do chomhaltaí
Choimisiún Thithe an Oireachtais maidir leis an obair a
rinneadh ar Teach Seoirseach Laighean chun tréithe
oidhreachta an fhoirgnimh a chaomhnú.
Is gnách go suíonn an Seanad ar feadh trí lá in
aghaidh na seachtaine suí. Tionscnaíodh fiche a sé
faoin gcéad de na 108 Bille a tionscnaíodh sna Tithe
i rith na bliana 2019 sa Seanad, ba Bhillí Rialtais 12
cheann díobh agus ba Bhillí Comhaltaí
Príobháideacha 16 cinn acu.
Thacaigh Oifig an tSeanaid le hocht gcruinniú
de Choiste an tSeanaid um Nós Imeachta agus
Pribhléidí, agus le ceithre chruinniú de Choiste
Roghnóireachta an tSeanaid. Tionóladh ceithre
chruinniú de Choiste Comhairliúcháin Phoiblí
an tSeanaid le linn na bliana. Chuir an Coiste
a Thuarascáil maidir le Gnólachtaí Beaga agus
Meánmhéide in Éirinn i láthair i mBealtaine 2019.
Chuir an Coiste a Thuarascáil ar An Lucht Siúil i dTreo
Éire Níos Cothroime Tar Éis Aitheantas a Fháil i láthair
freisin in Eanáir 2020 i ndiaidh próiseas
comhairliúcháin phoiblí. Labhair baill de phobal an
Lucht Siúil sa Seanad den chéad uair an 9 Iúil 2019 ó
aithin Stát na hÉireann an Lucht Siúil go foirmiúil mar
ghrúpa mionlaigh eitnigh i Márta 2017.
Thionóil Coiste Comhairliúcháin Phoiblí an tSeanaid
éisteachtaí poiblí ar an ábhar: I dtreo Éire níos cothroime
don Lucht Siúil i ndiaidh go n-aithnítear iad mar mhionlach
eitnigh.
Chuir Roghchoiste Speisialta an tSeanaid um an
Ríocht Aontaithe do Tharraingt Siar as an Aontas
Eorpach a chuid oibre chun críche agus chuir sé a
thuarascáil deiridh i láthair ag deireadh 2019.
Sprioc 1: An tacaíocht agus an chomhairle riachtanach a sholáthar do Dháil Éireann agus
Seanad Éireann chun cabhrú leo tabhairt faoina ngnó go héifeachtach
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
30
Coimisiún Thithe an Oireachtais
Fíor 4: Cruinnithe de Choistí an tSeanaid
0
2
4
6
8
10
12
14
2016201720182019
Coiste an tSeanaid um Nós Imeachta agus Pribhléidí
An Coiste Roghnóireachta
Coiste Comhairliúcháin Phoiblí an tSeanaid
Tuairiscíonn agus foilsíonn Oifig na nDíospóireachtaí
imeachtaí na Dála, an tSeanaid agus na
gComhchoistí agus na Roghchoistí sa teanga
urláir (Gaeilge nó Béarla) laistigh de spriocdhátaí
socraithe.
In 2019, thuairiscigh Oifig na nDíospóirechtaí 2,754
uair an chloig de dhíospóireacht Dála, Seanaid agus
Coiste. B’ionann seo agus 35,500 leathanach de
Thuarascáil Oifigiúil idir an Dáil, an Seanad agus
Coistí agus 57,697 Ceist Pharlaiminte. D’fhoilsigh
sí na díospóireachtaí seo ar an láithreán gréasáin i
bhformáid HTML, PDF agus XML. Thuairiscigh sí
imeachtaí oifigiúla cruinnithe freisin Thionól
Parlaiminte na Breataine-na hÉireann sa Ríocht
Aontaithe agus in Éirinn agus Comhshuí dhá Theach
an Oireachtais sa Seomra Cruinn i dTeach an Ard-
Mhéara an 21 Eanáir 2019. Tionóladh an Comhshuí
chun comóradh céad bliain a dhéanamh ar chruinniú
poiblí tionscnaimh Dháil Éireann.
Chuir Oifig na nDíospóirechtaí siompóisiam bliantúil
Chumann Tuairiscithe Parlaiminte na Breataine agus
na hÉireann ar siúl in Iúil 2019. Ghlac sí páirt freisin i
gclár malartaithe foirne le Teach na dTiarnaí,
Parlaimint an RA, i Meitheamh 2019.
Tugtar faoi imeachtaí na Dála, an tSeanaid,
agus a gCoistí trí mheán na Gaeilge nó an
Bhéarla. Sholáthair Rannóg an Aistriúcháin seirbhísí
aistriúcháin chomhuainigh (Gaeilge go Béarla) le linn
914 uair an chloig de dhíospóireacht Dála, 511 uair an
chloig de dhíospóireacht Seanaid, agus do
chruinnithe Coiste nuair a iarradh sin. Sholáthair
an Rannóg tiontú oifigiúil freisin ar ábhar maidir
le 260 Riar Oibre na Dála agus an tSeanaid.
Fíor 5: Páipéir Riartha na hOibre Dhátheangaigh
0
50
100
150
200
250
300
2016201720182019
139
110
163
97
62
119
126158
Dáil Seanad
Sprioc 1: An tacaíocht agus an chomhairle riachtanach a sholáthar do Dháil Éireann agus
Seanad Éireann chun cabhrú leo tabhairt faoina ngnó go héifeachtach
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
31
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
Déanann Rannóg an Aistriúcháin na tiontuithe
oifigiúla ar Achtanna an Oireachtais, ar Ghearrtheidil
agus ar Theidil Fhada Billí, agus ar Ionstraimí
Reachtúla, a chur ar fáil freisin. Bunaíodh creat
eagarthóireachta seachtrach Gaeilge i rith 2019 chun
an acmhainn eagarthóireachta Gaeilge a mhéadú a
theastaíonn sa Rannóg. Tá an creat seo á úsáid chun
tacú leis an bhfáil atá ar thiontú oifigiúil Gaeilge
achtanna. Faomhadh plean straitéise cúig bliana,
Rannóg 2024, do thiontuithe oifigiúla d’Achtanna an
Oireachtais a fhoilsiú ar bhealach tráthúil agus chun
riaráistí stairiúla a ghlanadh freisin faoi 2024.
Bunaíodh Coiste Stiúrtha an Bhoird Bhainistíochta
(Rannóg 2024) lena chinntiú go raibh an plean seo á
sholáthar go céimnitheach agus go héifeachtach.
Labhair an Taoiseach Leo Varadkar, TD le Seanad Éireann
maidir leis an téama Comóradh 70 Bliain ar an bPoblacht.
Tábla 3: Seirbhísí Aistriúcháin 2019 2018 2017 2016
An líon babhtaí a soláthraíodh aistriúchán comhuaineach ar laethanta suí le haghaidh na n-imeachtaí parlaiminteacha 102 106 104 91
Riar na hOibre a cuireadh i dtoll a chéile go dátheangach1 257 249 260 188
Riar Oibre Dála 150 139 163 126
Riar Oibre Seanaid 110 110 97 62
Teidil Billí Dhátheangacha2 108 142 156 121
Billí Rialtais 39 48 33 36
Billí Comhaltaí Príobháideacha 69 94 123 85
1 Lena n-áirítear Riar na hOibre forlíontach.
2 Lena n-áirítear teidil fhada agus gearrtheidil Billí a tionscnaíodh go foirmiúil sna Tithe.
Sprioc 1: An tacaíocht agus an chomhairle riachtanach a sholáthar do Dháil Éireann agus
Seanad Éireann chun cabhrú leo tabhairt faoina ngnó go héifeachtach
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
32
Coimisiún Thithe an Oireachtais
TORADH STRAITÉISE 1: SPRIOC 2
An tacaíocht agus an chomhairle riachtanach a sholáthar do Choistí an Oireachtais chun cabhrú leo tabhairt faoina ngnó go héifeachtach
Lean foirne na gCléireach, na gComhairleoirí
Beartais agus na gcomhaltaí foirne riaracháin
de chuid Rúnaíocht na gCoistí orthu ag soláthar
tacaíochta do 40 ceann de Choistí Parlaiminte
(ina bhuil Comhchoistí (16), Roghchoistí (15),
Buanchoistí (6) agus Coistí Speisialta (3)) agus
comhlachtaí parlaiminte.
Thacaigh an Rúnaíocht le 623 cruinniú coiste
parlaiminte inar ghlac 1,986 finné páirt.
Fíor 6: Coistí Parlaiminte
0
500
1,000
1,500
2,000
2,500
3,000
2016201720182019
Cruinnithe Coiste
Uaireanta suí Coisti
Finnéithe Coisti
Faigheann coistí aighneachtaí ó roinnt eagraíochtaí
agus daoine aonair, ranna rialtais agus comhlachtaí
stáit, grúpaí páirtithe leasmhara agus baill den
phobal ina measc. Craoltar a gcruinnithe poiblí go
beo agus féadfaidh siad tuarascálacha a fhoilsiú ar
shaincheisteanna sonracha.
Déanann coistí grinnscrúdú freisin ar chaiteachas
Rialtais agus déanann siad díospóireacht ar an
reachtaíocht a bheartaítear.
Bhí teacht ag an gCoiste freisin ar réimse fairsing
d’fhaisnéis, seirbhísí taighde agus tacaíochtaí ón
tSeirbhís Leabharlainne agus Taighde (an SLaT),
Oifig na gComhairleoiríof Dlí Parlaiminte (OCDP)
agus an Oifig Buiséid Pharlaiminteach (an OBP) faoi
mar a theastaíonn.
D’oibrigh Preasoifigigh na gCoistí chun an cumhdach a
mhéadú sna meáin ar na Coistí Parlaiminte trí fhaisnéis
a chur chun cinn agus a sholáthar, ar nós preaseisiúintí
agus tuairiscí, do na meáin áitiúla. D’fhreagair siad
d’iarratais mheáin, rinne siad faireachán ar an
gcumhdach sna meáin ar obair choiste agus chabhraigh
siad le himeachtaí, seoltaí tuarascála agus cruinnithe
faisnéise preasa a eagrú thar ceann coistí.
Tháinig an Taoiseach i láthair os comhair an Ghasra
Oibre de Chathaoirligh Coistí (an GOCC) an 30
Bealtaine 2019 chun plé a dhéanamh ar cheisteanna a
bhain le beartas poiblí. Casann an GOCC lena chéile,
déanann siad idirchaidreamh lena chéile agus téann
siad i gcomhairle lena chéile ar cheisteanna a dhéanann
difear do sheirbhísí a chuirtear ar fáil do Choistí agus ar
cheisteanna ar comhdhíol spéise iad do Chathaoirligh
choistí. Chas an GOCC ar a chéile ceithre huaire in 2019.
Bhunaigh na Tithe Comhchoiste Speisialta i mBealtaine
2019 chun breithniú a dhéanamh ar threonna beartais
maidir le príomh-shaincheisteanna a dhéanann difear
Sprioc 2: An tacaíocht agus an chomhairle riachtanach a sholáthar do Choistí an Oireachtais
chun cabhrú leo tabhairt faoina ngnó go héifeachtach
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
33
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
do phobal an Lucht Siúil. Rinne an Comhchoiste um
Príomh-Shaincheisteanna i leith Phobal an Lucht Siúil
tuarascáil eatramhach a thíolacadh eatramhach faoi
bhráid na dTithe i Samhain 2019.
Chuir na Coistí 61 tuarascáil i láthair i rith 2019 inar
leagadh amach torthaí agus moltaí ina limistéir
bheartais faoi seach do dhá Theach an Oireachtais.
Chuir Comhchoistí an dá Thí 48 tuarascáil, chuir
Roghchoistí Dháil Éireann 1 thuarascáil, chuir
Buanchoistí 9 dtuarascáil, agus chuir na Coistí
Speisialta 3 thuarascáil faoi bhráid na dTithe in 2019.
Fíor 7: Tuarascálacha Coistí a Tíolacadh in 2019
Beartas Poiblí
Grinnscrúdú Airgeadais
Grinnscrúdú Réamhreachtach
Grinnscrúdú ar Bhillí Comhaltaí Príobháideacha
37
2
8
14
D’fhoilsigh an Comhchoiste um Ghníomhú ar son
na hAeráide a thuarascáil traspháirtí dar teideal,
Athrú Aeráide: Comhdhearcadh Traspháirtí ar son
Gníomhú i mí an Mhárta 2019. Bunaíodh an Coiste i
mí Iúil 2018 chun breithniú a dhéanamh ar an tríú
tuarascáil agus ar mholtaí ón Tionól Saoránach,
Conas is Féidir leis an Stát a Chinntiú go mBeidh
Éire ar Thús Cadhnaíochta Maidir le Dul i nGleic leis
an Athrú Aeráide. Tá 42 moladh a dtugtar tús áite
dóibh i dTuarascáil an Chomhchoiste sa limistéar
um ghníomhú ar son na haeráide.
Chuir an Comhchoiste um Chumarsáid, Gníomhú ar
son na hAeráide agus Comhshaol an tríú hOllchoiste
Idirnáisiúnta um Bréagaisnéis agus Nuacht
Bhréagach (OCI) ar siúl i mBaile Átha Cliath an 6 agus
an 7 Samhain 2019. Ghlac parlaiminteoirí ó ocht dtír
páirt sna himeachtaí. Ba é téama an chruinnithe
conas comhoibriú idirnáisiúnta a chur chun cinn agus
ábhar díobhálach, fuathchaint agus cur isteach ar
thoghchán á rialáil. Shínigh gach tír sraith prionsabal
ag deireadh an chruinnithe chun comhoibriú
idirnáisiúnta a chur chun cinn.
Chun Lá na hEorpa a chéiliúradh, tionóladh cruinniú
speisialta cúig Chomhchoiste amach i Seomra an
tSeanaid chun idirchaidreamh a dhéanamh le mic
léinn tríú leibhéal ó ollscoileanna agus coláistí
éagsúla ó áiteanna ar fud na tíre. Chruthaigh seo deis
do dhaoine ar tugadh cuireadh dóibh chun tabhairt
faoi phlé agus ionchur go díreach le Comhchoistí an
Tí maidir le saincheisteanna a bhreithnítear agus a
ndéantar cinneadh fúthu ar leibhéal parlaiminte
náisiúnta agus Pharlaimint na hEorpa.
Cuireadh comhchruinniú speisialta cúig Choiste ar bun i
Seomra an tSeanaid chun ceiliúradh a dhéanamh ar Lá na
hEorpa 2019: ba iad na Comhchoistí a bhí i láthair Gnóthaí
an Aontais Eorpaigh; Talmhaíocht, Bia agus Muir; Gnóthaí
Eachtracha agus Trádáil, agus Cosaint; Gníomhú ar son na
hAeráide; agus Ceartas agus Comhionannas. Labhair mic
léinn tríú leibhéal leis na Coistí maidir leis na dúshláin
reatha atá roimh an Aontas Eorpach.
Sprioc 2: An tacaíocht agus an chomhairle riachtanach a sholáthar do Choistí an Oireachtais
chun cabhrú leo tabhairt faoina ngnó go héifeachtach
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
34
Coimisiún Thithe an Oireachtais
Ba iad na Comhchoistí a ghlac páirt sa chruinniú
speisialta seo agus an tsaincheist bheartais a bhí i
gceist:
�� An Comhchoiste um Ghnóthaí an Aontais
Eorpaigh (Ról maoirseachta maidir le Gnóthaí
an Aontais Eorpaigh agus dúshláin roimh an AE,
go ginearálta);
�� An Comhchoiste um Thalmhaíocht,
Bia agus Muir (Athchóiriú an CBT);
�� An Comhchoiste um Ghnóthaí Eachtracha,
Trádáil agus Cosaint (Comhbheartas Slándála
agus Cosanta);
�� An Comhchoiste um Ghníomhú ar son
na hAeráide (Gníomhú ar son na hAeráide
agus Forbairt Inbhuanaithe); agus
�� An Comhchoiste um Dhlí agus Ceart
agus Comhionannas (Imirce).
Chuir Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta
agus na nOileán tuarascáil i láthair ar na dúshláin
ollmhóra atá roimh chraolachán Gaeilge. Cuireadh
léargas ar fáil sa tuarascáil ar stádas an chraolacháin
Ghaeilge laistigh den earnáil chraolacháin agus
tugtar aird faoi leith inti ar limistéir den reachtaíocht,
rialáil, cistiú, caiteachas, ábhar, lucht féachana, lucht
éisteachta, agus fotheidealú.
D’fhoilsigh an Comhchoiste um Dhlí agus Ceart agus
Comhionannas a thuarascáil ar fhórsaí póilíneachta
ón dá thaobh den teorainn, le habhcóidí ar son
athchóiriú na póilíneachta idirnáisiúnta agus áitiúla,
agus le ceannairí pobail agus feirmeoireachta ó
áiteanna ar fud na hÉireann. Bhí 20 moladh sa
tuarascáil chun póilíneacht phobail a chur chun
cinn agus coireacht tuaithe a laghdú.
Chuir an Comhchoiste um Thurasóireacht, Iompar
agus Spórt sraith cruinnithe ar bun i rith 2019 maidir
le ceisteanna a bhaineann le Cumann Peile na
hÉireann.
Chas an Comhchoiste um Fhorfheidhmiú
Chomhaontú Aoine an Chéasta le hIonadaithe an
Chiste Oideachais Imeasctha (an COI) agus le
Comhairle Tuaisceart Éireann um Oideachas
Imeasctha (CTÉOI), a comhainmníodh do Dhuais
Nobel na Síochána, chun plé a dhéanamh ar obair
cheannródaíoch ar oideachas imeasctha.
Rinne Roghchoiste Speisialta an tSeanaid um an
Ríocht Aontaithe do Tharraingt Siar as an Aontas
Eorpach breithniú ar idirbheartaíocht aistarraingthe
an RA ón AE agus ar mholtaí a chur i bhfeidhm a rinne
an iar-choiste speisialta (a bhfuil an t-ainm céanna
air) a rinne breithniú ar na himpleachtaí d’Éirinn a
chruthódh aistarraingt an RA. Cuireadh stop le hobair
an Choiste i ndiaidh gur fhoilsigh sé a thuarascáil
deiridh ar dhul chun cinn dar teideal, Tuarascáil ar
Dhul chun Cinn Brexit, Nollaig 2019.
Is féidir teacht ar liosta iomlán de chruinnithe agus
de thuarascálacha a chuir na Coistí Parlaiminte i
láthair in 2019 in Aguisín VI. Tá eolas breise ar obair
na gCoistí Parlaiminte ar leathanaigh ghréasáin na
gCoistí trí láithreán gréasáin Thithe an Oireachtais.
Cuireadh tús le hathbhreithniú ar chóras Coistí an
32ú Dáil agus an 25ú Seanad in 2019. Cuirfear
tuarascáil ar an athbhreithniú faoi bhráid an
Fhochoiste ar Athleasú na Dála i ndiaidh an
thoghcháin na Dála agus an tSeanaid in 2020.
Sprioc 2: An tacaíocht agus an chomhairle riachtanach a sholáthar do Choistí an Oireachtais
chun cabhrú leo tabhairt faoina ngnó go héifeachtach
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
35
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
TORADH STRAITÉISE 1: SPRIOC 3
Acmhainn reachtaíochta, mhaoirseachta agus ghrinnscrúdaithe na dTithe agus a gCoistí a neartú
Ghlac an Fochoiste ar Athleasú na Dála le Meabhrán
Tuisceana (MT) idir an Rialtas agus Dáil Éireann ar
Bhillí Comhaltaí Príobháideacha (BCPanna) ag
deireadh 2018.
Is é cuspóir an MT an méid seo a leanas a leagan
amach:
�� próiseas cuimsitheach agus trédhearcach
um ghrinnscrúdú parlaiminteach le haghaidh
BCPanna, d’fhonn reachtaíocht comhaltaí
príobháideacha a achtú atá oiriúnach don
fheidhm dá mbeartaítear í agus atá fónta
ó thaobh dlí de; agus
�� próiseas maidir le rannpháirtíocht ag an Rialtas
in iarrataí ar Theachtaireachtaí Airgid i dtaca le
BCPanna, chun a chinntiú go dtiocfaidh freagra
ón Rialtas ar iarrataí ar Theachtaireachtaí Airgid
laistigh de thréimhse réasúnach (laistigh de 6
seachtaine, go ginearálta).
Ordaíodh sa MT go mbuntacaíonn leasuithe cuí
ar Bhuan-Orduithe Dháil Éireann a bhaineann le
Gnó Poiblí leis an bpróiseas grinnscrúdaithe
parlaiminteach. Chomhaontaigh an Dáil leis na
leasuithe riachtanacha ar Bhuan-Orduithe Dháil
Éireann in 2019.
Faoi na nósanna imeachta nua, ní féidir BCPanna
a chur faoi bhráid an Roghchoiste ábhartha le
haghaidh Chéim Choiste an Bhille, murach go
ndearnadh grinnscrúdú orthu roimh Chéim an
Choiste, nó murach go ndearna an Coiste Gnó an
ceanglas seo a tharscaoileadh. Cuireadh tús le
seasca a hocht BCP sa dá Theach in 2019. Rith
Tithe an Oireachtais sé BCP in 2019.
Cuireann Oifig na gComhairleoirí Dlí
Parlaiminteacha (OCDP), faoinar cuireadh bonn
reachtúil an 1 Eanáir 2019, réimse iomlán seirbhísí
dlí neamhspleácha dlíthiúla ar fáil don Cheann
Comhairle agus don Chathaoirleach, comhaltaí
an Oireachtais, Coistí an Oireachtais agus do
Choimisiún Thithe an Oireachtais.
Ta trí chuid anois in OCDP; Parlaiminteach
agus Corparáideach, Comhairleach PMB
agus Dréachtú PMB.
D’eisigh OCDP 546 comhairle dlí in 2019, 99
comhairle dlí do Choistí agus 9 gcomhairle maidir
le Grinnscrúdú roimh Chéim an Choiste ar Bhillí
Comhaltaí Príobháideacha ina measc. De bhreis air
sin, sholáthair OCDP 31 comhairle dlí do chomhaltaí
aonair maidir lena mBillí Comhaltaí Príobháideacha.
Sannadh sé Bhille Comhaltaí
Príobháideacha dhéag don tseirbhís
dréachtaithe reachtaíochta.
Tábla 4: Billí Comhaltaí Príobháideacha 2019
Comhairle BCP a cuireadh ar chomhaltaí aonair 31
Comhairle dlí faoi BCPanna 9
Billí Comhaltaí Príobháideacha a sannadh don tseirbhís dréachtaithe reachtaíochta 16
D’fhoilsigh OCDP Treoir Céim ar Chéim freisin do
chomhaltaí, ina dtugtar cuntas ar na seirbhísí a
d’fhéadfadh OCDP a sholáthar chun tacú leo lena
n-obair reachtaíochta. Thosaigh OCDP freisin ag
cabhrú le comhaltaí agus Coistí chun grinnscrúdú a
dhéanamh ar bheartas Rialtais trí chomhairle dlí a
sholáthar maidir le Billí Rialtais.
Cuireann an tSeirbhís Leabharlainne agus Taighde
(an SLaT) anailís neamhchlaonta ar fáil chun tacú le
comhaltaí na dTithe ina ról mar reachtóirí. Cuimsítear
ina seirbhís anailíse reachtaíochta cruinnithe
Sprioc 3: Acmhainn reachtaíochta, mhaoirseachta agus ghrinnscrúdaithe na dTithe
agus a gCoistí a neartú
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
36
Coimisiún Thithe an Oireachtais
faisnéise maidir le Billí Rialtais (Díolamaí Bille) agus
Billí Comhaltaí Príobháideacha (cruinniú faisnéise
BCP). Is é cuspóir Díolamaí Bille chun tacú le TDanna
agus Seanadóirí chun ullmhú do dhíospóireachtaí
Dara Céim ar Bhillí i dTithe an Oireachtais. Cuirtear
cruinnithe BCP ar siúl do gach comhalta chun tacú le
grinnscrúdú roimh Chéim an Choiste ar BCPanna.
Cuireann an SLaT cruinnithe faisnéise ar fáil freisin
chun cabhrú le grinnscrúdú a dhéanamh ar scéim
ghinearálta Bille Rialtais mar chuid de ghrinnscrúdú
réamhreachtach (GRR).
Anuas air sin, lean an SLaT le seirbhísí a sholáthar
do chomhaltaí agus dá bhfoireann chun cabhrú leo
lena ról grinnscrúdaithe tríd an méid seo a leanas a
sholáthar dóibh:
�� seirbhísí saincheaptha taighde,
anailíse, fiosrúcháin agus tagartha;
�� taighde saincheaptha ar bheartas
do Bhillí Comhaltaí Príobháideacha;
�� oiliúint scileanna faisnéise don fhoireann
pholaitíochta maidir le taighde a dhéanamh
ar reachtaíocht agus acmhainní dlíthiúla;
�� seirbhísí reatha feasachta, ar nós faireacháin,
foláirimh mheán agus postálacha blag;
�� teacht ar bhailiúcháin ardchaighdeáin dhigiteacha
agus chlóite, leabhair, acmhainní nuachta agus
bunachair shonraí ar líne ina measc; agus
�� teacht ar Sheomra Léitheoireachta na
Leabharlainne, ina bhfuil leabharlannaithe
gairmiúla.
Le linn 2019, Rinne an SLaT 34 Díolama Billí, agus 31
leathanach Rianaire Billí ar líne a tháirgeadh maidir le
Billí Rialtais. Thug an SLaT tacaíocht do ghrinnscrúdú
mionsonraithe ar 13 BCP agus le grinnscrúdú
réamhreachtach ar 17 scéim ghinearálta Billí Rialtais
do na Coistí Parlaiminte. Sholáthair an SLaT 240
cruinniú faisnéise saincheaptha agus 1,302 cruinniú
faisnéise do chomhaltaí agus úsáideoirí eile.
Ina theannta sin, sheol an SLaT láithreán gréasáin
inmheánach nua in 2019. Cuirtear acmhainní uile
taighde agus ábhair ar líne an SLaT ar fáil ar an
láithreán gréasáin chun tacú le grinnscrúdú agus
maoirseacht pharlaiminteach.
Fíor 8: Seirbhís Leabharlainne agus Taighde an Oireachtais Foilseacháin Taighde
0
10
20
30
40
50
60
2016201720182019
Díolamaí Billí
Rianairí Bille
Nótaí agus Spotsoilse
Grafaicí Faisnéise
Déanann foireann na nDoiciméad Leagtha bainistiú
ar na nósanna imeachta a bhaineann le doiciméid a
chur faoi bhráid na dTithe. Tacaíonn an fhoireann le
comhaltaí trí na liostaí a ullmhú de na doiciméid a
cuireadh faoi bhráid na dTithe le déanaí do Riar na
hOibre agus trí liosta seachtainiúil doiciméad a
cuireadh faoi bhráid na dTithe a chur le chéile agus a
fhoilsiú ar láithreán gréasáin an Oireachtais. Leagadh
2,029 doiciméad faoi bhráid na dTithe agus cuireadh
leagan leictreonach díobh ar fáil do chomhaltaí agus
don phobal in 2019.
Sprioc 3: Acmhainn reachtaíochta, mhaoirseachta agus ghrinnscrúdaithe na dTithe
agus a gCoistí a neartú
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
37
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
Rinne an SLaT idirchaidreamh go díreach in 2019
le sainlimistéir, ar nós Oifig na gComhairleoirí Dlí
Parlaiminte agus na hOifige Buiséid Parlaimintí chun
teacht a sholáthar ar acmhainní faisnéise ábhartha,
agus chun tacaíocht agus oiliúint a sholáthar.
Thacaigh an Oifig Buiséid Pharlaiminteach (an OBP),
ar sainaonad neamhspleách laistigh den tSeirbhís í,
le comhaltaí na dTithe trí anailís fhioscach agus
eacnamaíochta a sholáthar d’fhonn grinnscrúdú,
trédhearcacht agus cuntasacht bhuiséadach níos
fearr a chur chun cinn. D’aithin an Eagraíocht um
Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta go raibh gá
leis an Oifig ina hathbhreithniú ar fhormhaoirsiú
buiséid ag Tithe an Oireachtais. Thug Tithe an
Oireachtais príomhthús áite d’oifig buiséid
pharlaiminteach neamhspleách a bhunú agus
ba ghné bhunriachtanach é de chlár athleasaithe
na Dála.
Is foinse bharrthábhachtach faisnéise airgeadais
agus buiséadaí í an Oifig do chomhaltaí agus go
háirithe don Choiste um Fhormhaoirsiú Buiséid
maidir lena ghrinnscrúdú ex ante ar chúrsaí
buiséadacha uile. Cuireadh bonn reachtúil
faoin OBP an 1 Eanáir 2019.
Is iad feidhmeanna an OBP, mar a leagtar amach san
Acht um Choimisiún Thithe an Oireachtais (Leasú),
2018, faisnéis, anailís, agus comhairle fhioscach agus
eacnamaíochta atá neamhspleách neamhchlaonta a
sholáthar do na Tithe agus a gCoistí, sna réimsí seo a
leanas:
�� na coinníollacha sonracha maicreacnamaíochta
sa Stát;
�� forbairtí a dhéanann difear don airgeadas poiblí;
�� an t-airgeadas poiblí a bhainistiú; agus
�� na himpleachtaí airgeadais atá ag tograí a
dhéanann difear don airgeadas poiblí.
Chuir an OBP 78 cruinniú faisnéise, tráchtaireacht,
nóta agus foilseacháin eile i dtoll a chéile in 2019.
D’fhoilsigh an OBP a Thráchtaireacht Réamhbhuiséid
2020 freisin, inar cuireadh léargas ginearálta ar fáil ar
sheasamh reatha maicreacnamaíoch agus fioscach
an Stáit agus inar tugadh príomh-shaincheisteanna
chun solais a bhfuil breithniú le déanamh orthu
roimh Lá an Bhuiséid.
Cuirtear gach foilseachán de chuid OBP ar
an láithreán gréasáin agus tugtar cóip chlóite
den Tráchtaireacht Ráithiúil Fhioscach agus
Eacnamaíochta do gach comhalta chun a chinntiú go
gcoinnítear iad ar an eolas faoi fhorbairtí ar bhonn
rialta. Cuirtear cóipeanna clóite d’fhoilseacháin eile
an OBP ar fáil do chomhaltaí nó cuirtear iad ar fáil do
Choistí ar leith, faoi mar is cuí.
Chuir an OBP naoi gcruinniú faisnéise ar siúl do
Choiste na Dála um Fhormhaoirsiú Buiséid in 2019.
Rinne Coimisiún Thithe an Oireachtais breithniú
agus faomhadh in 2019 ar thogra a bheartaigh an
OBP chun tús a chur le seirbhís chostála beartas a
sholáthar, ag brath ar acmhainní a bhí ar fáil, maidir
le tograí beartais a dhéanann comhaltaí na dTithe
agus grúpaí parlaiminte.
An Cathaoirleach, Máire de Buitléir, TD, agus comhaltaí den
Chomhchoiste um Ghnó, Fiontair agus Nuálaíocht ag
seoladh thuarascáil an Choiste: Cás Bhallraíocht na
hÉireann de CERN.
Sprioc 3: Acmhainn reachtaíochta, mhaoirseachta agus ghrinnscrúdaithe na dTithe
agus a gCoistí a neartú
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
38
Coimisiún Thithe an Oireachtais
Tábla 5: An Oifig Buiséid Pharlaiminteach (OBP) 2019 2018Lún-Nol
2017
Foilseacháin 78 62 11
Tráchtaireachtaí Geilleagracha agus Fioscacha 5 5 3
Páipéir Eolais 13 16 3
Nótaí 43 28 3
Grafaicí Faisnéise 16 6 1
Foilseacháin eile OBP 1 7 1
Mionteagaisc a soláthraíodh do Choiste na Dála um Fhormhaoirsiú Buiséid 9 7 3
Cur i láthair ag ócáidí seachtracha (Cainteoirí) 6 5 4
Sprioc 3: Acmhainn reachtaíochta, mhaoirseachta agus ghrinnscrúdaithe na dTithe
agus a gCoistí a neartú
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
39
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
TORADH STRAITÉISE 2: Parlaimint Oscailte agus GhafaTá trí sprioc straitéiseacha ag an tSeirbhís chun Parlaimint Oscailte agus Ghafa a bhaint amach.
TORADH STRAITÉISE 2: SPRIOC 1
Rannpháirtíocht níos mó i measc an phobail a fhorbairt le Tithe an Oireachtais.
Rinne na Tithe comóradh in 2019 ar chéad bliain ó
tionóladh chéad suí Dháil Éireann – Dáil 100. Thacaigh
clár imeachtaí fadréimseacha leis an gcomóradh céad
bliain, agus leagadh béim ar rannpháirtíocht an phobail.
Bhí an clár bunaithe ar théamaí an cheiliúrtha, an
chomórtha agus ar oideachas a chur ar dhaoine faoin
gcéad Dáil agus daonlathas parlaiminteach na
hÉireannach a bheith ann le 100 bliain anuas.
Cuireadh tús leis an gcomóradh le himeacht sa Seomra
Cruinn i dTeach an Ard-Mhéara an 21 Eanáir 2019. An 21
Eanáir 2019. Chuir an Ceann Comhairle tús leis an
imeacht. Rinne an tUachtarán Mícheál D. Ó hUiginn
spreagaitheasc chun ceiliúradh a dhéanamh ar an
gcuimhneachán céad bliain. Spreag an tUachtarán
muintir na hÉireann chun ceiliúradh a dhéanamh ar an
gcuimhneachán céad bliain ar dhaonlathas na hÉireann
agus chun machnamh a dhéanamh ar ár gcomhstair, an
rath a bhí orainn agus an méid a theip orainn a bhaint
amach. Cuireadh montáis amhairc ar siúl ina dhiaidh sin
de chomhaltaí chéad Dáil Éireann agus léiriú ar Dhearbhú
an Neamhspleáchais.
Cuireadh deireadh leis an imeacht nuair a tionóladh
Comhshuí dhá Theach an Oireachtais agus nuair a
bronnadh Dearbhú Cuimhneacháin Céad Bliain ar na
Tithe i ndiaidh do na Ceannairí Páirtí labhairt. Shínigh an
Ceann Comhairle agus an Cathaoirleach an Dearbhú
Cuimhneacháin Céad Bliain agus bronnadh é ar
ionadaithe Chomhairle na nÓg (Comhlacht Náisiúnta
Chomhairlí na Leanaí agus na nÓg) lena thabhairt le fios
go bhfuiltear ag cloí go leanúnach le prionsabail an
daonlathais pharlaimintigh.
Rinne an tUachtarán Mícheál D. Ó hUiginn spreagaitheasc ag
comhshuí speisialta na Dála agus an tSeanaid i dTeach an
Ard-Mhéara chun comóradh céad bliain a dhéanamh ar an
chéad suí Dháil Éireann.
Shínigh an Ceann Comhairle agus an Cathaoirleach an
Dearbhú Cuimhneacháin Céad Bliain ag an suí speisialta i
dTeach an Ard-Mhéara chun comóradh a dhéanamh ar
chuimhneachán céad bliain ar an gCéad Dáil, agus cuireadh é
faoi bhráid ionadaithe Chomhairle na nÓg lena thabhairt le
fios go bhfuiltear ag cloí go leanúnach le prionsabail an
daonlathais pharlaimintigh.
Thit roinnt mhaith imeachtaí eile amach i gcaitheamh
2019:
�� Chuir an Ceann Comhairle agus Cainteoir Thionól
Thuaisceart hÉireann imeacht ar siúl inar chuir an
staraí agus an tOllamh Emeritus le Polaitíocht na
hÉireann ag Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, Lord
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
40
Coimisiún Thithe an Oireachtais
Paul Bew, léacht ar siúl ar ábhar Edward Carson
agus ar phrionsabal an toilithe. Is ball freisin é Lord
Paul Bew de Thionól Parlaiminte na Breataine-na
hÉireann;
�� Thug Cainteoir Theach na nIonadaithe, Stáit
Aontaithe Mheiriceá, Nancy Pelosi, cuairt agus
aitheasc i measc chomhaltaí agus iarchomhaltaí
Dháil Éireann agus Sheanad Éireann chun
comóradh céad bliain a dhéanamh ar an gCéad
Dáil;
�� Cuireadh dhá léacht speisialta de chuid Dáil 100
ar siúl i dTeach Laighean chun ceiliúradh a
dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge;
�z Labhair Uachtarán an CLG, Seán Ó hÓráin, le
Seanad Éireann an 29 Eanáir 2019, chun plé a
dhéanamh ar an ról tábhachtach a ghlac an CLG
i saol sibhialta na hÉireann;
�z Seoladh Taispeántas Dáil 100 a rinne
camchuairt ar fud na hÉireann;
�z Foilsíodh cáipéisí stairiúla Dháil Éireann ar líne, i
gcomhoibriú le Cartlann Náisiúnta na hÉireann;
�z Chuir 15 dhalta cainteanna an Chlub Oideachas
Teicneolaíochta, Siamsaíochta agus Dearaidh ar
siúl i gCaisleán Bhaile Átha Cliath;
�z Thug Comhthionól na nÓg ar an Aeráid, i
gcomhoibriú le RTÉ, 157 dalta idir 10-17 mbliana
d’aois le chéile ó áiteanna ar fud na hÉireann
chun plé a dhéanamh ar an gcaoi gur gá d’Éirinn
dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide; agus
�z Cuireadh cruinniú Dháil na nÓg ar siúl a thug
155 duine óg le chéile i Seomra na Dála chun
plé a dhéanamh ar an gclár Athraithe Aeráide.
Chabhraigh na himeachtaí seo agus cinn eile le
hidirchaidreamh níos fearr a dhéanamh leis Tithe a
fhorbairt agus le feasacht a mhúscailt ar obair an
Oireachtais.
Seoladh láithreán gréasáin nua Dáil100.ie in Eanáir
2019. Tá ábhar comórtha agus oideachais ón dTion-
scadal Dáil 100, lena n-áirítear ábhar físe agus fuaime,
ceachtanna oideachais agus ábhair stairiúla, le fáil ar
an suíomh gréasáin idirghníomhach. Is é is aidhm do
shuíomh gréasáin Dáil 100 eolas, rann-pháirtíocht
agus tuiscint ar bhunú na chéad Dála a ardú.
Thit Comhthionól na nÓg ar an Aeráid amach i Seomra na
Dála i Samhain 2019. D’eagraigh RTÉ an t-imeacht i
gcomhar le Tithe an Oireachtais. Rinne an Ceann Comhairle
cathaoirleacht ar na himeachtaí.
