less stress more success irish leaving cert higher level · 70 marc ar fad a bhronnfar don chur...

53
Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level by Triona Geraghty Sraith Pictiúr 2016 Seo a leanas an 20 sraith pictiúr ar cheart duit a ullmhú roimh an scrúdú cainte. Roghnóidh an dalta sraith pictiúr amháin agus iarrfar air/uirthi comhrá a dhéanamh leis/léi faoi ábhar na bpictiúr sin. (Beidh gach pictiúr bun os cionn nuair a dhéanfaidh tú sraith pictiúr amháin a roghnú.) Chomh maith le cur síos a dhéanamh ar an tsraith pictiúr, ní mór duit trí cheist a chur ar an scrúdaitheoir agus ansin a bheith in ann trí cheist ón scrúdaitheoir a fhreagairt faoi ábhar na bpictiúr. Idirghníomhaíocht atá i gceist anseo. 70 marc ar fad a bhronnfar don chur síos agus 10 marc do na ceisteanna. Tá an rogha agat féin an cur síos a dhéanamh san aimsir láithreach san aimsir chaite, ach cibé ceann acu a phiocann tú, bí cinnte go gcloíonn tú leis an aimsir sin tríd síos (chomh fada agus is féidir leat). Tá na samplaí ar fad thíos déanta san aimsir chaite. Ádh mór oraibh go léir!

Upload: others

Post on 09-Mar-2020

2 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Less Stress More SuccessIrish Leaving Cert HigherLevelby Triona Geraghty

Sraith Pictiúr 2016Seo a leanas an 20 sraith pictiúr ar cheart duit a ullmhú roimh an scrúdú cainte.Roghnóidh an dalta sraith pictiúr amháin agus iarrfar air/uirthi comhrá a dhéanamhleis/léi faoi ábhar na bpictiúr sin. (Beidh gach pictiúr bun os cionn nuair a dhéanfaidh túsraith pictiúr amháin a roghnú.)

Chomh maith le cur síos a dhéanamh ar an tsraith pictiúr, ní mór duit trí cheist a churar an scrúdaitheoir agus ansin a bheith in ann trí cheist ón scrúdaitheoir a fhreagairt faoi ábhar na bpictiúr. Idirghníomhaíocht atá i gceist anseo.

70 marc ar fad a bhronnfar don chur síos agus 10 marc do na ceisteanna.

Tá an rogha agat féin an cur síos a dhéanamh san aimsir láithreach nó san aimsir chaite,ach cibé ceann acu a phiocann tú, bí cinnte go gcloíonn tú leis an aimsir sin tríd síos(chomh fada agus is féidir leat). Tá na samplaí ar fad thíos déanta san aimsir chaite.Ádh mór oraibh go léir!

Sraith Pictiúr 1: Bua sa chomórtas raidió

Pictiúr a haon● Tráthnóna Dé Luain a bhí ann agus bhí Seán ina sheomra leapa ag staidéar agus ag

éisteacht leis an raidió sa chúlra. ● Is léir gur thaitin an grúpa ceoil U2 go mór leis, mar bhí póstaer ar an mballa ag

fógairt go raibh ceolchoirm U2 ar siúl san O2 ar an séú lá déag de mhí Bealtaine.● Ansin chuala Seán an láithreoir raidió ag rá go raibh comórtas ar siúl chun dhá

thicéad do cheolchoirm U2 a bhuachan ach téacs a chur chuig an stáisiún raidióláithreach.

● Bhí ceist amháin le freagairt, ’sé sin cén scoil ar fhreastal Bono uirthi? ● Ba dhuine spórtúil é Seán freisin gan amhras mar feicimid mála spóirt ar an mbord in

aice leis.

LESS STRESS MORE SUCCESS2

Pictiúr a dó● Gan aon mhoill ansin, sheol Seán an freagra isteach. ● Bhí deifir air gan dabht mar b’aoibhinn leis na ticéid a bhuachan. ● Bhí sé amhrasach áfach nach raibh sé tapaidh go leor! ● Shuigh sé ansin go mí-fhoighneach ag fanacht leis an toradh.

Pictiúr a trí● I bpictiúr a trí, lean Seán ar aghaidh ag staidéar. Is dócha go raibh sé sa séú bliain mar

feicimid go raibh sé lán dáiríre faoin leabhar a bhí á léamh aige. ● Go tobann agus gan aon choinne, chuala sé a ainm luaite ar an raidió. ● D’fhógair an láithreoir gur bhuaigh Seán Ó Sé an dá thicéad agus dúirt sé

comhghairdeas mór leis. ● Níor chreid Seán a chluasa ach bhí sceitimíní áthais air gan amhras nuair a chuala sé

an deascéal seo.

Pictiúr a ceathair● Chuir Seán téacs chuig a chara Aoife láithreach agus d’inis sé an deascéal di. ● Dúirt sé léi gur bhuaigh sé dhá thicéad do cheolchoirm U2 ar an Satharn, an séú lá

déag de mhí Bealtaine. Bheadh an cheolchoirm ar siúl san O2. ● Thug sé cuireadh di dul ann in éineacht leis. ● D’fhreagair Aoife láithreach bonn agus dúirt sí go raibh sé sin go hiontach agus gur

bhreá léi dul ann. Chuir sí ceist air ansin cén t-am a bheadh an cheolchoirm ar siúl?● Rinne siad na socruithe ar fad eatarthu féin ansin.● Bhí áthas an domhain ar an mbeirt acu.

Pictiúr a cúig● Ar an séú lá déag, chuaigh Seán agus Aoife go dtí an cheolchoirm le chéile. ● Bhí an t-atmaisféar leictreach sa staid. ● Bhí U2 ag canadh in ard a gcinn is a ngutha ar an ardán agus bhí ardghiúmar ar gach

duine. ● Bhí Seán agus Aoife ag damhsa agus ag canadh agus ag baint an-taitnimh as an

gceolchoirm.● Feicimid go raibh an O2 plódaithe. ● Bhí soilse ildaite ann don ócáid freisin, ag cur leis an atmaisféar san áit. ● Bhí dea-aoibh ar gach duine sa phictiúr seo gan dabht.

Pictiúr a sé● Tar éis na ceolchoirme, chuaigh Aoife agus Seán go dtí bialann ghasta i lár na

cathrach. ● D’ith siad sceallóga agus borgaire agus phléigh siad an oíche a bhí caite acu. ● Dúirt Seán gur cheap sé go raibh Bono ar fheabhas agus go raibh na hamhráin nua go

hiontach.

SRAITH PICTIÚR 2016 3

● Ghabh Aoife buíochas mór le Seán as an gcuireadh a thabhairt di. ● Bhí an bheirt acu ar a sáimhín só ag dul abhaile an oíche sin. Ceolchoirm den scoth a

bhí ann gan aon agó!

Ceisteanna1. Cad é an mothúchán is láidre i bpictiúr a trí?2. Déan cur síos ar an atmaisféar i bpictiúr a cúig.3. Cén sórt duine é Seán?

LESS STRESS MORE SUCCESS4

Sraith Pictiúr 2: Tá sé in am tosú ag obair!

Pictiúr a haon● Lá fuar ag tús mí Eanáir a bhí ann agus d’oscail Mam tuairisc scoile na Nollag. ● Ní mó ná sásta a bhí sí leis na torthaí a fuair Eoghan, mar a fheicimid ón gcuma a bhí

ar a haghaidh. ● Bhí sí crosta mar ní bhfuair Eoghan ach D sa Ghaeilge agus D eile sa stair. ● Bhí a fhios aici go raibh a mac in ann gráid níos fearr ná seo a fháil.

Pictiúr a dó● Gan aon mhoill, chuaigh Mam caol díreach chuig seomra Eoghain agus a thuairisc

scoile ina lámh aici. ● Sheas sí ag an doras agus cuma an-fheargach uirthi. ● Cuireadh lena cuid feirge nuair a chonaic sí go raibh a mac sáite i gcluiche ríomhaire. ● Bhí cianrialtán ina lámha aige agus bhí an cluiche faoi lánseol. ● Feicimid go raibh suim ag Eoghan sa cheol freisin ón bpóstaer ceoil a bhí ar an mballa

taobh thiar de.

SRAITH PICTIÚR 2016 5

● Labhair Mam go feargach agus go borb le hEoghan faoi na torthaí a bhí faighte aige.Bhí Eoghan bocht i bponc anois!

Pictiúr a trí● Ar aghaidh leo le chéile go dtí an chistin agus chuir Mam fios ar phríomhoide na

scoile ar an bpointe. ● Bhí Eoghan taobh léi agus feicimid go soiléir an chuma bhuartha a bhí ar a aghaidh. ● Ag deireadh an chomhrá, rinne Mam coinne leis an bpríomhoide chun an scéal a phlé

níos mó.

Pictiúr a ceathair● I bpictiúr a ceathair, feicimid an triúr acu in oifig an phríomhoide. Bhí cuma an-

dáiríre ar gach duine sa phictiúr seo. ● Bhí tuairisc Eoghain leagtha ar an mbord agus labhair an príomhoide leis faoi na

rudaí a bheadh air a dhéanamh chun a chuid gráid a fheabhsú. ● Bhí Mam agus Eoghan ag éisteacht go géar leis an gcomhairle seo. ● Dúirt an príomhoide le hEoghan freisin go raibh neart ama fágtha aige le díriú isteach

ar an obair roimh tuairisc an tsamhraidh!

Pictiúr a cúig● Tá codarsnacht mhór le tabhairt faoi deara idir pictiúr a cúig agus pictiúr a dó. Cé go

raibh Eoghan ina sheomra sa dá phictiúr, an uair seo bhí an ríomhaire múchta aigeagus bhí cnuasach mór leabhar ar an deasc.

● Chomh maith leis sin, sa phictiúr seo bhí Eoghan sáite ina chuid staidéir. ● Bhí mála spóirt ar an mbord taobh thiar de agus feicimid póstaer eile ar an mballa de

chapall. Ba dhuine spórtúil é Eoghan is dócha!

