intreoir don stair - aiseolas.comis leor nod don eolach... padaí sióg fuinneog bheag séimí sióg...
TRANSCRIPT
An Staraí, Foinsí agus Cróineolaíocht
An Staraí, Foinsí agus Cróineolaíocht
Fearghal Mac Bhloscaidh, Coláiste Feirste An tÁisaonad, Coláiste Ollscoile Naomh Muire, a scríobh a rinne an leagan amach
Intreoir don Stair
Bunleagan © Fearghal Mac Bhloscaidh
Coláiste Feirste
Teach Ard na bhFeá7 Páirc Radharc na bhFeáBéal FeirsteBT12 7PY
Dearadh an leagain seo © An tÁisaonad 2014
An tÁisaonad
Coláiste Ollscoile Naomh Muire
191, Bóthar na bhFál
Béal Feirste
www.aisaonad.org
Gach ceart ar cosaint.
i
An Staraí, Foinsí agus Croineolaíocht
Buíochas
Ba mhaith leis an Áisaonad buíochas a ghabháil leis na daoine agus na heagrais seo a leanas a thug caoinchead dúinn ábhair dá gcuid a úsáid sa leabhar seo:
Sportsfile: Lch 4 – Corn Shomhairle Mhig Uidhir á thógáil in airde; Brian Roebuck: Lch 11 – Boolavogue;Iarsmalann Saor-Dhoire: Lch 12 - Foinse D, íomhá ó Dhomhnach na Fola, 1972;Cumann Lúthchleas Gael: Lch 15 - Áth Cliath v Cill Dara;
ii
Is leabhar idirghníomhach atá anseo - bí ag idirghníomhú leis! Brúigh ar na pictiúir le do mhéar, tarraing iad, sín iad - bí fiosrach!Má fheiceann tú focal agus líne faoi, brúigh air, b’fhéidir gur eochairfhocal atá ann, nó b’fhéidir gur focal deacair atá ann. In amanna, beidh níos mó téacs sa téacsbhosca ná mar a shíleann tú, úsáid do mhéar le scrollú síos a dhéanamh.
In amanna, beidh sraith pictiúr ann, úsáid do mhéar leis an chéad phictiúr eile a fheiceáil
Ag tús gach ceachta, tchífidh tú bosca mar seo thuas. Brúigh ar na ceannteidil agus tchífidh tú na cineálacha rudaí a fheicfidh tú agus a fhoghlaimeoidh tú sa cheacht sin.
Is leor nod don eolach...
Padaí Sióg
Fuinneog bheag
Séimí Sióg
Caisleán Charraig Ó gCoinneall, Co. Luimnigh - úsáid do mhéara lena fhiosrú!
CHAPTER 1
Mé Féin agus an StairCaibidil
Tá an Stair tábhachtach dúinn
Is cuimhin le gach duine rudaí a tharla san am a chuaigh
thart.
Smaoinigh ar rud éigin a tharla duit ar maidin, nó inné.
An féidir leat cuimhneamh ar na rudaí a tharla mí ó shin,
bliain ó shin agus b’fhéidir cúpla bliain ó shin?
Chomh maith leis sin, cluineann muid uilig scéalta faoi rudaí
a tharla tamall fada ó shin – rudaí a tharla do dhaoine eile.
•B’fhéidir gur chuala tú do mháthair ag caint faoin tsaol
nuair a bhí sise ina cailín óg, nó d’athair mór ag labhairt ar
rudaí a tharla blianta ó shin.
•B’fhéidir go bhfaca tú scannán a bhí suite san am atá
thart.
•B’fhéidir gur léigh tú leabhar faoi rud a tharla i bhfad ó
shin.
Is maith le daoine eolas a bheith acu ar na rudaí a tharla
tamall fada ó shin - sin an stair - agus bíonn an stair
tábhachtach dúinn.
SECTION 1
Ag amharc ar an stair
Check Answer
Question 1 of 5Cén bhliain inar bhain Tír Eoghain craobh na hÉireann den chéad uair?
