gaeilge - st munchin's collegemaidin, 9.30 go dtí 11.50 treoracha d’iarrthóirí ar...

12
Leathanach 1 de 12 Coimisiún na Scrúduithe Stáit Scrúdú na hArdteistiméireachta, 2015 Gaeilge Gnáthleibhéal Páipéar II 200 MARC Dé Máirt 9 Meitheamh Maidin, 9.30 go dtí 11.50 Treoracha d’iarrthóirí ar leathanach 3

Upload: others

Post on 03-Aug-2020

3 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Page 1: Gaeilge - St Munchin's CollegeMaidin, 9.30 go dtí 11.50 Treoracha d’iarrthóirí ar leathanach 3. Leathanach 2 de 12 Léigh na treoracha ... Janeiro in 2016. Is fear an-saibhir

Leathanach 1 de 12

Coimisiún na Scrúduithe Stáit

Scrúdú na hArdteistiméireachta, 2015

Gaeilge Gnáthleibhéal

Páipéar II 

200 MARC  

Dé Máirt 9 Meitheamh

Maidin, 9.30 go dtí 11.50

Treoracha d’iarrthóirí ar leathanach 3

Page 2: Gaeilge - St Munchin's CollegeMaidin, 9.30 go dtí 11.50 Treoracha d’iarrthóirí ar leathanach 3. Leathanach 2 de 12 Léigh na treoracha ... Janeiro in 2016. Is fear an-saibhir

Leathanach 2 de 12

Léigh na treoracha ar leathanach 3

Page 3: Gaeilge - St Munchin's CollegeMaidin, 9.30 go dtí 11.50 Treoracha d’iarrthóirí ar leathanach 3. Leathanach 2 de 12 Léigh na treoracha ... Janeiro in 2016. Is fear an-saibhir

Leathanach 3 de 12

Treoracha d’iarrthóirí

Ní mór do na hiarrthóirí cúram a dhéanamh de chruinneas na teanga. Caillfear marcanna má bhítear faillitheach ann.

FREAGAIR GACH CEIST (1, 2 AGUS 3).

Ceist 1: LÉAMHTHUISCINT: A (lch 4 & 5) agus B (lch 6 & 7) Ceist 2: PRÓS: AINMNITHE (A) (lch 8) nó ROGHNACH (B) (lch 9) Ceist 3: FILÍOCHT: AINMNITHE (A) (lch 10 & 11) nó ROGHNACH (B) (lch 12)

Page 4: Gaeilge - St Munchin's CollegeMaidin, 9.30 go dtí 11.50 Treoracha d’iarrthóirí ar leathanach 3. Leathanach 2 de 12 Léigh na treoracha ... Janeiro in 2016. Is fear an-saibhir

Leathanach 4 de 12

Freagair A agus B anseo.

A – (50 marc)

Léigh an sliocht seo a leanas agus freagair na ceisteanna ar fad a ghabhann leis.

Rory McIlroy - Galfaire na Bliana 2014 1. Bhí bliain iontach ag an ngalfaire Rory

McIlroy anuraidh, gan amhras ar bith. Chríochnaigh sé an bhliain 2014 ar bharr liosta ghalfairí an domhain. Bhuaigh sé dhá cheann de mhórchomórtais an ghailf (Majors), Craobh Oscailte na Breataine agus Craobh an PGA i Meiriceá. Bhí sé ar fhoireann na hEorpa a bhuaigh Corn Ryder trí huaire i ndiaidh a chéile: 2010, 2012 agus 2014. Tá gaisce déanta ag Rory – tá trí mhórchomórtas dhifriúla buaite aige cheana féin agus gan é ach cúig bliana is fiche d’aois. Ní dhearna aon ghalfaire Eorpach eile gaisce mar sin riamh.