Pictiúr a sé● Sa phictiúr deireanach, tháinig tuairisc scoile an tsamhraidh chuig teach Eoghain. ● Scéal eile ar fad a bhí i gceist an babhta seo. Feicimid go bhfuair Eoghan grád A sa

Ghaeilge agus grád B sa stair. ● Bhí cuma thar a bheith sásta ar Mham agus ar Eoghan féin ar ndóigh! ● Thuig Eoghan ansin gur chuidigh an obair dhian go mór leis na gráid seo a fháil agus

bhí sé an-bhródúil as féin. Mar a deir an seanfhocal, ‘Is í an chiall cheannaithe anchiall is fearr’.

Ceisteanna1. Cad é an mothúchán is láidre i bpictiúr a haon?2. Déan cur síos ar an atmaisféar i bpictiúr a sé.3. Cén sórt duine í Mam?

LESS STRESS MORE SUCCESS6

Sraith Pictiúr 3: Lá spraoi san ardchathair

Pictiúr a haon● An samhradh a bhí ann agus bhí Mam, Daid agus Áine in Aerfort Bhaile Átha Cliath.● Chuir siad fáilte roimh a gcuairteoir Maria a tháinig isteach ar eitilt ó Madrid. ● Cailín óg a bhí inti. Bhí gruaig fhada dhubh uirthi agus bhí sí ag caitheamh bríste bán

agus t-léine dhubh leis an bhfocal Espagne scríofa uirthi. ● Chuir an chlann Éireannach fáilte Uí Cheallaigh roimpi agus dúirt Áine léi go

rachaidís isteach sa chathair an lá dar gcionn. ● B’fhéidir go raibh malartú i gceist agus gur chaith Áine saoire i dteach Maria cheana

féin.

Pictiúr a dó● Lá arna mhárach, chaith na cailíní an lá ar fad i mBaile Átha Cliath.

SRAITH PICTIÚR 2016 7

● Chuaigh siad timpeall na cathrach ar bhus oscailte agus chonaic siad na radharcannacáiliúla go léir.

● Chuaigh siad suas Sráid Uí Chonaill agus chonaic siad Ard-Oifig an Phoist agus anSpuaic.

● Bhí siad thuas staighre ar an mbus agus ní fheicimid aon duine eile in aice leo. ● Lá deas a bhí ann, is dócha, agus bhí an chuma ar na cailíní go raibh siad ag baint an-

taitnimh as an turas. ● Tugaimid comhartha don Luas faoi deara ar an gcuaille in aice leo.

Pictiúr a trí● I bpictiúr a trí, stop na cailíní ag Coláiste na Tríonóide. ● Bhí slua mór daoine os comhair an choláiste, mic léinn agus turasóirí ina measc. ● Áit iontach cháiliúil agus stairiúil í Coláiste na Tríonóide agus feicimid comhartha

don Leabhar Cheanannais, don Leabharlann Fhada agus don bhialann. ● Nuair a bhí an chuid chultúrtha den chuairt déanta ag na cailíní, ghlac siad sos dóibh

féin sa bhialann agus d’ith siad lón blasta. ● Ar aghaidh leo ansin chuig na radharcanna cáiliúla eile.

Pictiúr a ceathair● An chéad stad eile a rinne siad ná Páirc an Chrócaigh agus sa phictiúr seo bhí siad i

Músaem Pháirc an Chrócaigh. ● Ar aghaidh leo uaidh sin go dtí an Staid Aviva agus Gairdín na nAinmhithe, áit a

bhfaca siad gach saghas ainmhí, moncaí ina measc! ● Faoi dheireadh, chuaigh siad go dtí Ard Eaglais Naomh Pádraig. Thaitin na

radharcanna go léir leis na cailíní.

Pictiúr a cúig● An tráthnóna sin, chuaigh na cailíní ag siopadóireacht ar Shráid Ghrafton agus

cheannaigh siad roinnt éadaigh dóibh féin. ● Tugaimid faoi deara go raibh málaí siopadóireachta acu nuair a shuigh siad síos ag

bialann de Búrca. ● D’ith siad dinnéar ansin agus labhair siad faoin lá iontach a chaith siad sa chathair. ● Bhí siad thar a bheith sona leo féin agus bhí dea-aoibh orthu sa phictiúr seo. ● Feicimid freastalaí ag teacht taobh thiar díbh le tráidire.

Pictiúr a sé● Níor chríochnaigh an lá ansin dóibh, áfach! Ag a cúig chun a hocht chuaigh na cailíní

go dtí Amharclann na Mainistreach chun an dráma cáiliúil The Field le John B. Keanea fheiceáil.

● Thug siad a gcuid ticéad isteach ag an Deasc Ticéad agus chuir siad a gcuid cótaíisteach i seomra na gcótaí.

● Ar aghaidh leo ansin chun féachaint ar an dráma agus bhain siad an-taitneamh as.

LESS STRESS MORE SUCCESS8

● Bhí an-lá ag na cailíní gan amhras, cé go raibh siad tuirseach traochta ag dul abhaile. ● Lá an-suimiúil ar fad a bhí ann don chailín Spáinneach go háirithe. Is dócha gur

fhoghlaim sí an-chuid an lá sin faoi chathair Bhaile Átha Cliath!

Ceisteanna1. Cad é an mothúchán is láidre i bpictiúr a cúig?2. Déan cur síos ar an atmaisféar i bpictiúr a haon.3. Cén sórt duine í Áine?

SRAITH PICTIÚR 2016 9

Sraith Pictiúr 4: Madra ar strae

Pictiúr a haon● Fuair Seán téacs teachtaireacht óna chara Síle ar a fhón póca lá amháin. ● Dúirt Síle go raibh a peata madra imithe ar strae agus go raibh sí thar a bheith buartha

faoi. ● D’iarr sí ar Sheán cabhrú léi le cuardach an mhadra.

Pictiúr a dó● Ar aghaidh le Seán ar luas lasrach ansin go dtí teach Shíle. ● Nuair a chonaic sé Síle, bhí sí ag caoineadh agus rinne sé iarracht í a chur ar a

suaimhneas. Thug sé barróg mhór di agus dúirt sé léi gan a bheith buartha toisc godtiocfaidís ar an madra gan dabht.

● D’iarr sé uirthi suí síos agus an scéal ar fad faoi cad a tharla a insint dó.

LESS STRESS MORE SUCCESS10

● Fuair Seán cupán tae do Shíle. Ansin, shuigh an bheirt acu síos ag an mbord agusd’inis Síle an scéal ina iomlán.

● Thosaigh Seán ag smaoineamh ar cad ab fhéidir leo a dhéanamh.

Pictiúr a trí● An chéad rud a rinne Síle ná fios a chur ar an Raidió Pobail agus chuir an láithreoir an

fógra amach láithreach. ● Chuir sí fógra eile ar Facebook chomh maith, le pictiúr den mhadra. Madra beag bán

agus dubh a bhí ann agus Jojo ab ainm dó. Chuir sí a huimhir fóin ar an bhfógra (anáid, a hocht, a seacht, a dó, a cúig, a ceathair, a cúig, a dó ...).

● Anuas air sin, sheol sí téacs chuig gach duine ar a fón faoin madra.

Pictiúr a ceathair● Tar éis di é sin a dhéanamh, chuaigh sí féin agus Seán amach ar na sráideanna ag

cuardach an mhadra agus ag glaoch a ainm in ard a ngutha, ach ní raibh tásc nátuairisc ar Jojo bocht.

● Bhí imní an domhain ar Shíle. Go tobann, áfach, chuala sí a fón ag bualadh ina póca. ● Bhí duine éigin ag cur glao uirthi, le cúnamh Dé, le dea-scéal.

Pictiúr a cúig● Agus ar ndóigh dea-scéal a bhí ann! Dúirt an duine ar an taobh eile den líne go raibh

Jojo aimsithe aige. ● Níor chreid Síle a cluasa. Bhí gliondar croí uirthi. ● D’iarr sí ar an bhfear fanacht san áit ina raibh sé agus go dtiocfadh sí gan mhoill. ● D’inis sí an nuacht mhaith do Sheán agus bhí áthas an domhain air chomh maith.

Pictiúr a sé● Lean Síle ar aghaidh ansin go dtí an t-ionad siopadóireachta agus ba bheag nár phléasc

sí le háthas nuair a chonaic sí Jojo. ● Thug an fear an madra ar ais di agus mhínigh sé di go raibh sé caillte agus faiteach

níos túisce, agus gur lean sé é. Bhí Síle thar a bheith buíoch dó. ● Nuair a chuaigh sí abhaile, labhair sí lena tuismitheoirí faoi eachtraí an lae. ● Cheap Mam go raibh sé go hiontach gur aimsíodh Jojo ach mhol Daid go mba cheart

di níos mó aire a thabhairt dó. ● D’fhoghlaim Síle ceacht fiúntach an lá sin ar aon nós. Ciall cheannaithe, gan amhras!

Ceisteanna1. Céard iad na mothúcháin is láidre sa séú pictiúr, dar leat?2. Déan cur síos ar an atmaisféar sa cheathrú pictiúr?3. Cén sórt duine é Seán, dar leat?

SRAITH PICTIÚR 2016 11

Sraith Pictiúr 5: An Ghaeilge – seoid luachmharagus cuid dár gcultúr

Pictiúr a haon● Sa chéad phictiúr, bhí Eoin agus Aoife ar an tsráid agus feicimid iad taobh amuigh de

shiopa ceoil. ● Bhí a lán úirlísí ceoil ar taispeáint san fhuinneog, úirlísí cosúil le cláirseach, consairtín,

bosca ceoil, bainseó agus bodhrán. ● Chonaic siad comhartha ar an doras, ‘Sladmhargadh na Cásca’, agus bhí áthas ar Aoife

go raibh an comhartha scríofa as Gaeilge. ● Dar le hEoin, bhí sé de dhualgas ar dhaoine óga na tíre an Ghaeilge a chur chun cinn.

LESS STRESS MORE SUCCESS12

Pictiúr a dó● Níos deanaí nuair a bhí Eoin agus Aoife ar an suíomh idirlín Facebook, chonaic siad

fógra faoi thuras chun na Gaeltachta. ● Bhí áthas orthu é seo a fheiceáil agus shocraigh siad ansin go rachaidís le chéile chun

na Gaeltachta.

