imleabhar 5, eagrán 3 buaiteoir 2005 – gradam domhanda an

4
Imleabhar 5, Eagrán 3 9ú Deireadh Fómhair 2008 Buaiteoir 2005 – Gradam Domhanda an Léitheora Óig – Cumann Domhanda na Nuachtán (WAN) An cuimhin leat cad a bhí ar siúl agat ar an 25ú Bealtaine seo caite? Domhnach ba ea é. Tharla eachtra eolaíochta an-tábhachtach an lá sin. Thuirling spásárthach (spacecraft) ar Mhars. An NASA Phoenix Lander ab ainm dó. D’fhág an spásárthach an domhan seo beagnach bliain roimhe sin, i mí Lúnasa 2007. Thaistil sé níos mó ná 680 milliún ciliméadar ar an aistear go Mars. Is deacair luas an spásárthaigh a shamhlú (imagine) ach dá dtaistealódh sé ar 1000km/uair, mar a dhéanann a lán carranna, thógfadh sé níos mó ná 68 bliain air Mars a shroicheadh. Sheol eolaithe an Phoenix go Mars chun eolas a fháil ar uisce ar an bpláinéad sin. Theastaigh uathu fáil amach freisin an bhféadfadh aon rud maireachtáil ar Mhars. Bhí a lán eolais ag na heolaithe cheana féin ar Mhars mar chuir daoine suim sa phláinéad sin leis na céadta bliain anuas. Cén chuma atá ar Mhars? Tá a fhios againn gurb é an ceathrú pláinéad amach ón ngrian é. Uaireanta, tugann daoine an t-ainm ‘An Pláinéad Dearg’ air mar go bhfuil ithir (soil) an phláinéid dearg. Tá sí dearg mar tá ocsaíd iarainn (iron oxide) nó meirg (rust) inti. Ach uaireanta tá cuma bhuí nó oráiste uirthi. Tá Mars beagáinín cosúil leis an domhan seo, ach tá sé níos lú, níos tirime agus níos fuaire. oighearchaidhpeanna polacha (polar ice caps), bolcáin (volcanoes), cainneoin (canyons) agus ceithre shéasúr ag an dá phláinéad. Arbh eol duit go bhfuil an bolcán is mó sa ghrianchóras (solar system) ar Mhars? Tá difríochtaí idir an dá phláinéad freisin. Tá aer thanaí Mhars lán le dé- ocsaíd charbóin (carbon dioxide) agus tá an spéir dearg ceobhránach (hazy). Tá dath gorm ar an spéir s’againne. Dá mbeifeá ar Mhars ag féachaint suas ar an spéir san oíche, d’fheicfeá dhá ghealach. Is pláinéad carraigeach é Mars. Tá sé tirim smúiteach (dusty). Mar sin féin, tá a lán uisce reoite istigh faoin dromchla (surface). Uaireanta clúdaíonn stoirmeacha móra deannaigh (dust) an pláinéad uile. Tá bliain ar Mhars beagnach dhá oiread chomh fada le bliain ar an domhan seo. Tá 687 lá i mbliain ar Mhars. Mar sin, tá na séasúir ar Mhars dhá oiread chomh fada leis na séasúir anseo. Tá an Phoenix ag cur eolais abhaile chuig an domhan seo i gcónaí. Iarr cead féachaint ar an suíomh gréasáin http://mars.jpl.nasa.gov/kids chun breis eolais a fháil ar Mhars. Léigh leat chun fáil amach cad atá le rá ag Eureka faoi Mhars. Mollaí Cúl Maidhc Reascóp SD9704 Eureka 5.3 Irish:. 02/10/2008 11:54 Page 2

Upload: others

Post on 16-Mar-2022

5 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Imleabhar 5, Eagrán 39ú Deireadh Fómhair 2008Buaiteoir 2005 – Gradam Domhanda an Léitheora Óig – Cumann Domhanda na Nuachtán (WAN)

An cuimhin leat cad a bhí ar siúl agat aran 25ú Bealtaine seo caite? Domhnachba ea é. Tharla eachtra eolaíochtaan-tábhachtach an lá sin. Thuirlingspásárthach (spacecraft) ar Mhars. AnNASA Phoenix Lander ab ainm dó.D’fhág an spásárthach an domhan seobeagnach bliain roimhe sin, i mí Lúnasa2007. Thaistil sé níos mó ná 680 milliúnciliméadar ar an aistear go Mars. Isdeacair luas an spásárthaigh ashamhlú (imagine) ach dá dtaistealódhsé ar 1000km/uair, mar a dhéanann alán carranna, thógfadh sé níos mó ná68 bliain air Mars a shroicheadh.