2. Chuir Rory suim mhór sa ghalf agus é ag fás

aníos in Ard Mhic Nasca, Contae an Dúin. Bhí seans ag Rory óg dul ag imirt agus ag cleachtadh go minic mar bhí suim mhór ag a athair sa ghalf agus bhí an teaghlach ina gcónaí taobh le galfchúrsa. Rinne sé dul chun cinn bliain i ndiaidh bliana. Bhuaigh sé Craobh an Domhain faoi bhun deich mbliana d’aois in Miami. Sa bhliain 2005 agus gan é ach sé bliana déag d’aois, bhuaigh sé comórtas mór tábhachtach anseo in Éirinn – Craobh Amaitéarach Iarthar na hÉireann. Mhol a lán daoine a scileanna agus a aclaíocht sa chomórtas sin. An bhliain dár gcionn, bhuaigh sé Craobhchomórtas Amaitéarach na hEorpa. Sa bhliain 2007, thosaigh sé ag imirt gailf go proifisiúnta.

3. Tá súile an domhain air ón uair sin. Is breá le

lucht na meán é mar tá tallann iontach aige agus bíonn sé sásta caint faoina chluiche. Bíonn sé ag imirt go maith de ghnáth, ach bíonn drochlaethanta aige ar an ngalfchúrsa ó am go ham freisin. In Augusta Georgia, sa Masters, in Aibreán 2011, mar shampla, bhí sé chun tosaigh ach bhí am uafásach aige an lá deireanach. Ní raibh a aigne go hiomlán ar an gcluiche, bhuail sé crann leis an liathróid uair amháin agus chuir sé an

liathróid amach as an gcúrsa uair eile. Níor

4. 5.

lig sé don tubaiste sin cur as dó rómhór, áfach. Tamall gearr ina dhiaidh sin, bhuaigh sé Craobh Oscailte na Stát Aontaithe, leis an scór ab fhearr riamh sa chomórtas sin, sé bhuille dhéag faoin bpar. Is maith le Rory na meáin shóisialta nua, Twitter agus Facebook, mar shampla. Tá níos mó ná dhá mhilliún leantóir aige a léann na rudaí a scríobhann sé. Is minic a bhíonn sé ag scríobh faoina shaol agus é ag taisteal timpeall an domhain. Nuair a bhíonn am saor aige, téann sé chuig cluichí sacair agus rugbaí. Leanann sé foireann rugbaí Chúige Uladh agus foireann sacair Manchester United. Dúirt sé go poiblí sna meáin tamall ó shin go n-imreodh sé galf ar son na hÉireann sna Cluichí Oilimpeacha in Rio de Janeiro in 2016. Is fear an-saibhir anois é Rory. Tuilleann sé a lán airgid nuair a bhuann sé comórtais agus déanann sé fógraíocht do chomhlachtaí spóirt éagsúla cosúil le Nike. Bhí an t-ádh leis ina óige, a deir sé. Bhíodh a thuismitheoirí i gcónaí ag cabhrú leis. Anois, ba mhaith leis féin cabhrú le daoine óga nach bhfuil go maith as. Thosaigh sé an eagraíocht charthanachta The Rory Foundation. Cabhraíonn an eagraíocht le páistí ar fud an domhain atá tinn nó bocht nó ag fulaingt. Chuir sé airgead ar fáil le hionad saoire a thógáil i gContae an Dúin do pháistí atá ag fulaingt de bharr ailse. Fear maith ar an ngalfchúrsa é agus cara dílis do dhaoine óga freisin. Bunaithe ar fhoinsí éagsúla

CEIST 1 – LÉAMHTHUISCINT – (100 marc)

Page 5: Gaeilge - St Munchin's CollegeMaidin, 9.30 go dtí 11.50 Treoracha d’iarrthóirí ar leathanach 3. Leathanach 2 de 12 Léigh na treoracha ... Janeiro in 2016. Is fear an-saibhir

Leathanach 5 de 12

1. (a) Tabhair dhá phíosa eolais faoin mbliain iontach a bhí ag an ngalfaire Rory McIlroy in 2014.