Pictiúr a trí● I bpictiúr a trí, feicimid iad ag labhairt as Gaeilge agus ag baint taitnimh as. ● Chomh maith leis sin, bhí siad ag imirt eitpheile ar an trá agus an ghrian ag spalpadh

anuas orthu. Feicimid bád ar an uisce freisin. ● San oíche, bhí céilí acu sa halla agus bhí an-chraic agus spraoi acu ag rince. ● Níl aon amhras ach gur bhain siad an-taitneamh as an gcoláiste Gaeilge.

Pictiúr a ceathair● Níos déanaí sa bhliain, nuair a bhí Eoin agus Aoife ar ais ar scoil, d’eagraigh siad

ciorcal cainte sa Ghaeilge ag am lóin. ● ’Séard a bhí i gceist leis seo ná gur tháinig cairde ón rang le chéile ag am lóin chun

Gaeilge a labhairt go neamhfhoirmiúil. ● D’fhoghlaim na daltaí a lán Gaeilge as seo gan dabht, ach ag an am céanna, bhí sé

taitneamhach!

Pictiúr a cúig● Ansin, thosaigh cairde leo ag taispeáint níos mó suime sa Ghaeilge. ● Bhí cara amháin ag éisteacht le Raidió na Gealtachta ar ipod agus bhí Eoin agus a

chara ag féachaint ar TG4 le chéile. ● Dúirt Eoin gurbh fhiú go mór féachaint ar TG4 chun feabhais a chur ar do chuid

Gaeilge.

Pictiúr a sé● Ansin i bpictiúr a sé, bhí bronnadh na ngradam ar siúl sa scoil. ● Bronnadh gradam speisialta ar Eoin agus Aoife as an nGaeilge a neartú sa scoil agus sa

cheantar. ● Bhí an bheirt acu thar a bheith bródúil nuair a thug an príomhoide an gradam dóibh. ● Is cinnte gur thuig na daltaí seo luach na Gaeilge agus go raibh siad mórtasach as an

teanga a labhairt agus a chur chun cinn.

Ceisteanna1. Céard iad na mothúcháin is láidre i bpictiúr a sé?2. Déan cur síos ar an atmaisféar i bpictiúr a ceathair.3. Cén sórt duine é Eoin, dar leat?

SRAITH PICTIÚR 2016 13

Sraith Pictiúr 6: Drochaimsir an gheimhridh – athrú aeráide

Pictiúr a haon● Bhí Pól agus Áine ag féachaint ar an teilifís oíche Dé Luain. ● Bhí an clár faisnéise Primetime ar siúl agus bhí an t-ábhar athrú aeráide á phlé acu. ● Bhí béim mhór ar na hathruithe móra a tharla le gairid. ● Fadhb chasta a bhí ann, dar le hÁine agus d’aontaigh Pól léi. ● Smaoinigh siad siar ar an drochaimsir in Éirinn le tamall anuas.

Pictiúr a dó● An geimhreadh roimhe sin, thit an-chuid sneachta.

LESS STRESS MORE SUCCESS14

● Thit an teocht go dtí ocht gcéim faoin reophointe. ● Bhí an áit clúdaithe le brat sneachta ar feadh cúpla seachtaine agus bhí an tír ina stad.

Pictiúr a trí● Reoigh na píobáin in an-chuid tithe agus phléasc siad, ag déanamh a lán damáiste sna

tithe. ● Bhí na pluiméirí an-ghnóthach ar fad ag deisiú na bpíobán. ● Bhí an t-árachas tí ag ardú i gcónaí ar na húinéirí bochta. Bhí costais ollmhóra orthu.

Pictiúr a ceathair● I bpictiúr a ceathair, feicimid gur tharla timpiste uafásach lá amháin. ● Bhí an aimsir an-stoirmiúil agus bhí leac oighir ar an mbóthar. ● Bhí carr ag taisteal ar an mbóthar agus go tobann thit crann anuas air. Leagadh cúpla

crann eile freisin. ● Is dócha gur gortaíodh an tiománaí go dona nó gur maraíodh é.

Pictiúr a cúig● I gCorcaigh bhí a lán tuilte ar fud na cathrach. ● Feicimid teach sa chúlra anseo agus ní raibh an chlann ábalta teacht amach as mar

gheall ar na tuilte. ● Chuaigh bád tarrthála isteach chun iad a fháil. ● Ní raibh an scéal mórán difriúil i mBaile Átha Cliath. ● Bhí tuilte ar na sráideanna agus feicimid go raibh carranna sáite san uisce. ● Scriosadh a lán foirgneamh freisin.

Pictiúr a sé● Ansin i bpictiúr a sé, feicimid an damáiste a bhí déanta ag an truailliú don domhan

agus go háirithe don tsraith ózóin. ● Bhí poll mór sa tsraith ózóin agus mar sin ní raibh aon chosaint ann in aghaidh solais

na gréine. ● Chomh maith leis sin, bhí na cnapáin oighir ag leá. Bhí sé an-chontúirteach gan

dabht. ● Dúirt Pól le hÁine gur cheap sé go raibh an timpeallacht i mbaol agus d’aontaigh

Áine leis ar ndóigh.

Ceisteanna1. Céard iad na mothúcháin is láidre i bpictiúr a haon?2. Déan cur síos ar an atmaisféar i bpictiúr a ceathair.3. Cén sórt duine é Pól, dar leat?

SRAITH PICTIÚR 2016 15

Sraith Pictiúr 7: An fhoireann ag cruthú gohiontach

Pictiúr a haon● Mí Meán Fómhair a bhí ann i gColáiste Eoin. Bhí Seán agus Pól i gclós na scoile agus

bhí siad ag caint. ● Ansin, thug siad faoi deara fógra ar an mballa. Fógra a bhí ann faoi shraith iomána a

bhí chun tosú. ● Bhí foireann na scoile ag lorg imreoirí agus is léir, ó na buachaillí, go raibh suim acu ann. ● Dúirt Seán go mbainfidís triail as agus d’fhreagair Pól go labhróidís leis an Uasal Ó Sé.

Pictiúr a dó● An tráthnóna sin, phléigh na buachaillí arís é. Chuir Seán ceist ar Phól an mbeadh

aon suim aige ann agus d’fhreagair Pól go mbainfidís triail as.

LESS STRESS MORE SUCCESS16

● Ar aghaidh leo ansin go dtí an traenálaí agus labhair siad leis. ● Dúirt Seán leis gur mhaith leo imirt ar an bhfoireann agus mhínigh an traenálaí

dóibh go mbeadh traenáil acu dhá lá tar éis scoile. ● Chuir Pól ceist air ansin cén t-am a bheadh sé ar siúl.

Pictiúr a trí● Cúpla lá ina dhiaidh sin, bhí na buachaillí ar an bpáirc imeartha ag traenáil. ● Bhí an traenáil deacair, ach rinne na buachaillí an-iarracht. ● Bhí an traenálaí ag faire orthu agus ag tabhairt treoracha dóibh.

Pictiúr a ceathair ● Mí Aibreáin a bhí ann sa cheathrú pictiúr agus bhí an bainisteoir ag caint leis na

buachaillí arís. ● Bhí sé ag labhairt faoin mbliain iontach a bhí acu agus an obair dhian a rinne siad.

Dúirt sé mar sin go raibh siad ag dul ar aghaidh go dtí an chraobh. ● Bhí bród ar Sheán agus ar Phól, ach bhí siad neirbhíseach freisin. ● Feicimid fógra ar an mballa faoin gcraobh. ● Bhí na buachaillí ag imeacht ag a dó a chlog agus mhol an fógra do gach duine

tacaíocht a thabhairt don fhoireann.

Pictiúr a cúig● D’imir an fhoireann sa chraobh ansin agus bhuaigh siad. ● Bhí Coláiste Eoin ag imirt in aghaidh Coláiste Phádraig. ● Bhí sceitimíní áthais ar gach duine mar bhuaigh siad le dhá phointe. ● Ghlac Pól an corn ar son na foirne. Is dócha go raibh sé ina chaptaen. D’ardaigh sé an

corn le bród. ● An scór a bhí ann ag an deireadh ná Coláiste Eoin, dhá chúl, ocht gcúilín agus

Coláiste Phádraig dhá chúl, sé chúilín.

Pictiúr a sé● Díreach tar éis an cluiche, tháinig an príomhoide ar an suíomh. ● Dúirt sé comhghairdeachas leis an bhfoireann agus an traenálaí.● Mhol sé go hard iad agus an obair iontach a rinne siad. Dar leis, bhí siad ar fheabhas. ● Ansin dúirt sé go mbeadh cóisir acu chun an bua a cheiliúradh. ● Bhí áthas an domhain ar na buachaillí, gan dabht. Caithfidh go raibh siad sásta gur

ghlac siad páirt sa tsraith.

Ceisteanna1. Céard iad na mothúcháin is láidre sa séú pictiúr, dar leat?2. Déan cur síos ar an atmaisféar sa chúigiú pictiúr?3. Cén sórt duine é an traenálaí, dar leat?

SRAITH PICTIÚR 2016 17

Sraith Pictiúr 8: Fadhbanna ar saoire

Pictiúr a haon● Bhí Mam, Daid, Seán agus Aoife ina suí ag an mbord sa chistin ag labhairt faoi dhul

ar laethanta saoire. ● Dúirt Mam go raibh sí féin agus Daid ag sábháil airgid chun dul ar saoire áit éigin. ● Dúirt sí go raibh sé i gceist acu dul i mbliana, toisc nach ndeachaigh siad aon áit an

bhliain roimhe sin agus, chomh maith leis sin, bheadh Seán ag déanamh nahArdteiste an bhliain ina dhiaidh sin.

● Dúirt Daid go raibh sé féin ag déanamh taighde ar an idirlíon agus go rachaidís go dtían gníomhaire taistil ag an deireadh seachtaine.

● Is léir go raibh gliondar croí agus sceitimíní áthais ar na páistí.

LESS STRESS MORE SUCCESS18

Pictiúr a dó● Chuaigh an teaghlach go léir go dtí an gníomhaire taistil le chéile ag an deireadh

seachtaine. ● Dúirt na tuismitheoirí leis an ngníomhaire taistil go raibh a rogha déanta acu cheana

féin, toisc go raibh na páistí ag cuardach ar an idirlíon. Theastaigh uathu dul goMalaga.

● Bhí an gníomhaire taistil an-chabhrach agus dúirt sí leo go raibh rogha leathan óstánar fáil san áit sin agus, anuas air sin, go raibh ionadaí ag an gcomhlacht i Malaga.

