conas spéirling a thuar3. brúigh an biorán cniotála/slat isteach i sop b. bí cinnte gur féidir...
TRANSCRIPT
TAIGHDE & TÉACS: Paula Kilfeather,Clíona Murphy & Janet VarleyAISTRITHEOIR: Bairbre Ní Ógáin
EAGARTHÓIR: John WalsheDEARADH: Smart DesignSCRÍOBH CHUGAINN AG:Eureka, Irish Independent,27-32 Sraid Thalbóid, BAC 1.GLAOIGH AR:Debbie Brennan ag 01 7055131 nóCUIR RÍOMHPHOST CHUIG:[email protected]
Imleabhar 2, Eagrán 129ú Meán Fómhair 2005
Sular tháinig tú ar ais ar scoil i mbliana,bhí tubaiste mhór ann i Meiriceá. BhuailSpéirling Katrina Cósta na Murascaille
sna Stát Aontaithe (féach ar an léarscáil). Bhíluas 160 ksu faoin ngaoth in áiteanna agusscrios sí ceantar a bhí chomh mór leis anmBreatain. Go bhfios dúinn, ní raibh ach dháspéirling eile i stair Mheiriceá a bhí níosmeasa. Tá na céadta daoine tar éis bás a fháilagus tá na mílte gan dídean. Scrios anspéirling cathair New Orleans, cathair a bhfuiluisce ar gach taobh di nach mór. Tá thart ar80% den chathair faoi leibhéal na farraigeagus tá 563km de levees (ballaí cosanta) annchun í a chosaint ó thuilte uisce. Ach, nuair abhris na ballaí seo i dtrí áit, líon an t-uisce anchathair amhail is gur thosaigh duine ag
líonadh báisin le huisce as buacaire. Tar éiscúpla lá, bhí an t-uisce an-salach agusdainséarach, agus chuir na húdarais na daoineamach as an gcathair sa chaoi go mbeadh siadábalta an t-uisce a phumpáil amach.
San eagrán seo de Eureka, míneoimid cad iscúis le spéirlingí agus cad is cúis le cuid dendamáiste a thagann ina ndiaidh.
Seans gur tháinig an focal Béarla 'hurricane' ófhocal de chuid na Meiriceánach Dúchasach araibh an chiall 'droch-spiorad na gaoithe' leis.Stoirm ollmhór ghaoithe agus bháistí is easpéirling. Casann sí timpeall agus timpealluirthi féin agus maireann sí ar feadh cúpla uairan chloig. Tosaíonn spéirlingí os cionn na n-
aigéan sna tropaicí, áit a bhfuil an t-uisce te(os cionn 26°, teas nach mbíonn againn ibhfarraigí na hÉireann!). De réir mar a fhásannsiad agus mar a ghluaiseann siad, éiríonn siadníos láidre agus níos tapúla. Bíonn na gaothaag dul timpeall i gciorca ach bíonn áit chiúinshocair i lár an chiorcail sin agus tugaimid croína stoirme uirthi. Bíonn luas agus láidreacht naspéirlinge ag méadú i gcónaí. Cruthaíonn síscamaill mhóra thoirniúla. Uaireanta, bíonn ancóras iomlán 800km ar leithead (486km an fadatá idir cósta thuaidh na hÉireann agus ancósta theas.)
Is é an t-uisce is cúis le formhór an damáistea dhéanann spéirling. Bíonn báisteach throm igceist, ach chomh maith leis sin, éiríonn
tonnta móra millteacha aníos as an aigéan -tugaimid borradh stoirme orthu seo. Bíonn natonnta seo suas le 15m ar airde. Nuair athagann an spéirling isteach in aice na talún,méadaíonn an borradh stoirme agus réabannsé dumhaigh, ballaí agus bacáin eile. Nuair abhíonn an spéirling ag taisteal trasna na tíre,bíonn gaotha fíochmhara agus báisteachthrom ag bascadh an cheantair ar feadh cúplauair an chloig. Cailleann an spéirling a cuidcumhachta go tapa, de réir mar a théannsí isteach faoin tír.