Labhair an tUasal Seán Ó hÓráin, Uachtarán an CLG, ag
Seanad Éireann ar ról an CLG i mbeatha chathartha na
hÉireann.
Imeacht Sheachtain na Gaeilge i dTeach Laighean:
Comhaltaí Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na
nOileán (Aengus Ó Snodaigh, TD, Caitríona Uí Chonghaile,
TD, an Seanadóir Niall Ó Donnghaile, Aindrias Ó
Muimhneacháin TD) i dteannta mic léinn agus a múinteora ó
Phobalscoil Chorca Dhuibhne, an Daingean, Contae Chiarraí.
Sprioc 1: Rannpháirtíocht níos mó i measc an phobail a fhorbairt le Tithe an Oireachtais
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
41
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
I measc an ábhair stairiúil atá ar fáil ar an láithreán
gréasáin, tá eolas agus cáipéisí faoin gcéad Dáil, a
daoine agus a díospóireachtaí; Seoda Leabharlann
an Oireachtais; agus eolas faoi thuairisciú
Parlaiminteach leis na blianta anuas.
Cuireadh bailiúchán nua cáipéisí ó thréimhse
réabhlóideach na hÉireann (1918-1923) An Chartlann
Náisiúnta – Bailiúchán taifead ó luath-Dháil Éireann
(‘The National Archives – A collection of records from
the early Dáil Éireann’) ar fáil anois ar líne i ndiaidh
tionscadal comhoibritheach digitithe idir Tithe an
Oireachtais agus Cartlann Náisiúnta na hÉireann. Is
éard atá sna taifid ná breis agus 1,100 taifead
(66,000 leathanach) agus rangaítear iad ina dhá
fhobhailiúchán, bailiúchán amháin ina gcuimsítear
taifid Rúnaíocht Dháil Éireann agus bailiúchán eile
ina gcuimsítear páipéir sheisiúin agus imeachtaí
na Chéad Dála agus an Dara Dáil.
Chuir an Ceann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl, T.D.,
fáilte roimh an tionscnamh agus dúirt sé, “Cuireann
foilsiú na dtaifead seo ar chumas na scoláirí go léir
agus an phobail i gcoitinne chun súil a chaitheamh
ar fheidhmiú rialtas nuabhunaithe parlaiminte na
hÉireann, agus na hiarrachtaí a rinne ár sinsir chun
daonlathas feidhmiúil a fhorbairt a thabhairt faoi
deara agus a thuiscint níos fearr, b’fhéidir.”
Tá bailiúchán d’ábhar stairiúil ón 16ú haois ar
aghaidh i Leabharlann an Oireachtais. Chun
cuimhneachán céad bliain na Chéad Dála a
cheiliúradh, thug an tOireachtas cuireadh
d’aoichchoimeádaithe chun na seoda sa bhailiúchán
a fhiosrú agus chun na cinn ab fhearr leo a roghnú.
Tá Seoda Leabharlann an Oireachtais ar fáil anois
go poiblí ar láithreán gréasáin Dáil 100.
Léirítear sna Bailiúcháin Speisialta ag Leabharlann
an Oireachtais na bealaí éagsúla inar tugadh an
t-éileamh le fios a bhí ar fhéinrialú le himeacht ama. I
measc na n-earraí a roghnaíodh don dánlann seo, tá
paimfléad ón 17ú haois a bhaineann leis an ngá atá
le féinriail na hÉireann maidir le dlíthe a dhéanamh,
tráchtas ón 18ú haois maidir leis an ábhar céanna
agus impí ón 19ú haois ar Mheiriceá chun tacú le
neamhspleáchas na hÉireann.
Cuireadh tuairisc le chéile sa chéad Dáil ar gach
ceann dá 21 seisiún. Caitheadh leis an tuairisc
oifigiúil seo mar fhianaise dhoiciméadach go raibh
rud éigin tábhachtach ag tarlú. Cé nár cuireadh
tuairiscí oifigiúla fíor-ama le chéile ar imeachtaí na
chéad Dála mar ghnáthchleachtas i rith shaolré na
chéad Dála, b’eol go maith dá comhaltaí agus dá
hoifigigh an tábhacht a bhaineann lena hobair a
phoibliú agus le béim a leagan ar a dlisteanacht in
Éirinn agus thar lear. Tugtar cuntas sa tionscadal
Tuairisciú Parlaiminteach thar na Blianta ar
láithreán gréasáin Dáil 100 ar stair tuairiscithe
pharlaimintigh sna Tithe, tuairisciú ar ábhair
Ghaeilge ina measc sa Tuairisc Oifigiúil.
Críochnaíodh Clár Athchóirithe Theach Laighean
Seoirseach in 2019 agus rinneadh clár faisnéise dhá
uair an chloig ar athchóiriú Theach Laighean a chur
le chéile agus a chraoladh ar Oireachtas TV.
Tugann thart ar 100,000 duine cuairt ar Theach
Laighean gach bliain. Chuir Seirbhís Uiséirí an
Oireachtais 2,789 turas ar siúl, inar ghlac 41,610
cuairteoir páirt. Rinne thart ar 800 cuairteoir
ceiliúradh ar “Oíche an Chultúir” i dTeach
Laighean an 18 Meán Fómhair 2019.
Sprioc 1: Rannpháirtíocht níos mó i measc an phobail a fhorbairt le Tithe an Oireachtais
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
42
Coimisiún Thithe an Oireachtais
Fíor 9: Cuairteoirí chuig Teach Laighean
93,000
94,000
95,000
96,000
97,000
98,000
99,000
100,000
2016201720182019
98,402
95,336
98,95299,197
Rinneadh forbairt bhreise ar láithreán gréasáin
oireachtas.ie in 2019. Is mó teagmháil, rochtain
ar fhaisnéis parlaiminte, trédhearcacht agus
oscailteacht i ndáil le hobair na dTithe atá ann de
bharr an tsuímh gréasáin. Tugadh breis agus 2.3
milliún cuairt ar láithreán gréasáin an Oireachtais
in 2019.
Tugtar tús áite i Straitéis Cumarsáide an Choimisiúin
do mheáin nua, lena n-áirítear líonraí na meán
sóisialta, go dtabharfar aird orthu. trí úsáid a bhaint
as beoshruthú díospóireachtaí parlaiminteacha ar
Facebook agus Twitter, leantar de bheith ag ardú na
feasachta poiblí i leith obair na dTithe. Bhuaigh
Seirbhís Thithe an Oireachtais dámhachtain na
nEagraíochtaí Neamhrialtasacha (ENRanna)/na
bhFiontar Beag agus Meánmhéide (FBManna)/na
gComhlachtaí Beaga is Fearr i nDámhachtainí Meán
Sóisialta Sockies 2019. 32,000 duine a bhí i lucht
leanúna Twitter agus breis agus 5,700 duine a bhí i
lucht leanúna Facebook in 2019.
Tábla 6: Láithreán Gréasáin an Oireachtais1 2019 2018 2017 2016
Cuairteanna ar láithreán gréasáin an Oireachtais 2,338,948 1,543,314 1,869,289 1,489,807
Amhairc leathanaigh ar an láithreán gréasáin 7,044,427 5,674,036 6,433,253 6,389,479
Amhairc iomlána ar bheoshruthanna díospóireachtaí parlaiminteacha 2 (mar seo a leanas): 2,204,366 1,919,445 2,727,175 1,270,450
Díospóireachtaí na Dála 291,600 513,437 834,307 873,186
Díospóireachtaí an tSeanaid 30,587 78,179 61,595 21,658
Díospóireachtaí na gCoistí Parlaiminte 1,666,112 1,144,773 1,689,805 241,044
Oireachtas TV 216,067 183,056 141,009 133,839
1 Tá líon na gcuairteanna chuig láithreán gréasáin an Oireachtais agus líon na n-amharc leathanaigh ar láithreán gréasáin an Oireachtais níos ísle sa bhliain
2018 mar gheall ar shlí éagsúil chomhairimh sna blianta roimhe sin, nuair a bhíodh roinnt láithreáin ghréasáin éagsúla i gceist le oireachtas.ie Cuireadh tús
le modh tomhais ní ba chruinne nuair a seoladh an láithreán gréasáin nua i mBealtaine 2018.
2 Ní féidir an líon amharc ar bheoshruthanna díospóireachtaí parlaiminte don bhliain 2019 a chur i gcomparáid go díreach le blianta roimhe seo. Tá athrú
tagtha ar iompar amhairc daoine – tá aistriú tugtha faoi deara go dtí amharc ar shruthanna beo trí Facebook nó Twitter, nó trí aip an Oireachtais agus ní
shonraítear na sruthanna seo sa tábla seo. De bhreis air sin, cuireann méaduithe tobanna is cúis le himeachtaí ardphróifíle sna seomraí agus sna coistí,
patrúin bhliantúla amhairc as riocht agus tá deireadh curtha ag struchtúr nua gréasáin san Oireachtas le comhaireamh faoi dhó a dhéantar san anailísíocht.
Tabharfar faoi athbhreithniú ar conas gach amharc beoshrutha ar dhíospóireachtaí parlaiminte a fheiceáil in 2020.
Sprioc 1: Rannpháirtíocht níos mó i measc an phobail a fhorbairt le Tithe an Oireachtais
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
43
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
In 2019, rinneadh 2.2 milliún amharc ar
dhíospóireachtaí parlaiminte a rinneadh a
bheoshruthú agus ba dhíospóireachtaí coiste 1.6
milliún díobh.
Fíor 10: Amhairc ar Bheoshruthanna Díospóireachtaí Parlaiminte ar Shuíomh Gréasáin an Oireachtais, 2019
Díospóireachtaí na Dála
Díospóireachtaí an tSeanaid
Díospóireachtaí Coisti Parlaiminte
Oireachtas TV
291,600
1,666,112
30,587216,067
Tá ábhar beo agus athchraolta i gceist leis an ábhar
ar Oireachtas TV anuas ar ábhar a d’fhorbair an
tSeirbhís nó a sholáthair roinnt comhpháirtithe
podchraolta. Craoltar imeachtaí móra, ar nós Lá an
Bhuiséid, an chéad lá den Dáil agus den Seanad nua,
óráidí ar shaincheisteanna a bhaineann leis an tír
agus imeachtaí speisialta ar nós Dáil 100 ar
Oireachtas TV. Ba léiriúchán fíorthábhachtach
Comhshuí Speisialta na dTithe do Dáil 100 i dTeach
an Ard-Mhéara an 21 Eanáir ina raibh gnéithe de
sheinm ceoil, drámaíochta agus físealaíne. Craoladh
é ag an tráth céanna ar Oireachtas TV agus RTÉ1 agus
ní hamháin go ndearna sé ceiliúradh ar Thithe an
Oireachtais ach ar na hacmhainní cruthaitheacha
agus teicniúla laistigh d’Aonad Craolacháin an
Oireachtais (ACO) agus a chomhpháirtithe conartha.
Cuireann Oireachtas TV teacht ar fáil ar chartlann ar
líne ina bhfuil físeáin laethúla de dhíospóireachtaí na
Dála, an tSeanaid agus Coiste. Cuireann sé réimse
clár le chéile freisin, cláir faisnéise, díospóireachtaí
stiúideo ar shaincheisteanna tábhachtacha
parlaiminte agus cainteanna stairiúla ina measc.
I rith 2019, léirigh sé an clár faisnéise 2 chuid The
Restoration of Historic Leinster House. Lean Aonad
Craolacháin an Oireachtais (ACO) le hidirchaidreamh
a dhéanamh le Ciste Fuaim agus Fís Údarás
Craolacháin Údarás na hÉireann (an BAI) freisin, a
chuir ar chumas an Oireachtais cabhrú le Dáil Day
One a léiriú agus a chraoladh i gcomhar le Paper
Owl Films. Scannán beochana é seo ina sonraítear
an tréimhse a fhad le chéad suí na Dála i 1919. Uirlis
luachmhar oideachais é freisin do chláir for-rochtana.
Lean ACO i rith 2019 lena achoimre mhíosúil ar
imeachtaí san Oireachtas a léiriú. Around the
Houses. Áiríodh leis seo Díospóireachtaí Oireachtas
TV ar ábhair cosúil le hathrú aeráide, bréageolas,
agus Brexit; agus an foilseachán What’s the Story?
– 25 Stories about Ireland and Europe a sheol an
Ceann Comhairle, ina dtugtar chun solais roinnt de
na bealaí a bhaineann Éire tairbhe as ballraíocht den
Aontas Eorpach. Seoladh clár réamhléirithe
seachtainiúil ar Oireachtas TV freisin, The Weekly
Brief, chun a lucht féachana a choimeád ar an eolas
ar ghnó a bheidh ag teacht aníos sna Tithe.
Cuireann an tSeirbhís ábhar Theanga
Chomharthaíochta na hÉireann (TCÉ) agus
fotheidealaithe le chéile. Tá spriocanna an BAI i
dtaobh Oireachtas TV á mbaint amach agus á sárú ag
an tSeirbhís. Cabhróidh ateangairí TCÉ intí a earcú le
ábhar imeachtaí parlaiminteacha agus eile ar
Oireachtas TV a dhéanamh inrochtana do lucht
féachana níos fairsinge.
Sprioc 1: Rannpháirtíocht níos mó i measc an phobail a fhorbairt le Tithe an Oireachtais
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
44
Coimisiún Thithe an Oireachtais
Fíor 11: Ábhar Oireachtas TV, 2019
14%
12%
9%
31%
9%
16%
2%7%
Craoltaí beo ar Imeachtaí an Oireachtais
Athchraoladh ar Imeachtaí na Dála
Athchraoladh ar Imeachtaí an tSeanaid
Athchraoladh ar Imeachtaí Coistí
Craoltaí de chuid Theilifís Pharlaimint na hEorpa
Bunábhar de chuid Oireachtas TV
Sraith de Chraoltaí Stairiúla de chuid Oireachtas TV
Eile
Leanadh le Clár Oideachais an Oireachtais
a sholáthar i gcaitheamh na bliana. Tá an Clár
faoi stiúir an Oifigigh Oideachais Pharlaimintigh.
Cuirtear teacht ar fáil sa Chlár Oideachais ar
acmhainní oideachais pharlaimintigh ar líne agus ar
cheardlanna ar an láthair. Cothaíonn an Clár ról na
dTithe freisin i measc gairmithe múinteoireachta
agus an phobail trí chláir oideachais a fhoilsiú ar
Oireachtas TV. Is é an sprioclucht féachana daltaí
dara leibhéal, ach de réir mar a tháinig forbairt ar
an gclár, áfach, cuireadh tús le roinnt tionscnamh
do dhaltaí bunleibhéil freisin.
Tá roinnt snáitheanna sa chlár oideachais
ina gcuimsítear an méid seo a leanas:
�� na Ceardlanna Oideachais Parlaiminte a
thacaíonn leis an gcúrsa nua An Pholaitíocht
agus an tSochaí a thabhairt isteach do dhaltaí na
sraithe sinsearaí. Tugann grúpaí scoile cuairt an
Luan nó an Aoine, tugtar ar thuras iad agus
glacann siad páirt ansin i ndíospóireacht i gceann
de na Seomraí Coiste. Ag deireadh na scoilbhliana
2018/19, bhí 36 scoil i ndiaidh páirt a ghlacadh
sna ceardlanna agus d’fhreastail 1,004 dalta
orthu;
�� Cuirtear pleananna ceachta le chéile
chun acmhainní éifeachtacha agus praiticiúla
a sholáthar do mhúinteoirí chun
príomhchoincheapa ghné.Dhaonlathais an
chúrsa OSSP a mhúineadh ar leibhéal na
sraithe Sóisearaí;
�� Cuireadh Beochaintí Scannáin le chéile do
dhaltaí bunleibhéil agus dara leibhéal le tacaíocht
ó Údarás Craolacháin na hÉireann chun tacú le
hidirchaidreamh múinteoirí agus daltaí le hobair
an Oireachtais;
�� Faoin tionscnamh Ceann Go Ceann, glacann an
Ceann Comhairle páirt i bhfíschomhrá le rang de
dhaltaí Polaitíocht agus an tSochaí ina scoil féin.
Ghlac ocht scoil páirt i scoilbhliain 2018/19; agus
�� Thit Dáil na nÓg amach i dTeach Laighean Dé
Sathairn, an 23 Samhain. Imeacht débhliantúil
é Dáil na nÓg. D’fhreastail aon chéad agus caoga
a cúig toscaire ó na 31 Comhairle na nÓg áitiúil.
D’fhreastail toscairí ar sheomra na Dála agus thit
ceardlanna amach sna Seomraí Coiste. Bhí an
deis ag daoine óga den chéad uair chun a vóta
a chaitheamh i Seomra na Dála agus chun clár
athraithe aeráide a leagan amach
d’Fheidhmeannacht Náisiúnta Chomhairle na nÓg.
Sprioc 1: Rannpháirtíocht níos mó i measc an phobail a fhorbairt le Tithe an Oireachtais
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
45
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
Thit Dáil na nÓg 2019 amach i dTeach Laighean mar
chuid de chlár comórtha 100 bliain na Dála. Bhí an
Ceann Comhairle ina chathaoirleach ar an
Searmanas Oscailte i Seomra na Dála.
An Ceann Comhairle agus comhaltaí de Dháil na nÓg
agus crann á chur acu ar fhaiche Theach Laighean chun an
t-imeacht a cheiliúradh (Dáil na nÓg 2019).
Cuireadh tús in 2019 le Clár Píolótach Taithí Oibre
do Dhaltaí na hIdirbhliana san Oireachtas Cuireadh
tús leis na chéad daltaí a ghlacadh chun bheith
rannpháirteach sa chlár i Samhain 2019. Cuireann
an clár socrúchán taithí oibre seachtaine ar fáil sa
tSeirbhís. Is é cuspóir an chláir chun deis a sholáthar
do dhaltaí na hIdirbhliana chun taithí phearsanta a
fháil ar an ngnáthshaol i dTithe an Oireachtais
agus chun taighde a dhéanamh ar ghné den
ghnó parlaiminteach.
D’fhaomh an Coimisiún ocht gceardlann lae a chur ar
siúl freisin i dTeach Laighean chun an clár scoileanna
‘An Pholaitíocht i nGníomh’ (‘Politics in Action’) a
éascú do dhaltaí ó scoileanna trasphobail i
dTuaisceart Éireann.
Cuirtear an deis ar fáil sna ceardlanna do dhaltaí
a ghlacann páirt sa Chlár chun plé a dhéanamh
le comhaltaí dhá Theach an Oireachtais ar
shaincheisteanna reatha polaitiúla agus
sóisialta a dhéanann difear do dhaoine óga.
Leanann Seirbhís an Oireachtais ag oibriú go
dlúth leis an bhForas Riaracháin (an FR), Institiúid
Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (ITBÁC), Coláiste
na hOllscoile Corcaigh (COC), Ollscoil na hÉireann,
Gaillimh (OÉG) agus Ollscoil Luimnigh (OL) nuair a
bhíonn socrúchán á thabhairt do mhic léinn le
comhaltaí na dTithe do Chlár Intéirneachta an
Oireachtais. Déanann an tOireachtas 73 mac léinn
a ionadú le comhaltaí ar feadh tréimhse foghlama
feidhmí. Aithníonn na coláistí an tréimhse foghlama
sin trí ghrád a dhámhachtain ar na mic léinn.
Cabhraíonn an Clár Intéirneachta seo agus
tionscnaimh eile oideachais pharlaimintigh eile le
tuiscint, feasacht ar agus idirchaidreamh a mhéadú
le hobair an Oireachtais.
Lean an tSeirbhís ag tacú le Straitéis Gaeilge an
Oireachtais agus le Scéim Gaeilge na Seirbhíse a
chur i bhfeidhm i gcaitheamh 2019. Chuir an tSeirbhís
oiliúint ar fáil chun feabhas a chur ar scileanna
Gaeilge i na foirne reatha agus chuir sí roinnt
comórtas ar siúl chun foireann a earcú a bhfuil
scileanna Gaeilge acu. Eagraíodh imeachtaí sóisialta
Gaeilge freisin do chomhaltaí agus don fhoireann
agus díríodh go príomha ar imeachtaí dátheangach
agus ar imeachtaí dóibh siúd nach bhfuil ach cúpla
focal acu. Cruthaíodh leabharlann Ghaeilge, Taisce
na Leabhar, chun cabhrú le comhaltaí agus leis an
bhfoireann a scileanna léitheoireachta a fheabhsú.
Tá teicneolaíochtaí aistriúcháin chomhuainigh
(ateangaireacht) feistithe sna Seomraí Coiste
go léir anois.
46
Sprioc 1: Rannpháirtíocht níos mó i measc an phobail a fhorbairt le Tithe an Oireachtais
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
46
Coimisiún Thithe an Oireachtais
TORADH STRAITÉISE 2: SPRIOC 2
Ár gcaidreamh leis an AE, an RA agus ár gcaidreamh eile idirnáisiúnta a neartú
Tacaíonn an tAonad Idirpharlaiminteach agus Taistil
agus Rúnaíocht na gCoistí le comhaltaí i bhforbairt
leanúnach an chaidrimh Idirpharlaimintigh. Tá
méadú tagtha, ar an iomlán, ar an leibhéal de
rannpháirtíocht idirpharlaiminteach.
Chuir an Ceann Comhairle agus an Cathaoirleach
fáilte i rith 2019 roimh chuairteoirí móra le rá chuig
Tithe an Oireachtais.
�� Cuireadh fáilte roimh Chainteoir Theach na
nIonadaithe, Stáit Aontaithe Mheiriceá, Nancy
Pelosi, an 17 Aibreán go Teach Laighean, áit ar
labhair sí le comhaltaí agus iarchomhaltaí na
dTithe chun ceiliúradh a dhéanamh ar chomóradh
céad bliain na chéad Dála. Léirigh Oireachtas
TV clár speisialta ar an gcuairt.
�� Thug Rí Carl XVI Gustaf agus Banríon Silvia
na Sualainne cuairt ar Theach Laighean an 22
Bealtaine mar chuid dá gCuairt Stáit ar Éirinn.
Chas siad leis an gCeann Comhairle agus an
Cathaoirleach agus le grúpa ionadaíoch
TDanna agus Seanadóirí.
�� Thug Rí Willem-Alexander agus Banríon
Máxima na hÍsiltíre cuairt ar Theach Laighean
an 12 Meitheamh i rith a gCuairte Stáit ar Éirinn.
I rith na cuairte, chas siad leis an gCeann
Comhairle agus an Cathaoirleach chomh
maith le toscaireacht traspháirtí de TDanna
agus Seanadóirí.
�� Chuir an Ceann Comhairle fáilte roimh an
Uasal Carlos Holmes Trujillo García, Aire Gnóthaí
Eachtracha na Colóime an 17 Meán Fómhair go dtí
Dáil Éireann agus cuireadh cruinniú déthaobhach
ar siúl. Bhí a Soilse Patricia Cortés, Ambasadóir
na Colóime le hÉirinn; Ambasadóir na hÉireann
leis an gColóim, a Soilse Alison Milton; agus
Leas-Cheann Mhisean na Colóime, an tUasal
Andrés Echeverri i dteannta an Aire Gnóthaí
Eachtracha.
Thug Rí Carl XVI Gustaf agus Banríon Silvia na Sualainne
cuairt ar Thithe an Oireachtais mar chuid dá gcuairt stáit ar
Éirinn i mBealtaine 2019.
Thug Rí Willem-Alexander agus Banríon Máxima na hÍsiltíre
cuairt ar Thithe an Oireachtais mar chuid dá gcuairt stáit ar
Éirinn i Meitheamh 2019.
Sprioc 2: Ár gcaidreamh leis an AE, an RA agus ár gcaidreamh eile idirnáisiúnta a neartú
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
47
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
An Cathaoirleach, Pádraig Ó Díring, TD, agus comhaltaí den
Chomhchoiste um Thalmhaíocht, Bia agus Muir ag freastal
ar an gcomhdháil idirpharlaiminteach ar an gComhbheartas
Talmhaíochta agus Beartas Comhtháthaithe a d’eagraigh
Uachtaránacht AE na Rómáine.
Mar chuid d’imeachtaí comórtha ‘Dáil 100’ a cuireadh
ar siúl sa Seomra Cruinn i dTeach an Ard-Mhéara,
d’fhreastail 35 Cainteoir, Leas-Chainteoirí nó a
n-ionadaithe ó Pharlaimintí náisiúnta an Aontais
Eorpaigh, na Stát Aontaithe agus Tionóil agus
Parlaimintí Thionól Parlaiminte na Breataine-na
hÉireann.
Bhí an Ceann Comhairle i dteannta chainteoir an
Pháirtí Aontachtaigh Dhaonlathaigh (DUP) de chuid
Tionól Thuaisceart Éireann, Robin Newton, an 30
Eanáir ag imeacht speisialta a bhí ar siúl in Stormont
a thug chéad suí Pharlaimint na hÉireann chun
cuimhne. Bhí an Ceann Comhairle i measc na
n-aíonna ar tugadh cuireadh dóibh chun freastal ar
‘Peirspictíochtaí ar chéad suí Dháil Éireann’
(‘Perspectives on the first sitting of Dáil Éireann’),
a eagraíodh mar chuid shraith Dheich mBliana na
gCuimhneachán de chuid an Choimisiúin Tionóil.
Thug an Ceann Comhairle toscaireachtaí leis thar
lear go Maracó agus Neipeal. Thug sé cuairt freisin
ar an mBrasaíl mar chuid de chlár Lá Fhéile Pádraig
na hÉireann agus thug sé cuairt ar Pharlaimint na
hAlban i nDún Éideann i ndiaidh gur thug an
tOifigeach Ceannais cuireadh dó.
Thug an Cathaoirleach toscaireacht leis go
Washington agus thug sé toscaireachtaí an
Oireachtais go dtí Comhthionól Ginearálta an Aontais
Idirpharlaimintigh (an AIP) i mBéalgrád agus go dtí
cruinniú bliantúil an AIP/na NA i Nua-Eabhrac. Thug
sé cuairt freisin ar an tSeapáin, agus ionadaíocht á
déanamh aige d’Éirinn ag insealbhú an Impire nua
agus thug sé cuairt ar an Rúis mar chuid de chlár Lá
Fhéile Pádraig na hÉireann. Rinne sé ionadaíocht
freisin do Thithe an Oireachtais ag comhdhálacha
parlaiminteacha i bPáras agus i Vín.
D’fhreastail an Cathaoirleach, an Seanadóir Donncha Ó
Donnabháin, an Teachta Dála Seán Ó Breasail, an Seanadóir
Pádraig Ó Céidigh agus an Seanadóir Michelle Uí
Mhaoilchiaráin ar Éisteacht an Chumainn Idirpharlaimintigh
(an CIP) ag na Náisiúin Aontaithe i Nua-Eabhrac.
Thug an Leas-Cheann Comhairle toscaireacht an
Oireachtais go dtí Comhthionól Ginearálta an AIP in
Doha agus rinne sé ionadaíocht do Thithe an
Oireachtais freisin ag Comhdháil Chainteoirí na
hEorpa in Strasbourg.
An Leas-Cheann Comhairle, Pat the Cope Ó Gallchóir, TD, in
éineacht leis an Teachta Dála Séamus Laighléis, an Teachta
Dála Laoise Uí Raghallaigh agus an Seanadóir Gearóid Ó
Creachmhaoil ag freastal ar 140ú Tionól an CIP in Doha
(Catar).
Sprioc 2: Ár gcaidreamh leis an AE, an RA agus ár gcaidreamh eile idirnáisiúnta a neartú
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
48
Coimisiún Thithe an Oireachtais
Rinne an Leas-Chathaoirleach ionadaíocht do Thithe
an Oireachtais ag oscailt bhliantúil Tynwald, parlaimint
Mhanann.
Leas-Chathaoirleach Sheanad Éireann, an Seanadóir Pól Ó Cochláin i dteannta Uachtarán Tynwald (Parlaimint Mhanann), an tOnórach Rodan, Comhalta den Chomhairle Reachtaíochta, agus Cainteoir Theach Eochracha Mhanann, an tOnórach Juan Watterson, ag imeachtaí searmanais Lá Tynwald 2019.
D’fhreastail na Tithe freisin ar naoi nGrúpa Cairdis
Pharlaimintigh ar cuairt isteach. Thug Grúpaí Cairdis
Pharlaimintigh Thithe an Oireachtais trí chuairt oifigiúla
ar pharlaimintí a nGrúpaí Cairdis comhpháirtíochta.
Tugann Grúpaí Cairdis Pharlaimintigh an deis do
chomhaltaí na dTithe chun idirchaidreamh a dhéanamh
le reachtóirí ó thíortha eile agus chun feabhas a chur ar
chaidreamh le parlaimintí eile.
Ghlac na Tithe i rith 2019 le 20 toscaireacht
pharlaiminteach ar cuairt isteach ón Eoraip, an Áise, an
Afraic agus Críocha Mheiriceá, toscaireachtaí ina measc
faoi cheannas spéicéara ón mBrasaíl agus Maracó.
Chuir an Ceann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl, TD fáilte roimh Chainteoir Theach na nIonadaithe ó Ríocht Maracó, a Shoilse, an tUasal Habib El Malki, agus toscaireacht pharlaiminteach ó Mharacó, chuig Tithe an Oireachtais.
Chomhóstail an Ceann Comhairle agus Ambasadóir nua
na Síne le hÉirinn, a Shoilse, an tUasal He Xiangdong,
imeacht fáiltithe ‘Blas na hÉireann-na Síne’ (‘Taste of
Ireland-China’) i dTeach Laighean an 21 Samhain 2019.
Rinne an fáiltiú ceiliúradh ar an obair a dhéanann
TDanna agus Seanadóirí mar chuid de Ghrúpa Cairdis na
hÉireann-na Síne agus thug sé an deis chun ceiliúradh a
dhéanamh ar naisc shóisialta, gheilleagracha agus
pholaitiúla atá ag dul i méid idir Éirinn agus an tSín.
Tábla 7: Feidhmeanna Idirnáisiúnta agus Idirpharlaiminteacha 2019 2018 2017 2016
Toscaireachtaí Parlaiminteacha ar Cuairt Amach1
Comhthionóil Ghinearálta an Aontais Idirpharlaimintigh agus cruinnithe gaolmhara 6 6 5 1
Cruinnithe iomlánacha agus cruinnithe coiste de chuid Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa 38 23 24 13
Tionól Parlaiminteach na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) 8 6 6 5
Toscaireachtaí faoi cheannas spéicéara agus cruinnithe déthaobhacha 10 14 9 8
Toscaireachtaí Parlaiminteacha ar Cuairt Isteach
Toscaireachtaí faoi cheannas spéicéara 4 4 5 2
Cruinnithe déthaobhacha 16 7 10 8
Grúpaí Cairdis
An líon cuairteanna agus grúpaí cairdis pharlaimintigh ag teacht ar cuairt 9 7 1 1
An líon cuairteanna agus grúpaí cairdis pharlaimintigh ag dul ar cuairt 3 2 1 –
Nóta: Ní áirítear sa tábla seo feidhmeanna idirnáisiúnta agus idirpharlaiminteacha a ghabh na Coistí Parlaiminte de láimh.
1 Áirítear le toscaireachtaí ag dul ar cuairt toscaireachtaí faoi cheannas spéicéara ag an gCeann Comhairle nó an Cathaoirleach.
Sprioc 2: Ár gcaidreamh leis an AE, an RA agus ár gcaidreamh eile idirnáisiúnta a neartú
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
49
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
Sholáthair an tAonad Idirpharlaiminteach agus
Taistil tacaíocht leanúnach freisin do thoscaireachtaí
Thithe an Oireachtais a ghlac páirt in 38 seisiúin
iomlánach agus cruinniú coiste de chuid Thionól
Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa a mhair
seachtain; agus thacaigh sé le hocht gcruinniú
na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san
Eoraip – Tionól Parlaiminte (an ESCE – TP).
Thug Coistí Parlaiminte faoi 33 cuairt oifigiúil i
rith na bliana agus d’óstáil siad 26 toscaireacht
pharlaiminteach ar cuairt isteach trí rannpháirtíocht
fhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil.
An Teachta Dála Mairsile Uí Chorcoráin-Uí Chinnéide, an
Seanadóir Ivana Bacik agus an Teachta Dála Mairéad Uí
Mhurchú-Uí Mhathúna i gcuideachta an Uasail Silvana
Koch-Mehrin, Uachtarán Fhóram Ceannairí Polaitiúla Ban
an Domhain ag Cruinniú Mullaigh CPB 2019 a chuir
Parlaimint na Seapáine ar siúl.
Chas Coiste na Dála um Fhormhaoirsiú Buiséid an
13 Márta le hionadaithe an Choimisiúin Eorpaigh,
Leas-Ard-Stiúrthóir Rannán Eacnamaíochta agus
Airgeadais an Choimisiúin Eorpaigh, Carlos Martinez-
Mongay, ina measc chun breithniú a dhéanamh ar
Tuarascáil Tíre na hÉireann 2019 nua an Choimisiúin
mar chuid de phróiseas an tSeimeastair Eorpaigh.
Chuir comhaltaí an Chomhchoiste um Oideachas
agus Scileanna fáilte roimh thoscaireacht ó
Phoblacht na Slóvaice go Teach Laighean Déardaoin,
an 26 Meán Fómhair. I gceannas ar an toscaireacht,
bhí Aire Stáit Aireacht Oideachais, Eolaíochta,
Taighde agus Spóirt Phoblacht na Slóvaice,
an tUasal Olga Nachtammnová.
D’óstáil an Comhchoiste um Chumarsáid, Gníomhú
ar son na hAeráide agus Comhshaol an Oireachtais
cruinniú Ollchoiste Idirnáisiúnta (OCI) an 6 Samhain
2019. Rinneadh ionadaíocht d’Éirinn, an Astráil, an
Fhionlainn, an Eastóin, Singeapór, an Ríocht
Aontaithe agus na Stáit Aontaithe. Rinne na seacht
dtír a ndearnadh ionadaíocht dóibh ag an gcruinniú
ar shraith prionsabal chun comhoibriú idirnáisiúnta i
dtaobh rialáil na meán sóisialta a chur chun cinn.
Sprioc 2: Ár gcaidreamh leis an AE, an RA agus ár gcaidreamh eile idirnáisiúnta a neartú
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
50
Coimisiún Thithe an Oireachtais
I dteannta na ngníomhaíochtaí idirpharlaiminteacha
a bhfuil achoimre orthu i dTábla 7, chas Tionól
Parlaiminteach na Breataine agus na hÉireann
(TPBÉ) le chéile i gCill Mhantáin an 13 agus an 14
Bealtaine chun freastal ar a 58ú seisiún Iomlánach.
Labhair an tAire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na
hAeráide agus Comhshaoil, Richard Bruton, T.D.,
chomh maith lena Shoilse, an tUasal Robin Barnett,
Ambasadóir na Ríochta Aontaithe le hÉirinn, ag
seisiún an lae oscailte. Labhair ionadaithe ó
Chomhairle Náisiúnta na nÓg ag an Tionól faoin
n-obair maidir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe.
Osclaíodh 59ú Seisiún Iomlánach TPBÉ an 21
Deireadh Fómhair in Warwickshire, an Ríocht
Aontaithe, agus díríodh ann ar Brexit agus an
caidreamh idir an RA agus -Éirinn.
D’óstáil Seirbhís Leabharlainne agus Taighde an
Oireachtais (an SLaT) comhdháil an Líonra Taighde
agus Faisnéise Idirpharlaimintigh (an LTFIP) i mBaile
Átha Cliath i gcaitheamh 2 lá an 12 agus an 13 Meán
Fómhair 2019. Anuas ar thoscairí Éireannacha,
d’fhreastail 36 toscaire ó sheirbhísí leabharlainne
agus taighde pharlaimintigh Thionól Thuaisceart
Éireann, Teach Teachtaí agus Teach Tiarnaí an RA,
Parlaimint na Breataine Bige, Tionól Thuaisceart
Éireann agus Parlaimint na hAlban. Thug an tOllamh
Michael Laffan an spreagaitheasc, dar teideal An
Improbable Stability: The Revolutionary Background
to an ‘Ordinary’ Democracy.
Chuir Oifig na nDíospóirechtaí siompóisiam bliantúil
Chumann Tuairiscithe Parlaiminte na Breataine
agus na hÉireann ar siúl i dTeach Laighean ón 28
go dtí an 31 Iúil 2019. Ghlac sí páirt freisin i gclár
malartaithe foirne le Teach na dTiarnaí, Parlaimint
an RA, i Meitheamh 2019.
Sprioc 2: Ár gcaidreamh leis an AE, an RA agus ár gcaidreamh eile idirnáisiúnta a neartú
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
51
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
TORADH STRAITÉISE 2: SPRIOC 3
Idirchaidreamh le Ranna Rialtais a fheabhsú
Lean an tSeirbhís i rith 2019 le hidirchaidreamh a
dhéanamh le Ranna Rialtais agus comhlachtaí poiblí
maidir le nósanna imeachta reachtaíochta agus
parlaiminteacha, agus leis an méid seo a leanas ina
measc:
�� Aonad Idirchaidrimh Pharlaimintigh Roinn
an Taoisigh maidir leis an gclár reachtaíochta
a chur i bhfeidhm;
�� Oifig Phríomh-Aoire an Rialtais;
�� Roinn an Taoisigh maidir le hoibriú an
Mheabhráin Tuisceana (MT) i ndáil le Billí
comhaltaí príobháideacha (BCPanna) ar
comhaontaíodh air idir an Rialtas agus an
Fochoiste ar Athleasú na Dála agus a ghlac
an Dáil i Nollaig 2018;
�� Ranna Rialtais maidir le Ceisteanna agus Freagraí
Parlaiminte a phróiseáil; agus
�� Ranna Rialtais agus comhlachtaí poiblí maidir
le hearraí agus cáipéisí a cuireadh faoi bhráid
cruinnithe Coiste Pharlaimintigh agus freastal
finnéithe ar chruinnithe coiste.
Mar chuid dá chuspóir foriomlán lena mbaineann
idirchaidreamh níos fearr a éascú idir an tOireachtas
agus an saol acadúil agus saineolaithe, thosaigh
an SLaT leis an bpróiseas chun líonraí agus
comhpháirtíochtaí straitéiseacha a fhorbairt.
