dá dtiocfadh leat an domhan a fheiceáil ón spás bheadh sé cosúil … · 2005. 3. 22. · an...

48
1 Dá dtiocfadh leat an Domhan a fheiceáil ón spás bheadh sé cosúil le liathróid mhór ghorm. Tá an domhan SFÉARACH agus tá cuma ghorm air de thairbhe go bhfuil an cuid is mó de clúdaithe le huisce.

Upload: others

Post on 06-Mar-2021

3 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Page 1: Dá dtiocfadh leat an Domhan a fheiceáil ón spás bheadh sé cosúil … · 2005. 3. 22. · An t-Earrach Lá leathach an Fhómhair 22ú Meán Fómhair Grianstad an tSamhraidh 21ú

1

Dá dtiocfadh leat an Domhan a fheiceáil ón spás bheadh

sé cosúil le liathróid mhór ghorm.

Tá an domhan SFÉARACH agus tá cuma ghorm air de

thairbhe go bhfuil an cuid is mó de clúdaithe le huisce.

Page 2: Dá dtiocfadh leat an Domhan a fheiceáil ón spás bheadh sé cosúil … · 2005. 3. 22. · An t-Earrach Lá leathach an Fhómhair 22ú Meán Fómhair Grianstad an tSamhraidh 21ú

2

F í r i c í f á d t a o b h d e n d o m h a n .F í r i c í f á d t a o b h d e n d o m h a n .

1. Tá 70% den domhan clúdaithe le huisce agus le leac

oighir.

2. Is cnoic agus sléibhte 20% de thalamh an domhain.

3. Clúdaíonn coillte 1/4 de thalamh an domhain.

4. Is fásach nó gaineamhlach 1/8 de thalamh an domhain.

5. Is iad an Mol Thuaidh agus an Mol Theas na háiteanna

is fuaire ar an domhan.

Page 3: Dá dtiocfadh leat an Domhan a fheiceáil ón spás bheadh sé cosúil … · 2005. 3. 22. · An t-Earrach Lá leathach an Fhómhair 22ú Meán Fómhair Grianstad an tSamhraidh 21ú

3

A n M e á n c h i o r c a l .A n M e á n c h i o r c a l .

Is líne é an Meánchiorcal a théann thart lár an domhain.

Tá sé 40,075Km ar fad.

Dá mbeadh 26 milliún (sin gach duine in Éirinn iolraithe

fá 5) lámh ar láimh, dhéanfadh siad fáinne daoine thart ar

an Mheánchiorcal.

Tugtar an leathsféar thuaidh ar an chuid sin den domhan

taobh ó thuaidh den mheánchiorcal agus an leathsféar

th_________ ar an taobh ó dh__________ den

mh__________________.

A i s a n D o m h a i n .A i s a n D o m h a i n .

Úsáid do shamhlaíocht agus smaoinigh go bhfuil líne ag

dul fríd lár an domhain ón Mhol Thuaidh go dtí an Mol

Theas. Tugtar an ais ar an líne seo. Amharc ar an ghlób

sa seomra. Cuir ag luascadh é. An bhfeiceann tú an

dóigh a mbíonn an domhan ag luascadh ar a ais.

Page 4: Dá dtiocfadh leat an Domhan a fheiceáil ón spás bheadh sé cosúil … · 2005. 3. 22. · An t-Earrach Lá leathach an Fhómhair 22ú Meán Fómhair Grianstad an tSamhraidh 21ú

4

A n t - A t m a s f é a r .A n t - A t m a s f é a r .

Cad é an rud é an t-atmasféar?

An t-aer atá ag dul thart ar an domhan, tugaimid an

t-ainm ATMASFÉAR air.

Gan an t-atmasféar ní bheadh rud ar bith beo ar an

domhan.

An ocsaigin a bhímid ag análú faighimid í ón atmasféar

agus cosnaíonn an t-atmasféar muid ó ghatha láidre ón

ghrian.

Page 5: Dá dtiocfadh leat an Domhan a fheiceáil ón spás bheadh sé cosúil … · 2005. 3. 22. · An t-Earrach Lá leathach an Fhómhair 22ú Meán Fómhair Grianstad an tSamhraidh 21ú

5

C a d c h u i g e a m b í o n n s é a s ú i rC a d c h u i g e a m b í o n n s é a s ú i ra g a i n n ?a g a i n n ?

Bíonn séasúir (nó ráithe) againn de thairbhe go mbíonn

an domhan ag dul thart ar an ghrian ar dhóigh ar leith.

Amharc ar an ghlób sa seomra arís. An bhfeiceann tú an

dóigh a bhfuil sé CLAONTA AR A AIS?

Dá thairbhe sin faigheann páirteanna éagsúla den

domhan níos mó nó níos lú den ghrian ag amanna

éagsúla den bhliain.

