gaeilge scoil mhuire · briathra neamhrialta - an dtéann tú ar scoil gach lá an ndeachaigh tú...
TRANSCRIPT
Revised 2013/14
Gaeilge
Scoil Mhuire
Plean Scoile
Revised 2013/14 ÁR SCOIL (a) Scoil mhór
(b) Scoil shinsearach
(c) Scoil atá ag fás agus ag forbairt
(d) Scoil atá míbhuntáisteach
(e) Scoil mheascaithe. (buachaillí agus cailíní)
(f) Múinteoirí meascaithe. (fir agus mná)
LÁIDREACHTAÍ 1. Foireann scoile
2. Traidisiún/cultúr
3. Comhoibriú idir na múinteoirí
4. Suim na múinteoirí
5. Múinteoirí ón nGaeltacht
6. Tacaíocht ón bpríomhoide
7. Múinteoirí le canúintí éagsúla
8. Áiseanna scoile
9. Glacann an scoil páirt i Lá le Pádraig srl.
DEACRACHTAÍ/DÚSHLÁIN 1. Riachtanais an teanga sa lá atá inniu ann
2. Níl aon Ghaeilge ina dtimpeallacht.
3. Easpa suime
4. Níl aon seans ag na páistí taobh amuigh den scoil an Ghaeilge a chleachtadh.
5. Cúlra na bpáistí
6. Níl na páistí chun an teanga a labhairt sa todhchaí
7. An iomarca brú ón gCuraclam
8. Ganntanas cláir as Gaeilge atá oiriúnach do na páistí
Revised 2013/14
PLEAN SCOILE
RÉAMHRÁITEAS CÉ? Bíonn an príomhoide agus na múinteoirí ag comhoibriú le chéile chun an Plean Scoile a chur le chéile. CATHAIN? 2012 - 2013. Áth bhreathnú 2014-05 agus gach bhliain ina dhiaidh sin. CONAS? An foireann scoile ag oibriú le chéile. CÉN FÁTH? (a) Chun an plean nua a chur le chéile
(b) Chun treoir a thabhairt dúinn
(c) Chun Curaclam Gaeilge atá cothrom agus leathan a chur ar fáil.
(d) Táimid ag cur níos mó béime ar an nGaeilge neamhfhoirmiúil sa scoil
(e) Chun béim a chur ar an nGaeilge labhartha timpeall na scoile.
(f) Chun tús a chur leis an gcur chuige nua
(g) Chun suim a mhúscailt sa Ghaeilge sna páistí
(h) Leanúnachas - tríd an scoil
(i) Chun go mbeadh seans ag múinteoirí féachaint ar an bplean, (áis sa scoil) go h-áirithe
múinteoirí nua sa scoil.
DEISEANNA: 1. Níos mó Gaeilge a labhairt
2. Spreagadh nua
3. Tá sé dearfach. (dearcadh dearfach)
4. Áiseanna nua
5. Deiseanna nua
6. Béim nua
Revised 2013/14
AIDHMEANNA
1. Iarracht a dhéanamh úsáid na Gaeilge mar ghnáth
theanga cumarsaíde a chur chun cinn
2. Taitneamh a bhaint as foghlaim na Gaeilge
3. Cumas éisteachta agus labhartha na bpáistí a
fhorbairt
4. Dearcadh dearfach i leith na Gaeilge a chothú
5. Triail a bhaint as modhanna difriúla
5
Ábhar an Phlean Tá an plean don Ghaeilge eagraithe faoi na ceannteidil seo leanas
1. Pleanáil don Churaclam
Curaclam na Gaeilge 1.1 Cur Chuige Cumarsáideach 1.2 Feidhmeanna teanga 1.3 Snáitheanna an Churaclaim 1.4 Comhtháthú na snáitheanna 1.5 Téamaí, straitéisí agus modhanna múinte 1.6 Gaeilge Neamhfhoirmiúil – úsáid na Gaeilge i rith an lae.
2. Pleanáil Eagraíochta 2.1 Pleanáil an mhúinteora 2.2 Áiseanna 2.3 Éagsúlacht cumais 2.4 Comhtháthú le hábhair eile 2.5 Measúnú 2.6 Obair bhaile 2.7 Forbairt foirne 2.8 Tuismitheoirí agus an Ghaeilge
1. Curaclam na Gaeilge 1.1 Cur Chuige Cumarsáideach
Is é an rud is tabhachtaí ná na páistí a chur ag caint agus ag déanamh cumarsáide chomh luath agus chomh minic agus is féidir.
Tá na tascanna, na téamaí atá suimiúil don pháiste agus na feidhmeanna teanga ina ndlúthchuid de cheacht ina mbeadh an múinteoir ag iarraidh cumas cumarsáide an pháiste a fhorbairt.