Tugadh faoi roinnt tionscnamh:
�� Tugadh faoi ghníomhaíochtaí for-rochtana agus
rinneadh cuir i láthair maidir le hobair an SLaT
agus conas a d’fhéadfadh acadóirí agus eolaithe
idirchaidreamh a dhéanamh leis an Oireachtas
chun eolas a thabhairt do chomhaltaí, Coistí agus
obair sainaonad laistigh den Oireachtas;
�� I gcomhoibriú le Fondúireacht Eolaíochta Éireann
(FEÉ), cuireadh tús le sraith seimineár ar an
láthair do chomhaltaí agus rinneadh comhpháirtí
freisin den SLaT in Clár píolótach ‘Comhaltachta
Seirbhíse Poiblí’ FEÉ;
�� Rinneadh cuir i láthair ag Cruinniú Mullaigh
Bliantúil FEÉ agus ag ceardlanna na Comhairle um
Thaighde in Éirinn. Rinneadh cuir i láthair freisin do
mhic léinn fochéime agus iarchéime i gColáiste na
Tríonóide, Baile Átha Cliath (CTBÁC), Ollscoil Mhá
Nuad agus an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
(an COBÁC);
�� Rinneadh idirchaidreamh comhoibritheach le
saineolas acadúil chun scóipeáil a dhéanamh
agus chun cruinnithe faisnéise taighde an SLaT
a chur i dtoll a chéile. D’fhoilsigh an SLaT, i
gcomhar le CTBÁC, Spotsolas dar teideal Tionchar
agóidí in aghaidh ginmhillte ar mhná a bhfuil
teacht á fháil acu ar sheirbhísí – Mearmheasúnú
Fianaise (‘The Impact of anti-abortion protests on
women accessing services – A Rapid Evidence
Assessment’) i mí na Nollag 2019; agus
�� Tugadh faoi obair le hAcadamh Ríoga na hÉireann
(ARÉ) chun tacú le Scéim Péireáil Eolaíochta 2019
an Oireachtais a sheoladh. Seoladh an scéim i
dTeach an Acadaimh i Samhain 2019 agus rinne
sé meaitseáil idir comhaltaí an Oireachtais agus
eolaithe gníomhacha atá ag oibriú ar oileán
na hÉireann.
Lean an Oifig Buiséid Pharlaiminteach (an OBP)
le naisc a fhorbairt le ranna rialtais agus
gníomhaireachtaí seachtracha ábhartha, Comhairle
Fhioscach Chomhairleach na hÉireann (CFCÉ), an
Phríomh-Oifig Staidrimh (an POS) agus an Institiúid
Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (an ITES) ina
measc.
Sprioc 3: Idirchaidreamh le Ranna Rialtais a fheabhsú
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
52
Coimisiún Thithe an Oireachtais
Lean an Oifig le caidreamh a chothú freisin le líonraí
idirnáisiúnta d’Institiúidí Fioscacha Neamhspleácha
(IFNanna) agus Oifigí Buiséid Parlaiminteacha
(OBPanna) fad a bhí idirghníomhú breise á fhorbairt le
comhlachtaí, ar nós na hEagraíochta um Chomhar
agus Fhorbairt Eacnamaíochta) agus institiúidí AE.
D’óstáil an OBP cuir i láthair freisin do chomhaltaí agus
foireann le cainteoirí ó Sheirbhís Mheastóireachta
agus Eacnamaíochta Rialtas na hÉireann (SMERÉ).
Sprioc 3: Idirchaidreamh le Ranna Rialtais a fheabhsú
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
53
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
TORADH STRAITÉISE 3: Parlaimint DhigiteachTá trí sprioc straitéiseacha ag an tSeirbhís chun an toradh straitéise seo a bhaint amach.
Lean an tOireachtas le haghaidh a thabhairt ar aistear
claochlaithe faoina Chlár um Chlaochlú Digiteach – An
Daonlathas a Chumasú – Obair Fhiúntach (‘Enabling
Democracy – Work that Matters’). Múnlaíodh agus
forbraíodh an t-aistear seo i gcomhairle leis an
bhfoireann fud fad na Seirbhíse agus ar aon dul le
príomhchuspóirí straitéiseacha a leag an Coimisiún
amach ina Phlean Straitéiseach 2019-2021, Oireachtas
a Oibríonn don Phobal. Tá an clár á sholáthar ag
an bhFoireann
um Chlaochlú Digiteach, atá ag oibriú as lámh le
foireann na n-aonad gnó a bhfuil dearadh na gcóras
á mhúnlú acu chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin
pharlaiminteacha atá ag teacht chun cinn agus chun
freastal ar riachtanais ghnó chorparáidigh. Tacaíonn
Líonra Digiteach an Oireachtais, Foireann
Bhainistíochta Athraithe agus an Deasc Chabhrach
agus Foirne Tacaíochta TFC leis an soláthar.
Tá na seacht bpríomhghné seo a leanas sa Chlár
um Chlaochlú:
1) Teicneolaíocht sna Seomraí
2) Parlaimint Dhigiteach
3) An Saoránach a Chur ar an Eolas
4) Nuachóiriú Digiteach
5) Eolas a Chur ar fáil don Díospóireacht
6) An Eagraíocht Chorparáideach
7) Comhtháthú agus Anailísíocht Sonraí
Tá tírdhreach teicniúil an Oireachtais á fheabhsú
ag Claochlú Digiteach, tá bealaí feabhsaithe oibre
á chruthú aige do chomhaltaí agus don fhoireann
agus tá rannpháirtíocht níos mó i measc an phobail
sa phróiseas daonlathach á héascú aige.
Díríonn Claochlú Digiteach ar fhreastal ar riachtanais
agus ionchais chomhaltaí agus na foirne, trí na
teicneolaíochtaí agus na huirlisí nua-aimseartha is
déanaí a sholáthar dóibh chun a gcuid oibre a
dhéanamh díríonn sé ar dhaonlathas parlaiminteach
trí rochtain agus deiseanna níos fearr a thabhairt don
saoránach chun dul i ngleic le hobair an Oireachtais
365 lá sa bhliain. Tá páirt ríthábhachtach á glacadh ag
an bhfoireann i measc na n-aonad gnó i ndearadh,
forbairt agus soláthar na dtionscadal seo.
Cuireadh feabhsúcháin shuntasacha ar fud na
heagraíochta ar fáil in 2019.
Claochlú Digiteach 2019
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
54
Coimisiún Thithe an Oireachtais
TORADH STRAITÉISE 3: SPRIOC 1
An teicneolaíocht a úsáideann na Tithe agus na Coistí a chlaochlú
D’éirigh leis an Oireachtas céim dheiridh an Chláir
Theicneolaíochta sna Seomraí a sholáthar agus
críochnaíodh tionscadal na Seomraí Coiste Agus
tionscadal athchóirithe an tSeanaid i rith 2019. B’éard
a bhain leis an gClár seo ná feabhas a chur ar
bhonneagar TFC i Seomra na Dála, Seomra an
tSeanaid agus sna Seomraí Coiste. Cuireann an
t-uasghrádú seo an teicneolaíocht fuaime agus an
chosteicneolaíocht is déanaí ar fáil do na Seomraí
agus cuireann sé barr feabhais ar an mbealach a
thugann comhaltaí agus an fhoireann faoina ngnó, i
nGaeilge nó i mBéarla.
I measc saoránach, déanann an teicneolaíocht nua
soláthar sonraí a chuíchóiriú agus tacaíonn sé le
rannpháirtíocht an phobail sa phróiseas daonlathach.
Seo an chéad chlár a críochnaíodh faoi Chlár um
Chlaochlú Digiteach an Oireachtais.
Leanadh ar aghaidh le forbairt agus soláthar
céimnithe an Chláir um Chlaochlú Digiteach an
Oireachtais i gcaitheamh 2019. Is é cuspóir an chláir
seo chun próisis agus bealaí reatha chun oibriú go
comhoibritheach a dhigitiú, chomh maith le uirlisí
nua-aimseartha a sholáthar chun tacú le comhaltaí
agus leis an bhfoireann nuair a thugann siad faoi
ghníomhaíochtaí parlaiminteacha. De réir mar a
dhéanann an claochlú dul chun cinn, leagfaidh an clár
an bhunchloch faoi fheidhmiúlacht amach anseo agus
faoi sheirbhísí breise a sholáthar do chomhaltaí, an
fhoireann agus do shaoránaigh.
D’oibrigh foirne tionscadal i rith 2019 ar fhorbairt
agus soláthar céimnithe fheidhmchláir Tairiscintí
agus Ráiteas Chlár nua na Parlaimintí Digití.
Soláthraíodh an dá thionscadal in 2019.
Cuirtear bealach ar fáil d’fhoireann Oifig na
nImeachtaí, Oifig na mBillí agus Rúnaíocht na gCoistí
san fheidhmchlár Tairiscintí chun bainistiú
leictreonach a dhéanamh ar Rúin agus a bpróisis. Tá
an feidhmchlár Tairiscintí tógtha laistigh den Chóras
nua Parlaiminte Digití a cheadaíonn cur chuige
comhtháite a ghlacadh i leith an ghnó nós imeachta
go léir. Cuireann an feidhmchlár ar chumas Aonaid
Ghnó droim láimhe a thabhairt do phróisis de láimh
agus aistriú go córas a dearadh chun tascanna casta a
shimpliú. Cuirfidh an feidhmchlár ar chumas
fhoireann Oifig na nImeachtaí chun Rúin le Billí,
Buan-Orduithe, Tuarascálacha agus Cáipéisí Coistí a
chuirtear faoi bhráid na dTithe a chruthú, a chur in
eagar, a cheangal go huathoibríoch leo agus
nuashonruithe a dhéanamh orthu.
Príomhghné eile den Chóras nua comhtháite
Parlaiminte Digití is ea an feidhmchlár Ráiteas.
Cuireann an feidhmchlár ar chumas fhoireann Oifig
na nImeachtaí Ráitis aistrithe a athbhreithniú, a
chuardach agus a iarraidh i gcóras amháin atá éasca
le húsáid. Anuas air sin, cuireann an feidhmchlár le
feidhmiúlacht agus cuireann sé ar chumas fhoireann
Oifig Phríomh-Aoire an Rialtais chun Ráitis a sheoladh
ar aghaidh. Cuirfidh an feidhmchlár Ráiteas feabhas
ar phróisis sreabhaidh oibre agus ceadóidh sé
d’úsáideoirí chun bainistiú digiteach a dhéanamh ar
thaifid Ráitis a phróiseáil.
Mar gheall gur parlaimint dhátheangach í, is iad an
Ghaeilge agus an Béarla teangacha oifigiúla ghnó na
parlaiminte. Sheol Rannóg an Aistriúcháin Taisce na
Leabhar, acmhainn ar líne a forbraíodh faoin gClár
Parlaiminte Digití le cabhair ón SLaT chun
leabharlann de leabhair Ghaeilge a sholáthar
do chomhaltaí agus don fhoireann chun tacú le
comhaltaí agus an fhoireann agus iad a spreagadh
chun barr feabhais a chur ar a scileanna Gaeilge.
Sprioc 1: An teicneolaíocht a úsáideann na Tithe agus na Coistí a chlaochlú
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
55
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
TORADH STRAITÉISE 3: SPRIOC 2
Rochtain phoiblí níos éasca a chumasú ar obair an Oireachtais agus a chomhaltaí
Tugtar aghaidh sa Chlár um Chlaochlú Digiteach ar
chuspóir uileghabhálach, ‘an Daonlathas a
Chumasú’, a bhaint amach. Tá an cuspóir seo i
gceartlár na straitéise agus tacaítear leis i measc
gach cinn de sheacht ngné an chláir um chlaochlú.
Dírítear sa ghné An Saoránach a Chur ar an Eolas
den Chlár um Chlaochlú Digiteach ar thrédhearcacht
a fheabhsú idir an tOireachtas agus an pobal i
gcoitinne. Cinnteoidh sé go mbíonn teacht ag an
bpobal ar fiú níos mó d’fheidhmiú an Oireachtais
agus den chóras daonlathach in Éirinn 365 lá sa
bhliain. De réir mar a dhéanann an obair dul chun
cinn, cuimseofar sa Chlár um an Saoránach a Chur ar
an Eolas ar roinnt tionscadal a mhúsclaíonn feasacht,
rannpháirtíocht agus tuiscint saoránach ar an
Oireachtas.
Tugadh 2.3 milliún cuairt in 2019 ar láithreán
gréasáin nua Oireachtas.ie (a seoladh in 2018), ar
méadú 1.5 milliún cuairt é seo i gcomparáid le 2018.
Tá níos mó rannpháirtíochta á déanamh, tá teacht
níos fusa ar eolas parlaiminteach agus tá níos mó
trédhearcachta agus oscailteachta i ngnó na dTithe
ann a bhuíochas leis an láithreán gréasáin. Uirlis
ríthábhachtach phoiblí é an láithreán gréasáin don
eagraíocht a chuireann ábhar i láthair i measc breis
agus 40,000 úsáideoir sa tseachtain. Ní láithreán
gréasáin statach é an láithreán gréasáin, déantar a
fheidhmiúlacht, a leagan amach agus an cur i láthair
a dhéantar ar an láithreán gréasáin d’ábhar a
fheabhsú go leanúnach. Tugann an cur chuige i leith
claochlú digiteach chéad tús áite do bhainistíocht
agus feabhsú leanúnach an láithreáin ghréasáin.
Rinneamar ceiliúradh in 2019 ar Dáil 100, comóradh
céad bliain ó tionóladh chéad suí Dháil Éireann. Ba
phríomhthionscnamh den chlár comórtha seoladh
an láithreáin ghréasáin Dáil100.ie. Déanann sé
comóradh 100 bliain ar dhioscúrsa polaitiúil,
díospóireacht agus déanamh dlí i nDáil Éireann.
Cuirtear réimse ábhar agus seod ar fáil don phobal ar
an láithreán gréasáin ó leabharlann an Oireachtais,
díospóireachtaí stairiúla parlaiminte, agus páipéir ón
gcéad Dáil.
Cuireann imeachtaí an Oireachtais a shruthaítear go
beo ar chumas an phobail chun amharc ar obair an
Oireachtais agus a Choistí ar bhonn fíor-ama ar
láithreán gréasáin oireachtas.ie, ar chainéil mheán
sóisialta an Oireachtais agus ar aip an Oireachtais.
Mar chuid de sholáthar céimnithe an tionscadail
Athdheartha Seirbhísí Meán i rith 2019agus 2020,
rinneadh an bonneagar beoshruthaithe a
athsholáthar. Cinnteoidh an tionscadal seo go
mbeidh sruthú beo go hiomlán athléimneach agus
inrochtana gan stró ar gach gléas agus cainéal.
Rinneadh 2.2 milliún amharc ar bheoshruthanna
díospóireachtaí parlaiminte in 2019.
Éascóidh an Clár Parlaiminte Digití atá á fhorbairt
rochtain phoiblí níos éasca ar obair an Oireachtais
agus ceadóidh sé chun taifeadadh agus catagóiriú
iomlán a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí Parlaiminte
go léir.
Sprioc 2: Rochtain phoiblí níos éasca a chumasú ar obair an Oireachtais agus a chomhaltaí
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
56
Coimisiún Thithe an Oireachtais
TORADH STRAITÉISE 3: SPRIOC 3
Ár mBonneagar Teicniúil a Nuachóiriú
Ceadóidh an Clár um Chlaochlú Digiteach do
chomhaltaí agus an fhoireann, ar fud an Oireachtais,
chun oibriú ar bhealach níos comhtháite.
Faoin gClár um Nuachóiriú Digiteach, rinneadh
córais a uasghrádú go dtí Outlook 2016, Windows 10
agus Microsoft Office 365. Mar gheall ar an aistriú go
Windows 10, cruthaíodh roinnt príomhthairbhe
dúinn, feidhmiúlacht fheabhsaithe, soghluaisteacht
níos fearr i measc gléasanna an ionaid oibre agus
roghanna agus acmhainneacht mhéadaithe le
haghaidh cianchruinnithe agus cianoibre. Cuireadh
feabhas ar shlándáil agus iontaofacht i ndiaidh
Microsoft Office 365 a thabhairt isteach. Tá
eispéireas níos fearr úsáideora á chruthú ag na
huasghráduithe seo, i dteannta a chéile, do
chomhaltaí agus foireann an Oireachtais.
Leanann na Deasca Seirbhíse TFC ag tacú leis an
bpróiseas um chlaochlú digiteach. Thacaigh siad le
20,000 glao ó chomhaltaí, óna bhfoireann agus ó
fhoireann na Seirbhíse in 2019. Tháinig an méadú ar
an líon glaonna i rith 2019, i gcomparáid le 2018, ag
an tráth céanna a tugadh an Tionscadal Athnuaite
Deisce isteach i measc comhaltaí agus an tráth a
aistríodh go Windows 10.
Príomhghníomh i bPlean Straitéiseach 2019-2021
an Choimisiúin Thithe an Oireachtais is ea
ardteicneolaíocht agus uirlisí digiteacha a chur i
bhfeidhm chun feabhas a chur ar chumas eolais,
taighde, anailíse agus comhairleach.
�� Sheol an SLaT láithreán gréasáin inmheánach
athdheartha, athfhorbartha agus feabhsaithe de
chuid an SLaT i rith 2019 faoin gClár um Eolas a
Chur ar fáil don Díospóireacht. Cuireann seo ar
chumas comhaltaí agus na foirne chun páipéir
thaighde agus cruinnithe faisnéise a d’fhoilsigh
an SLaT a aimsiú, anuas ar ábhar atá á choimeád
i mbailiúcháin ábhar clóite agus ar líne na
leabharlainne.
�� Tá foilseacháin na hOifige Buiséid Parlaimintí (an
OBP) ar fáil ar an láithreán gréasáin, a Sraith
foilseachán Anailís ar Chaiteachas san áireamh.
Tugtar cuireadh freisin do chomhaltaí na dTithe,
don fhoireann agus don phobal chun fógraí
uathoibríocha a fháil faoi na foilseacháin is
déanaí den OBP.
�� Córas nua bainistíochta cáis é Legal Evolve d’Oifig
na gComhairleoiríof Dlí Parlaiminte (OCDP).
Forbraíodh é seo faoin gClár um Eolas a Chur ar
fáil don Díospóireacht agus críochnaíodh obair ar
an gcóras seo i mí na Nollag 2019. Feabhsaíonn
an córas seo bainistíocht sreabhaidh fhoriomlán
d’fhoireann OCDP maidir lena n-oibleagáidí
dlíthiúla parlaiminteacha agus corparáideacha.
Tábla 8: Tacaíocht ón Deasc Chabhrach TFC 2019 2018 2017 2016
Tacaíocht a cuireadh ar fáil le haghaidh glaonna ó chomhaltaí d’fhoireann na Seirbhíse 8,711 8,215 8,325 7,081
Tacaíocht a cuireadh ar fáil le haghaidh glaonna ó chomhaltaí agus óna bhfoireann 11,217 10,398 8,828 11,290
Sprioc 3: Ár mBonneagar Teicniúil a Nuachóiriú
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
57
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
�� Leanann Oifig na nDíospóireachtaí le
hidirchaidreamh a dhéanamh le comhghleacaithe
i bparlaimintí eile a bhfuil taighde á dhéanamh
acu ar dhea-chleachtas i dteicneolaíochtaí
Aitheanta Cainte Uathoibrithe (ACU). Rinneadh
foireann na hOifige cur i láthair in 2019 ag
comhdháil Chumann Tuairiscithe Parlaiminte
na Breataine agus na hÉireann (BIPRA) agus ag
Cumann Hansard Cheanada (HAC) maidir le clár
píolótach faoinar thug sé i dtaobh ACU chun
imeachtaí parlaiminteacha a ghabháil.
Chuir Oifig na nDíospóirechtaí (Seirbhís Thithe an
Oireachtais) siompóisiam bliantúil 2019 Chumann
Tuairiscithe Parlaiminte na Breataine agus na hÉireann.
De réir mar a dhéanann claochlú digiteach dul chun
cinn, déanfar tairbhí an Chláir um Eolas a Chur ar fáil
don Díospóireacht a chur ar fáil do bhreis
shaoránaigh na hÉireann agus cruthóidh sé
rannpháirtíocht níos fearr i gcúrsaí parlaiminteacha.
D’aistrigh Straitéis Dhigiteach an Oireachtais, ar aon
dul le Straitéis TFC na Seirbhíse Poiblí 2019, i dtreo
samhlacha soláthair seirbhíse néalbhunaithe.
Cuireann Néalardán an Rialtais (NAR) ar chumas
Ranna agus Eagraíochtaí Rialtais chun teacht a
bheith acu ar fheidhmchláir a mbaintear feidhm
lárnach astu a forbraíodh faoin gclár feidhmchlár
Tógáil le Roinnt (TlR).
Tá tús curtha ag an Oireachtas tríd an gClár
um Chlaochlú Digiteach ag aistriú go dtí córais
néalbhunaithe, Saoráil Faisnéise (ríomh-SF), Riosca
(ríomh-Riosca), Bainistíocht Taifead (ríomh-Cháipéisí)
agus Cosaint Sonraí (ríomh-RGCS). Cruthaíodh roinnt
de na córais seo agus tá roinnt eile díobh á gcruthú
go lárnach faoin gclár feidhmchlár TlR.
Córas feidhmchlár is ea ríomh-SF a sholáthraíonn
Oifig Phríomh-Oifigeach Faisnéise an Rialtais
(OPOFR) faoin gclár feidhmchlár Tógáil le Roinnt.
Saincheapadh an feidhmchlár seo, i gcomhar le
hAonad Bainistíochta Taifead an Oireachtais, faoin
gClár Eagraíochta Corparáidí chun freastal ar
riachtanais na seirbhíse parlaimintí. Rinne an
réiteach seo bainistíocht iarrataí SF a chuíchóiriú
ag Aonad Bainistíochta Taifead an Oireachtais
agus ag cinnteoirí SF an Oireachtais.
Chríochnaigh an tAonad Tuarastal uasghrádú ar
chóras párolla CorePay go dtí córas néalbhunaithe a
chuireann feidhmiúlacht níos fearr ar fáil. Chabhraigh
an t-uasghrádú seo le próisis phárolla a chuíchóiriú.
Chríochnaigh an tAonad Airgeadais uasghrádú
ar chóras Bainistíochta Airgeadais Integra go dtí
tairseach ghréasánbhunaithe. Cuireann an córas
uasghrádaithe comhéadan úsáideora níos fearr
ar fáil agus éascaíonn sé tuairisciú feabhsaithe.
Sholáthair an t-uasghrádú seo bainistíocht taifead
níos fearr, ar féidir leis cabhair a thabhairt leis an
aistriú ó chomhaid pháipéir amach anseo.
Sprioc 3: Ár mBonneagar Teicniúil a Nuachóiriú
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
58
Coimisiún Thithe an Oireachtais
TORADH STRAITÉISE 4:Pobal Parlaiminteach a dTacaítear go Tréan leisTá cúig sprioc straitéiseacha againn chun an toradh straitéise seo sin a bhaint amach.
TORADH STRAITÉISE 4: SPRIOC 1
Pobal Parlaiminte a fhorbairt a léirítear luach air, atá gafa agus a dtacaítear leis
Ba é líon iomlán na foirne CLA (Státseirbhísigh,
Foireann Tionscail Stáit, Clódóirí agus Foireann
Sealbhóirí Oifige) ag deireadh 2019 572.43
duine – ba é an líon iomlán daoine 595.
Ba ar earcaíocht chun poist ríthábhachtacha a
líonadh a díríodh pleanáil don fhórsa oibre le linn na
bliana 2019. Áiríodh leis seo aistritheoirí Gaeilge
a earcú a theastaíonn chun cur le hacmhainn na
Seirbhíse chun seirbhísí aistriúcháin a sholáthar do
na Tithe. Thit aistritheoirí Gaeilge a earcú amach i
margadh post seirbhísí Gaeilge an-iomaíoch.
Choimisiúnaigh an tSeirbhís Athbhreithniú
Acmhainne Oifig an tSeanaid chun athbhreithniú
a dhéanamh ar acmhainn na hOifige i dtaobh a
feidhmeanna agus a freagrachtaí a chomhlíonadh.
Ghlac an Bord Bainistíochta leis an Tuarascáil agus
chomhaontaigh sé chun na moltaí a chur i bhfeidhm.
Rinne Seirbhísí Acmhainní Daonna bainistiú ar chúig
chomórtas inmheánacha ardaithe céime agus 24
comórtas seachtrach agus próiseas iasachta. Bhain
Acmhainní Daonna leas chomh maith as Beartas
Soghluaisteachta lárnach na Státseirbhíse chun
poist a líonadh. Chuir na comórtais seo ar chumas na
Seirbhíse chun príomhfholúntais a líonadh agus chun
leibhéal soláthair foirne, ar an iomlán, a choimeád
i rith na bliana. Thosaigh 65 comhalta foirne
(Státseirbhís agus Foireann Tionscail Stáit) ag oibriú
leis an tSeirbhís i rith 2019.
Sheol Seirbhísí Acmhainní Daonna a ‘Straitéis
Daoine 2019-2021’ i rith 2019. Díríonn an Straitéis ar
na seirbhísí a sholáthraítear d’fhoireann na Seirbhíse.
Forbraíodh an Straitéis i gcomhairle leis an bhfoireann
agus tá sé ar aon dul le Plean Straitéiseach Thithe an
Oireachtais, Plean Athnuachana na Státseirbhíse
agus Straitéis Daoine na Státseirbhíse.
Príomhchuspóir den Phlean Straitéiseach do
Sheirbhísí Acmhainní Daonna is ea “pobal parlaiminte
a dtacaítear go tréan leis”. I measc na ndúshlán a
sainaithníodh, tá athoiliúint a chur ar fhoireann oilte
agus úsáid éifeachtach a bhaint as na deiseanna a
chruthaíonn teicneolaíochtaí nua agus leanúint ar
aghaidh i gcomhthráth le seirbhísí a sholáthar ar
ardchaighdeán. Leagtar amach in aidhm Straitéis
Daoine Acmhainní Daonna sé ghníomh a dtugtar tús
áite dóibh lena chinntiú go bhfuil na hacmhainní ag
an tSeirbhís a theastaíonn agus go bhfuil na scileanna
agus na tacaíochtaí ag an bhfoireann go léir chun
seirbhísí parlaiminteacha ardchaighdeáin a sholáthar.
I gcomhthráth le seoladh Straitéis Daoine Acmhainní
Daonna, sheol Aonad Oiliúna agus Forbartha
Sheirbhís Acmhainní Daonna a Straitéis Foghlama
agus Forbartha (FF) 2019-2021. Is é cuspóir na
Straitéise chun gníomhaíochtaí foghlama agus
forbartha a cheangal go córasach le riachtanais
ghnó agus chun tosaíochtaí a dheimhniú le
haghaidh gníomhaíochtaí agus acmhainní.
Sainaithnítear sa Straitéis FF príomhthionscnaimh a
bhfuil ar an bhfoireann, bainisteoirí agus an tAonad
Oiliúint agus Forbartha le tabhairt fúthu chun na
bearnaí scileanna agus eolais a shainaithnítear ina
Shuirbhé ar Riachtanais Anailíse in 2018 a líonadh.
Sainaithnítear ann freisin conas inniúlachtaí foirne a
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
59
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
fhorbairt trí chláir ar nós Foirne Cóitseála
Ceannaireachta, Meantóireachta agus
Ardfheidhmíochta atá dírithe ar fheabhas
a chur ar fheidhmíocht.
Sholáthair an tAonad Oiliúna agus Forbartha 206
cúrsa i rith 2019. Thug seachtó a haon comhalta foirne
faoi chúrsaí faoin Scéim lárnach um Aisíoc/Réamhíoc
Táillí a chuireann an tSeirbhís chun cinn agus béim ar
leith ar limistéir ábhair lena mbaineann ríthábhacht
don eagraíocht.
Fíor 12: Oiliúint agus Forbairt Foirne
0
50
100
150
200
250
300
2016201720182019
78
62
174
111
117133
112
94
Delivered internally
Delivered externally
D’fhorbair Seirbhísí Acmhainní Daonna a Treoir do
Bhainisteoirí Líne maidir le Bainistíocht Éifeachtach
Foirne i rith 2019. Sainaithnítear sa lámhleabhar na
róil agus na freagrachtaí reatha i limistéar na
bainistíochta Acmhainní Daonna. Cuirtear treoir ar fáil
sa lámhleabhar do bhainisteoirí líne chun cabhrú leo
ina ról bainistíochta daoine, chun oibleagáidí dlíthiúla
a chomhlíonadh agus chun cleachtais mhaithe
bhainistíochta daoine a chur chun cinn.
Leanadh ar aghaidh le tionscnaimh faoi Thionscnamh
um Fhorbairt Eagraíochta (TFE) na Seirbhíse i rith
2019. Áiríodh leo seo seimineáir agus gníomhaíochtaí
an Ghrúpa Sláinte agus Folláine agus oibriú chlár
Meantóireachta an Oireachtais a chur chun cinn agus
tacú leis. Ghlac 38 comhalta foirne páirt i rith 2019 sa
chlár Meantóireachta, agus cuireadh dhá sheisiún ar
siúl den chúrsa Cóitseáil don Fheidhmíocht.
D’eagraigh Club Sóisialta an Oireachtais clár
imeachtaí i gcaitheamh na bliana. I measc na
n-imeachtaí, bhí turais, oícheanta ceoil, tráth na
gceist boird, siúlóidí ar chnoic, tóraíocht taisce agus
club leabhar an Oireachtais i measc gníomhaíochtaí
eile. D’eagraigh an Club Sóisialta a dara lá oibre
deonaí a bhí ar siúl ag tús an tsamhraidh. Rinne an
grúpa obair dheonach i mbliana ag an imeacht WALK
a bhí ar siúl i mBaile Bhailcín, Baile Átha Cliath, an
eagraíocht mhíchumas intleachta atá ar cheann de
chomhpháirtithe na Seirbhíse sa chlár FFO.
Comhaltaí foirne de chuid Sheirbhís Thithe an Oireachtais
ag oibriú go deonach dóibh ag Cumann WALK do Dhaoine
atá faoi Mhíchumas Intleachta i Lúnasa 2019.
Sprioc 1: Pobal Parlaiminte a fhorbairt a léirítear luach air, atá gafa agus a dtacaítear leis
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
60
Coimisiún Thithe an Oireachtais
Cuireann Seirbhísí Acmhainní Daonna Comhaltaí
réimse seirbhísí acmhainní daonna ar fáil do
chomhaltaí Dháil Éireann agus Sheanad Éireann
maidir lena bhfoireann chun tacú lena n-obair
Pharlaiminteach. Bhí 454 duine den fhoireann
polaitíochta CLA (544 duine) fostaithe ag comhaltaí
agus páirtithe faoin Scéim um Chúnamh Rúnaíochta
ag deireadh 2019.
Is iad comhaltaí agus páirtithe na daoine a
fhostaíonn an fhoireann seo agus tá oibleagáidí
orthu ina dtaobh mar fhostóirí. Tá freagracht ar an
Aonad Acmhainní Daonna as oibriú éifeachtach na
Scéime um Chúnamh Rúnaíochta, i gcomhar leis an
Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, a leagann
téarmaí agus coinníollacha na Scéime amach. I
measc na seirbhísí a chuirtear ar fáil do chomhaltaí,
tá párolla agus na coinníollacha a riar don fhoireann
atá fostaithe faoin Scéim, anuas ar oiliúint.
Oibríonn Fóram na gComhordaitheoirí Grúpa/na
Riarthóirí Páirtithe mar ghrúpa comhairliúcháin
maidir le saincheisteanna a dhéanann difear don
fhoireann pholaitíochta. Dhírigh an plé in 2019 ar
shaincheisteanna beartais a bhaineann leis an Scéim
um Chúnamh Rúnaíochta agus Ráiteas Prionsabal
agus Beartas um Dhínit agus Meas an Oireachtais.
Soláthraíonn Seirbhísí Acmhainní Daonna Comhaltaí,
tríd an Aonad Pinsean, seirbhísí freisin chun pinsin
chomhaltaí a riar faoin Scéim Ciste Pinsean, agus faoi
Scéim Pinsin Aonair na hEarnála Poiblí. Mar chuid de
riar na Scéime Aonair, d’eisigh an tSeirbhís ráitis
sochair bhliantúla do 74 comhalta ina sonraítear na
méideanna pinsean agus cnapshuime a fabhraíodh
a fhad le deireadh 2019. Bhí pinsin iníoctha le 208
iarchomhalta foirne polaitíochta agus le 419
iarchomhalta an Oireachtais in 2019.
De bhreis air sin, soláthraíonn an tAonad Pinsean
seirbhísí pinsin d’fhoireann na Seirbhíse. In 2019,
próiseáladh 15 scor sa státseirbhís agus cuireadh
faoi bhráid an Ionaid Seirbhísí Comhroinnte Párolla
iad lena n-íoc agus eisíodh 182 ráiteas sochair
bliantúil d’fhoireann na Seirbhíse.
Éascaíonn Comhaltaí an Aonaid Acmhainní Daonna an
Clár Socrúcháin Mhac léinn a sholáthraíonn tacaíocht
bhreise do chomhaltaí fad a bhíonn taithí oibre á cur
ar fáil dóibh a dhéanann na coláistí a mheasúnú ar
mhaithe le cáilíocht DCCÉ a bhaint amach. I measc
na gcoláistí a bhí san áireamh sa chlár socrúcháin, bhí
an Foras Riaracháin (an FR), Institiúid Teicneolaíochta
Bhaile Átha Cliath (ITBÁC), Coláiste na hOllscoile
Corcaigh (COC), Ollscoil Luimnigh (OL) agus Ollscoil
na hÉireann, Gaillimh (OÉG).
Chas an Grúpa Stiúrtha um Pleanáil Toghcháin,
a bunaíodh chun straitéis pleanála a fhorbairt
don chéad olltoghchán eile, go minic i rith 2019
mar gheall go raibh an Dáil ag druidim le deireadh
an chórais pharlaimintigh. Chas an Grúpa Stiúrtha,
a ndearna Ceann Chomhaltaí Seirbhísí Acmhainní
Daonna cathaoirleacht air agus ina raibh bainisteoirí
sinsearacha, ar a chéile chun na gníomhaíochtaí a
stiúradh agus a chomhordú a theastaigh chun ullmhú
don tréimhse ó rinneadh an Dáil agus an Seanad a
dhíscaoileadh go dtí gur bunaíodh chéad Dáil Éireann
agus Seanad Éireann eile.
Áiríodh le príomhaschur Phlean Toghcháin
na Seirbhíse an méid seo a leanas:
�� Treoirlínte Díscaoilte agus Scoir a sholáthair
sonraí faoi na seirbhísí a bhí le cur ar fáil ag an
tSeirbhís i ndiaidh gur díscaoileadh an 32ú Dáil
agus i ndiaidh scor an 25ú Seanad; faoi na táillí a
bhaineann le roinnt de na seirbhísí agus den eolas
a theastaíonn le haghaidh thuairisceáin an
Choimisiúin um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
(CCOP).
60
Sprioc 1: Pobal Parlaiminte a fhorbairt a léirítear luach air, atá gafa agus a dtacaítear leis
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
61
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
�� Tionscnamh Oifigigh Idirchaidrimh na
gComhaltaí (OICanna). Is é ról an OIC chun
cabhrú le Comhaltaí nua agus gníomhú mar
phointe teagmhála ina gcéad laethanta agus
seachtainí i dTeach Laighean. Cuirtear oiliúint
éigeantach ar gach OIC ar a ról ag a
bhfreagrachtaí.
�z Seirbhísí Faisnéise
�z Pacaí Faisnéise do gach comhalta nuair a
shíníonn siad an rolla in Oifig an Chléirigh,
�z Deasca Faisnéise ar a bhfreastalaíonn
foireann Acmhainní Daonna na gcomhaltaí,
�z Deasca Sealaíochta TFC ar a bhfreastalaíonn
an fhoireann TFC, agus
�z Seimineáir Faisnéise do chomhaltaí agus
a bhfoireann ina gcuimsítear príomhábhair,
seirbhísí oifige, saoráidí, agus ceanglais
dhlíthiúla ina measc; cruinnithe faisnéise
a thionóil iarchomhaltaí an Oireachtais; agus
�z turais tionscnaimh a chuireann Seirbhís
Uiséirí na Parlaiminte ar fáil.
�� Cóiríocht agus Saoráidí TFC do chomhaltaí,
leithdháileadh cóiríocht oifige do chomhaltaí
na Dála agus an tSeanaid atá ag teacht isteach
ina measc sin.
Cuireann Ionad Ilfhreastail (IIF) Sheirbhísí
na gComhaltaí pointe rochtana aonair ar fáil do
chomhaltaí na dTithe ar fhaisnéis faoi na seirbhísí
agus na hacmhainní a chuirtear ar fáil dóibh chun
tacú leo a gcuid feidhmeanna parlaiminte a
chomhlíonadh, faisnéis ina measc faoi liúntais
agus íocaíochtaí a bhaineann lena bpost. Cuireann
sí faisnéis ar fáil freisin faoi na beartais agus na
treoirlínte a bhaineann le hacmhainní den sórt
sin a úsáid.
Cathaoirleach Sheanad Éireann, an Seanadóir Donncha Ó
Donnabháin ag casadh lena Soilse an tUasal Ekaterini
Simopoulou, Ambasadóir na Gréige le hÉirinn.
Cuireann an tSaoráid Chlóideachta seirbhís
chlódóireachta ar fáil do chomhaltaí an dá Theach
agus do pháirtithe cáilitheacha. Rinneadh an
trealamh clódóireachta a uasghrádú freisin i rith 2019
chun freastal ar riachtanais reatha agus amach anseo
de chuid an Oireachtais. Tá Comhaontú Seirbhíse
(CS) i bhfeidhm idir na comhaltaí agus an Coimisiún
maidir le saoráidí clódóireachta a sholáthar. Déanann
Comhairle Lucht Úsáide na Saoráide Clódóireachta
athbhreithniú ar oibriú an chomhaontaithe CS agus
déanann sí moltaí leis an gCoimisiún, faoi mar is cuí.
Thug an tSaoráid Chlódóireachta breis agus 2,800
ordú cló chun críche in 2019.
Sprioc 1: Pobal Parlaiminte a fhorbairt a léirítear luach air, atá gafa agus a dtacaítear leis
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
62
Coimisiún Thithe an Oireachtais
TORADH STRAITÉISE 4: SPRIOC 2
Timpeallacht fhisiciúil shlán agus shábháilte a sholáthar a fhreastalaíonn ar riachtanais Phobal na Parlaiminte
Críochnaíodh caomhnú agus athchóiriú Thionscadal
Theach Laighean Seoirseach i Lúnasa 2019, bliain
chomórtha céad bliain na chéad Dála, i ndiaidh clár
oibre a mhair dhá bhliain a bhainistigh Oifig na
nOibreacha Poiblí (OOP) agus Tithe an Oireachtais.