Fáilte romhat ar aischuig Eureka!
Buaiteoir 2005 - Gradam Domhanda an Léitheora Óig - Cumann Domhanda na Nuachtán (WAN)
Is í an spéirling an stoirm is láidre ar
domhan, agus maraíonn spéirlingí na
céadta daoine gach bliain. Má tá rabhadh
luath ann faoi spéirling ní mharóidh sí
mórán daoine. Ní féidir spéirling a stopadh,
ach tá eolaithe ábalta a haistear a rianú
trasna an aigéin.
Is iomaí bealach atá againn le heolas ar an
aimsir a bhailiú, mar shampla, satailítí agus
aerárthaigh. Bailíonn
satailítí aimsire eolas,
de lá agus d'oíche, faoi
theocht agus faoi
phátrúin na scamall.
Taifeadann siad an t-eolas seo agus seolann
siad ar ais chuig an domhan é. Má thugann
eolaithe faoi deara go bhfuil stoirm
thrópaiceach ag fás, coinneoidh siad súil
ghéar uirthi.
Bíonn aeráthaigh aimsire ag eitilt i lár
stoirme chun eolas a bhailiú. Uaireanta,
bíonn uirlisí faoi sciatháin na n-aerárthach
seo agus tomhaiseann siad teocht, brú agus
luas na gaoithe. Bíonn 'srón' an-fhada ar
aerárthaigh eile toisc go mbíonn uirlisí
áirithe sa tsrón. Tomhaiseann na heitleáin
seo láidreacht, luas agus treo na gaoithe.
Bíonn eolaithe aimsire, nó meitéareolaithe,
ar bord na n-árthach seo agus déanann
siad staidéar ar na torthaí, sa chaoi gur
féidir leo a rá cad a tharlóidh don stoirm.
Má tá seans ann go mbuailfidh an spéirling
faoi cheann 24 nó 36 uair an chloig, eisíonn
siad rabhadh darbh ainm 'Faire'.
Is mór an chabhair í an nua-
theicneolaíocht chun gníomhaíochtaí na
spéirlinge a thuar. Is féidir rabhadh a chur
amach i bhfad níos luaithe na laethanta
seo. Dá bhrí sin, tagann i bhfad níos mó
daoine slán ná a tháinig fadó.
Conas Spéirling a Thuar
Sular bhuail Katrina New Orleans, thóg satailít an íomhá fhodhearg (infrared image) seo ar 8.15pm. Is leis an National Oceanic & Atmospheric Administration an tsatailít.Tá bandaí seachtracha (outer) na spéirlinge tar éis gluaiseacht isteach thar chósta thuaidh na Murascaille. Tá lár na stoirme thart ar 165míle thoir theas ó New Orleans.
Lucht tarrthála ag sracadh leis na tuilte i ndiaidh Spéirling Katrina, agus iad ar a mbealach chun teaghlach a shábháil.
Láithreáin Ghreasáinwww.fema.gov/kids/hurr.htm
Eolas soléite faoi spéirlingí.www.weatherwizkids.com/hurricane1.htm
Grianghraif agus beochan; ina measc, conas a tharlaíonn spéirlingíagus an damáiste a dhéanann siad.
www.miamisci.org/hurricanePictiúir bheochana agus eolas.
Fíorscéal faoi teaghlach a tháinig slán ó spéirling.
Foilsíonn an Irish Independent Eureka, igcomhar leis an Ionad OideachasEolaíochta ag Coláiste Phádraig, DroimConrach, BÁC 9, le tacaíocht óngComhairle um Oideachas Gaeltachtaagus Gaelscolaíochta.
SAM
SD6046/eureka 2.1-Irish . 23/9/05 12:14 pm Page 1
Radharc Anuas ar Spéirling
Scála Saffir-Simpson
Dear agus Déan Méadar GaoitheÚsáideann eolaithe uirlis darbh ainm AINÉINIMÉADAR (anemometer) chun luasna gaoithe a thomhas. Bain triail as d'uirlis féin a dhéanamh. B'fhéidir gombeidh sé cosúil leis an gceann sa léaráid.