● Thaispeáin sí na roghanna óstáin dóibh agus, ar deireadh thiar, roghnaigh anteaghlach ceann amháin.

● Is léir gur thaitin cuma na háite leo. Dar leo, bhí na háiseanna ar fheabhas san óstán,bhí sé compordach agus bhí an suíomh go hálainn freisin.

Pictiúr a trí● Ansin, shroich an teaghlach Malaga. Bhí an ghrian go hard sa spéir agus mhothaigh

gach duine an teas nuair a thuirling an t-eitleán i Malaga. ● Bhí gach duine ag caitheamh éadaigh samhraidh agus spéaclaí gréine. ● Díreach tar éis dóibh tuirlingt, bhuail siad leis an ionadaí taistil. ● Chuir sé fáilte mhór rompu go Malaga agus thug sé a uimhir fóin dóibh. Dúirt sé leo

fios a chur air dá mbeadh fadhb ar bith acu. ● Caithfidh go raibh áthas an domhain ar gach duine agus go raibh siad ag tnúth go

mór leis na laethanta a bhí le teacht.

Pictiúr a ceathair● Bhí scéal difriúil ann, áfach, nuair a shroich siad an t-óstán. Hotel Sol an t-ainm a bhí

air. ● Bhí déistin ar Mham nuair a chonaic sí an seomra leapa. Bhí sé an-salach, ní raibh an

leaba cóirithe fiú amháin agus bhí éadaí caite ar fud na háite. ● Gan a thuilleadh moille, chuaigh Mam agus Daid ar ais go dtí an deasc fáilte. ● Dúirt Daid leis an bhfáilteoir nach raibh siad sásta in aon chor. Bhí an t-óstán salach,

dar leis, agus d’éiligh sé air óstán eile a fháil dóibh. ● Lena linn sin, chuir Mam fios ar an ionadaí taistil agus d’inis sise an scéal céanna dó.● Bhí díomá agus fearg ar an mbeirt acu.

Pictiúr a cúig● Tháinig an t-ionadaí taistil ar ais chucu gan mhoill. ● Dúirt sé leo go raibh an-bhrón air. Mhínigh sé go raibh stailc ar siúl san óstán agus go

raibh fadhbanna acu dá bharr. ● Dúirt sé go raibh óstán nua faighte aige dóibh, darbh ainm Salles Central. ● Dheimhnigh sé dóibh go raibh na háiseanna ar fheabhas san óstán agus go raibh

suíomh an óstáin go deas feisin.

SRAITH PICTIÚR 2016 19

● Dúirt sé leo go raibh uasghrádú i gceist leis an óstán seo. ● Déarfainn gur chuir sé seo an teaghlach ar a shuaimhneas arís.

Pictiúr a sé● Ar deireadh thiar, feicimid an teaghlach ar a sháimhín só sa Salles Central. Is cinnte

go raibh gach duine ar mhuin na muice ag an bpointe seo. ● Bhí na páistí sa linn snámha agus bhí na tuismitheoirí ina luí faoin ngrian. ● Cheap siad go raibh an áit seo go hiontach ar fad agus smaoinigh Daid ar an

seanfhocal ‘gur olc an ghaoth nach séideann do dhuine éigin’. ● Cé go raibh droch-thús leis an saoire, bhí gach rud go breá ag an deireadh agus bhain

gach duine an-taitneamh as a dtréimhse i Malaga.

Ceisteanna1. Céard iad na mothúcháin is láidre sa tríú pictiúr, dar leat?2. Déan cur síos ar an atmaisféar sa chúigiú pictiúr?3. Cén sórt duine é an t-ionadaí taistil, dar leat?

LESS STRESS MORE SUCCESS20

Sraith Pictiúr 9: Ag téacsáil sa rang

Pictiúr a haon● Maidin Dé Luain a bhí ann agus bhí rang Mata ar siúl. ● Bhí Iníon Ní Shé ag múineadh ailgéabair agus bhí na daltaí ag féachaint ar an gclár

agus ag éisteacht léi. ● Ní raibh aon duine ag pleidhcíocht sa phictiúr seo agus bhí cuma dháiríre ar an

múinteoir agus í ag múineadh.

Pictiúr a dó● Nuair a bhí gach duine eile ag obair, fuair Seán téacs ó Liam agus thóg sé amach an

fón. ● Cuireadh a bhí ann faoi chóisir a bhí ar siúl i dteach Liam Dé hAoine. ● Dúirt Liam go mbeadh a thuismitheoirí imithe agus is léir go raibh áthas mór ar

Sheán an téacs sin a léamh.

SRAITH PICTIÚR 2016 21

● Ní fhaca Eoin agus Aoife, a bhí os a chomhair, é seo ar chor ar bith mar bhí siad agstaidéar go dian.

Pictiúr a trí ● D’athraigh an scéal, áfach, nuair a shiúil an múinteoir Matamaitice síos chuig Seán. ● Chonaic sí an fón agus ní mó ná sásta a bhí sí. Rug sí ar an bhfón agus thóg sí léi é. ● Bhí fearg ar Sheán agus bhí náire an domhain air freisin mar bhí gach duine sa rang ag

stánadh air. ● Ní raibh an dara rogha aige ach an fón póca a thabhairt don mhúinteoir.

Pictiúr a ceathair ● Ina dhiaidh sin, bhí ar Sheán dul go dtí Oifig an Phríomhoide. ● Chonaic sé a fhón póca ar an mbord agus thóg an príomhoide amach cóip de Rialacha

na Scoile. ● Labhair sí leis faoi mheas agus mhínigh sí dó gur chuir a chuid iompair isteach ar gach

duine eile sa rang. ● D’admhaigh Seán go ndearna sé botún agus go raibh sé ina amadán. ● Thuig sé gur tharraing sé trioblóid air féin, agus bhí brón agus náire air.

Pictiúr a cúig● Ansin, chuir an príomhoide fios ar mháthair Sheáin. ● Mhínigh sí an scéal di agus bhí ionadh an domhain ar Mham. Níor chreid sí a cluasa! ● Dúirt sí leis an bpríomhoide go dtiocfadh sí isteach sa scoil láithreach. ● Bhí Seán bocht i dtrioblóid mhór anois, gan amhras.

Pictiúr a sé ● Sa phictiúr deireanach, bhí gach duine in Oifig an Phríomhoide. ● Bhí Mam míshásta le Seán, ar ndóigh. Luaigh sí an obair a bhí le déanamh aige do na

scrúduithe. Dúirt sí leis go raibh súil aici gur fhoghlaim sé ceacht uaidh seo agus nachdtarlódh a leithéid seo arís.

● Labhair an príomhoide arís faoi rialacha na scoile agus faoin tábhacht a bhain le dea-shampla a léiriú do na daltaí eile. Bhí uirthi Seán a chur ar fionraí ansin.

● Ghabh Seán a leithscéal leis an mbeirt bhan agus gheall sé nach dtarlódh sé seo arís.Bhí brón agus aiféala air, gan amhras.

Ceisteanna1. Céard iad na mothúcháin is láidre sa tríú pictiúr, dar leat?2. Déan cur síos ar an atmaisféar sa cheathrú pictiúr.3. Cén sórt duine í an príomhoide, dar leat?

LESS STRESS MORE SUCCESS22

Sraith Pictiúr 10: An Ghéarchéim Eacnamaíochta

Pictiúr a haon ● Bhí Pól agus a chairde ag dul abhaile ón obair tráthnóna amháin. ● Bhí cuma an-bhrónach orthu go léir, mar chaill siad a bpoist.● Dúirt Seán go raibh ciorruithe móra sa chomhlacht agus d’fhreagair Séamas go raibh

sé seo ag tarlú mar gheall ar an gcúlú eacnamaíochta. ● Chuaigh an triúr acu abhaile go tromchroíoch.

Pictiúr a dó● An oíche sin, bhí Seán ina shuí sa seomra suí ag caint lena bhean chéile Bríd. ● D’inis Seán an drochscéal di agus bhí an-bhrón ar Bhríd.

SRAITH PICTIÚR 2016 23

● Thosaigh Seán bocht ag caoineadh. ● Bhí an bheirt acu an-bhuartha agus bhí éadóchas ar Sheán.

Pictiúr a trí● I bpictiúr a trí, feicimid Seán ar an ríomhaire agus é ag cur iarratas isteach ar phoist

nua. ● Chuaigh sé ansin go dtí ionad tógála lena CV agus chuir sé ceist ar an mbainisteoir an

mbeadh post ar bith aige dó.● D’fhreagair an bainisteoir, áfach, nach raibh aon fholúntas ann ag an bpointe sin agus

bhí díomá an domhain ar Sheán bocht.

Pictiúr a ceathair● Ina dhiaidh sin, feicimid Seán ina sheasamh i scuaine fhada taobh amuigh d’oifig an

phoist. ● Bhí gach duine ag fanacht chun cúnamh dífhostaíochta a fháil, mar cosúil le go leor

daoine eile sa tír, bhí siad dífhostaithe. ● Bhí gach duine sa scuaine brónach agus bhí scamaill mhóra dhubha sa spéir.

Pictiúr a cúig● An oíche sin, bhí Seán agus Bríd ina suí ar an tolg ina seomra suí, ag féachaint ar

Nuacht TG4 ar an teilifís. ● D’fhógair an láithreoir go raibh ceithre chéad caoga míle duine dífhostaithe sa tír ag

an bpointe sin. ● Cheap Seán agus Bríd go raibh na fíricí seo scannalach. ● Dar le Seán, bhí an milleán ar an Rialtas. Cheap sé nach raibh na polaiteoirí ag

déanamh a ndíchill.

Pictiúr a sé● Seachtain ina dhiaidh sin, bhí Seán agus Bríd in Aerfort na Sionnaine ag fágáil slán

lena chéile. Bhí an bheirt acu croíbhriste. ● Bhí Seán ag fáil eitilte go Meiriceá chun obair a fháil dó féin agus bhí a ghrá-sa Bríd ag

fanacht in Éirinn. ● Ba mhór an trua go raibh ar Sheán dul ar imirce. ● Tá na scéalta céanna fós le cloisteáil na laethanta seo, ar an drochuair.

