lámhleabhar na gcomhaltaí foirne - nui galway · staff handbook2015c_layout 1 22/06/2015 09:10...

24
Staff Handbook2015c_Layout 1 22/06/2015 09:10 Page 1 Lámhleabhar na gComhaltaí Foirne forbairt forás foghlaim

Upload: others

Post on 27-May-2020

1 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Page 1: Lámhleabhar na gComhaltaí Foirne - NUI Galway · Staff Handbook2015c_Layout 1 22/06/2015 09:10 Page 2 . Cuireann Aonad Forbartha na hEagraíochta agus na gComhaltaí Foirne an lámhleabhar

Staff Handbook2015c_Layout 1 22/06/2015 09:10 Page 1

Lámhleabhar na gComhaltaí Foirne forbairt forás foghlaim

Page 2: Lámhleabhar na gComhaltaí Foirne - NUI Galway · Staff Handbook2015c_Layout 1 22/06/2015 09:10 Page 2 . Cuireann Aonad Forbartha na hEagraíochta agus na gComhaltaí Foirne an lámhleabhar

Staff Handbook2015c_Layout 1 22/06/2015 09:10 Page 2

Cuireann Aonad Forbartha na hEagraíochta agus na gComhaltaí Foirne an lámhleabhar seo le chéile. Sonraí Teagmhála: T: 091 492 812 / 495 800/ 493 649 R: [email protected] G: www.nuigalway.ie/staffdevelopment

Page 3: Lámhleabhar na gComhaltaí Foirne - NUI Galway · Staff Handbook2015c_Layout 1 22/06/2015 09:10 Page 2 . Cuireann Aonad Forbartha na hEagraíochta agus na gComhaltaí Foirne an lámhleabhar

Staff Handbook2015c_Layout 1 22/06/2015 09:10 Page 1

Clár na n-ábhar

RÉAMHRÁ …………………………………….2

EOLAS FAOIN OLLSCOIL ................................ 3 An Bunreacht ................................................................................ 3 Struchtúr na hOllscoile ................................................................ 3 Foireann Bainistíochta na hOllscoile………………………..4 Struchtúr Acadúil na hOllscoile .................................................. 4 Airgeadas ....................................................................................... 4

LÉARGAS AR PHOLASAITHE .......................... 6 An Ghaeilge - Ár Ról Speisialta .................................................. 6 Polasaí Comhionannais Deiseanna…………………………7 Polasaí maidir le Ciapadh agus Gnéaschiapadh……………..7 Polasaí Sláinte agus Sábháilteachta………………………….7 Polasaí Frithbhulaíochta……………………………………7 Nósanna Imeachta Araíonachta…………………………….7

AG CUR TÚS LE DO CHUID FOSTAÍOCHTA.7 Scéim Ríomhairí na Foirne Acadúla………………………...7 Cuntas Campais……………………….....................................7 Ceadúnais Fostaíochta, Víosa, Inimirce…………………….7 Caidreamh le Fostaithe………………………........................7 Acmhainní Daonna………………………...............................8 Comhordaitheoir Ionduchtúcháin………………………......8 Ionduchtú do Chomhaltaí Foirne Nua……………………...8 P45 ................................................................................................. 8 Íocaíocht Tuarastail………………………...............................8 Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PPS) …………………8 Uimhir Foirne……………………….......................................9 Tástáil Leighis Réamhfhostaíochta………………………....9 Costais Athlonnaithe (Costais Aistrithe) …………………...9 Scálaí Tuarastail……………………….....................................9 Cárta Aitheantais Foirne………………………......................9

EOLAS GINEARÁLTA AGUS TÚ AG TEACHT CHUN CÓNAÍ IN ÉIRINN…………………………..11

Bainc & Airgeadra ..................................................................... 11 Bainc agus Airgeadra ................................................................ 11 An Córas Oideachais in Éirinn ................................................. 11 Árachas Sláinte in Éirinn ........................................................... 12 Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasta (ÁSPC) ……………...12 Clárú do Cháin……………………….....................................12 Cáin a Ríomh .............................................................................. 12 An Muirear Sóisialta Uilíoch (USC) ......................................... 12

SOCHAIR FOSTAITHE ................................... 13 Áiseanna Cúraim Leanaí ar an gCampas ................................. 13 Scéim Rothaíochta chun na hOibre ......................................... 13 An Clár Cúnaimh d’Fhostaithe (EAP)..................................... 13 An Ciste Deontais i leith Foilseachán ...................................... 13 Athbhreithniú ar Árachas Sláinte ............................................. 13 Scéim Iasachta Tithíochta………………………..................13 An Scéim do Leanúnachas Ioncaim ......................................... 13 Pinsean......................................................................................... 13 Scéim Lascaine na gComhaltaí Foirne ..................................... 13 Taisteal agus Cothabháil……………………….....................13 Scéim Pas Taistil………………………..................................13

FORBAIRT FOSTAITHE ................................ 14 Forbairt na hEagraíochta & na gComhaltaí Foirne………..14 An tIonad Sárchaighdeáin Foghlama & Teagaisc (CELT) .... 14 Scéim Polasaí Breisoideachais (FEP)……………………....15 Scéimeanna chun cabhrú le Léachtóirí (faoi bhun agus os cionn an Bhaic) atá ag tabhairt faoi agus ag críochnú chlár PhD………………………......................................................15

ÁISEANNA & SEIRBHÍSÍ AR AN GCAMPAS………….16 Eolas faoi Lóistín ................................................. 16 An Dánlann……………………….......................................................16 Seirbhísí Closamhairc……………………….......................................16 Blackboard ......................................................... 17 Oifig na bhFoirgneamh .......................................... 17 An Siopa Leabhar ................................................. 17 Áiseanna Lónadóireachta an Champais ....................... 17 Áiseanna Comhdhála……………………….......................................17 An Oifig Sláinte agus Sábháilteachta……………………….............17 Leabharlann Shéamais Uí Argadáin………………………...............18 Deasc Freastail na Leabharlainne agus IT……………………….....18 An tIonad Seirbhísí Poist ........................................ 18 Bainistíocht Soghluaisteachta & Páirceáil ..................... 18 An Chógaslann……………………….................................................19 Seirbhísí Priontála ................................................. 19 Seirbhísí Slándála ar an gCampas .............................. 19 Áiseanna Spóirt agus Áineasa ar an gCampas ................. 19 Club na gComhaltaí Foirne………………………............................19 Club Sóisialta na gComhaltaí Foirne……………………….............19 Siopa Chomhaltas na Mac Léinn………………………..................19 An Malartán……………………….....................................................19 An tSeirbhís Aistriúcháin ................................... 19

Page 4: Lámhleabhar na gComhaltaí Foirne - NUI Galway · Staff Handbook2015c_Layout 1 22/06/2015 09:10 Page 2 . Cuireann Aonad Forbartha na hEagraíochta agus na gComhaltaí Foirne an lámhleabhar

foláirimh, féilire idirghníomhach agus dialann imeachtaí Ollscoile, ábhar poiblí cosúil le heolas sóisialta agus pearsanta (aon cheapachán nua, scor, breith, pósadh nó bás). Is féidir le comhaltaí foirne ábhair éagsúla a bhaineann leis an Ollscoil a phlé tríd an gclár plé.

• Tá láithreán gréasáin ceisteanna coitianta na gcomhaltaí foirne, www.nuigalway.ie/faqs/ ar fáil ar leathanach na foirne ar láithreán gréasáin na hOllscoile, tá áis ann le haiseolas a thabhairt, chun feabhsúcháin agus ceisteanna nua a mholadh.

• Tá an leathanach gréasáin a bhaineann le hIonduchtú na Foirne ar fáil ar www.nuigalway.ie/induction/ agus ansin tiocfaidh tú ar fhíseáin ó bhaill UMT, treoirlínte do Chinn agus do Chomhordaitheoirí Ionduchtaithe agus eolas cuí eile do chomhaltaí foirne nua.

Staff Handbook2015c_Layout 1 22/06/2015 09:10 Page 2

Réamhrá Sa lámhleabhar seo gheobhaidh tú freagraí ar na ceisteanna is coitianta a bhíonn ag fostaithe nua de chuid OÉ Gaillimh. Fuarthas an t-eolas ó fhoinsí éagsúla inmheánacha i.e. láithreáin ghréasáin na gcoláistí nó na scoileanna agus ó fhoinsí seachtracha, i.e. láithreáin ghréasáin de chuid an rialtais.

Is treoir atá ann agus ní hionann é agus polasaí oifigiúil na hOllscoile. B’fhéidir go mbeadh ort úsáid a bhaint as cáipéisí, as láithreáin ghréasáin agus as foilseacháin eile chun eolas atá cothrom le dáta a fháil.

I measc foinsí eile eolais tá:

(2)

Leathanach baile fhoireann na hOllscoile:

, áit a bhfuil próifíl na hOllscoile, eolas faoi Údarás na hOllscoile, an Chomhairle Acadúil mar aon le mapaí den champas agus stair na hOllscoile. Déantar Eolaire Campais OÉ Gaillimh a thabhairt cothrom le dáta gach mí agus tá sé ar fáil le híoslódáil ó leathanach baile foirne OÉ Gaillimh,

Tá eolas ar fáil freisin ón Oifig Preasa agus Faisnéise atá in Áirse na Cearnóige nó ar láithreán gréasáin na hoifige ar www.nuigalway.ie/press/ Cuireann an tInlíon Foirne, atá ar fáil ar leathanach baile chomhaltaí foirne OÉ Gaillimh, eolas inmheánach cothrom le dáta ar fáil. I measc na ngnéithe is mó a bheas ar an inlíon tá nuacht an champais, an inlíon tá nuacht an champais,

Page 5: Lámhleabhar na gComhaltaí Foirne - NUI Galway · Staff Handbook2015c_Layout 1 22/06/2015 09:10 Page 2 . Cuireann Aonad Forbartha na hEagraíochta agus na gComhaltaí Foirne an lámhleabhar

Staff Handbook2015c_Layout 1 22/06/2015 09:10 Page 3

Eolas faoin Ollscoil Bunaíodh sa bhliain 1845 mar Choláiste na Banríona, Gaillimh í agus sa lá atá inniu ann tá OÉ Gaillimh ar cheann de na hionaid acadúla is fearr dá bhfuil in Éirinn. Sa mhír seo tabharfar eolas faoi bhunreacht, údaráis, struchtúir agus airgeadas na hOllscoile.

An Bunreacht Bunaíodh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i 1845 faoin teideal Coláiste na Banríona, Gaillimh, le Cairt faoi Acht Choláistí na Banríona (Éire). Faoin Irish Universities Act, 1908, rinneadh Comh-Choláiste d’Ollscoil na hÉireann, a bunaíodh faoin Acht sin, aisti agus eisíodh an Chairt nua agus athraíodh an t-ainm go dtí Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Faoi Acht na nOllscoileanna, 1997, rinneadh athdhéanamh ar an gColáiste (chomh maith le Comh-Choláistí eile) mar chomh-Ollscoil d’Ollscoil na hÉireann, agus athraíodh an teideal go dtí Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Tagann seasamh dlíthiúil na hOllscoile ón Irish Universities Act, 1908; an Chairt a eisíodh faoin Acht sin, Achtanna Choláiste na hOllscoile, Gaillimh, 1929 agus 2006 agus Acht na nOllscoileanna, 1997. Déantar tuilleadh forbartha ar fhorálacha na n-ionstraimí seo i Reachtanna agus i Rialacháin, a rinneadh de réir na nAchtanna agus na Cairte sin. Is tríd an Údarás um Ard-Oideachas den chuid is mó a bhíonn baint ag an Ollscoil go ginearálta leis an Stát.

Struchtúr na hOllscoile Is iad na trí thaca atá faoi struchtúr eagraíochtúil OÉ Gaillimh Údarás na hOllscoile, an Chomhairle Acadúil agus Foireann Bainistíochta na hOllscoile.