BUNÁBHAIR• 3 shop phlaisteacha (soip óil nó soip ealaíne).• Cupán plaisteach nó polaistiréin.• Biorán cniotála nó slat righin gur féidir
an sop a chur anuas air.• Cárta righin.• Bioráin (clúdaigh barr na mbiorán le
marla nó le corc).• Siosúr agus seilitéip.• Stáplóir.
TREORACHA1. Gearr cruth dinge (wedge), mar atá sa léaráid,
ar an gcárta. Marcáil línte (le huimhreacha orthu) ar an gcárta.2. Úsáid an seilitéip nó an stáplóir chun an cárta a ghreamú le Sop A.3. Brúigh an biorán cniotála/slat isteach i Sop B. Bí cinnte gur féidir leis an sop
bogadh timpeall go héasca ar an mbiorán/slat.4. Úsáid an seilitéip chun an cárta a ghreamú le Sop B mar atá sa léaráid.5. Gearr an cupán trasna ina dhá leath agus úsáid an stáplóir chun bun an chupáin a
ghreamú le Sop C.6. Ceangail Sop C le Sop A le biorán ag cinntiú nach bhfuil aon bhac ar an sop.7. Cuir an biorán cniotála/slat sa talamh agus féach mar a chorraíonn an ghaoth an
cupán. Cén uimhir a shroicheann an sop?
Bain úsáid as do mhéadar gaoithe chun cuntas a choinneáil ar an ngaoth ar feadh seachtaine.
Ag Scrúdú an Damáiste adhéanann Uisce
Cén fáth ar tháinig tuile ar an gcathair?
BUNÁBHAIR• Tráidire plaisteach domhain• Marla• Uisce agus crúiscín• Brícíní plaisteacha (mar fhoirgnimh)• Seilitéip
TREORACHA1. Greamaigh na 'foirgnimh' i gcúinne
amháin den tráidire le seilitéip.2. Déan cruth ispín ramhair as marla agus lúb é le balla a dhéanamh thart ar na
'foirgnimh'. Socraigh an marla go docht agus déan cinnte de nach féidir le huisce sileadh idir an marla agus taobhanna an tráidire ná bun an tráidire. Seo é do levee.
3. Doirt uisce isteach go cúramach sa chuid eile den tráidire. Ná lig don uisce dul níosairde ná balla an levee. Tabhair faoi deara go bhfuil na 'foirgnimh' faoi leibhéal anuisce, ach go bhfuil siad slán sábháilte ar an taobh eile den levee.
4. Anois, déan scrúdú ar cad a tharlaíonn don uisce agus do na foirgnimh má chuireann tú poll beag sa levee. Pléigh cad a thug tú faoi deara.
* Faigh amach Conas a dheiseoidh lucht oibre New Orleans na levees agus conas adhíbreoidh siad an t-uisce?
Rang 1 ar Scála Saffir-Simpson
Luas na Gaoithe (ksu): 119-153
Comharthaí: Craobhacha agus crainn
briste. Comharthaí lúbtha nó briste. Báid
stroicthe dá múráil.
Rang 2 ar Scála Saffir-Simpson
Luas na Gaoithe (ksu): 154-177
Comharthaí: Crainn sractha as an talamh
/ leagtha. Roinnt damáiste do dhoirse,
d'fhuinneoga agus do dhíonta.
Rang 3 ar Scála Saffir-SimpsonLuas na Gaoithe (ksu): 178-209
Comharthaí: Damáiste do chrainn, do
dhoirse, d'fhuinneoga agus do dhíonta. Tithe
beaga cois cósta scriosta. Seans maith go
dteipfidh ar an gcóras cumhachta.
Rang 4 ar Scála Saffir-SimpsonLuas na Gaoithe (ksu): 210-249
Comharthaí: Na comharthaí ar fad leagtha.
An-damáiste do thithe. Tránna millte. Tuilte i
ngach áit. Smionagar (debris) dainséarach
ar iompar ag an ngaoth.