1.2 Feidhmeanna Teanga
Is é an tuiscint atá ag foireann na scoile ar fheidhm teanga ná an usáid a bhaineann na páisti as an teanga chun cuspóir éigin cumarsáide a bhaint amach. Féachfar ar an ngreille seo thíos ó am go chéile chun a chinntiú go bhfuil leanúnachas sa scoil
De réir mar a bheidh pacáistí nua á n-úsáid déanfar na heiseamláirí seo a leasú más gá. (Próiseas leanúnach)
6
TEANGA FOILMIÚIL - FEIDHMEANNA TEANGA agus NATHANNA CAINTE
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
RANGANNA 3 & 4 RANGANNA 5 & 6
Beannú do
dhuine
Dia duit
Dia is Muire duit
Tá fáilte romhat/romhaibh
Fáilte romhaibh
Dia díbh
Dia's Muire duit
An bhfuil tú go maith?
Tá/níl
*Háigh
*Haló
Fáilte
Conas atá tú?
Táim (Tá mé) go maith
Ar fheabhas
Cuíosach
Go huafásach
Go hiontach
Breithlá shona duit
Nollaig shona duit
Fáilte romhaibh
Athbhliain faoi
mhaise duit
Dia Duit
Dia's Muire duit
Dia díbh
Dia's Muire díbh
Tá fáilte romhat
Bail ó Dhia ort/oraibh
Conas atá tú?
An bhfuil tú go maith?
Aon scéal agat?
Nollaig shona duit
(Cáisc/Breithlá srl)
Bualadh le duine
*Lá breá
Slán a fhágáil *Slán leat
Slán agat
Slán libh
Slán agaibh
Slán anois
Oíche mhaith
Slán go fóill
Slán abhaile
Slán anois
Go n-éirí an bóthar leat
Slán agus go raibh maith agat.
Tar ar ais arís
Slán leat (an duine atá ag
imeacht)
Slán agat/agaibh (an duine
atá ag fanacht)
Slán is beannacht
Oíche mhaith
Slán abhaile
Slán anois go dtí an Luan srl.
Slán tamall
Go n-éirí an bóthar leat/libh
srl.
Go dté tú slán
7
RANGANNA 3 & 4 RANGANNA 5 & 6 Cead a lorg, a
thabhairt agus a
dhiúltú
An bhfuil cead agam dul go dtí an leithreas/
isteach/amach
An bhfuil cead agam……
An bhfuil cead agam ……..a fháil (leabhar)
Tá/Níl
An bhfuil cead agam an clár dubh a
ghlanadh.
An bhfuil cead agam an fhuinneog a oscailt.
Gabh mo leithscéal
Ceart go leor
Déan deifir
Brostaigh
Ar aghaidh leat/Lean ar aghaidh
Isteach leat/libh
Amach leat/libh
An bhfuil cead agam dul
go
dtí an leithreas (srl).
Tá/Níl
An féidir liom le do thoil -
Is
féidir, Ní féidir
Fan go fóill/nóiméad
Is féidir/Ní féidir
Buíochas a
léiriú
Go raibh maith agat/agaibh
Míle buíochas
Buíochas
Buíochas le Dia
Maith thú
Go raibh maith
agat/agaibh
Go raibh míle maith
agat/agaibh
Míle buíochas
Buíochas le Dia
Táim buíoch díot/díbh
Go raibh maith agat
RANGANNA 3 & 4 RANGANNA 5 & 6
8
AITHINT Sin ………..
Taispeáin dom……….
Tabhair dom
Cad é sin?
Ceard é sin?
Cad is brí le sin?
Cén saghas (sort) ?
Sin é an bosca/mála scoile srl.
Seo é an bosca/mála scoile srl.
Taispeáin dom
Féach ar an gclárdubh srl.
Is é/Is í
An ea
An - é?
Is ea/Ní hea
Inis dom faoi
Déan cur síos ar……..
TUAIRISCIÚ Nuacht
Cén saghas lae atá ann
inniu? A bhí ann inné?
Tá sé ……fuar
fliuch
grianmhar
gaofar
scamallach
tirim
go breá
(laethanta na
seachtaine)
Inniu an Luan
D'ith mé "x" ar maidin
D’ól mé…….
Mothucháin
áthas, brón, fearg srl
Dathanna
bán, dearg, buí srl
Chonaic
mé…….
Tháinig mé ar
scoil sa charr
……..ar an
mbus.
Shiúil mé ar
scoil
Uimhreacha 1 -
100
Uimhreacha na
daoine sa
chlann
Aois
Cóiré amh 1 -
20
daoine 1- 10
aois (na bpáistí
féin)
Tá cnag ar an doras (srl).
Tá an leabhar (srl) ar an
mbord.
Tá Seán (srl) ag ithe
Tá sé/sí tinn
Níl sé/sí ar scoil
Chonaic mé….ar
maidin/tráthnóna srl.
An Aimsir- Tá sé ag cur
báistí/sneachta srl.
Uimhreacha 21 - 100
Ag comhaireamh daoine go dtí
a céad
Bhí mé ag féachaint ar. aréir/ar
maidin
srl.
An bhfaca tú?
Bhí sé ar fheabhas/go dona srl.
Chuaigh mé go dtí …….
Chonaic mé……….
9
RANGANNA 3 & 4 RANGANNA 5 & 6
Ceisteanna a chur
agus a fhreagairt
Céard
Cad é sin?