Ceisteanna1. Céard iad na mothúcháin is láidre i bpictiúr a cuig?2. Déan cur síos ar an atmaisféar i bpictiúr a ceathair.3. Cén sórt duine é Seán, dar leat?

LESS STRESS MORE SUCCESS24

Sraith Pictiúr 11: Cúrsa Gaeilge sa Ghaeltacht

Pictiúr a haon● Maidin Dé Céadaoin a bhí ann agus bhí bus mór páirceáilte taobh amuigh de

Choláiste Sheosaimh. ● Bus don Ghaeltacht a bhí scríofa ar an mbus agus, mar sin, is léir dúinn go raibh grúpa

daltaí ón scoil réidh le dul ar thuras go dtí Gaeltacht Chonamara. ● Bhí na daltaí ag fanacht taobh amuigh den bhus sa phictiúr seo agus bhí dea-aoibh

orthu go léir agus iad ag tnúth go mór leis an turas a bhí rompu. ● Ní raibh ar na daltaí éide scoile a chaitheamh don turas agus thaitin sé sin go mór leo.

Pictiúr a dó● Sa dara pictiúr, feicimid na daltaí ar a mbealach go dtí an Ghaeltacht.

SRAITH PICTIÚR 2016 25

● Feicimid an tiománaí bus agus múinteoir ón scoil. Bhí micreafón ag an múinteoiragus is dócha go raibh sé ag labhairt leis na daltaí faoin gcoláiste agus faoi rialacha ancholáiste.

● Feicimid ón gcomhartha go raibh siad ag dul thar an Spidéal i gContae na Gaillimhe.● Bhí an bus plódaithe agus bhí atmaisféar iontach le brath ann.

Pictiúr a trí● Tar éis do na daltaí a gcuid lóistín a bhaint amach, tógadh iad go dtí Bunscoil Bhaile

na hAbhann. ● Bhí an chuma orthu go raibh siad chun freastal ar ranganna Gaeilge mar feicimid

málaí scoile ar a ndroim. ● Bhí an aimsir go breá tirim agus bhí gach duine sásta leo féin.

Pictiúr a ceathair● Sa phictiúr seo, bhí na daltaí sa seomra ranga ag foghlaim Gaeilge agus bhí gach duine

ag éisteacht go géar leis an múinteoir.● Ansin rinne siad obair ghrúpa agus Gaeilge á labhairt acu go léir. ● Ag am lóin, d’ith siad lón sa cheaintín agus labhair siad as Gaeilge. ● Sa tráthnóna, bhí cluiche peile acu amuigh ar an bpáirc agus bhí na daltaí nach raibh

páirteach sa chluiche ar an taobh mar lucht tacaíochta dóibh. ● An oíche sin, chuaigh siad go dtí céilí mór sa halla. Feicimid go raibh na daltaí ar fad

amuigh ar an urlár ag damhsa agus ag baint an-taitnimh as. ● Bhí ceol beo acu don chéilí agus feicimid go raibh fear sa phictiúr seo ag seinm ceoil

dóibh.

Pictiúr a cúig● An lá dar gcionn, chuaigh na daltaí go dtí an trá áitiúil. ● Chuaigh cuid acu isteach san uisce ag snámh agus bhí daoine eile ag siúl ar an trá. ● Lá te a bhí ann de réir cosúlachtaí. ● Tar éis na trá, lean siad ar aghaidh leis an turas agus thug siad cuairt ar Theach an

Phiarsaigh i Ros Muc agus bhuail siad isteach chuig TG4 agus Raidió na Gaeltachtachomh maith.

● Mar sin is léir dúinn go raibh go leor rudaí éagsúla ar siúl do na daltaí agus go raibh anmionchuairt seo an-taitneamhach dóibh.

Pictiúr a sé● Ansin tháinig deireadh leis an saoire agus d’fhill na daltaí ar scoil. ● Sa phictiúr seo, sheas siad taobh amuigh den bhus ag fágáil slán lena chéile. ● Thug siad barróg dá chéile agus d’aontaigh siad go léir go raibh sos iontach acu agus

go seolfaidís téacsanna chuig a chéile. ● Gheall siad freisin go rachaidís ar ais go Conamara an bhliain dar gcionn cinnte. ● Is dócha go raibh siad brónach go raibh orthu imeacht óna cheile, ach léiríonn sé seo

dúinn arís an fíor-thaitneamh a bhain siad as an turas.

LESS STRESS MORE SUCCESS26

Ceisteanna1. Cad é an mothúchán is láidre i bpictiúr a haon?2. Déan cur síos ar an atmaisféar i bpictiúr a sé.3. Cén sórt duine é an múinteoir?

SRAITH PICTIÚR 2016 27

Sraith Pictiúr 12: Timpiste

Pictiúr a haon● Oíche fhliuch gheimhridh a bhí ann agus bhí sé ag stealladh báistí. ● Feicimid gluaisteán le beirt daoine istigh ann ag dul thar soilse tráchta. ● Bhí daoine eile ag siúl ar an gcosán agus iad gléasta in éadaí báistí. ● Bhí bean amháin le scáth fearthainne ina lámh aici agus bhí an chuma ar gach duine

go raibh deifir orthu rith isteach ón mbáisteach. ● Oíche dheacair a bhí ann don tiomáint gan amhras agus ba dheacair don tiománaí

aon rud a fheiceáil leis an mbáisteach throm a bhí ag titim.

LESS STRESS MORE SUCCESS28

Pictiúr a dó● Sa dara pictiúr, feicimid lánúin darbh ainm Liam agus Áine sa ghluaisteán. ● Bhí cuma shásta ar Áine agus í ag breathnú amach os a comhair. ● Tugaimid faoi deara nach raibh aon chrios cosanta á gcaitheamh ag Liam agus, ní ba

mheasa, go raibh sé ag caint ar a fhón póca agus é ag tiomáint. ● Is léir dúinn nach raibh sé ag tabhairt airde ar an mbóthar agus é ag éisteacht go géar

leis an gcainteoir ar an taobh eile den líne.

Pictiúr a trí● Lean siad ar aghaidh mar sin go dtí gur shroich siad an trasrian coisithe. ● Shiúil fear trasna na sráide ach, ar an drochuair, ní fhaca Liam é. Bhí sé ag tiomáint ró-

thapa, chomh maith le bheith ag caint ar a fhón póca. ● Ansin i bpreabadh na súl, leagadh an fear (an coisí) bocht ar an talamh agus ba léir go

raibh sé gortaithe go dona. ● Baineadh geit uafásach as an lánúin sa ghluaisteán. Bhí siad i bponc ceart ag an

bpointe sin. ● Baineadh geit uafásach as na daoine eile a bhí ar an tsráid freisin ar ndóigh.

Pictiúr a ceathair● Chuir fear amháin a bhí ar an suíomh fios gan mhoill ar na seirbhísí éigeandála.

Feicimid 999 ar an bhfón.● Thug sé na sonraí ar fad dóibh agus dúirt sé leo go raibh otharcharr ag teastáil ón

bhfear go práinneach. ● Sheas Liam agus Áine ansin ag stánadh ar an bhfear bocht a bhí sínte ar an talamh

agus iad ag déanamh iarrachta cabhrú leis. ● Bhí cuma an-bhuartha ar gach duine sa phictiúr.

Pictiúr a cúig● Gan mórán moille, buíochas le Dia, tháinig an t-otharcharr ar an láthair. ● Taobh istigh de chúpla nóiméad, cuireadh an fear gortaithe ar shínteán agus tháinig

na paraimhíochaineoirí i gcabhair air. ● Tháinig na Gardaí freisin chun an scéal a fhiosrú agus níorbh aon ionadh go raibh

Liam agus Áine sceimhlithe ina mbeatha. ● D’fhreagair siad cúpla ceist a chuir an Garda orthu agus ansin d’iarr sé orthu dul go dtí

an stáisiún in éineacht leis.

Pictiúr a sé● Sa phictiúr deireanach, bhí Liam agus Áine i stáisiún na nGardaí ag caint leis an

sáirsint. ● Cuireadh neart ceisteanna ar an lánúin agus d’inis Liam an fhírinne lom! ● Dúirt sé gur fhreagair sé a fhón póca fad is a bhí sé ag tiomáint agus nach raibh sé ag

tabhairt dóthain airde ar an mbóthar.

SRAITH PICTIÚR 2016 29

● Ba léir go raibh aiféala mór air agus go raibh faitíos an domhain ar an mbeirt acu. ● Ní raibh an Garda pioc sásta leis, ach is leir dúinn gur fhoghlaim Liam ceacht an-

tábhachtach an oíche sin. Mar a deir an seanfhocal, ‘Is í an chiall cheannaithe an chiallis fearr’.

Ceisteanna1. Cad é an mothúchán is láidre i bpictiúr a ceathair?2. Déan cur síos ar an atmaisféar i bpictiúr a haon.3. Cén sórt duine é an Garda?

LESS STRESS MORE SUCCESS30

Sraith Pictiúr 13: Seó faisin sa scoil

Pictiúr a haon● Bhuail Iníon Ní Shé le daltaí na séú bliana sa Seomra Caidrimh ag am lóin. ● Labhair sí leo faoin nganntanas airgid sa scoil. Dúirt sí leo go raibh ríomhairí nua ag

teastáil, ach nach raibh an scoil in ann iad seo a cheannach mar gheall ar na ciorraithei gcúrsaí oideachais.

● D’iarr sí orthu a gcuid smaointe a thabhairt di agus go labhródh sí leo níos déanaí. ● Dúirt Aoife go mbeadh siúlóid nó ceolchoirm go maith. Cheap Áine go mbeadh

airgead maith le déanamh as crannchur nó seó faisin.

Pictiúr a dó● Níos déanaí an lá sin, tháinig Iníon Ní Shé ar ais chuig na daltaí leis an socrú a bhí

déanta aici. ● Tar éis di smaoineamh faoi agus an scéal a mheas, shocraigh sí gurbh é an seó faisin an

smaoineamh ab fhearr.

SRAITH PICTIÚR 2016 31

● Ghabh sí buíochas le gach duine as na smaointe iontacha agus ansin dúirt sí go raibhsé in am tosú ar an bpleanáil.

● Dúirt Áine go mba cheart dóibh socruithe a dhéanamh faoin áit a mbeadh sé ar siúl,na héadaí a bheadh ar taispeáint agus an t-am a bheadh sé ar siúl.