Sheol eolaithe an Phoenix go Marschun eolas a fháil ar uisce ar an

bpláinéad sin. Theastaigh uathu fáilamach freisin an bhféadfadh aon rudmaireachtáil ar Mhars. Bhí a lán eolaisag na heolaithe cheana féin ar Mharsmar chuir daoine suim sa phláinéad sinleis na céadta bliain anuas.

Cén chuma atá ar Mhars? Tá a fhiosagainn gurb é an ceathrú pláinéadamach ón ngrian é. Uaireanta, tuganndaoine an t-ainm ‘An Pláinéad Dearg’air mar go bhfuil ithir (soil) an phláinéiddearg. Tá sí dearg mar tá ocsaídiarainn (iron oxide) nó meirg (rust) inti.Ach uaireanta tá cuma bhuí nó oráisteuirthi. Tá Mars beagáinín cosúil leis andomhan seo, ach tá sé níos lú, níostirime agus níos fuaire. Tá

oighearchaidhpeanna polacha (polarice caps), bolcáin (volcanoes),cainneoin (canyons) agus ceithreshéasúr ag an dá phláinéad. Arbh eolduit go bhfuil an bolcán is mó saghrianchóras (solar system) ar Mhars?Tá difríochtaí idir an dá phláinéadfreisin. Tá aer thanaí Mhars lán le dé-ocsaíd charbóin (carbon dioxide) agustá an spéir dearg ceobhránach (hazy).Tá dath gorm ar an spéir s’againne. Dámbeifeá ar Mhars ag féachaint suas aran spéir san oíche, d’fheicfeá dhághealach. Is pláinéad carraigeach éMars. Tá sé tirim smúiteach (dusty).Mar sin féin, tá a lán uisce reoite istighfaoin dromchla (surface). Uaireantaclúdaíonn stoirmeacha móra

deannaigh (dust) an pláinéad uile.

Tá bliain ar Mhars beagnach dhá oireadchomh fada le bliain ar an domhan seo.Tá 687 lá i mbliain ar Mhars. Mar sin, tána séasúir ar Mhars dhá oiread chomhfada leis na séasúir anseo.

Tá an Phoenix ag cur eolais abhailechuig an domhan seo i gcónaí. Iarrcead féachaint ar an suíomh gréasáinhttp://mars.jpl.nasa.gov/kids chunbreis eolais a fháil ar Mhars. Léigh leatchun fáil amach cad atá le rá ag Eurekafaoi Mhars.

Mollaí Cúl Maidhc Reascóp

SD9704 Eureka 5.3 Irish:. 02/10/2008 11:54 Page 2

Ag lainseáilisteach sa spás

Tá sé an-deacair taisteal ón domhan seo isteach sa spás. Mar sin, cuireann eolaitheroicéid faoi spásárthaigh chun iad a lainseáil ón domhan. I roicéad, nuair a dhónn anbreosla (fuel), tagann gáis theo amach go tapa agus brúnn siad an roicéad suas.Feidhmíonn (works) balún ar an mbealach céanna. Nuair a thagann an t-aer amach gotapa as balún, brúnn sé an balún chun tosaigh. Bain triail as roicéad a dhéanamh debhalún agus lainseáil samhail (model) den Phoenix trasna an tseomra ranga nó trasnaan chlóis.

Tá Mars lán le cráitéir (craters). B’fhéidir go ndearna dreigeoidigh (meteoroids) abhuail faoi (collided) Mhars iad. Cad iad na dreigeoidigh seo? Is píosaí deannach aguscarraigeacha iad atá ar snámh (floating) thart sa ghrianchóras. Tá an t-ádh orainn gobhfuil atmaisféar an domhain i bhfad níos dlúithe (denser) ná atmaisféar Mhars – níéiríonn le mórán dreigeoideach an pláinéad s’againne a shroicheadh.