Bíonn an chuid s'againne den domhan claonta i dtreo na

gréine idir 21ú Márta agus 21ú Meán Fómhair agus sin an

chuid is TEO den bhliain againne.

Page 6: Dá dtiocfadh leat an Domhan a fheiceáil ón spás bheadh sé cosúil … · 2005. 3. 22. · An t-Earrach Lá leathach an Fhómhair 22ú Meán Fómhair Grianstad an tSamhraidh 21ú

6

Na

as

úir

sa

Le

ath

sfé

ar

Th

ua

idh

Na

as

úir

sa

Le

ath

sfé

ar

Th

ua

idh

Na

as

úir

sa

Le

ath

sfé

ar

Th

ua

idh

Lá le

atha

ch a

n E

arra

igh

21ú

Már

taA

n t-

Ear

rach

Lá le

atha

ch a

n F

hóm

hair

22ú

Meá

n F

ómha

ir

Gria

nsta

d an

tSam

hrai

dh

21ú

Mei

thea

mh

An

Sam

hrad

h

Gria

nsta

d an

Ghe

imhr

idh

21ú

Nol

laig

GR

IAN

An

Fóm

har

An

Gei

mhr

eadh

Séa

súir

/ Rái

thí n

a B

liana

6

Page 7: Dá dtiocfadh leat an Domhan a fheiceáil ón spás bheadh sé cosúil … · 2005. 3. 22. · An t-Earrach Lá leathach an Fhómhair 22ú Meán Fómhair Grianstad an tSamhraidh 21ú

7

An chuid sin den domhan atá thart fán Mheánchiorcal

bíonn an ghrian i gcónaí cóngarach di agus bíonn sé te i

gcónaí.

Ag an Mhol Thuaidh agus ag an Mhol Theas bíonn an

teas ag dul fríd chuid den atmasféar atá iontach tiubh

agus bíonn na gatha gréine níos laige. Sin an fáth a

mbíonn an dá Mhol i gcónaí fuar. Sa samhradh anseo

bíonn an chuma ar an ghrian go bhfuil sí níos airde sa

spéir ná mar a bhíonn sí sa gheimhreadh. Ar ndóigh ní

bhogann an ghrian. Tá an chuid seo den domhan níos

cóngaraí don ghrian sa samhradh. Mar sin de, níl ann

ach go mbíonn cuma ar an ghrian go bhfuil sí níos airde

sa samhradh agus níos ísle sa gheimhreadh.

Page 8: Dá dtiocfadh leat an Domhan a fheiceáil ón spás bheadh sé cosúil … · 2005. 3. 22. · An t-Earrach Lá leathach an Fhómhair 22ú Meán Fómhair Grianstad an tSamhraidh 21ú

8

F e a r t h a i n n - C a d c h u i g e aF e a r t h a i n n - C a d c h u i g e ag c u i r e a n n s é ?g c u i r e a n n s é ?

Tarlaíonn fearthainn nuair a éiríonn néalta níos fuaire.

Tá néalta déanta de bhraonta uisce. Éiríonn uisce san aer

mar ghal agus nuair a éiríonn siad níos fuaire tig siad le

chéile mar néalta.

Éiríonn siad níos fuaire agus níos troime arís go dtí go

bhfuil siad róthrom le fanacht san aer agus titeann siad

mar FHEARTHAINN.

Thart fán TEOCHRIOS idir Trópaic an Phortáin agus

Trópaic an Ghabhair tá áiteanna iontacha a dtiteann cuid

mhór fearthainne.

NA COILLTE FEARTHAINNE an t-ainm atá orthu.

Page 9: Dá dtiocfadh leat an Domhan a fheiceáil ón spás bheadh sé cosúil … · 2005. 3. 22. · An t-Earrach Lá leathach an Fhómhair 22ú Meán Fómhair Grianstad an tSamhraidh 21ú

9

Cri

os

an

na

an

Do

mh

ain

.C

rio

sa

nn

a a

n D

om

ha

in.

An

Crio

s M

easa

rtha

Thu

aidh

An

Crio

s M

easa

rtha

The

as

An

Teoc

hrio

s An

Fua

rchr

ios

The

as

An

Fua

rchr

ios

Thu

aidh

An

Mol

Thu

aidh

An

Mol

The

as

An

Cio

rcal

Art

ach

Tróp

aic

anP

hort

áin

An

Cio

rcal

Ant

arta

chTróp

aic

anG

habh

air

An

Meá

nchi

orca

l

9

Page 10: Dá dtiocfadh leat an Domhan a fheiceáil ón spás bheadh sé cosúil … · 2005. 3. 22. · An t-Earrach Lá leathach an Fhómhair 22ú Meán Fómhair Grianstad an tSamhraidh 21ú

10

N a C o i l l t e F e a r t h a i n n e .N a C o i l l t e F e a r t h a i n n e .

Cá bhfuil siad?