An bhfuil …….?
Cá bhfuil ………..?
Cé leis?
Cén lá?
Cén dath?
Cén uimhir?
Cad a tharla?
Ar thóg ……..(na briathra rialta)
Cé a thóg?
Cá raibh?
An raibh?
Ag baint úsáid as na briathra
rialta
Cad é sin?
Cé hí/hé sin
Cá bhfuil an…….
An bhfuil ………. Tá/Níl
Cá raibh tú?
Céard a tharla do/di srl ar maidin srl.
Cén dath atá air
Conas? Cén t-am?
Cén fáth? Cén sórt?
Cad a tharla?
Cad é an Ghaeilge ar?
Cad is brí le?
Cathain?
Cá bhfios duit? Tá a fhios agam
mar…..
Briathra neamhrialta -
An dtéann tú ar scoil gach lá
An ndeachaigh tú ar scoil inné?
An rachaidh tú ar scoil amárach?
Taitneamh nó easpa
taitneamh a léiriú
Is maith liom
Ní maith liom
An maith leat
Is maith liom a bheith ag …..
Ar thaitin
Thaitin
Níor thaitin
Is fuath liom
Is maith liom
Ní maith liom
An maith leat
Ba mhaith liom a bheith ag ……
Is breá liom
Is aoibhinn liom
Is fuath liom
Thaitin sé (A. Chaite, Láithreach
agus Fháistineach)
Níor thaitin sé liom
Ar thaitin sé leat?
RANGANNA 3 & 4 RANGANNA 5 & 6
10
Mianta a léiriú
Rogha a léiriú
……..más é do thoil é
An maith leat?
Is maith liom
Ní maith liom
Is maith liom …..ach is fearr liom
Is maith liom a bheith ag ………
Ar mhaith leat?
Ba mhaith liom/Níor mhaith liom
B'fhearr liom
Cé acu is fearr leat? Is fearr liom
Ba bhreá liom
Tá sé sin deas ach tá - níos deise
Ábaltacht nó easpa
ábaltachta a léiriú
An féidir leat?
Is féidir liom
Ní féidir liom
Cé mhéad atá air?
An dtuigeann tú?
Tuigim Ní thuigim
Cad is brí le?
Conas a litríonn tú?
Conas ar éirigh leat?
An féidir leat/libh?
Is féidir liom. Ní féidir liom
An bhfuil tú ábalta……..
An bhfuil tú in ann
Orduithe - Dún an
doras/an fhuinneog (srl).
Tabhair dom an leabhar srl.
Ná déan é sin
An féidir leat suí síos
Lig ort go bhfuil tú
ag caoineadh (srl).
An féidir leat stopadh
An dtabharfá cailc srl dom le
do thoil?
1.3 Snáitheanna an Churaclaim – Forbrófar na snáitheanna ar bhealach comhtháite ach luaitear anseo
thíos na príomhghnéithe a bhaineann le gach snáithe. (a) Éisteacht
Éisteacht go neamhfhoirmiúil i rith an lae
Sa rang : Glaoch an rolla, an dáta, ainm an lae, ainm na míosa, an aimsir, srl
Sa scoil : teachtaireachtaí, muinteoirí ag caint,
11
Éisteacht go foirmiúil i rith ceachta: Léitheoireacht Comhrá beirte Rainn, Tascanna éisteachta – éist agus tarraing, éist agus freagair ceisteanna,
Dánta, Amhráin, Cluichí teanga – Deir ó Grádaigh, Deir an mactire, Cad atá sa mhála? Dluthdhioscaí Aidhmeanna:
Go mbeadh a fhios ag gach páiste sa rang cad tá ar siúl i rith an cheachta. I rith an ama réamhullamhacháin cuirtear an-bhéim ar mhíniú agus tuiscint na focail agus na frásaí nua.
(b) Labhairt Labhairt go neamhfhoirmiúil chomh minic agus is féidir i rith an lae:
Sa rang agus sa scoil :
Caidreamh sóisialta a dhéanamh, cumarsáid a dhéanamh ar leibhéal simplí, labhairt i
gcomhthéacs bainisteoireachta ranga, teachtaireacht a thabhairt,tuiscint agus easpa tuisceana
a léiriú srl. Go mbeadh gach páiste ábalta páirt a ghlacadh chomh maith agus is féidir
leis/léi.
Labhairt go foirmiúil sa cheacht : Rang a Tri :
Páistí ag labhairt go simplí faoi na topaicí agus na téamaí sna cheachtanna agus i dtéamaí a bhfuil spéis acu féin iontu.