A. 1995
B. 2003
C. 2005
D. 2008
4
Cuid
Tá blianta luaite i ngach ceist - an dtig leat na blianta uilig a chur in ord cróineolaíochta?
Anois, déan iarracht an dá cheist seo a fhreagairt! Brúigh ar an deilbhín.
Bhuel, an raibh na freagraí agat?
Bhí cuid de na ceisteanna sin iontach deacair, nach raibh?
Cad é a dhéanann staraí nuair nach mbíonn na freagraí aige nó aici?
Bain triail as na ceisteanna a leanas:
5
Nuair nach mbíonn na freagraí ag staraí - téann sé ar a lorg - mar a bheadh bleachtaire ann!
Is staraí thusa anois!
Leis na freagraí a lorg, caithfidh bleachtaire - agus staraí - ceisteanna a chur.
Agus tú anois i do staraí, caithfidh tú i gcónaí na ceisteanna seo a leanas a chur ort féin:
1. Cad é a tharla?
2. Cé a rinne é?
3. Cá háit a
4. Cá huair a
5. Cad chuige ar
An cuimhin leat cad is ciall le cróineolaíocht? Brúigh ar an
deilbhín thuas agus cuir na himeachtaí ó lch 4 in ord
cróineolaíochta.
SECTION 2
Stair mo theaghlaigh
6
Cuid Craobh Ghinealaigh
Má tá suim agat sa stair, níl áit níos fearr le tosú ná le do mhuintir féin. An bhfaca tú craobh ghinealaigh riamh? An bhfuil a fhios agat an
dóigh le craobh ghinealaigh a leagan amach?
7
Tá sé furasta go leor againn craobh ghinealaigh a líonadh isteach do na baill teaghlaigh s’againn atá go fóill beo. Bain triail as an chraobh ghinealaigh shimplí thíos, ná bí buartha faoi aois nó dáta breithe - líon isteach na hainmneacha amháin.
Thiocfadh linn cuidiú a fháil ónár dtuismitheoirí nó ó na seantuismitheoirí le dul níos faide siar sa stair.
Bain triail as craobh ghinealaigh cheart a dhéanamh do do theaghlach féin sa teach - an dtig leat dul níos faide siar ná na seantuismitheoirí?
Tarraing amach é le do mhéara!
Go fiú do sheantuismitheoirí féin, i ndiaidh cúpla glúin, beidh sé deacair acu smaoineamh níos faide siar sa stair.
Cad é a thig linn a dhéanamh, mar sin de, le dul níos faide siar sa stair agus le níos mó eolais a chur ar ár sinsir?
An bhfaca tú clár faisnéise ar an teilifís riamh ina raibh duine ag iarraidh níos mó eolais a fháil ar a shinsir? Cá ndeachaigh sé
leis an eolas a fháil?
Ar thug sé cuairt ar chartlann?
Amharc na cúig ghlúin den teaghlach sásta seo - cé hiad?
CHAPTER 2
Foinsí sa Stair
Caibidil Foinsí
Ciallaíonn ‘foinse’ áit, duine nó rud óna
bhfaighimid rud eile. Nuair a labhraímid ar
fhoinsí sa stair, is foinsí eolais atá i gceist againn.
Úsáideann an staraí foinsí mar leideanna le
pictiúr ceart a fháil de na rudaí a tharla sa stair.
Déanann an staraí a oiread foinsí difriúla agus
is féidir a fháil agus cuireann sé uilig le chéile
iad mar a bheadh tomhas míreanna mearaí ann.
Cuidíonn sé seo leis an stair a thuiscint.
Tá cineálacha difriúla foinsí ann.
An tSeandálaíocht
Cruthaíodh an domhan 4.54 billiún
[4,540,000,000] bliain ó shin. Tháinig na chéad
daoine ar an tsaol san Afraic thart ar 200,000
bliain ó shin agus thosaigh daoine a scríobh san
Iaráic 8,000 bliain ó shin.
Tugaimid an tréimhse réamhstaire ar an aois
seo. Níl aon taifead scríofa den stair againn ón
tréimhse seo. Bímid ag brath go hiomlán ar an
tseandálaíocht le heolas a fháil ar na rudaí a
tharla sa tréimhse réamhstaire.