Dhírigh na hoibreacha athchóirithe ar achar an tí
bhunúil a tógadh sa bhliain 1745 ina raibh Oifig an
Chinn Chomhairle, Oifig an Chathaoirligh, an Oifig
Ghinearálta agus Oifig na bhFiosrúchán suite.
Rinneadh athchóiriú agus caomhnú cúramach ar
gach gné den teach ón íoslach aníos go dtí an t-áiléar
agus an díon – agus bhronn seo beocht úrnua ar an
bhfoirgneamh.
Theastaigh bainistíocht chomhoibritheach ó na
hoibreacha idir OOP agus an tSeirbhís (an tAonad
Bainistíochta Saoráidí, Rannóg an Mhaoirseora agus
an tAonad TFC). Áiríodh leis an obair struchtúrach a
thit amach, dódhíonadh, obair chaomhnaithe,
deisiúcháin chloiche, athchóiriú ar obair phlástair
agus seirbhísí uisce, téimh agus aeraithe a
athsholáthar ina measc. Rinne na hoibreacha
soláthar freisin do chaighdeáin inrochtaineachta
nua-aimseartha.
Is féidir le cuairteoirí chuig Teach Laighean amharc
ar na déantáin stairiúla seo a leanas a aimsíodh i
rith na hoibre:
�� Bréagáin adhmaid leanaí ón 19ú haois, feadóg,
liathróid sholadach, saighdiúir bréagáin agus
caiseal ina measc;
�� Paimfléad dar teideal The Glasnevin Grass
Garden, dar dáta 1818;
�� Claonchló gloine grianghrafadóireachta de
lánúin anaithnid agus éadaí ó na 1920idí á
gcaitheamh acu;
�� Fógra faoi sheanmóir carthanais de mhéid
cárta creidmheasa dar dáta Eanáir 1791;
�� Péire bróga leathair; agus
�� Boscaí sliogán a fágadh idir giarsaí clár urláir, a
úsáideadh mar ábhar fuaimdhíonta. Aimsíodh
sliogáin a bhí brúite idir giarsaí ar an dara hurlár,
a bhí mar fhoirm luath d’insliú torainn nó téimh,
b’fhéidir.
Roinnt de na déantáin stairiúla a aimsíodh i rith an
tionscadail athchóirithe:
Bréagáin adhmaid ón 19ú haois
Paimfléad dar teideal The Glasnevin Grass Garden,
dar dáta 1818
Sprioc 2: Timpeallacht fhisiciúil shlán agus shábháilte a sholáthar a fhreastalaíonn
ar riachtanais Phobal na Parlaiminte
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
63
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
Fógra maidir le Charity Sermon, dar dáta Eanáir 1791
Péire bróga leathair
Boscaí sliogán a fágadh idir giarsaí clár urláir, a úsáideadh
mar ábhar fuaimdhíonta
Grianghraif le caoinchead ó Oifig na nOibreacha Poiblí.
Tá caomhnú déanta ar Theach Laighean Seoirseach
don ghlúin amach anseo de chomhaltaí agus do na
mílte cuairteoir go dtí Teach Laighean gach bliain a
bhuíochas leis an obair fhairsing athchóirithe a
rinneadh. Thit sraith deirí seachtaine oscailte amach
in 2019 lena cheadú don phobal athchóiriú agus
caomhnú a bParlaiminte Náisiúnta a fheiceáil.
Rinne Oireachtas TV clár faisnéise dhá chuid, The
Restoration of Historic Leinster House a léiriú agus a
chraoladh. Tá an clár faisnéise ar fáil lena fheiceáil ar
láithreán gréasáin Oireachtas.ie agus tá eolas breise
faoi na hoibreacha caomhnaithe agus athchóirithe ar
Theach Laighean Seoirseach ar fáil ag:
www.oireachtas.ie/en/visit-and-learn/history-
and-buildings/conservation-and-restoration/
Tá an tOireachtas tiomanta d’ionad oibre a chinntiú
atá sábháilte, slán agus inbhuanaithe a chinntiú a
fhreastalaíonn ar riachtanais phobal na Parlaiminte. I
ndiaidh gur críochnaíodh an tionscadal athchóirithe,
tá an tSeirbhís ag díriú anois ar fhorbairt agus cur i
bhfeidhm, i gcomhoibriú le OOP, ar Straitéis
Cóiríochta agus Athchóirithe d’Fhoirgnimh
an Oireachtais.
Tá brúnna leanúnacha ar an gcóiríocht theoranta
atá ar fáil laistigh de choimpléasc Theach Laighean.
Tá an gá láithreach atá le spás oifige breise mar
thoradh ar an méadú atá tagtha ar leibhéil soláthair
foirne chun tacú leis an gclár athchóirithe
pharlaimintigh agus eagraíochta. Oibríonn foirne
OOP ar an láthair go dlúth le Rannóg an Mhaoirseora,
an tAonad Bainistíochta Saoráidí agus leis an Aonad
TFC chun coimpléasc foirgneamh Theach Laighean a
chothabháil agus chun feabhas a chur ar na saoráidí
a chuirtear ar fáil.
Sprioc 2: Timpeallacht fhisiciúil shlán agus shábháilte a sholáthar a fhreastalaíonn
ar riachtanais Phobal na Parlaiminte
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
64
Coimisiún Thithe an Oireachtais
Tá dualgas ar Choiste Straitéiseach Oscailteachta,
Rannpháirtíocht an Phobail agus Forbartha Campais
(TRPF) an Bhoird Bhainistíochta chun forbairt agus
scóipeáil saoráidí nua Campais atá oiriúnach don
fheidhm a stiúradh.
Tá freagracht ar Rannóg an Mhaoirseora as prótacal
agus slándáil a bhainistiú, grinnfhiosrúchán an
Gharda Síochána, an córas leictreonach paschártaí,
rochtain cuairteoirí ar na Tithe agus sábháilteacht
agus sláinte iad siúd go léir a chosaint a oibríonn i
dTeach Laighean agus a thugann cuairt air ina measc
sin. Cuireann an Rannóg tacaíocht agus slándáil
oibríochtúil ar fáil do shuíonna na dTithe agus
Choistí an Oireachtais, lena n-áirítear cruinnithe
parlaiminte ardleibhéil.
In ainneoin an tsriain rochtana mar gheall ar an
tionscadal athchóirithe, bhí tréchur ard cuairteoirí
ann i rith 2019. Chuir na hUiséirí 2,789 turas ar siúl,
inar ghlac 41,610 cuairteoir páirt. Sholáthair Rannóg
an Mhaoirseora agus an tAonad Bainistíochta
Saoráidí tacaíocht slándála, phrótacail agus
lóistíochtúil ar fáil d’imeachtaí oifigiúla a cuireadh ar
siúl sna Tithe, Comhshuí speisialta Comórtha Céad
Bliain na dTithe i dTeach an Ard-Mhéara an 21 Eanáir
2019 agus imeachtaí comórtha Dáil 100 a cuireadh ar
bun i gcoimpléasc Theach Laighean i rith 2019 ina
measc.
Chas an Coiste Sláinte agus Sábháilteachta le
chéile gach ráithe chun saincheisteanna sláinte
agus sábháilteachta a phlé, chun dul i mbun beart
agus chun gníomhú mar fhóram cumarsáide do gach
geallsealbhóir. Críochnaíodh an tIniúchadh Bliantúil
ar Shláinte agus Sábháilteacht. Chuir an tSeirbhís tús
le hathbhreithniú ar an Ráiteas Beartais Sláinte agus
Sábháilteachta agus le measúnuithe priacal Sláinte
agus Sábháilteachta. Díríonn an bhainistíocht priacal
ceirde go príomha ar shláinte agus sábháilteacht,
cosc a chur ar dhíobháil a dhéanamh do dhaoine
agus díobháil a dhéanamh do réadmhaoin.
Rinne Oifigigh Sheirbhíse, Teileafónaithe, Póirtéirí
Parlaiminte, Stórais Pháipéarachais agus Glantóirí
faoi chonradh ar an láthair de chuid an Oireachtais
reáchtáil na dTithe gan fhadhbanna a bhuíochas leis
na seirbhísí bunriachtanacha a sholáthair siad do
chomhaltaí agus don fhoireann chun a chumasú
dóibh a gcuid oibre a dhéanamh ar mhodh
éifeachtach sábháilte.
Cuireann na Seirbhísí Beáir agus Lónadóireachta
seirbhísí ardchaighdeáin bia agus dí intí ar fáil do
chomhaltaí, comhaltaí foirne, foireann Seirbhíse,
conraitheoirí, agus cuairteoirí i measc na gcúig
ionad i gcoimpléasc Theach Laighean. D’éascaigh an
fhoireann Seirbhísí Lónadóireachta roinnt imeachtaí i
gcaitheamh 2019, ar nós chomóradh leanas Dáil 100
agus Lá na hEorpa. Cuireadh lónadóireacht ar fáil
freisin do thoscaireachtaí ar cuairt ó Mharacó, an tSín
agus Peiriú, anuas ar chuairteoirí, Cainteoir Teach na
nIonadaithe, na Stáit Aontaithe, Nancy Pelosi; Rí Carl
XVI Gustaf agus Banríon Silvia na Sualainne, agus Rí
Willem-Alexander agus Banríon Máxima na hÍsiltíre
ina measc. Lean Seirbhísí do Chomhaltaí
(Lónadóireacht) le hinbhuanaitheacht a chur chun
cinn trí dheiseanna athchúrsála a mhéadú, deireadh
a chur le plaisteach aonúsáide agus custaiméirí a
spreagadh chun aistriú go dtí cupáin ath-inúsáidte
a úsáid. Cuireadh clár conarthaí soláthair bia agus
dí i bhfeidhm, agus nuashonraíodh an trealamh
lónadóireachta. Tugadh isteach na socruithe
creidmheasa nua a cheadaigh an Coimisiún i
leith lucht úsáide na seirbhísí lónadóireachta agus
rinneadh iad a chur ní b’fhairsinge i rith na bliana.
Sprioc 2: Timpeallacht fhisiciúil shlán agus shábháilte a sholáthar a fhreastalaíonn
ar riachtanais Phobal na Parlaiminte
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
65
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
Bhunaigh Seirbhísí Acmhainní Daonna an Grúpa
Oibre Sláinte agus Folláine agus é ina chuspóir
chun an fhoireann a thabhairt le chéile chun cur
le Tionscnamh Sláinte agus Folláine. Sholáthair
an grúpa féilire imeachtaí agus gníomhaíochtaí
don bhliain 2019 chun sláinte agus folláine a chur
chun cinn san ionad oibre, feachtas chun an Scéim
um Rothaíocht chun na hOibre a chur chun cinn,
pacaí féinchúraim don fhoireann, agus seimineáir
ar ghnéithe éagsúla den tsláinte agus den fholláine
ina measc.
Tá Bainistíocht Fuinnimh i dTithe an Oireachtais
bunaithe ar thrí cholún: athrú ar iompar daoine;
foirgnimh a bhainistiú; agus teicneolaíocht a bheith
curtha i gcomhréir leis an Straitéis um Athchóiriú ar
Éifeachtacht Fuinnimh san Earnáil Phoiblí de chuid
Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (ÚFIE).
Glacann Seirbhís an Oireachtais páirt sa scéim
Cumhacht a Bharrfheabhsú ag an Obair de chuid
OOP, agus oibríonn Bainistíocht Saoráidí go dlúth
le OOP chun modhanna a chur i bhfeidhm chun úsáid
fuinnimh a laghdú agus feabhas a chur ar bhailiú
sonraí.
Tuairiscíonn an tSeirbhís le ÚFIÉ gach bliain ar ídiú
fuinnimh agus gníomhaíocht fuinnimh. Soláthraíonn
ÚFIÉ tuarascáil gach bliain maidir le Táscairí
Feidhmíochta Fuinnimh agus maidir leis an dul
chun cinn atá déanta ó thaobh sprioc eagraíochta
na seirbhíse poiblí a bhaint amach chun éifeachtacht
fuinnimh a fheabhsú 33% faoin mbliain 2020. Tugtar
le fios i dTuarascáil Bhliantúil 2019 ÚFIÉ ar an Earnáil
Phoiblí gur úsáid Seirbhís Thithe an Oireachtais
(Príomhúsáid) 13.1 GWh d’fhuinneamh sa bhliain
2018. Thug na táscairí feidhmíochta, ar an iomlán,
feabhsú suntasach i gcomparáid le bianta
roimhe seo.
Tugadh faoi Athbhreithniú Éifeachtúlachta ar Úsáid
Fuinnimh i rith 2019. Thug an t-athbhreithniú seo
le fios go ndearnadh feabhsúcháin shuntasacha
ar úsáid fuinnimh i dTithe an Oireachtais agus
dearbhaítear go bhfuil bainistíocht fuinnimh dírithe
ar inbhuanaitheacht fhadtéarmach agus go bhfuil sé
dírithe ar chultúr feasachta ar fhuinneamh a chruthú.
Bhí moltaí san áireamh sa tuarascáil chun tacú le
pleanáil agus riarachán bainistíochta fuinnimh.
Leanann an tSeirbhís ag oibriú le OOP
chun gníomhartha bainistíochta fuinnimh,
bainistíochta dramhaíola agus
inbhuanaitheachta a chur i bhfeidhm.
Sprioc 2: Timpeallacht fhisiciúil shlán agus shábháilte a sholáthar a fhreastalaíonn
ar riachtanais Phobal na Parlaiminte
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
66
Coimisiún Thithe an Oireachtais
TORADH STRAITÉISE 4: SPRIOC 3
Cultúr dínite agus measa, éagsúlachta agus ionchuimsithe a chothú
Tá Coimisiún Thithe an Oireachtais tiomanta do
chinntiú go dtugtar tús áite do shábháilteacht agus
comhionannas i measc ár luachanna, agus nach
nglacfar le haon fhoirm de bulaíocht agus ciapadh
gnéasach. Chomhaontaigh an Coimisiún chun
glacadh le caighdeáin choiteanna chun a chinntiú
gur le dínit agus le meas a chaitear le gach duine
a oibríonn i dTithe an Oireachtais.
Foilsíodh Ráiteas Prionsabal agus Beartais i leith
Dínite agus Urraime an Choimisiúin i Márta 2019, i
ndiaidh próiseas comhairliúcháin. Thug na páirtithe
agus na grúpaí polaitíochta agus ionadaithe foirne
tacaíocht fhairsing don Ráiteas, agus chuir Fóram
Dínite agus Urraime na gComhaltaí, Fóram Riarthóirí
na bPáirtithe/Chomhordaitheoirí na nGrúpaí agus
Cácas na mBan leis freisin.
Leagtar amach sa Ráiteas caighdeáin choiteanna
urraime, dínite, sábháilteachta agus chomhionannais
a bhaineann le Pobal na Parlaiminte – comhaltaí na
dTithe, a bhfoireann, foireann na Seirbhíse, intéirnigh
agus siúd ar socrúcháin oibre, anuas ar
chomhfhreagraithe polaitíochta a oibríonn sna Tithe.
Baineann na prionsabail in Ionad Oibre na
Parlaiminte, lena n-áirítear Teach Laighean agus
an limistéar mórthimpeall air, oifigí toghcheantair,
cruinnithe, comhdhálacha, imeachtaí oiliúna, taisteal
oifigiúil, agus ócáidí sóisialta a bhaineann leis an
obair. Cuireann na prionsabail seo leis na caighdeáin
iompair sna cóid iompair agus i ráitis luacha Thithe
an Oireachtais, i measc na bpáirtithe polaitíochta
agus i Seirbhís an Oireachtais.
Tacaíonn an Clár Tacaíochta san Ionad Oibre le cur
i bhfeidhm na Straitéise ina gcuimsítear seirbhísí
idirghabhála agus an Líne Chabhrach Dínite agus
Urraime a sholáthar. I ndiaidh gur seoladh na
Prionsabail agus an Beartas, d’eagraigh an tAonad
Oiliúna agus Forbartha oiliúint don fhoireann.
Faoi cheanglais an Achta um Thús Áite do Leanaí,
2015, d’fhorbair Tithe an Oireachtais Ráiteas um
Chosaint Leanaí, a dtacaíonn Plean Forfheidhmithe
um Chosaint Leanaí a foilsíodh i Márta 2019. Leagtar
amach sa Ráiteas um Chosaint Leanaí roinnt
príomhphrionsabal agus eolais ar ról na nDaoine
Ainmnithe Idirchaidrimh le sábháilteacht agus
folláine leanaí a chinntiú laistigh de choimpléasc
an Oireachtais. Cuimsítear sa Ráiteas freisin na
teagmhálaithe agus na nósanna imeachta chun
buarthaí a thabhairt le fios.
Leagtar amach sa Phlean Forfheidhmithe um
Chosaint Leanaí príomhcheanglais an Achta, lena
n-áirítear grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána a
dhéanamh ar aon chomhalta, aon chomhalta foirne
polaitíochta nó aon chomhalta foirne a lorgaíonn
chun seirbhísí a sholáthar do leanaí. Leanfaidh an
tSeirbhís le faireachán agus athbhreithniú a
dhéanamh ar chur i bhfeidhm an bheartais faoi
mar a shonraítear sa Phlean.
Sprioc 3: Cultúr dínite agus measa, éagsúlachta agus ionchuimsithe a chothú
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
67
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
Tugadh faoi shuirbhé neamhspleách rúnda ar líne ‘an
Suirbhé ar an Ionad Oibre Parlaiminteach’ thar ceann
an Choimisiúin, idir an 25 Márta agus an 15 Aibreán
2019 dóibh siúd a oibríonn i bpobal na parlaiminte.
Baineadh ráta freagartha 37% amach. D’fhreagair
caoga a ceathair faoin gcéad d’fhoireann an
Oireachtais agus 25% de chomhaltaí agus den
fhoireann pholaitíochta. D’fhoilsigh an tOireachtas
torthaí an tsuirbhé i nDeireadh Fómhair 2019.
Tugadh le fios i dtorthaí an tsuirbhé gur bhrath 78%
d’fhreagróirí gurb áit shábháilte le hoibriú ann iad
Tithe an Oireachtais agus bhrath 61% go gcaitear le
meas leo. Cuireann na torthaí ar chumas Thithe an
Oireachtais díriú ar limistéir le haghaidh feabhsú
leanúnach agus oibriú as lámh a chéile chun an
beartas a chur i bhfeidhm.
Tá oibleagáid reachtúil ar chomhlachtaí poiblí faoi
alt 42 den Acht fá Choimisiún na hÉireann um
Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014 aird a
bheith acu, le linn dóibh a gcuid feidhmeanna a
chomhlíonadh, ar an ngá atá ann idirdhealú a
dhíchur, comhionannas deiseanna agus córa do na
daoine dá soláthraíonn siad seirbhísí a chur chun
cinn. Lean an tSeirbhís i gcaitheamh 2019 ag dul i
ngleic le ceisteanna maidir le Comhionannas agus
Cearta Daonna.
Sheol an Coimisiún Clár Oibre agus Foghlama an
Oireachtais (OFO) i Meán Fómhair 2018 mar chlár
píolótach don bhliain acadúil 2018/2019. Cuirtear
timpeallacht shábháilte oibre, foghlama agus
oideachais ar fáil sa chlár do suas le deichniúr
aosach atá faoi mhíchumas intleachta chun tacú lena
bhforbairt agus chun iad a ullmhú don ionad oibre.
Bhain na chéad rannpháirtithe i gClár Oibre agus
Foghlama an Oireachtais (OFO) a gcáilíocht amach an
25 Meán Fómhair 2019 ag searmanas dámhachtainí i
dTeach Laighean. Bhain seachtar de na céimithe
fostaíocht pháirtaimseartha amach i ndiaidh dóibh
páirt a ghlacadh sa chlár; bhain ceathrar fostaíocht
amach le Seirbhís an Oireachtais, bhain beirt díobh
fostaíocht amach leis an tSeirbhís um Cheapacháin
Phoiblí agus bhain duine amháin fostaíocht amach
san earnáil phríobháideach.
Déanann an tSeirbhís agus a eagraíochtaí urraíochta
comhpháirtíochta, KARE agus WALK, faireachán ar
chlár OFO agus faigheann sé tacaíocht ó
Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus ó
Bhord Oideachais agus Oiliúna Chathair Bhaile Átha
Cliath (BOOCBÁC). Is é taithí gach duine gurb
eispéireas an-dearfach atá sa tionscnamh ó thaobh
na rannpháirtithe agus ó thaobh na Seirbhíse de.
I ndiaidh meastóireacht a dhéanamh ar an gclár in
2019, rinne an tSeirbhís idirchaidreamh leis an Roinn
Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe (an RCPA) agus
leis an líonra Bainisteoirí Acmhainní Daonna chun
forbairt an chláir a chur chun cinn sa státseirbhís
níos fairsinge.
Sheol an tSeirbhís a Straitéis Theanga
Chomharthaíochta na hÉireann (TCÉ) 2019-2021 go
foirmiúil an 12 Feabhra 2019. Forbraíodh an Straitéis i
ndiaidh gur bhunaigh Coiste Gnó na Dála Gasra Oibre
um Theanga Chomharthaíochta na hÉireann. Rinne
an Gasra Oibre idirchaidreamh le páirtithe leasmhara
ó Chomhairle Ateangairí Teanga Chomharthaíochta
na hÉireann; Cumann Bodhar na hÉireann; Ionad
Staidéir na mBodhar, agus Chime (tugadh
‘DeafHear’ air roimhe seo); agus le parlaimintí,
ranna rialtais agus oifigí poiblí eile.
Sprioc 3: Cultúr dínite agus measa, éagsúlachta agus ionchuimsithe a chothú
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
68
Coimisiún Thithe an Oireachtais
I measc na moltaí a cuimsíodh sa tuarascáil,
bhí an méid seo a leanas:
�� turais rialta a chur ar siúl do chuairteoirí i
dteanga chomharthaíochta na hÉireann (TCÉ)
�� tacaíochtaí oiliúna a sholáthar don fhoireann
agus do chomhaltaí
�� tacaíocht a sholáthar do dheiseanna socrúcháin
do chomhaltaí an Phobail Bhodhair, agus do mhic
léinn fochéime ateangaireachta
�� leanúint le spriocanna rialacha rochtana
craolacháin a shásamh, saoráidí a fhorbairt
le haghaidh craolacháin agus rochtain TCÉ
a sholáthar ar ábhar cartlannaithe
�� beirt ateangairí TCÉ a earcú chun ateangaireacht
intí a sholáthar a fhreastalaíonn ar riachtanais
na dTithe, na gCoistí, Aonad Craolacháin
an Oireachtais agus imeachtaí eile intí.
An Ceann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl, TD, agus comhaltaí
an Ghasra Oibre um Theanga Chomharthaíochta na
hÉireann ag seoladh na Straitéise um Theanga
Chomharthaíochta na hÉireann, 2019-2021 do na Tithe.
I ndiaidh comórtas earcaíochta a fógraíodh i dtreo
dheireadh 2019, glacfaidh beirt ateangairí TCÉ lena
bpoist in 2020. Dúirt an Ceann Comhairle nuair a
bhí an straitéis á seoladh:
‘Ceadóidh cur i bhfeidhm na Straitéis seo chun
comhionannas níos fearr a bhaint amach trína
chinntiú go bhfuil obair na Parlaiminte á cur in iúl
do dhaoine bodhra agus dóibh siúd a bhfuil moill
éistigh orthu. Tá sé ríthábhachtach gur féidir le baill
den phobal bodhar teacht ar sheirbhísí Stáit ina
dteanga féin. Tá de chuspóir Sheirbhís Thithe an
Oireachtais a bheith ar thús cadhnaíochta maidir le
seirbhísí TCÉ a sholáthar chun barr feabhais a chur ar
chearta agus teidlíochtaí saoránach atá bodhar.’
Fógraíodh comórtas in 2019 chun ról nua Oifigeach
Comhionannais, Éagsúlacht agus Ionchuimsithe
(Oifigeach CÉI) a líonadh don tSeirbhís. Ghlac an
t-iarrthóir rathúil lena bpost nua go luath in 2020.
Ag oibriú le foireann Sheirbhísí Acmhainní Daonna,
cuirfidh an tOifigeach CÉI obair na Seirbhíse chun
cinn maidir le heagraíocht ionchuimsitheach a
fhorbairt agus lucht saothair éagsúil a chruthú trí
chlár gníomhartha. Príomh-shainchúram is ea oibriú
le príomhpháirtithe leasmhara chun Straitéis
Comhionannais, Éagsúlachta agus Ionchuimsithe
a fhorbairt chun an cuspóir eagraíochta ag oibriú
straitéiseach a bhaint amach chun éagsúlacht ag
oibriú ionchuimsiú níos fearr san ionad oibre a
bhaint amach.
Cuireadh Bratach an Mhórtais ar foluain ag Teach
Laighean an 27 Meitheamh 2019 chun ceiliúradh
a dhéanamh ar bhuaicphointe fhéile an Mhórtais a
bhí ar bun ar fud na tíre a bhí ar siúl i gcomhthráth
le grúpa LADT+ (LGBT+) a bhunú laistigh den Thithe
an Oireachtais.
Sprioc 3: Cultúr dínite agus measa, éagsúlachta agus ionchuimsithe a chothú
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
69
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
TORADH STRAITÉISE 4: SPRIOC 4
Seirbhísí ardchaighdeáin a sholáthar dár gcustaiméirí go léir
Chun tacú le hobair na dTithe, tá an tSeirbhís tiomanta
don chaighdeán is airde de sheirbhís a sholáthar dár
gcustaiméirí. Soláthraítear an chomhairle agus na
seirbhísí tacaíochta do Chomhaltaí na dTithe a bhíonn
de dhíth orthu chun cur ar a gcumas na dualgais
pharlaiminteacha atá orthu agus na dualgais atá orthu
mar ionadaithe poiblí a chomhlíonadh go héifeachtúil
agus go héifeachtach. Tá an gealltanas seo ar aon dul
lenár bhfís chun Oireachtas a Oibríonn don Phobal a
bhaint amach.
Rinne an tSeirbhís athbhreithniú agus nuashonrú
i rith 2019 ar a Cairt Chustaiméirí agus Plean
Gníomhaíochta Custaiméirí atá ailínithe leis an bPlean
Straitéiseach 2019-2021. Dréachtaíodh an Chairt agus
Plean Gníomhaíochta nuashonraithe i gcomhréir leis
na Treoirlínte maidir le Seirbhís Ardchaighdeáin do
Chustaiméirí a d’eisigh an RCPA i mí na Nollag 2018.
Leagtar amach i gCairt Chustaiméirí agus
Plean Gníomhaíochta Custaiméirí na Seirbhíse
ár ngealltanais maidir le soláthar seirbhíse do
chustaiméirí ar bhealach oibiachtúil, oscailte agus
cuntasach agus tugtar cuntas ann ar an gcaighdeán
seirbhíse ar féidir le húsáideoirí súil a bheith lena fháil.
Tá de chuspóir ag Seirbhís Thithe an Oireachtais
seirbhísí a sholáthar atá dírithe ar an gcustaiméir,
atá inrochtana agus ionchuimsitheach agus a
mbuntacaíonn na luachanna eagraíochta leo a
leagtar amach i gCód Caighdeán agus Iompair
na Státseirbhíse.
Tá oiliúint seirbhíse do chustaiméirí d’fhoireann go
léir na Seirbhíse ag tacú leis an gCairt Chustaiméirí
agus an Plean Gníomhaíochta Custaiméirí
nuashonraithe a cheadaigh an Bord Bainistíochta.
D’fhoilsigh Seirbhísí Acmhainní Daonna Lámhleabhar
Foirne nuashonraithe a sholáthraíonn eolas don
fhoireann nua agus reatha ar bheartais fostaíochta
agus deiseanna foghlama agus forbartha na Seirbhíse
chun tacú le tuiscint ar an méid a mbíonn súil ag an
tSeirbhís leis ó fhostaithe, agus an méid ar féidir le
fostaithe súil a bheith leis ó Sheirbhís Thithe an
Oireachtais.
Tá córas líonraí foirne ag an tSeirbhís ar leibhéil ghráid
éagsúla a dtacaíonn Seirbhísí Acmhainní Daonna leis.
Éascaíonn na líonraí cumarsáid inmheánach a
dhéanamh agus faisnéis a roinnt; eagraíonn siad
cainteanna ar ábhair a thacaíonn leis an bhfoireann;
agus músclaíonn siad feasacht ar bheartais agus
straitéisí nua nó nuashonraithe. Cuireann an tArd-
Rúnaí seisiúin faisnéise ar siúl freisin don fhoireann
maidir le príomhthionscnaimh na Seirbhíse.
Cuirtear Lámhleabhar maidir le Faisnéis Ghinearálta
do Chomhaltaí ar fáil do chomhaltaí an Oireachtais ina
gcuimsítear faisnéis faoi na seirbhísí atá ar fáil chun
cabhrú leo, agus lena bhfoireann, ina gcuid obair
pharlaiminteach.
Uirlis luachmhar é an t-inlíon, ‘An Tairseach’ don
tSeirbhís a d’fheabhsaigh cumarsáid inmheánach;
a cheadaíonn do chomhaltaí agus don fhoireann chun
faisnéis a aimsiú go tapa; a sholáthraíonn soiléireacht
níos fearr faoi obair na Seirbhíse agus a spreagann
faisnéis a roinnt. D’fhorbair an tSeirbhís é seo i
gcomhoibriú le OPOFR, agus seoladh é i Meán
Fómhair 2019. Cuireann sé nuacht thráthúil; faisnéis
faoi imeachtaí a bheidh ag teacht aníos; eolaire
corparáideach; bunachair eolais na limistéir ghnó; na
heisiúintí meán is déanaí; agus ábhar taispeáintí go
díreach ó Fhotha Twitter an Oireachtais ar fáil.
Sprioc 4: Seirbhísí ardchaighdeáin a sholáthar dár gcustaiméirí go léir
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
70
Coimisiún Thithe an Oireachtais
TORADH STRAITÉISE 4: SPRIOC 5
Ardchaighdeáin de rialachas corparáideach a chinntiú
In 2019, d’fhoilsigh an tSeirbhís a Plean
Straitéiseach don tréimhse 2019-2021. €422 milliún
é buiséad trí bliana an Choimisiúin don tréimhse
2019-2021. Áirítear leis soláthar le haghaidh costais
a bhaineann le holltoghchán; maoiniú a bheidh mar
thaca le comhdhlúthú agus cur chun cinn an chláir
um athleasú na parlaiminte agus na heagraíochta;
agus maoiniú le haghaidh infheistíocht athnuaite
sa teicneolaíocht faisnéise.
Dúirt an tArd-Rúnaí ina bhrollach leis an
bPlean Straitéiseach an méid seo a leanas:
‘De réir mar a dhruideann Dáil Éireann a bheith ar an
bhfód le 200 bliain anuas linn, príomhdhúshlán atá
roimh an tSeirbhís is ea leanúint le croísheirbhísí
parlaiminteacha a sholáthar go héifeachtúil agus go
héifeachtach laistigh de na hacmhainní atá ar fáil, agus
dul in oiriúint i gcomhthráth d’athruithe suntasacha
polaitiúla, sóisialta, geilleagracha agus teicniúla. Is í an
fhís don Phlean Straitéiseach 2019-2021 seo ná bheith
mar ‘Oireachtas a Oibríonn don Phobal’.
Chun an fhís seo a bhaint amach, leag an tSeirbhís
ceithre chuspóir amach, is é sin, bheith mar:
�� Parlaimint Éifeachtach
�� Parlaimint Oscailte agus Ghafa
�� Parlaimint Dhigiteach
�� Pobal Parlaiminteach a dTacaítear go Tréan leis
Ceapadh Creat Rialachais Chorparáidigh na
Seirbhíse chun tacaíocht a thabhairt i ndáil leis
na spriocanna straitéiseacha, mar atá siad leagtha
amach sa Phlean Straitéiseach, a bhaint amach, agus
chun oibleagáidí reachtúla agus neamhreachtúla an
Choimisiúin a chomhlíonadh.
Thionóil an Coimisiún 15 chruinniú, lena
n-áirítear dhá chruinniú neamhchorpracha i rith 2019.
D’fhreastail oifigigh shinsearacha ar chruinnithe chun
faisnéis a chur ar fáil agus ceisteanna a fhreagairt
maidir le beartais, cláir, agus nithe straitéiseacha
iomchuí eile sa tSeirbhís a chur i ngníomh. Tá
míreanna a bhreithnigh an Coimisiún le linn dó a
chlár oibre a chur i ngníomh in 2019 leagtha amach
ar leathanach 15 sa tuarascáil seo.
Rinne an Coimisiún a Thuarascáil Bhliantúil
don bhliain 2018, lena n-áirítear cuntais bhliantúla
iniúchta an Choimisiúin, a thíolacadh do Thithe
an Oireachtais de réir alt 6(4) d’Achtanna an
Choimisiúin. Chomh maith leis sin, rinne an
Coimisiún ráiteas bliantúil faoi mheastacháin don
bhliain 2019 a thíolacadh don Dáil ar mhaithe lena
thabhairt dá haire mar thairiscint, de réir alt 13
d’Achtanna an Choimisiúin.
Bhí cúig chruinniú ag Coiste Airgeadais an
Choimisiúin agus bhreithnigh sé tuarascálacha
ráithiúla airgeadais agus feidhmíochta agus an
dréacht-Ráiteas faoi Mheastacháin don bhliain 2019.
Tháinig Bord Bainistíochta na Seirbhíse le chéile
20 uair i rith 2019, agus tionóladh ceithre chruinniú
neamhchorpracha agus dhá chruinniú as an láthair.
Dhírigh na cruinnithe a tionóladh as an láthair go
sonrach ar an méid seo a leanas:
�� Cuspóirí agus Spriocanna Straitéiseacha
don tréimhse 2019-2021
�� Na Rialacháin Ghinearálta um Chosaint Sonraí
(an RGCS) a chomhlíonadh
�� Acmhainn Eolais Nós Imeachta
�� An Tuarascáil ar Athbhreithniú Acmhainne
ar Oifig an tSeanaid
�� An Beartas Náisiúnta Cibearshlándála
agus an Beartas Idirlín, agus
�� Éagsúlacht, Comhionannas agus Ionchuimsiú.
Sprioc 5: Ardchaighdeáin de rialachas corparáideach a chinntiú
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
71
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
Fíor 13: Rialachas Sheirbhís Thithe an Oireachtais Cruinnithe in 2019
An Coiste Iniúchóreachta
An Coimisiún
Bord Bainistíochta
Coiste Airgeadais an Choimisiúin
15
4
20
5
Cabhraíonn Coistí Straitéiseacha leis an mBord
Bainistíochta chun a obair a dhéanamh. Is é cuspóir
na gCoistí Straitéiseacha a chinntiú go mbeidh cur
chuige comhordaithe ann i leith saincheisteanna
straitéiseacha agus oibriúcháin inar gá plé le roinnt
rannóga éagsúla. Tá Rúnaí Cúnta nó duine a ainmníonn
an tArd-Rúnaí mar chathaoirleach ar gach Coiste, agus
tacaíonn Príomhoifigigh leo. Faigheann an Bord
Bainistíochta nuashonrú ó bhéal ó gach Rúnaí Cúnta
ag a chruinnithe míosúla agus déanann sé breithniú
ar thuarascálacha i scríbhinn ar bhonn ráithiúil.
Seo a leanas Coistí Straitéiseacha an Bhoird
Bhainistíochta:
1) Rialachas, Feidhmíocht agus Cuntasacht (RFC)
2) Oscailteacht, Rannpháirtíocht an Phobail, agus
Forbairt Campais (ORPF), ar tugadh Saoráidí
agus Rannpháirtíocht (SR) air roimhe seo)
3) Daoine agus an Eagraíocht (DE)
4) Teicneolaíocht agus Claochlú Digiteach (TCD)
5) Coiste Stiúrtha 2024 Rannóg.
Thionóil Coistí Straitéiseacha an Bhoird 38 cruinniú
i rith 2019.
Tacaíonn Oifig an Choimisiúin agus an Ard-Rúnaí
(OCAR) tacaíocht d’obair Choiste Airgeadais, Choiste
Iniúchóireachta agus Bhord Bainistíochta Choimisiún
Thithe an Oireachtais. Tá an Oifig freagrach chomh
maith as an gcreat rialachais chorparáidigh don
tSeirbhís, as seirbhís do chustaiméirí, as comhordú a
dhéanamh ar phleananna straitéiseacha trí bliana na
Seirbhíse, agus as athbhreithniú agus tuairisciú
feidhmíochta a dhéanamh. Is é Ceann OCAR
Príomhoifigeach Priacal (POP) agus Ceann
Iniúchóireachta na Seirbhíse.
Tá Straitéis Bainistíochta Priacal agus cleachtais na
Seirbhíse faoi threoir na Treoirlínte maidir le Bainistiú
Priacal do Ranna agus d’Oifigí Rialtais de chuid na
Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe (an
RCPA). Bhunaigh an Bord Bainistíochta ról
Príomhoifigeach Priacal (POP) don tSeirbhís i rith 2019.
Is í sprioc fhoriomlán straitéis bainistíochta priacal
Sheirbhís Thithe an Oireachtais an méid seo a leanas
a chinntiú:
�� cuireann gach gníomhaíochta bainistíochta priacal
le cuspóirí na Seirbhíse a bhaint amach;
Agus go ndéanann an straitéis priacal an méid
seo a leanas:
�� ailíniú le creat rialachais chorparáidigh
na Seirbhíse; agus
�� go gcuireann sé cur chuige agus ionchais na
Seirbhíse in iúl maidir le priacal a bhainistiú
ar fud na heagraíochta.
Thit athbhreithniú ar Chreat Rialachais agus
Bainistíochta Priacal na Seirbhíse amach in 2019
agus foilseofar é in 2020.
Ghlac foireann na Seirbhíse páirt freisin i nGasra
Oibre Ríomhphriacal in OPOFR, áit a bhfuil na
céimeanna deiridh forbartha bainte amach ag córas
iarratas láraithe maidir le Priacal agus ina gcuirfear tús
le triail phíolótach den chóras go luath in 2020.
Sprioc 5: Ardchaighdeáin de rialachas corparáideach a chinntiú
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
72
Coimisiún Thithe an Oireachtais
Tháinig an Coiste Iniúchóireachta le chéile ceithre
huaire i rith 2019.