Conas : - cluichí teanga, scéalaíocht, ról-ghlacadh, dánta a aithris, amhráin a chanadh, páirt a ghlacadh i sceitsí agus i ndrámaí, nuacht simplí a thabhairt, treoracha agus orduithe a thabhairt, pairt a ghlacadh i gcluichí foghraíochta agus litrithe srl Rang a Ceathair : Conas : Cosúil le rang a trí agus athinsint scéalta, dánta a phlé tar éis réamhullamhacháin agus spreagadh ón múinteoir, drámaí, ceisteanna ar na scéalta ceisteanna a chur agus a fhreagairt Rang a Cúig :
12
Cosúil le rang a trí agus a ceathair agus Comhrá beirte, páiste mar mhúinteoir ag cur céisteanna. Rang a Sé : Cosúil leis na ranganna eile agus Comhrá bunaithe ar na postaeir. Comhrá bunaithe ar na triail tuisceanna as leabhair difriúla ms Bun go Barr, Inis Dom etc Aidhmeanna : Rang a Tri : Go mbeadh formhór den rang ábalta (7 – 9) abairtí a rá faoi gach téama. Go mbeadh na páistí is fearr ábalta (10 – 12) abairtí a rá faoi gach téama. Go mbeadh na páistí eile ábalta (2 – 3) abairtí a rá faoi gach téama. Go mbeadh na páistí ábalta a dtuairimí féin a thabhairt go simplí Rang a Ceathair : Go mbeadh formhór den rang ábalta ( 10 - 12) abairtí a rá faoi gach téama. Go mbeadh na páistí is fearr ábalta (12 - 14) abairtí a rá faoi gach téama. Go mbeadh na páistí eile ábalta (3 - 4) abairtí a rá faoi gach téama. Go mbeadh na páistí ábalta a dtuairimí féin a thabhairt go simplí Rang a Cúig : Adhéanamh ar abairtí ata ar eolas acu agus Go mbeadh formhór den rang ábalta ( 6 ) abairtí nua a rá faoi gach téama. Go mbeadh na páistí is fearr ábalta ( 8 ) abairtí nua a rá faoi gach téama. Go mbeadh na páistí eile ábalta ( 3 ) abairtí nua a rá faoi gach téama. Go mbeadh na páistí ábalta a dtuairimí féin a thabhairt go simplí Rang a Sé : Adhéanamh ar abairtí ata ar eolas acu agus Go mbeadh formhór den rang ábalta (15 ) abairtí a rá faoi gach téama. Go mbeadh na páistí is fearr ábalta (15-20) abairtí a rá faoi gach téama. Go mbeadh na páistí eile ábalta (10) abairtí a rá faoi gach téama. Go mbeadh na páistí ábalta a dtuairimí féin a thabhairt go simplí (c) Léitheoireacht :
Aidhm:
Scíleanna léitheoireachta a fhorbairt Téacsanna agus tascanna léitheoireachta
Scéalta sna leabhair atá in úsáid – Is é an phríomh sraith ata in usáid againn ná “Bun go Barr” ach bainfimid usáid freisin as na leabhair “Fuaimeanna agus Focail” agus “Inis Dom” fíorleabhair, scríbhneoireacht an pháiste, dánta, rainn, amhráin, cartúin, scéalta simplí srl.
13
Conas: Léamh in éineacht leis an múinteoir, grúpa páistí ag léamh, páistí éagsúla ag léamh os ard, léigh agus tarraing pictiúr, scéalta a léamh a cloisteáil, cuir abairtí in ord… Cé gur ar usáid na Gaeilge mar ghnáth-teanga bheo chumarsáide a leagtar béim tabharfaidh na múinteoirí aire speisialta ar an obair thíos. Conas: leabhair speisialta, póstaer le samplaí.
Foghraíocht:
Fuaimeanna nach bhfuil sa Béarla a thabhairt faoi deara:
Tuiscint a fháil ar chóras fuaimeanna na Gaeilge: Nuair atá na fuaimeanna á múineadh, is fearr iad a mhúineadh í gcomhthéacs abairte, scéil nó rainn seachas mar fhuaimeanna aonaracha. Beidh athdhéanamh á dhéanamh ag gach leibhéal. Gutaí fada/gear: lá / cad, fear//féar , ní/rith, ól/mo, úll/rug, Na défhoghair: úi/ui , ío/io, ái/aí/ai/ia./ia, éa/ea, éi/ei,ua/uai, aoi/aío, eo,ia, ío/io, ói/oi, ua/uai, úi/ui.
Focail a bhriseadh i siollaí: tráth/nóna Seimhiú ar thúschonsain: ph = (f) peann mo pheann bh = (v) bróg mo bhróg mh = (v) mála mo mhála dh = (g) dún dhún gh = (g) gúna mo ghúna ch = (k) cóta mo chóta sh = (h) súil mo shúil th = (h) teach mo theach
Na cumaisc: pl, pr, bl,br, mn, fl, fr, tl, tn, tr, dl, dr, sl, sr, sn, sm, st, cl, cn, cr, gl, gn. Urú: bp (b) pictiúr, i bpictiúr dt (d) teach i dteach gc (g) ceist i gceist mb (m) bord ar an mbord bhf (bh) fuinneog ag an bhfuinneog ng (n) ar an ngairdín
(d) Scríbhneoireacht
14
Tús na scríbhneoireachta i Rang a Trí: Cóipeáil focail agus frásaí agus abairtí, bunaithe ar na téamaí, nuacht phearsanta, cártaí…
Tascanna scríbhneoireachta Rang a Trí Líon na bearnaí, abairtíí le chriochnú, lipéid, biachlár, póstaer, nótaí a scríobh,cuireadh agus freagra, agallamh, dialann, an crochadóir, crosfhocal, toir fhocail, dánta a scríobh , deachrú reatha, scrabble, cloze, scéalta simplí, dán no amhrán a chur in ord. Am Suíomh Carachtair Aimsir Aréir ar an trá imreoir sacair an-te Rang a Ceathair An liosta thuas agus ailt, scéalta, focail nua in abairtí, cnuas scéalta a scríobh, ceisteannna ar na scéalta, abairtí le criochnú, Abairtí meascaithe a athscríbh I gceart. Rang a Cúig: Obair Rang a Trí agus a Ceathair agus Abairtí a chur in ord. Abairtí a chríochnú Cur síos ar phictiúir Rang a Sé: Ceachtanna bunaithe ar an ngraiméar .