Tá cráitéir Mhars domhain go hiondúil agus tá cruth babhla le himeall (rim)mórthimpeall orthu. Tá cráitéar ollmhór amháin 8,500km ó thaobh go taobh, agus10,600 km ar fad (length). Tá sé chomh mór leis an Áis, an Astráil agus an Eoraipgreamaithe le chéile. Ceapann eolaithe gurb é seo an cráitéar is mó a bhfuil eolasagainn faoi sa ghrianchóras.

Ní fios cad a bhuail faoi Mhars chun an cráitéar seo a dhéanamh ach bhí sé ollmhór– thart ar 2,000 km trasna. B’fhéidir go raibh aigéan sa chráitéar nuair a bhí anpláinéad óg.

Déan do chráitéarféin

Cráitéir

BUNÁBHAIR:

* Tráidire nó bosca mór a bhfuil taobhanna air

* Plúr nó gaineamh

* Pis thriomaithe (seo é an dreigeoideach)

* Slat mhéadair nó miosúr

* Spúnóg

TREORACHA:1. Cuir an plúr nó an gaineamh sa bhosca – teastóidh 3cm ar dhoimhneacht (depth) uait.

Seo é dromchla Mhars.2. Réitigh (smooth) an dromchla le spúnóg.3. Beir ar an bpis thriomaithe 5cm os cionn an dromchla. Scaoil uait í. 4. Cé chomh mór agus atá an cráitéar a rinne tú? Tomhais é.5. Tuar cé chomh mór agus a bheidh an cráitéar a dhéanfaidh tú má scaoileann tú uait

an phis méadar amháin os cionn an dromchla. 6. Bain triail as. Cad a tharlaíonn?

DÚSHLÁN BREISE:Bain triail as seo arís le mirlín (marble) agus le horáiste. Cé chomh mór agus a bheidhna cráitéir anois?

BUNÁBHAIR:

* Téad

* Balún (bain triail as ceann fada)

* Pionna éadaigh

* Seilitéip

* Sop leathan óil

TREORACHA:1. Sleamhnaigh an téad isteach tríd an sop óil. Ceangail bun agus barr na téide le dhá

áit ag taobhanna éagsúla den seomra. Bí cinnte go bhfuil an téad teann (tight).2. Séid an balún. Coinnigh do mhéara ar chaolán (neck) an bhalúin nó dún é leis an

bpionna chun an t-aer a choimeád ann.3. Greamaigh an balún ar an sop le seilitéip. Coinnigh an balún séidte i gcónaí.4. Bog an balún agus an sop go barr na téide.5. Scaoil uait caolán an bhalúin – éalóidh an t-aer.6. Tomhais cé chomh fada a thaistealóidh an balún.

SMAOINIGH AIR SEO:An ndéanann cruth an bhalúin difríocht? An dtaistealódh balún cruinn níos faide?Conas a chinnteofá gur tástáil chothrom í?

Aire: Bí cinnte go seasann gach duine siar ón mbosca cráitéir.

Freagraí ar an gCrosfhocal

Trasna:2. PHOENIX. 4. UISCE. 5. DREIGEOIDIGH. 7. MARS. 9. CARRAIGEACH.Síos:1. GEIMHREADH. 3. MEIRG. 6. DEARG. 8. BABHLA. 10. ARAIB.

SD9704 Eureka 5.3 Irish:. 02/10/2008 11:54 Page 3

Meirg Dhearg

Léigh tú ar an gcéad leathanach go dtugann daoine an t-ainm An Pláinéad Dearg arMhars uaireanta toisc go bhfuil dath dearg ar an ithir dheannachúil. Is cosúil go bhfuiliarann sna carraigeacha ar Mhars. Ach cén fath ar tháinig meirg ar na carraigeacha?Déan imscrúdú (investigation) le fáil amach faoi mheirg.

BUNÁBHAIR:

* Tairní glana iarainn

* Dhá phróca

* Uisce

TREORACHA:1. Cuir tairne amháin i bpróca uisce agus an tairne eile i bpróca folamh.2. An gceapann tú go dtiocfaidh meirg ar na tairní? Tuar.3. Fág na tairní sna prócaí ar feadh cúpla lá. Ansin breathnaigh ar tháinig meirg ar

cheachtar acu.4. An dtugann na torthaí leid duit faoi rud a bhí ar Mhars fadó?