Rang 5 ar Scála Saffir-Simpson
Luas na Gaoithe (ksu): 250+
Comharthaí: An-chuid foirgneamh scriosta
go hiomlán. Tithe iompaithe bun os cionn nó
imithe le gaoth. Tuilte móra cois cósta.
AIRE: Bí cinnte go gclúdaíonn tú bior na mbiorán.
Fadó, nuair a bhuail spéirling tír ar lá féilenaoimh thug na daoine ainm an naoimh sinar an spéirling. Mar shampla, bhuailSpéirling San Felipe Oileán Puerto Rico ar an13ú Meán Fómhair 1876. Ag tús an 19úcéad, chuir meitéareolaí (meteorologist)Astráileach tús le hainmniú stoirmeachatrópaiceacha. Deir siad gur bhain se úsáidas ainmneacha na bpolaiteoirí nár mhaithleis! Sa bhliain 1979, chuir Meiriceá tús lehúsáid ainmneacha fear agus ban lehaghaidh stoirmeacha.
Tá 6 liosta d'ainmneacha ann agus tá 26 ainmi ngach liosta díobh. Tosaíonn gach ainm le litiréagsúil ón aibítir. Úsáideann siad liosta uairamháin i ngach tréimhse 6 bliana. Mádhéanann spéirling áirithe damáiste damanta,baineann siad an t-ainm sin den liosta aguscuireann ainm nua ina áit. Meas tú anmbainfidh siad Katrina den liosta?
Tá liostaí 6 bliana ann d'ainmneacha spéirlingíthíos le haghaidh stoirmeacha Atlantacha(2002-2007). An bhfuil d'ainm thíos?
Ainmniú Spéirlingí
2002Arthur
Bertha
Cristobal
Dolly
Edouard
Fay
Gustav
Hanna
Isidore
Josephine
Kyle
Lili
Marco
Nana
Omar
Paloma
Rene
Sally
Teddy
Vicky
Wilfred
2003Anna
Bill
Claudette
Danny
Erika
Fabian
Grace
Henri
Isabel
Juan
Kate
Larry
Mindy
Nicholas
Odette
Peter
Rose
Sam
Teresa
Victor
Wanda
2004Alex
Bonnie
Charley
Danielle
Earl
Frances
Gaston
Hermine
Ivan
Jeanne
Karl
Lisa
Matthew
Nicole
Otto
Paula
Richard
Shary
Tomas
Virginie
Walter
2005Arlene
Bret
Cindy
Dennis
Emily
Franklin
Gert
Harvey
Irene
Jose
Katrina
Lee
Maria
Nate
Ophelia
Philippe
Rita
Stan
Tammy
Vince
Wilma
2006Alberto
Beryl
Chris
Debby
Ernesto
Florence
Gordon
Helene
Isaac
Joyce
Kirk
Leslie
Michael
Nadine
Oscar
Patty
Rafael
Sandy
Tony
Valerie
William
2007Andrea
Barry
Chantal
Dean
Erin
Felix
Gabrielle
Humberto
Ingrid
Jerry
Karen
Lorenzo
Melissa
Noel
Olga
Pablo
Rebekah
Sebastien
Tanya
Van
Wendy
An dóigh a dtéann uisce tuilte i bhfeidhm ar ábhair éagsúla.Tá ballaí speisialta, darb ainm LEVEES, thart ar New Orleans chun í a chosaint ónuisce atá ar gach taobh di. Thóg muintir New Orleans formhór na cathrach faoileibhéal an uisce, ach rinne an spéirling damáiste do na ballaí. Cabhróidh an t-imscrúdú seo leat tuiscint a fháil ar cad a tharla.
Réab Spéirling Katrina an teach seo, 9ú Meán Fómhair 2005
1. Stoirm
2. Tuile
3.Luas na gaoithe
4. Speirling
5. Katrina
6. Aimsir
7. Scamaill
8. Deiseal
9. Tuathal
10.Borradh
• Go bhfios dúinn, tharla an spéirling ba
mheasa riamh sa bhliain 1780. Mharaigh
sí 22,000 duine sa Chairib.