(Alt 1) (b) Cén gaisce atá déanta ag Rory mar ghalfaire Eorpach? (Alt 1) (10 marc) 2. (a) Scríobh síos dhá rud a chabhraigh go mór le Rory galf a chleachtadh nuair a bhí sé óg. (Alt 2) (b) Cad a rinne Rory sa bhliain 2007? (Alt 2) (10 marc) 3. (a) Is breá le lucht na meán Rory. Cén fáth? (Alt 3) (b) Cén scór a bhí ag Rory nuair a bhuaigh sé Craobh Oscailte na Stát Aontaithe? (Alt 3) (10 marc) 4. (a) Cá dtéann Rory nuair a bhíonn am saor aige? (Alt 4) (b) Cad a dúirt Rory go poiblí sna meáin tamall ó shin? (Alt 4) (10 marc) 5. (a) Luaigh dhá chúis a bhfuil Rory an-saibhir anois. (Alt 5) (b) Cén obair a dhéanann The Rory Foundation? (Alt 5) (10 marc)

Page 6: Gaeilge - St Munchin's CollegeMaidin, 9.30 go dtí 11.50 Treoracha d’iarrthóirí ar leathanach 3. Leathanach 2 de 12 Léigh na treoracha ... Janeiro in 2016. Is fear an-saibhir

Leathanach 6 de 12

B – (50 marc)

Léigh an sliocht seo a leanas agus freagair na ceisteanna ar fad a ghabhann leis.

Hillary Clinton agus Rás 2016 chuig an Teach Bán

1. I mí na Samhna gach ceathrú bliain, caitheann muintir Stáit Aontaithe Mheiriceá a vóta i dtoghchán le duine a chur go dtí an Teach Bán in Washington le bheith mar Uachtarán ar an tír. Bíonn comórtas ann de ghnáth agus beirt páirteach ann, duine ón dá phríomhpháirtí polaitíochta sa tír, na Poblachtaigh agus na Daonlathaigh. Cuirtear suim sa toghchán i Meiriceá agus ar fud an domhain mar is duine an-tábhachtach sa saol náisiúnta agus sa saol idirnáisiúnta é Uachtarán na Stát Aontaithe.

2. Beidh an chéad toghchán eile don phost mar

Uachtarán ar na Stáit Aontaithe ar siúl ar an 8 Samhain 2016. Tá daoine ag caint cheana faoin vótáil seo agus faoi na daoine a bheidh ag seasamh sa toghchán. Tá a lán daoine ag fiafraí an seasfaidh Hillary. Cé hí Hillary? Rugadh Hillary Rodham in Chicago sa bhliain 1947. Bhí spéis aici sa pholaitíocht nuair a bhí sí ar scoil agus ar an ollscoil. Chabhraigh sí le páirtí a hathar, na Poblachtaigh. Ach tar éis tamaill, d’fhág sí an páirtí Poblachtach mar ní raibh sí sásta le cuid de na polasaithe a bhí acu. Thosaigh sí ag obair do na Daonlathaigh.

3. Bhain sí céim amach sa dlí in Ollscoil Yale sa

bhliain 1973. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, phós sí Bill Clinton, fear a bhí ar an ollscoil léi. Bhog an bheirt acu go hArkansas. Tá Arkansas bocht go leor mar stát agus tá sé i bhfad ó lár na polaitíochta in Washington. Chaith Bill tamall fada mar Ghobharnóir ar Arkansas. Mar bhean an Ghobharnóra, labhair Hillary amach go minic faoi chúrsaí oideachais. Bhí plean aici chun cúrsaí oideachais sa stát a fheabhsú. Lorg sí breis airgid do na scoileanna sna ceantair bhochta agus mhol sí do thuismitheoirí a bheith ag léamh lena bpáistí mar go gcabhródh sé sin leo foghlaim.