• Triail tuisceana, • Ceachtanna bunaithe ar obair téipe • Ceachtanna bunaithe ar Feidhmeann Teanga • Biachlár a chumadh • Féilire aimsire • Liosta Siopadóireachta • Ríomhphost chuig cara • Dialann • Ag scríobh abairtí san ord ceart • Ag críochnú abairtí • Fógraí • Ag líonaidh bearnaí • Laethanta breithe
Scríbhneoireacht Cruthaitheach: Rang a Trí: Abairtí (1 – 2) bunaithe ar an téama nó an Nuacht. Rang a Ceathair:
15
Abairtí ( 3 - 4 ) bunaithe ar an téama nó an Nuacht Rang a Cúig: Abairtí (5 -6) bunaithe ar an téama nó an Nuacht Rang a Sé: Abairtí (10-15) bunaithe ar an téama nó an Nuacht Próiseas na scríbhneoireachta:
Feabhas a chur ar iarrachtaí pearsanta Ceartú Foilsiú ó am go ham. Litriú: Rang a trí– Beidh cuplá (2-4) litriú foirmiúil le foghlaim ag na paistí gach seachtaine Rang a Ceathair – 6 -7 in aghaidh na seachtaine, uaireanta go neamhfhoirmiúil i gcomhthéacs na hoibre atá ar siúl. Rang a Cúig - 20 in aghaidh na míosa. Rang a Sé – 5 ar a laghad gach oíche /scrúdú béil gach lá/scrúdú scríofa – uair sa seachtain
Peannaireacht:
Tá saothar leabhar peannaireachta ag ranganna 3 agus 4 agus tá cuid de na ceachtanna trí Ghaeilge. Úsáideadh na páistí peann luaidhe chun scríobh go dtí an Nollaig i rang a ceathair no go dtí go mbeadh an peannaireacht sásúil.
Filíocht:
Rang a Trí – Ar a laghad 6 dánta i rith na bliana
Rang a Ceathair – Ar a laghad 6 dánta nua i rith na bliana agus athdhéanamh ar an stór atá acu.
Rang a Cúig – Ar a laghad 6 dánta nua i rith na bliana agus athdhéanamh ar an stór atá acu.
Rang a Sé – Ar a laghad 6 dánta nua i rith na bliana.
Amhránaíocht:
Rang a Trí – Ar a laghad 6 amhrán i rith na bliana
Rang a Ceathair – Ar a laghad 6 amhrán nua i rith na bliana agus athdhéanamh ar an stór atá acu. Rang a Cúig – Ar a laghad 6 amhrán nua i rith na bliana agus athdhéanamh ar an stór atá acu.
Rang a Sé – Ar a laghad 6 amhrán nua i rith na bliana idir Maith Thú agus Music Box 5+6
16
Gramadach:
Rang a Trí:
Úsáid a bhaint as na suíomh agus na treonna – ar an, idir, in aice, trasna, isteach, istigh, ag an, faoin, sa, as an, amach,suas, síos,timpeall,trasna,go dtí an..
Conas – cluichí páirce. An Aimsir Chaite: Diúltach/Dearfach, Uimhir uatha (mé, tú, sé/sí) agus Uimhir Iolra (siad). Briathra den Chéad Réimniú cosúil le dún, bris, caith, ól, buail, tóg, cuir, tit.pioc Briathra den Dara Réimniú cosúil le ceannaigh, bailigh, éirigh, tosaigh, oscail. Briathra Neamhrialta: Teigh, Feic, Déan Na hAimsirí eile go neamhfhoirmiúil An Briathar “Bí” Uatha/Iolra, Diúltach/Dearfach Ceisteach sna haimsirí Láithreach, Chaite agus Fháistineach Ceisteanna – An? Ar? Conas? Cathain? Cén fáth? Cad? Cá? Cár? Cén t am? Cé mhéad? Cén? Céard? Cé? Úsáid a bhaint as na forainmneacha réamhfhochlacha - ag, ar, le, do Céim a haon + ainmfhocal - ar an mbord Céim a dó - Tá eagla orm………orthu
Amanna: innéinniu, ag am bricfeasta ( lóin, tae, dinnéir) go tobann, tar éis tamaill. Rang a Ceathair:
Athdhéanamh obair Rang a Trí agus An Aimsir Chaite (sinn) An Aimsir Fháistineach: Diúltach/Dearfach, Uimhir uatha (mé, tú, sé/sí sinn) agus Uimhir Iolra (siad). Briathra den Chéad Réimniú cosúil le dún, bris, caith, ól, buail, tóg, cuir, tit.pioc Briathra den Dara Réimniú cosúil le ceannaigh, bailigh, éirigh, tosaigh, oscail.
