lo res imram may 2015 6pp dl brochure v3

6
IMEACHTAí IMRAM I Mí NA BEALTAINE 2015 IMRAM EVENTS FOR MAY 2015 COGAI `

Upload: kieran-nolan

Post on 22-Jul-2016

233 views

Category:

Documents


5 download

DESCRIPTION

Imeachtaí Imram i mí na Bealtaine 2015. Imram's programme of events for May 2015.

TRANSCRIPT

Page 1: Lo res imram may 2015 6pp dl brochure v3

IMEACHTAí IMRAM I Mí NA BEALTAINE 2015

IMRAM EVENTS FOR MAY 2015

COGAI`

Page 2: Lo res imram may 2015 6pp dl brochure v3

dé mÁIrT

28 aIBrEÁn

dé mÁIrT

5 BEaLTaInE

dé LUaIn

18 BEaLTaInE

dé mÁIrT

19 BEaLTaInE

déardaoIn

21 BEaLTaInE

dé haoInE

22 BEaLTaInE

Tuesday 28 April | 7.00pm | Saorchead isteach/adm. free

BUaIL LEIS an Údar:

frank rEIdyÁRAS NA SCRíBHNEOIRí/IRISH WRITERS CENTRE19 Cearnóg Pharnell, BÁC 2 | 19 Parnell Square, Dublin 2Irish Writers Centre in association with Imram

Tuesday 5 May | 7.00pm | Saorchead isteach/adm. free

BUaIL LEIS an Údar:

LIam maC CÓILÁRAS NA SCRíBHNEOIRí/IRISH WRITERS CENTREIrish Writers Centre in association with Imram

Monday 18 May | 6.00pm | Ticéid: e5 ilfdublin.com

SCéInSéIrí STaIrIÚLaThrILLIng hISTorIESAN SIOPA LEABHAR6 Sráid Fhearchair, BÁC 2 | 6 Harcourt Street, Dublin 2Irish Writers Centre in association with Imram and International Literature Festival Dublin

Tuesday 19 May | 8.00pm | Ticéid: e10/8 ilfdublin.com

CogaíWarS: a mULTImEdIa danCE PErformanCE SCOIL NA mBuACHAILLí, SCABHAT SMOCk 6–7 Sráid an Mhalartáin íocht., Baile Átha Cliath 8The Boys School, Smock Alley, 6–7 Exchange St Lr, Dublin 8International Literature Festival Dublin in association with Imram

Thursday 21 May | 8.00pm | Ticéid: e10/8 ilfdublin.com

CUISLE TIonSCadaL dordfhILíoChTa PULSE: ThE PoEmS and BaSS ProjECTSCOIL NA mBuACHAILLí, SCABHAT SMOCk International Literature Festival Dublin in association with Imram

Friday 22 May | 8.00pm | Ticéid: e10/8 ilfdublin.com

Cré na CILLETIonSCadaL an ChadhnaIgh ThE dIrTy dUST: ThE Ó CadhaIn ProjECTSCOIL NA mBuACHAILLí, SCABHAT SMOCk International Literature Festival Dublin in association with Imram

Page 3: Lo res imram may 2015 6pp dl brochure v3

BUaIL LEIS an Údar:frank rEIdydé mÁIrT 28 aIBrEÁn | 7.00pm | IrISh WrITErS CEnTrE

Bhuaigh Ó Chósta go Cósta le Frank Reidy Gradam uí Shúilleabháin 2010. Iar-Oifigeach Airm é Frank agus cur síos atá sa leabhar sin ar phobal is ar thírdhreach Oirthear na hAfraice. Leabhar taistil is ea é atá scríofa go hálainn agus maisithe go fial. Seolann an t-údar in dhow traidisiúnta agus eolas á chur aige ar chósta na Céinia; tugann sé cuairt ar mhamó Bharack Obama; téann ar safáraí; filleann ar Ruanda an áir, an tír ina raibh sé ag obair le fórsaí na Náisún Aontaithe sa bhliain 1994. Sa leabhar Seal san Aetóip: Sa Tóir ar Áirc an Chonartha, leanann sé conair Áirc an Bhíobla ó Iarúsailéim go dtí an Aetóip. Déanann sé staidéar ar ról lárnach na hÁirce i stair agus i gcultúr na hAetóipe agus nochtann meon áthasach na ndaoine ann. Tar éis dó labhairt faoina chamchuairteanna, beidh Frank i gcomhrá le fear an tí Cathal Póirtéir agus beidh deis ag an lucht éisteachta ceisteanna deacra a chur air!

Frank Reidy’s Ó Chósta go Cósta explores the people and landscapes of Eastern Africa. In Seal san Aetóip: Sa Tóir ar Áirc an Chonartha, he follows the trail of the fabled Biblical Ark of the Covenant. After a lively talk about his travels, Frank will join MC Cathal Poirtéir in conversation, with the audience invited to join in.