Tá Údarás na hOllscoile freagrach as gnóthaí uile na hOllscoile a bhainistiú agus a rialú. Seo a leanas na comhaltaí don tréimhse trí bliana go dtí an 31 Eanáir 2016: Cathaoirleach Neamhspleách, an tUachtarán, an Meabhránaí agus Uachtarán Ionaid, cúigear Ollúna/Comhollúna, cúigear comhaltaí foirne acadúla eile, triúr fostaithe eile, beirt oifigeach thofa de chuid Chomhaltas na Mac Léinn, mac léinn iarchéime amháin, ceathrar céimithe, seachtar tofa ag údaráis áitiúla an cheantair, beirt ainmnithe de chuid Ollscoil na hÉireann, triúr ainmnithe tofa ó eagraíochtaí seachtracha, Uachtarán Choláiste San Aingeal, Sligeach, duine ionadaíoch ar leasa ealaíonta agus cultúrtha agus triúr ainmnithe de chuid an Aire Oideachais agus Eolaíochta.

Is í an Chomhairle Acadúil an príomhúdarás acadúil agus, faoi réir athbhreithnithe ó Údarás na hOllscoile, rialaíonn sí gnóthaí acadúla na hOllscoile, lena n-áirítear an curaclam, an teagasc agus an t-oideachas a chuireann an Ollscoil ar fáil. Is iad seo a leanas comhaltaí na Comhairle Acadúla: an tUachtarán, an Meabhránaí agus Uachtarán Ionaid, Déin na gColáistí, na hOllúna (Ollúna Pearsanta agus Comhollúna san áireamh), na Cinn Disciplín eile agus comhaltaí acadúla eile agus mic léinn, an Leabharlannaí, Stiúrthóir an Oideachais Aosaigh agus Leanúnaigh agus Stiúrthóir na Gaeilge Labhartha; faoi láthair tá timpeall 125 comhalta i gceist. Tá an tUachtarán i dteideal a bheith i gceannas ag gach cruinniú den Chomhairle.

(3)

Page 6: Lámhleabhar na gComhaltaí Foirne - NUI Galway · Staff Handbook2015c_Layout 1 22/06/2015 09:10 Page 2 . Cuireann Aonad Forbartha na hEagraíochta agus na gComhaltaí Foirne an lámhleabhar

Staff Handbook2015c_Layout 1 22/06/2015 09:10 Page 4

Foireann Bainistíochta na hOllscoile Seo a leanas comhaltaí Fhoireann Bainistíochta na hOllscoile: • An tUachtarán • An Meabhránaí agus Uachtarán Ionaid • Rúnaí na hOllscoile • An Sparánaí • An Leas-Uachtarán do Nuálaíocht agus

Feidhmíocht • An Leas-Uachtarán do Thionscadail Chaipitil • An Stiúrthóir Feidhmiúcháin Oibríochtaí

Tá Foireann Bainistíochta na hOllscoile faoi cheannas an Uachtaráin, agus tá sé/sí ina c(h)eann agus ina p(h)ríomhoifigeach ar an Ollscoil agus ceaptar é/í ar feadh thréimhse deich mbliana. Ag feidhmiú faoin Uachtarán, tá réimse sonrach freagrachta ar gach comhalta d’Fhoireann Bainistíochta na hOllscoile (UMT).

Struchtúr Acadúil na hOllscoile Seo a leanas struchtúr acadúil OÉ Gaillimh:

Coláistí • Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus

an Léinn Cheiltigh • Coláiste na hInnealtóireachta agus na

hIonformaitice • Coláiste an Leighis, an Altranais agus na

nEolaíochtaí Sláinte • Coláiste na hEolaíochta • Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an

Dlí

Déan an Choláiste Beidh Déan mar oifigeach feidhmiúcháin ag gach Coláiste, a bheidh freagrach don Mheabhránaí agus Uachtarán Ionaid as gnóthaí riaracháin an Choláiste, de réir pholasaí na hOllscoile agus i ndiaidh dul i mbun comhairle chuí leis na Cinn Scoile nó le Rannóga an Choláiste.

An Ceann Scoile nó Rannóige Beidh Ceann ar gach Scoil agus ar gach Rannóg, a cheapfar ar bhealach a leagfar amach sa Rialachán.

Beidh an Ceann Scoile nó Rannóige freagrach do Dhéan an Choláiste chuí as gnóthaí acadúla agus riaracháin na Scoile nó na Rannóige, de réir pholasaí na hOllscoile agus i ndiaidh dul i mbun comhairle chuí le comhaltaí na Scoile nó na Rannóige.

Comhlíonfaidh gach comhalta d’fhoireann acadúil na Scoile nó na Rannóige a gcuid dualgas teagaisc agus dualgais eile faoi stiúir an Chinn Scoile nó Rannóige. Comhlíonfaidh gach comhalta foirne teicniúil, riaracháin agus coimhdeach a cheaptar sa Scoil nó sa Rannóg a gcuid dualgas faoi stiúir an Chinn Scoile nó Rannóige.

Airgeadas Is í an Ollscoil a húdarás airgeadais féin. Déantar an láithreán gréasáin Airgeadais a thabhairt cothrom le dáta go rialta agus is féidir teacht ar ag: www.nuigalway.ie/bursar/

(4)

Coláiste na hEolaíochta • Scoil na Matamaitice, na

Staitisticí agus na Matamaitice Feidhmí

• Scoil na nEolaíochtaí Nádúrtha • Roinn na nEolaíochtaí

Fisiceacha, áit a mbeidh - Scoil na Ceimice - Scoil na Fisice

Seo a leanas na Scoileanna & na Rannóga a bhaineann le gach Coláiste:

Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta, agus an Léinn Cheiltigh • Scoil na Tíreolaíochta agus na Seandálaíochta • Scoil na nDaonnachtaí • Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr • Scoil an Oideachais • Rannóg na nEolaíochtaí Iompraíochta agus

Sóisialta, ina mbeidh - Scoil na Síceolaíochta - Scoil na hEolaíochta Polaitiúla agus na

Socheolaíochta

Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí • Scoil Ghnó agus Eacnamaíochta J.E. Cairnes • Scoil an Dlí

Coláiste na hInnealtóireachta agus na hIonformaitice • Scoil na hInnealtóireachta agus na hIonformaitice

Coláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte • Scoil an Leighis • Scoil an Altranais agus an Chnáimhseachais • Scoil na nEolaíochtaí Sláinte

Page 7: Lámhleabhar na gComhaltaí Foirne - NUI Galway · Staff Handbook2015c_Layout 1 22/06/2015 09:10 Page 2 . Cuireann Aonad Forbartha na hEagraíochta agus na gComhaltaí Foirne an lámhleabhar

Staff Handbook2015c_Layout 1 22/06/2015 09:10 Page 5

Léargas ar Pholasaithe Tugann an mhír seo léargas ar chuid de pholasaithe OÉ Gaillimh. Tá páirt lárnach ag polasaithe i ngach Eagraíocht chun comhairle, trédhearcacht, cothroime agus comhsheasmhacht a chur ar fáil maidir le cinntí a dhéanamh, déileáil le daoine, etc.

An Ghaeilge - Ár Ról Speisialta Gné ar leith de ról OÉ Gaillimh mar Ollscoil is ea a gealltanas straitéiseach maidir le hoideachas Ollscoile trí mheán na Gaeilge a sholáthar. Leagadh amach an gealltanas sin den chéad uair in Acht an Choláiste Ollscoile Gaillimh, 1929. Cuireadh leis i bPlean Straitéiseach na hOllscoile 2003-08 i dtéarmaí níos leithne agus níos solúbtha. Ar mholadh na hOllscoile, thug an Stát aitheantas an athuair dó in Acht an Choláiste Ollscoile Gaillimh (leasú), 2006 mar ghné riachtanach leanúnach de phleanáil forbartha straitéisí na hOllscoile. Is é an aidhm bhunúsach atá leis an ról ceannaireachta sin go mbeidh ar chumas na hOllscoile freagairt go héifeachtach agus go praiticiúil, le tacaíocht na nGníomhaireachtaí Stáit ábhartha, do riachtanais uile - riachtanais oideachais, eacnamaíochta, forbartha agus chultúrtha - phobal labhartha na Gaeilge mar phobal beo, sa Ghaeltacht agus sa tír trí chéile.

Tá nósanna imeachta ag an Ollscoil maidir le riachtanas na Gaeilge d’earcaíocht i bpoist acadúla, i bpoist tacaíochta acadúla agus i bpoist tacaíochta acadúla san Acadamh agus i Roinn na Gaeilge. Má tharlaíonn sé go bhfuil cumas sa Ghaeilge riachtanach do phost, cinneann an Coiste Seasta do Cháilíocht Teanga an leibhéal cuí teanga atá riachtanach (bunaithe ar an gComhchreat Eorpach Tagartha maidir le Foghlaim Teangacha), agus ainmnítear an Bord Gaeilge chun an scrúdú Gaeilge a reáchtáil. Má éiríonn go maith leo sa scrúdú Gaeilge, cuirtear iarratasóirí ar ghearrliosta agus tugtar cuireadh chun agallaimh dóibh.

Cuirfear eolas chuig iarratasóirí nuair a chinntear go bhfuil cumas sa Ghaeilge riachtanach do phost.

Cuirtear ranganna Gaeilge ar fáil do chomhaltaí foirne na hOllscoile i rith na bliana acadúla; tá eolas breise le fáil in Áras na Gaeilge nó ar an láithreán gréasáin, www.acadamh.ie

(5)

Page 8: Lámhleabhar na gComhaltaí Foirne - NUI Galway · Staff Handbook2015c_Layout 1 22/06/2015 09:10 Page 2 . Cuireann Aonad Forbartha na hEagraíochta agus na gComhaltaí Foirne an lámhleabhar

Staff Handbook2015c_Layout 1 22/06/2015 09:10 Page 6

Polasaí Comhionannais Deiseanna Tá OÉ Gaillimh tiomanta do chomhionannas deiseanna do gach comhalta foirne agus mac léinn beag beann ar inscne, stádas pósta, stádas teaghlaigh, gnéaschlaonadh, creideamh reiligiúnach, aois, míchumas, náisiúntacht nó bunadh eitneach nó náisiúnta ná gur duine den lucht siúil iad. Tá an tiomantas seo léirithe i bPolasaí na hOllscoile maidir le Comhionannas Deiseanna.

Tá eolas breise le fáil faoin bpolasaí ar láithreán gréasáin na hOifige Comhionannais: www.nuigalway.ie/equality/policies.html

Polasaí maidir le Ciapadh agus Gnéaschiapadh Tá OÉ Gaillimh tiomanta don phrionsabal go bhfuil gach mac léinn agus comhalta foirne i dteideal oibriú agus staidéar i dtimpeallacht saor ó chiapadh agus ó ghnéaschiapadh. Tá sé de fhreagracht ar gach duine aonair a chinntiú nach dtarlaíonn ciapadh ag leibhéal ar bith laistigh den Ollscoil, agus caitheamh le comhghleacaithe le meas agus le dínit.

Tá eolas breise le fáil faoin bpolasaí ar láithreán gréasáin na hOifige Comhionannais: www.nuigalway.ie/equality/policies.html

Polasaí Sláinte agus Sábháilteachta Ullmhaíonn agus cuireann an Ollscoil plean bainistíochta sábháilteachta mionsonraithe i bhfeidhm ar a dtugtar an Ráiteas Sábháilteachta. Tugann sé seo sonraí ar leith ar ghuaiseacha san ionad oibre, conas a dhéantar iad a bhainistiú agus cé atá freagrach astu. In OÉ Gaillimh tá príomhcháipéis polasaí maidir le ráiteas sábháilteachta, agus ullmhaíonn gach Coláiste/Scoil/Institiúid Taighde/Seirbhís Tacaíochta a ráiteas sonrach sábháilteachta féin. Ní mór do gach fostaí a bheith ar an eolas faoi mhíreanna an Ráitis Sábháilteachta a bhaineann leo féin. Tá lámhleabhar foirne “Riachtanais Sábháilteachta” ar fáil a thugann níos mó eolais ar shocruithe sábháilteachta OÉ Gaillimh.