4. Sa bhliain 1992, toghadh Bill Clinton ina

Uachtarán ar na Stáit Aontaithe. Chuir muintir Mheiriceá agus muintir an domhain aithne ar Hillary sna blianta sin mar Chéad-Bhean Mheiriceá, an teideal oifigiúil a thugtar ar bhean

5.

chéile an Uachtaráin. D’oibrigh Hillary le grúpa daoine a chuir plean le chéile chun cúrsaí sláinte i Meiriceá a dhéanamh níos fearr. Níor ghlac Comhdháil na Stát Aontaithe leis an bplean, áfach. Cuireadh an locht ar Hillary. Bhí a lán daoine i Meiriceá míshásta go raibh an Chéad-Bhean ag obair ar cheist pholaitiúil. Cara dílis d’Éirinn is ea Hillary. Is minic a thagann sí ar cuairt chuig Éirinn. Léiríonn sí suim i gcónaí i gcúrsaí síochána i dTuaisceart Éireann. Bhí Hillary sa Seanad idir 2001 agus 2009 mar ionadaí do stát Nua-Eabhrac. Bhí sé soiléir gur pholaiteoir cumasach í. Theastaigh ó Hillary seasamh i dtoghchán na hUachtaránachta i Samhain 2008 ach roghnaigh na Daonlathaigh Barack Obama. Bhuaigh Obama an toghchán. D’iarr an tUachtarán Obama ar Hillary a bheith mar Rúnaí Stáit. Bíonn an Rúnaí Stáit ag taisteal ar fud an domhain agus ag plé leis an bpolaitíocht idirnáisiúnta ar son Mheiriceá. Chaith sí ceithre bliana sa phost sin agus shíl a lán daoine go ndearna sí obair mhaith. Tá daoine ag rá anois go bhfuil plean ag Hillary seasamh don Teach Bán in 2016. Is cuma cad a dhéanann sí nó conas a éireoidh léi, fanfaidh ainm Hillary Rodham Clinton sna leabhair staire go ceann i bhfad.

Bunaithe ar fhoinsí éagsúla

Page 7: Gaeilge - St Munchin's CollegeMaidin, 9.30 go dtí 11.50 Treoracha d’iarrthóirí ar leathanach 3. Leathanach 2 de 12 Léigh na treoracha ... Janeiro in 2016. Is fear an-saibhir

Leathanach 7 de 12

1. (a) Cad a dhéanann muintir Stáit Aontaithe Mheiriceá i mí na Samhna gach ceathrú bliain?

(Alt 1) (b) Ainmnigh an dá phríomhpháirtí polaitíochta sna Stáit Aontaithe. (Alt 1)

(10 marc) 2. (a) Cathain a rugadh Hillary Rodham? (Alt 2) (b) Cén fáth ar fhág Hillary Rodham an páirtí Poblachtach? (Alt 2)

(10 marc) 3. (a) Scríobh síos dhá phíosa eolais faoi Arkansas. (Alt 3) (b) Luaigh an dá rud a rinne Hillary chun cúrsaí oideachais a fheabhsú in Arkansas. (Alt 3)

(10 marc) 4. (a) Cén obair a rinne Hillary nuair a bhí sí mar Chéad-Bhean Mheiriceá? (Alt 4) (b) Scríobh síos dhá rud a thaispeánann gur cara dílis d’Éirinn í Hillary. (Alt 4) (10 marc)

5. (a) Cad a theastaigh ó Hillary a dhéanamh i Samhain 2008? (Alt 5) (b) Cén obair a dhéanann Rúnaí Stáit Mheiriceá? (Alt 5) (10 marc)

Page 8: Gaeilge - St Munchin's CollegeMaidin, 9.30 go dtí 11.50 Treoracha d’iarrthóirí ar leathanach 3. Leathanach 2 de 12 Léigh na treoracha ... Janeiro in 2016. Is fear an-saibhir

Leathanach 8 de 12

CEIST 2 PRÓS – AINMNITHE nó ROGHNACH (50 marc)

Freagair A (Prós Ainmnithe) nó B (Prós Roghnach).