Is é ról an Choiste Iniúchóireachta a chinntiú go
bhfuil socruithe éifeachtacha i bhfeidhm le haghaidh
rialachais, iniúchóireachta agus bainistíocht priacal.
Déanann an Coiste an méid seo a leanas:
�� comhairle a chur ar an Ard-Rúnaí maidir le
ceisteanna airgeadais a bhaineann lena fheidhm;
�� comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir le
rialachas corparáideach a bhaineann lena fheidhm
agus tuairisciú leis an gCoimisiún i scríbhinn ar a
laghad uair sa bhliain maidir lena ghníomhaíochtaí
sa bhliain roimhe sin;
�� breithniú ar thuarascálacha ar chur i ngníomh
moltaí a eascraíonn as tuarascálacha
Iniúchóireachta Inmheánaí, agus athbhreithniú ar
obair na feidhme Iniúchóireachta Inmheánaí; agus
�� breithniú ar thuarascálacha ar Phriacal a theacht i
gcrích.
Tá a Thuarascáil Bhliantúil don bhliain 2019 leagtha
amach in Aguisín III.
Rannchuidíonn feidhm na hIniúchóireachta Inmheánaí
le formhaoirseacht agus cuntasacht na Seirbhíse.
Is é cuspóir an Aonaid Iniúchóireachta Inmheánaí
deimhniú neamhspleách a thabhairt don Ard-Rúnaí,
mar Phríomhfheidhmeannach agus Oifigeach
Cuntasaíochta an Choimisiúin agus Ceannasaí na
Seirbhíse, maidir le leordhóthanacht agus éifeachtacht
na gcóras rialaithe inmheánaigh sa tSeirbhís agus
moltaí a dhéanamh i dtaobh feabhsúchán, de réir
mar is cuí. Tuairiscíonn Ceannasaí na hIniúchóireachta
Inmheánaí go díreach don Ard-Rúnaí. Glacann an
tAonad Iniúchóireachta Inmheánaí páirt i bhFóram
na gCeannasaithe Iniúchóireachta Inmheánaí (Líonra
Iniúchóireachta Inmheánaí Státseirbhíse) agus i
ngrúpa de Cheannasaithe Iniúchóireachta Inmheánaí
ar Pharlaimintí agus Tionóil in Éirinn agus sa Ríocht
Aontaithe. Chuir an tAonad Iniúchóireachta Inmheánaí
trí thuarascáil iniúchóireachta inmheánaí
i láthair i rith 2019.
Ullmhaíodh Measúnú Fiúntais Seachtrach (MFS)
ar Iniúchóireacht Inmheánach don Choimisiún i
Meitheamh 2019 agus cuireadh faoi bhráid an Choiste
Iniúchóireachta é. Coimisiúnaíodh an MFS ar an
tseirbhís iniúchóireachta inmheánaí mar chuid de
phróiseas feabhsúcháin leanúnaigh agus lena
dheimhniú a mhéid a chomhlíonann an tSeirbhís na
Caighdeáin Iniúchóireachta Inmheánaí. Chomhaontaigh
an Coiste Iniúchóireachta leis an tuarascáil agus ghlac
sé lena moltaí le haghaidh cur i bhfeidhm.
Cuireann an tAonad Airgeadais, atá faoi stiúir
Príomhoifigeach Airgeadais (POA) a earcaíodh
in 2019, comhairle, faisnéis agus anailís ó thaobh
cúrsaí airgeadais de ar fáil don Ard-Rúnaí, don Bhord
Bainistíochta, don Choimisiún agus do na rannóga líne.
Ba é toradh an Choimisiúin don bhliain 2019 €127m
agus rinneadh bainistiú air trí bhuiséadú, faireachán,
agus tuairisciú éifeachtach. Phróiseáil an tAonad breis
agus 5,700 sonrasc le haghaidh earraí agus seirbhísí.
Déantar cuntais iniúchta an Choimisiúin a thíolacadh
ar leathanach 75 den tuarascáil seo. Tháinig an
tArd-Rúnaí i láthair an Choiste um Chuntais Phoiblí (an
CCP) an 11 Iúil 2019 maidir le Cuntas Leithreasa 2018
Choimisiún Thithe an Oireachtais agus an 12 Nollaig
2019 maidir le ceisteanna gaolmhara.
Lean an tAonad Sainfhála de thacaíocht a chur ar fáil
d’aonaid ghnó agus earraí agus seirbhísí á sainfháil
agus bainistiú leanúnach á dhéanamh ar chonarthaí.
Thug an tSeirbhís faoi 36 próiseas sainfhála i rith 2019,
Iarrataí ar Thairiscintí (IATanna), Iarrataí ar Luachana
(IALanna); Creataí agus Cleachtaí Braite Margaidh de
chuid na hOifige um Sholáthar Rialtais (an OSR).
Sholáthair an tAonad Sainfhála cúrsaí oiliúna intí
do 24 comhalta foirne a bhí ag tabhairt faoi phróisis
sainfhála agus bainistíocht conartha.
Fíor 14: Bainistiú Sainfhála Poiblí, 2019
Sprioc 5: Ardchaighdeáin de rialachas corparáideach a chinntiú
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
73
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
1
Cleachtaí BraiteMargaidh
Creat-chomhaontuithe:
Comhaontuithe Díreacha
Íostarraingthe/Cealaithe
Creat-chomhaontuithe
(Ibatanna):
Iarraidh ar Luachana
Tairiscintí Náisiúnta
Tairiscintí Tairsí an Ae
0 2 4 6 8 10 12 14 16 18
7
6
3
2
1
17
Déanann Coiste Conarthaí Coiste (CCO) an
Oireachtais athbhreithnithe ar chonarthaí a sháraíonn
luachanna sonraithe nuair a bheartaítear ar
chúiseanna eisceachtúla gan próiseas iomaíoch a
chur ar bun; nuair nach bhfuarthas ach tairiscint
amháin mar fhreagairt d’fhógra nó cuireadh chun
tairisceana, nó nuair a bheartaítear gan glacadh leis
an tairiscint is ísle praghais. Chas an Coiste deich
n-uaire i rith 2019 chun breithniú a dhéanamh ar 17
n-aighneacht. Cuireadh tuarascáil bhliantúil CCO faoi
bhráid an Bhoird.
Rinne an tSeirbhís athbhreithniú agus nuashonrú
ar a Creat Measúnaithe Feidhmíochta atá ailínithe
leis an bPlean Straitéiseach don tréimhse 2019-2021.
Cuirtear tuarascáil ráithiúil ar phríomhbearta
parlaiminteacha agus oibríochtúla na Seirbhíse
faoi bhráid an Bhoird Bhainistíochta. Rinne an Bord
Bainistíochta breithniú freisin ar dhá thuarascáil ar
athbhreithnithe a rinneadh faoi Chlár Measúnaithe
Éifeachtúlachta na Seirbhíse.
Tá ról ag an tSeirbhís Leabharlainne agus Taighde
(an SLaT) maidir le faisnéis chorparáideach a
bhainistiú agus is í an tSeirbhís atá freagrach as
saoráil faisnéise, cosaint sonraí agus bainistíocht
ar thaifid.
Ghlac an Bord Bainistíochta i rith 2019 le creat
nuashonraithe chun iarrataí SF a bhainistiú. Oibrínn
an tSeirbhís samhail láraithe chomhordaithe agus
samhail dhíláraithe chinnteoireachta d’iarrataí SF.
Chuir an tAonad Oiliúna agus an tAonad Bainistithe
Taifead (an ABT) oiliúint SF ar chinnteoirí agus
Príomhoifigigh. Tháinig méadú suntasach ar an líon
iarrataí SF a fuarthas in 2019. Fuair an tSeirbhís 272
iarraidh SF, aníos ó 167 iarraidh in 2018.
Is é bunachar sonraí ríomh-SF na Seirbhíse an
taisclann lárnach do cháipéisíocht SF agus tá fáil
air ag gach cinnteoir agus Príomhoifigeach.
Tábla 9: An tAonad Bainistithe Taifead 2019 2018
Líon na n-iarrataí SF a fuarthas 272 167
Neamhphearsanta 261 164
Pearsanta 10 2
Measctha 1 1
Rinne an ABF, ag oibriú go dlúth le hOifig na
gComhairleoirí Dlí Parlaiminte (OCDP), beartais reatha
um chosaint sonraí agus nósanna imeachta reatha
sáraithe na Seirbhíse a nuashonrú. Áirítear leis seo na
rialacha a leagtar síos sa Rialachán Ginearálta um
Chosaint Sonraí (an RGCS) a bunaíodh ar fud an AE in
2018, agus bearta agus beartais a cuireadh i bhfeidhm
chun an RGCS a chomhlíonadh. Áirítear leis an tsraith
nuashonraithe cáipéisí (i) an Beartas um Chosaint
Sonraí, (ii) Nósanna Imeachta Sáraithe, (iii) An Rialachas
um Chosaint Sonraí, agus (iv) an Fógra Príobháideachais
d’fhoireann na Seirbhíse. Tugtar sonraí san fhógra
príobháideachais faoin bpróiseáil a dhéantar maidir
le sonraí pearsanta fhoireann na Seirbhíse.
I ndiaidh gur foilsíodh an beartas nuashonraithe an
1 Lúnasa 2019, tugadh Oiliúint Feasachta ar Chosaint
Sonraí isteach i measc na Bainistíochta agus na
foirne go léir.
Rinne an ABT bainistiú i rith 2019 ar shé Phróiseas um
Chosaint Sonraí agus 17 nIarraidh Rochtana Cosanta
Sonraí ó Ábhair (IRÁanna).
Sprioc 5: Ardchaighdeáin de rialachas corparáideach a chinntiú
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
74
Coimisiún Thithe an Oireachtais
Cuireadh cistiú €422.3 milliún ar fáil faoin Acht um Choimisiún Thithe an Oireachtais (Leasú), 2018, chun íoc as
na costais a bhain le Tithe an Oireachtais a reáchtáil don tréimhse trí bliana ó 2019 go 2021. Tugtar achoimre sa
tábla thíos ar an staid airgeadais go dtí seo (Aibreán 2020).
Catagóir
2019Toradh
€000
2020Meastachán
Foilsithe€000
2021Tuar
€000
Dháil Éireann 44,477 51,041 48,601
Seanad Éireann 9,113 10,303 9,886
Coistí an Oireachtais 121 428 428
Parlaimint na hEorpa 771 733 744
Pinsin agus Iomarcaíocht 13,152 19,625 15,241
Riarachán – pá agus pinsin 32,606 36,335 37,043
Riarachán – neamhphá 26,739 33,438 31,446
IOMLÁN €126,979 €151,903 €143,389
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
75
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
Feidhmíocht Airgeadais le linn thréimhse Chreat Buiséid Trí Bliana an Choimisiúin, 2019-2021
Clár Ábhar
Réamhrá 77
An Ráiteas ar Bheartais agus ar Phrionsabail Chuntasaíochta 77
An Ráiteas ar Rialú Airgeadais Inmheánach 78
Beartais agus Prionsabail Chuntasaíochta 82
Deimhniú ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste 87
Coimisiún Thithe an Oireachtais – An Cuntas Leithreasa, 2019 90
Na Nótaí a ghabhann leis an gCuntas Leithreasa 92
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
76
Coimisiún Thithe an Oireachtais
Cuntas Leithreasa Choimisiún Thithe an Oireachtais 2019
Cuntais Choimisiún Thithe an Oireachtais don Tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2019
(arna gcoimeád de réir na nAchtanna um Choimisiún Thithe an Oireachtais, 2003-2018)
Réamhrá
Mar Oifigeach Cuntasaíochta do Choimisiún Thithe
an Oireachtais (“an Coimisiún”) ceanglaítear orm
an Cuntas Leithreasa a ullmhú gach bliain agus an
cuntas sin a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire
Cuntas agus Ciste lena iniúchadh.
De réir an cheanglais sin, d’ullmhaigh mé an cuntas
atá ag gabháil leis seo ar an méid a caitheadh sa
bhliain dar críoch 31 Nollaig 2019 i gcomhair
thuarastail agus chaiteachais an Choimisiúin, lena
n-áirítear deontais i gcabhair áirithe, agus i gcomhair
caiteachais áirithe i dtaca le Parlaimint na hEorpa.
Cuirtear an toradh ar chaiteachas i gcomparáid leis
an ráiteas faoi mheastacháin, a d’ullmhaigh agus
a d’fhoilsigh an Coimisiún i gcomhréir leis na
hAchtanna um Choimisiún Thithe an Oireachtais,
2003-2018 (“na hAchtanna”), ar an méid airgid a
theastaíonn ón gCoimisiún maidir le caiteachas
leanúnach don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2019.
Bhí barrachas €21,441,059 ann don bhliain a
bhfuiltear tar éis é a thabhairt anonn. Rinneadh
soláthar d’Olltoghchán in 2019 nár tharla sa bhliain.
Tíolactar na cuntais ar an deontas i leith
gníomhaíochtaí idirpharlaiminteacha, ar an deontas
i leith Thionól Parlaiminteach na Breataine agus na
hÉireann agus cuntais Sheirbhísí Lónadóireachta
agus Beáir an Oireachtais i Nóta 7.
Déantar maoiniú deontais €12,270,645 i leith Chiste
Pinsean Thithe an Oireachtais a mhuirearú faoi
fho-mhírcheann 2(i). Déanann triúr iontaobhaithe an
ciste pinsin a rialú agus tá siad freagrach as cuntas a
ullmhú agus as rialtacht na n-idirbheart a áirithiú.
Déanann an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste
iniúchadh ar leith ar an gcuntas.
An Ráiteas ar Bheartais agus Prionsabail Chuntasaíochta
Rinneadh na beartais agus na prionsabail
chaighdeánacha chuntasaíochta, mar atá leagtha
amach i gCiorclán 27 de 2019 ón Roinn Caiteachais
Phoiblí agus Athchóirithe, a chur chun feidhme le
linn na cuntais agus nótaí 1 go 7 lena mbaineann
a ullmhú.
Maoinítear an Coimisiún de réir timthriall reachtúil trí
bliana faoi na hAchtanna. Leagtar amach go sonrach
formáid na gcuntas i Sceideal 1 a ghabhann leis na
hAchtanna. I gcás go mbíonn difríochtaí le sonrú idir
formáid Chuntais an Choimisiúin agus na ciorcláin ón
Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe (RCPA)
lena rialaítear rialacha agus formáid na gcuntas,
táim faoi oibleagáid dhlíthiúil cloí le hAchtanna an
Choimisiúin mar go bhfuil tosaíocht ag an
reachtaíocht phríomha seo ar chiorcláin riaracháin
na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
77
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
An Ráiteas ar Rialú Airgeadais Inmheánach
Freagracht as an gCóras Rialaithe Airgeadais
Inmheánaigh
Mar Oifigeach Cuntasaíochta, admhaím an
fhreagracht atá orm a chinntiú go gcothabhálann
agus go n-oibríonn Seirbhís Thithe an Oireachtais
(“an tSeirbhís“) córas éifeachtach rialaithe airgeadais
inmheánaigh.
Feidhmítear an fhreagracht sin i gcomhthéacs na
n-acmhainní atá ar fáil dom agus na n-oibleagáidí
eile atá orm mar Ard-Rúnaí agus Cléireach na Dála.
De bhreis air sin, ní féidir le haon chóras rialaithe
airgeadais inmheánaigh ach dearbhú réasúnta,
seachas dearbhú iomlán, a thabhairt go
slánchoimeádtar acmhainní, go n-údaraítear agus
go dtaifeadtar idirbhearta go cuí, agus go gcoisctear
earráidí nó mírialtachtaí ábhartha, nó go mbraithfí
go tráthúil iad. Próiseas leantach is ea cothabháil
an chórais rialaithe airgeadais inmheánaigh agus
déantar athbhreithniú leanúnach ar an gcóras
féin agus ar éifeachtacht an chórais.
Is mar a leanas atá an staid i ndáil leis an
timpeallacht rialaithe airgeadais, an creat nósanna
imeachta riaracháin, tuairisciú bainistíochta agus
iniúchóireacht inmheánach:
Timpeallacht Rialaithe Airgeadais
Deimhním go bhfuil timpeallacht rialaithe i
bhfeidhm ina bhfuil na heilimintí seo a leanas:
�� Sannadh freagrachtaí airgeadais ar leibhéal
na bainistíochta leis an gcuntasacht
chomhfhreagrach;
�� Bunaíodh socruithe tuairiscithe ar gach leibhéal
ar ar sannadh an fhreagracht as bainistiú
airgeadais;
�� Bunaíodh nósanna imeachta foirmiúla chun
cásanna suntasacha mainneachtana rialaithe
a thuairisciú, agus a chinntiú go nglactar an
beart ceartaitheach cuí;
�� Tá Coiste Iniúchta ann chun comhairle a chur orm
agus mo chuid freagrachtaí as an gcóras rialaithe
airgeadais inmheánaigh á gcomhlíonadh agam;
�� Rinneadh na nósanna imeachta a ghabhann leis
na próisis ghnó go léir a dhoiciméadú;
�� Tá córais i bhfeidhm chun na sócmhainní
a chosaint.
Rialuithe Riaracháin agus Tuairisciú Bainistíochta
Deimhním go bhfuil creat nósanna imeachta
riaracháin agus tuairisciú bainistíochta rialta i
bhfeidhm lena n-áirítear deighilt dualgas agus
córas tarmligin agus cuntasachta.
Áirítear air sin na heilimintí seo a leanas:
1) Tá córas buiséadaithe cuí ann le buiséad
bliantúil a choimeádtar faoi athbhreithniú
ag an mbainistíocht shinsearach;
2) Déanann an bhainistíocht shinsearach
athbhreithniú rialta ar thuarascálacha airgeadais
tréimhsiúla agus bliantúla lena léirítear feidhmiú
airgeadais i gcomparáid le réamhaisnéisí;
3) Cuirtear córas bainistithe priacal i bhfeidhm
sa tSeirbhís;
4) Tá córais ann atá dírithe ar shlándáil
na gcóras TFC a chinntiú;
5) Tá treoirlínte rialaithe infheistíochta caipitil cuí
agus disciplíní bainistithe tionscadal foirmiúla ann;
6) Cinntíonn an tSeirbhís go bhfuil fócas cuí ar
dhea-chleachtas maidir le ceannach agus go
bhfuil nósanna imeachta i bhfeidhm d ‘fhonn a
chinntiú go gcomhlíontar na treoirlínte iomchuí
go léir.
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
78
Coimisiún Thithe an Oireachtais
Thuairiscigh mé i dtuairisceán bliantúil 2019 a
cheanglaítear faoi chiorclán 40/2002 go ndearnadh
15 Chonradh, a raibh luach iomlán €2,182,634 orthu,
a ghabháil de láimh gan próiseas iomaíoch.
As na 15 conarthaí sin, ba le soláthraithe aonair/
dílseánaigh a bhí 11 cheann (€2,031,519) díobh,
cuireadh síneadh le 1 chonradh amháin (€28,715)
chun go n-éascófaí aistriú chuig samhail intí, agus
bhain 1 cheann amháin (€54,000) le hathsholáthar
trealaimh nach raibh ag feidhmiú. Ina theannta sin,
bhí dhá sholáthar ann nár chomhlíon na treoirlínte
soláthair mar seo a leanas: i gcás amháin a bhain le
caiteachas de €28,600, measadh ar dtús go mbeadh
níos lú ná €25,000 i gceist leis an gconradh agus
fuarthas iarratais ar luachana faoi creat-chomhaontú
Il-sholáthraí OSR dá bharr, in ionad comórtas
tairisceana a reáchtáil. I gcás eile, tarraingíodh
anuas seirbhís de thaisme ó chonradh a chuaigh
in éag ar suim €39,800.
Saoráid Chlóideachta
Chuir mé dhá thuarascáil faoi bhráid an Choiste um
Chuntais Phoiblí in 2019 i ndáil le soláthar phreas
clódóireachta Komori agus nithe eile gaolmhara leis.
Ní fhéadfaí an clóphreas agus trealamh coimhdeach
áirithe, a ceannaíodh in 2018, a shuiteáil nó a
choimisiúnú mar gheall gur theastaigh mionathruithe
a dhéanamh ar an tSaoráid Chlódóireachta chun
caighdeáin sláinte agus sábháilteachta a shásamh.
Rinneadh na costais seo a thuairisciú agus a chur i
láthair mar réamhíocaíochtaí i gCuntas Leithreasa
2018. Cuireadh costais bhreise stórála (€15,000)
agus seachfhoinsithe (€100,000) a tháinig chun
solais dá bharr i gcuntas i gCuntas Leithreasa 2019.
Cuimsíodh na mionathruithe struchtúracha ar an
tsaoráid Chlódóireachta anuas ar na hoibreacha
leagáide isteach i gclár oibreacha OOP don bhliain
2019. Beidh 2020 ann sula n-aisíocfaidh
Seirbhís Thithe an Oireachtais OOP as an gcaiteachas
a taibhíodh orthu seo (measta le bheith ar €314,000)
agus cuirfear seo i gcuntas dá bharr i gCuntas
Leithreasa 2020.
Níl costais oibreacha breise a ndearna an OOP ar
an bhfoirgneamh tugtha chun críche agus déanfar
cuntas orthu in 2020 trí sheirbhísí gníomhaireachta.
I rith m’athbhreithnithe, shainaithin mé gá le próisis
agus rialuithe inmheánacha a neartú i roinnt
limistéar. Tá Seirbhís Thithe an Oireachtais ag dul i
ngleic leis na ceisteanna seo.
Seirbhísí Lónadóireachta agus Beáir an Oireachtais
Rinne an tSeirbhís, sa chlár athchóirithe agus
feabhais leanúnaigh dá cuid atá ag leanúint ar
aghaidh i gcónaí, timpeallacht rialaithe, bainistiú
airgeadais agus bainistiú sainfhála na Seirbhísí
Lónadóireachta agus Beáir a fheabhsú agus a
fhorbairt tuilleadh de réir chaighdeáin na
Seirbhísí mar seo a leanas:
1) Struchtúr bainistíochta neartaithe –
Bainisteoir Bialainne, foireann Seirbhíse agus
Leabharchoimheádaí, agus rochtain aige nó aici
ar Chuntasóir Bainistíochta Seirbhíse.
2) Déantar cuntais Sheirbhísí Lónadóireachta
agus Beáir an Oireachtais a thíolacadh ar bhonn
ráithiúil don Choiste Bainistíochta, don Choiste
Airgeadais agus don Choimisiún.
3) Comhlíonadh sainfhála – Déantar mionsonraí a
thabhairt san aguisín, a ghabhann le tuairisceán
bliantúil 2019 faoi Chiorclán 40/02, i dtaobh 2
chonradh leagáide a bhfuil luach iomlán €84,512
orthu, a bhíothas tar éis a shainfháil gan próiseas
iomaíoch ach a fadaíodh ar mhaithe le
leanúnachas seirbhísí agus tacaíochta fad a bhí
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
79
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
na próisis sainfhála iomaíocha ag dul ar aghaidh.
Tá an dá cheann díobh sa phróiseas soláthair
agus meastar go gcríochnófar iad agus go mbeidh
conradh ann dóibh in 2020.
4) Cuireadh beartas creidmheasa a cheadaigh an
Coimisiún i bhfeidhm, a éascaíonn asbhaintí
uathoibríocha cárta creidmheasa/dochair nó
tuarastail.
5) Rinneadh iniúchadh seachtrach in 2019 inar
tugadh dearbhú réasúnach agus cuireadh faoi
bhráid an Bhoird Bainistíochta agus an Choiste
Iniúchóireachta é. Breithníodh moltaí an iniúchta
agus cuireadh i ngníomh iad mar ba chuí i
gcaitheamh 2019.
6) Tá achoimre ar thorthaí airgeadais
ghníomhaíochtaí an Bheáir agus na Bialainne i
Nóta 7.3. Tá seirbhísí gnólachta iniúchóireachta
sheachtraigh faighte ag an gCoimisiún chun
iniúchadh airgeadais a dhéanamh ar Chuntas
2019 na Seirbhísí Lónadóireachta agus Beáir.
Cuntais Deontais
Déanann Tionól Parlaiminteach na Breataine agus na
hÉireann (TPBÉ) cistí a tharraingt anuas ón mbuiséad
leithroinnte atá i Meastachán an Choimisiúin. Déanann
Cléireach Choiste TPBÉ (Príomhoifigeach Cúnta) an
caiteachas go léir de chuid TPBÉ a cheadú i dtosach
agus déanann an Príomhoifigeach é a cheadú ansin.
Déanann Ceannaire an Aonaid Idirpharlaimintigh agus
Taistil (Príomhoifigeach Cúnta) an caiteachas go léir de
chuid Chumann Parlaiminteach na hÉireann a cheadú i
dtosach, agus déanann an Príomhoifigeach nó an
tArd-Rúnaí, de réir mar is cuí, é a cheadú ansin.
Tá córas coimeádta taifead agus imréitigh
bainc mionsonraithe i bhfeidhm agus déantar é a
chothabháil ar bhonn míosúil agus a chomhardú ag
deireadh na bliana le haghaidh an Chuntais
Bhliantúil. Coimeádtar taifead míniúcháin
mionsonraithe i leith gach íocaíochta (lena n-áirítear
íocaíochtaí cárta creidmheasa). Coinnítear taifid
dheimhnithe i leith an chaiteachais go léir.
Iniúchóireacht Inmheánach
Deimhním go bhfuil feidhm iniúchóireachta
inmheánaí ag an tSeirbhís, ag a bhfuil pearsanra ar
cuireadh oiliúint chuí orthu, agus go n-oibríonn an
fheidhm sin de réir cairt scríofa atá ceadaithe ag an
mBainistíocht. Tá obair na feidhme bunaithe ar
anailís a dhéantar ar na priacail airgeadais agus ar na
priacail eile a bhfuil an tSeirbhís faoina lé, agus
rinneadh a pleananna bliantúla um iniúchóireacht
inmheánach, atá ceadaithe agam agus ag an gCoiste
Iniúchóireachta, a bhunú ar an anailís sin. Is é
cuspóir na bpleananna sin na príomhrialuithe a
chlúdach ar bhonn leanúnach thar thréimhse
réasúnach. Déanaim féin agus an Coiste
Iniúchóireachta an fheidhm iniúchóireachta
inmheánaí a athbhreithniú go tréimhsiúil.
An Coiste Iniúchóireachta
Oibríonn an Coiste Iniúchóireachta de réir na
dtéarmaí tagartha atá leagtha amach sna hAchtanna.
Tá obair an Choiste faoi rialú ag cairt scríofa freisin, a
cheadaíonn an Bhainistíocht agus an Coiste
Iniúchóireachta agus ar a ndéantar athbhreithniú
rialta. Áirítear ar a chuid freagrachtaí comhairle a
thabhairt faoi fhoirm chuntais an Choimisiúin agus
faoi bhainistiú priacal, iniúchóireacht inmheánach
agus rialuithe inmheánacha.
Tá nósanna imeachta curtha i bhfeidhm agam lena
chinntiú go gcuirfear na moltaí go léir a éiríonn as
iniúchóireacht inmheánach i ngníomh agus go
ndéanfar tuairisciú go rialta domsa, don Bhord
Bainistíochta agus don Choiste Iniúchóireachta araon
maidir leis an dul chun cinn atá déanta ina dtaobh.
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
80
Coimisiún Thithe an Oireachtais
Creat Rialachais agus Riosca
Tá straitéis bainistíochta riosca i bhfeidhm ag Tithe an
Oireachtais a chinntíonn go gcuireann gníomhaíochtaí
bainistíochta riosca le baint amach chuspóirí na
Seirbhíse agus go bhfuil an straitéis riosca ar aon dul
le creat rialachais chorparáidigh na Seirbhíse. Tá córas
nua láraithe Ríomhriosca i bhfeidhm chun tacú leis an
straitéis seo. Sonraítear sa chóras na rialuithe agus na
gníomhartha a theastaíonn chun rioscaí a mhaolú.
Tá Príomhoifigeach Riosca (POR) sa tSeirbhís atá
freagrach as maoirseacht straitéiseach a dhéanamh
ar bhainistíocht riosca ar leibhéal straitéiseach agus
oibríochtúil. Gné thábhachtach den ról seo is ea
cultúr atá feasach ar riosca a fhorbairt, oiliúint a chur
ar fáil don fhoireann agus a chinntiú go dtuairiscítear
ar fheidhmíocht bhainistíochta riosca ar laghad gach
ráithe don Choiste Straitéiseach Feidhmíochta agus
Cuntasachta Rialachais (FCR), an Bord Bainistíochta
(BB) agus an Coiste Iniúchóireachta (CI) chun
breithniú agus athbhreithniú a dhéanamh orthu.
Faireachán agus Athbhreithniú Leanúnach
Déanann an OCC faireachán ar an bpróiseas
bainistíochta riosca iomlán agus déanann sé é a
stiúradh.Tá freagracht ar an OCC as gníomhaíochtaí
feidhmiúla éagsúla a chomhordú a chuireann
saincheisteanna bainistíochta riosca in iúl laistigh
den eagraíocht. Tá an cur chuige faoi stiúir na
bainistíochta agus glacann an Bord ceannaireacht air.
Leanann an Coiste Iniúchóireachta le dearbhú
agus comhairle riosca a chur ar fáil don Ard-Rúnaí
agus don Choimisiún ar bhealach tráthúil.
Deimhním gur sainaithníodh príomhrioscaí
agus rialuithe gaolmhara agus cuireadh próisis i
bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar oibriú na
bpríomhrialuithe siúd agus aon easnaimh a thugtar
le fios a shainaithnítear.
Athbhreithniú ar Éifeachtacht
Deimhním go bhfuil nósanna imeachta ag Seirbhís
Thithe an Oireachtais chun faireachán a dhéanamh ar
na nósanna imeachta a bhaineann le bainistiú priacal
agus rialú. Is é an caighdeán dea-chleachtais lena
nglactar “ISO 31000:2009, Bainistíocht Riosca –
Prionsabail agus Treoirlínte”.
Is é atá mar bhonn leis an bhfaireachán agus leis an
athbhreithniú a dhéantar sa tSeirbhís ar éifeachtacht
an chórais rialaithe airgeadais inmheánaigh ná obair
na n-iniúchóirí inmheánacha agus seachtracha, obair
an Bhoird Bainistíochta agus an Choiste
Iniúchóireachta, a dhéanann maoirsiú ar obair na
n-iniúchóirí sin, agus obair na bainistíochta sinsearaí i
Seirbhís Thithe an Oireachtais, atá freagrach as an
gcreat rialaithe airgeadais inmheánach a fhorbairt
agus a chothabháil. Cuimsítear bainistíocht riosca
agus rialú inmheánach isteach i ngnáthphróisis
bhainistíochta agus rialachais agus ní chaitear
leis mar chleachtadh comhlíonta ar leith.
Saincheisteanna Rialaithe Airgeadais Inmheánaigh
Leanann an Garda Síochána le himscrúdú a dhéanamh
ar theagmhas calaoise amhrasta, a tuairiscíodh i Nóta
6.3 le Cuntas Leithreasa 2018. Neartaíodh na rialuithe
tuilleadh de dhroim athbhreithniú a rinneadh ar
bhearta rialaithe airgeadais na Seirbhíse sa réimse sin.
Peadar Ó Fionnagáin
Oifigeach Cuntasaíochta
Coimisiún Thithe an Oireachtais
23 Meitheamh 2020
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
81
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
Beartais agus Prionsabail Chuntasaíochta
Bonn na gCuntas
Déantar cuntais an Choimisiúin a ullmhú de réir
na nAchtanna agus rialacha agus nósanna imeachta
cuntasaíochta arna leagan síos ag an Aire Caiteachais
Phoiblí agus Athchóirithe. Ceanglaítear leis na
hAchtanna go gcoimeádfaidh an Coimisiún na cuntais
i cibé foirm a cheadóidh an tAire Caiteachais Phoiblí
agus Athchóirithe. Tá sé ordaithe ag an Aire go
gcoimeádfar na cuntais i bhfoirm cuntas leithreasa.
Is é atá sna cuntais, dá réir sin, taifead airgead-
bhunaithe ar fháltais agus ar íocaíochtaí na bliana i
gcomparáid leis na méideanna airgid a luaitear sa
ráiteas faoi mheastacháin (a) a ullmhaíonn agus a
fhoilsíonn an Coimisiún (b) a thíolactar do Dháil
Éireann agus (c) a thugtar don Aire Caiteachais
Phoiblí agus Athchóirithe de réir na nAchtanna.
Cuireann an Coimisiún maoiniú agus tacaíocht ar
fáil do roinnt eintiteas nach ndéantar na torthaí
lena mbaineann a chomhdhlúthú i gcuntais an
Choimisiúin, mar seo a leanas:
�� Tionól Parlaiminteach na Breataine agus na
hÉireann – Déanann an Coimisiún deontas a
sholáthar don tionól faoi fho-mhírcheann 2(e)
agus déantar mionsonraí an ioncaim agus an
chaiteachais a tabhaíodh a áireamh mar nóta a
ghabhann leis na cuntais seo (Nóta 7.1). Déantar
na cuntais a ullmhú ar bhonn airgead tirim.
�� Cumann Parlaiminteach na hÉireann – Déanann
an Coimisiún deontas a sholáthar faoi fho-
mhírcheann 2(d) agus déantar mionsonraí an
ioncaim agus an chaiteachais a chuirtear san
áireamh mar nóta a ghabhann leis na cuntais seo
(Nóta 7.2). Déantar na cuntais a ullmhú ar bhonn
airgead tirim.
�� Na Seirbhísí Lónadóireachta agus Beáir –
Fostaíonn an Coimisiún comhaltaí foirne
a oibríonn sa bheár agus sa bhialann agus
a ndéantar na costais phá lena mbaineann
a mhuirearú faoi fho-mhírcheann 2(a) agus
faigheann sé ranníoc ó oibriú na seirbhísí
lónadóireachta agus beáir. (Nóta 4). Áirítear na
mionsonraí a bhaineann le hoibriú na saoráidí
mar nóta a ghabhann leis na cuntais seo (Nóta
7.3). Déantar cuntais na seirbhísí lónadóireachta
agus beáir a ullmhú ar bhonn fabhruithe.
An Tréimhse Thuairiscithe
Is í an tréimhse thuairiscithe an bhliain dar chríoch
an 31 Nollaig 2019.
Fáltais
Úsáideann an Coimisiún fáltais an Choimisiúin a
shonraítear i Sceideal 2 a ghabann leis na hAchtanna
d’fhonn a fheidhmeanna a chomhlíonadh (Nóta 4).
Íocaíochtaí
Is iad na híocaíochtaí na suimeanna sin a tháinig
chun bheith iníoctha i rith na bliana. Meastar
suimeanna a bheith tagtha chun bheith iníoctha i
gcás gur tabhaíodh an dliteanas, go bhfuil íocaíocht
dlite agus go ndearnadh an t-ordú íocaíochta a chur i
bhfeidhm.
I gcás gur tabhaíodh dliteanas agus go bhfuil
íocaíocht dlite (i.e. gur aibigh an dliteanas), ba
cheart an íocaíocht a dhéanamh roimh dheireadh
na bliana d’fhonn sláine an Chuntais a áirithiú.
I gcásanna nach bhfuil íocaíocht déanta agus go
bhfuil dliteanais aibithe nár íocadh ann ag deireadh
na bliana, déantar méid na ndliteanas sin a thabhairt
i nóta a ghabhann leis an gCuntas (Nóta 2).
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
82
Coimisiún Thithe an Oireachtais
Fabhruithe
Is sna nótaí a ghabhann leis an gCuntas a fhaightear
faisnéis a bhaineann le fabhruithe, lena n-áirítear na
nithe seo a leanas:
�� ráiteas ar chostas oibríochta (Nóta 1), ina léirítear
an méid iomlán acmhainní atá ídithe ag an
gCoimisiún le linn na bliana.
�� ráiteas ar staid an airgeadais ina léirítear
sócmhainní agus dliteanais an Choimisiúin
ag deireadh na bliana (Nóta 2), agus
�� nótaí míniúcháin a sholáthraíonn mionsonraí
maidir le sócmhainní caipitiúla, sócmhainní
caipitiúla atá á bhforbairt, an glandliteanas
don Státchiste, agus gealltanais.
Áirítear sa ráiteas ar staid an airgeadais an staid ag
deireadh na bliana i ndáil leis na nithe seo a leanas:
�� Caiteachais fhabhraithe – léiríonn siad seo
na dliteanais go léir ag an dáta deireadh bliana
seachas dliteanais i ndáil le luach saothair agus
pinsin. I gcás earraí agus seirbhísí, aithnítear
dliteanas fabhraithe nuair a chomhlíonann an
t-íocaí an ceanglas conarthach chun na hearraí
nó na seirbhísí a ordaíodh a sholáthar. Maidir
le méideanna atá dlite de bharr earraí atá
seachadta, ach nár íocadh astu fós, fiú más rud é
nach bhfuil iniúchóireacht déanta orthu agus nár
tugadh isteach sa stoc iad, déileáiltear leo mar
dhliteanas. I gcás deontas, aithnítear dliteanas
nuair a chomhlíonann an deontaí gach ceanglas
den scéim deontais ach nach bhfuil íocaíocht
faighte aige nó aici fós. Aithnítear dliteanais
taistil agus chothaithe nuair a bhíonn an
taisteal déanta.
�� Réamhíocaíochtaí – íocaíochtaí a rinneadh i
rith na bliana cuntais chun íoc as caiteachais a
eascróidh go hiomlán nó go páirteach i mbliain
airgeadais ina dhiaidh sin.
�� Ioncam fabhraithe – ioncam atá dlite don
Choimisiún ag deireadh na bliana cuntais
agus atá le fáil fós.
�� Ioncam Iarchurtha – is é atá i gceist leis seo
ioncam a fuair an Coimisiún i rith na bliana
cuntais ar earraí/ar sheirbhísí atá le soláthar
aige fós.
Sócmhainní Caipitiúla
Is í Oifig na nOibreacha Poiblí a dhéanann Teach
Laighean, agus gach áitreabh eile atá á áitiú ag
foireann agus comhaltaí an Oireachtais, seachas na
hoifigí Dáilcheantair, a bhainistiú agus na cuntais a
sholáthar ina leith, agus, dá bhrí sin, níl siad ar
áireamh sna cuntais seo.
Déantar luachanna tosaigh agus deiridh na
sócmhainní caipitiúla ar chlár an Choimisiúin
agus sonraí faoi dhímheas a thaispeáint mar nóta
a ghabhann leis an ráiteas ar an staid airgeadais.