Tá na coillte speisialta seo le fáil i -

Meiriceá Láir agus Meiriceá Theas

An Afraic Láir

An Áise Thoir Theas

An Indinéis

An Astráil Thuaidh

Aimsigh na háiteanna seo san atlas agusscríobh iad ar an léarscáil.

Page 11: Dá dtiocfadh leat an Domhan a fheiceáil ón spás bheadh sé cosúil … · 2005. 3. 22. · An t-Earrach Lá leathach an Fhómhair 22ú Meán Fómhair Grianstad an tSamhraidh 21ú

11

Co

illt

e F

ea

rth

ain

ne

an

Do

mh

ain

Co

illt

e F

ea

rth

ain

ne

an

Do

mh

ain

11

Page 12: Dá dtiocfadh leat an Domhan a fheiceáil ón spás bheadh sé cosúil … · 2005. 3. 22. · An t-Earrach Lá leathach an Fhómhair 22ú Meán Fómhair Grianstad an tSamhraidh 21ú

12

C a d c h u i g e a b h f u i l n a c o i l l t eC a d c h u i g e a b h f u i l n a c o i l l t es e o s p e i s i a l t a ?s e o s p e i s i a l t a ?

Is coillte fearthainne iad 6-8% de thalamh an domhain.

Ach tá 50%!! de gach cineál planda;

tá 80%!!! de gach cineál feithide;

tá 90%!!! de gach cineál ápa agus moncaí ar fáil sna

coillte seo.

Tarraing pictiúr anseo de chuid de choill fhearthainne.

Cuir neart plandaí, feithidí, ápaí, moncaithe agus rudaí

beo eile ann. Má bhí tú san iarsmalann ar na mallaibh,

cuimhnigh ar na rudaí a chonaic tú agus a dúradh leat

ansin.

Page 13: Dá dtiocfadh leat an Domhan a fheiceáil ón spás bheadh sé cosúil … · 2005. 3. 22. · An t-Earrach Lá leathach an Fhómhair 22ú Meán Fómhair Grianstad an tSamhraidh 21ú

13

Dá dtiocfadh leat dronuilleog de choill fhearthainne a

ghearradh amach a bhfuil achar 6km2 ann gheobhfá:

750 cineál crann;

1,000 bláth;

400 cineál éan;

125 cineál mamach;

150 cineál féileacán agus leamhan.

crann bláth

mamach féileacán / leamhan

Page 14: Dá dtiocfadh leat an Domhan a fheiceáil ón spás bheadh sé cosúil … · 2005. 3. 22. · An t-Earrach Lá leathach an Fhómhair 22ú Meán Fómhair Grianstad an tSamhraidh 21ú

14

N a C o i l l t e i g c o n t ú i r t .N a C o i l l t e i g c o n t ú i r t .

Le caoga bliain anuas d'imigh 50% de na coillte.

Scriosadh iad. Mar atá rudaí anois cailltear coill a bhfuil

achar 2,000 páirc peile ann gach 90 bomaite.

Page 15: Dá dtiocfadh leat an Domhan a fheiceáil ón spás bheadh sé cosúil … · 2005. 3. 22. · An t-Earrach Lá leathach an Fhómhair 22ú Meán Fómhair Grianstad an tSamhraidh 21ú

15

C a d c h u i g e a b h f u i l d a o i n e a gC a d c h u i g e a b h f u i l d a o i n e a gs c r i o s n a g c o i l l t e ?s c r i o s n a g c o i l l t e ?

(A) Tá adhmad de dhíth fá choinne:

(i) dó-ábhar

(ii) ábhar tógála foirgnimh / troscáin

(iii) páipéar

(B) Feirmeoirí ag cuartú fairsingí.

(C) Fairsingeach a dhéanamh le tithe, bailte a thógáil.

(D) Tógáil bóithre le dul a fhad le mianaigh agus le bailte

móra.

(E) Mianaigh. - Ór, diamaint, stán, gual, copar agus go

leor eile. Tá siad uilig ar fáil thíos faoi na crainn agus

de dhíth ar dhaoine.

(F) Dambaí le haibhléis a dhéanamh.

Page 16: Dá dtiocfadh leat an Domhan a fheiceáil ón spás bheadh sé cosúil … · 2005. 3. 22. · An t-Earrach Lá leathach an Fhómhair 22ú Meán Fómhair Grianstad an tSamhraidh 21ú

16

C a d é a t h a r l a í o n n n u a i r aC a d é a t h a r l a í o n n n u a i r ai m í o n n n a c o i l l t e ?i m í o n n n a c o i l l t e ?

Nuair a leagann duine crann cuireann sé isteach go mór

ar na hainmhithe uilig agus na plandaí uilig a bhí ina

gcónaí ar an chrann sin. Gheobhaidh cuid mhór acu bás.