Chun tuilleadh eolais a fháil fúthu seo agus faoi sheirbhísí sábháilteachta eile don ionad oibre in OÉ Gaillimh féach www.nuigalway.ie/healthsaf/

Polasaí Frithbhulaíochta Spreagann OÉ Gaillimh timpeallacht oibre, foghlama agus shóisialta a chothú ina n-oibríonn gach comhalta foirne le chéile ar bhealach dearfach agus sítheach. Creideann an Ollscoil gur cheart go dtabharfadh an timpeallacht oibre saoire do gach fostaí a gcuid oibre a dhéanamh gan fulaingt de bharr bulaíochta nó imeaglú ó chomhghleacaí ar bith. Is ábhar tromchúiseach í an bhulaíocht. D’fhéadfadh bulaíocht tarlú go rialta agus tá neart cineálacha ann.

Tá sé de fhreagracht ar gach duine aonair a chinntiú nach dtarlaíonn bulaíocht ná imeaglú ag leibhéal ar bith laistigh den Ollscoil. Ba chóir go dtuigfeadh gach fostaí nach féidir glacadh le bulaíocht, cuireann sé isteach ar dhínit an duine ag an obair agus d’fhéadfadh gníomh araíonachta a bheith ann dá bharr. Cuireann OÉ Gaillimh seirbhís idirghabhála ar fáil chun a chur ar chumas comhaltaí foirne aighnis idirphearsanta a réiteach ar bhealach neamhfhoirmiúil a luaithe agus is féidir.

Tá tuilleadh eolais le fáil ar láithreán gréasáin na hOifige Acmhainní Daonna: www.nuigalway.ie/hr/pol_pro/conduct.html

Nósanna Imeachta Araíonachta Is é aidhm an nós imeachta seo a chinntiú go gcaitear go comhsheasmhach agus go cothrom le fostaithe a ndéantar beart araíonachta ina n-éadan. Ní ghairfear an nós imeachta sin go dtí go mbeidh gníomh neamhfhoirmeálta déanta ar dtús. Ba cheart gur beart ceartaitheach a bheadh sa bheart araíonachta, go príomha, agus go dtabharfadh an beart sin deis don fhostaí, más cuí, a (h)iompar a fheabhsú agus/nó a f(h)eidhmíocht sa phost a fheabhsú ionas go mbeadh an t-iompar nó an fheidhmíocht sin ar chaighdeán a bheadh inghlactha ag an Ollscoil. Tá gníomh araíonachta cuí nuair a theipeann ar fhostaí caighdeáin shásúla a bhaint amach i ndáil le, mar shampla, iompar, feidhmíocht sa phost, tinreamh, coimeád an ama agus aird a thabhairt ar rialacha agus ar rialacháin na hOllscoile.

Tá eolas breise le fáil faoin bpolasaí ar láithreán gréasáin na hOifige Acmhainní Daonna: www.nuigalway.ie/hr/pol_pro/conduct.html

(6)

Page 9: Lámhleabhar na gComhaltaí Foirne - NUI Galway · Staff Handbook2015c_Layout 1 22/06/2015 09:10 Page 2 . Cuireann Aonad Forbartha na hEagraíochta agus na gComhaltaí Foirne an lámhleabhar

Staff Handbook2015c_Layout 1 22/06/2015 09:10 Page 7

Ag cur tús le do chuid fostaíochta in OÉ Gaillimh Mar chomhalta foirne nua in OÉ Gaillimh, d’fhéadfadh go leor ceisteanna a bheith agat. Déanfar iarracht sa mhír seo freagraí a thabhairt ar chuid mhaith de na ceisteanna coitianta.

Scéim Ríomhairí na Foirne Acadúla Tugann an scéim seo deis do chomhaltaí foirne acadúla ríomhaire agus printéir nua a cheannach (uasluach €1,200, CBL san áireamh) gan costas ar bith orthu féin le húsáid ar an gcampas. Tá comhaltaí foirne acadúla buana nua agus comhaltaí foirne nua ar conradh atá á gceapadh ar feadh tréimhse trí bliana ar a laghad i dteideal na scéime atá á riar ag Oifig an Mheabhránaí. Tá comhaltaí foirne reatha a bhfuil ríomhaire acu le cúig bliana nó níos faide i dteideal na scéime chomh maith.

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh chuig an nasc gréasáin seo a leanas: www.nuigalway.ie/information-solutions- services/servicesforstaff/desktopsupport/staffcomputersche me/application/

Cuntas Campais Trí do Chuntas Campais a úsáid beidh teacht agat le hAitheantas agus Pasfhocal amháin ar rphost, deasc foirne, Core portal, duillíní pá ar líne (trí fhéinseirbhís d’fhostaithe - ESS), ríomhlanna, WiFi, córais leabharlainne, Blackboard, inlíon na foirne, páirceáil, bainisteoir láithreáin, IRIS - Córas Faisnéise um Thaighde Institiúideach). Féadfaidh comhaltaí foirne dul ar líne ar https://cass.nuigalway.ie/ chun a gCuntas Campas a shocrú.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar www.nuigalway.ie/information-solutions- services/servicesforstaff/campusaccount/faq/

Ceadúnais Fostaíochta, Víosa, Inimirce Ceadúnais Fostaíochta Más as tír neamh-EEA thú, nó ‘Tríú Tír’, teastóidh cead uait a bheith ag obair in Éirinn. Tá cineálacha éagsúla údarúchán oibre do chineálacha éagsúla post agus tá roinnt catagóirí nach bhfuil ar oscailt do náisiúnaigh neamh-EEA. Tá náisiúnaigh neamh-EEA a bhfuil stampa 4 acu i dteideal oibriú gan ceadúnas fostaíochta.

In OÉ Gaillimh déanaimid iarratas ar na húdarúcháin oibre seo a leanas do chatagóirí áirithe post. 1. Ceadúnas Ginearálta Fostaíochta - Poist acadúla ar

leith, comhcheapacháin leighis, roinnt cúntóirí teanga iasachta.

2. Ceadúnas Fostaíochta Scileanna Breithiúnacha - Poist acadúla lena mbaineann tuarastal sa bhreis ar €60,000 sa bhliain agus poist liostaithe go sonrach ar an Liosta Gairmeacha Incháilithe Ardoilte.

3. Comhaontaithe Óstála - Gach post taighde, poist acadúla lena mbaineann 70% gníomhaíocht taighde.

Tá eolas níos mionsonraithe ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne Post, Fiontar agus Nuálaíochta http://www.djei.ie/labour/workpermits/

NB: Baineann íosriachtanais tuarastail leis na ceadúnais thuas ar fad.

Víosa Tíortha a dteastaíonn víosa óna náisiúnaigh:

Tá náisiúnaigh stáit nó aonáin chríche atá liostaithe ar láithreán gréasáin Sheirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann (INIS) faoi réir riachtanas víosa Éireannaigh chun críocha taisteal go dtí an Stát. http://www.inis.gov.ie/en/INIS/Pages/Countries%20who se%20nationals%20are%20visa%20required

Iarratas ar víosa iontrála Nuair a fhaigheann tú do thairiscint ar fhostaíocht ó OÉ Gaillimh mar aon le do cheadúnas fostaíochta cuí, féadfaidh tú tús a chur leis an bpróiseas chun iarratas a dhéanamh ar do víosa iontrála. Ní mór duit úsáid a bhaint as an tsaoráid iarratais AVATS de chuid INIS. Tabharfar uimhir thagartha iarratais víosa duit agus féadfaidh tú d'iarratas a rianú.

Tá gach eolas faoin bpróiseas ar fáil ar http://www.inis.gov.ie/en/INIS/Pages/Apply%20for%20a %20visa%20%20how%20to%20apply

Víosa Athiontrála Más náisiúnach thú óna dteastaíonn víosa agus tú i do chónaí in Éirinn le cead bailí fanacht anseo (cárta GNIB), teastóidh víosa athiontrála uait le filleadh ar an Stát má fhágann tú ar feadh tréimhse ghearr. Ní theastaíonn víosa athiontrála ach do chuspóirí taistil amháin. Mura bhfuil tú ag taisteal, ní theastaíonn víosa athiontrála uait. Moltar go láidir duit víosa athiontrála a fháil sula bhfágann tú Éire agus é i gceist agat filleadh. Tá gach eolas ar fáil ar http://www.inis.gov.ie/en/INIS/Pages/Re-Entry%20Visas

Inimirce/Clárú (gach náisiúntacht neamh-EEA) Nuair a thagann tú go hÉirinn cuirfidh an t-oifigeach inimirce san aerfort/port comhairle ort go gcaithfidh tú clárú le d'oifig inimirce áitiúil laistigh de sheacht lá. Tá oifig na Gaillimhe de Bhiúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce suite in Aonad 3, Eastát

Page 10: Lámhleabhar na gComhaltaí Foirne - NUI Galway · Staff Handbook2015c_Layout 1 22/06/2015 09:10 Page 2 . Cuireann Aonad Forbartha na hEagraíochta agus na gComhaltaí Foirne an lámhleabhar

Staff Handbook2015c_Layout 1 22/06/2015 09:10 Page 8

Tionsclaíochta Lios Bán, Bóthar Thuama. Tabharfar Cárta Clárúcháin duit ar feadh thréimhse 12 mhí, (faoi réir choinníollacha na hoifige sin a chomhlíonadh). Beidh ort do phas, do chonradh fostaíochta, comhaontú óstála/ceadúnas oibre a thabhairt leat. Teastaíonn fianaise ar sheoladh in Éirinn ó gach duine nua, caithfear litir a fháil ó óstán/teach lóistín go dtí go mbeidh seoladh níos buaine agat. Is féidir leat do sheoladh nua a chur ar facs chuig GNIB nuair a bheidh socruithe déanta agat. (Uimh. Facs: 091 768003)

Uaireanta oscailte: Dé Luain – Déardaoin 0730 – 1400. Dé hAoine 0730 – 1230. Tá táille €300 ar an gcárta bliantúil clárúcháin. Is féidir an táille seo a íoc le cárta léasair/cárta creidmheasa. Ní ghlactar le hairgead tirim ná le seiceanna. Is féidir íocaíocht a dhéanamh le gíoró bainc chomh maith.

NUA: Déantar cártaí a chló i mBaile Átha Cliath anois agus iarrfar ort filleadh agus do chárta nua a bhailiú ar dháta ar leith, (laistigh de choicís go hiondúil).

Caidreamh le Fostaithe Chun caidreamh dearfach agus tairbheach a chothú idir an Ollscoil, an fhoireann agus na hionadaithe foirne, chun gníomhaíochtaí caidrimh thionsclaíoch a bhainistiú le ceardchumainn aitheanta ar fud na hOllscoile agus chun polasaithe agus nósanna imeachta réamhghníomhacha Acmhainní Daonna a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm a chothaíonn caidreamh dearfach le fostaithe agus comhchleachtais bhainistíochta.

Ceardchumainn Tugann OÉ Gaillimh aitheantas do roinnt ceardchumann a bhfuil sé de cheart acu ionadaíocht a dhéanamh ar chatagóirí sonracha foirne. • Déanann SIPTU agus IFUT ionadaíocht ar

chomhaltaí foirne acadúla. • Déanann SIPTU ionadaíocht ar chomhaltaí foirne

riaracháin, leabharlainne, teicniúla agus ar oibrithe ginearálta.

• Déanann UCATT, UNITE agus TEEU ionadaíocht ar oibrithe ceirde.

Tá tuilleadh eolais le fáil ar an láithreán gréasáin seo a leanas: www.nuigalway.ie/hr/documents/trade_unions.pdf

(8)

Page 11: Lámhleabhar na gComhaltaí Foirne - NUI Galway · Staff Handbook2015c_Layout 1 22/06/2015 09:10 Page 2 . Cuireann Aonad Forbartha na hEagraíochta agus na gComhaltaí Foirne an lámhleabhar

Staff Handbook2015c_Layout 1 22/06/2015 09:10 Page 9 Acmhainní Daonna

Nuair a thosaíonn tú ag obair san Ollscoil, moltar duit dul chun cainte le duine éigin san oifig Acmhainní Daonna chun soiléiriú a fháil ar aon cheisteanna atá agat maidir le do cheapachán, chun eolas a fháil ar pholasaithe agus ar nósanna imeachta Acmhainní Daonna, etc.