A – PRÓS AINMNITHE – (50 marc)

Freagair (a) agus (b) anseo. (a) Oisín i dTír na nÓg Tabhair achoimre ar na heachtraí is mó sa scéal béaloidis Oisín i dTír na nÓg. Luaigh na pointí seo san achoimre:

(i) Déan cur síos ar an gcuma a bhí ar Niamh Chinn Óir nuair a tháinig sí ag lorg Oisín. (ii) Cén t-eolas a thug Niamh Chinn Óir d’Oisín faoi Thír na nÓg? (iii) Cén sórt saoil a bhí ag Oisín leis na Fianna sular imigh sé go Tír na nÓg? (iv) Cén t-eolas atá sa scéal faoi na páistí a bhí ag Niamh Chinn Óir agus Oisín? (v) Déan cur síos ar an timpiste a tharla d’Oisín nuair a d’fhill sé ó Thír na nÓg.

(25 marc)

(b) Hurlamaboc

“Fiche bliain ó shin a pósadh Lisín agus Pól. Bheadh an ócáid iontach á ceiliúradh acu i gceann seachtaine. Bhí an teaghlach ar fad ag tnúth leis.” Hurlamaboc Déan cur síos ar shaol Lisín ón uair a phós sí Pól agus ar na hullmhúcháin a bhí déanta aici don cheiliúradh (don chóisir).

(25 marc)

Page 9: Gaeilge - St Munchin's CollegeMaidin, 9.30 go dtí 11.50 Treoracha d’iarrthóirí ar leathanach 3. Leathanach 2 de 12 Léigh na treoracha ... Janeiro in 2016. Is fear an-saibhir

Leathanach 9 de 12

Níl cead aon ábhar a bhaineann le Prós Ainmnithe a úsáid sna freagraí ar an bPrós Roghnach. Freagair (a) agus (b) anseo. (a) Maidir le scéal béaloidis roghnach a ndearna tú staidéar air le linn do chúrsa, déan cur síos ar an gcineál duine é an príomhcharachtar (an phríomhphearsa) sa scéal agus ar na rudaí is mó a tharlaíonn don duine sin sa scéal. (23 marc)

Ní mór teideal an scéil bhéaloidis sin a scríobh síos go cruinn. (2 mharc)

(b) Maidir le giota as úrscéal roghnach a ndearna tú staidéar air le linn do chúrsa, tabhair cuntas ar na príomhimeachtaí (príomhrudaí) a tharlaíonn sa ghiota sin.

(23 marc) Ní mór teideal an úrscéil sin, mar aon le hainm an údair, a scríobh síos go cruinn. (2 mharc)

B – PRÓS ROGHNACH – (50 marc)

Page 10: Gaeilge - St Munchin's CollegeMaidin, 9.30 go dtí 11.50 Treoracha d’iarrthóirí ar leathanach 3. Leathanach 2 de 12 Léigh na treoracha ... Janeiro in 2016. Is fear an-saibhir

Leathanach 10 de 12

CEIST 3 FILÍOCHT – AINMNITHE nó ROGHNACH (50 marc)

Freagair A (Filíocht Ainmnithe) nó B (Filíocht Roghnach).

A – FILÍOCHT AINMNITHE – (50 marc)

Freagair (a) agus (b) anseo. (a) Mo ghrá-sa (idir lúibíní) (i) Cad is téama don dán Mo ghrá-sa (idir lúibíní) (thíos), dar leat? Tabhair dhá phointe eolais i d’fhocail féin faoin téama sin sa dán. (8 marc) (ii) Scríobh síos íomhá (pictiúr) amháin ón dán atá greannmhar, dar leat. Mínigh an íomhá (an pictiúr) sin i d’fhocail féin.

(8 marc) (iii) An maith leat an dán seo? Cuir fáthanna le do fhreagra. (Is leor dhá fháth.)

(9 marc)

Mo ghrá-sa (idir lúibíní) Níl mo ghrá-sa mar bhláth na n-airní a bhíonn i ngairdín (nó ar chrann ar bith) is má tá aon ghaol aige le nóiníní is as a chluasa a fhásfaidh siad (nuair a bheidh sé ocht dtroigh síos) ní haon ghlaise cheolmhar iad a shúile (táid róchóngarach dá chéile ar an gcéad dul síos) is más slim é síoda tá ribí a ghruaige (mar bhean dhubh Shakespeare) ina WIRE deilgní. Ach is cuma san. Tugann sé dom úlla (is nuair a bhíonn sé i ndea-ghiúmar caora fíniúna).

