lá le vailintín
TRANSCRIPT
Lá FhéileVailintín
Cén fáth go ndéanaimid ceiliúradh air?
Déantar ceiliúradh ar Lá le Vailintín gach bliain ar an 14ú Feabhra.
Conas?
Vailintín ab ainm do shagart a
mhair fadó, fadó. Ceaptar go
bhféachann sé cosúil leis an
bhfear sa phictiúr seo.
Seo scéal Vailintín, scéal a léireoidh conas go mbeadh sé chomh speisialta sin go bhfuil lá ainmnithe ina dhiaidh. Bhí
Vailintín ag maireachtaint níos mó ná 1000 bliain ó shin.
Fadó, fadó bhí impire ann dárb ainm Claudius. Bhí sé ina chónaí sa Róimh
i bpálás ollmhór.
Theastaigh ó Claudius go mbeadh an-chuid fir ina airm chun dul ag troid
ar a shon i dtíortha difriúla.
Níor theastaigh ó bhformhór na fir dul ag troid mar bheidís scartha óna
gclann agus mná céile.
Chuir sé seo fearg ar Claudius agus
bheartaigh sé dlí nua a dhéanamh ag rá nách bhféadfadh daoine
pósadh. Cheap sé muna mbeadh mná céile agus
páistí ag na fir go mbeadh níos mó fonn orthu dul isteach ina
airm.
Sagart abea Vailintín. Ceann dena postanna a
bhí aige ná daoine a phósadh. Cé gur chuir
Claudius cosc ar dhaoine pósadh bhí Vailintín ag pósadh daoine go rúnda –
uaireanta ist’oíche, ag cogarnaíl ionas nách
gcloisfeadh éinne iad.
Gabhadh Vailintín agus cuireadh i bpríosúin é.
Dúirt Claudius go mbeadh air Vailintín a chur chun báis toisc gur bhris sé an dlí.
Nuair a chuala daoine cad a tharla do
Vailintín bhíodar an-bhrónach. Chaith
daoine bláthanna agus nótaí suas chuig a
fhuinneog sa phríosún.
Bhí iníon ag duine des na gárdaí sa phríosún. Lig sé di cuairt a thabhairt ar Vailintín. Bheadh í féin agus Vailintín ag caint lena chéile i gcomhair i bhfad agus d’éirigh siad an-cháirdiúil lena chéile.
Ar an lá a fuair Vailintín bás sheol sé
teachtaireacht dá cara ag gabháil buíochais di
as ucht a cairdeas. Shínigh sé é….
ó do Vailintín.
Bhí sé an 14ú Feabhra.
Anois gach bliain ar an 14ú Feabhra seolann daoine
cártaí Vailintín chuig daoine a bhfuil cion acu
orthu. Uaireanta teastaíonn ó dhaoine é seo a dhéanamh go rúnda agus
mar sin síníonn siad an cárta -
Ó do Vailintín
Beannachtaína
Féile
Vailintín!Eve batten 11.2.08