9
An dtig leat smaoineamh ar na
cineálacha rudaí a aimsíonn
seandálaithe?
Aimsíonn seandálaithe foinsí a chuidíonn linn
eolas a chur ar an réamhstair.
10
Bunfhoinsí
Is bunfhoinse é aon rud a tháinig ón am atá á
staidéar againn.
Is bunfhoinsí iad na rudaí uilig a aimsíonn
seandálaithe mar gur tháinig na rudaí seo ón
am.
Ar shamplaí eile de bhunfhoinsí, tá:
• rudaí a scríobh daoine a bhí beo ag an am
• litreacha nó nuachtáin a scríobhadh ag an am
• grianghraif a tháinig ón am
Is bunfhoinse é bonn airgid. Bíonn na boinn airgid iontach úsáideach ag staraithe nó is minic bliain agus daoine tábhachtacha ón am le feiceáil orthu.
An dtig leat smaoineamh ar shamplaí ar bith
eile de bhunfhoinsí?
Is bunfhoinse é an póstaer seo. D’úsáid na Sasanaigh é anseo le daoine a mhealladh isteach san arm s’acu.
Foinsí Tánaisteacha
Is sampla maith é leabhar
staire d’fhoinse
thánaisteach.
Seans go bhfuil cóip de bhunfhoinsí istigh sa
leabhar ach ní bunfhoinse é - ní thagann sé ón
am nó b’fhéidir ón áit chéanna inar tharla na
himeachtaí staire, nó níor cruthaíodh ag an am
é.
Bíonn foinsí tánaisteacha bunaithe ar
fhoinsí eile.
Is mór an seans nach raibh an duine a scríobh
nó a chruthaigh an fhoinse thánaisteach ann
nuair a tharla na rudaí an chéad uair.
Nó níor cruthaíodh an fhoinse thánaisteach ag
an am céanna. Murar tháinig sé ón am, ní
bunfhoinse é - is foinse thánaisteach é.11
Is leabhar stairiúil é seo atá bunaithe ar fhoinsí eile. Is foinse thánaisteach é.
Is foinse thánaisteach é an t-amhrán stairiúil seo. Baineann sé leis an bhliain 1798 in Éirinn ach níor scríobhadh an t-amhrán go dtí thart ar 100 bliain níos moille agus ní dhearnadh an taifead seo go dtí i bhfad níos moille.
12
Cad é do bharúil féin?
Amharc ar na foinsí ar an leathanach
seo agus abair cé acu is bunfhoinse nó
foinse thánaisteach gach ceann acu.
Cén fáth?
Scríobh na freagraí anseo.
Scannán a rinneadh ar cheird an tsaoir cloiche in Éirinn. Ní fios cén bhliain
Lámhscríbhinn ó aimsir na nAstacach i Meiriceá Theas.
Grianghraf de dhaoine gléasta mar shaighdiúirí Rómhánacha le hathachtú a dhéanamh ar chath.
Grianghraf a glacadh i nDoire ar Dhomhnach na Fola, 1972
Múrphictiúr a péinteáladh i nDoire in 1997, le comóradh a dhéanamh ar Dhomhnach na Fola
CHAPTER 3
Bí cúramach le foinsí!
Caibidil Ná creid gach rud a fheiceann tú.
Ná creid gach rud a chluineann tú.
Ná creid gach rud a deir daoine leat.
Ní hionann rud a bheith scríofa sa nuachtán nó le
feiceáil ar an teilifís agus an rud sin a bheith ceart!
Ná déan dearmad go bhfuil an staraí cosúil le
bleachtaire. Cuireann an bleachtaire ceisteanna
agus déanann sé scrúdú ar chuid mhór foinsí
difriúla le pictiúr cruinn a fháil den mhéid a tharla.
SECTION 1
Foinsí Claonta agus Foinsí Iontaofa
14
Cuid
Smaoinigh siar ar scéalta do mhamaí faoin tsaol
nuair a bhí sí óg, nó ar an cheist a chuir tú ar
sheantuismitheoir faoi stair an teaghlaigh.