Comhordaitheoir Ionduchtúcháin Is ar an gComhardaitheoir Ionduchtúcháin atá an phríomhfhreagracht laistigh dá Scoil/Aonad as cabhrú agus comhordú a dhéanamh ar an ionduchtú do chomhaltaí foirne nua ag leibhéal an Disciplín, na Scoile, an Aonaid.

Ionduchtú do Chomhaltaí Foirne Nua Ceaptar comhordaitheoir logánta (sonraí thíos) chun ionduchtú a chur ar fáil do gach comhalta foirne nua, ar an gcéad lá oibre go hiondúil. Déantar ionduchtú sa limistéar oibre ina mbeidh sé/sí lonnaithe chun cabhrú le comhaltaí foirne nua, chun é/í féin a chur ar an eolas faoina ról agus faoina f(h)reagrachtaí laistigh den scoil nó den aonad, chun aithne a chur ar a c(h)omhghleacaithe, agus na sonraí praiticiúla nuair a bhíonn duine ag tosú i bpost nua, i.e. spás oifige/deisce, suíomh an fhotachóipeálaí, etc.

Tugtar pacáiste ionduchtaithe do chomhaltaí foirne nua nuair a thairgeann an oifig Acmhainní Daonna post dóibh. Chomh maith leis sin tá físeáin ghearra ar fáil ar líne ar: www.nuigalway.ie/staffdevelopment

P45 Nuair a thosaíonn tú ag obair san Ollscoil, tabhair leat d’Fhoirm P45 ó do chuid fostaíochta roimhe sin (in Éirinn) chuig an oifig Acmhainní Daonna. Nuair a fhágann tú do chuid fostaíochta, caithfidh d’fhostóir foirm P45 a thabhairt duit. Taispeánann do P45 do phá, do cháin agus d’asbhaintí ÁSPC ó thús na bliana cánach go dtí go gcríochnaíonn tú do chuid fostaíochta.

Íocaíocht Tuarastail Íoctar tuarastal míosúil in OÉ Gaillimh ar an tríú lá deireanach de gach mí trí dhochar díreach isteach i do chuntas bainc. Caithfear sonraí bainc cothrom le dáta a thabhairt don oifig Acmhainní Daonna ionas gur féidir an íocaíocht chuí a dhéanamh agus aon asbhaintí cuí a choinneáil siar. Chun teacht ar do dhuillíní pá ar líne beidh ort logáil isteach faoi Online Payslips ar CorePortal (Féinseirbhís Fostaithe).

Íoctar tuarastal seachtainiúil in OÉ Gaillimh gach Déardaoin trí dhochar díreach isteach i do chuntas bainc.

Tá tuilleadh eolais le fáil ar: www.nuigalway.ie/payroll/payrollfaqs/

Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PPS) Is ionann Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí agus uimhir thagartha uathúil don tSeirbhís Phoiblí, lena n-áirítear Leas Sóisialach, cáin, oideachas agus seirbhísí sláinte.

Seans go bhfuil uimhir PPS agat cheana féin más Náisiúnach de chuid na hÉireann thú agus:

• má rugadh in Éirinn thú sa bhliain 1971 nó ina dhiaidh • má thosaigh tú ag obair in Éirinn tar éis mhí Aibreáin 1979 • má tá tú ag fáil íocaíocht Leasa Shóisialaigh • má tá tú rannpháirteach sa Scéim Íocaíochta Drugaí

Mura bhfuil Uimhir PPS agat, caithfidh tú clárú leis an Roinn Coimirce Sóisialaí mar seo a leanas:

Ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an oifig Leasa Shóisialaigh i nGaillimh. Cabhróidh an oifig seo leat leis an bpróiseas clárúcháin. Iarrfar ort fianaise dhoiciméadach ar chéannacht agus ar chónaí sa tír seo a chur ar fáil. Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh chuig www.welfare.ie/en/Pages/PPSN.aspx

Dóibh siúd nach bhfuil cónaí orthu sa tír seo, bain úsáid as an “bhFoirm Fiosrúcháin ar líne” chun teagmháil a dhéanamh le Seirbhísí Céannachta Cliant nó glaoigh ar + 353 71 967 2616 chun na foirmeacha cuí a fháil sa phost.

(9)

Page 12: Lámhleabhar na gComhaltaí Foirne - NUI Galway · Staff Handbook2015c_Layout 1 22/06/2015 09:10 Page 2 . Cuireann Aonad Forbartha na hEagraíochta agus na gComhaltaí Foirne an lámhleabhar

Staff Handbook2015c_Layout 1 22/06/2015 09:10 Page 10

Uimhir Foirne Uimhir uathúil atá san uimhir foirne a thugann rochtain duit ar sheirbhísí na hOllscoile. Tabharfar uimhir duit nuair a dheimhnítear do chonradh fostaíochta agus nuair a chuireann tú do chuid sonraí pearsanta ar fad ar fáil (i.e. uimhir PPS, sonraí bainc etc.) don Oifig Acmhainní Daonna. Tá sé riachtanach mar sin go gcuireann tú do chuid sonraí ar fad ar fáil chomh luath agus is féidir leat nó d’fhéadfaí moill a chur ar do rochtain ar sheirbhísí. Déan teagmháil le [email protected] nó le Deasc Fáilte na hOifige Acmhainní Daonna ar 2151.

Tástáil Leighis Réamhfhostaíochta Ní mór do gach fostaí ionchasach ceistneoir sláinte réamhfhostaíochta a líonadh sula nglacann sé/sí le ceapachán in OÉ Gaillimh. Cleachtadh leighis seachtrach a dhéanann bainistiú ar an tástáil leighis réamhfhostaíochta. D'fhéadfaí iarraidh ar fhostaithe ionchasacha ar leith teacht i láthair iad féin don tástáil agus déanfaidh foireann an chleachtaidh leighis teagmháil leis an duine aonair chun coinne a shocrú. Ní fhéadfaidh comhalta foirne tús a chur le fostaíocht go dtí go bhfaighidh an oifig Acmhainní Daonna dearbhú go bhfuil sé/sí réidh don obair.

Costais Athlonnaithe (Costais Aistrithe) Is é polasaí na hOllscoile cabhrú le daoine nuacheaptha le costais a bhíonn orthu bogadh go Gaillimh ar a gcéad cheapachán chuig post mar chomhalta foirne acadúil* nó mar chomhalta foirne sinsearach riaracháin* (A.O. nó os a chionn). *Comhalta Foirne = fostaithe buana agus daoine ar comhionann leo iad mar a shainmhínítear sa reachtaíocht iomchuí

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh chuig an láithreán gréasáin seo a leanas: www.nuigalway.ie/financial_ accounting/policies_procedures.html

Scálaí Tuarastail Chun teacht ar na scálaí tuarastail bain úsáid as an nasc seo a leanas: www.nuigalway.ie/financial_accounting/services/ payroll.html

Cárta Aitheantais Foirne Leagann an polasaí seo amach treoirlínte maidir le táirgeadh agus dáileadh cártaí aitheantais foirne. Tá na catagóirí foirne seo a leanas i dteideal cárta aitheantais: • Comhaltaí Foirne Buana • Comhaltaí Foirne Sealadacha le conradh sé mhí ar a

laghad

Cuspóir an Chárta Aitheantais Foirne Is cruthúnas é do chárta aitheantais gur fostaí de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh thú. Tugann an cárta aitheantais rochtain d’fhostaithe ar áiseanna na hOllscoile cosúil leis an leabharlann, áiseanna spóirt agus ISS.

Eisítear cárta aitheantais nuair a chuireann fostaí nua tús lena c(h)uid fostaíochta. Eisítear uimhir aitheantais nuair a shíníonn fostaí a c(h)onradh, agus a leagann sé/sí isteach a c(h)árta taifid fostaí mar aon le cárta aitheantais a bhfuil grianghraf díot air (féach thuas). Ba cheart grianghraf pas a chur ar fáil nó is féidir do ghrianghraf a thógáil ag deasc fáilte na hoifige Acmhainní Daonna.

Eisíonn an oifig Acmhainní Daonna na cártaí aitheantais. Chun teagmháil a dhéanamh leis an oifig cuir glao ar 091 492151.

Cártaí Aitheantais caillte nó goidte Níor cheart do chárta aitheantais a fhágáil gan aird ar dheasca ná é a iompar ar bhealach go bhféadfaí é a chailleadh nó a ghoid. Ba cheart an oifig Acmhainní Daonna a chur ar an eolas má chailltear nó má ghoidtear do chárta aitheantais. Is féidir cárta aitheantais nua a fháil má chailltear nó má ghoidtear do cheann féin ach beidh costas €13.00 ag baint leis sin. Ní fhéadfaidh comhalta foirne ach cárta bailí amháin a bheith ina s(h)eilbh. Tá dianchosc ar chárta aitheantais a mhacasamhlú.

Cúram do Chártaí Ná déan poill le pritil ar do chárta aitheantais.

Leasuithe ar an gcárta aitheantais Níl aon chostas ar cheartúcháin ná ar leasuithe a dhéanamh ar chárta aitheantais. Caithfidh an ceartúchán/leasú a bheith le feiceáil ar thaifid foirne an chomhalta foirne sula n-eiseofar cárta aitheantais nua.

An cárta a thabhairt ar ais nuair a chríochnaíonn tú d’fhostaíocht Is faoi úinéireacht OÉ Gaillimh atá do chárta aitheantais agus caithfear é a thabhairt ar ais don oifig Acmhainní Daonna nuair a thagann deireadh le do thréimhse fostaíochta san Ollscoil. Cuirfear an Leabharlann agus ionaid ábhartha eile ar an eolas nuair a bhaintear comhalta foirne den Phárolla agus scriosfar a c(h)árta aitheantais.

(10)

Page 13: Lámhleabhar na gComhaltaí Foirne - NUI Galway · Staff Handbook2015c_Layout 1 22/06/2015 09:10 Page 2 . Cuireann Aonad Forbartha na hEagraíochta agus na gComhaltaí Foirne an lámhleabhar

Staff Handbook2015c_Layout 1 22/06/2015 09:11 Page 11

Eolas ginearálta agus tú ag teacht chun cónaí in Éirinn

Tá ATM Bhanc na hÉireann lonnaithe lasmuigh den bhanc i bhfoirgneamh na nDán/na hEolaíochta (an tSlí Dála). Tá ATM Bhanc Aontas Éireann (AIB) lonnaithe lasmuigh den bhanc ar Bhóthar na Drioglainne. Cuntas Bainc a oscailt Éilíonn reachtaíocht ar bhainc céannacht gach custaiméara nua a sheiceáil. Nuair a bhíonn cuntas bainc á oscailt agat, caithfidh tú cáipéisí céannachta foirmiúla a thabhairt ar láimh e.g. ceadúnas iomlán tiomána reatha nó pas bailí agus ceann de do bhillí tí is déanaí, cosúil le bille teileafóin nó leictreachais nach bhfuil níos mó ná trí mhí d’aois chun d’áit chónaithe a léiriú. (Ba cheart go mbeadh do ghrianghraf ar cheann amháin agus go mbeadh do sheoladh baile i do thír féin ar an gceann eile.) Chun cuntas a oscailt sula dtagann tú chuig an tír, déan teagmháil le do bhanc féin, agus b’fhéidir go mbeifí in ann é seo a dhéanamh duit. D’fhéadfadh sé suas le coicís a thógáil chun aistrithe airgid idirnáisiúnta a fháil, mar sin ceadaigh am do mhoill nuair atá tú ag smaoineamh faoi cá mhéad airgeadra le tabhairt leat chun do chostais a chlúdach.