(Nóta 2).
Ní áirítear iad seo a leanas sa ráiteas ar
shócmhainní caipitiúla:
�� sócmhainní a chosnaíonn níos lú ná €318 a
fuarthas ón 1 Eanáir 1995 ná dtí an 31 Nollaig
2003, nó sócmhainní a bhfuil a luach níos lú ná
€1,000 a fuarthas ón 1 Eanáir 2004.
�� sócmhainní oidhreachta, ar an mbonn nach féidir
a luach a mhíniú go leordhóthanach i dtéarmaí
airgeadais.
Luacháil Sócmhainní
Déantar na sócmhainní ar fad a luacháil
de réir costais.
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
83
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
Dímheas
Déantar trealamh, troscán agus feistis a dhímheas
de réir méid cothrom le linn a saoil úsáidigh mheasta
de réir na rátaí bliantúla seo a leanas:
�� Troscán agus feistis, agus trealamh
teileachumarsáide – 10%.
�� Trealamh TF agus bogearraí, trealamh eolaíochta
agus saotharlainne agus innealra eile oifige – 20%.
�� Mórchórais oibríochtúla bogearraí – 10%.
Sócmhainní Caipitiúla atá á bhForbairt
Déantar sócmhainní caipitiúla atá á bhforbairt
a áireamh i measc sócmhainní caipitiúla sa ráiteas
ar staid an airgeadais, a léiríonn caiteachas ar
shócmhainní atá á bhforbairt laistigh den Choimisiún,
e.g. tionscadail forbartha nó tógála bogearraí.
Banc agus Airgead Tirim
Áirítear ar an iarmhéid “Banc agus Airgead Tirim”
gach iarmhéid i gcuntais le bainc thráchtála (cuntais
párolla agus cuntais ghaolmhara eile) atá ar coimeád
ag deireadh na bliana agus atá maoinithe ag an
Státchiste nó fáltais a choinníonn an Coimisiún
(mar atá leagtha amach i Nóta 4.1). Tá dualgas ar
an gCoimisiún faoi na hAchtanna um Choimisiún
Thithe an Oireachtais, 2003-2018 chun gach fáltas a
choimeád. Déantar sa nóta cuntais an Phá-Mháistir
Ghinearálta a shainaithint ar leithligh ó chuntais le
bainc thráchtála (Nóta 2.2). Tá iarmhéid mionairgid
ar áireamh san iarmhéid freisin.
Stoic
Luaitear tomhaltáin de réir costais nó de réir luacháil
an Choimisiúin, cibé acu is ísle (Nóta 2.3).
Glanmhéid atá dlite den Státchiste
Léirítear sa nóta maidir leis an nglanmhéid atá dlite
den Státchiste staid mhaoinithe an Choimisiúin ag
deireadh na bliana, agus na saincheisteanna ón
Státchiste á gcur i gcuntas ar bhonn carnach/rollach.
Tugtar miondealú ar an bhfigiúr sin freisin i dtéarmaí
iarmhéideanna bainc/airgid thirim, i dtéarmaí fháltais
dhlite na bhféichiúnaithe agus i dtéarmaí dliteanais
reatha. (Nóta 2.6).
Gealltanais
Is ionann gealltanas agus oibleagáid chonarthach nó
dhlíthiúil chun íoc (as earraí agus seirbhísí atá fós le
soláthar, ar iad a sheachadadh) arb ann di ag deireadh
na bliana.
Cuirtear figiúirí ar fáil i nóta i leith na ngealltanas
conarthach (domhanda) go léir is dócha a bheidh ann
sna blianta ina dhiaidh sin faoi (a) shainfháil agus (b)
fho-mhírchinn deontais, gan gealltanais faoi bhun
€10,000 a áireamh. (Nóta 2.9).
Soláthraítear nóta ar leithligh ina dtugtar mionsonraí i
dtaobh gealltanais ilbhliantúla ar bith os cionn
€6,350,000.
I gcás go mbeidh athrú is mó ná €500,000 i
gcomparáid leis an mbliain roimhe sin, ar an leibhéal
gealltanais a tuairiscíodh nó ar an gcostas réamh-
mheasta tionscadail, ba chóir míniú a thabhairt ar
an athrú sin.
Dliteanais Theagmhasacha
Eascraíonn dliteanas teagmhasach in aon chás ina
gcruthaítear, trí ghníomhaíochtaí nó ócáidí reatha
nó san am a caitheadh, priacal go gcaithfí dul in
iontaoibh chistí an Státchiste sa todhchaí.
Ní aithnítear dliteanais theagmhasacha sa ráiteas
ar staid an airgeadais ach nochtar iad ar mhodh
nóta mura rud é gur beag seans go dtarlódh eis-
sreabhadh acmhainní. (Nóta 2.10).
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
84
Coimisiún Thithe an Oireachtais
Aoisliúntas
Maidir le híocaíochtaí aoisliúntais i leith
iarchomhaltaí de Thithe an Oireachtais, iarchúntóirí
rúnaíochta a bhí fostaithe ag comhaltaí de na Tithe
agus na Páirtithe agus iarchomhaltaí de chuid
Pharlaimint na hEorpa, íocann an Coimisiún iad
ar bhonn reatha.
Maidir le híocaíochtaí aoisliúntais i leith
státseirbhísigh agus baill foirne lónadóireachta
agus beáir atá ar scor, déantar iad a íoc ar bhonn
reatha ó Vóta 12 – Aoisliúntas agus Liúntais Scoir.
Idirbhearta Airgeadraí Coigríche
Déantar idirbhearta a eascraíonn in airgeadraí
coigríche a aistriú go Euro de réir na rátaí malairte
atá i bhfeidhm ar dhátaí na n-idirbheart. Déantar
sócmhainní agus dliteanais airgeadaíochta a
ainmnítear in airgeadraí coigríche a aistriú go
Euro de réir na rátaí malairte ag deireadh na bliana.
Nótaí eile a ghabhann leis an gCuntas
Prionsabail Ghinearálta
Tá de chuspóir leis na nótaí eile a ghabhann leis
na Cuntais, trí chéile, aird Dháil Éireann agus an
Choiste um Chuntais Phoiblí a tharraingt ar nithe a
bhaineann le rialú parlaiminteach, nó faisnéis níos
iomláine a sholáthar maidir le hidirbhearta ábhartha
de chineál neamhghnách a thaifeadtar sa Chuntas
e.g. caillteanais, íocaíochtaí speisialta nó ex gratia,
agus luach saothair breise. Seachas sna cásanna a
dtugtar cuntas orthu thíos, cuirtear nótaí ar fáil nuair
a bhíonn suim €50,000 nó níos mó i gceist le
hidirbheart aonair, nó catagóir d’idirbhearta i
dteannta a chéile.
Má bhíonn méideanna is lú ná na luachanna tairsí
i gceist, soláthraítear nótaí freisin i gcás go
n-eascraíonn saincheist thromchúiseach phrionsabail
nó má mheasann an tArd-Reachtaire Cuntas agus
Ciste nó an Roinn Caiteachais Phoiblí agus
Athchóirithe gur chóir nóta a sholáthar.
Difríochtaí ón Deontas – Nóta 3 (Difríochtaí
i gCaiteachas)
Tugtar míniú i Nóta 3 ar dhifríochtaí idir an toradh
agus an soláthar meastacháin bunaidh. Soláthraítear
nóta i gcás, maidir leis an difríocht i dtaobh soláthar
meastacháin bunaidh:
�� gur €100,000 nó níos mó í; agus
�� gurb ionann í agus 5% nó níos mó den
fho-mhírcheann (25% i gcás fo-mhírchinn
riaracháin); nó
�� gur difríocht shuntasach í ón soláthar
meastacháin bunaidh nach gcomhlíonann na
critéir thuas ach a bhfuil míniú uirthi riachtanach.
Ba chóir go ndéanfaí, leis an míniú, idirdhealú idir
an chúis leis an difríocht sa mhéid a caitheadh,
agus na himpleachtaí maoiniúcháin e.g. teastaíonn
meastachán forlíontach nó vírmint i gcás tearc-
chaithimh/róchaithimh. Áirítear nótaí i ndáil le
difríochtaí sna catagóirí leithreasaí-i-gcabhair
ar an gcaoi chéanna.
Liúntais agus Íocaíochtaí Ragoibre – Nóta 5
(Soláthar Foirne agus Luach Saothair)
Maidir le liúntais agus le híocaíochtaí ragoibre, tá
ar áireamh sna mionsonraí a thugtar i Nóta 5 an líon
iomlán faighteoirí liúntas agus íocaíochtaí ragoibre in
aon chatagóir amháin nó níos mó, líon na bpearsan
aonair a fuair €10,000 nó níos mó agus an íocaíocht
uasta a rinneadh le pearsa aonair, más mó ná
€10,000 í.
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
85
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
Íocaíochtaí Téarfa agus Ró-Íocaíochtaí Párolla
– Nóta 5 (Soláthar Foirne agus Luach Saothair)
Déantar méid na n-íocaíochtaí téarfa/iomarcaíochta
agus na ró-íocaíochtaí párolla a nochtadh, más
ábhartha.
Cúiteamh agus Costais Dlí – Nóta 6
(Ilghnéitheach)
Nochtar na codanna de na costais dlí i leith cásanna
a bhfuil nó a raibh baint ag an gCoimisiún leo i Nóta
6.1. Ní áirítear air sin an costas a bhaineann le
comhairle dlí a tugadh lasmuigh d’imeachtaí dlí. I
gcásanna áirithe, inar mó ná €50,000 na costais dlí
charnacha a tabhaíodh i mbliain an chuntais (i.e. in
imthosca inar mó ná €50,000 costais dlí san iomlán,
nó in imthosca inar mó ná €50,000 an costas i leith
cás aonair), déantar nóta a sholáthar ina ndéantar
miondealú ar iomlán na gcostas, mar seo a leanas:
�� Costais dlí,
�� Costais dlí a dámhadh, agus
�� Cúiteamh a dámhadh.
Íocaíochtaí Déanacha – Nóta 6 (Ilghnéitheach)
Maidir le híocaíochtaí úis faoi na Rialacháin maidir
le hÍocaíocht a Dhéanamh Déanach in Idirbhearta
Tráchtála, 2012 (arna leasú in 2013), soláthraítear
faisnéis (Nóta 6.3) más rud é:
�� gur €10,000 nó níos mó iomlán na n-íocaíochtaí
a bhí dlite; nó
�� gur €10,000 nó níos mó aon íocaíocht aonair.
Calaois nó Calaois Líomhnaithe – Nóta 6
(Ilghnéitheach)
Maidir le caillteanais de bharr calaoise nó calaois
líomhnaithe, soláthraítear faisnéis:
�� I gcás gur €100,000 nó níos mó iomlán na
gcaillteanas le linn na tréimhse cuntasaíochta; nó
�� I gcás gur €10,000 nó níos mó aon chaillteanas
aonair; nó
�� i gcás caillteanais faoi €10,000, i gcás go
n-eascraíonn saincheist thromchúiseach
phrionsabail nó má mheasann an tArd-Reachtaire
Cuntas agus Ciste nó RCPA gur chóir nochtadh a
dhéanamh.
Mionairgead
Déantar suimeanna a bhaineann le mionairgead
a áireamh i nochtadh iarmhéid an bhainc agus
an airgid tirim.
Cuntais na nDeontas agus Cuntais Ilghnéitheacha
– Nóta 7
Déantar, nuair is cuí, cuntais ar chistí deontais
arna maoiniú as an gCoimisiún agus ar chuntais
ilghnéitheacha eile a léiriú i Nóta 7.
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
86
Coimisiún Thithe an Oireachtais
Tuarascáil le cur faoi bhráid Thithe an Oireachtais
Coimisiún Thithe an Oireachtais
Tuairim ar an gcuntas leithreasa
Tá iniúchadh déanta agam ar chuntas leithreasa
Choimisiún Thithe an Oireachtais don bhliain dar
chríoch an 31 Nollaig 2019, mar a cheanglaítear
faoi fhorálacha alt 14 den Acht um Choimisiún Thithe
an Oireachtais, 2003 (arna leasú). I mo thuairimse,
maidir leis an gcuntas leithreasa,
�� léirítear go cuí ann fáltais agus caiteachas
Choimisiún Thithe an Oireachtais don bhliain
dar chríoch an 31 Nollaig 2019, agus
�� ullmhaíodh an cuntas leithreasa san fhoirm a
d’ordaigh an tAire Caiteachais Phoiblí agus
Athchóirithe.
An Bonn atá leis na tuairim
Sheol mé m’iniúchadh ar an gcuntas leithreasa
de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta maidir le
hIniúchóireacht atá fógartha ag an Eagraíocht
Idirnáisiúnta um Uasfhorais Iniúchóireachta. Mínítear
na freagrachtaí atá orm faoi na caighdeáin sin san
aguisín a ghabhann leis an tuarascáil seo. Táim
neamhspleách ar Choimisiúin Thithe an Oireachtais
agus tá mo chuid freagrachtaí eiticiúla eile
comhlíonta agam de réir na gcaighdeán.
Creidim gur leor agus gur cuí an fhianaise iniúchta
atá faighte agam chun gur féidir bonn a chur faoi
mo thuairim.
Tuarascáil ar fhaisnéis seachas an cuntas
leithreasa, agus ar chúrsaí eile
Thíolaic an tOifigeach Cuntasaíochta faisnéis áirithe
eile mar aon leis an gcuntas. Folaíonn sin tuarascáil
bhliantúil an Choimisiúin, an réamhrá ón Oifigeach
Cuntasaíochta agus an ráiteas ar rialú airgeadais
inmheánach. Déantar cur síos ar na freagrachtaí
atá orm tuairisciú i ndáil le faisnéis den sórt sin,
agus le nithe áirithe eile ar a dtugaim tuairisc ar
bhonn eisceachta, san aguisín ag deireadh na
tuarascála seo.
Níl aon ní le tuairisciú agam ina thaobh sin.
Séamus McCarthy
Comptroller and Auditor General
An 25 Meitheamh 2020
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
87
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
Deimhniú ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste
Freagrachtaí an Choimisiúin agus an Oifigigh Cuntasaíochta
Tá an Coimisiún freagrach as an gcuntas leithreasa
a ullmhú. Tá an tOifigeach Cuntasaíochta freagrach
as an gcuntas leithreasa agus an ráiteas ar rialú
airgeadais inmheánach a shíniú agus iad a chur
faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste
faoin 31 Márta tar éis dheireadh na bliana cuntais.
Ní mór don chuntas leithreasa ceanglais na
Nósanna Imeachta um Airgeadas Poiblí de chuid
na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a
chomhlíonadh, agus déanamh de réir ordacháin
eile ón Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.
Tá an tOifigeach Cuntasaíochta freagrach chomh
maith as cistí agus maoin phoiblí atá faoina chúram
nó faoina cúram a shlánchoimeád, ar mhaithe le
héifeachtúlacht agus barainneacht an Choimisiúin
san úsáid a bhaineann sé as a chuid acmhainní
agus ar mhaithe le rialtacht agus cuibheas gach
idirbheart atá taifeadta sa chuntas leithreasa.
Freagrachtaí an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste
Ceanglaítear orm faoi alt 14 den Acht um Choimisiún
Thithe an Oireachtais, 2003 (arna leasú) cuntas
leithreasa an Choimisiúin a iniúchadh agus tuarascáil
a thabhairt do Thithe an Oireachtais ar an gcéanna.
An cuspóir atá agam le linn dom an t-iniúchadh
a dhéanamh deimhniú réasúnach a fháil i dtaobh an
amhlaidh atá an cuntas saor ó mhíráiteas ábhartha
de dheasca calaoise nó earráide. Is ionann deimhniú
réasúnach agus leibhéal ard deimhnithe, ach ní
ráthaíocht atá ann, maidir le hiniúchadh a sheoltar
de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta maidir le
hIniúchóireacht, go ndéanfar leis míráiteas ábhartha
a bhrath nuair is ann dó. Eascraíonn míráitis as
calaois nó earráid agus meastar gur míráitis
ábhartha iad más rud é, maidir le míráitis a dhéantar
go haonarach nó go comhiomlán, go bhféadfaí a
bheith ag súil leis, le réasún, go mbeadh tionchar
acu ar chinntí eacnamaíocha úsáideoirí arna
nglacadh ar bhonn an chuntais.
Mar chuid d’iniúchadh de réir na gCaighdeán
Idirnáisiúnta maidir le hIniúchóireacht, cuirim
breithiúnas gairmiúil i bhfeidhm agus cloím le
sceipteachas gairmiúil l i rith an iniúchta. Agus
amhlaidh á dhéanamh agam,
�� Aithním agus déanaim measúnú ar na priacail
a bhaineann le míráiteas ábhartha ar an gcuntas
cibé acu calaois nó earráid is cúis leis; ceapaim
agus comhlíonaim nósanna imeachta iniúchta
a fhreagraíonn do na priacail sin; agus faighim
fianaise iniúchta ar leor agus ar cuí í chun bonn a
chur faoi mo thuairim. Tá an riosca a chruthaítear
nuair nach mbraitear míshonrú ábhartha
a eascraíonn as calaois níos airde ná riosca
a eascraíonn as earráid, mar gheall go bhféadfadh
claonpháirteachas, brionnú, easnaimh d’aon turas,
míléiriú, nó gabháil i dtreis ar rialú inmheánach.
�� Faighim tuiscint ar rialú inmheánach a bhaineann
leis an iniúchadh d’fhonn nósanna imeachta
iniúchta a dhearadh atá cuí faoi na cúinsí, ach
nach bhfuil cuí ar mhaithe le tuairim a léiriú
faoi éifeachtacht na rialuithe inmheánacha.
�� Déanaim measúnú ar an amhlaidh a rinneadh
de réir fhorálacha cuntasaíochta na Nósanna
Imeachta um Airgeadas Poiblí de chuid na
Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.
�� Téim i dteagmháil leis an Oifigeach Cuntasaíochta i
dtaobh, i measc nithe eile, raon beartaithe agus
uainiú an iniúchta agus fionnachtana suntasacha ón
iniúchadh, lena n-áirítear aon easnamh suntasach
sa rialú inmheánach a aithnítear le linn an iniúchta.
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
88
Coimisiún Thithe an Oireachtais
Ar an iniúchadh a chur i gcrích, táim faoi oibleagáid
deimhniú a cheangal leis an gcuntas ina luafar an
amhlaidh, i mo thuairim, a léiríonn an cuntas fáltais
agus caiteachas Choimisiún Thithe an Oireachtais
go cuí agus tagairt a dhéanamh d’aon chás
ábhartha:
�� inar mhainnigh an Coimisiún caiteachas arna
thaifeadadh sa chuntas a chur chun feidhme
chun na gcríoch a beartaíodh lena aghaidh, nó
�� nach bhfuil idirbhearta arna dtaifeadadh sa
chuntas ag teacht de réir an údaráis faoina
n-airbheartaítear gur seoladh iad.
Faisnéis seachas an cuntas leithreasa
Ní chumhdaítear an fhaisnéis eile a tíolacadh leis an
gcuntas leithreasa sa tuairim atá tugtha agam ar an
gcuntas leithreasa agus ní léirím, mar thátal, go
bhfuil dearbhú de chineál ar bith á thabhairt agam i
leith na faisnéise sin.
I dtaca leis an iniúchadh ar an gcuntas leithreasa,
ceanglaítear orm faoi na Caighdeáin Idirnáisiúnta
maidir le hIniúchóireacht an ráiteas ar rialú
airgeadais inmheánach a léamh agus, le linn dom
déanamh amhlaidh, a bhreithniú an amhlaidh atá
an fhaisnéis eile ar neamhréir go hábhartha leis an
gcuntas leithreasa nó leis an eolas a fuarthas le linn
an iniúchta, nó an dealraitheach thairis sin gur
míráiteas ábhartha atá ann. Más rud é, bunaithe ar
an obair a rinneadh, go mbainim mar thátal aisti go
bhfuil míráiteas ábhartha i dtaobh na faisnéise eile
seo, ceanglaítear orm an fíoras sin a thuairisciú.
Tuairisciú ar nithe eile
Seolaim an t-iniúchadh atá ar bun agam faoi threoir
na gcúinsí speisialta a ghabhann le comhlachtaí Stáit
i ndáil lena mbainistiú agus lena n-oibriú. Tuairiscím
má bhíonn nithe ábhartha ann a bhaineann leis an
modh ar ar seoladh gnó poiblí.
Tuairiscím chomh maith ar bhonn eisceachta más rud
é, i mo thuairim,
�� Nach bhfuair mé an fhaisnéis agus na mínithe go
léir a theastaigh uaim don iniúchadh, nó
�� nár leor na taifid chuntasaíochta chun go
bhféadfaí an cuntas leithreasa a iniúchadh go
héasca agus go cuí, nó
�� nach bhfuil an cuntas leithreasa i gcomhréir leis
na taifid chuntasaíochta.
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
89
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
Cuntas Leithreasa Choimisiún Thithe an Oireachtais 2019
2019 Soláthar
meastacháin€000
2019Toradh
€000
2018Toradh
€000
1. Riarachán
(a) Tuarastail, pá agus liúntais i leith fhoireann Sheirbhís Thithe an Oireachtais. 31,361 30,833 29,410
(b) Taisteal agus cothú. 476 350 362
(c) Oiliúint agus forbairt agus caiteachais theagmhasacha. 1,335 896 1,128
(d) Seirbhísí postais agus teileachumarsáide. 969 282 786
(e) Trealamh oifige agus seirbhísí seachtracha TF. 17,808 15,948 22,737
(f ) Caiteachais áitreabh oifige. 3,570 2,288 3,504
(g) Seirbhísí sainchomhairle agus athbhreithniú ar luach ar airgead agus ar bheartas. 2,180 437 1,481
(h) Clódóireacht pharlaiminteach. 916 515 614
(i) Seirbhísí leabharlainne agus taighde. 1,460 975 651
(j) Caidreamh poiblí agus cumarsáid. 392 443 254
2. Seirbhísí eile
(a) Íocaíocht i leith foireann lónadóireachta agus beáir. 1,842 1,773 1,677
(b) Caiteachais toscairí chuig tionóil pharlaiminteacha eile. 197 167 128
(c) Teilifísiú imeachtaí Dháil Éireann agus Sheanad Éireann agus seirbhísí eile. 4,028 4,094 4,869
(d) Deontas i leith gníomhaíochtaí idirpharlaiminteacha. 310 239 218
(e) Deontas do Thionól Parlaiminteach na Breataine agus na hÉireann. 125 90 70
(f ) An Cumann Idirpharlaiminteach Thuaidh/Theas. 12 – –
(g) Liúntais foirceanta i leith iarchomhaltaí Thithe an Oireachtais. 2,278 0 34
(h) Deontas do Chumann Parlaiminteach (iarchomhaltaí) na hÉireann. 15 15 10
(i) Deontas i leith “Chiste Pinsean Thithe an Oireachtais”. 15,496 12,271 11,796
(j) Scéim pinsean do chúntóirí rúnaíochta. 1,006 881 972
(k) Scéim Pinsean Seirbhíse Poiblí Aonair do Chomhaltaí Thithe an Oireachtais. 12 – –
3. Comhaltas Dháil Éireann
(a) Tuarastail comhaltaí (lena n-áirítear Sealbhóirí Oifige agus Cathaoirligh Coistí). 15,661 15,300 15,250
(b) Íocaíochtaí i leith cúnamh rúnaíochta do chomhaltaí. 26,124 21,279 20,432
(c) Liúntas Taistil agus Cóiríochta. 3,319 2,890 2,920
(d) An Liúntas Ionadaíochta Poiblí. 3,200 2,912 2,939
(e) Liúntais eile. 2,771 2,096 2,158
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
90
Coimisiún Thithe an Oireachtais
2019 Soláthar
meastacháin€000
2019Toradh
€000
2018Toradh
€000
4. Comhaltas Sheanad Éireann
(a) Tuarastail comhaltaí (lena n-áirítear Sealbhóirí Oifige agus Cathaoirligh Coistí). 4,230 4,222 4,159
(b) Íocaíochtaí i leith cúnamh rúnaíochta do chomhaltaí. 4,028 2,894 2,813
(c) Liúntas Taistil agus Cóiríochta. 1,202 1,139 1,143
(d) An Liúntas Ionadaíochta Poiblí. 750 616 628
(e) Liúntais eile. 378 242 307
5. Comhaltas Choistí an Oireachtais
(a) Caiteachais taistil. 161 66 85
(b) Caiteachais eile a bhaineann le Coistí. 428 54 38
6. Comhaltas Pharlaimint na hEorpa
(a) Tuarastail chomhaltaí de chuid Pharlaimint na hEorpa. 95 48 94
(b) Pinsin iarchomhaltaí Pharlaimint na hEorpa. 918 724 686
Ollchaiteachas 149,053 126,979 134,353
LÚIDE
Fáltais an Choimisiúin (Nóta 4.1) (3,000) (2,367) (2,771)
Glanchaiteachas 146,053 124,612 131,582
2019€
2018€
Barrachas don bhliain 21,440,559 1,331,095
7. Barrachas le tabhairt suas
De réir an Achta um Choimisiún Thithe an Oireachtais (Leasú), 2018, fuair an Coimisiún leithroinnt maoiniúcháin trí bliana €422m do na blianta 2019, 2020 agus 2021. Ba é €126.978m an t-ollchaiteachas in 2019. Ba é €21.441m an leithroinnt nár caitheadh don tréimhse 2019 agus tugtar ar aghaidh é.
Ba é an leithroinnt don tréimhse 2016-2018 nár caitheadh ná €6m agus tugadh suas don Státchiste é.
Peadar Ó Fionnagáin
Oifigeach Cuntasaíochta – Coimisiún Thithe an Oireachtais
23 Meitheamh 2020
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
91
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
Nótaí leis an gCuntas Leithreasa
1. An Ráiteas ar Chostas Oibríochta, 2019
Nóta €0002019
€0002018
€000
Pá 90,223 87,323
Neamhphá 36,756 47,030
Ollchaiteachas 126,979 134,353
Lúide
Leithreasaí-i-gcabhair (2,367) (2,771)
Glanchaiteachas 124,612 131,582
Athruithe ar shócmhainní caipitiúla 2.1
Ceannacháin in Airgead Tirim (6,425)
Dímheas 2,648
Caillteanas ar dhiúscairtí 41 (3,736) (6,890)
Athruithe ar ghlansócmhainní reatha
Méadú ar fhabhraithe deiridh 4,112
Laghdú ar stoc 2.3 68 4,180 (4,862)
Caiteachas díreach 125,056 119,830
Caiteachas a tabhaíodh in áit eile
Glanchaiteachas ar sheirbhísí gaolmhara (airgead tirim) 1.1 33,909 30,441
Measchíosanna (nach airgead tirim) 1.2 5,616 5,423
Glanchostas Cláir 164,581 155,694
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
92
Coimisiún Thithe an Oireachtais
1.1 Glanchaiteachas ar Sheirbhísí Comhghaolmhara
Tá méid an ghlanchaiteachais ar sheirbhísí gaolmhara comhdhéanta de na méideanna seo a leanas i ndáil le
Coimisiún Thithe an Oireachtais arna n-iompar in áit eile.
2019€000
2018€000
Vóta 9 Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim e 90 90
Vóta 12 Aoisliúntas agus Liúntais Scoir 4,361 4,054
Vóta 13 Oifig na nOibreacha Poiblí 13,789 11,608
An Príomh-Chiste:
Liúntais Gníomhaíochtaí Parlaiminteacha do Cheannairí 8,508 8,600
Íocaíochtaí le páirtithe cáilithe faoi na hAchtanna Toghcháin, 1992 go 2015 5,964 5,964
Aisíocaíochtaí i ndáil le Caiteachais Toghcháin 1,131
Pinsin i ndáil le hIarChinn Comhairle (Uimh. 38 de 1938, etc.) 66 125
33,909 30,441
cuirtear in iúl le “e” gur luach measta nó costas cionroinnte an uimhir.
1.2 Measchíosanna
Baineann an figiúr i leith measchíosanna thuas le cóiríocht atá faoi úinéireacht an Stáit agus á háitiú ag Tithe
an Oireachtais agus leis an méid cíosa a mheasann Oifig na nOibreacha Poiblí a d’fhéadfaí a ghearradh ina leith
bunaithe ar luachanna an mhargaidh cíosa ar chóiríocht den sórt sin.
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
93
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
2. An Ráiteas ar an Staid Airgeadais amhail an 31 Nollaig 2019
Nóta2019
€0002018
€000
Sócmhainní Caipitiúla 2.1 12,339 8,603
Sócmhainní Reatha
Glanmhaoiniú atá dlite den Státchiste – 1,728
Banc agus Airgead Tirim 2.2 2,002 400
Stoic 2.3 228 296
Réamhíocaíochtaí* 3,199 5,757
Ioncam fabhraithe 454 577
Iarmhéideanna dochair eile 2.4 707 715
Sócmhainní Reatha Iomlána 6,590 9,473
Lúide Dliteanais Reatha
Caiteachais fhabhraithe 2.9 2,661 1,230
Iarmhéideanna sochair eile 2.5 2,681 2,843
Glanmhaoiniú atá dlite den Státchiste 2.6 28 –
Dliteanais Iomlána Reatha 5,370 4,073
Glansócmhainní Reatha 1,220 5,400
Glansócmhainní 13,559 14,003
Arna léiriú ag:
An cuntas um Chistiú Stáit 2.7 13,599 14,003
* Áirítear ar réamhíocaíochtaí 2018 costais €1.793 milliún i leith trealamh caipitiúil, a ceannaíodh in 2018 ach nach mbeidh coimisiúnaithe go hiomlán go dtí
2019, mar a shonraítear thíos: Tá an trealamh seo coimisiúnaithe ina iomláine faoin am seo agus tá sé curtha san áireamh sna breiseanna Sócmhainní
Seasta don bhliain 2019.
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
94
Coimisiún Thithe an Oireachtais
2.1 Sócmhainní Caipitiúla
TF Oifige€000
Oifige agus Feistis€000
Trealamh Oifige€000
Sócmhainní á bhForbairt
€000Iomlán
€000
Ollsócmhainní
Costas nó luacháil an 1 Eanáir 2019 10,891 2,589 3,668 3,675 20,823
Breiseanna* 801 17 1,321 4,286 6,425
Aistrithe 3,975 – – (3,975) –
Diúscairtí (104) – (120) – (224)
Sócmhainní comhlána an 31 Nollaig 2019 15,563 2,606 4,869 3,986 27,024
Dímheas Carntha:
Iarmhéid oscailte an 1 Eanáir 2019 6,809 2,370 3,041 – 12,220
Dímheas don bhliain 2,149 39 460 – 2,648
Dímheas ar dhiúscairtí (102) – (81) – (183)
Dímheas carnach ar an 31 Nollaig 2019 8,856 2,409 3,420 – 14,685
Glansócmhainní an 31 Nollaig 2019 6,707 197 1,449 3,986 12,339
Glansócmhainní ar an 31 Nollaig 2018 4,082 219 627 3,675 8,603
* I measc na mbreiseanna don bhliain tá suim €1.167m a bhaineann le saoráidí clódóireachta a raibh cuntas déanta orthu mar Réamhíocaíochtaí roimhe seo.
Amhail an 31 Nollaig 2019, bhí an trealamh suite in áitreabh an Oireachtais agus bhí sé ar fáil le húsáid. Bhí an oiliúint foirne ar conas is ceart an trealaimh a
úsáid fós ar siúl.
2.2 Banc agus Airgead Tirim
2019€000
2018€000
ar an 31 Nollaig
Iarmhéideanna an Phá-Mháistir Ghinearálta 2,002 400
2,002 400
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
95
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
Cuntais Eile le Bainc Tráchtála
Baineann na cuntais le bainc tráchtála dá dtagraítear thuas le cistí cuntais leithreasa. Tá dhá chuntas bhreise le
bainc thráchtála á sealbhú ag an Oireachtas Déanann an tOireachtas airgead sna cuntais sin a bhainistiú agus
a riar chun na saoráidí beáir agus lónadóireachta a sholáthar agus a oibriú. Ní dhéantar aon airgead a íoctar ón
gCoimisiún a tharchur trí na cuntais bhainc sin, cé go ndéantar roinnt airgid a thabhairt suas don Choimisiún
faoi Sceideal 2 a ghabhann leis na hAchtanna um Choimisiún Thithe an Oireachtais, 2003-2018 mar atá leagtha
amach ina míreanna i Nóta 4. Ba é an tsuim a bhí á coimeád ag deireadh 2019 €329,756 agus níor cuireadh
san áireamh sa chuntas é (2018: €243,166).
2.3 Stoic
2019€000
2018€000
ar an 31 Nollaig
Páipéarachas 36 27
Tomhaltáin TF 163 190
Eile 29 79
228 296
2.4 Iarmhéideanna Dochair Eile
2019€000
2018€000
ar an 31 Nollaig
Tuarastail infhorchúitithe 7 7
Forchúiteamh ar scéimeanna taistil 245 261
Míreanna dochair eile 455 447
707 715
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
96
Coimisiún Thithe an Oireachtais
2.5 Iarmhéideanna Sochair Eile
2019€000
2018€000
ar an 31 Nollaig
Suimeanna dlite don Stát
Cáin ioncaim 1,049 1,036
Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa 577 551
Cáin Shiarchoinneálach ar Sheirbhísí Gairmiúla 312 326
Cáin Bhreisluacha 71 266
Ranníocaí Pinsin 212 198
Muirear Sóisialta Uilíoch 205 215
Míreanna Sochair Eile 15 7
2,441 2,599
Asbhaintí párolla a choimeádtar i bhfionraí 240 244
2,681 2,843
2.6 Glanchistiú Státchiste dlite
Nóta2019
€0002018
€000
ar an 31 Nollaig
Barrachas 21,441 1,331
Deontas Státchiste nár tarraingíodh (19,685) (2,354)
Glanchistiú státchiste dlite 1,756 (1,023)
Iarmhéid a tugadh anonn an 1 Eanáir (1,728) (705)
28 (1,728)
Arna léiriú ag:
Féichiúnaithe
Banc 2.2 2,002 400
Iarmhéideanna Dochair eile 2.4 707 715
2,709 1,115
Creidiúnaithe
Dlite don Stát 2.5 (2,441) (2,599)
Iarmhéideanna Sochair eile 2.5 (240) (244)
(2,681) (2,843)
28 (1,728)
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
97
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
2.7 An Cuntas um Chistiú Stáit
Note2019
€0002018
€000
Iarmhéid an 1 Eanáir 14,003 2,251
Eisíocaíochtaí ag an gCoimisiún
Soláthar meastacháin Cuntas* 146,053
Barrachas Cuntas* (21,441)
Glansoláthar 124,612 131,582
Caiteachas (airgead tirim) a tabhaíodh in áit eile Nóta 1.1 33,909 30,441
Caiteachas neamhairgid – measchíos Nóta 1.2 5,616 5,423
Glanchostas cláir Nóta 1 (164,581) (155,694)
Iarmhéid an 31 Nollaig 13,559 14,003
* Nóta: Tagraíonn “Cuntas” d’aghaidh an Chuntais Leithreasa
2.8 Gealltanais
2019€000
2018€000
ar an 31 Nollaig
a) Ceangaltais Dhomhanda
Fo-mhírchinn sainfhála – 253
Fo-mhírchinn deontais – –
Ceangaltais ilbhliantúla 5,797 7,765
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
98
Coimisiún Thithe an Oireachtais
2.9 Dliteanais Aibithe
2019€000
2018€000
ar an 31 Nollaig 2,661 1,230
Meastachán ar dhliteanais aibí nár urscaoileadh ag deireadh na bliana.
2.10 Dliteanais Theagmhasacha
Tá baint ag an gCoimisiún le roinnt imeachtaí dlí agus d’fhéadfadh dliteanais éirí astu ag brath ar an toradh.
Tá an Chúirt Uachtarach tar éis a breithniúnas a thabhairt i ndáil le modúl a haon d’imeachtaí Kerins.
Dhearbhaigh an Chúirt Uachtarach gur ghníomhaígh an Coiste um Chuntais Phoiblí go neamhdheathach i ndáil
le ceistiú an Uas. Kerins ag an gCoiste agus rinne sí costais Mhodúl 1 (gan follasú a áireamh) a dhámhachtain
don Uas. Kerins, amhail i gcoinne Dháil Éireann. Níor tugadh méid an dliteanais seo fós.
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
99
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
3. Difríochtaí i gCaiteachas
Bhí an toradh comhlán deiridh i ndáil leis an gCoimisiún €21.441 milliún níos lú ná an Ráiteas faoi
Mheastachán.
Tugtar míniú anseo thíos i gcás gach fo-mhírchinn caiteachais ina raibh difríocht ba mhó ná €100,000 agus
ba mhó ná 5% (25% i gcás fo-mhírchinn riaracháin) idir an toradh agus an méid a soláthraíodh nó i gcás go
bhfreagraíonn an difríocht do dhifríocht shuntasach ón soláthar meastacháin bunaidh nach gcomhlíonann
na critéir thuas ach a bhfuil míniú uirthi dlite. I gcásanna ina raibh róchaitheamh, rinne an Coimisiún agus
an tArd-Rúnaí vírmint a cheadú go foirmiúil.
Cur Síos
Fo- mhír-
cheann
Níos lú/(níos mó) ná mar a
soláth-raíodh i dtosach
€000 Míniú
Riarachán
Taisteal agus Cothú 1(b) (126) Bhain an tearc-chaitheamh le taistil níos lú ná mar a rabhthas ag súil leis, go háirithe maidir le Coistí agus gníomhaíocht idirpharlaiminteacha.
Oiliúint agus forbairt agus caiteachais theagmhasacha
1(c) (439) Bhain an tearc-chaitheamh le caiteachas níos lú ná mar a rabhthas ag súil leis i measc roinnt limistéar, speisialtóirí AD, costais earcaíochta agus seirbhísí aistriúcháin sheachtracha ina measc.
Seirbhísí poist agus teileachumarsáide
1(d) (687) Bhain an tearc-chaitheamh go príomha le soláthar nach raibh gá leis do sheirbhísí néal-óstála agus táille bhliantúil mhalartáin bhrainsigh phríobháidigh uathoibríoch (PABX) nár íocadh go dtí 2020.
Caiteachas Áitribh Oifige 1(f ) (1,282) Tháinig an tearc-chaitheamh aníos mar gheall ar chostais níos ísle ná mar a raibh coinne leis maidir le táillí seirbhíse OOP, costais fuinnimh agus cóiríocht.
