fuinneamh
TRANSCRIPT
Fuinneamh
Úsáidimid fuinneamh gach lá.
Cad as a dtagann an fuinneamh sin?
Foinsí fuinnimh
Is foinse fuinnimh í an ghrian. Téann sí gach rud ar domhan.
Súnn painéil ghréine isteach an teas ón ngrian. Úsáidtear an teas sin chun seomraía théamh agus chunuisce te a chur ar fáil.
Is foinse fuinnimh é uisce. Úsáidimid fuinneamh ó uisce reatha chun leictreachasa ghiniúint i stáisiúin chumhachta.
Tugtar hidrileictreachas ar an leictreachasa ghintear le huisce.
Is foinse fuinnimh í an ghaoth.
Is féidir leictreachasa ghiniúint ar fheirmeacha gaoithe.
Is foinse fuinnimh é an gual.
Faoin talamh a bhíonn an gual. Baintear as an talamh trí
mhianadóireacht é.
Is foinse fuinnimh í an mhóin.
Baintear as an bportach í.
Is foinse fuinnimh í an ola.
Faightear faoin bhfarraige nó faoin talamh í.
Is foinse fuinnimh é an gás.
Faightear faoin bhfarraige nó faoin talamh é.
• Úsáidtear na foinsí fuinnimh seo le leictreachas a dhéanamh,i measc rudaí eile.
• Úsáidimid an leictreachas sin gach lá – sa bhaile, ar scoil agus ag an obair, mar shampla.
Is féidir na foinsí fuinnimh a roinnt ina dhá ngrúpa.
Foinsí neamh-in-athnuaite fuinnimhTiocfaidh deireadhamach anseo leis na foinsí neamh-in-athnuaite.
Foinsí in-athnuaitefuinnimhNí thiocfaidh deireadh leis nafoinsí in-athnuaite go deo.
An foinsí in-athnuaite nó neamh-in-athnuaite
iad seo?
An raibh an ceart agat?Foinsíneamh-in-athnuaite fuinnimh
Foinsí in-athnuaitefuinnimh
• Breoslaí iontaise a thugtar ar ghual, ar ghás, ar ola agus ar mhóin.
• Faighimid breoslaí iontaise faoin talamh nó faoin bhfarraige.
• Is é atá sna breoslaí iontaise, iarsmaí d’ainmhithe agus de phlandaí a fuair bás fadó.
Breoslaí IontaiseAinmhithe agus Plandaí Marbha faoi Uisce
Brú agus Teas na Milliún Bliain
Breoslaí Iontaise
• Ó bhreoslaí iontaise is mó a thagann an fuinneamh a úsáidtear chun leictreachas a ghiniúint in Éirinn. Is iad na breoslaí iontaise is mó a úsáidtear freisin mar bhreoslale haghaidh na modhanna iompair éagsúla.
• Tiocfaidh deireadh leis na breoslaí iontaise lá éigin. Is foinse neamh‑in‑athnuaite fuinnimh iad.
• Ba cheart dúinn tréaniarracht a dhéanamh fuinneamh a chaomhnú, mar sin.
Conas is féidir linn fuinneamh
a chaomhnú?
• Ísligh an teas.• Múch na soilse mura mbíonn gá leo.
• Ná fág an teilifís ar fuireachas.
• Déan do chuid taistil ar an rothar seachas sa charr má tá sé sábháilte sin a dhéanamh.
• Tóg cith seachas folcadh.
Fearas• Péint dhubh• Dhá bhosca
phlaisteacha• Uisce• Teirmiméadar• Scannán cumhdaitheModh1. Úsáid an phéint dhubh chun an taobh istigh de
bhosca amháin a phéinteáil.2. Fan tamall go dtriomóidh sí.3. Cuir beagán uisce sa dá bhosca. 4. Tomhais an teocht sa dá bhosca. Bain úsáid
as an teirmiméadar.5. Cuir scannán cumhdaithe thar bhéal na mboscaí.6. Fág in áit ghrianmhar iad.
Turgnamh: Painéal gréine a dhéanamh
Tuar
Tomhais teocht an uisce tar éis cúpla
uair an chloig.
1. An dtéifidh an t-uisce i mbosca amháin níos tapúla ná an t-uiscesa bhosca eile?
2. Cé acu bosca ina dtarlóidh sé sin?
Céard a tharla?
Théigh an t-uisce sa bhosca dubh níos tapúla ná an t-uisce sa bhosca eile.
Ionsúnn nithe dorcha níos mó teasa ná nithe geala. Mar sin, bíonn dath dubh ar phainéil ghréine chun a oiread teasa agus is féidir a shú isteach.
Ráiteas Fíor Bréagach
Is foinse fuinnimh é uisce.Dóitear breoslaí iontaise chun leictreachasa ghiniúint. Is foinse neamh-in-athnuaite fuinnimhí an ghrian.Faightear móin i bportach.Is foinse in-athnuaite fuinnimh í an ola.Úsáidtear uisce chun hidrileictreachas a ghiniúint.Is foinse in-athnuaite fuinnimh í an ghaoth.Faoin talamh a bhíonn an gual.Is breoslaí iontaise iad ola agus gás.
Fíor nó Bréagach?
http://www.oswego.org/ocsd-web/match/term/matchgeneric2.asp?filename=MniGhallfuinneamh
Cluiche Meaitseála
https://www.electricireland.ie/ei/residential-energy-services/reduce-your-costs/SolarPanel/index.html
https://www.electricireland.ie/ei/energychallenge/splanc.htm
https://www.electricireland.ie/ei/residential-energy-services/reduce-your-costs/interactivehouse/index.html
Tuilleadh eolais le fáil ar na suíomhanna seo:
Gabhaimid buíochas leis na daoine agus leis na heagraíochtaí a leanas a chuir íomhánna ar fáil do na sleamhnáin seo:Ken Hodge (kenhodge13 ar an suíomh www.flickr.com)
Íomhánna eile:Shutterstock
Léaráidí:Christine Warner
Rinneadh gach iarracht teacht ar úinéir an chóipchirt i gcás na n‑íomhánna atá ar na sleamhnáin seo. Má rinneadh faillí ar aon bhealachó thaobh cóipchirt de ba cheart d’úinéir an chóipchirt teagmháila dhéanamh leis na foilsitheoirí. Beidh na foilsitheoirí lántoilteanach socruithe cuí a dhéanamh leis.
© Foras na Gaeilge, 2012
An Gúm, 24-27 Sráid Fhreidric Thuaidh, Baile Átha Cliath 1