Náisiúnaigh Neamh-Éireannacha Chun cuntas a oscailt, teastaíonn cruthúnas céannachta ón mBanc, cosúil le Ceadúnas iomlán Tiomána nó Pas, agus cruthúnas reatha ar sheoladh buan. D’fhéadfaí iad seo a leanas a úsáid: • Bille fóntais reatha (Gás, leictreachas, fón, teilifís), níos lú ná trí mhí d’aois • Ráiteas ó institiúid airgeadais eile • Teastas do liúntas saor ó cháin • Cáipéisí árachais

Ós rud é go mbíonn deacracht go minic ag daoine atá díreach tar éis teacht chun na tíre cruthúnas ar sheoladh a chur ar fáil, féadfaidh an Banc glacadh le litir ón bhfostóir a rá go bhfuil an fostaí díreach tar éis teacht chun na tíre agus mar sin nach féidir leis/léi cruthúnas ar sheoladh a chur ar fáil. Sa chás seo, is féidir leis an bhfostaí cuntas a oscailt sa bhrainse céanna leis an bhfostóir.

Éilíonn brainsí áirithe litir thagartha chomh maith ón bhfostóir nó go gcuirfí tuarastal an chustaiméara isteach sa chuntas bainc sin trí shainordú.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi sheirbhísí poiblí agus teidlíochtaí in Éirinn téigh chuig www.citizensinformation.ie/en/

An Córas Oideachais in Éirinn Tá oideachas éigeantach do pháistí in Éirinn ó aois sé bliana go sé bliana déag nó go mbeidh trí bliana oideachas dara leibhéal tugtha chun críche ag daltaí.

Chun do pháiste a chlárú i scoil, ba cheart duit ar dtús breathnú ar an liosta bunscoileanna agus meánscoileanna i do cheantar, féach ar an nasc gréasáin a leanas http://www.education.ie/en/Parents/Information/A-Guide-to-the-Irish-Education-System.pdf Chun tuilleadh eolais a fháil faoi chóras oideachais na hÉireann, téigh chuig an nasc gréasáin seo a leanas: www.education.ie/en/The-Education-System/Irish-Education-System.html

(11)

Bainc agus Airgeadra Tá eolas le fáil faoi bhainc agus baincéireacht i nGaillimh ar an láithreán gréasáin seo a leanas: www.galway.net/galwayguide/service/finance/bank/

I measc na mbrainsí Bainc atá gar do champas na hOllscoile tá: • Banc na hÉireann, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Teil: 091 524555, Facs: 091 527671 • Banc Aontas Éireann, Bóthar na Drioglainne, an Caisleán Nua, Gaillimh. Teil: 091 524466, Facs: 091 524095 • Banc Uladh, Bóthar an Chaisleáin Nua, Gaillimh. Teil: 091 529013, Facs: 091 529015

Page 14: Lámhleabhar na gComhaltaí Foirne - NUI Galway · Staff Handbook2015c_Layout 1 22/06/2015 09:10 Page 2 . Cuireann Aonad Forbartha na hEagraíochta agus na gComhaltaí Foirne an lámhleabhar

Staff Handbook2015c_Layout 1 22/06/2015 09:11 Page 12

(12)

Árachas Sláinte in Éirinn Cúram Sláinte Príobháideach - Is féidir le duine ar bith cúram sláinte príobháideach a bheith acu má íocann siad as nó má tá siad clúdaithe ag Scéim Árachais Sláinte chuí. Moltar go mbeadh árachas sláinte príobháideach de chineál éigin ag gach duine. • Is gnách le cuideachtaí Árachais Sláinte tréimhse

feithimh a chur i bhfeidhm má bhíonn tú ag fáil árachas sláinte den chéad uair.

• Má tá cónaí ort thar lear agus má tá tú clúdaithe ag árachas sláinte príobháideach b’fhéidir go mbeifeá in ann aistriú chuig ceann de na cuideachtaí árachais sláinte in Éirinn. Déan teagmháil le do chuideachta árachais thar lear le fáil amach.

• Ó mhí Aibreáin 2001 i leith, déantar cáin ioncaim ag an ráta caighdeánach ar árachas sláinte príobháideach a asbhaint ag an bhfoinse. Ciallaíonn sé seo nach mbeidh ort d’fhaoiseamh cánach a éileamh ag deireadh na bliana.

• Láithreán gréasáin VHI Health: www.vhi.ie • Láithreán gréasáin Laya Healthcare:

www.layahealthcare.ie: • Láithreán gréasáin Aviva Health Insurance:

www.avivahealth.ie: • Láithreán gréasáin Glohealth: www.glohealth.ie • Láithreán gréasáin HSF Health Plan: www.hsf.ie

Féach ar leathanach 13 de Shochair Fostaithe chun eolas a fháil faoi scéim athbhreithnithe Árachais Sláinte d'fhoireann OÉ Gaillimh.

Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasta (ÁSPC) Is éard is ranníocaíocht ÁSPC, a íocann an fostóir agus an fostaí go hiondúil, céatadán de thuilleamh ináirithe (i.e. pá comhlán lúide aoisliúntas agus ranníocaíochtaí Árachais Bhuain Sláinte, bainte amach ag an bhfostóir faoi shocrú ar phá glan, atá ceadaithe do chuspóirí cánach ioncaim). Tagann an ranníocaíocht ÁSPC ó Árachas Sláinte agus ón Ranníocaíocht Sláinte.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi ÁSPC, téigh chuig láithreán gréasáin na Roinne Coimirce Sóisialaí www.welfare.ie/en/Pages/Pay-Related-Social- Insurance-PRSI-Explained.aspx

Clárú do Cháin Nuair a thosaíonn tú ag obair san Ollscoil, moltar duit dul chun cainte le duine éigin san oifig Acmhainní Daonna chun soiléiriú a fháil ar na cáipéisí a theastaíonn do chuspóirí párolla, córas cánach na hÉireann nó chun soiléiriú a fháil ar aon cheisteanna atá agat maidir le do cheapachán.

Nuair a fhaigheann tú d’uimhir PPS ón Roinn Coimirce Sóisialaí, ba cheart an uimhir sin a thabhairt do d’fhostóir agus ba cheart duit Foirm 12A na gCoimisinéirí Ioncaim a líonadh (Iarratas ar Theastas Creidmheasanna Cánach agus Pointe Scoite Ráta Caighdeánach Cánach).

Is féidir an Fhoirm 12A a íoslódáil ó láithreán gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim ag www.revenue.ie nó ó d’oifig áitiúil Cánach.

Chun an Fhoirm 12A a líonadh teastóidh an t-eolas seo a leanas uait: • Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PPS) • Uimhir Chlárúcháin ÍMAT d’fhostóra

(0022578J is ea uimhir OÉ Gaillimh)

Ba cheart an Fhoirm 12A chomhlánaithe a sheoladh chuig d’Oifig áitiúil de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim. Tar éis d’Fhoirm 12A a fháil, seolfaidh na Coimisinéirí Ioncaim Teastas Creidmheasanna Cánach chugat, agus ag an am céanna seolfaidh siad Teastas Creidmheasanna Cánach chuig d’fhostóir ionas gur féidir na hasbhaintí cuí cánach a dhéanamh ar do thuarastal. Mura bhfaigheann tú ‘Teastas Creidmheasanna Cánach agus Pointe Scoite Ráta Caighdeánach Cánach’ sula dtosaíonn tú i do chuid fostaíochta íocfaidh tú cáin éigeandála. Ciallaíonn cáin éigeandála go mbaintear an iomarca asbhaintí cánach díot. Is ar mhaithe leat féin é do Theastas Creidmheasanna Cánach agus Pointe Scoite Ráta Caighdeánach Cánach a fháil agus gan an iomarca cánach a bheith bainte díot.

Tá treoir foilsithe ag na Coimisinéirí Ioncaim, Employee's Guide to PAYE - IT11, d’fhonn buntuiscint a thabhairt d’íocóirí cánach ÁSPC ar an gcóras faoina n-íocann siad cáin.

Cuireann an treoir eolas ar fáil faoi na nithe seo a leanas: • Conas uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PPS) a fháil • Conas Teastas Creidmheasanna Cánach a fháil • Céard is gá a dhéanamh sula dtosaíonn tú ag obair den

chéad uair • Ag filleadh ar an obair le fostóir a bhí agat cheana

Tá gach foirm agus foilseachán ar fáil ar: • láithreán gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim,

www.revenue.ie • Seirbhís foirmeacha agus bileog na gCoimisinéirí

Ioncaim ag Íosghlao 1890 306 706 • Aon oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim • Oifig áitiúil de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim Tá Gaillimh i Réigiún na Teorann, Lár-Tíre agus an Iarthair, tá an réigiún foroinnte ina cheantair ioncaim. Tá gach ceantar freagrach as Seirbhís do Chustaiméirí, comhlíonadh, agus feidhmeanna iniúchta do na cánacha agus dleachtanna do dhaoine atá ina gcónaí agus do ghnólachtaí atá á mbainistiú agus á rialú ina limistéar tíreolaíoch. Uimhir Íosghlao ÁSPC Réigiún na Teorann, Lár-Tíre agus an Iarthair d’fhostaithe 1890 777 425

Tá an oifig áitiúil i nGaillimh lonnaithe ag: Geata na Cathrach, Faiche an Aonaigh, Gaillimh. Uaireanta an Chloig: 08:30a.m. - 4:00p.m. Luan go hAoine Teil: 091 547700

Cáin a Ríomh Chun eolas a fháil faoin gcaoi a ndéantar do cháin a ríomh, téigh chuig láithreán gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim ar www.revenue.ie/en/personal/paye-tcc.html

An Muirear Sóisialta Uilíoch (USC) Is cáin é an Muirear Sóisialta Uilíoch atá iníoctha ar ioncam comhlán, pá nóiseanúil san áireamh, tar éis faoiseamh do liúntais chaipitil ar leith, ach roimh ranníocaíochtaí pinsin. Tuilleadh eolais: www.revenue.ie/en/tax/usc/

Page 15: Lámhleabhar na gComhaltaí Foirne - NUI Galway · Staff Handbook2015c_Layout 1 22/06/2015 09:10 Page 2 . Cuireann Aonad Forbartha na hEagraíochta agus na gComhaltaí Foirne an lámhleabhar

Staff Handbook2015c_Layout 1 22/06/2015 09:11 Page 13

Sochar Fostaithe Tugann an mhír seo léargas ar na sochair atá ar fáil do chomhaltaí foirne OÉ Gaillimh: Áiseanna Cúraim Leanaí ar an gCampas Tá naíolann na hOllscoile lonnaithe lasmuigh den champas ag Uimhir 50, Bóthar an Chaisleáin Nua Thuaidh, Gaillimh gar do Bhaile na Coiribe. Spraoi Early Learning Centre atá i mbun an naíolann a fheidhmiú. Ba cheart tuismitheoirí ar mian leo a bpáistí a chlárú sa naíolann rphost a sheoladh chuig [email protected] Le haghaidh breis eolais, téigh chuig: www.nuigalway.ie/student-life/student-support/child- care.html

Scéim Rothaíochta chun na hOibre Tríd an bpróiseas Comhpháirtíochta tá OÉ Gaillimh meáite tionscnaimh do thaisteal inmharthana a chur chun cinn dá comhaltaí foirne agus dá mic léinn. Sa bhliain 2009, chuir an Grúpa Comhpháirtíochta in OÉ Gaillimh tús le Scéim Rothaíochta chun na hOibre atá oscailte do gach fostaí. Ó shin i leith, cheannaigh breis is 500 fostaí rothair agus oiriúintí faoi luach €1,000, agus iad ag coigilt 52% de chostas rothair agus trealaimh nua. Féach ar www.nuigalway.ie/environment/ cycletoworkscheme.html chun tuilleadh eolais a fháil.

An Clár Cúnaimh d’Fhostaithe (EAP) Cuireann an Ollscoil an Clár Cúnamh d’Fhostaithe (EAP) ar fáil; is é cuspóir an chláir seo rochtain éasca a thabhairt d’fhostaithe ar sheirbhísí rúnda comhairleoireachta agus eolais chun cabhrú leo déileáil le ceisteanna pearsanta, oibre, airgeadais agus dlíthiúla.