Níl fáth ar bith nach raibh an t-eolas a fuair tú
cruinn ceart. Ní hé nach bhfuil do mhamaí nó do
dhaideo iontaofa mar fhoinse ach go fóill féin, níor
mhiste an dara foinse a lorg le pictiúr iomlán a
fháil.
In amanna, nuair a bhímid ag iarraidh smaoineamh
siar ar rudaí a tharla tamall fada ó shin, seans nach
mbeadh ár gcuimhní cinn 100% cruinn! Sin rud
amháin a gcaithfidh staraí bheith ag smaoineamh
air.
Samhlaigh cluiche peile... Áth Cliath in éadan Chill Dara i gcluiche
leathcheannais Chúige Laighean. An bomaite deireanach.
Tá na foirne ar comhscór, 1-11 an taobh...Tugann an réiteoir cic saor d’Áth Cliath, rinne Cill
Dara gearán, dar leo nach feall a bhí ann.Cuireann Áth Cliath an liathróid thar an trasnán.
Tá an cluiche thart, bhain Áth Cliath!
Bhí muintir Chill Dara ar buile - dúirt siad nach
raibh sé cothrom - an raibh an ceart acu?
Scrúdaigh na foinsí.
Foinse A: Micí as Cill Dara Foinse B: Padaí as Baile Atha Cliath
Cad é do bharúil féin - cén sórt foinsí eile a bheadh
de dhíth ort leis an scéal seo a fhiosrú i gceart?
15
Cén sórt foinsí iad Micí agus Padaí?
An bhfuil siad claonta nó an bhfuil siad
iontaofa - i do bharúil?
Seo thíos foinse eile, an dtugann sé pictiúr
níos fearr dúinn den scéal?
An mbeadh sé cothrom a rá go bhfuil an
fhoinse físe seo 100% iontaofa?
Cad é do bharúil féin?
Má dhéanaimid scrúdú ar na 3 fhoinse arís, tá
roinnt pointí ann a dtig linn bheith cinnte
fúthu:
1. Shéid an réiteoir a fheadóg agus thug cic
saor d’Áth Cliath.
2. Scóráil Áth Cliath an cic saor.
3. Bhain Áth Cliath an cluiche.
Ach i ndiaidh dúinn na 3 fhoinse seo a úsáid,
cad iad na ceisteanna atá go fóill gan
freagairt?
An dtiocfadh leat iad a bhreacadh síos.
Déan liosta de na foinsí eile a thiocfadh linn
a fháil le cuidiú linn na ceisteanna seo a
fhreagairt.
Clóscríobh do fhreagraí anseo.
Thig leat an freagra a chur trí
rphost chuig an mhúinteoir.
16
Seo pictiúr de dhealbh atá i ngairdín an chuimhneacháin i mBÁC, ach níl na píosaí curtha le chéile mar is ceart. Brúigh ar an deilbhín thíos le pictiúr níos soiléire a dhéanamh duit féin.
Bíonn roinnt foinsí claonta in amanna, ach ní
hionann sin is a rá nach bhfuil siad úsáideach.
Tá chóir a bheith gach foinse úsáideach ar
dhóigh amháin nó ar dhóigh eile - go háirithe
nuair a úsáideann tú in éineacht le foinse eile í.
Má chuirimid le chéile ar an dóigh cheart iad
agus má bhíonn a fhios againn an dóigh cheart le
heolas a bhaint astu, bíonn gach foinse
úsáideach!
An rud is tábhachtaí a mbíonn orainn
cuimhneamh air ná gan bheith ag brath ar an
aon fhoinse amháin.
Faigh a oiread foinsí agus is féidir, cuir le chéile
iad agus, mar a bheadh tomhas míreanna mearaí
ann, gheobhaidh tú pictiúr níos fearr den mhéid a
tharla!
SECTION 2
Foinsí Rialtais
17
Cuid
Tharla sna laethanta sin go ndeachaigh
forógra amach ó Caesar an domhan ar
fad a chlaru...chuaigh gach duine chun a
gclaraithe, gach aon duine go dtí a
chathair féin.