● Bhí Aoife sásta cabhair a iarraidh ar thuismitheoirí agus ar na siopaí áitiúla.

Pictiúr a trí● Sa tríú pictiúr, bhí grúpa cailíní ón scoil ag breathnú ar fhógra faoin seó faisin. ● Chonaic siad go mbeadh sé ar siúl i Halla na Scoile Dé hAoine, an cúigiú lá de mhí

Feabhra ar a hocht a chlog. ● Deich Euro a bheadh mar chead isteach. ● Bhí an-suim ag na cailíní san fhógra mar bhí siad ag féachaint go géar air.

Pictiúr a ceathair● Ar aghaidh le hAoife agus le hÁine ansin go dtí siopa éadaigh darbh ainm Scoth na

bhFaisean. ● D’iarr siad ar an siopadóir an mbeadh sí sásta páirt a ghlacadh sa seó faisin agus éadaí

óna siopa a chur ar taispeáint ann. D’fhreagair an siopadóir go mbeadh an-spéis aiciann cinnte.

● Chuaigh Róisín agus Niamh go dtí an siopa galánta darbh ainm Teach Faisin agusrinne siad amhlaidh.

● Bhí an siopadoir seo sásta a bheith páirteach sa seó freisin, ar ndóigh, agus bhí áthas arna cailíní é seo a chloisteáil.

Pictiúr a cúig● Ansin, feicimid na mainicíní ag siúl amach ar an ardán taispeána. ● Bhí gúnaí agus bróga deasa galánta ar an mbeirt mhainicíní sa phictiúr seo, agus bhí a

gcuid éadaigh agus smideadh déanta go foirfe don ócáid. ● Ar ámharaí an tsaoil, bhí an halla lán go doras. ● Feicimid fógra ar an mballa freisin faoi chrannchur ag an sos. Dar leis an bhfógra, bhí

duaiseanna iontacha ar fáil agus bhí cúig Euro ar na ticéid. ● Níl aon dabht ach go raibh an ócáid seo eagraithe go han-mhaith ag coiste na scoile.

Pictiúr a sé● Nuair a bhí an seó faisin thart, tháinig an príomhoide amach ar an ardán taispeána

agus thug sí óráid. ● Ghabh sí buíochas le gach duine as an obair iontach a rinne siad, go háirithe lucht na

séú bliana. ● Bhí sí an-bhuíoch freisin as an tacaíocht a fuair siad ó thuismitheoirí agus ón bpobal

áitiúil. ● Dúirt sí go gcabhródh an t-airgead a bailíodh go mór le ríomhairí nua a cheannach

agus le feabhas a chur ar oideachas na ndaltaí sa scoil.

LESS STRESS MORE SUCCESS32

Ceisteanna1. Céard iad na mothúcháin is láidre sa séú pictiúr, dar leat?2. Déan cur síos ar an atmaisféar sa dara pictiúr?3. Cén sórt duine í an príomhoide, dar leat?

SRAITH PICTIÚR 2016 33

Sraith Pictiúr 14: Buntáistí móra na hIdirbhliana

Pictiúr a haon● Mí Mheán Fómhair a bhí ann agus bhí daltaí na hidirbhliana i Halla na Scoile ag

éisteacht le caint ón múinteoir faoin mbliain a bhí rompu. ● Mhínigh sí dóibh na scileanna a bheadh le foghlaim acu agus bhí na daltaí ag éisteacht

go géar léi. ● Dúirt sí leo go gcabhraíonn an idirbhliain le gach dalta scileanna cosúil le

comhoibriú, ceannaireacht, féinfhoghlaim, féinmheas, neamhspleáchas agus obairghrúpa a fhorbairt.

LESS STRESS MORE SUCCESS34

Pictiúr a dó● I bpictiúr a dó, feicimid go ndeachaigh lucht na hidirbhliana ar dheireadh seachtaine

eachtraíochta. ● Bhain siad an-taitneamh as an deireadh seachtaine gan dabht agus d’fhoghlaim siad a

lán scileanna ó na heachtraí éagsúla ar ghlac siad páirt iontu. ● Bhí siad ag rámhaíocht, ag sléibhteoireacht, ag curachóireacht agus ag boghdóireacht. ● Bhí sé go hiontach ar fad.

Pictiúr a trí ● Níos déanaí sa bhliain, rinne na daltaí an ceoldráma Grease. ● Feicimid ceathrar acu ar an stáitse ag damhsa agus feisteas iontach orthu. ● Cinnte, rinne siad a lán ullmhúcháin roimh ré agus bhain siad go léir an-sult as.

Pictiúr a ceathair ● Chomh maith leis sin, bhí ceachtanna tiomána ag na daltaí agus tháinig fear isteach sa

scoil chun labhairt leo faoi shábháilteacht ar na bóithre. ● Thaispeán sé íomhánna dóibh ar an scáileán de thimpistí a tharla ar na bóithre ar fud

na tíre. ● Léirigh sé dóibh go bhfuil sé den bhfíorthábhacht a bheith cúramach ar na bóithre i

gcónaí. ● Cé go raibh sé deacair féachaint ar na pictiúir, níl aon dabht ach go raibh an chaint

seo an-tábhachtach agus gur fhoghlaim na daltaí mórán as.

Pictiúr a cúig● Ansin, bhí turas acu go dtí Baile Átha Cliath agus thug an rang cuairt ar Dháil

Éireann. ● Bhí an t-ádh leo bualadh leis an Taoiseach nuair a chuaigh siad isteach agus bhí seans

acu labhairt leis ar feadh tamaill. ● Dar leis gur fiú i gcónaí éisteacht le tuairimí na ndaoine óga, mar gurb iad sin

todhchaí na tíre. ● Sular imigh siad ansin, bhí cead acu féachaint anuas ar an Dáil agus í faoi lán seoil! ● Bhí an turas seo go Teach Laighean an-suimiúil ar ndóigh.

Pictiúr a sé ● I bpictiúr a sé, feicimid go ndeachaigh an rang ar thuras scoile go dtí Barcelona. ● Chuaigh siad ar fud na cathrach agus thug siad cuairt ar na radharcanna cáiliúla ansin. ● Feicimid iad i Staid Nou Camp sa phictiúr seo, áit a mbíonn cluichí móra

idirnáisiúnta ar siúl.

SRAITH PICTIÚR 2016 35

● Nuair a tháinig siad abhaile ó Bharcelona, bhí an bhliain beagnach thart agus bhí arna daltaí aisfhothú a thabhairt ar an mbliain ar fad.

● Bhí gach duine an-dearfach faoin idirbhliain gan amhras. ● Dar leo, bhí sé fiúntach, tairbheach agus spreagúil dóibh.

Ceisteanna1. Céard iad na mothúcháin is láidre i bpictiúr a trí?2. Déan cur síos ar an atmaisféar i bpictiúr a ceathair.3. Cén sórt duine í an múinteoir i bpictiúr a haon, dar leat?

LESS STRESS MORE SUCCESS36

Sraith Pictiúr 15: Cóisir gan chead

Pictiúr a haon● An Aoine a bhí ann agus bhí sé leathuair tar éis a ceathair. ● Bhí Mam agus Daid ag imeacht don deireadh seachtaine agus bhí siad ag geata an tí ag

fágáil slán lena mac Liam agus a n-iníon Áine. ● Fad ’s a bhí Daid ag cur an bhagáiste isteach i gcúl an chairr, lean sé ar aghaidh ag caint

leo. ● Dúirt sé leo a bheith cúramach sa teach, a gcuid obair bhaile a dhéanamh, an teach a

choimeád glan agus go mbeidís ar ais ar an Domhnach timpeall leathuair tar éis a trí.Feicimid go raibh leabhar mata i lámh Liam, is dócha chun a chur ina luí ar adtuismitheoirí go raibh sé i gceist aige obair go dian i rith na deireadh seachtaine.

SRAITH PICTIÚR 2016 37

Pictiúr a dó● A mhalairt de scéal a bhí ar intinn ag na déagóirí áfach, mar a fheicimid i bpictiúr a

dó. Mar a deir an seanfhocal, ‘Nuair a bhíonn an cat amuigh, bíonn an luch ag rince!’ ● Sula raibh na tuismitheoirí cúig nóiméad imithe, chaith Liam a chuid leabhar ar

leataobh agus fuair sé a fhón póca. ● Chuir sé fios ar a chairde chun a chur in iúl dóibh go raibh a thuismitheoirí as baile.

Dúirt sé leo go mbeadh cóisir acu sa teach an oíche sin, ag tosú ar a hocht a chlog. ● Chuir Áine glao ar a cairde chomh maith agus d’inis sí an scéal céanna dóibh. Thug sí

cuireadh dóibh teacht chuig an gcóisir, ag rá leo go mbeadh ceol, bia, spórt agusspraoi acu.

Pictiúr a trí● Bhí an slua go léir bailithe le chéile don chóisir ar a naoi a chlog. Bhí an chóisir faoi

lánseol faoin am seo.● Bhí an t-atmaisféar go hiontach agus bhí ardghiúmar ar gach duine. ● Bhí neart bia agus dí ar fáil dóibh agus bhí siad ag baint an-taitnimh as an oíche. ● Bhí dea-ghiúmar ar na tuismitheoirí chomh maith. Bhí siadsan ag fanacht in Óstán an

Átha agus agus bhí siad ar a suaimhneas. ● Bhí béile rómánsúil acu sa bhialann le gloine fíona agus coinneal ar lasadh ar an

mbord.● Feicimid freastalaí ag teacht chucu le tráidire bia sa phictiúr seo.

Pictiúr a ceathair● Dé Sathairn, lá i ndiaidh na cóisire, dhúisigh na déagóirí ar a haon a chlog ach

feicimid go raibh siad fós ag caitheamh a gcuid éadaigh oíche. ● Bhí an seomra suí ina phraiseach cheart. ● Bhí cannaí agus gloiní folmha, chomh maith le boscaí píotsa agus bruscar eile caite ar

fud na háite – ar an urlár, ar an mbord agus ar an tolg. ● Theastaigh ó Áine an glanadh a dhéanamh díreach ansin ach bhí tinneas cinn ag Liam

agus dúirt sé go m’fhearr leis é a dhéanamh ní ba dhéanaí, ag a sé b’fhéidir. Ba mhianleis dul ar ais a luí ag an bpointe seo ar aon nós.

