Transcript
Page 1: Dioplóma i bhForbairt Gréasáin · dearadh agus forbairt suíomhanna idirlín. Beidh ar chumas an mhic léinn, ar chríoch an chúrsa dó/di, suíomh idirlín a dhearadh, a fhorbairt

Dioplóma i bhForbairt Gréasáin

Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge

Eolas faoi chúrsaí ag www.oegaillimh.ie/acadamh

Tréimhse an chúrsa

Is cúrsa páirtaimseartha thar dhá bhliainollscoile é seo (Meán Fómhair gohAibreán an dá bhliain). Le deis athabhairt do dhaoine ar fud na tíretabhairt faoin gcúrsa agus an tairbhe isfearr a bhaint as, bainfear úsáid as angcianfhoghlaim agus as ionaid Ghaeltachtana hOllscoile chun an cúrsa asheachadadh. Beidh formhór an chúrsa átheagasc ar líne ach tiocfaidhrannpháirtithe le chéile trí huaire sabhliain ar Champas na hOllscoile agus/nósna hionaid Ghaeltachta i gcomhairceardlanna / léachtaí traidisiúnta.

Beidh seisiún fáiltithe agus cláraithe domhic léinn an chúrsa ar siúl i nGaillimh imí Mheán Fómhair. Cuirfear sceideal anchúrsa ar fáil ag tús an chúrsa.

Ar mhaith leat do shuíomh idirlín féin a fhorbairt?

Is é aidhm an chúrsa seo léargas – teoiriciúil agus praiticiúil – a thabhairtdon rannpháirtí ar bhunteicneolaíochtaí ríomhaireachta agus Idirlín.Beidh béim ar leith sa chlár seo ar an Idirlíon agus ar dhearadh gréasáin,agus ar na teicneolaíochtaí éagsúla a chuidíonn leis an bhforbróirgréasáin. Áirítear anseo bunchloch an ríomhchlárúcháin, réamhchúrsa imbunachair shonraí, agus ionramháil ilmheán – chomh maith ledearadh agus forbairt suíomhanna idirlín. Beidh ar chumas an mhicléinn, ar chríoch an chúrsa dó/di, suíomh idirlín a dhearadh, a fhorbairtagus a thabhairt chun críche.

Cuirfear béim ar leith sa chúrsa ar ról nua na Gaeilge in earnáil naríomhaireachta, agus beidh an Ghaeilge fite fuaite i siollabas an chúrsa.Díreoidh an clár seo freisin ar na forbairtí tábhachtacha nuálacha atátagtha chun cinn in earnáil na meán sóisialta le blianta beaga anuas.

Ar chríochnú an dioplóma dóibh, beidh na rannpháirtithe oilte le dul ingleic leis an ré nua teicneolaíochta atá ag fás in Éirinn, agus ullmhóidhan cúrsa iad chun bunphoist a bhaint amach i dtionscal naríomhaireachta. Gheobhaidh rannpháirtithe oiliúint theoiriciúil agusphraiticiúil a chuirfidh ar a gcumas leanúint leis an oideachas agustabhairt faoi chlár fochéime ríomhaireachta ag leibhéal NFQ 8.

NUIG_Acadamh_ForbairtGreasain_2pager2018.qxp_Layout 1 18/04/2018 12:42 Page 1

Page 2: Dioplóma i bhForbairt Gréasáin · dearadh agus forbairt suíomhanna idirlín. Beidh ar chumas an mhic léinn, ar chríoch an chúrsa dó/di, suíomh idirlín a dhearadh, a fhorbairt

Eolas faoi chúrsaí ag www.oegaillimh.ie/acadamh

Bliain 2

Na Meáin DhigiteachaÚsáidfear bogearraí sainiúla chun eagarthóireacht agus tiomsú a dhéanamh ar fhuaim,ar fhís, ar íomhá agus ar théacs.

Bunachair Shonraí don Fhorbairt GréasáinAn ról lárnach atá ag bunachair shonraí i suíomhanna gréasáin comhaimseartha.

Tionscadal IdirlínÚsáidfidh na mic léinn gach ar fhoghlaim siad le linn an chúrsa chun suíomh idirlín aphleanáil, a dhearadh agus a fhorbairt.

CáilíochtDioplóma de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é seo atá ag Leibhéal 7 denChreatlach Náisiúnta Cáilíochtaí agus tá 30 ECTS luaite leis.

Bliain 1

Córais IdirlínBunchloch theoiriciúil agus phraiticiúil ar na teicneolaíochtaí, na coincheapa agus antéarmaíocht. Cruthóidh na mic léinn suíomh idirlín ag úsáid ardáin tríú páirtí.

Teicneolaíochtaí GréasáinScileanna praiticiúla forbartha gréasáin, ionas gur féidir leis na mic léinn leathanaighidirlín a scríobh ón mbun aníos.

Coincheapa RíomhchlárúcháinAn ról atá ag teangacha ríomhchlárúcháin éagsúla – teangacha marcála, códú agusríomhchláir iomlána san áireamh - i bhforbairt gréasáin.

Riachtanais iontrálaFáilteofar roimh iarratais ó dhaoine abhfuil caighdeán sásúil Gaeilge acuagus spéis agus taithí acu i réimse nateicneolaíochta agus naríomhaireachta. De bharr go mbeidhcuid mhór den chúrsa á cur ar fáiltríd an gcianfhoghlaim ar an Idirlíon,ní mór go mbeadh ríomhaire agusceangal leathanbhanda agrannpháirtithe.

Táille agus iarrataisTá gach eolas faoi tháille an chúrsa lefáil ach teagmháil a dhéanamh linn.Is féidir iarratas a dhéanamh ar áit aran gcúrsa trí chliceáil ar an nasc atáag bun an leathanaigh seo. Is é anspriocdháta d’iarratais Dé Céadaoin,an 15 Lúnasa 2018.

Seathrún Ó TuairisgIonad an Acadaimh, CarnaOllscoil na hÉireann, [email protected]ó féach www.acadamh.ie/cursai

Tuilleadh eolais:

NUIG_Acadamh_ForbairtGreasain_2pager2018.qxp_Layout 1 18/04/2018 12:42 Page 2


Top Related