Cuireann sé isteach go mór fosta ar chréafóg na coille

fosta. Coinníonn na crainn an chréafóg le chéile in áit

amháin ach nuair a leagaimid na crainn glantar an

chréafóg ar shiúl nuair a bhíonn sé ag cur go trom. Téann

an chréafóg isteach sna haibhneacha agus cuireann an

abhainn thar maoil - bíonn TUILTE ann.

Page 17: Dá dtiocfadh leat an Domhan a fheiceáil ón spás bheadh sé cosúil … · 2005. 3. 22. · An t-Earrach Lá leathach an Fhómhair 22ú Meán Fómhair Grianstad an tSamhraidh 21ú

17

Nuair a scriosaimid coill scriosaimid áit chónaithe daoine

chomh maith le hainmhithe. Daoine cosúil leo seo sna

pictiúir.

Is furast a fheiceáil go bhfuil difir mór idir na daoine seo

agus muid féin.

Amharc ar a gcuid éadaigh;

a gcuid tithe;

an dóigh a mbíonn siad ag taisteal ó áit go

háit.

Page 18: Dá dtiocfadh leat an Domhan a fheiceáil ón spás bheadh sé cosúil … · 2005. 3. 22. · An t-Earrach Lá leathach an Fhómhair 22ú Meán Fómhair Grianstad an tSamhraidh 21ú

18

Ar feadh na gcéadta bliain bhí daoine mar seo beo sna

coillte gan TEANGMHÁIL le daoine eile.

Bhí siad beo ar na torthaí, cnónna, éin agus mamaigh.

Rinne siad éadaí, cógais leighis agus airm ó phlandaí na

coille.

Ach ansin tháinig daoine a scrios na gcoillte agus scrios

siad saol mhuintir na gcoillte.

Chomh maith leis sin, ní raibh muintir na coille ábalta ag

na tinnis a thug daoine leo- mar shampla faigheann cuid

mhór acu bás den bhruitíneach agus den fhliú.

Page 19: Dá dtiocfadh leat an Domhan a fheiceáil ón spás bheadh sé cosúil … · 2005. 3. 22. · An t-Earrach Lá leathach an Fhómhair 22ú Meán Fómhair Grianstad an tSamhraidh 21ú

19

Agus ag caint ar an tinneas - faighimid cuid mhór de na

drugaí agus de na cógais a úsáideann dochtúirí ó

phlandaí na gcoillte fearthainne.1/3 de na drugaí a úsáideann dochtúirí ar dhaoine a bhfuil

AILSE orthu tá siad le fáil sna coillte fearthainne agus

b'fhéidir go bhfuil cuid mhór eile sna coillte nach dtáinig

muid orthu go fóill.

Page 20: Dá dtiocfadh leat an Domhan a fheiceáil ón spás bheadh sé cosúil … · 2005. 3. 22. · An t-Earrach Lá leathach an Fhómhair 22ú Meán Fómhair Grianstad an tSamhraidh 21ú

20

Má scriosaimid na coillte fearthainne tiocfaidh athrú ar

aimsir an domhain.

Tá na coillte fearthainne cosúil le spúinsí móra.

SÚINN siad an fhearthainn agus ansin nuair a éiríonn an

lá te imíonn an fhearthainn suas san aer mar a bheadh

gal agus titeann sé arís mar fhearthainn. Glacann sé seo

am agus tá sé ag dul ar aghaidh leis na mílte bliain.

Nuair a scriostar na coillte tarlaíonn sé níos gaiste agus

bíonn TUILTE in áit amháin agus TRIOMACH in áit eile.

SÚINN na coillte teas na gréine fosta. Gan na crainn

thiocfadh leis an domhan uilig éirí níos teo.

Page 21: Dá dtiocfadh leat an Domhan a fheiceáil ón spás bheadh sé cosúil … · 2005. 3. 22. · An t-Earrach Lá leathach an Fhómhair 22ú Meán Fómhair Grianstad an tSamhraidh 21ú

21

Cad chuige a dtugaimid SCAMHÓGA anDOMHAIN ar na coillte fearthainne?

An raibh a fhios agat go mbíonn plandaí ag análú?

An ndóigh, níl scamhóga acu mar atá againne agus tá

difear tábhachtach amháin eile ann.

Bíonn na crainn ag glacadh isteach dé-ocsáid carbóin

agus ag cur amach ocsaigine.

Mura mbeadh na crainn á dhéanamh sin b'fhéidir nach

mbeadh go leor ocsaigine sa domhan.

Agus mura mbeadh siad ag úsáid an dé-ocsáid carbóin

atá san aer bheadh barraíocht de ann agus d'éireodh an

domhan uilig níos teo. Dá dtarlódh sin thiocfadh le cuid

mhór den leac oighir ag an Mhol Thuaidh agus Theas leá

agus bheadh barraíocht uisce san fharraige. Arís bheadh

TUILTE ann thart an domhan- seans go mbeadh siad in

Éirinn féin.