17
Briathra Neamhrialta: Faigh, Ith. (Athdhéanamh ar na briathra neamhrialta – teigh,feic, dean) Orduithe: Glan, oscail, teigh. Mothucháin: Áthas, brón, fearg, tart srl. Bunuimhreacha – a haon, a dó, a tri………fiche. Uimhreacha Pearsanta duine, beirt, triúr………deichniúr. Réamhfhocal +Urú Ar an, faoin, ag an,as an, thar an. Forainmneacha Réamhfhochlacha: Ag, ar, do, ó, le. An Aidiacht Shealbhach a) Uatha - mo, do, a, a(focal baininscneach) Ceisteanna eile - Cén saghas? Cén t-am? Cé? Cé mhéad? Rang a Cúig: Athdhéanamh obair Ranganna a Trí agus a Ceathair (Aimsirí Láithreach agus Fháistineach)
agus Uimhir Iolra (sinn) de na briathra atá déanta acu i rang a trí agus a ceathair. An Aimsir Láithreach: Diúltach/Dearfach, Uimhir uatha (mé, tú, sé/sí sinn) agus Uimhir Iolra (siad). Briathra den Chéad Réimniú cosúil le dún, bris, caith, ól, buail, tóg, cuir, tit.pioc Briathra den Dara Réimniú cosúil le ceannaigh, bailigh, éirigh, tosaigh, oscail.
Briathra Neamhrialta: tar, tabhair (Athdhéanamh ar na briathra neamhrialta – teigh,feic, dean faigh, ith)
Na huimhreacha fiche, tríocha,………céad. Orduimhreacha – an chéad, an dara, an tríú ………..an deichiú. Forainmneacha Réamhfhoclacha – de, ó, faoi, chuig, roimh, as (céim a haon)
18
Úsáid a bhaint as na suíomh agus na treonna – suas, síos, thuas, thíos, ar chlé, i lár, os cionn, ag bun, ar bharr. An clog: a … a chlog, ceathrú chun, (tar éis), leathuair tar éis. An Aidiacht Shealbhach Iolra – ár, bhúr, a. An t-Ainm Briathartha (e) adh ag briseadh, ag glanadh (i) ú ag bailiú t ag caint í ag éirí, ag suí ach ag ceannach amh ag caitheamh, ag léamh An t-Ainmfhocal – Uimhir Iolra na cailíní, na múinteoirí na fuinneoga, na bróga Rang a Sé: Athdhéanamh obair Ranganna a Trí, a Ceathair, a Cúig agus Forainmneacha Réamhfhoclacha – de, ó, faoi, chuig, i, roimh, as (céim a haon agus céim a dó) Briathra rialta eile den Chéad Réimniú Briathra rialta eile den Dara Réimniú Briathra comhrithe – Ceangail Oscail
Briathra Neamhrialta –clois, abair, beir (Athdhéanamh ar na briathra neamhrialta – teigh,feic, dean faigh, ith, tar, tabhair )
Orduimhreacha – an chéad, an dara, an tríú……. Uimhreacha Pearsanta go dtí a deich. Céimeanna Comparáide - Neamhrialta – olc, te. An Aidiacht Bhriathartha te, -ta, briste, glanta the, - tha, ceannaithe, bailithe An t-Ainm Briathartha t - ag tabhairt áil - ag fágáil, ag tógáil ach - ag cuardach, An t-Ainmfhocal – Uimhir Iolra na capaill, na cnoic na scoileanna, na seilfeanna, Neamhrialta (coitianta) cáirde, daoine, mná, tithe, litreacha, míonna, lasracha, cathracha, sléibhte, leapacha, cathaoireacha. An tuiseal Ginideach: (focail coitianta go neamhfhoirmiúil)
19
1.4 Comhtháthú na snáitheanna
Déanfar na snáitheanna a chomhtháthú trí na gníomhaíochtaí atá luaite faoi na snáitheanna san ábhar teagaisc agus foghlama. Bainfear úsáid as na topaicí céanna
1.5 Téamaí, straitéisí agus modhanna múinte
(a) Téamaí Beidh éagsúlacht sna fo-théamaí i ngach rang.
Straitéisí: Úsáidfear straitéisí éagsúla chun cumas cumarsáide an pháiste a fhorbairt. Agallamh mar ionchur le cuspóirí speisialta. m.s Ba choir go gcuirfí ar chumas an pháiste:
a) beannú do pháiste eile b) freagra a thabhairt an an mbeannú sin c) á rá cá bhfuil sé ag dul, cá mbeadh sé ag dul, cá raibh sé.