PLÉIGH:Cén fáth a gcuireann daoine péint ar ráillí agus ar throscán miotail?

Tá an Phoenix Lander thart ar 5.5 méadar ar fad, tá trastomhas thart ar 1.5 méadar aigeagus tá sé 2.2 méadar ar airde. Tomhais na faid sin sa seomra ranga nó sa chlós – anmbeadh spás agaibh don spásárthach? Dhear na heolaithe an Phoenix chun obair adhéanamh ar feadh 92 lá domhanda sa samhradh ar Mhars. Bíonn teocht 20°C ar Mharsi rith an tsamhraidh agus bíonn a lán de sholas gréine ann. Tá painéil ghréine ar Phoenixchun an solas a úsáid i rith an tsamhraidh. Ach sa gheimhreadh bíonn Mars crua fuar.Bíonn an teocht chomh híseal le -140°C. Ní bhíonn mórán de sholas na gréine ann. Dábhrí sin, ní dócha go mbeidh an Phoenix ábalta leanúint air ag obair san aimsir fhuar seo.Seans maith go stopfaidh sé ag obair i Mí na Nollag nó i mí Eanáir.

Dhear na heolaithe an Phoenix chun fáil amach an bhfuil uisce ar Mhars agus má tá,chun fáil amach an bhfuil an t-uisce sin ina leacht (liquid) nó ina sholad (solid). Dhearsiad é freisin chun fáil amach an féidir le haon rud maireachtáil san ithir i gceantar artach(arctic) Mhars. Chuir na heolaithe agus na hinnealtóirí (engineers) géag róbait (robotarm) ar an Phoenix. Tá scúp ar bharr na géige. Is féidir leis an ngéag agus leis an scúptochailt (dig) isteach in ithir an phláinéid chomh domhain le méadar.

Dear agus déan doPhoenix Lander

féin

Taispeánann na pictiúir bealach amháin chun samhail den Lander a dhéanamh. Achb’fhéidir go bhfuil smaointe eile agatsa a oibreoidh freisin. Déan iarracht scúp a chur aira rachaidh suas síos agus a phiocfaidh suas rud éigin m.sh. siúcra nó salann. B’fhéidirgo mbeidh ort luamháin (levers) a chur air freisin.

BUNÁBHAIR:

* Cárta righin

* Cupán plaisteach nó polaistiréine (polystyrene)

* Pionnaí scoilte (split) / ceanglóir (fastener) páipéir

* Seilitéip

* Réiteoirí píopa, bioranna fiacla nó cipíní dóite

* Siosúr

* Stáplóir (más mian leat)

TREORACHA:1. Déan iniúchadh ar (explore) an NASA Phoenix Lander. Cén cruth atá air? An bhfuil

cosa faoi? An bhfeiceann tú an scúp ar an ngéag róbait?2. Pleanáil conas a dhéanfaidh tú an Lander. Cad a úsáidfidh tú mar chosa? Conas a

dhéanfaidh tú scúp a théann suas síos?3. Déan do Lander. Bí an-chúramach má tá stáplóir in úsáid agat.4. Meas (evaluate) do shamhail. An féidir leis rudaí m.sh. salann a phiocadh suas? Dá

mbeifeá á dhéanamh arís, an athrófá aon rud? An gcuirfeá rothaí air in áit na gcos?

Meaisíní Marsacha

Réiteoirí píopa

Cupán

plaisteach

Luamhán

Ceanglóirpáipéir

Seilitéip

Píosa de

bhosca

cairtchláir

SD9704 Eureka 5.3 Irish:. 02/10/2008 11:54 Page 4

Fíricí FóntaCrosfhocal

Meáchan arMhars

* Nuair a d’fhéach daoine trí theileascóip sna 1880idí ar Mhars, chonaic siad marcanna aisteacha ar an bpláinéad. Cheap roinnt acu gur chanálacha (canals) iad. Cheap siad gur thóg (built) na heachtráin (aliens) a bhí ina gcónaí ar Mhars iad.