Tríd an EAP, tá na seirbhísí seo a leanas ar fáil: • Seirbhís speisialaithe eolais • Comhairleoireacht duine ar dhuine • Comhairleoireacht ar an teileafón

Uimhir Shaorghlao: 1800 201 346 Le haghaidh breis eolais, téigh chuig: www.nuigalway.ie/administration_services/partnership/ galway_initiative/emp_prog.html

An Ciste Deontas i leith Foilseachán Is féidir teacht ar eolas faoin gciste seo, dátaí do ghlaonna san áireamh, ar www.nuigalway.ie/research- office/funding/grant-in-aidofpublicationfund/

Athbhreithniú ar Árachas Sláinte Féadfaidh gach comhalta foirne de chuid OÉ Gaillimh tairbhe a bhaint as athbhreithniú árachais sláinte saor in aisce le Cornmarket Group Financial Services - is féidir teagmháil a dhéanamh le foireann árachais sláinte Cornmarket ar 01 470 8091 nó trína sonraí a chur isteach ar líne ar [email protected]

Seirbhís rúnda saor in aisce é do chomhaltaí foirne OÉ Gaillimh áit ar féidir leo a bpolasaí a athbhreithniú leis na ceithre árachóir le cinntiú go bhfuil an leibhéal árachais is feiliúnaí acu ar an gcostas is ísle.

Scéim Iasachta Tithíochta Is é polasaí na hOllscoile tacú le comhaltaí foirne teacht aníos leis an íos-éarlais a theastaíonn chun iasachtaí tí a fháil ó institiúidí airgeadais i.e. chun an difear idir céatadán costais a chuireann institiúidí airgeadais ar fáil de ghnáth agus na costais iomlána a bhíonn i gceist leis an gcéad teach a cheannach/a thógáil i gceantar na Gaillimhe. Chun sonraí na scéime a fháil, féach ar láithreán gréasáin na Cuntasaíochta Airgeadais: www.nuigalway.ie/ financial_accounting/policies_procedures.html

An Scéim do Leanúnachas Ioncaim Féach ar an láithreán gréasáin: www.nuigalway.ie/pensions_investment/welcome.html nó déan teagmháil leis an oifig Pinsean agus Infheistíochtaí ar ríomhphost ag: [email protected]

Pinsean Féach ar an láithreán gréasáin: www.nuigalway.ie/pensions_investment/welcome.html nó déan teagmháil leis an oifig Pinsean agus Infheistíochtaí ar ríomhphost ag: [email protected]

Scéim Lascaine na gComhaltaí Foirne Tá Scéim Lascaine do Chomhaltaí Foirne ar fáil d’fhoireann OÉ Gaillimh; chun tairbhe a bhaint as na lascainí/buntáistí atá ar fáil, caithfidh tú cárta aitheantais foirne reatha bailí a thaispeáint agus tú ag ceannach. Is féidir cártaí aitheantais a fháil ón Oifig Acmhainní Daonna. Chun liosta de na Lascainí atá ar fáil a fheiceáil, téigh chuig www.nuigalway.ie/mso/Staff_Discount_Scheme/ s t a f f_d i scoun t_ in dex .h tml

Taisteal agus Cothabháil Is é polasaí na hOllscoile fostaithe agus conraitheoirí údaraithe a chúiteamh as costais taistil agus chothabhála réasúnta agus údaraithe go cuí a tharlaíonn de bharr a gcuid dualgas san Ollscoil, agus iad imithe go sealadach óna ngnáthionad oibre, faoi réir an pholasaí.

Tá eolas breise le fáil ar láithreán gréasáin na Cuntasaíochta Airgeadais: www.nuigalway.ie/financial_accounting/ policies_procedures.html

Scéim Pas Taistil Tríd an bpróiseas Comhpháirtíochta tá OÉ Gaillimh meáite tionscnaimh dhearfacha do bhainistíocht soghluaisteachta a chur chun cinn dá comhaltaí foirne. De thoradh polasaí Rialtais a chuireann iompar poiblí chun cinn tá coigilt cánach ar fáil do chomhaltaí foirne a thugann cuid dá dtuarastal uathu agus a fhaigheann ticéad bliantúil comaitéara ina áit, ticéad a cheannaíonn OÉ Gaillimh le húsáid ar chóras iompair poiblí. Chun tuilleadh eolais a fháil téigh chuig www.nuigalway.ie/administration_services/ partnership/travel_pass_scheme_intro.html

(13)

Page 16: Lámhleabhar na gComhaltaí Foirne - NUI Galway · Staff Handbook2015c_Layout 1 22/06/2015 09:10 Page 2 . Cuireann Aonad Forbartha na hEagraíochta agus na gComhaltaí Foirne an lámhleabhar

Staff Handbook2015c_Layout 1 22/06/2015 09:11 Page 14

Forbairt Fostaithe Tá an Ollscoil meáite ar thacaíocht agus infheistíocht a chur ar fáil d’fhorbairt leanúnach a comhaltaí foirne.

Forbairt na hEagraíochta agus na gComhaltaí Foirne Tuigeann OÉ Gaillimh gurb iad an fhoireann a dhéanann éiteas ollscoile a shainmhíniú agus tá OÉ Gaillimh saibhrithe ag an éagsúlacht foirne a bhaineann le taighde, teagasc, foghlaim agus rannpháirtíocht pobail a chur chun cinn. Déanann OÉ Gaillimh iarracht meas a bheith aici agus freagairt go gníomhach do riachtanais forbartha, ghairmiúla agus phearsanta a comhaltaí foirne. Is é príomhaidhm Straitéis Forbartha na hEagraíochta cur ar chumas na hOllscoile a fís a bhaint amach, is é sin oibriú le chéile mar fhoireann mhuiníneach, a chuireann luach ar shárchaighdeán, comhpháirtíocht, forbairt ghairmiúil agus ceannaireacht trínár n-eagraíocht (lch 38, Plean Straitéiseach (2015 - 2020)).

Tá na deiseanna Oiliúna agus Forbartha atá ar fáil do chomhaltaí foirne liostaithe ar an láithreán gréasáin: www.nuigalway.ie/staffdevelopment Ba cheart go dtiocfadh riachtanais foghlama agus forbartha comhalta foirne óna (h)athbhreithniú PMDS. Próiseas athbhreithnithe é an córas bainistíochta agus forbartha feidhmíochta (PMDS) chun riachtanais forbartha gairme comhaltaí foirne a aithint agus freastal orthu, agus chun éifeachtúlacht OÉ Gaillimh a fheabhsú trí aontú oibriú ar chuspóirí oibre a bhfuil nasc soiléir eatarthu agus atá oiriúnach do phlean oibríochtúil na Scoile/an Aonaid a bhfuil ról aige i spriocanna na hOllscoile mar atá leagtha amach sa Phlean Straitéiseach a bhaint amach. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin scéim PMDS, téigh chuig www.nuigalway.ie/staff- development/performancemanagement/

An tIonad Sárchaighdeáin Foghlama & Teagaisc (CELT) Is é aidhm CELT foghlaim ghníomhach a chur chun cinn trí chleachtais teagaisc ardchaighdeáin agus nuálacha, le tacaíocht ó theicneolaíocht nuair is cuí. Chun na spriocanna seo a bhaint amach tá freagracht orainn as roinnt réimsí gníomhaíochta agus tacaíochtaí teicniúla a chomhordú lena n-áirítear: Seirbhísí closamhairc; Teicneolaíochtaí Foghlama (lena n-áirítear úsáid oideolaíoch as timpeallacht foghlama na hollscoile, Blackboard); an Teanglann. Féadfar dul chun cinn a dhéanamh maidir lenár misean oideachais trí cheardlanna, comhdhálacha, seimineáir, cúrsaí iarchéime le creidiúintí agus taighde ar pholasaí agus ar chleachtas ardoideachais a chur ar fáil. Cuirimid Teastas i dTeagasc & i bhFoghlaim san Ard-Oideachas ar fáil agus is féidir leanúint ar aghaidh chun Dioplóma Iarchéime nó MA i gCleachtas Acadúil a dhéanamh.

Tá an tsraith seimineár lóin, neamhfhoirmiúil ‘Conversations on Learning & Teaching’ oscailte don fhoireann ar fad agus cuirtear an clár ar ár láithreán gréasáin ag tús gach seimeastair.

I mí an Mheithimh gach bliain eagraímid siompóisiam bliantúil ar théama a mbaineann tábhacht chriticiúil leis maidir leis an ardoideachas agus go hiondúil bíonn thart ar 200+ rannpháirtí as Éirinn agus níos faide i gcéin i láthair agus bíonn príomhchainteoirí, ceardlanna, etc., agus tá taifid de na siompóisiamaí a bhí ar siúl cheana le fáil ar ár láithreán gréasáin.

Ar deireadh, cuireann CELT tacaíocht ar fáil maidir le teagasc, foghlaim, measúnú agus dearadh curaclaim chun freastal ar riachtanais scoileanna agus coláistí aonair, agus ag an am céanna ar bhonn pearsanta cuireann siad comhairliúchán rúnda ar fáil ar cheisteanna ábhartha. Tá gach imeacht agus cúrsa oiliúna ar fáil saor in aisce do chomhaltaí foirne OÉ Gaillimh, ach bíonn áiteanna teoranta agus is iondúil go mbíonn éileamh mór orthu. Déantar imeachtaí a fhógairt ar láithreán gréasáin CELT: www.nuigalway.ie/celt

(14)

Page 17: Lámhleabhar na gComhaltaí Foirne - NUI Galway · Staff Handbook2015c_Layout 1 22/06/2015 09:10 Page 2 . Cuireann Aonad Forbartha na hEagraíochta agus na gComhaltaí Foirne an lámhleabhar

Staff Handbook2015c_Layout 1 22/06/2015 09:11 Page 15

Scéim Polasaí Breisoideachais (FEP) Tá OÉ Gaillimh tiomanta tacú le comhaltaí foirne atá ag tabhairt faoi chláir oideachais chun cur lena bhforbairt ghairmiúil agus phearsanta. Tá an gealltanas seo faoi réir chuspóirí straitéiseacha na hOllscoile an úsáid is fearr agus is féidir a bhaint as cumas na foirne, chun tacú le hearcú foirne agus chun comhaltaí foirne a choinneáil agus lena chinntiú go mbeifear ag cloí le comhionannas deiseanna.

Tugtar cuireadh do chomhaltaí foirne iarratais a dhéanamh ar mhaoiniú tríd an scéim FEP gach bliain; is féidir iarratas a dhéanamh faoi Mhodh A nó faoi Mhodh B.

Modh A: Baineann an modh seo le comhaltaí foirne a meastar gur gá dóibh cáilíocht bhreise a bhaint amach chun a gcuid dualgas san Ollscoil a chomhlíonadh nó a meastar gurbh inmhianaithe don chomhalta foirne aonair agus don Ollscoil/don Choláiste/don Scoil nó don oifig go mbainfeadh sé/sí cáilíocht bhreise amach. Beidh tacaíocht mhaoinithe inmheánach nó sheachtrach, mar is cuí, le fáil ag iarratais faoin gcatagóir seo.

Modh B: Baineann an modh seo le comhaltaí foirne ar mian leo cáilíochtaí acadúla nó gairme breise a bhaint amach ar mhaithe lena bhforbairt phearsanta agus/nó lena bhforbairt ghairmiúil féin. Bíonn iarratais a thagann faoin gcatagóir seo i dteideal lamháltas a fháil ar tháille inmheánach na gclár a chuireann OÉ Gaillimh ar fáil. I gcás clár seachtrach, ba cheart cás gnó a dhéanamh.