Page 11: Gaeilge - St Munchin's CollegeMaidin, 9.30 go dtí 11.50 Treoracha d’iarrthóirí ar leathanach 3. Leathanach 2 de 12 Léigh na treoracha ... Janeiro in 2016. Is fear an-saibhir

Leathanach 11 de 12

(b) An tEarrach Thiar (i) (a) Cén obair atá ar siúl ag an bhfear i véarsa a haon? (b) Cén sórt fuaime atá ann i véarsa a haon? (c) Conas atá an aimsir i véarsa a dó? (d) Cá bhfuil na mná i véarsa a trí? (8 marc) (ii) Déan cur síos, i d’fhocail féin, ar an bpictiúr den churrach a thugann an file dúinn i véarsa a ceathair. (Is leor dhá phointe eolais.) (8 marc) (iii) An maith leat an dán seo? Cuir fáthanna le do fhreagra. (Is leor dhá fháth.)

(9 marc)

An tEarrach Thiar

Fear ag glanadh cré De ghímseán spáide Sa gciúineas shéimh I mbrothall lae:

Binn an fhuaim San Earrach thiar.

Fear ag caitheadh Cliabh dhá dhroim, Is an fheamainn dhearg Ag lonrú I dtaitneamh gréine Ar dhuirling bháin:

Niamhrach an radharc San Earrach thiar.

Mná i locháin In íochtar diaidh-thrá, A gcótaí craptha, Scáilí thíos fúthu:

Támh-radharc síothach San Earrach thiar.

Toll-bhuillí fanna Ag maidí rámha, Currach lán éisc Ag teacht chun cladaigh Ar ór-mhuir mhall I ndeireadh lae;

San Earrach thiar.

Page 12: Gaeilge - St Munchin's CollegeMaidin, 9.30 go dtí 11.50 Treoracha d’iarrthóirí ar leathanach 3. Leathanach 2 de 12 Léigh na treoracha ... Janeiro in 2016. Is fear an-saibhir

Leathanach 12 de 12

B – FILÍOCHT ROGHNACH – (50 marc)

Níl cead aon ábhar a bhaineann le Filíocht Ainmnithe a úsáid sna freagraí ar an bhFilíocht Roghnach. Freagair (a) agus (b) anseo.

(a) (i) Maidir le dán roghnach nua-aimseartha amháin a scríobh bean agus a ndearna tú staidéar air le linn do chúrsa, cad is téama don dán sin, dar leat? Tabhair dhá phointe eolais i d’fhocail féin faoin téama sin sa dán. (8 marc)

(ii) Luaigh íomhá (pictiúr) amháin ón dán atá suimiúil, dar leat. Mínigh an íomhá (an pictiúr) sin i d’fhocail féin.

(6 mharc) (iii) An maith leat an dán seo? Cuir fáthanna le do fhreagra. (Is leor dhá fháth.) (9 marc)

Ní mór teideal an dáin sin, mar aon le hainm an fhile, a scríobh síos go cruinn.

(2 mharc) (b) (i) Maidir le dán roghnach nua-aimseartha amháin a scríobh fear agus a ndearna tú staidéar air le linn do chúrsa, scríobh síos i d’fhocail féin príomhsmaointe an dáin. (8 marc)

(ii) Cad é an mothúchán is láidre sa dán, dar leat? Tabhair dhá shampla den mhothúchán sin sa dán.

(6 mharc) (iii) An maith leat an dán seo? Cuir fáthanna le do fhreagra. (Is leor dhá fháth.)

(9 marc) Ní mór teideal an dáin sin, mar aon le hainm an fhile, a scríobh síos go cruinn.

(2 mharc)