Page 22: Dá dtiocfadh leat an Domhan a fheiceáil ón spás bheadh sé cosúil … · 2005. 3. 22. · An t-Earrach Lá leathach an Fhómhair 22ú Meán Fómhair Grianstad an tSamhraidh 21ú

22

S t r u c h t ú r n a g C o i l l t e F e a r t h a i n n e . S t r u c h t ú r n a g C o i l l t e F e a r t h a i n n e . S t r u c h t ú r n a g C o i l l t e F e a r t h a i n n e .

Thig linn na crainn agus na plandaí i gcoillfhearthainne a roinnt ina cheithre chuid.

An chuid uachtair

Seo iad na crainn is airde agus issine. Bíonn siad thart fá 40 méadar oscionn an talaimh. Is iad na crainn seoa mhothaíonn an ghrian, an ghaothagus an fhearthainn níos mó ná crainnar bith eile.

An Ceannbhrat

Tá na crainn seo thart fá 25-30 méadarin airde. Tá siad mar a bheadh scáthfearthainne ag cosaint na n-ainmhitheagus na bplandaí ón fhearthainn, anghrian agus an ghaoth. Anseo atá áitchónaithe ag na mílte ápaí,moncaithe, éin agus feithidí agus iadbeo ar na torthaí agus ar na cnónna.

An Fostóras

Crainn bheaga agus toim a bhíonnanseo. Ní bhíonn mórán gréine nófearthainne ag teacht fríd anseo agustá an áit beo le hainmhithe agus leplandaí de gach cineál.

Urlár na coille

Anseo tá cuid mhór síolta ina luí agfanacht le crann bás a fháil agus titimsa dóigh go bhfaighidh sé go leorsolais agus fearthainne le toiseachtag fás.

Page 23: Dá dtiocfadh leat an Domhan a fheiceáil ón spás bheadh sé cosúil … · 2005. 3. 22. · An t-Earrach Lá leathach an Fhómhair 22ú Meán Fómhair Grianstad an tSamhraidh 21ú

23

A d h m a d ó C h r a i n n n a g C o i l l t eA d h m a d ó C h r a i n n n a g C o i l l t eF e a r t h a i n n e .F e a r t h a i n n e .

Is maith le daoine a dhéanann troscán adhmad ó na

crainn seo ceann is go bhfuil dath deas dorcha idir dearg

agus donn air. Chomh maith leis sin tá sé iontach crua

agus ní chrapann sé mórán. Is beag teach thart anseo

nach bhfuil rud éigin déanta as MAHAGAINE ann. An

bhfuil troscán mahagaine ar bith sa teach s'agatsa?

Tagann an t-adhmad

ó na coillte fearthainne.

Mianaigh na gCoillte Fearthainne.

Cuid mhór de na miotail atá in úsáid sna tithe s'againn tá

siad le fáil sna mianaigh sna coillte.

Alúmanam - Frámaí dorais agus fuinneoige

Copar - Píopaí uisce, tancanna uisce.

Sreanga aibhléise.

Iarann - Raiditheoirí, tairní

Cruach - (Iarann agus carbón) Tairní, scriúinna,

sceana, potaí, doirtil srl.

Page 24: Dá dtiocfadh leat an Domhan a fheiceáil ón spás bheadh sé cosúil … · 2005. 3. 22. · An t-Earrach Lá leathach an Fhómhair 22ú Meán Fómhair Grianstad an tSamhraidh 21ú

24

Thig linn bia a dhéanamh níos blasta le plandaí ó na coillte

fearthainne:

Noitmig (An Indinéis) - cístí, brioscaí srl.

Fanaile (Meiriceá Láir) - uachtar reoite srl.

Clóbh (Afraic) - milseáin, cístí, taos fiacla.

Sinséar ( Is iomaí áit) - brioscaí, cístí.

Cainéal (Sri Lanka) - curaí, milseáin,

gach sórt cócaireachta.

Page 25: Dá dtiocfadh leat an Domhan a fheiceáil ón spás bheadh sé cosúil … · 2005. 3. 22. · An t-Earrach Lá leathach an Fhómhair 22ú Meán Fómhair Grianstad an tSamhraidh 21ú

25

Léigh Lgh. 15 & 23 arís.

Déan pictiúr sa bhocsa thíos de rudaí atá agat ar scoil nó

sa teach agus "thosaigh" siad sna coillte fearthainne.

Mar shampla: Troscán Mahagaine, Fáinne Óir,

Cannaí, Potaí srl.

Page 26: Dá dtiocfadh leat an Domhan a fheiceáil ón spás bheadh sé cosúil … · 2005. 3. 22. · An t-Earrach Lá leathach an Fhómhair 22ú Meán Fómhair Grianstad an tSamhraidh 21ú

26

Léigh Lch. 21 arís go cúramach.

Smaoinigh ar dhóigh leis an smaoineamh mar atá ar an

leathanach seo a chur i bpictiúr.