Agus chuaigh Iósaf fosta suas ó chathair
Nazarat go dtí Beithil chun a chlaraithe
mar aon le Muire, a bhean chéile, a bhí ag
iompar clainne. (Soiscéal Naofa Íosa Críost de réir Lúcais 2: 2-7)
An aithníonn tú an scéal seo?
Is foinse thánaisteach iontach clúiteach í faoi
shaol Íosa. Scríobh fear darbh ainm Lúcas
síos é thart ar chéad bliain i ndiaidh bhreith
Íosa Críost.
Tá a fhios ag gach duine a cheiliúrann an
Nollaig faoin mhéid a tharla nuair a rugadh
Íosa. Tá a fhios againn faoin réalta agus faoi
18
Sular rugadh Íosa, d’ordaigh Caesar (impire na
Róimhe) daonáireamh fud fad na himpireachta
s’aige.
Bhí an Phalaistín (áit inar rugadh Íosa) mar chuid dá
impireacht ag an am.
Is bunfhoinse iontach úsáideach é an daonáireamh
mar tá a lán eolais ann faoi dhaoine a bhí beo ag an
am.
Gach deich mbliana, déanann an rialtas cuntas ar na
daoine ar fad atá sa tír - seo an daonáireamh.
Caithfidh gach teaghlach foirm a líonadh isteach le
heolas a thabhairt faoi gach duine atá ag stopadh sa
teach ag an am sin. Mar shampla, eolas ar oideachas,
aois, teanga agus áit bhreithe srl.
Úsáideann an rialtas an t-eolas seo le pleanáil a
dhéanamh don todhchaí (an méid scoileanna nó
otharlann a bheas de dhíth i gceann 20 bliain eile,
mar shampla.)
Bíonn páipéir rialtais mar seo
iontach tábhachtach don
staraí.
Coinníonn rialtais dhifriúla, gach áit
ar domhan, eolas de gach cineál
faoin tír s’acu.
Tá páipéir ar fáil a thugann eolas
dúinn ar chuid mhór rudaí. Na dlíthe
sa tír, mar shampla, nó na fadhbanna
sa tír, an teagmháil atá acu le tíortha
eile, na cogaí a bhí siad a throid le
tíortha eile srl.
Bíonn litreacha ar fáil a scríobh
SECTION 3
Taighde duit féin
19
Cuid
An cuimhin leat gur luaigh muid an focal cartlann
roimhe seo. Coinnítear na torthaí daonáirimh uilig
sa chartlann náisiúnta. Tá torthaí 1901 agus 1911,
don tír ar fad, ar fáil faoi láthair sa chartlann.
Is mór an cuidiú dúinn an chartlann náisiúnta má tá
muid ag iarraidh taighde a dhéanamh ar dhaoine
tábhachtacha ó stair na hÉireann sa tréimhse seo.
Tá Pádraig Mac Piarais ar dhuine de laochra móra
na tíre seo.
• Ba dhlíodóir é.
• Ba mhúinteoir é.
• Ba fhile é agus ba Ghaeilgeoir é.
• Ba shaighdiúir é agus shínigh sé forógra shaoirse
na hÉireann sa bhliain 1916, roimh Éirí Amach na
Cásca. Throid sé san Éirí Amach agus chuir na
Sasanaigh chun báis é i bpríosún Chill
Mhaighneann ar an 3ú Bealtaine, 1916.
Scrúdaigh an freagra a rinne an Piarsach do
Dhaonáireamh 1901. Bhí a athair marbh agus
ba é Pádraig an mac is sine den teaghlach.
Cé go raibh a mháthair go fóill beo,
ba é Pádraig Mac Piarais ceann an
teaghlaigh agus bhí airsean an
daonáireamh a líonadh isteach.
An dtig leat na ceisteanna seo a fhreagairt?
Check Answer
Question 1 of 5Cén aois í an deirfiúr ab óige a bhí ag an Phiarsach?
