dearadh & déantúsaíocht

12
Dearadh & Déantúsaíocht Folúsfhoirmiú

Upload: zalman

Post on 12-Jan-2016

52 views

Category:

Documents


1 download

DESCRIPTION

Dearadh & Déantúsaíocht. Folúsfhoirmiú. Próiséas - PowerPoint PPT Presentation

TRANSCRIPT

Page 1: Dearadh & Déantúsaíocht

Dearadh & Déantúsaíocht Dearadh & Déantúsaíocht

Folúsfhoirmiú Folúsfhoirmiú

Page 2: Dearadh & Déantúsaíocht

Manufacturing – Vacuum Forming

PróiséasDéantar leathán d’ábhar teirmeaplaisteach a chlampáil timpeall a chiumhaiseanna agus téitear é go n-éiríonn sé so-lúbtha. Ardaítear múnla teasdíonach den chruth éilithe isteach sa phlaisteach bogtha. Folmhaíonn folúschaidéal an t-aer idir an leathán agus an múnla. Déanann an brú atmaisféarach an leathán plaisteach a bhrú go dlúth thar an múnla.

ÁbhairTá fáil ar leatháin Pholaistiréin ard-tuinseamh ó 1mm go 3mm i raon dathanna mar aon le leathán trédhearcach a úsáidtear don phacáistiú bolgánach sna boscaí léirithe.

Page 3: Dearadh & Déantúsaíocht

Manufacturing – Vacuum Forming

Na Céimeanna a Bhaineann leis an bhFolúsfhoirmiú

1. Ar dtús, déantar foirmeán as ábhar cosúil le hadhmad bog. Dealbhaítear ciumhaiseanna nó taobhanna ag fána 3º mar nuair a fhoirmítear an plaisteach thairis, is féidir an foirmeán a bhaint go réidh.

2. Déantar an foirmeán críochnaithe a shuí i meaisín folúsfhoirmithe.

3. Déantar leathán plaisteach m.sh., polaistiréin, a chlampáil go daingean os cionn an mhúnla

Page 4: Dearadh & Déantúsaíocht

Manufacturing – Vacuum Forming

4. Cuirtear na heilimintí téimh ar siúl agus éiríonn an plaisteach níos boige go mall agus so-mhúnlaithe de réir mar a théamhann sé. Feictear go ‘stangann’ an plaisteach de réir mar a leathanaíonn an dromchla amach

5. Tar éis roinnt nóiméad, tá an plaisteach réidh don ‘fhoirmiú’ de réir mar a éiríonn sé an-solúbtha agus

rubarach .

6. Múchtar an téiteoir agus bogann an múnla in airde tríd an luamhán a ardú go ndéantar é a dhaingniú sa suíomh.

Próiseas Múnlaithe

Page 5: Dearadh & Déantúsaíocht

Manufacturing – Vacuum Forming

7. Múchtar an ‘folús' agus pumpálann sé seo an t-aer faoin leathán plaisteach amach. Os a chionn, brúnn an brú atmaistféarach an leathán plaisteach síos ar an múnla. Féadtar cruth an mhúnla a fheiceáil go réidh tríd an leathán plaisteach. Nuair atá an plaisteach fuaraithe, múchtar an folúschaidéal.

8. Baintear an leathán plaisteach den fhoirmeán folúis. Tá cruth an fhoirmeáin brúite isteach ar dhromchla an leatháin.

9. Déantar an bharraíocht phlaisteach a bhearradh go dtí nach bhfuil fanta ach an babhla plaisteach. Ta amharc méadaithe den bhabhla críochnaithe le feiceáil thall.

Múnla Críochnaithe

Page 6: Dearadh & Déantúsaíocht

Manufacturing – Vacuum Forming

Déantúsaíocht Mhúnla

D’fhonn an cruth inmhianaithe a bhaint amach, is féidir múnlaí a dhéanamh trí sraitheanna ábhar a ghliúáil le chéile agus iad a fhoirmiú le héagsúlacht uirlisí meaisíní agus láimhe cosúil le Ródairí CNC, Gearradh Léasair, Scrollsábha, Bord múnlála fearsaide agus Criosghreanóirí .