Forbairt foclóra Cluichí teanga (Treoirlínte do Mhúinteoirí lch 74 – 85) m.s cluiche Kim, cluiche cuimhne, cad tá sa mála? Mím, cad a rinne tú? Cá bhfuil sé? Cluiche bingo, fiche ceist, aimsigh na difríochta? Tascanna fadhbanna m.s cé mhéad? Críochnaigh an pictiúir Druileanna m.s Téigh go dtí an doras – fan – cad a déanfaidh tú? Cad a rinne sé/sí?
1.6 Modhanna múinte Bainfear úsáid as na modhanna seo leanas.
An modh díreach
Modh na sraithe m.s ceard a rinne tú ar maidin?
Modh na lánfhreagarthagníomhaí m.s Tóg suas an banana. Cuir ar an mbord é.
An modh closlabartha (chun scileanna éisteachta agus cainte an pháiste a fhorbairt).
An modh closamhairc – Úsáidtear pictiúir, stiallscannáin srl.
Modh na ráite – frásaí no ráite úsáideacha a mhúineadh m.s an féidir liom? Is maith
liom,.srl.
1.7 Gaeilge Neamhfhoirmiúil – úsáid na Gaeilge chomh minic agus is féidir i rith an lae.
20
COMHRÁ NEAMHFHOIRMIÚIL OCÁIDÍ I RITH AN LAE
Am den Lá: RANGANNA 3 & 4 RANGANNA 5 & 6
Tús An Lae
Beannachtaí Isteach libh An bhfuil nóta/airgead ag aon duine Suígí síos Bígí ciúin Stop den chaint Seasaigí le haghaidh na paidreacha Tógaigí amach Cas timpeall Oscail an fhuinneog Las na soilse Dún an doras
Siúlaigí isteach go ciúin Isteach libh go tapaidh Brostaígí Ciúnas Bainigí díbh bhur gcótaí Tógaigí anuas bhur gcathaoireacha Tógaigí amach bhur leabhair….. Gaeilge (srl) Seasaigí do na paidreacha Suígí síos Osclaígí na leabhair ag leathanach a………. Anois déanfaimid táblaí, litriú Gaeilge (srl).
Am Rolla
As láthair/Anseo Cá raibh tú An bhfuil fhios ag éinne cá bhfuil……? An bhfuil biseach ort? Ná bígí ag caint Stop An dtuigeann sibh?
Cé atá as láthair? An bhfuil eínne as láthair? An bhfuil nóta agat? Cá raibh tú inné An bhfuil feabhas/biseach ort Tá feabhas orm buíochas le Dia Tabhair an leabhar nótaí go dtí an oifig Téigh go dtí an oifig leis an leabhar nótaí
Am Sosa Am Lon
Tógaigí amach bhúr lón Brostaígí amach Téigí amach go ciúin Múch na soilse Ithigí bhur lón anois Glanaigí na boird Seasaigí sa líne Céard atá ar siúl? Téigí isteach Isteach libh Amach libh
Tá sé in am lóin Ithigí an lón Tógaigí amach an lón Amach libh/Téigí amach Múch/Múchaigí na soilse Cuirigí oraibh bhur gcótaí má tá sé fuar
21
Am Dul Abhaile
Slán Ná déanaigí dearmad Piocaigí suas na páipéir Líne díreach Glan d'áit féin Dún na fuinneoga An bhfuil sibh réidh? Bí cúramach Tógaigí síos an obair bhaile
Pioc suas na páipéir Dúnaigí na fuinneoga Scuab an t-urlár Cuirigí suas na cathaoireacha Feicfidh mé sibh amárach Siúlaigí abhaile go cúramach
1.8 Frása no Nath na seachtaine: Beidh frása no nath amháin in aghaidh na seachtaine ag an scoil 2. Pleanáil Eagraíochta
2.1 Pleanáil an mhúinteora Leanann an múinteoir na cinnteidil thuas le pleanáil fhadtéarmach agus
ghearrthéarmach.Beidh sé seo soléir sa chuntas míosúil freisin. Beidh comhrá ag an
bhfoireann ag deireadh na bliana ar an méid oibre a d’éirigh leo a dhéanamh lena
ranganna chun cabhrú linn an plean a leasú ó bhliain go bliain.
2.2 Áiseanna: Tá na háiseanna go léir a bhaineann leis an scéim “Bun go Barr” á úsáid i ngach rang. Pacáistí, postaeir/cairteanna, bogearraí ....
Tá a thuileadh le fáil ó am go cheile ó www.pcsp.ie)
Uaireanta úsáidtear teicneolaíocht chun obair na ndaltaí a fhoilsiú. 2.3 Páistí a bhfuil díolúine ón nGaeilge acu: I gcás na bpáistí a bhfuil díolúine ón nGaeilge acu tá na straitéisí seo leanas i bhfeidhm.
a) Tugtar obair eile dóibh.
b) Téann cuid acu go dtí oide feabhas nuair atá an cheacht Gaeilge ar siúl.
c) Glacann siad páirt chomh maith agus is féidir leo san obair nuair a theastaíonn ón a
dtuismitheoirí é sin a dhéanamh.