Seirbhísí sainchomhairle agus athbhreithniú ar luach ar airgead agus ar bheartas
1(g) (1,743) Tháinig an tearc-chaitheamh aníos mar gheall ar theagmhas neamhúsáidte le haghaidh costais dlí agus gá níos ísle ná mar a raibh coinne leis le seirbhísí sainchomhairleoireachta.
Clódóireacht pharlaiminteach
1(h) (401) Tháinig ann don tearc-chaitheamh de bharr éileamh níos lú ná mar a rabhthas ag súil leis ar dhearadh grafach.
Seirbhísí Leabharlainne agus Taighde
1(i) (485) Bhain an tearc-chaitheamh go príomha le tosú tionscadail Leabharlainne, cartlann na parlaiminte agus na córais bhainistíochta taifead ina measc ar cuireadh moill orthu.
Caidreamh poiblí agus cumarsáid
1(j) 51 Tháinig an róchaitheamh aníos go príomha maidir le himeachtaí comórtha céad bliain na Dála.
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
100
Coimisiún Thithe an Oireachtais
Cur Síos
Fo- mhír-
cheann
Níos lú/(níos mó) ná mar a
soláth-raíodh i dtosach
€000 Míniú
Seirbhísí Eile
Teilifísiú imeachtaí Dháil Éireann agus Sheanad Éireann agus Seirbhísí Eile
2(c) 66 Tháinig an róchaitheamh aníos go príomha mar gheall ar ábhar teilifíse Dáil 100 agus athsholáthar an chórais chartlannaithe. Rinne tionscadal athsholáthair crua-earraí a cuireadh siar iad seo a sheach-chur go páirteach.
Liúntais foirceanta i leith iarchomhaltaí Thithe an Oireachtais.
2(g) (2,278) Níor theastaigh soláthar d’íocaíochtaí foirceanta a bhain le toghchán.
Deontas i leith “Chiste Pinsean Thithe an Oireachtais”
2(i) (3,225) Tháinig an tearc-chaitheamh aníos go príomha mar gheall ar sholáthar d’íocaíochtaí cnapshuime a bhain le toghchán nár theastaigh in 2019.
Scéim pinsean do chúntóirí rúnaíochta
2(j) (125) Tháinig an tearc-chaitheamh aníos go príomha mar gheall ar íocaíocht phinsin a bhí ní b’ísle nár mar a measadh.
Comhaltas Dháil Éireann
Íocaíocht i leith cúnamh rúnaíochta do chomhaltaí
3(b) (4,845) Tháinig an tearc-chaitheamh aníos go príomha mar gheall ar sholáthar d’íocaíochtaí cnapshuime a bhain le toghchán, chomh maith le costais foirne a bhí ní b’ísle ná mar a raibh coinne leis.
An Liúntas Taistil agus Cóiríochta
3(c) (429) Baineann an tearc-chaitheamh le ceanglas soláthar a dhéanamh do tharraingt anuas iomlán ar an Liúntas Taistil agus Cóiríochta (LTC), rud nár éilíodh.
An Liúntas Ionadaíochta Poiblí
3(d) (288) Baineann an tearc-chaitheamh le ceanglas soláthar a dhéanamh do tharraingt anuas iomlán ar an Liúntas Ionadaíochta Poiblí, rud nár éilíodh.
Liúntais eile 3(e) (675) Baineann an tearc-chaitheamh le ceanglas soláthar a dhéanamh do tharraingt anuas iomlán ar liúntais áirithe, rud nár éilíodh, an Liúntas Rúnaíochta
Speisialta agus Deontas na nOifigí Dáilcheantair ina measc.
Comhaltas Sheanad Éireann
Íocaíocht i leith cúnamh rúnaíochta do chomhaltaí
4(b) (1,134) Tháinig an tearc-chaitheamh aníos go príomha mar gheall ar sholáthar d’íocaíochtaí cnapshuime a bhain le toghchán nár theastaigh in 2019, chomh maith le costais foirne a bhí ní b’ísle ná mar a raibh coinne leis.
An Liúntas Ionadaíochta Poiblí
4(d) (134) Baineann an tearc-chaitheamh le ceanglas soláthar a dhéanamh do tharraingt anuas iomlán ar an Liúntas Ionadaíochta Poiblí, rud nár éilíodh.
Liúntais eile 4(e) (136) Baineann an tearc-chaitheamh le ceanglas soláthar a dhéanamh do tharraingt anuas iomlán ar liúntais áirithe, rud nár éilíodh, Liúntas Poist, an Liúntas Rúnaíochta Speisialta agus Deontas na nOifigí Dáilcheantair ina measc.
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
101
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
Cur Síos
Fo- mhír-
cheann
Níos lú/(níos mó) ná mar a
soláth-raíodh i dtosach
€000 Míniú
Comhaltas Choistí an Oireachtais
Caiteachais eile a bhaineann le Coistí.
5(b) (374) Tháinig ann don tearc-chaitheamh de bharr éileamh níos lú ar shainchomhairleoireacht ná mar a ndearnadh soláthar dó
Comhaltas Pharlaimint na hEorpa
Pinsin iarchomhaltaí Pharlaimint na hEorpa
6(b) (194) Baineann an tearc-chaitheamh le soláthar cnapshuime do phinsinéir nua nach raibh gá leis.
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
102
Coimisiún Thithe an Oireachtais
4. Fáltais
4.1 Fáltais an Choimisiúin
De réir fhorálacha an Achta um Choimisiún Thithe an Oireachtais (Leasú), 2018, úsáidfidh an Coimisiún
na fáltais dá chuid a shonraítear i Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht d’fhonn a chuid feidhmeanna a
chomhlíonadh.
Tá fáltais iomlána €2,366,802 a choinnigh an Coimisiún agus a fritháiríodh i gcoinne a chaiteachais
chomhláin taifeadta i ráitis airgeadais 2019. Baineann fáltais €5,685 le seirbhísí Craoltóireachta, baineann
fáltais €170,443 le seirbhísí Lónadóireachta agus Beáir. Tá fuílleach na bhfáltas sna hearnálacha seo a leanas,
fáltais €2,184,202 a bhaineann le hasbhaintí i leith pinsin ar luach saothair na seirbhíse poiblí, fáltais €6,232 a
bhaineann le costais toghcháin díscaoilte i ndáil le toghcháin Pharlaimint na hEorpa, agus choinnigh an
Coimisiún an fuílleach €240 a fuarthas in 2019 agus fritháiríodh é i gcoinne a chaiteachais chomhláin.
Baineann fáltais €2,851 le ranníocaíochtaí pinsin fheisirí parlaiminte na hEorpa agus fritháiríodh iad in
aghaidh phinsin iarchomhaltaí Pharlaimint na hEorpa.
Measta €000
2019Réadaithe
€000
2018Réadaithe
€000
1 Díol sheirbhísí an Aonaid Craolacháin – 6 6
2 Glanioncam ó sheirbhísí lónadóireachta agus beáir (Nóta 6.9) – 170 197
3 Fáltais a fuair an Coimisiún le linn dó a fheidhmeanna a chomhlíonadh (seachas fáltais maidir le caiteachais a d’íoc an Coimisiún thar ceann a chuid comhaltaí nó a chuid comhaltaí foirne a ghnóthaigh an Coimisiún ó na comhaltaí nó ó na comhaltaí foirne lena mbaineann). 3,000 2,191 2,568
Fáltais a aithnítear sa Chuntas Leithreasa 3,000 2,367 2,771
4 Ranníocaí Comhaltaí faoi Scéim Pinsean Pharlaimint na hEorpa (Ionadaithe na hÉireann), 1979 – 3 7
Fáltais Iomlána 3,000 2,370 2,778
Nótaí
Ní áirítear ranníocaí Comhaltaí faoi Scéim Pinsean Pharlaimint na hEorpa (Ionadaithe na hÉireann), 1979 mar fháltas toisc go ndéantar iad a fhritháireamh i
gcoinne pinsean a íoctar le hiarChomhaltaí de chuid Pharlaimint na hEorpa faoi fho-mhírcheann 6(b) den chuntas.
Athruithe Suntasacha (+/- 5%)
Bhí luach €633,198 níos lú ar na fáltais fhoriomlána ón gCoimisiún ná an meastachán. Tugtar míniú ar
na difríochtaí thíos:
3. Fáltais a fuair an Coimisiún le linn dó a fheidhmeanna a chomhlíonadh (seachas fáltais maidir le caiteachais
a d’íoc an Coimisiún thar ceann a chuid comhaltaí nó a chuid comhaltaí foirne a ghnóthaigh an Coimisiún ó na
comhaltaí nó ó na comhaltaí foirne lena mbaineann). Tháinig ann don difríocht de bharr an rósholáthair le
haghaidh fáltas, an asbhaint a bhaineann le pinsin sa bhliain 2019 ach go háirithe.
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
103
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
5. Soláthar Foirne agus Luach Saothair
Seirbhís Thithe an Oireachtais*
5.1 An Líon Fostaithe
2019 2018
Líon na foirne ag deireadh na bliana (coibhéisí lánaimseartha) 572 564
5.2 Pá
2019€000
2018€000
Pá 28,050 26,856
Liúntais ard-dualgas, dualgas speisialta nó dualgas breise 263 249
Liúntais eile 249 206
Ragobair 1,264 1,186
Liúntais sealoibre agus eile 465 478
ÁSPC Fostóra 2,450 2,251
Íocaíochtaí Téarfa – –
Pá iomlán* 32,741 31,226
* Dáiltear figiúr an phá iomláin i measc fho-mhírchinn 1(a) agus 2(a)
An Scéim um Chúnamh Rúnaíochta do Chomhaltaí agus do Pháirtithe
2019 2018
Líon na foirne ag deireadh na bliana (coibhéisí lánaimseartha) 454 450
€000 €000
Pá 18,423 17,791
Íocaíochtaí iomarcaíochta 286 119
Liúntais ard-dualgas, dualgas speisialta nó dualgas breise – –
Ragobair agus freastal breise 3,249 3,196
ÁSPC Fostóra 2,301 2,203
Pá iomlán** 24,259 23,309
** Dáiltear figiúr an phá iomláin i measc fho-mhírchinn 3(b) agus 4(b)
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
104
Coimisiún Thithe an Oireachtais
5.3 Liúntais agus Íocaíochtaí Ragoibre
Líon faighteoirí
Faighteoirí €10,000 nó
níos mó
Íocaíocht uasta
aonair 2019€
Íocaíocht uasta
aonair 2018
€
Seirbhís Thithe an Oireachtais
Liúntais ard-dualgas, dualgas speisialta nó dualgas breise 68 6 19,317 19,317
Liúntais eile 97 3 33,574 49,010
Ragobair 235 53 29,825 29,641
Liúntais sealoibre agus eile 73 – 7,945 7,839
Líon na bpearsan aonair a fuair luach saothair breise i níos mó ná aon chatagóir amháin 118 80 36,022 32,497
An Scéim um Chúnamh Rúnaíochta do Chomhaltaí agus do Pháirtithe
Liúntais ard-dualgas, dualgas speisialta nó dualgas breise – – – –
Ragobair agus freastal breise 500 122 23,106 18,998
Líon na bpearsan aonair a fuair luach saothair breise i níos mó ná aon chatagóir amháin – – – –
5.4 Socruithe eile Luach Saothair
Íocadh €58,174 san iomlán le státseirbhísigh atá ar scor agus a fostaíodh ar bhoird agallaimh éagsúla
agus chun saintascanna parlaiminteacha agus rialachais a dhéanamh. Bhí na híocaíochtaí a rinneadh
de réir phrionsabail an Achta um Pinsin na Seirbhíse Poiblí (Scéim Aonair agus Forálacha Eile), 2012.
Cuireadh téarmaí an Chomhaontaithe Athstruchtúraithe 1% maidir leis an gClár um Iomaíochas agus Obair
de chuid AHCPS/IMPACT i ngníomh agus íocadh €131,550 san iomlán in 54 gcás dá réir.
Áirítear leis an gcuntas seo caiteachas €136,769 maidir le 2 oifigeach a bhí ag fónamh lasmuigh
den Choimisiún don chuid go léir den bhliain 2019 nó cuid de agus ar íoc an Coimisiún a dtuarastail.
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
105
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
5.5 Ró-íocaíochtaí Párolla
2019€
2018€
Ró-íocaíochtaí 61,223 74,535
Líon faighteoirí 20 27
Pleananna gnóthúcháin 11 10
Níor aistríodh aon phleananna gnóthúcháin chuig aon Roinn eile sa bhliain.
5.6 Íocaíochtaí Téarfa, Iomarcaíochta agus Foirceanta
Íocadh €285,660 san iomlán in íocaíochtaí iomarcaíochta le 5 chomhalta foirne polaitíochta faoin Scéim
do Chúntóirí Rúnaíochta.
Féadfaidh iarchomhaltaí de Thithe an Oireachtais nach bhfuil sé i gceist acu seasamh sa toghchán do Sheanad
Éireann nó nach dtugann a dtoiliú a bheith ainmnithe mar chomhalta de Sheanad Éireann, liúntas foirceanta a
fháil, ar a dtugtar íocaíochtaí foirceanta. Ceanglaíodh ar Chomhaltaí a thoghtar nó a ainmnítear chun an
tSeanaid ina dhiaidh sin aon íocaíochtaí den sórt sin a aisíoc. Forchúitíodh suim €375 a bhí le híoc a bhain
le socrú den sórt sin in 2019.
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
106
Coimisiún Thithe an Oireachtais
6. Ilghnéitheach
6.1 Cúiteamh agus costais dlí
Líon nagcásanna
Costais dlí ar íoc an
Coimisiún astu €000
Costais Dlí a bronnadh
€000
Cúiteamh bronnta
€000
2019Iomlán
€000
2018€000
Éilimh arna ndéanamh ag:
fostaithe 3 32 – – 32 13
daoine den phobal 3 84 – 10 94 534
116 – 10 126 547
Athluadh na figiúirí thuas don bhliain 2018 chun mírangú sna fo-iomláin a cheartú. Níl athrú tagtha ar an
iomlán foriomlán.
6.2 Calaois nó Calaois Líomhnaithe
Líon na gcásanna 2019 2018
Calaois – –
Calaois amhrasta – 1
Chuir an tOireachtas cás calaoise líomhnaithe in iúl i gCuntas Leithreasa 2018, i ndáil le héileamh ar
chreidmheas breisíoch tuarastail thar thréimhse 18 mí. Tá seo á imscrúdú ag an nGarda Síochána go fóill.
6.3 Ús ar Íocaíocht Dhéanach agus Cúiteamh
2019€
2018€
Iomlán an úis agus an chúitimh a íocadh 3,910 1,710
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
107
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
7. Deontas agus Cuntais Ilghnéitheacha
7.1 Deontas do Thionól Parlaiminte na Breataine-na hÉireann
Bunaíodh Tionól Parlaiminteach na Breataine agus na hÉireann sa bhliain 1990. Tá parlaiminteoirí de chuid na
Breataine Móire agus na hÉireann, mar aon le Parlaiminteoirí ó gach ceann de na Tionóil i dTuaisceart Éireann,
sa Bhreatain Bheag, in Albain, i nGeirsí, i nGeansaí agus in Oileán Mhanann ina gcomhaltaí de. Cuirtear
maoiniú ar fáil ó Státchistí RA agus na hÉireann agus reáchtáiltear seisiúin Iomlánacha dhá uair sa bhliain,
in Éirinn agus in RA, ceann i ndiaidh an chinn eile.
An Cuntas fáltas agus íocaíochtaí don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2019
2019€
2018€
Iarmhéid an 1 Eanáir 24,838 33,807
Deontas [fo-mhírcheann 2(e)] 90,000 70,000
Fáltais ilghnéitheacha 6,963 191
Seic nár briseadh 158 249
Fáltais Iomlána 97,121 70,440
Íocaíochtaí
Seisiúin iomlánacha 90,480 66,188
Coistí 6,983 11,731
Ilghnéitheach 1,024 1,490
Iomlán na nÍocaíochtaí 98,487 79,409
Iarmhéid amhail an 31 Nollaig 23,472 24,838
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
108
Coimisiún Thithe an Oireachtais
7.2 Cumann Parlaiminteach na hÉireann
Deontas i leith gníomhaíochtaí idirpharlaiminteacha
Oibríonn Cumann Parlaiminteach na hÉireann faoi shainchúram Choimisiún Thithe an Oireachtais. Déanann
Coiste Feidhmiúcháin ar a bhfuil an Ceann Comhairle, Cathaoirleach, Leas-Chathaoirleach agus cúig chomhalta
dhéag den Oireachtas cumhachtaí Chumann Parlaiminteach na hÉireann a fheidhmiú. Is é ról an Chumainn
tuiscint agus teagmhálacha idir Parlaiminteoirí na hÉireann agus parlaiminteoirí i dtíortha eile a chur chun cinn.
An Cuntas fáltas agus íocaíochtaí don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2019
2019€
2018€
Iarmhéid ar an 1 Eanáir 23,905 30,896
Deontas [fo-mhírcheann 2(d)] 239,383 217,408
Suibscríbhinní na gComhaltaí 2,019 2,013
Fáltais Iomlána 241,402 219,421
Íocaíochtaí
Caiteachais thoscaireachtaí na hÉireann ar chuairteanna coigríche 78,798 67,193
Caiteachais toscaireachtaí coigríche ar chuairteanna chuig Éirinn 43,635 70,076
Caiteachais Chomhdháil an Aontais Idirpharlaimintigh 88,472 39,515
Caiteachais eile 52,782 49,628
Iomlán na nÍocaíochtaí 263,687 226,412
Iarmhéid amhail an 31 Nollaig 1,620 23,905
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
109
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
7.3 Cuntais na Seirbhísí Lónadóireachta agus Beáir
Cuntas Ioncaim agus Caiteachais don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2019
2019€
2018€
Díolacháin 1,402,468 1,301,711
Costas na nDíolachán (816,955) (766,519)
Barrachas Comhlán 585,513 535,192
Caiteachais (376,830) (406,968)
Glanbharrachas 208,683 128,224
An Clár Comhardaithe amhail ar an 31 Nollaig 2019
2019€
2018€
Sócmhainní seasta 12,440 23,760
Sócmhainní reatha
Stoc 42,089 43,778
Féichiúnaithe 72,645 46,482
CBL agus réamhíocaíochtaí 0 30,015
Banc agus airgead tirim 329,756 243,166
444,490 363,441
Dliteanais reatha
Creidiúnaithe trádála 191,358 183,483
CBL 23,552
214,910 183,483
Glansócmhainní Iomlána 242,020 203,718
Arna maoiniú ag:
Barrachas carnach/(Easnamh) arna Choinneáil gan fo-mhírcheann 2(a) a áireamh 1,139,593 1,011,368
Barrachas/(Easnamh) don bhliain reatha gan fo-mhírcheann 2(a) a áireamh 208,683 128,224
Méid carnach a íocadh go dtí seo le Tithe an Oireachtais (1,106,256) (935,874)
242,020 203,718
Nótaí a ghabhann leis na cuntais
i) Íocann an Coimisiún costais párolla na foirne Lónadóireachta agus Beáir go díreach agus léirítear na costais sin ag fo-mhírcheann 2(a) den Chuntas
Leithreasa arb é €1,772,782 a bhí orthu. (2018: €1,676,976)
ii) Déantar méid ó na cuntais lónadóireachta agus bheáir a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún ar bhonn bliantúil agus déantar é a thaifeadadh mar fháltas
i gcuntas an Choimisiúin (Nóta 4.1). Déantar an méid a ríomh ar bhonn iarmhéid bainc a bheith coimeádta sa chuntas arb ionann é agus meánmhéid
íocaíochtaí dhá mhí le soláthraithe. Ba é €170,443 an méid a cuireadh ar aghaidh sa bhliain 2019 (2018: €196,767).
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
110
Coimisiún Thithe an Oireachtais
Leis an ionstraim reachtúil seo tugtar éifeacht do
Threoir 2011/7/AE maidir le Cur i gCoinne Íocaíocht
a Dhéanamh Déanach in Idirbhearta Tráchtála.
An tréimhse lena mbaineann an t-athbhreithniú seo: An 1 Eanáir 2019 go dtí an 31 Nollaig 2019
Ráiteas Comhlíonta
Comhlíonann Seirbhís Thithe an Oireachtais
forálacha an Achta um Íoc Pras Cuntas, 1997 agus
Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Íocaíocht a
Dhéanamh Déanach in Idirbhearta Tráchtála), 2012
(I.R. Uimh. 580 de 2012).
Tá an tAcht á chur i ngníomh go hiomlán sa tSeirbhís
ón 10 Bealtaine 2002 i leith. Is é beartas na Seirbhíse
é gach sonrasc a ghlanadh go pras ag féachaint go
cuí do théarmaí conarthacha, más infheidhme, do
dhea-chleachtais bainistíochta airgeadais agus airgid
thirim agus d’fhorálacha na reachtaíochta.
D’eisigh an tAonad Airgeadais treoracha chuig gach
duine den fhoireann a phróiseálann íocaíochtaí chun
a chinntiú go gcomhlíontar forálacha na
reachtaíochta. Cé gur ceapadh na nósanna imeachta
chun a chinntiú go gcomhlíonfar an tAcht, ní féidir leo
ach deimhniú réasúnach, agus ní deimhniú iomlán, a
thabhairt in aghaidh neamhchomhlíonadh ábhartha
an Achta.
Íocaíochtaí a bhí dlite faoi théarmaí an Achta
laistigh den tréimhse iomchuí
Sa tréimhse atá á hathbhreithniú, rinneadh 8,191
n-íocaíocht a phróiseáil lenar bhain luach iomlán
€30 milliún. De na híocaíochtaí sin, gearradh pionóis
agus ús faoin Acht ar 60 díobh arb ionann a n-iomlán
agus €3,909.55. Bhain sonraisc ar mhó a luach ná
€317 le tríocha ceann de na híocaíochtaí sin.
An tréimhse íocaíochta a laghdú go dtí 15 lá
Rinne an tSeirbhís an spriocthréimhse uasta le
haghaidh íocaíochtaí le soláthraithe a laghdú ó 30
lá go 15 lá, le héifeacht ón 15 Meitheamh 2009, le
teacht leis an athrú atá tagtha ar bheartas Rialtais.
Dá mbeadh an sprioc 15 lá i bhfeidhm ar bhonn
reachtúil, thabhófaí ús íoca phrais ar 944 íocaíocht
eile, is é sin 12% de líon iomlán na n-íocaíochtaí
tráchtála a próiseáladh ón 1 Eanáir 2019 go dtí
an 31 Nollaig 2019.
Michael Errity,
Rúnaí Cúnta,
Seirbhísí Corparáideacha agus Seirbhísí do
Chomhaltaí
An 6 Bealtaine 2020
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
111
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
An Tuarascáil faoi Chomhlíonadh Fhorálacha an Achta um Íoc Pras Cuntas, 1997 agus Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Íocaíocht a Dhéanamh Déanach in Idirbhearta Tráchtála), 2012 (I.R. Uimh. 580 de 2012).
Cléireach Dháil Éireannagus
Ard-Rúnaí
PEADAR Ó FIONNAGÁIN
Rúnaí Cúnta,Seirbhísí Parlaiminteacha
agus Leas-Chléireach Na Dála
ELAINE GUNN
Rúnaí Cúnta, Seirbhísí Corparáideacha
agus Seirbhísí do Chomhaltaí
MICHAEL ERRITY
Rúnaí Cúnta,Príomh-Chomhairleoir
Dlí an Oireachtais
MELLISSA ENGLISH
Oifig an Chléirigh
Rúnaí Príobháideach
BRIGID MCGLYNN
Oi�g an Choimisiúinagus an Ard-Rúnaí,
Rialachas Corparáideach
MÁIRÍN DEVLIN
Rúnaí Cúnta, Na Seirbhísí Faisnéise
agus Taighde Parlaiminte
ANNETTE CONNOLLY
AD Fhoireann nagComhaltaí, Pinsin
BRÍD DUNNE
Rannóg anMhaoirseora
AD Fhoireann anOireachtais, Oiliúint
MARGARET CRAWLEY
Airgeadais, Sainfhail, Tuarastail
SARAGH FITZPATRICK
An Comhairleoir DlíParlaiminteach agus
Corparáideach
RAMONA QUINN
An Comhairleoir Dlíum Billí Comhaltaí
Príobháideacha
SINÉAD O’BRIEN
An DréachtóirReachtach
Parlaiminteach
KIERAN MOONEY
Rúnaíocht na gCoistí
(lena n-áirítearTionól Parlaiminteachna Breataine agus na
hÉireann agus anCumann Idir-
pharlaiminteachThuaidh-Theas)
MICHELLE GRANT
TOM MALONE
BRIAN HICKEY
(Féach Oireachtas.iemaidir le Coistíatá sannta do
Phríomhoifigighar leith)
Leas-ChléireachSheanad Éireann
BRIDGET DOODY
CléireachSheanadÉireann
MARTIN GROVES
Ionadaí naParlaiminte
Náisiúnta in AE
PAUL CONWAY
Rannóg an
Aistriúcháin
VIVIAN UÍBH EACHACH
Oifig na nDíospóireachtaí
ANNE MAXWELL
Seirbhísí Tí
NOREEN BANIM
BREDA BURKE
An Oifig BuiséidPharlaiminteach
DENISE O’CONNELL
Taighde,Leabharlann agusCartlann, Bainistiú
Taifead
MADELAINE DENNISON
Cumarsáid, Craoladhagus Gréasán,
CaidreamhIdirnáisiúnta
DEREK DIGNAM
BainistíochtSaoráidí
CHARLES HEARNE
TFC
FINN DE BRÍ
TERESA DOOLAN
Seirbhísí do Chomhaltaí,Lónadóireacht,
Seirbhísí Clódóireachta
CIARAN SMITH
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
112
Coimisiún Thithe an Oireachtais
Aguisín I:
Cairt Eagraíochta Thithe an Oireachtais
GráidLíonta Iomlána Comhaltaí i bhfeidhm i Nollaig
2019 Líonta a Ceadaíodh 529
Ard-Rúnaí 1
Rúnaí Cúnta 4
Príomhoifigeach 22
Príomhoifigeach Cúnta 70
Cléireach Sinsearach 61
Oifigeach Riaracháin 21
Cléireach Sóisearach 64
Oifigeach Cléireachais 80
Abhcóide Comhairleach 11
Abhcóide Parlaiminteach Cúnta – Grád II 3
Leas-Eagarthóir 3
Eagarthóir Cúnta 7
Tuairisceoir Parlaiminte 36
Tuairisceoir (Cumarsáid/Gréasán) 1
Taighdeoir Sinsearach 11
Taighdeoir 6
Leabharlannaí Cúnta 7
Aistritheoir – Grád 1 5
Aistritheoir – Grád 2 7
Aistritheoir – Grád 3 7
Uiséir – Grád I 4
Uiséir – Grád I 7
Uiséir – Grád III 42
Uiséir – Grád III (PT) 3
Príomhoifigeach Seirbhísí/Leas-Phríomhoifigeach Seirbhísí 2
Oifigeach Seirbhísí 15
Freastalaí Seirbhísí 4
Póirtéir Parlaiminte 3
Teileafónaí (Faoiseamh) 1
Glantóir 7
Sainfhoireann, Foireann Shealadach agus Foireann Eile* (féach thíos) 2
Líon Iomlán na gComhaltaí Foirne Státseirbhíse** 517
* Oifigeach Oideachais agus Iniúchóir Sinsearach
** Rinneadh slánú ar na figiúirí
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
113
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
Aguisín II:
An Ráiteas maidir le hAcmhainní, 2019 (Foireann na Státseirbhíse)
1. Bunú agus Ballraíocht an Choiste
Cuireadh bonn reachtúil faoin gCoiste
Iniúchóireachta in 2010 faoi alt 14A den Acht um
Choimisiún Thithe an Oireachtais (Leasú), 2009.
Bíonn idir cúigear agus ochtar comhaltaí ar an
gCoiste agus ceapann an Coimisiún iad mar a leanas:
a) comhalta amháin de Choimisiún Thithe an
Oireachtais;
b) comhalta amháin ar a laghad, ach líon nach mó
ná triúr comhaltaí eile, de cheachtar Teach den
Oireachtas nach comhaltaí den Choimisiún iad;
c) beirt ar a laghad, ach líon nach mó ná triúr, ar
daoine seachtracha iad arna n-ainmniú ag an
Ard-Rúnaí, agus a bhfuil duine amháin díobh
ainmnithe ag an gCoimisiún mar Chathaoirleach
ar an gCoiste; agus
d) comhalta amháin d ‘fhoireann na Seirbhíse arna
ainmniú nó arna hainmniú ag an Ard-Rúnaí.
2. Ballraíocht an Choiste in 2019
�� Pádraig Mac Lochlainn, Uas., (Cathaoirleach)
�� An Seanadóir Éamonn Ó Súilleabháin
(comhalta den Choimisiún)
�� An Seanadóir Caitríona Ardacha
(comhalta de Sheanad Éireann)
�� An Seanadóir Victor Ó Buacháin
(comhalta de Sheanad Éireann)
�� An Seanadóir Ciarán Ó Domhnaill
(comhalta de Sheanad Éireann)
�� Cyril Maybury, Uas., (comhalta seachtrach)
�� Nóirín Uí Fhathaigh, Uas., (comhalta seachtrach)
�� Séarlas Ó hEathírn, Uas., (comhalta d’fhoireann
Sheirbhís Thithe an Oireachtais)
3. Ról an Choiste Iniúchóireachta
Is é ról an Choiste:
a) comhairle a chur ar an Ard-Rúnaí maidir le cúrsaí
airgeadais a bhaineann lena chuid feidhmeanna
nó lena cuid feidhmeanna;
b) comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir le cúrsaí
rialachais chorparáidigh a bhaineann lena chuid
feidhmeanna; agus
c) teacht le chéile ceithre huaire ar a laghad sa
bhliain agus tuarascáil, i scríbhinn, a thabhairt
don Choimisiún uair sa bhliain ar a laghad maidir
lena chuid ghníomhaíochtaí sa bhliain roimhe sin.
Áirítear ar dhualgais an Choiste comhairle a chur ar
an Ard-Rúnaí maidir le cúrsaí airgeadais a bhaineann
lena chuid feidhmeanna nó lena cuid feidhmeanna,
lena n-áirítear an méid seo a leanas:
a) treoirlínte seirbhíse poiblí maidir le cúrsaí
airgeadais a chur i ngníomh go cuí;
b) alt 22 den Exchequer and Audit Departments Act,
1866, alt 19 d’Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus
Ciste (Leasú), 1993 agus aon oibleagáidí eile a
fhorchuirtear le dlí agus a bhaineann le cúrsaí
airgeadais a chomhlíonadh;
c) feiliúnacht, éifeachtúlacht agus éifeachtacht
nósanna imeachta an Choimisiúin a bhaineann le
sainfháil phoiblí, cead a lorg i leith caiteachais
agus déanamh de réir an cheada sin, sócmhainní
a fháil, a choimeád agus a dhiúscairt, bainistiú
priacal, tuairisciú airgeadais, iniúchóireacht
inmheánach agus rialuithe inmheánacha; agus
d) an fhoirm ina mbeidh cuntais an Choimisiúin lena
gceadú ag an Aire Airgeadais.
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
114
Coimisiún Thithe an Oireachtais
Aguisín III:
An Tuarascáil Bhliantúil ó Choiste Iniúchóireachta an Choimisiúin 2019
Freastalaíonn an Ceannasaí Iniúchóireachta
Inmheánaí agus an tIniúchóir Inmheánach ar
chruinnithe an Choiste, ach amháin sa chás go
gcinneann an Coiste a mhalairt. Féadfaidh an Coiste
cuireadh a thabhairt freisin don té atá freagrach as
cúrsaí airgeadais sa tSeirbhís (nó d ‘aon duine eile is
cuí leis) freastal ar chruinnithe áirithe.
4. An Tréimhse Thuairiscithe
Is ar bhonn bliain féilire atá an tréimhse tuairiscithe
le haghaidh na tuarascála seo chun go mbeidh sí ar
aon dul le tréimhse tuairiscithe Thuarascáil Bhliantúil
an Choimisiúin a fhoilsítear léi.
5. Gníomhaíochtaí An Choiste Le Linn 2019
Tháinig an Coiste Iniúchóireachta le chéile ceithre
huaire i rith 2019. Foilsítear cláir agus miontuairiscí
cruinnithe an Choiste Iniúchóireachta ar shuíomh
gréasáin an Oireachtais www.oireachtas.ie. Leagtar
amach líon na ndaoine a d’fhreastail ar chruinnithe
sa bhliain 2019 san Aguisín den tuarascáil seo.
Bhreithnigh an Coiste na Tuarascálacha
Iniúchóireachta Inmheánaí seo a leanas in 2019:
(i) Iniúchadh Inmheánach ar Íocaíochtaí
Foirceanta Comhaltaí
Ba é príomhaidhm an iniúchta seo athbhreithniú
agus measúnú a dhéanamh ar na rialuithe a
bhaineann le leordhóthanacht, iontaofacht agus
éifeachtacht na bpróiseas bainistíochta, rialaithe
agus rialachais maidir le híocaíochtaí foirceanta
iar-Chomhaltaí Thithe an Oireachtais agus le
comhlíonadh na gceanglas reachtúil agus
eagraíochta a chinntiú.
(ii) Iniúchadh Inmheánach ar Theicneolaíochtaí
Móibíleacha
Ba é príomhaidhm an iniúchta seo athbhreithniú
agus measúnú a dhéanamh ar na rialuithe a
bhaineann le leordhóthanacht, iontaofacht agus
éifeachtúlacht an leasa a bhaineann an eagraíocht
as Teicneolaíochtaí Móibíleacha.
(iii) Iniúchadh Inmheánach ar an Scéim
Aisíocaíochta Guthán Póca do Chomhaltaí
Ba é cuspóir iomlán an iniúchta dearbhú a thabhairt
go raibh riar na Scéime Íocaíochta Dírí éifeachtach.
Ba ghné lárnach den obair iniúchóireachta nósanna
imeachta, cleachtais, córais agus taifid a imscrúdú
chun a mheas cibé atá an Scéim Ceannaigh Dhírigh
ag oibriú i gceart agus go héifeachtúil chun an
tseirbhís a theastaíonn a sholáthar do Chomhaltaí
nó nach bhfuil.
Tuarascálacha eile a bhreithnigh an Coiste:
(i) Tuarascálacha Iniúchóireachta ón Ard-
Reachtaire Cuntas agus Ciste
Bhreithnigh an Coiste Iniúchóireachta Tuarascáil
2018 ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar chuntais
airgeadais Choimisiún Thithe an Oireachtais.
(ii) Moltaí ó Iniúchtaí Inmheánacha a chur i
ngníomh
Chuir an tAonad Iniúchóireachta Inmheánaí
tuarascáil i láthair i mí Iúil maidir le cur i
ngníomh moltaí ó iniúchtaí inmheánacha a
d’éirigh as tuarascálacha Iniúchóireachta
Inmheánaí a rinneadh roimhe sin.
(iii) Bainistíocht Riosca
Bhreithnigh an coiste trí Thuarascáil maidir le Nithe
a d’fhéadfadh éirí as Priacail.
(iv) An tIniúchadh ar an
Liúntas Ionadaíochta Poiblí
Bhreithnigh an Coiste Tuarascáil an Iniúchóra
Neamhspleách ar an Liúntas Ionadaíochta Poiblí (an
LIP) don bhliain 2017. Tugann iniúchóir seachtrach
faoin iniúchadh seachtrach gach bliain. Tá an Liúntas
Ionadaíochta Poiblí iníoctha le gach TD, Aire agus
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
115
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
Seanadóir de réir rátaí is infheidhme maidir le
gach oifig. Féadfaidh Comhaltaí an méid a bheidh
deimhnithe go hiomlán nó méid míosúil níos ísle a
roghnú. Féadfaidh Comhalta rogha a dhéanamh an
liúntas go léir a tharscaoileadh.
Is é príomhchuspóir an iniúchta a shuíomh an raibh
dearbháin, admhálacha, agus billí mar fhianaise
bhailí ag Comhaltaí i leith an mhéid a íocadh leo, i
gcomhair caiteachais a thagann faoi réim na
gcatagóirí inlamhála sna Rialacháin atá mar
thaca leis an Liúntas Ionadaíochta Poiblí.
(v) Tuarascálacha an Ard-Reachtaire Cuntas
agus Ciste ar Chuntas an Chiste Pinsin 2018
Luadh i dTuarascálacha an Ard-Reachtaire Cuntas
agus Ciste le haghaidh 2018 gur tugadh léiriú cuí sna
cuntais ar na hidirbhearta ar an gcuntas agus níor
tháinig aon saincheisteanna chun cinn ar ghá iad a
chur in iúl ar mhodh Litir Bhainistíochta.
(vi) Measúnú Fiúntais Seachtrach ar
Iniúchóireacht Inmheánach
Thug Ceann Iniúchóireachta Inmheánaí Pharlaimint na
hAlban, atá creidiúnaithe freisin ag Institiúid Chairte
na nIniúchóirí Inmheánacha, arb í an comhlacht
rialaithe d’iniúchóireacht inmheánach, faoin measúnú
seo. Athbhreithniú seachtrach ar cháilíocht a bhí ann
seo ar an tseirbhís iniúchóireachta inmheánaí mar
chuid de phróiseas feabhsúcháin leanúnaigh agus
lena dheimhniú a mhéid a chomhlíonann an tseirbhís
na Caighdeáin Iniúchóireachta Inmheánaí do Ranna
agus Oifigí Rialtais a d’eisigh an Roinn Caiteachais
Phoiblí agus Athchóirithe.
6. Ionadaíocht ar Líonraí Iniúchóireachta Inmheánaí
Thug an Coiste dá aire go nglacann an tAonad
Iniúchóireachta Inmheánaí páirt i bhFóram na
gCeannasaithe Iniúchóireachta Inmheánaí (líonra
Iniúchóireachta Inmheánaí don tseirbhís phoiblí)
agus i ngrúpa de Cheannasaithe Iniúchóireachta
Inmheánaí ar Pharlaimintí agus Tionóil in Éirinn
agus sa Ríocht Aontaithe.
7. Comhlíonadh Éifeachtach Freagrachtaí in 2019
Tá an Coiste sásta gur chomhlíon sé a shainchúram
go héifeachtach de bhun alt 14A de na hAchtanna um
Choimisiún Thithe an Oireachtais, 2003-2018.