A. 22
B. 21
C. 19
D. 16
20
Is mise Pádraig Mac Piarais agus is mac léinn mé. Tá mé i mo chónaí i mBaile Átha Cliath. Tá mé 21 bliain d’aois. Tá cúigear i mo theaghlach. Margaret an t-ainm atá ar mo mháthair. Tá deartháir amháin agam, Liam an t-ainm atá air. Tá sé 19 mbliana d’aois.Tá beirt dheirfiúracha agam, Margaret agus Mary Brigid. Tá Margaret 22 bliain d’aois agus tá Mary Brigid 16.
Samhlaigh ríomhairí a bheith ann in 1901.
Amharc thíos an cineál cur síos a bheadh
scríofa ag Pádraig Mac Piarais air féin,
bunaithe ar an fhreagra a thug sé don
daonáireamh.
Anois, déan rud beag taighde de do chuid féin.
Dar ndóigh, níorbh é Pádraig Mac Piarais an
t-aon duine mór le rá a líon isteach an
daonáireamh. Amharc thall na daoine
tábhachtacha eile i stair na hÉireann a bhí
beo ag an am chéanna.
An aithníonn tú duine ar bith acu?
Roghnaigh duine acu, amharc ar fhoirm
daonáirimh theaghlach an duine sin agus
scríobh cur síos gairid ar an duine, cosúil leis
an chur síos a scríobh Pádraig Mac Piarais.
Thomas Clarke
Michael Collins
James Connolly
Éamon De Valera
Dubhghlas de hÍde
Scríobh an cur síos anseo
21
An cuimhin leat an Chraobh Ghinealaigh ar a raibh tú ag obair?
Dá rachfá ar ais fada go leor, chuig tuismitheoirí do
sheantuismitheoirí (do shin-seantuismitheoirí) agus chuig
seantuismitheoirí do sheantuismitheoirí (tá seo ag éirí casta!) -
b’fhéidir go mbeadh an fhoirm daonáirimh a líon siad isteach in
1901 nó in 1911 ar fáil sa chartlann náisiúnta - ar mhaith leat
amharc?
Beidh cúpla rud de dhíth ort (cuir ceist ar do
• Sloinne (agus céadainm)
• An contae inar chónaigh sé/sí
• An baile fearainn nó an tsráid inar chónaigh sé/sí
Brúigh ar an deilbhín agus bí ag fiosrú! Úsáid an leabhar nótaí thíos leis an chur síos a scríobh.
SECTION 4
Dialann Anne Frank
22
Cuid
Luaigh muid roimhe seo gur bunfhoinsí iontach
úsáideach a bhíonn sna dialanna. Is sampla maith
de dhialann stairiúil í an dialann a choinnigh cailín
óg darbh ainm Anne Frank.
Rugadh Anne Frank sa Ghearmáin sa bhliain
1929. Ba Ghiúdaigh iad muintir Frank. D’imigh
siad go dtí an Ísiltír sa bhliain 1933 chun na
Naitsithe a sheachaint.
Chuaigh muintir Frank i bhfolach i seomraí rúnda
nuair a ghabh an Ghearmáin an Ísiltír. Chuidigh a
gcairde Ollannacha leo. Bhí na seomraí rúnda
seo folaithe san fhoirgneamh ina raibh oifigí ag
athair Anne.
Choinnigh Anne cuntas ina dialann agus i
leabhair nótaí eile ar a saol sa teachín ar feadh
dhá bhliain. Rinneadh feall ar mhuintir Frank i mí
Lúnasa 1944 agus tháinig na Naitsithe ar na
seomraí rúnda.
Fuair Anne bás i gcampa géibhinn i mí an
Mhárta, 1945, ach maireann an dialann mar
fhianaise ar scéal Anne. Foilsíodh é sa bhliain
1947 agus díoladh níos mó ná 20 milliún cóip de.
Foinse B: Sliocht as téacsleabhar staire
Foinse A: Seo thuas bunchóip de dhialann Anne Frank atá ar taispeáint in Iarsmalann Anne Frank, in Amstardam.
Amharc ar an dá fhoinse seo agus freagair na
ceisteanna ar an chéad leathanach eile.