* Sa bhliain 1938, chuala na milliúin duine scéal, darbh ainm ‘War of the Worlds’, ar an raidió, agus cheap siad go raibh eachtráin ó Mhars tar éis tuirlingt ar an domhan seo. Cheap siad go raibh adharcáin (tentacles) ar na heachtráin seo agus go raibh meaisíní troda (fighting) acu. Ach tá a fhios againn anois nach bhfuil a leithéid d’eachtráin ar Mhars.

* Is éan miotasach (mythical) é an Féinics (phoenix). Tá sé chomh mór le hiolar (eagle). Fadó, cheap daoine gur thaispeáin an féinics conas a tháinig rudaí ar an saol arís. De réir na nGréagach ársa (ancient), maireann an t-éan san Araib (Arabia), in aice le tobar fionnuar (cool). Canann sé ceol álainn ar maidin. Maireann sé 500 bliain nó níos mó, ach ní mhaireann ach aon fhéinics amháin ag an am. Nuair a bhíonn an bás ag druidim leis (approaching), lasann sé d’aon bhladhm (bursts into flames) agus éiríonn éan nua ó na lasracha.

* Tá cruth Mhars ar leathmhaig (lopsided) mar go bhfuil cráitéar ollmhór ar thaobh amháin den phláinéad.

* Tá ceann de ghealaí Mhars ag druidim go mall leis an bpláinéad. Phobos is ainm don ghealach seo. Buailfidh sí faoi Mhars nó titfidh sí as a chéile i gceann 50 milliún bliain nó mar sin.

Trasna:2. Thuirling an _______ Lander ar Mhars

ar an 25ú Bealtaine seo caite.4. Dhear eolaithe an Phoenix chun fáil

amach an bhfuil sé seo ar Mhars.5. Píosaí deannach agus carraigeacha a

bhíonn ar snámh sa ghrianchóras.7. An ceathrú pláinéad amach ón ngrian.9. Is pláinéad ----------- é Mars.

Síos:1. Séasúr crua fuar ar Mhars.3. Tá sí seo in ithir Mhars.6. Tá an dath seo ar ithir an phláinéid.8. Tá an cruth seo ar chráitéir.10. De réir scéalta, maireann an Féinics

san -----.

An eol duit cé mhéad a mheánn (weigh) tú?An eol duit go meánn tú an méid sin toiscgo bhfuil fórsa speisialta do do tharraingti dtreo lár an domhain? Domhantarraingt(gravity) is ea an fórsa seo. Feidhmíonn(works) domhantarraingt ar Mhars freisinach níl sí chomh láidir ansin. Níl sí achaon trian (⅓) chomh láidir leis andomhantarraingt anseo. Sa chéadghníomhaíocht eile, oibrigh amach goneasach (approximately) an meáchan a bheadhionat ar Mhars – ní bheidh do fhreagra iomláncruinn (accurate).

BUNÁBHAIR:

* Meá (weighing scales)

* Peann luaidhe agus páipéar chun do mheáchan a oibriú amach

TREORACHA:1. Cén meáchan atá ionat? 2. Scríobh síos é agus roinn é ar a trí.3. Seo é do mheáchan ar Mhars.

Freagraí ar leathanach 2.

Foilsíonn an Irish Independent Eureka, igcomhar leis an Ionad OideachasEolaíochta ag Coláiste Phádraig, DroimConrach, BÁC 9, le tacaíocht óngComhairle um Oideachas Gaeltachtaagus Gaelscolaíochta..

TAIGHDE & TÉACS: Paula Kilfeather, Clíona Murphy,Fiachra Ó Brolcháin & Janet Varley.

AISTRIÚCHÁN: Bairbre Ní ÓgáinEAGARTHÓIR: John Walshe DEARADH: Smart DesignSCRÍOBH CHUIG:Debbie Brennan, Eureka, IrishIndependent,27-32 Sráid Thalbóid,BÁC 1. LÍNE DO CHUSTAIMÉIRÍ: Tel: 023 32879CUIR RÍOMHPHOST CHUIG:[email protected] www.independent.ie/eureka

SD9704 Eureka 5.3 Irish:. 02/10/2008 11:54 Page 1