Pictiúr a cúig● Bhí fadhb in Óstán an Átha faraor agus, ar a trí a chlog san iarnóin, labhair bainisteoir

an óstáin leis na haíonna ag an deasc fáilte. ● Mhínigh sé dóibh go raibh fadhb leis an uisce agus leis an leictreachas. Gearradh an

leictreachas agus mar sin ní raibh aon uisce te san óstán. ● Thug sé trí rogha dóibh, ’sé sin dul go dtí óstán eile, a gcuid airgid a fháil ar ais nó dhá

oíche a fháil saor in aisce san óstán uair éigin eile. ● Dúirt tuismitheoirí Liam agus Áine go mbeidís sásta teacht ar ais am éigin eile ach go

rachaidís abhaile an lá sin. Ar aghaidh leo mar sin lena gcuid málaí taistil!

LESS STRESS MORE SUCCESS38

Pictiúr a sé● Tháinig siad isteach ina dteach féin ar a cúig a chlog an tráthnóna sin agus cuireadh

déistin orthu nuair a chonaic siad an radharc a bhí os a gcomhair amach. Níor chreidsiad a súile.

● Ní mó ná sásta a bhí ceachtar acu gan dabht agus dúirt siad lena bpáistí an scéal ainsint dóibh láithreach.

● Rinne na déagóirí iarracht an scéal a mhíniú dóibh ach ba léir go raibh faitíos agusnáire orthu.

● Ní fios dúinn céard a tharla ina dhiaidh sin ach d’fhéadfaimis a rá le cinnteacht goraibh Liam agus Áine i dtrioblóid!

Ceisteanna1. Cad é an mothúchán is láidre i bpictiúr a sé?2. Déan cur síos ar an atmaisféar i bpictiúr a trí.3. Cén sórt duine é Liam?

SRAITH PICTIÚR 2016 39

Sraith Pictiúr 16: Tine sa teach

Pictiúr a haon ● Mí na Nollag a bhí ann agus bhí Áine ag dul abhaile ón dioscó.● Bhí sé ag cur sneachta amuigh agus mar sin bhí sé an-fhuar.● Nuair a shroich sí a teach, shuigh sí síos in aice na tine, mar bhí sí préachta leis an

bhfuacht. ● Bhí sé a haon a chlog ar maidin. Is léir go raibh áthas uirthi an tine a fheiceáil, mar bhí

sí te teolaí anois.

LESS STRESS MORE SUCCESS40

Pictiúr a dó● Sa dara pictiúr, feicimid go raibh tuirse agus ocras ar Áine. ● Tá a fhios againn go raibh tuirse uirthi mar rinne sí méanfach.● Sula ndeachaigh sí a chodladh, áfach, chuaigh sí isteach sa chistin agus shocraigh sí

sceallóga a chur ar an bhfriochtán.● Ansin, nuair a bhí an friochtán ar siúl aici, is cosúil gur fhág sí an chistin.

Pictiúr a trí● Ansin, toisc go raibh Áine tuirseach traochta, chuaigh sí go dtí a seomra codlata agus

luigh sí ar a leaba. ● Bhí sí ag fanacht leis na sceallóga a bhí ag cócaireacht sa chistin.● Gan mhoill, áfach, thit sí ina codladh agus istigh sa chistin bhí praiseach mhór le

feiceáil! ● D’éirigh an friochtán ró-the agus chuaigh sé trí thine. Bhí sé scanrúil, mar bhí na

lasracha ag dul in airde.

Pictiúr a ceathair● Lena linn sin, bhí Mam agus Daid ina gcodladh ina seomra féin. Dhúisigh siad go

tobann nuair a thug siad faoi deara deatach ag teacht isteach ina seomra. ● Léim an bheirt acu ón leaba ar nós na gaoithe agus chuir Daid fios ar an mbriogáid

dóiteáin. ● Mhínigh sé dóibh go raibh cabhair phráinneach ag teastáil uathu, mar go raibh tine sa

teach. ● Faoin am seo, bhí Áine ina luí ar a leaba gan aithne gan urlabhra agus rinne Mam

bhocht a seacht ndícheall a beatha a shábháil.

Pictiúr a cúig● Nuair a shroich na fir dóiteáin an teach, chuir siad uisce ar an tine agus mhúch siad í

tar éis tamaill. ● Ansin, tháinig an t-otharcharr agus cuireadh Áine ar shínteán.● Bhí na paraimhíochaineoirí an-chabhrach agus cneasta léi agus dúirt siad léi go

mbeadh sí ceart go leor. ● Thug siad ocsaigin di agus tógadh í go dtí an t-ospidéal láithreach.

Pictiúr a sé● An mhaidin dar gcionn, nuair a bhí sé geal, chonaic an chlann an damáiste a bhí

déanta don teach. ● Bhí na fuinneoga briste agus bhí gach rud a bhí sa teach dóite. Bhí sé go huafásach. ● Bhí an t-ádh dearg ar Áine, áfach, go raibh sí fós beo. Feicimid í san ospidéal sa

phictiúr deireanach.

SRAITH PICTIÚR 2016 41

● Bhí banaltra in aice leis an leaba ag caint léi. Dúirt sí léi gach rud a thógáil go bog agusgo mbeadh sí ábalta dul abhaile tar éis cúpla lá.

Ceisteanna1. Céard iad na mothúcháin is láidre i bpictiúr a ceathair?2. Déan cur síos ar an atmaisféar i bpictiúr a cúig.3. Cén sórt duine í Áine, dar leat?

LESS STRESS MORE SUCCESS42

Sraith Pictiúr 17: Samhradh iontach

Pictiúr a haon● Bhí sé ceathrú tar éis a trí sa tráthnóna agus bhí Áine agus Aoife ag spaisteoireacht sa

bhaile mór. ● Bhí laethanta saoire an tsamhraidh acu agus bhuail siad lena chéile taobh amuigh den

séipéal. ● Bhí an aimsir go breá an lá sin agus bhí an ghrian ag taitneamh. ● Dúirt Áine go mbeadh samhradh den scoth acu agus d’aontaigh Aoife léi, ag rá go

raibh a lán le plé acu. ● Ansin, shocraigh siad go rachaidís ag lorg poist.

SRAITH PICTIÚR 2016 43

Pictiúr a dó● I dtús báire, chuaigh siad go dtí óstán áitiúil sa bhaile mór agus bhí agallamh acu le

bainisteoir an óstáin ina oifig. ● Mar is léir ón bpictiúr, fuair an bheirt acu post agus, gan mhoill, thosaigh siad ag

obair. ● Bhí siad ag cóiriú na leapa, ag glanadh agus ag folúsghlanadh sa phictiúr. ● Bhí siad an-bhuíoch as an obair agus cheap Áine go raibh an t-ádh dearg leo go raibh

post acu.

Pictiúr a trí● Ansin, a bhuí leis an airgead a fuair siad ón obair, chuaigh na cailíní ar saoire go dtí an

Iodáil. ● Chuaigh siad ag siopadóireacht agus ag féachaint ar na radharcanna. ● Tá a fhios agam go raibh siad sa Róimh mar feicimid an Colasaem sa chúlra. ● Cheap Aoife go raibh an chathair sin gleoite agus an-suimiúil. Bhí siad ar a sáimhín

só!

Pictiúr a ceathair● Cúpla seachtain ina dhiaidh sin, nuair a tháinig na cailíní abhaile, bhí siad ag imirt

peile leis an bhfoireann peile áitiúil agus bhuaigh siad an chraobh. ● Bhí sceitimíní áthais orthu nuair a leag siad a lámha ar an gcorn. ● Níos déanaí ansin, chuaigh siad go dtí an phictiúrlann agus bhain siad taitneamh as

scannán maith. ● D’ith siad poparbhar agus d’ól siad cóc. Bhí an-saol acu!

Pictiúr a cúig● Ní dhearna na cailíní dearmad ar dhaoine bochta sa tír, áfach, agus mar a fheicimid ón

bpictiúr seo, thosaigh siad ag obair le Cumann Naomh Uinseann de Pól. ● Bhí siad ag tabhairt bia do dhaoine bochta ar na sráideanna. ● Ghabh seanbhean bhocht amháin buíochas leo as an gcabhair a thug siad di. ● Ba chailíní carthannacha iad gan dabht.

Pictiúr a sé● Sa phictiúr deireanach, bhí na cailíní ag caint faoin samhradh iontach a bhí acu. ● Deireadh an tsamhraidh a bhí ann anois agus bhí siad an-sásta leo féin. ● Dúirt Áine gurbh é an samhradh ab fhearr a bhí aici riamh agus d’fhreagair Aoife go

raibh sí ag súil go mór leis an mbliain dar gcionn cheana féin. ● Samhradh iontach a bhí acu gan aon agó!

LESS STRESS MORE SUCCESS44

Ceisteanna1. Céard iad na mothúcháin is láidre i bpictiúr a sé?2. Déan cur síos ar an atmaisféar i bpictiúr a ceathair.3. Cén sórt duine é bainisteoir an óstáin, dar leat?

SRAITH PICTIÚR 2016 45

Sraith Pictiúr 18: Filleann an fón

Pictiúr a haon● Oíche Dé hAoine a bhí ann agus chuaigh grúpa cairde chuig bialann dheas i lár na

cathrach le chéile. ● Bhí ceathrar acu ann agus bhí dea-aoibh orthu go léir ag dul isteach an doras dóibh. ● Pasta Blasta ab ainm don bhialann agus bialann Iodálach a bhí inti. ● Bhí freastalaí ag an deasc fáilte nuair a tháinig siad isteach agus threoraigh sé iad chuig

a mbord.

LESS STRESS MORE SUCCESS46

Pictiúr a dó● Fuair siad bord deas in aice na fuinneoige agus tugadh an biachlár dóibh. Bhí siad ar a

sáimhín só agus iad ag léamh an bhiachláir. ● Tugaimid faoi deara ón gcomhartha taobh thiar díbh go raibh sladmhargadh ar siúl

don deireadh seachtaine agus go raibh tairiscint speisialta ar Phasta na Róimhe. ● Feicimid léarscáil na hIodáile agus íomhá de chathair na Róimhe ar an mballa freisin.● Fad ’s a bhí gach duine eile sáite sa bhiachlár, chonaic Liam go raibh fón póca ar an

urlár taobh leis. ● Is dócha gur thit sé amach ó phóca duine éigin a bhí ann rompu.