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh chuig láithreán gréasáin Oifig Forbartha na hEagraíochta agus na gComhaltaí Foirne: www.nuigalway.ie/staff-development/fundingsupports/fep/

Scéim chun cabhrú le Léachtóirí (os cionn agus faoi bhun an bhaic) tabhairt faoi chlár PhD agus é a chur i gcrích Measann an Ollscoil go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh céim PhD nó a comhionann bainte amach ag comhaltaí foirne acadúla chun críocha a gcuid taighde pearsanta, ar mhaithe le feabhas a chur ar a gcumas mic léinn i mbun cláir thaighde a stiúradh agus ar mhaithe le cláir mhúinte atá bunaithe ar thaighde a fhorbairt agus a sholáthar. Chuige sin, tá clár curtha ar bun ag an Ollscoil chun tacú le comhaltaí foirne acadúla i bpost léachtóra (os cionn nó faoi bhun an bhaic) ar mian leo tús a chur nó leanúint le PhD nó clár comhionann. Déanfar an scéim a eagrú agus a riar agus iarracht á déanamh gan ualach míchuí a chur ar chomhaltaí foirne acadúla eile, ar mhic léinn ná ar an Ollscoil i gcoitinne.

Bainfidh rannpháirtithe ar an gclár tacaíochta PhD tairbhe as an Scéim Polasaí Breisoideachais (FEP) maidir lena gcuid táillí PhD a íoc, nó cuid díobh, de réir théarmaí na Scéime FEP.

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh chuig láithreán gréasáin Oifig an Mheabhránaí agus Uachtaráin Ionaid: www.nuigalway.ie/registrar/Forms.html

(15)

Page 18: Lámhleabhar na gComhaltaí Foirne - NUI Galway · Staff Handbook2015c_Layout 1 22/06/2015 09:10 Page 2 . Cuireann Aonad Forbartha na hEagraíochta agus na gComhaltaí Foirne an lámhleabhar

Staff Handbook2015c_Layout 1 22/06/2015 09:11 Page 16

Saoráidí agus Seirbhísí an Champais Eolas faoi Lóistín Tá leathanach lóistín ar láithreán gréasáin na hOllscoile ag: www.nuigalway.ie/student-life/accommodation/

Déileálann sé den chuid is mó le lóistín do mhic léinn ar an gcampas ach tá naisc úsáideacha air chomh maith le comhairle maidir le lóistín a chuardach. Is nuachtán áitiúil é an Galway Advertiser agus tá sé ar fáil ar líne. Tá liosta cuimsitheach lóistín príobháideach atá ar cíos go gearrthréimhseach agus go fadtréimhseach ar fáil ann agus tá uimhreacha teagmhála ann chomh maith do ghníomhaireachtaí lóistín. Seo é an láithreán gréasáin: ww.advertiser.ie

Chun eolas a fháil maidir le teach a cheannach, tá na láithreáin ghréasáin a leanas úsáideach: www.myhome.ie nó www.daft.ie

An Dánlann Tá Dánlann na hOllscoile suite sa Chearnóg agus bíonn réimse d’amharcthaispeántáin spéisiúla le feiceáil ansin i rith na bliana acadúla. Tá fáilte roimh na mic léinn, an fhoireann agus an pobal ginearálta chun cuairt a thabhairt ar an Dánlann agus sult a bhaint as a clár amhairc ilghnéitheach. Tá an Dánlann lonnaithe sa Chearnóg.

Seirbhísí Closamhairc Tá an tseirbhís Closamhairc lonnaithe laistigh de CELT agus cuireann sí trealamh bunúsach closamhairc ar fáil agus déanann sí é a chothabháil sna téatair léachtaí agus in ionaid ar leith eile ar an gcampas.

Lena chois sin, tá líon beag trealaimh ag an tseirbhís Closamhairc le ligean ar cíos, is é sin, teilgeoirí sonraí, ceamthaifeadáin, seinnteoirí físeán agus crua-earraí eile. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin tseirbhís nó chun trealamh a chur in áirithe, seol rphost chuig [email protected] nó téigh ar an láithreán gréasáin ar www.nuigalway.ie/celt

(16)

Page 19: Lámhleabhar na gComhaltaí Foirne - NUI Galway · Staff Handbook2015c_Layout 1 22/06/2015 09:10 Page 2 . Cuireann Aonad Forbartha na hEagraíochta agus na gComhaltaí Foirne an lámhleabhar

Staff Handbook2015c_Layout 1 22/06/2015 09:11 Page 17

Blackboard Is é Blackboard Timpeallacht Fhíorúil Foghlama na hOllscoile. Cuireann an timpeallacht fhíorúil foghlama meán ar fáil a thacaíonn le gníomhaíochtaí teagaisc agus foghlama, measúnú agus scrúdú san áireamh. Chun tosú ag obair le Blackboard, téigh chuig: www.nuigalway.ie/blackboard/

Oifig na bhFoirgneamh Tá Oifig na bhFoirgneamh in OÉ Gaillimh freagrach as eastát na hollscoile (foirgnimh agus tailte) a phleanáil, a fhorbairt, a chothabháil agus a bhainistiú. Is féidir na seirbhísí a chuireann Oifig na bhFoirgneamh ar chur sna catagóirí seo a leanas: • An Timpeallacht • Pleanáil & Forbairt • Oibríochtaí & Tionscadail Chothabhála • Bainistíocht Saoráidí

Baineann Bainistíocht Saoráidí le bainistíocht spáis (seomraí cruinnithe a chur in áirithe), slándáil, seirbhísí maoirseachta, bainistíocht ar bhogadh ábhair/oifigí, bainistíocht imeachtaí etc. I ngach Scoil nó Oifig, tá duine ceaptha ina t(h)eagmhálaí d’Oifig na bhFoirgneamh agus déileálann an duine sin go díreach le hOifig na bhFoirgneamh.

Féadfaidh tú do chuid riachtanas a phlé leis an duine sin nó féachaint ar leathanach gréasáin Oifig na bhFoirgneamh ar: www.nuigalway.ie/buildings

An Siopa Leabhar Tá Siopa Leabhar na hOllscoile lonnaithe san íoslach faoi bhun Leabharlann Shéamais Uí Argadáin. Tá an chuid is mó de leabhair na gcúrsaí ar fáil anseo ach má theastaíonn tuilleadh is féidir iad a ordú. Tá rogha leathan de leabhair thrádála, acadúla agus leabhair faoi chlúdach bog ar fáil sa siopa chomh maith. Is féidir íocaíocht a dhéanamh le hairgead tirim, le cárta creidmheasa, nó d’ábhair institiúideacha, le sonrasc.

Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an siopa leabhar ag an bhfolíne: 2599.

Áiseanna Lónadóireachta an Champais Tá 15 áis lónadóireachta ar an gcampas faoi stiúir ceathrar lónadóirí éagsúla.

Bialanna faoi stiúir Aramark: • An Bhialann • Subway • Áras Dán na Mílaoise

Rphost: [email protected]

Bialanna faoi stiúir Masterchef: • Moffetts • Coffee on Line • Eolaíochtaí Cliniciúla • Club na gComhaltaí Foirne

Rphost: [email protected]

Bialanna faoi stiúir Lónadóireacht Chomhaltas na Mac Léinn: • Lónadóireacht Bheár an Choláiste • Smokey Joe’s • Áras na Gaeilge • The Wall Café • The Hub

Rphost: [email protected]

Bialanna faoi stiúir Cafe Togo: • Friars • Caifé DERI • Caifé Zinc

Rphost: [email protected]

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi áiseanna lónadóireachta na hOllscoile, téigh chuig: www.nuigalway.ie/catering- services/campuscaterers/

Áiseanna Comhdhála Is ionad iontach í OÉ Gaillimh do chomhdhálacha agus d’imeachtaí, le réimse seomraí chun freastal ar imeachtaí beaga agus móra, áiseanna lónadóireachta agus áiseanna lóistín. Is féidir leis na comhaltaí foirne in oifig comhdhála na hOllscoile cabhrú le pleanáil agus eagrú imeachtaí, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an oifig ar: Teil: 091 492 264 Facs: 091 494 512 Rphost: [email protected]

An Oifig Sláinte & Sábháilteachta Is é polasaí OÉ Gaillimh timpeallacht oibre shábháilte agus shláintiúil a chur ar fáil, trí réimse beart agus trí thiomantas gníomhach na gcomhaltaí foirne agus na mac léinn uile maidir le cúrsaí sábháilteachta ina gcuid gníomhaíochtaí ar fad. Is ar mhaithe le gach comhalta foirne de chuid na hollscoile atá sé seo agus is ceanglas dlíthiúil é faoin Acht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair, 2005 agus rialacháin ghaolmhara. Chun é seo a bhaint amach tá achoimre ar na príomhbhearta a theastaíonn: • Ullmhaíonn agus cuireann an Ollscoil plean

bainistíochta sábháilteachta mionsonraithe i bhfeidhm ar a dtugtar an Ráiteas Sábháilteachta. Tugann sé seo sonraí ar leith ar ghuaiseacha san ionad oibre, conas a dhéantar iad a bhainistiú agus cé atá freagrach astu. In OÉ Gaillimh tá príomhcháipéis polasaí maidir le ráiteas sábháilteachta, agus ullmhaíonn gach Coláiste/Scoil/Institiúid Taighde/Seirbhís Tacaíochta a ráiteas sonrach sábháilteachta féin. Ní mór do gach fostaí a bheith ar an eolas faoi mhíreanna an Ráitis Sábháilteachta a bhaineann leo féin.

• Caithfidh an Ollscoil mar ionad oibre measúnú a

dhéanamh ar chomh dáiríre is atá guaiseacha agus an bhfuil siad á mbainistiú go cuí. Tugtar measúnú riosca air seo agus is cuid den Ráiteas Sábháilteachta é. Chomh maith leis sin, caithfear measúnú riosca ar leith a dhéanamh ar rioscaí sonracha cosúil le ceimicí, lóid a láimhseáil e.g. má oibríonn tú go rialta ar ríomhaire ba cheart go ndéanfaí measúnú ar do stáisiún oibre go gairid tar éis duit tosú agus ba cheart duit tástáil a dhéanamh ar do chuid súl chomh maith (féach “Tástáil Radhairc” ar an láithreán gréasáin).

(17)

Page 20: Lámhleabhar na gComhaltaí Foirne - NUI Galway · Staff Handbook2015c_Layout 1 22/06/2015 09:10 Page 2 . Cuireann Aonad Forbartha na hEagraíochta agus na gComhaltaí Foirne an lámhleabhar

• Is timpeallacht sách sábháilte í an Ollscoil, ach mar

gheall ar an líon daoine agus réimse guaiseacha, is féidir le héigeandálacha teacht chun cinn. Caithfidh fios a bheith ag gach comhalta foirne céard ba cheart dó/di a dhéanamh i gcás tine nó i gcás éigeandáil leighis, agus i dtimpeallachtaí speisialaithe caithfidh comhaltaí foirne a bheith ullamh do dhoirteadh ceimiceach, etc. Tá go leor den eolas seo ar taispeáint go poiblí cosúil le Nósanna Imeachta Dóiteáin, póstaeir do Theagmhálacha Sábháilteachta, agus tá tuilleadh sonraí ar fáil ar an láithreán gréasáin. • Oiliúint Sábháilteachta - Tá sé riachtanach eolas,

oiliúint agus treoir a chur ar fáil chun sábháilteacht, sláinte agus leas na bhfostaithe ag an obair a chinntiú. Tá na cláir oiliúna atá ar fáil liostaithe ar láithreán gréasáin Aonad Forbartha na hEagraíochta agus na gComhaltaí Foirne, www.nuigalway.ie/staffdevelopment

• Déanann Ionadaithe Sábháilteachta ionadaíocht ar

fhostaithe i gcomhar le OÉ Gaillimh mar fhostóir ar chúrsaí sábháilteachta, sláinte agus leasa san ionad oibre. Laistigh de OÉ Gaillimh tá ochtar Ionadaithe Sábháilteachta agus tá feidhmeanna ar leith acu mar atá leagtha amach in Alt 25 agus 26 den Acht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair, 2005. I gcásanna go leor, tá córais i bhfeidhm cheana féin chun déileáil le ceisteanna sábháilteachta nó chun fiosrúcháin sábháilteachta a fhreagairt (féach www.nuigalway/healthsaf/), ach i gcásanna eile b’fhéidir go mbeifeá ag iarraidh an cheist a phlé le d’Ionadaí Sábháilteachta.

• Tá lámhleabhar foirne “Riachtanais

Sábháilteachta” ar fáil a thugann níos mó eolais ar shocruithe sábháilteachta OÉ Gaillimh.