I measc na n-ábhar a úsáidtear i ndéantús múnla tá MDF, adhmad Balsa agus Marla. Úsáidtear MDF ar scoileanna de ghnáth agus alúmanam teilgthe nó roisín eapocsach sa tionscal. Féadtar neart agus righneas múnla a mhéadú trí dearadh sna cuasanna, sna heitrí nó sna céimeanna. Tá samplaí de thráidirí agus de phacáistiú bolgánach nó clogach atá táirgthe ag folúsfhoirmiú le feiceáil thall.

http://www.uni-plastic.com/Thermoforming%20&%20Vacuun%20Forming.htm

Thíos, ta nasc idirlín le pacáistiú agus folúsfhoirmiú clogach tráchtála

Page 7: Dearadh & Déantúsaíocht

Manufacturing – Vacuum Forming

Agus múnla á dhearadh agat, is den tábhacht é go gcuimhnítear ar bhaint an tsliogáin fholúsfhoirmithe. Ní theastaíonn liopaí tarchrochta ná uillinneacha diúltacha. Ní mór dréachtuillinn idir 3° agus 5° a sholáthar ar dhromchlaí uilig an mhúnla. Tá sé an-deacair an plaisteach foirmithe agus an múnla a scarúint óna chéíle agus seans go scoiltfear é. Féadtar múnla a phúdráil le talcphúdar chun cabhrú le baint an mhúnla.

Má úsáidtear sraithadhmad éadrom,leathán alúmanaim nó Perspex mar bhonnshraith ar do mhúnla, féadtar í a ghreamú le téip dhéthaobhach sa tslí is gur féidir í a bhaint go réidh agus a úsáid mar bhonn an tionscadail chríochnaithe. Feic sampla den mhúnla cairr thall.

Déantús Múnla

Page 8: Dearadh & Déantúsaíocht

Manufacturing – Vacuum Forming

Samplaí Tráchtála Folúsfoirmithe

Page 9: Dearadh & Déantúsaíocht

Manufacturing – Vacuum Forming

Leideanna & Cleasa1. Ábhair saora agus oiriúnacha is ea MDF & leatháin sraithadhmaid

3mm i ndéantúsaíocht Mhúnlaí.

2. Féadtar cruthanna casta a thógáil agus a neartú le sraitheanna.

3. Is féidir téip dhéthaobhach, boinn airgid, duail, suaitheantais chairr, sárghliú, líonaigh adhmaid nó cipíní a úsáid chun múnla a fheabhsú nó a phearsantú.

4. Sábha poll, béalmhíreanna leacaithe, béalmhíreanna fritollta, blocanna greanála.

5. Féadtar cruthanna atá ann cheana a líonadh le plástar paisteála chun múnla a dhéanamh.

6. I gcás phoill inmheánacha nó cuasanna i múnla, ní mór dóibh bheith druileáilte 2 Ø mm tríd go dtí bonn an mhúnla a cheadaíonn folmhú an chuais ag an bhfolúschaidéal.

7. Is féidir cruthanna móra nó casta a phúdráil le talcphúdar a chabhróidh le scaoileadh na gcruthanna den mhúnla.

8. Féadtar bonn an mhúnla a dhruileáil agus a réitiú do bholta M6, rud a cheadóidh duit lamh a chur ann. Cabhróidh sé seo leat chun an múnla a tharraingt den chruth foirmithe

Page 10: Dearadh & Déantúsaíocht

Manufacturing – Vacuum Forming

Déantús an Mhúnla

1. Seo bloc bunchruthach MDF a imchochlaíonn na comhpháirteanna agus a thacaíonn leis an meicníocht.

2. Tá dearadh an bhloic MDF mioncheartaithe chun ceallra 9V a choinneáil agus chun próifílí atá deartha go heirgeanamaíoch a sholáthar i gcomhair Lasca, LED & Friotóirí inathraithe.

3. Múnla críochnaithe polaistiréin 2mm ata réidh don druileáil mhótair agus d’oiriúnú na gcomhpháirteanna leictreonacha agus don mheicníocht taca ulóige.

Céimeanna i bhForbairt an Phatrúin

Page 11: Dearadh & Déantúsaíocht

Manufacturing – Vacuum Forming

Samplaí de na sé phatrún táirgthe as an gclár bán MDF

Page 12: Dearadh & Déantúsaíocht

Manufacturing – Vacuum Forming

Ceithre Mhúnla Chríochnaithe