Page 27: Dá dtiocfadh leat an Domhan a fheiceáil ón spás bheadh sé cosúil … · 2005. 3. 22. · An t-Earrach Lá leathach an Fhómhair 22ú Meán Fómhair Grianstad an tSamhraidh 21ú

27

Amharc ar leathanach 24 arís.

Déan pictiúr galánta de na rudaí a ithimid agus nach

mbeadh blas chomh maith orthu gan na plandaí ó na

coillte fearthainne.

Page 28: Dá dtiocfadh leat an Domhan a fheiceáil ón spás bheadh sé cosúil … · 2005. 3. 22. · An t-Earrach Lá leathach an Fhómhair 22ú Meán Fómhair Grianstad an tSamhraidh 21ú

28

A i n m h i t h e n a g C o i l l t e F e a r t h a i n n e .A i n m h i t h e n a g C o i l l t e F e a r t h a i n n e .

Ainm An chuid den domhan Eolas eilearb as é.

An chuid Uachtair

Ceannbhrat

Fostóras

Urlár

Torthaí

Duilleoga

Bláthanna

Feithidí

Ainmhithe beaga

Féar

Cnónna agus síolta

Cruimheanna

Ainmhithe Móra

An áit sa choill Bia

SimpeansaíMamach

FostórasUrlár

Page 29: Dá dtiocfadh leat an Domhan a fheiceáil ón spás bheadh sé cosúil … · 2005. 3. 22. · An t-Earrach Lá leathach an Fhómhair 22ú Meán Fómhair Grianstad an tSamhraidh 21ú

29

An TíogarMamach

An Moncaí géagachMamach

An Léamar BandearrachMamach

An Eilifint IndiachMamach

Tá cait eile snacoillte fearthainnem.sh. iaguar,liopard.

Urlár

CeannbhratFostórasUrlár

Urlár

Ceannbhrat

Níos lú ná anEilifint Afraiceach.Itheann sí 150kgde bhia sa lá.

Page 30: Dá dtiocfadh leat an Domhan a fheiceáil ón spás bheadh sé cosúil … · 2005. 3. 22. · An t-Earrach Lá leathach an Fhómhair 22ú Meán Fómhair Grianstad an tSamhraidh 21ú

30

An tIoguánaReiptíl

An Píotón RíogaReiptíl

An CipíneachFeithid

An Macá agus An PhearóidÉin

Cuireann cumacipín nó duilleoigeair féin.

Fáisceann sé achreach.Níl nimh ann.

1.5 ar fad.

CeannbhratFostóras

Ceannbhrat

CeannbhratFostórasUrlár

CeannbhratFostóras

Gob láidir lecnónna a oscailt.Dathanna geala.

Page 31: Dá dtiocfadh leat an Domhan a fheiceáil ón spás bheadh sé cosúil … · 2005. 3. 22. · An t-Earrach Lá leathach an Fhómhair 22ú Meán Fómhair Grianstad an tSamhraidh 21ú

31

Na Froganna CrainnAmfaibiaigh

Na Froganna Nimh Saighid

Dathanna gealale bagairt arainmhithe eile gobhfuil nimh ann.Leacht nimhiúilar a chraiceann.

Page 32: Dá dtiocfadh leat an Domhan a fheiceáil ón spás bheadh sé cosúil … · 2005. 3. 22. · An t-Earrach Lá leathach an Fhómhair 22ú Meán Fómhair Grianstad an tSamhraidh 21ú

32

C e i s t e a n n a a r n a C o i l l t eC e i s t e a n n a a r n a C o i l l t eF e a r t h a i n n e .F e a r t h a i n n e .

1. Cad chuige a mbíonn cuma ghorm ar an domhan nuair

a fheiceann tú é ón spás?

2. Tá an domhan SFÉARACH.

Ciallaíonn SFÉARACH:

(a) Cosúil leis an spéir

(b) An cruth céanna le liathróid

(c) Clúdaithe le huisce

3. Tá 7/10 den domhan clúdaithe le ________________

agus le _____________.

4. Is talamh ard é _____% de thalamh an domhain.

5. C'ainm atá ar an dá áit is fuaire ar an domhan?

— — — — — — — — — —

— — — — — — — — — — — —

Page 33: Dá dtiocfadh leat an Domhan a fheiceáil ón spás bheadh sé cosúil … · 2005. 3. 22. · An t-Earrach Lá leathach an Fhómhair 22ú Meán Fómhair Grianstad an tSamhraidh 21ú

33

6. Clúdaíonn coillte _____% den domhan.

7. Áiteanna atá an-te agus an-tirim darbh ainm

F — — — — — nó

G — — — — — — — — — — —

12•5% den domhan.

8-15. Pioc an focal ceart ó na liostaí.

Is líne é an (A) a théann thart lár an domhain.