Iarscríbhinn:
Freastal ar chruinnithe in 2019 ag comhaltaí an Choiste Iniúchóireachta
Comhalta Freastal
Pádraig Mac Lochlainn, Uas., (An Cathaoirleach) 4/4
An Seanadóir Éamonn Ó Súilleabháin 0/4
An Seanadóir Caitríona Ardacha 2/4
An Seanadóir Victor Ó Buacháin 3/4
An Seanadóir Ciarán Ó Domhnaill 2/4
Cyril Maybury, Uas. 4/4
Noreen Uí Fhathaigh, Uas. 3/4
Séarlas Ó hEathírn, Uas. 3/4
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
116
Coimisiún Thithe an Oireachtais
Uimh. Teideal an Bhille
1 Bille na gCuideachtaí (Leasú), 2019 [Seanad]
2 An Bille um Chosc ar Dhíol gan Toiliú, 2019 [Dáil] [BCP]
3 An Bille um an Rosc Náisiúnta, 2019 [Seanad] [BCP]
4 An Bille um an Earnáil Phoiblí (Teanga Shoiléir), 2019 [Seanad] [BCP]
5 An Bille um Uchtálacha Neamhfhoirmiúla (Tabhairt chun Rialtachta), 2019 [Dáil] [BCP]
6 An Bille um Sheirbhísí Maoine (Ligin Neamhoiriúnacha a Fhógairt) (Leasú), 2019 Seanad] [BCP]
7 An Bille um Theanga Shoiléir, 2019 [Dáil] [BCP]
8 An Bille um Ghnólachtaí Slándála Príobháidí a Rialáil, 2019 [Dáil] [BCP]
9 An Bille um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa (Leasú), 2019
10 An Bille um an mBord um Athstruchtúrú Comhar Creidmheasa (Díscaoileadh), 2019 [Dáil]
11 An Bille um Theaghaisí Sláintiúla, 2019 [Dáil] [BCP]
12 An Bille um Chlárúchán Sibhialta, 2019 [Dáil]
13 Bille um Ghairmeacha Rialáilte (Sláinte agus Cúram Sóisialach), 2019 [Dáil]
14 An Bille um Tharraingt Siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (Forálacha Iarmhartacha), 2019 [Dáil]
15 An Bille um Thrácht ar Bhóithre (Lána Bus agus Rothar) (Leasú), 2019 [Dáil] [BCP]
16 An Bille um Thaifid a Choimeád, 2019 [Dáil]
17 An Bille um Cheartas Coiriúil (Ord Poiblí) (Leasú), 2019 [Seanad] [BCP]
18 An Bille Sláinte (Díolúine ó Mhuirir d’Othair Shíciatracha Ainneonacha) (Leasú), 2019 [Seanad] [BCP]
Uimh. Teideal an Bhille
19 An Bille um Athchóiriú an Dlí Talún agus Tíolactha (Leasú), 2019 [Seanad]
20 An Bille um Dhliteanas Sibhialta (Damáistí Ginearálta a Uasteorannú), 2019 [Seanad] [BCP]
21 An Bille um Thairgeoirí a Rialáil, 2019 [Dáil] [BCP]
22 An Bille um Chomhair Chreidmheasa (Leasú), 2019 [Dáil] [BCP]
23 An Bille um Shaoire Mhéala do Thuismitheoirí (Leasú), 2019 [Dáil] [BCP]
24 Bille na gCúirteanna, 2019 arna athrú ó Bille na gCúirteanna (Bunú agus Comhdhéanamh) (Leasú), 2019 [Dáil]
25 An Bille um Údaráis Phoiblí agus Gnóthais Fóntais (Conarthaí a Ullmhú agus Critéir Dhámhachtana), 2019 [Seanad] [BCP]
26 An Bille um Thoirmeasc ar Fhéinfhostaíocht Bhréige, 2019 [Dáil] [BCP]
27 An Bille fá Thascfhórsa um Aois Inphinsin, 2019 [Dáil] [BCP]
28 An Bille um Chearrbhachas agus Crannchuir (Leasú), 2019 [Seanad]
29 An Bille um Cheartas Coiriúil (Comhcheilg um Dhúnmharú), 2019 [Dáil] [BCP]
30 An Bille um Fhaisnéis faoin Difríocht Pá idir na hInscní, 2019 [Dáil]
31 An Bille um Thrácht ar Bhóithre (Feithiclí Uile-Thír-Raoin agus Gluaisrothair Streachailte) (Leasú), 2019 [Dáil] [BCP]
32 An Bille um Dhliteanas Sibhialta agus Cúirteanna (Leasú), 2019 [Dáil] [BCP]
33 An Bille um Fhoréigean Baile (Leasú), 2019 [Dáil] [BCP]
34 An Bille um Fhoréigean Baile (Ordú Neamhtheagmhála) (Leasú), 2019 [Dáil] [BCP]
35 An Bille Toghcháin (Saoirse na Sochaí Sibhialta) (Leasú), 2019 [Seanad] [BCP]
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
117
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
Aguisín IV:
Na Billí a Tionscnaíodh i dTithe an Oireachtais in 2019
Uimh. Teideal an Bhille
36 An Bille um Thionóntachtaí Cónaithe (Gearáin mar gheall ar Iompar Frithshóisialta agus ar Fhaillí ar an Taobh Seachtrach de Theaghaisí) (Leasú), 2019 [Dáil] [BCP]
37 An Bille um Pleanáil agus Forbairt (Bearta Aeráide) (Leasú), 2019 [Dáil] [BCP]
38 An Bille Sláinte (Leasú), 2019 [Dáil] [BCP]
39 An Bille um Rannpháirtíocht Phobail (Míchumas) (Forálacha Ilghnéitheacha), 2019 [Seanad] [BCP]
40 An Bille um Eagrú Ama Oibre (Cearta Oibrithe agus Féinfhostaíocht Bhréagach) (Leasú), 2019 [Dáil] [BCP]
41 An Bille um Micreachlocha (Toirmeasc), 2019 [Dáil]
42 An Bille um Chomhpháirtíochtaí Teoranta Infheistíochta (Leasú), 2019 [Dáil]
43 An Bille um Shásamh do Mhná a Raibh Cónaí Orthu i bhForais Áirithe (Leasú), 2019 [Seanad]
44 An Bille fán mBinse um CervicalCheck, 2019 [Dáil]
45 An Bille Airgeadais (Achomhairc Chánach agus an Rialachán Réamheolaire), 2019 [Dáil]
46 An Bille um Cheartas Coiriúil (Rogha Bhreithiúnach) (Leasú), 2019 [Seanad] [BCP]
47 An Bille um an Naoú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Ceart chun Tithíochta), 2019 [Dáil] [BCP]
48 An Bille um Thithíocht Shóisialta (Fíor-Thithíocht Shóisialta), 2019 [Dáil] [BCP]
49 An Bille um Cheartas Coiriúil (Comhar Idirnáisiúnta), 2019 [Dáil]
50 Bille na nArm Tine agus na nArm Ionsaitheach (Leasú), 2019 [Dáil] [BCP]
51 An Bille Leasa Shóisialaigh, 2019 [Seanad]
52 An Bille um Thionóil Saoránach, 2019 [Seanad]
53 An Bille Sláinte (Leasú) (Uimh. 2), 2019 [Dáil] [BCP]
54 An Bille Loingis Cheannaíochta (Taismí Muirí a Imscrúdú) (Leasú), 2019 [Dáil] [BCP]
55 An Bille um Chinnteoireacht Chuidithe (Cumas) (Leasú), 2019 [Dáil] [BCP]
Uimh. Teideal an Bhille
56 Bille Churrach Chill Dara (Leasú), 2019 [Dáil] [BCP]
57 An Bille Luachála (Leasú), 2019 [Dáil] [BCP]
58 Bille Taisceadán (An Clár Maoine Luachmhaire), 2019 [Dáil] [BCP]
59 An Bille um Dhiamhasla (Cionta a Chealú agus Nithe Gaolmhara), 2019 [Seanad]
60 An Bille um Thoirmeasc ar Airm Núicléacha, 2019 [Dáil]
61 Bille na dTithe (Comhlachtaí Tithíochta Ceadaithe a Rialáil), 2019 [Dáil]
62 An Bille um Thaifid Choiriúla (Malartú Faisnéise), 2019 [Dáil]
63 An Bille um Cheartas Coiriúil (Aitheantas Frithpháirteach do Chinntí ar Bhearta Maoirseachta), 2019 [Seanad]
64 An Bille Craolacháin (Leasú), 2019 [Dáil]
65 An Bille Fórsaí Cosanta (Fianaise), 2019 [Dáil]
66 An Bille um Chúram Leanaí (Leasú), 2019 [Dáil]
67 An Bille Oideachais (Cairt Mac Léinn agus Tuismitheoirí), 2019 [Seanad]
68 An Bille um an Naoú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Toghcháin Uachtaráin), 2019 [Dáil]
69 An Bille um Pleanáil agus Forbairt (Cumhacht Aireachta a Aisghairm), 2019 [Dáil] [BCP]
70 An Bille Deochanna Meisciúla (Leasú), 2019 [Dáil] [BCP]
71 An Bille um Thrácht ar Bhóithre (Leasú), 2019 [Seanad] [BCP]
72 An Bille um Thrácht ar Bhóithre (Leasú) (Úsáid Scútar Leictreach), 2019 [Dáil] [BCP]
73 An Bille Sláinte (Teidlíochtaí Liachta i dTithe Banaltrais) (Forálacha Ilghnéitheacha), 2019 [Dáil] [BCP]
74 An Bille um Thruailliú ó Thorann (Bainistiú agus Maolú), 2019 [Dáil] [BCP]
75 An Bille um Shaoire agus Sochar Tuismitheora, 2019 [Seanad]
76 An Bille um Shláinte agus Tacaíocht Cúraim Leanaí (Forálacha Ilghnéitheacha), 2019 [Seanad]
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
118
Coimisiún Thithe an Oireachtais
Uimh. Teideal an Bhille
77 An Bille um Fhorbairt Tionscail (Leasú), 2019 [Seanad]
78 An Bille um an Dlí Teaghlaigh, 2019 [Dáil]
79 An Bille um Praghsáil Chothromasach ar Mhairteoil, 2019 [Dáil] [BCP]
80 Bille na dTithe (Tréimhsí Feithimh maidir le hÍocaíocht Cúnaimh Tithíochta) (Forálacha Ilghnéitheacha) (Leasú), 2019 [Seanad] [BCP]
81 An Bille Caidrimh Thionscail (Comhchoistí Oibreachais), 2019 [Seanad] [BCP]
82 An Bille Airgeadais, 2019 [Dáil]
83 An Bille um Plaistigh Dhochracha (Toirmeasc), 2019 [Seanad] [BCP]
84 Bille na dTithe (Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta do Dhaoine gan Dídean) (Leasú), 2019 [Dáil] [BCP]
85 An Bille um Thrédhearcacht Shainordaitheach i dtaobh Praghsanna Mairteola, 2019 [Dáil] [BCP]
86 An Bille um Pleanáil agus Forbairt (Leasú) (Ceannaitheoirí Céaduaire), 2019 [Dáil] [BCP]
87 An Bille um Shásamh i leith Lochtanna Neamhfhollais, 2019 [Dáil] [BCP]
88 An Bille Sláinte Poiblí (Toitíní Leictreonacha agus Luibhthoitíní), 2019 [Dáil] [BCP]
89 An Bille Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 2019 [Dáil]
90 An Bille Craolacháin (Táillí Ceadúnais Teilifíse a Ghnóthú), 2019 [Dáil] [BCP]
91 An Bille Árachais Sláinte (Leasú), 2019 [Dáil]
92 An Bille um an Naoú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Ceart chun Sláinte), 2019 [Dáil] [BCP]
93 An Bille um Ascnamh Urrús Rannpháirteach, 2019 [Dáil]
94 An Bille um Fhreagracht Fhioscach (Leasú), 2019 [Dáil] [BCP]
95 An Bille um Thruailliú ó Bhruscar (Leasú) (Salachar Madraí a Rialú), 2019 [Dáil] [BCP]
96 An Bille um Eagrú Ama Oibre (Saoire Foréigin Baile), 2019 [Dáil] [BCP]
97 An Bille um Mí-Úsáid Drugaí (Leasú), 2019 [Dáil] [BCP]
Uimh. Teideal an Bhille
98 An Bille um Bainistiú Dramhaíola (Leasú) (Rialálaí), 2019 [Dáil] [BCP]
99 An Bille um Chalcadh Cíosa (Cóirchíos), 2019 [Dáil] [BCP]
100 An Bille um Shábháilteacht Othar (Teagmhais Sábháilteachta Othair Infhógartha), 2019 [Dáil]
101 An Bille Árachais (Árachas Saoil) (Leasú), 2019 [Dáil] [BCP]
102 An Bille Leithreasa, 2019 [Dáil]
103 An Bille um Chionta Gnéasacha (Leasú), 2019 [Dáil] [BCP]
104 Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 [Dáil]
105 An Bille um Dhliteanas Sibhialta (Scoileanna), 2019 [Seanad] [BCP]
106 An Bille Craolacháin (Leasú) (Iriseoireacht a Chosaint), 2019 [Dáil] [BCP]
107 An Bille Ceardchumann, 2019 [Dáil] [BCP]
108 An Bille um Cheartas Coiriúil (Sciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta) (Leasú) (An Ghníomhaireacht um Choireacht Trasteorann), 2019 [BCP]
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
119
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
Uimh. Teideal an Bhille
1 An Bille Rialtais Áitiúil, 2018
2 An Bille um Shainmharcáil (Leasú), 2016
3 An Bille um Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta (Leasú) (Uimh. 2), 2018
4 An Bille um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) (Leasú), 2018
5 An Bille um Chosaint agus Rialachas Sonraí, 2018
6 An Bille um an Dlí Coiriúil (Dlínse Sheach-Chríochach), 2018
7 An Bille um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa (Leasú), 2019
8 An Bille um Tharraingt Siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (Forálacha Iarmhartacha), 2019
9 An Bille Iascaigh Mhara (Leasú), 2017
10 Bille na gCuideachtaí (Leasú), 2019
11 An Bille um Shaoire do Thuismitheoirí (Leasú), 2017
12 An Bille um Chlárúchán Sibhialta, 2019
13 An Bille um Rásaíocht Con, 2018
14 An Bille um Thorann Aerárthaí (Aerfort Bhaile Átha Cliath) a Rialáil, 2018
15 An Bille um Thionóntachtaí Cónaithe (Leasú) (Uimh. 2), 2018
16 An Bille um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh (Leasú), 2018
17 An Bille um Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (Rialachas), 2018
*An Bille um an Ochtú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Scaoileadh ar Phósadh), 2016 (arna athrú ó An Bille um an gCúigiú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Colscaradh), 2016) [BCP]
18 An Bille um Chóipcheart agus Forálacha Eile de chuid an Dlí Maoine Intleachtúla, 2018
Uimh. Teideal an Bhille
19 An Bille um Barrachas Náisiúnta (Cúlchiste le haghaidh Teagmhais Eisceachtúla), 2018
20 An Bille um Cheartas Coiriúil (Aitheantas Frithpháirteach do Bhreithiúnais agus Cinntí Promhaidh), 2018
21 An Bille um Chaidrimh Thionscail (Leasú), 2018
22 An Bille um Athchóiriú an Dlí Talún agus Tíolactha (Leasú), 2019
23 An Bille um an Dlí Sibhialta (Toimhde Báis), 2016 arna athrú ó An Bille um an Dlí Sibhialta (Daoine atá ar Iarraidh), 2016 [BCP]
24 An Bille um Rátaí Rialtais Áitiúil agus Nithe Eile, 2018 arna athrú ó An Bille Rialtais Áitiúil (Rátaí), 2018
25 An Bille Cróinéirí (Leasú), 2018
26 An Bille um Thionóil Saoránach, 2019
27 An um Shásamh do Mhná a Raibh Cónaí Orthu i bhForais Áirithe (Leasú), 2019
28 An Bille um Chomhairle na mBreithiúna, 2017
29 An Bille Parúil, 2016 [BCP]
30 An Bille um Cháilíochtaí agus Dearbhú Cáilíochta (Oideachas agus Oiliúint) (Leasú), 2018
31 An Bille um Cheartas Coiriúil (Comhar Idirnáisiúnta), 2019
32 An Bille fán mBinse um CervicalCheck, 2019
33 Bille na gCúirteanna, 2019 arna athrú ó Bille na gCúirteanna (Bunú agus Comhdhéanamh) (Leasú), 2019
34 An Bille um Shaoire agus Sochar Tuismitheora, 2019
35 An Bille um Shláinte agus Tacaíocht Cúraim Leanaí (Forálacha Ilghnéitheacha), 2019
36 An Bille Leasa Shóisialaigh, 2019
37 An Bille um an Dlí Teaghlaigh, 2019
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
120
Coimisiún Thithe an Oireachtais
Aguisín V:
Na Billí a Rith Tithe an Oireachtais in 2019
Uimh. Teideal an Bhille
38 An Bille um Chosaint Tomhaltóirí (Dearbháin Bhronntanais), 2018
39 An Bille Airgeadais (Achomhairc Chánach agus an Rialachán Réamheolaire), 2019
40 An Bille um Thoirmeasc ar Airm Núicléacha, 2019
41 An Bille Airgeadais, 2019
42 An Bille um Chearrbhachas agus Crannchuir (Leasú), 2019
43 An Bille um Dhiamhasla (Cionta a Chealú agus Nithe Gaolmhara), 2019
44 An Bille um Fhorbairt Tionscail (Leasú), 2019
45 An Bille um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Leasú), 2017 [BCP]
46 Bille na dTithe (Comhlachtaí Tithíochta Ceadaithe a Rialáil), 2019
47 An Bille um Thaifid Choiriúla (Malartú Faisnéise), 2019
48 An Bille Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 2019
49 An Bille Micreachoirníní (Toirmeasc), 2019
50 An Bille Árachais Sláinte (Leasú), 2019
51 An Bille Leithreasa, 2019
52 An Bille um Ascnamh Urrús Rannpháirteach, 2019
53 An Bille um Chonarthaí Árachais i leith Tomhaltóirí, 2017 [BCP]
* Tugtar uimhir ar leith d’achtanna lena leasaítear an Bunreacht agus
cuirtear an réimír ‘C’ rompu (a chuireann ‘Bunreacht’ in iúl).
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
121
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
Comhchoistí Dhá Theach an Oireachtais
Coiste
An líon cruinnithe a
tionóladh
An líon tuarascálacha a tíolacadh do
na Tithe
An Comhchoiste um Thalmhaíocht, Bia agus Muir 31 1
An Comhchoiste um Ghnó, Fiontair agus Nuálaíocht 19 7
An Comhchoiste um Leanaí agus Gnóthaí Óige 23 1
An Comhchoiste um Chumarsáid, Gníomhú ar son na hAeráide agus Comhshaol 31 1
An Comhchoiste um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht 16 2
An Comhchoiste um Oideachas agus Scileanna 17 6
An Comhchoiste um Ghnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Shóisialach 18 1
An Comhchoiste um Ghnóthaí an Aontais Eorpaigh 15 0
An Comhchoiste um Airgeadas, Caiteachas Poiblí agus Athchóiriú, agus an Taoiseach
33 3
An Comhchoiste um Ghnóthaí Eachtracha, Trádáil agus Cosaint 19 0
An Comhchoiste um Shláinte 35 3
An Comhchoiste um Thithíocht, Pleanáil agus Rialtas Áitiúil 37 10
An Comhchoiste um Fhorfheidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta 13 1
An Comhchoiste um Dhlí agus Ceart agus Comhionannas 33 8
An Comhchoiste um Fhorbairt Tuaithe agus Pobail 17 2
An Comhchoiste um Iompar, Turasóireacht agus Spórt 27 2
Iomlán 384 48
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
122
Coimisiún Thithe an Oireachtais
Aguisín VI:
Cruinnithe agus Tuarascálacha na gCoistí Parlaiminte in 2019
Roghchoistí Dháil Éireann
Coiste
An líon cruinnithe a
tionóladh
An líon tuarascálacha a tíolacadh do
na Tithe
An Roghchoiste um Thalmhaíocht, Bia agus Muir 3 0
An Roghchoiste um Ghnó, Fiontair agus Nuálaíocht 5 0
An Roghchoiste um Leanaí agus Gnóthaí Óige 3 0
An Roghchoiste um Chumarsáid, Gníomhú ar son na hAeráide agus Comhshaol 3 0
An Roghchoiste um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht 1 0
An Roghchoiste um Oideachas agus Scileanna 2 0
An Roghchoiste um Ghnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Shóisialach 6 0
An Roghchoiste um Ghnóthaí an Aontais Eorpaigh 0 0
An Roghchoiste um Airgeadas, Caiteachas Poiblí agus Athchóiriú, agus an Taoiseach
14 0
An Roghchoiste um Ghnóthaí Eachtracha, Trádáil agus Cosaint 13 1
An Roghchoiste um Shláinte 6 0
An Roghchoiste um Thithíocht, Pleanáil agus Rialtas Áitiúil 5 0
An Roghchoiste um Dhlí agus Ceart agus Comhionannas 10 0
An Roghchoiste um Fhorbairt Tuaithe agus Pobail 1 0
An Roghchoiste um Iompar, Turasóireacht agus Spórt 4 0
Iomlán 76 1
Buanchoistí
Coiste
An líon cruinnithe a
tionóladh
An líon tuarascálacha a tíolacadh do
na Tithe
An Coiste um Fhormhaoirsiú Buiséid (Dáil) 27 4
Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán 15 2
An Roghchoiste um Leasanna Chomhaltaí Dháil Éireann 7 1
An Roghchoiste um Leasanna Chomhaltaí Sheanad Éireann 1 0
An Coiste um Chuntais Phoiblí (Dáil) 38 2
An Comhchoiste um Achainíocha ón bPobal 14 0
Iomlán 102 9
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
123
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
Coistí Speisialta
Coiste
An líon cruinnithe a
tionóladh
An líon tuarascálacha a tíolacadh do
na Tithe
An Comhchoiste um Ghníomhú ar son na hAeráide 34 2
An Roghchoiste um an Ríocht Aontaithe do Tharraingt Siar as an Aontas Eorpach (Seanad) 13 0
*An Comhchoiste um Príomh-Shaincheisteanna i leith Phobal an Lucht Siúil 14 1
Iomlán 61 3
* Arna bhunú an 30 Bealtaine 2019.
Nótaí
1. Clúdaíonn na Coistí Parlaiminte ceithre chatagóir leathana: Comhchoistí, Roghchoistí, Buanchoistí agus
Coistí Speisialta.
Bunaítear Comhchoistí le bheith ann ar feadh théarma na Dála agus cuirtear deireadh leo nuair a
dhíscaoiltear an Dáil. Bunaítear na Coistí seo chun formhaoirsiú a dhéanamh ar obair Roinne Rialtais agus
ar nithe gaolmhara beartais de réir na nOrduithe Tagartha a leagann an Dáil agus an Seanad orthu.
Comhaltaí de dhá Theach an Oireachtais a bhíonn ar Chomhchoistí.
Comhaltaí de Theach amháin den Oireachtas a bhíonn ar Roghchoistí. Déanann Roghchoistí Dháil Éireann,
mar a liostaítear san Aguisín seo iad, Billí, Meastacháin, Rúin, comhaontuithe idirnáisiúnta, agus nithe eile
arna dtarchur ag Dáil Éireann chucu a bhreithniú.
Is Coistí buana iad na Buanchoistí (Comhchoistí nó Roghchoistí) a bhfuil freagrachtaí sonracha orthu a
leagtar amach sna Buan-Orduithe.
Bunaítear Coistí Speisialta (Comhchoistí nó Roghchoistí) chun ábhar áirithe a scrúdú agus de ghnáth
cuirtear deireadh leo nuair a chríochnaíonn siad an obair a bhíonn idir lámha acu agus nuair a dhéantar na
tuarascálacha deiridh uathu a thíolacadh don Teach/do na Tithe.
2. Sa líon tuarascálacha a léirítear sna táblaí, áirítear tuarascálacha ó choistí maidir le nithe a bhaineann le
beartas poiblí a athbhreithniú agus a fhormhaoirsiú, grinnscrúdú airgeadais, grinnscrúdú AE, grinnscrúdú
réamhreachtach, agus grinnscrúdú ar Bhillí Comhaltaí Príobháideacha. Ní áirítear sna táblaí tuarascálacha
inmheánacha a bhaineann le gnó coiste a sheoladh, amhail clár oibre bliantúil Coiste, tuarascáil bhliantúil
Coiste, ná tuarascálacha ar thaisteal oifigiúil atá déanta ag Coiste.Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
124
Coimisiún Thithe an Oireachtais
De bhun alt 22 den Acht um Nochtadh Cosanta, 2014
(“Acht 2014”), baineann an tuarascáil bhliantúil seo
leis an tréimhse 1 Eanáir 2019 go 31 Nollaig 2019.
Foráiltear mar a leanas le halt 22:
Tuarascáil Bhliantúil
22. (1) Tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh
gach bliain, déanfaidh gach comhlacht
poiblí tuarascáil a ullmhú agus a
fhoilsiú i ndáil leis an mbliain díreach
roimhe sin i bhfoirm nach gcumasaíonn
na daoine a bheidh i gceist a
shainaithint agus ina mbeidh faisnéis a
bhaineann leis na nithe a shonraítear i
bhfo-alt (2).
(2) Is iad seo a leanas na nithe sin -
(a) an líon nochtaí cosanta a rinneadh
don chomhlacht poiblí,
(b) an gníomh (más ann) a rinneadh mar
fhreagra ar na nochtaí cosanta sin,
agus
(c) cibé faisnéis eile a bhaineann leis
na nochtaí cosanta sin agus leis an
ngníomh a rinneadh a iarrfaidh an
tAire ó am go ham.
Nochtadh Cosanta in 2019
Ní bhfuair Seirbhís Thithe an Oireachtais aon
nochtadh cosanta sa tréimhse tuairiscithe ón
1 Eanáir 2019 go dtí an 31 Nollaig 2019.
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
125
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
Aguisín VII:
An Tuarascáil Bhliantúil faoin Acht um Nochtadh Cosanta, 2014
Léirítear sa tábla líon na gcruinnithe a thionóil an Coimisiún agus Coiste Airgeadais an Choimisiúin chomh
maith le tinreamh chomhaltaí aonair an Choimisiúin. Tionóladh 15 chruinniú den Choimisiún in 2019. Tionóladh
cúig chruinniú den Choiste Airgeadais in 2019.
Comhaltaí
Cruinnithe
An CoimisiúnAn Coiste
Airgeadais
An Teachta Seán Ó Fearghaíl, an Ceann Comhairle (an Cathaoirleach) 13/15 –
An Seanadóir Donnacadha Ó Donnabháin, Cathaoirleach an tSeanaid (an Leas-Chathaoirleach)
7/15 3/5
An tUasal Peadar Ó Fionnagáin, An tArd-Rúnaí (an Príomhfheidhmeannach) 15/15 –
An Seanadóir Pádraig Ó Cobhthaigh 10/15 3/5
An Teachta Mairsile Uí Chorcoráin-Uí Chinnéide 10/15 –
An Seanadóir Gearóid P. Ó Creachmhaoil 13/15 3/5
An Teachta Tadhg Ó Dubhlaoigh 5/15 4/5
An Teachta Máirtín Ó hÉideáin 10/15 4/5
An Teachta Caitríona Uí Mhurchú 13/15 –
An Teachta Laoise Uí Raghallaigh 11/15 3/5
An Seanadóir Éamonn Ó Súilleabháin 8/15 –
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
126
Coimisiún Thithe an Oireachtais
Aguisín VIII:
Cruinnithe den Choimisiún agus Tinreamh in 2019
Díospóireacht i dTosach Suí (Seanad) – ní arna
thabhairt ar aghaidh ag Seanadóir lena phlé i
dtosach suí an tSeanaid ar ní é a bhaineann le
gnóthaí poiblí i dtaca le Roinn Stáit nó le gnóthaí
riaracháin a bhfuil comhalta den Rialtas nó Aire
Stáit freagrach go hoifigiúil astu.
Coimisiún – is é Coimisiún Thithe an Oireachtais
comhlacht rialaithe Sheirbhís Thithe an Oireachtais
(an tSeirbhís). Déanann sé formhaoirsiú ar sholáthar
seirbhísí do Thithe an Oireachtais agus do
chomhaltaí na dTithe.
Athleasú na Dála – athleasú nósanna imeachta agus
chleachtas Dháil Éireann. Sa bhliain 2016, thug an
Fochoiste ar Athleasú na Dála faoi athbhreithniú
cuimsitheach ar nósanna imeachta na Dála agus
mhol sé athleasuithe a bhain le réimse leathan den
ghnó parlaiminteach. Chuir an Dáil na hathleasuithe i
ngníomh ar mhodh leasuithe ar Bhuan-Orduithe.
An Clár um Thrasfhoirmiú Digiteach, 2020 – clár
infheistíochta TFC chun córais agus seirbhísí sa
tSeirbhís a nuachóiriú trí theicneolaíocht dhigiteach
a chur chun feidhme.
Vótáil – vótáil fhoirmiúil ar thairiscint sa Dáil nó sa
Seanad.
An tSeirbhís Leabharlainne agus Taighde (SLaT) –
cuireann an tSeirbhís Leabharlainne agus Taighde
seirbhísí faisnéise agus taighde ar fáil mar bhonn
taca faoi obair Thithe an Oireachtais agus chomhaltaí
na dTithe. Tá ról ag SLaT maidir le faisnéis
chorparáideach a bhainistiú freisin agus is í
an tSeirbhís atá freagrach as saoráil faisnéise,
cosaint sonraí agus bainistíocht ar thaifid.
An Coiste Bainistíochta (CB) – tagann Coiste
Bainistíochta Sheirbhís Thithe an Oireachtais le
chéile chun ceisteanna a bhfuil mórthábhacht leo ó
thaobh cúrsaí straitéise, oibriúcháin agus airgeadais
a mheas agus chun cinneadh a dhéanamh ina leith.
Is féidir an t-ábhar a chur faoi bhráid an Choimisiúin
ina dhiaidh sin de réir mar is cuí. Is iad atá sa Choiste
an tArd-Rúnaí, an tArd-Rúnaí, an Rúnaí Cúnta –
Seirbhísí Corparáideacha agus Seirbhísí do
Chomhaltaí, an Rúnaí Cúnta – Seirbhísí
Parlaiminteacha, an Rúnaí Cúnta – Stiúrthóir na
hOifige Buiséid Parlaimintí, Cléireach an tSeanaid,
agus cathaoirligh na dtrí Fhochoiste de chuid an
Choiste Bainistíochta.
Grúpa Aiseolais na gComhaltaí (GAC) – fóram a
chuirtear ar fáil do chomhaltaí na dTithe chun
aiseolas a sholáthar do bhainistíocht shinsearach na
Seirbhíse ar na saoráidí agus na seirbhísí a thacaíonn
lena n-obair pharlaiminteach, a fheabhas a
fhreastalaíonn
na seirbhísí seo ar a riachtanais agus conas a
d’fhéadfaí iad a fheabhsú ina measc.
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
127
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
Aguisín IX:
Gluais Téarmaí
Oifig na gComhairleoiríof Dlí Parlaiminte (OCDP) –
cuireann an Oifig comhairle dlí agus seirbhísí dlí
neamhspleácha ar fáil do Thithe an Oireachtais agus
Cathaoirligh (Ceann Comhairle agus Cathaoirleach)
cibé Teach an Oireachtais maidir lena
bhfeidhmeanna, Cléirigh an dá Thí maidir le hoibriú
na dTithe, agus Choimisiún Thithe an Oireachtais.
Tionscnamh um Fhorbairt Eagraíochta (TFE) –
straitéis chun tacú le héifeachtacht eagraíochta sa
tSeirbhís. Is é atá i bhForbairt Eagraíochtúil cur
chuige pleanáilte chun feidhmíocht eagraíochtúil a
bharrfheabhsú. Is gnách go ndéantar Forbairt
Eagraíochtúil trí phlean gníomhaíochta a ullmhú ina
bhfuil tionscnaimh aonair amhail oiliúint, cumarsáid,
cur chuige i leith obair foirne, nó deiseanna eile.
Cuireann an tSeirbhís tionscnaimh forbartha
eagraíochtúla ar siúl i gcomhairle leis an bhfoireann
ar gach leibhéal, agus tá tionscnaimh á gcur i
ngníomh faoi láthair chun tacú le feidhmíocht
foirne agus feabhas a chur ar rannpháirtíocht
agus tiomantas.
An Oifig Buiséid Pharlaiminteach (OBP) –
soláthraíonn an Oifig faisnéis, anailís agus comhairle
neamhspleách neamhchlaonta do Thithe an
Oireachtais. Is foinse bharrthábhachtach faisnéise
airgeadais agus buiséadaí í an Oifig do chomhaltaí
agus go háirithe don Choiste um Fhormhaoirsiú
Buiséid mar déanann sí grinnscrúdú ex-ante ar
chúrsaí buiséadacha uile.
Ceisteanna Parlaiminte (CPanna) – ceisteanna, le
haghaidh freagra scríofa nó freagra ó bhéal, arna
gcur ag comhaltaí den Dáil faoi bhráid Airí Rialtais a
bhaineann le gnóthaí poiblí i dtaca lena Ranna nó le
gnóthaí riaracháin a bhfuil na hAirí sin freagrach go
hoifigiúil astu.
Comhalta Príobháideach – comhalta den Dáil nó
den Seanad nach a Aire nó comhalta an Rialtais é/í.
Gnó Comhaltaí Príobháideacha – míreanna
de ghnó parlaiminteach (Billí agus tairiscintí)
arna dtionscnamh ag Comhaltaí Príobháideacha
seachas ag an Rialtas.
Seirbhís Dréachtaithe Billí Comhaltaí Príobháideacha
– saineolas i dtaobh dlí a dhréachtú atá ar fáil do
chomhaltaí na dTithe maidir le Billí Comhaltaí
Príobháideacha a dhréachtú. Faigheann dréachtóirí
reachtaíochta parlaiminteacha treoracha ó
chomhaltaí maidir le haidhm agus cuspóir an
Bhille Comhaltaí Príobháideacha atá beartaithe.
Seirbhísí Nós Imeachta – is iad na seirbhísí nós
imeachta na seirbhísí a bhaineann leis an gcomhairle
a chuirtear ar Chathaoirligh na dTithe agus ar a gcuid
Coistí maidir le Buan-Orduithe, Rialuithe an
Chathaoirligh agus nósmhaireacht na parlaiminte
a chur i bhfeidhm agus a chomhlíonadh, chomh
maith leis na seirbhísí a chuireann Rúnaíocht na
gCoistí agus na hOifigí Nós Imeachta ar fáil – Oifig na
gCeisteanna (Ceisteanna Parlaiminte, tairiscintí),
Oifig na mBillí (a bhainistíonn próiseáil na
reachtaíochta trí na Tithe – Billí, Leasuithe ar Bhillí,
Achtanna an Oireachtais) agus Oifig na nImeachtaí
(a bhainistíonn Cín Lae ar Imeachtaí, Buan-Orduithe,
Rialuithe an Chathaoirligh, Riar na hOibre).
Sos – an tréimhse ama nach mbíonn an Teach/
na Tithe i mbun seisiúin.
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
128
Coimisiún Thithe an Oireachtais
Priacal – Is “toradh na héiginnteachta ar chuspóirí”
(ISO 3000) a thugtar de shainmhíniú air. Tugann sé
le fios an dóchúlacht go dtitfeadh teagmhas
amach agus an toradh a bheadh air dá dtarlódh sin.
Is é a bhíonn i gceist le bainistiú priacail, ábhar baoil
a aithint roimh ré agus an bhagairt a mhaolú ionas
gur féidir an priacal ionchais a mhaolú oiread agus
is féidir nó dul i ngleic leis mar is cuí i gcás
go dtarlódh sé.
Coistí Earnála – Coistí Parlaiminte a bhfuil comhaltaí
ó aon Teach amháin nó ón dá Theach orthu agus a
bhaineann le réimsí oibre de chuid Ranna Rialtais
áirithe. Déanann na coistí earnála grinnscrúdú ar
obair na Roinne Rialtais iomchuí agus ar réimsí
beartais a bhaineann le hábhar, mar shampla,
an Comhchoiste um Iompar, um Ghnóthaí
Eachtracha, etc.
Coistí Speisialta – Coistí Parlaiminte arna mbunú
chun scrúdú a dhéanamh ar ábhair a mbaineann
tábhacht ar leith leo nó ar shaincheisteanna atá
ag teacht chun cinn agus chun moltaí a dhéanamh,
de réir mar is cuí, do na Tithe.
Buanchoistí – Coistí Parlaiminte buana a
gceanglaítear le Buan-Orduithe de cheachtar Teach
iad a bhunú tar éis Olltoghcháin; mar shampla, an
Coiste um Chuntais Phoiblí. Féadfaidh comhaltaí ó
aon Teach amháin nó ón dá Theach a bheith ar
Bhuanchoistí.
An Ráiteas maidir le hAcmhainní – déantar cinneadh
faoi na hacmhainní foirne atá de dhíth ar gach aonad
gnó sa tSeirbhís chun na feidhmeanna a leagtar air a
chomhall tar éis próiseas athbhreithnithe bhliantúil
lena ngabhann an coigeartú is gá chun a chinntiú go
mbítear bord ar bhord le riachtanais acmhainne.
An tSeirbhís – Is í Seirbhís Thithe an Oireachtais an
comhlacht seirbhíse poiblí a chuireann seirbhísí
riaracháin ar fáil do Thithe an Oireachtais agus do na
Comhaltaí. Is é nó í an tArd-Rúnaí agus Cléireach na
Dála a bhíonn i gceannas ar an tSeirbhís agus tá sé
nó sí freagrach as bainistiú na Seirbhíse ó lá go lá
agus as beartais an Choimisiúin a chur i ngníomh.
Díospóireacht faoi Shaincheisteanna Tráthúla (Dáil)
– ní arna chur i láthair ag comhalta den Dáil lena
bhreithniú mar shaincheist thráthúil a bhaineann le
gnóthaí poiblí i dtaca le Roinn Stáit nó le gnóthaí
riaracháin a bhfuil comhalta den Rialtas nó Aire Stáit
freagrach go hoifigiúil astu.
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
129
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
130
Coimisiún Thithe an Oireachtais
An
Tuar
ascá
il B
hlia
ntú
il, 2
019
131
An Tuarascáil Bhliantúil, 2019
Coi
mis
iún
Thit
he a
n O
irea
chta
is
132
Coimisiún Thithe an Oireachtais