• Thaifead siad gaotha suas le 320 ksu
le linn spéirlinge. Níl cead againne
dul thar 120ksu ar mhótarbhealaigh na
tíre seo - bheadh an spéirling beagnach
trí huaire níos sciobtha ná sin.
• Casann an spéirling tuathal má tá sí ar
an taobh ó thuaidh den mheánchiorcal
agus casann sí deiseal má tá sí ó dheas de.
• Tarlaíonn 10 spéirling, nó mar sin, gach
bliain sa Mhurascaill. Measann roinnt
eolaithe go méadaíonn an uimhir sin
tar éis scór no tríocha bliain.
• Idir Mí na Bealtaine agus Mí Mheán
Fómhair is mó a tharlaíonn spéirlingí.
• Glaoitear cioclóin agus tíofúin ar
spéirlingí freisin. San Astráil, tugtar
'willy willies' orthu!
Fíricí i dtaobh Spéirlingí
Scrios Katrina na báid seo i muiríne ó thuaidh de New Orleans, Louisiana.
A
B
C
Biorán cniotála
1/2 chupán
Biorán
Tosaíonn spéirlingí mar stoirmeacha
beaga, os cionn farraigí teo, sna
tropaicí. Is minic nach mbíonn na
gaotha láidir ag an bpointe seo. Casann siad
timpeall agus timpeall ar phointe ciúin
socair sa lár, agus tugaimid croí na stoirme
orthu sin. Ar fhéach tú riamh ar uisce ag dul
síos trí pholl an stopalláin sa doirteal?
Casann sé timpeall mar go bhfuil an
Domhan ag casadh timpeall. Tá spéirling
cosúil leis seo ar bhealach, ach go bhfuil aer
teolaí tais ag ardú de réir mar a chasann sí.
Nuair a ghluaiseann an spéirling trasna an
aigéin, súnn sí fuinneamh ón aer teolaí,
méadaíonn ar a luas agus éiríonn sí níos
láidre. Bailíonn spéirling na billiúin tonna
galuisce ón bhfarraige agus déanann sí
scamaill mhóra as seo.
Phléamar Scála Richter anuraidh in Eureka.
Thomhais an scála sin creathanna talún.
Úsáideann meiteáreolaithe Scála Saffir-
Simpson chun spéirlingí a thomhas. Má tá
spéirling an-láidir, beidh sí an-dainséarach agus
déanfaidh sí an-damáiste.
BUNÁBHAIR• Soitheach plaisteach nó sáspan • Ábhair le tástáil .i. adhmad, páipéar nuachta, tairne
iarainn, spúnóg phlaisteach, éadach, spúnóg chruach dhomheirgthe (stainless steel).• Pionnaí éadaigh. • Uisce agus crúiscín. • Rialóir.
TREORACHA1. Ceangail na hábhair leis na pionnaí ar thaobh an
tsoithigh / an tsáspain. Sa chaoi seo, ní thitfidh siad isteach agus ní bhogfaidh an t-uisce iad nuair a dhoirteoidh tú isteach é.
2. Tuar: Cad a tharlóidh do na hábhair éagsúla, darleat, má fhágann tú san uisce iad ar feadh seachtaine?
3. Doirt isteach uisce, go dtí go mbíonn 2-3cm ag bun gach ábhair 2-3cm faoi uisce.
4. Breathnaigh cad a tharlaíonn agus pléigh na hathruithe a thugann tú faoi deara i rithna seachtaine. I gcás gach ceann de na hábhair, féach ar an gcuid atá faoi uisce agus ar an gcuid atá os cionn an uisce.
5. Ag deireadh na seachtaine, tóg amach na hábhair ar fad agus lig dóibh triomú.6. Cé acu ábhar is measa, ó thaobh damáiste de?
* Déan machnamh air seo: Tháinig na tuilte isteach ar throscán agus ar earraí pearsanta na ndaoine i New Orleans. Meas tú cén sort damáiste a rinne siad?
SD6046/eureka 2.1-Irish . 23/9/05 12:14 pm Page 2