Pictiúr a trí● Ar aghaidh leis díreach chuig an bhfreastalaí agus dúirt sé leis gur aimsigh sé fón ar an

urlár agus gur cheap sé gur chaill duine éigin eile é. ● Thug sé an fón don fhreastalaí agus ghabh an freastalaí buíochas mór leis as a bheith

chomh macánta sin.

Pictiúr a ceathair● Dúirt Aoife go raibh sí féin sa bhialann seo cheana féin agus mar sin bhí a fhios aici go

raibh an píotsa go hálainn. ● D’ordaigh siad píotsa, pasta agus deochanna, agus d’aontaigh siad go léir go raibh an

bia go hiontach. ● Bia blasta a bhí ann gan amhras agus, anuas air sin, ní raibh sé ró-dhaor. ● Ar an taobh eile den phictiúr seo, feicimid gur tháinig fear eile isteach sa bhialann

agus é ag lorg a fhón póca. ● Caithfidh gurbh é an duine céanna é a chaill a fhón ní ba thuisce. ● Tugaimid faoi deara go raibh culaith ghalánta á gcaitheamh aige agus go raibh cuma

imníoch ar a aghaidh.

Pictiúr a cúig● Nuair a thug an freastalaí an fón póca ar ais dó, chuaigh an fear díreach chuig na

cairde ag an mbord. ● Mhínigh sé dóibh go raibh sé féin ag obair sa bhialann agus gur thit an fón amach óna

phóca nuair a bhí sé ag obair. ● Bhí sé an-bhuartha a dúirt sé, mar bhí an fón ag teastáil go géar uaidh. ● Ghabh sé buíochas mór leo agus is léir dúinn ón bpictiúr go raibh faoiseamh mór air.

Pictiúr a sé● Ar a bhealach amach ón mbialann, d’ordaigh an fear ceithre mhilseog do na daoine

óga chun a chuid buíochais a léiriú dóibh. ● D’íoc sé féin as na milseoga agus nuair a cuireadh an t-uachtar reoite os comhair na

ndéagóirí, bhí gliondar croí orthu. Bhí meangadh mór orthu go léir. ● Léiríonn an scéal sna pictiúir seo dúinn go léir gur fiú a bheith macánta agus cuidiú le

daoine eile i gcónaí. Mar a deir an seanfhocal, ‘Ar scáth a chéile a mhairimid!’

SRAITH PICTIÚR 2016 47

Ceisteanna1. Cad é an mothúchán is láidre i bpictiúr a cúig?2. Déan cur síos ar an atmaisféar i bpictiúr a dó.3. Cén sórt duine é Liam?

LESS STRESS MORE SUCCESS48

Sraith Pictiúr 19: Cuairt an Uachtaráin

Pictiúr a haon● Mí Eanáir a bhí ann agus feicimid Comhairle na nDaltaí i gcruinniú sa seomra

ealaíne. ● Ba chruinniú seachtainiúil é seo agus bhí sé ar siúl gach Máirt ag ceathrú tar éis a

haon. ● Ag an gcruinniú seo, bhí na daltaí ag caint faoi na fadhbanna sa scoil agus faoi na

pleananna agus tuairimí a bhí acu don todhchaí. ● Ansin, tar éis an chruinniú, chuaigh Áine, cathaoirleach Chomhairle na nDaltaí, go

dtí oifig an phríomhoide.

SRAITH PICTIÚR 2016 49

● D’iarr sí ar an bpríomhoide an mbeadh cead acu cuireadh a thabhairt don Uachtaránteacht go dtí an scoil. Bhí an príomhoide an-sásta leis an tuairim sin.

Pictiúr a dó● Cúpla seachtain ina dhiaidh sin, fuair siad litir ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigín

agus léigh siad a fhreagra. ● Dúirt an tUachtarán go mbeadh sé sásta glacadh leis an gcuireadh. ● Bhí Comhairle na nDaltaí, na daltaí eile agus na múinteoirí ar bís nuair a chuala siad é

seo agus bhí siad go léir ag tnúth go mór leis an gcuairt.

Pictiúr a trí● Sa tríú pictiúr, an seachtú lá déag de mhí Eanáir, dhá mhíle ’s a ceathair déag a bhí ann

agus feicimid na tuismitheoirí, na daltaí agus na múinteoirí ag obair le chéile chun anhalla a ullmhú.

● Bhí duine amháin ag scuabadh an urláir, bhí bean eile ag tabhairt amach ceapairí agusbhí daltaí eile ag cur amach cathaoireacha.

● Ar an stáitse, bhí daltaí eile ag ullmhú do na hóráidí a bheadh ar siúl. ● Bhí gach duine an-ghnóthach gan dabht.

Pictiúr a ceathair● Níos deanaí an lá sin, shroich an tUachtarán an scoil in éineacht lena thiománaí. ● Lá uafásach a bhí ann. Bhí sé ag stealladh báistí agus bhí sé an-fhuar. ● Chuaigh an príomhoide agus na daltaí amach le scáthanna báistí chun fáilte a chur

rompu. ● Chroith siad lámh lena chéile agus isteach leo sa scoil.

Pictiúr a cúig● Istigh sa halla, thug Áine, cathaoirleach Chomhairle na nDaltaí, óráid.● Bhí sí an-neirbhíseach, ach thaitin an méid a bhí le rá aici go mór leis an Uachtarán. ● Ghabh sé buíochas mór léi nuair a bhí sí críochnaithe agus ansin thosaigh sé féin ag

caint. ● Dúirt sé go raibh sé an-sásta an cuireadh a fháil agus ansin labhair sé faoina phost mar

Uachtarán na hÉireann. Bhí sé an-suimiúil.

Pictiúr a sé● Nuair a chríochnaigh sé ag caint, shuigh an tUachtarán síos os comhair an ardáin agus

d’fhéach sé ar thaispeántas na ndaltaí.● Bhí siad ag seinm ceoil agus ag damhsa agus bhain an tUachtarán an-taitneamh as.

LESS STRESS MORE SUCCESS50

● Cheap an lucht féachana freisin go raibh siad ar fheabhas agus dúirt siad gur ócáidden scoth a bhí ann.

● Lá stairiúil a bhí ann, dar le gach duine.

Ceisteanna1. Céard iad na mothúcháin is láidre i bpictiúr a cúig?2. Déan cur síos ar an atmaisféar i bpictiúr a sé.3. Cén sórt duine é an tUachtarán, dar leat?

SRAITH PICTIÚR 2016 51

Sraith Pictiúr 20: Gadaíocht ar an traein

Pictiúr a haon● Bhí Aoife agus Áine ag dul go dtí Gaillimh ar an traein. ● D’fhág a dtuismitheoirí slán leo ag an stáisiún traenach agus dúirt siad leo a bheith

cúramach. Ghuigh siad ádh mór orthu. ● Ní raibh aon duine eile le feiceáil ar an ardán, ach feicimid go raibh traein eile ag dul

go dtí Corcaigh. ● Dúirt na cailíní go mbeidís ar ais Dé Luain.

Pictiúr a dó● Ansin, fuair na cailíní a gcuid suíocháin agus shuigh siad síos in aice le fear. ● Ní raibh aithne acu ar an bhfear. Bhí sé ag caitheamh spéaclaí gréine, geansaí le stríoca

air agus bhí croiméal aige.● Thóg Aoife amach a leabhar agus thosaigh sí ag léamh.

LESS STRESS MORE SUCCESS52

● Ansin, thóg Áine amach a ríomhaire glúine agus bhí sí ag obair air. ● Bhí mála taistil agus sparán ar an mbord freisin.

Pictiúr a trí● Níos déanaí ar an turas, tháinig tuirse ar na cailíní agus thit siad ina gcodladh. ● Caithfidh go raibh áthas ar an bhfear, mar bhí sé ag faire orthu le tamall anuas. ● Go discréideach, chuir sé a lámh trasna agus ghoid sé an sparán a bhí ar an mbord. ● Níor thug na cailíní faoi deara é in aon chor, ar ndóigh, agus d’éirigh an gadaí agus

d’imigh sé gan mhoill.

Pictiúr a ceathair● Nuair a dhúisigh na cailíní tar éis sin, baineadh geit mhór astu. ● Ní raibh an sparán le feiceáil in aon áit. Níor thuig siad cad a tharla. ● Cheap Aoife go mb’fhéidir gur thit sé agus dúirt sí le hÁine féachaint timpeall dó. ● Bhí cuma an-bhuartha ar an mbeirt chailíní. Ní raibh siad ag súil leis seo ar chor ar

bith.

Pictiúr a cúig● Chuaigh na cailíní díreach ansin go dtí an cigire traenach agus d’inis siad an scéal dó. ● Ag an bpointe seo, bhí a fhios acu gur ghoid an fear an sparán mar ní raibh sé le

feiceáil in aon áit. ● D’iarr an cigire orthu cur síos a dhéanamh ar an bhfear agus ar an sparán, agus rinne

na cailíní amhlaidh. ● Gan aon mhoill, chuir sé fios ar na Gardaí agus dúirt sé leo a bheith ag an gcéad

stáisiún eile ag fanacht leo. ● Rinne sé cur síos ar an bhfear a bhí á lorg acu.

Pictiúr a sé● Faoi dheireadh, nuair a shroich an traein stáisiún na Gaillimhe, bhí na Gardaí ag

fanacht taobh amuigh den traein. ● Nuair a chonaic siad an gadaí ag teacht anuas den traein, ghabh siad é agus thóg siad

leo é. Baineadh geit as an ngadaí na Gardaí a fheiceáil. ● Tháinig duine de na Gardaí ar ais go dtí na cailíní leis an sparán. Chonaic siad go

raibh a gcuid airgid fós ann agus bhí faoiseamh mór orthu. ● Ghabh siad buíochas mór leis an nGarda. Bhí an t-ádh dearg orthu cinnte!

Ceisteanna1. Céard iad na mothúcháin is láidre sa cheathrú pictiúr, dar leat?2. Déan cur síos ar an atmaisféar sa dara pictiúr?3. Cén sórt duine é an gadaí, dar leat?

SRAITH PICTIÚR 2016 53