Tá sé 40,075 (B) ar fad. Cuir i gcás go raibh gach

duine in Éirinn iolraithe fá 5 ina seasamh (C) ar

lámh, dhéanfadh siad (D) thart ar an

Mheánchiorcal. Má tá tú ar an taobh ó thuaidh den

Mheánchiorcal tá tú sa (E) thuaidh. Mar sin de

tá tíortha mar an Afraic Theas agus (F) sa leathsféar

(G)

Page 34: Dá dtiocfadh leat an Domhan a fheiceáil ón spás bheadh sé cosúil … · 2005. 3. 22. · An t-Earrach Lá leathach an Fhómhair 22ú Meán Fómhair Grianstad an tSamhraidh 21ú

34

Asféar

Meánchiorcal

Trópaic

Ais

Dsconsa

fáinne

téad

méadar

Gthiar

theas

thoir

fuar

Ccos

gualainn

lámh

méara

FAfraic

Thuaidh

Meiriceá

Ceanada

An Astráil

B

méadar

gram

ciliméadar

míle

Esféar

leathsféar

ciorcal

chuid

16. Cad é an t-ainm atá ar an 'líne' a théann ón Mhol

Thuaidh go dtí an Mol Theas fríd lár an domhain?

17. An t-aer atá thart orainn tugtar an ______________

air.

Cosnaíonn sé muid ó _________________

________________ ón ghrian.

Page 35: Dá dtiocfadh leat an Domhan a fheiceáil ón spás bheadh sé cosúil … · 2005. 3. 22. · An t-Earrach Lá leathach an Fhómhair 22ú Meán Fómhair Grianstad an tSamhraidh 21ú

35

Éire

An Airgintín

An Afraic Theas

Rúanda

An Bhraisíl

Stáit Aontaithe Mheiriceá

18. Tá an T — — — — — — — — idir

Tropáic an Phortáin agus T — — — — — —

an Gh — — — — — —.

19-21 Ceangail an tír den chuid cheart den domhan.

An Teochrios

An Crios

Measartha Thuaidh

An Crios

Measartha Theas

Page 36: Dá dtiocfadh leat an Domhan a fheiceáil ón spás bheadh sé cosúil … · 2005. 3. 22. · An t-Earrach Lá leathach an Fhómhair 22ú Meán Fómhair Grianstad an tSamhraidh 21ú

36

22- 25 Fíor nó Bréagach

Tá coillte fearthainne le fáil i Meiriceá Láir. _____________

Tá siad le fáil ar fud na hAstráile. _____________

Tá siad le fáil sa chuid thoir thuaidh den Afraic.

__________

Tá siad le fáil sa Bhraisíl. _____________

26. An fíor a rá go bhfuil leathchuid de gach cineál planda

ar fáil sna coillte fearthainne? ______________

27. Tá 4/5 de gach cineál _______________ iontu fosta.

28. De na moncaithe agus na hápaí uilig atá ar an domhan

an fíor a rá go bhfuil níos lú ná 75% acu le fáil sna

coillte fearthainne? _______________

Page 37: Dá dtiocfadh leat an Domhan a fheiceáil ón spás bheadh sé cosúil … · 2005. 3. 22. · An t-Earrach Lá leathach an Fhómhair 22ú Meán Fómhair Grianstad an tSamhraidh 21ú

37

29. Gach uair an chloig cailltear thart fá:

(a) 2000 páirc peile

(b) 1000 páirc peile

(c) 1500 páirc peile

(d) 1330 páirc peile

Ciorclaigh an freagra is fearr.

30. Inis i do chuid focal féin 4 fháth a bhfuil daoine ag

scrios na gcoillte fearthainne.

_______________________________________________

________________________________________________

_______________________________________________

________________________________________________

_______________________________________________

________________________________________________

_______________________________________________

________________________________________________

_______________________________________________

________________________________________________

_______________________________________________

________________________________________________

Page 38: Dá dtiocfadh leat an Domhan a fheiceáil ón spás bheadh sé cosúil … · 2005. 3. 22. · An t-Earrach Lá leathach an Fhómhair 22ú Meán Fómhair Grianstad an tSamhraidh 21ú

38

31. Cad chuige a bhfuil an chontúirt ann go mbeidh tuilte

ann nuair a leagann daoine barraíocht crann sna

coillte fearthainne?

_______________________________________________

_______________________________________________

_______________________________________________

_______________________________________________

_______________________________________________

_______________________________________________

32. Cén fáth, dar leat, a mbeadh dochtúirí míshásta dá

leagfaí barraíocht de na coillte fearthainne?

_______________________________________________

_______________________________________________

_______________________________________________

_______________________________________________

_______________________________________________

_______________________________________________

Page 39: Dá dtiocfadh leat an Domhan a fheiceáil ón spás bheadh sé cosúil … · 2005. 3. 22. · An t-Earrach Lá leathach an Fhómhair 22ú Meán Fómhair Grianstad an tSamhraidh 21ú

39

33. Cad chuige a dtugaimid scamhóga an domhain ar na

coillte fearthainne? Inis go simplí i do chuid focal

féin.