23
Check Answer
Question 1 of 7Roghnaigh an cur síos is fearr a fhóireann d’Fhoinse A
A. Is bunfhoinse í seo mar gur scríobh Anne Frank féin é
ag an am
B. Is bunfhoinse í mar gur grianghraf é.
Gníomhaíochtaí1. Freagair na ceisteanna a leanas.
24
2. Tarraing na himeachtaí seo isteach san amlíne in ord cróineolaíochta.
Check Answer
1
1
2
2
3
3
4
4
5
5
6
6
1. 1939: Thosaigh an dara cogadh
domhanda
2. 1944: Tháinig na Naitsithe ar
mhuintir Frank
3. Eanáir 1933: Tháinig na Naitsithe i
gcumhacht sa Ghearmáin
4. 1929: Rugadh Anne Frank
5. 1945: Fuair Anne bás i gcampa
géibhinn
6. Níos moille in 1933: D'imigh
muintir Frank chun na hÍsiltíre le
héalú ó na Naitsithe
25
Do chuntas dialainne féin…
Samhlaigh, i gceann deich mbliana nó fiche bliain
gur tú Uachtarán na tíre seo, i do shuí ar
chathaoir chompordach in Áras an Uachtaráin i
mBaile Átha Cliath.
Bheifeá ar an duine is tábhachtaí agus is clúití in
Éirinn. Bheadh iriseoirí ag cur suim i do chúlra
agus i stair d’óige - ná lig síos iad, cruthaigh
foinse stairiúil anois le go mbeidh siad ábalta
taighde a dhéanamh ort.
Scríobh cuntas dialainne don lá inniu!
Ná déan dearmad ar na cúig Cheist a bhí againn:
1. Cé - luaigh daoine: Cé hiad na daoine ar bhuail tú leo inniu?
2.Cad é - Cad é a tharla? Cad é a
3.Cá háit - Cá raibh tú inniu?
4.Cén uair - Cén uair a tharla na
5.Cad chuige - Cad chuige a ndearna
Seo sampla den
chineál ruda a
thiocfadh leat a
dhéanamh
Brúigh ar an deilbhín thíos le do
chuntas dialainne féin a scríobh.
CHAPTER 4
Dul siarCaibidil
27
Gníomhaíochtaí 1. Meaitseáil an t-eochairfhocal leis an mhíniú cheart:
Check Answer
1
1
2
2
3
3
4
4
5
5
6
6
1. An staidéar ar rudaí atá fágtha ón am a chuaigh thart.
2. An t-ord inar tharla rudaí sa stair3. Foinse a tháinig ón tréimhse staire atá
á staidéar againn.4. Duine a dhéanann staidéar ar rudaí a
tharla san am a chuaigh thart.5. Áit a gcoinnítear taifid agus doiciméid
stairiúla.6. Foinse nár tháinig ón am, atá bunaithe
ar fhoinsí eile.
28
2. Meaitseáil an cineál foinse leis an chur síos cheart.
Check Answer
bunfhoinse
bunfhoinse
foinse thánaisteach
foinse thánaisteach
grianghraf
grianghraf
téacsleabhar scoile
téacsleabhar scoile
29
3. Ciallaíonn ord croineolaíochta an t-ord inar tharla rudaí sa stair. Ó thaobh na
cróineolaíochta de, tá pictiúr amháin ‘as áit’ i ngach ceann de na ceisteanna seo a leanas –
cén pictiúr é?
Check Answer
Question 1 of 3
30
Braitheann saol an lae inniu go mór ar an
stair.
An cineál saoil atá againn inniu agus an cineál
tíre ina gcónaímid - braitheann na rudaí seo
ar an stair s’againn.
Sa leabhar beag seo, chonaic muid cuid de na
scileanna is mó a bhíonn de dhíth ar staraithe
- is staraí thusa anois!
Ciallaíonn sé sin go gcaithfidh tú bheith
fiosrach. Caithfidh tú a oiread foinsí agus is
féidir a tharraingt chugat féin agus scrúdú a
dhéanamh ar na foinsí sin.
Cuir tuiscint ar an stair agus cuirfidh tú
tuiscint ar an tsaol sa lá atá inniu ann!