2.4 Comhtháthú le hábhair eile:
ÁBHAIR EILE Á MHÚINEADH TRÍ GHAEILGE
RANGANNA 3 & 4 RANGANNA 5 & 6
22
Rang Corpoideachais Rang Ealaíne Tabhair amach páipéir Faighigí páipéar nuachta don mbord Cuir/Cuirigí próca uisce ar gach bord Tabhair scuab péinte do gach duine Ná doirt an t-uisce Bailigh/Bailígí na scuabanna péinte Glanaigí suas Síos leat go dti an t-Usual Ó …………. Bn Uí ……………….agus faigh ……….
2.5 Measúnú
Is cuid lárnach den phleanáil an measanú agus as an measanú fásann breis pleanála. Bíonn measanú neamhfhoirmiúil á dhėanamh ag an mūinteoir ar obair agus ar chaighdeán na bpáistí an t am go léir. Cumann an múinteoir fėin tascanna agus trialacha atá bunaithe ar obair an ranga. I rith na bliana bíonn scrúdaithe foirmiúla freisin.
Éisteacht: Go léireodh an páiste tuiscint ghinearálta ar ábhar an churaclaim ag a leibhéil féin. Go dtuigfeadh sé/sí caint neamhfhoirmiúil bhainisteoireachta an ranga agus na ceisteanna a chuirfear. Go leanfadh sé/sí treoracha soiléire chun rudaí a dhéanamh.
Samplaí: Cluiche – Ėist agus tarraingt, cuir an lipéad ar an bpictiúr ceart.
Labhairt: Beidh an pháiste in ann na feidhmeanna teanga a bhaint amach ag a leibhéal féin i ngach rang.
Samplaí: Béalscrudú bunaithe ar théama na míosa, ceisteanna a fhreagairt, comhrá beirte, dramaí, agallaimh, ordaithe a leanúint agus tascanna a dhéanamh
Léitheoireacht: Úsáidfear ceisteanna scríofa chomh maith le ceisteanna ó bhéal chun tuiscint an pháiste ar théacs a mheasúnú.
Scríbhneoireacht: Beidh measúnú na scríbhneoireachta bunaithe ar an nGaeilge atá cloiste, úsáidte sa chaint agus léite sa léitheoireacht ag an bpáiste.
Briathra beo – briathra a chur in abairtí
Tascanna Gramadaí
Abairtí meascaithe a scríobh i gceart
Abairtí a chriochnú
Úsáidfidh sé/sí na comharthaí poncaíochta is tábhachtaí agus léireoidh sé tuiscint ar bhun litriú na Gaeilge.
Cuirfear béim ar an scríbhneoireacht chruthaitheach, bunaithe ar na téamaí de réir áblacht an pháiste.
Uirlisí Measúnaithe: D’inbhreathnú an mhúinteora ar an bpáiste.
Tascanna agus trialacha deartha ag an múinteoir.
23
Bailiúcháin d’obair agus de thionscadail an pháiste.
Prófilí curaclaim.
Ceachtanna ón leabhar “Bun go Barr
Drámaí
Bailiúchán d’obair agus de thionscadail an pháiste 2.6 Obair bhaile Tugtar obair bhaile oiriúnach do na pháistí i rith na seachtaine. Toisc nach bhfuil an Ghaeilge ag bhformhór na dtuismitheoirí, tá an bhéim ar an léitheoireacht agus an scríbhneoireacht atá déanta nó ullmhaithe í rith an lae. i.e. obair a chríochnú, leabhar saothar litriúcháin a fhoghlaim srl. 2.7 Forbairt foirne Tugann na múinteoirí sa scoil tacaíocht/comhairle dá chéile ar mhúineadh na Gaeilge. Nuair a bhíonn
gá leis cuirtear fios ar chuiditheoir chun cabhrú leis an bhfoireann.
Bheidh a fhios againn gur comhlíonadh aidhmeanna an phlean. • Aiseolas dearfach ón bhfoireann/ó dhaltaí/ ó thuismitheoirí • Aiseolas dearfach ó scoileanna dara leibhéal • Tuairiscí ón gCigire/Tuairisc Scoile • Páistí ag labhairt na Gaeilge lasmuigh de ranganna Gaeilge agus ag baint taitnimh aisti
Cur i bhfeidhm
a) Rólanna agus freagracht
Déanfaidh na múinteoirí an plean a fhorbairt, a chur i bhfeidhm agus tuairisc a thabhairt air.
Athbhreithniú Caithfear an plean seo a athbhreithniú go rialta chun deimhin a dhéanamh de go bhfuil Curaclam na Gaeilge á cur i gcrích i gceart. Déanfar é sin gach re bhliain.
(a) Rólanna agus freagracht
• Foireann teagaisc • Daltaí • Tuismitheoirí • Múinteoir le dualgais speisialta/Comhordaitheoir an phlean • Bord Bainistíochta/An Roinn
Dáta atá an plean seo faofa ag an mBord Bainistíochta Sínithe: Stuart Conaty Dáta: 15/1/2014
24