_______________________________________________

_______________________________________________

_______________________________________________

_______________________________________________

_______________________________________________

_______________________________________________

34-37 Ainmnigh 4 chuid na gcoillte.

An ch________ U______________

U_____________ na C___________

An F_______________

An C_____________________

38. C'ainm atá ar an adhmad a fhaigheann daoine ó na

coillte le troscán a dhéanamh?

____________________

Page 40: Dá dtiocfadh leat an Domhan a fheiceáil ón spás bheadh sé cosúil … · 2005. 3. 22. · An t-Earrach Lá leathach an Fhómhair 22ú Meán Fómhair Grianstad an tSamhraidh 21ú

40

39-42. Ainmnigh na plandaí a úsáidtear sna cineálacha

bia

seo.

Cístí, brioscaí N — — — — — —

S — — — — — —

Milseáin C — — — — — —

C — — — —

Taos Fiacla C — — — —

Uachtar Reoite F— — — — — —

Amharc sa leabhar agus déan iarracht a oibriúamach cén t-ainmhí a bhfuil cur síos air anseo.

43. Cónaíonn sé san Áise. Itheann sé torthaí, duilleoga

agus bláthanna. Is mamach mór é.

_____________________

44. Mamach as Meiriceá Theas. Bíonn sé fán

cheannbhrat agus itheann sé torthaí agus duilleoga.

_____________________

45. Reiptíl as an Afraic. Itheann sé ainmhithe beaga.

_____________________

Page 41: Dá dtiocfadh leat an Domhan a fheiceáil ón spás bheadh sé cosúil … · 2005. 3. 22. · An t-Earrach Lá leathach an Fhómhair 22ú Meán Fómhair Grianstad an tSamhraidh 21ú

41

46. Feithid atá ar fáil san Astráil.

____________________

47. Reiptíl a chónaíonn fán cheannbhrat agus fán

Fhostóras i gcoillte Mheiriceá Theas.

____________________

48. Cad chuige a bhfuil gob láidir de dhíth ar an Mhacá?

_______________________________________________

_______________________________________________

49. Ainmnigh 3 chat mhóra atá sna coillte.

__________________________

__________________________

__________________________

50. Liostaigh na hainmhithe a itheann torthaí.

__________________ _________________

__________________ _________________

__________________ _________________

Page 42: Dá dtiocfadh leat an Domhan a fheiceáil ón spás bheadh sé cosúil … · 2005. 3. 22. · An t-Earrach Lá leathach an Fhómhair 22ú Meán Fómhair Grianstad an tSamhraidh 21ú

42

Tarraing an mamach is fearr leat as naCoillte Fearthainne.

Page 43: Dá dtiocfadh leat an Domhan a fheiceáil ón spás bheadh sé cosúil … · 2005. 3. 22. · An t-Earrach Lá leathach an Fhómhair 22ú Meán Fómhair Grianstad an tSamhraidh 21ú

43

Tarraing an fheithid is fearr leat as naCoillte Fearthainne.

Page 44: Dá dtiocfadh leat an Domhan a fheiceáil ón spás bheadh sé cosúil … · 2005. 3. 22. · An t-Earrach Lá leathach an Fhómhair 22ú Meán Fómhair Grianstad an tSamhraidh 21ú

44

Tarraing an reiptíl is fearr leat as naCoillte Fearthainne.

Page 45: Dá dtiocfadh leat an Domhan a fheiceáil ón spás bheadh sé cosúil … · 2005. 3. 22. · An t-Earrach Lá leathach an Fhómhair 22ú Meán Fómhair Grianstad an tSamhraidh 21ú

45

Tarraing an t-amfaibiach is fearr leat as naCoillte Fearthainne.

Page 46: Dá dtiocfadh leat an Domhan a fheiceáil ón spás bheadh sé cosúil … · 2005. 3. 22. · An t-Earrach Lá leathach an Fhómhair 22ú Meán Fómhair Grianstad an tSamhraidh 21ú

46

Tarraing an t-éan is fearr leat as naCoillte Fearthainne.

Page 47: Dá dtiocfadh leat an Domhan a fheiceáil ón spás bheadh sé cosúil … · 2005. 3. 22. · An t-Earrach Lá leathach an Fhómhair 22ú Meán Fómhair Grianstad an tSamhraidh 21ú

47

AAAAAn Domhann Domhann Domhann Domhann Domhanagusagusagusagusagus

nananananaCoillte FearthainneCoillte FearthainneCoillte FearthainneCoillte FearthainneCoillte Fearthainne

Page 48: Dá dtiocfadh leat an Domhan a fheiceáil ón spás bheadh sé cosúil … · 2005. 3. 22. · An t-Earrach Lá leathach an Fhómhair 22ú Meán Fómhair Grianstad an tSamhraidh 21ú

Márta 1995