Chun tuilleadh eolais a fháil fúthu seo agus faoi sheirbhísí sábháilteachta eile don ionad oibre in OÉ Gaillimh féach www.nuigalway.ie/healthsaf/

Leabharlann Shéamais Uí Argadáin Is í an Leabharlann do bhealach isteach chuig eolas faoi go leor topaicí, bíodh sin má thagann tú isteach go pearsanta nó má théann tú ar líne. Tá os cionn 440,000 leabhar i gcló agus 350,000 i bhformáid leictreonach, chomh maith le 31,000 ríomhiriseán agus réimse foinsí eile eolais, lena n-áirítear nuachtáin, DVDanna, foilseacháin rialtais agus cartlanna. Tá os cionn 1500 áit léitheoireachta ar fáil, agus rochtain gan sreang ar fud an fhoirgnimh le húsáid ar ríomhairí glúine agus ar ghléasanna móibíleacha eile. Is féidir teacht ar bhailiúcháin ar líne ón mbaile trí leas a bhaint as an tseirbhís rochtana lasmuigh den champas.

Cuirtear réimse leathan imeachtaí agus cláir oiliúna agus scileanna faisnéise ar fáil sa Leabharlann. Is féidir leo seo freastal ar riachtanais éagsúla, agus tá seisiúin ar fáil do ghrúpaí nó do dhaoine aonair agus cuirtear cinn ar fáil ar líne chomh maith. Cuimsíonn oiliúint úsáid foinsí eolais ar líne agus aimsiú éifeachtach acmhainní, chomh maith le conas do chuid tagairtí a bhainistiú. Tá tuilleadh eolais agus sonraí teagmhála foirne ar fáil ar láithreán gréasáin na Leabharlainne ar www.library.nuigalway.ie

Deasc Freastail na Leabharlainne agus IT Cuireann an Deasc Freastail seo comhairle agus tacaíocht den chéad scoth ar fáil do mhic léinn agus do chomhaltaí foirne ar sheirbhísí Leabharlainne agus ar sheirbhísí IT. Tá an Deasc Freastail lonnaithe i bhforhalla Leabharlann Shéamais Uí Argadáin.

Is féidir leis na comhaltaí foirne ag an Deasc Freastail cuidiú leat ar na hábhair seo a leanas – • Ainm Úsáideora / Pasfhocail – Cuntais campais,

ríomhphoist agus Leabharlainne • Iasachtaí Leabhar – Eisiúint agus Athiasachtaí • Priontáil / Cóipeáil / Scanadh • Tacaíocht do Ríomhphost OÉ Gaillimh (Mic Léinn &

Comhaltaí Foirne) • Rochtain WiFi (NUIGWiFi / EduRoam)

Ceisteanna faoi Blackboard • Oiliúint ar úsáid na Leabharlainne • Bogearraí

Acmhainní eolais clóite agus ar líne a aimsiú agus a úsáid Eolas faoi Sheirbhísí Leabharlainne agus IT Chun iarratas a dhéanamh ar thacaíocht, logáil isteach ar https://servicedesk.nuigalway.ie/

Suíomh na hOifige: Forhalla Leabharlann Shéamais Uí Argadáin Uaireanta oscailte na Leabharlainne: Uaireanta Oscailte na Leabharlainne Folíne: 5777 Seoladh ríomhphoist: [email protected]

An tIonad Seirbhísí Poist Cuirtear seirbhís poist ollscoile ar fáil san Ionad Seirbhísí Poist, atá lonnaithe in aice le hÁras Uí Chathail. I measc na seirbhísí a chuirtear ar fáil tá frainceáil, seachadadh agus bailiú poist. Uaireanta oscailte: Luan go hAoine: 8:30a.m. – 5:30p.m

Bainistíocht Soghluaisteachta & Páirceáil Tá Córas Bainistíochta Páirceála i bhfeidhm san Ollscoil. Tá cineálacha éagsúla ceadúnas (a bhfuil táille ag baint leo) ar fáil agus bíonn clampáil i bhfeidhm idir 0830 agus 1730, Luan go hAoine le cinntiú go gcloítear leis an gcóras. Féadfaidh comhaltaí foirne le conradh foirmiúil scríofa fostaíochta iarratas a dhéanamh ar cheadúnas, agus is féidir leat dhá chláruimhir a chur ar gach ceadúnas.

Gnéithe grúpa eile le cur san áireamh: • Féadfaidh comhaltaí foirne ó chuideachtaí atá

lonnaithe anseo go buan, a bhfuil comhaontuithe foirmiúla leibhéil seirbhíse acu leis an Ollscoil (e.g. cuideachtaí glantacháin nó lónadóireachta) iarratas a dhéanamh trína stiúrthóir chuig Oifig na bhFoirgneamh. • Féadfaidh tiománaithe atá ag úsáid na naíolainne, agus

nach bhfuil sna catagóirí thuas, an láthair thuirlingthe in aice na naíolainne a úsáid. • Is féidir le cuairteoirí chun na hOllscoile úsáid a bhaint

as spásanna ‘íoc agus taispeáin’. (Tabhair faoi deara: Caithfidh aon fheithicil a úsáideann spás ‘íoc agus taispeáin’ ticéad bailí ‘íoc agus taispeáin’ a thaispeáint, is cuma má tá ceadúnas páirceála acu nó mura bhfuil, agus ní féidir páirceáil ach sna spásanna marcáilte le línte gorma)

Má tá tú i dteideal iarratas a dhéanamh ar cheadúnas, caithfidh tú foirm iarratais a líonadh (ar fáil le híoslódáil ar líne nó ón oifig thíos).

(18)

Page 21: Lámhleabhar na gComhaltaí Foirne - NUI Galway · Staff Handbook2015c_Layout 1 22/06/2015 09:10 Page 2 . Cuireann Aonad Forbartha na hEagraíochta agus na gComhaltaí Foirne an lámhleabhar

Staff Handbook2015c_Layout 1 22/06/2015 09:11 Page 19

Tá breis eolais ar fáil faoin gcóras Páirceála ar an láithreán gréasáin seo a leanas: www.nuigalway.ie/parking

An Chógaslann Tá cógaslann Matt O’Flaherty lonnaithe in Áras Uí Argadáin.

Seirbhísí Priontála Is é Print That an siopa priontála agus cóipeála atá lonnaithe i bhFoirgneamh na nDán/na hEolaíochta (in aice le Smokey Joe's). I measc na seirbhísí tá: • fótachóipeáil • lámhleabhar mac léinn • cumhdach • lannú • dearadh grafach • priontáil dhigiteach • póstaeir mhóra chomhdhála • comharthaíocht laistigh agus lasmuigh • meirgí rollacha

Sonraí teagmhála: Teil: 091 492 350 / 493 865 Facs: 091 494 571 Láithreán Gréasáin: http://printthat.nuigalway.ie/

Seirbhísí Slándála ar an gCampas Is seirbhís 24/7 í an tSeirbhís Slándála. Is fostaithe intí a bhíonn ar dualgas slándála i rith an lae agus bíonn fostaithe ó chuideachta slándála ar conradh ar dualgas san oíche agus ag an deireadh seachtaine. I measc na seirbhísí slándála tá: foirgnimh a oscailt agus a dhúnadh, patról coise agus veain mórthimpeall an champais, feidhmiú córas CCTV, córais rialaithe rochtana, rialú tráchta d’imeachtaí, eochracha a eisiúint agus teagmháil a dhéanamh leis an nGarda Síochána más gá.

Tá an tseirbhís lonnaithe ag Uimh. 14, Bóthar na Drioglainne. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an tSeirbhís Slándála am ar bith ar na huimhreacha seo a leanas: Líne dhíreach: 091-492198 Folíne: 2198 Éigeandáil: 3333 Má bhíonn an fhoireann Slándála ar phatról, téann na folínte 2198 agus 3333 ar aghaidh chuig fón póca, tógann sé cúpla soicind an nasc seo a dhéanamh de ghnáth.

Áiseanna Spóirt agus Áineasa ar an gCampas Is cuid lárnach den saol in OÉ Gaillimh é an spórt; bíodh tú i do lúthchleasaí gairmiúil nó i d’amaitéarach díograiseach, tá rud éigin ar fáil duit. D’oscail Ionad Spóirt na hOllscoile i mí Mheán Fómhair 2008 agus tá na háiseanna a leanas ar fáil ann:

• Linn snámha 6-lána, 25m, inar féidir an t-urlár a ardú agus a ísliú

• Halla spóirt – trí chúirt cispheile (12 badmantan) • Cúirteanna scuaise agus raicéadaíochta • Balla dreapadóireachta • Limistéar lucht féachana • Sabhna & seomra gaile taobh leis an linn snámha • Sabhnaí agus folcadáin oighir sna seomraí feistis

taobh leis an ngiomnáisiam • Cithfholcthaí sna seomraí feistis ar fad • Seomra feistis taobh leis an linn snámha agus

bothanna feistis do theaghlaigh

• Stiúideonna damhsa, aeróbaice etc. • Giomnáisiam mór • Limistéar sólaistí • Áiseanna comhdhála

I measc na n-áiseanna eile tá: áiseanna spóirt uisce ag Oileán an Iarla; cúirteanna leadóige i bPáirc an Choláiste agus i mBaile na Coiribe (baile na mac léinn); agus an tIonad Spóirt sa Daingean.

Club na gComhaltaí Foirne Tá Club na gComhaltaí Foirne oscailte do gach comhalta foirne agus tá sé lonnaithe sa Chearnóg.

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh chuig an láithreán gréasáin seo a leanas: www.nuigalway.ie/socialclub

Club Sóisialta na gComhaltaí Foirne Tá Club Sóisialta na gComhaltaí Foirne oscailte do gach comhalta foirne.

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh chuig an láithreán gréasáin seo a leanas: www.nuigalway.ie/socialclub

Siopa Chomhaltas na Mac Léinn Lonnaithe in íoslach na Leabharlainne. Luan – Aoine 8a.m. – 9p.m. (Dé hAoine 6:30p.m*.) Dé Sathairn 10a.m. – 5p.m.

An Malartán Diailigh 0 chun teacht ar an malartán. Feidhmíonn an malartán le linn ghnáthuaireanta na hOllscoile ó 9:15a.m. go 1:00p.m. agus ó 2:15p.m. go 5.15p.m

An tSeirbhís Aistriúcháin Cuireann an tSeirbhís Aistriúcháin seirbhís aistriúcháin agus sainchomhairle teanga ar fáil don Ollscoil a chuireann ar a cumas a dualgais reachtúla maidir leis an dátheangachas a chomhlíonadh.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na seirbhísí, téigh chuig an láithreán gréasáin: www.acadamh.ie/seirbhisi_ar_line/ seirbhis_aistriuchain.html

(19)

Page 22: Lámhleabhar na gComhaltaí Foirne - NUI Galway · Staff Handbook2015c_Layout 1 22/06/2015 09:10 Page 2 . Cuireann Aonad Forbartha na hEagraíochta agus na gComhaltaí Foirne an lámhleabhar

Staff Handbook2015c_Layout 1 22/06/2015 09:11 Page 20

Page 23: Lámhleabhar na gComhaltaí Foirne - NUI Galway · Staff Handbook2015c_Layout 1 22/06/2015 09:10 Page 2 . Cuireann Aonad Forbartha na hEagraíochta agus na gComhaltaí Foirne an lámhleabhar

Staff Handbook2015c_Layout 1 22/06/2015 09:11 Page 21

Page 24: Lámhleabhar na gComhaltaí Foirne - NUI Galway · Staff Handbook2015c_Layout 1 22/06/2015 09:10 Page 2 . Cuireann Aonad Forbartha na hEagraíochta agus na gComhaltaí Foirne an lámhleabhar

Staff Handbook2015c_Layout 1 22/06/2015 09:11 Page 22

Organisation and Staff Development | Forbairt na hEagraíochta agus na gComhaltaí Foirne Website/Láithreán Gréasáin: www.nuigalway.ie/staffdevelopment Email/Ríomhphost: [email protected]