BUaIL LEIS an Údar:LIam maC CÓILdé mÁIrT 5 BEaLTaInE | 7.00pm | IrISh WrITErS CEnTrE

Stíleoir par excellence é Liam Mac Cóil agus duine de na scríbhneoirí is breátha sa tír, i gceachtar den dá theanga. Thuill a chéad úrscéal An Dochtúir Áthas an-chlú dó as an meascán meisciúil den fhicsean bleachtaireachta agus den anailís Fhreudach. Is gaisce é an t-úrscéal stairiúil aige An Litir agus níos mó na gaisceoireacht ann. D’fhéadfaí an rud céanna a rá faoi Fontenoy, úrscéal stairiúil eile ar maisiú ar an seánra é. Léifidh Liam as a shaothar dúinn anocht agus ina dhiaidh sin beidh sé féin agus Cathal Póirtéir i mbun comhrá.

A prose stylist par excellence, Liam Mac Cóil is one of Ireland’s finest writers in any language. His acclaimed historical novels include Fontenoy and An Litir. Liam Mac Cóil is also the author of An Chláirseach agus an Choróin, a tour-de-force biographical study of composer Charles Villiers Standford. After reading from his work tonight, Liam will join MC Cathal Poirtéir in conversation, with the audience invited to join in.

Page 4: Lo res imram may 2015 6pp dl brochure v3

SCéInSéIrí STaIrIÚLaThrILLIng hISTorIESdé LUaIn 18 BEaLTaInE | 6.00pm | an SIoPa LEaBhar

Tá an-éileamh go deo ar fhicsean stairiúil le blianta beaga anuas agus tá an tóir chéanna air as Gaeilge agus atá air as Béarla. Bígí linn le haghaidh díospóireacht bhríomhar phainéil le Cathal Póirtéir mar chathaoirleach uirthi ina ndéanfar plé ar chuile rud ó Chath Fontenoy go húrscéalta bleachtaireachta atá spreagtha ag gnéithe áirithe den stair. I measc na bpainéalaithe beidh Liam Mac Cóil, údar Fontenoy, a bhí ar ghearrliosta na Comhairle Ealaíona le déanaí le haghaidh an Laureate i gComhair Ficsean Éireannach, Darach Ó Scolaí, údar An Cléireach a bhuaigh Gradam uí Shúilleabháin, Gradam Leabhar na Bliana i 2008 agus Seán Ó Dúrois, údar Rí na gCearrbhach agus Crann Smóla.

Historical fiction has stormed the bookshelves in recent years and is as popular in the Irish language as in English. Join us for a lively panel, chaired by Cathal Póirtéir, that will discuss everything from the Battle of Fontenoy to historically inspired detective novels. Panelists include: Liam Mac Cóil, author of Fontenoy; Darach Ó Scolaí, author of An Cléireach; and Seán Ó Dúrois (Rí na gCearrbhach and Crann Smola).

CogaíWarS: a mULTImEdIa danCE PErformanCEdé mÁIrT 19 BEaLTaInE | 8.00pm | BoyS’ SChooL, SmoCk aLLEy

Damhsa, ceol, prós, íomhánna ar scáileán – léiriú ar an gcogaíocht agus ar an bhforéigean síoraí, bunaithe ar chnuasach gearrscéalta den teideal céanna le Dáithí Ó Muirí. Páirteach ann tá Fearghus Ó Conchúir, rinceoir agus fear cóirithe rince, giotáraí agus cumadóir Enda Reilly, agus Margaret Lonergan a bheidh i mbun na n-íomhánna scáileáin.

Exploring the theme of unending war and violence, Cogaí is a stunning multi-media show that fuses dance, music, prose and screen projections – and is based on the short story collection of the same title by Dáithí Ó Muirí. It features acclaimed dancer and choreographer Fearghus Ó Conchúir, guitarist and composer Enda Reilly and screen projections created by Margaret Lonergan. Curated by Liam Carson.

Page 5: Lo res imram may 2015 6pp dl brochure v3

CUISLE TIonSCadaL dordfhILíoChTa PULSE: ThE PoEmS and BaSS ProjECTdéardaoIn 21 BEaLTaInE | 8.00pm | BoyS’ SChooL, SmoCk aLLEy

Oíche speisialta ina mbeidh filí ag léamh/rapáil/caint is gan de thionlacan acu ach dordghiotáir. I measc na bhfilí beidh Marcus Mac Conghail, Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Liam Ó Muirthile, agus Séamus Barra Ó Súilleabháin. Is iad na hoirfidigh ar an ngiotár ná Martin Brunsden (a sheinn le leithéidí Sinéad O’Connor, PJ Harvey agus Iarla Ó Lionáird), Neville Lloyd agus Eoin O’Brien.

A magical night in which poets read/rap/talk to the sole accompaniment of bass guitars, both acoustic and electric. Poets include Marcus Mac Conghail, Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Liam Ó Muirthile and Séamus Barra Ó Súilleabháin. The bass players are Martin Brunsden (who has played with Sinéad O’Connor, PJ Harvey and Iarla Ó Lionáird), Neville Lloyd and Eoin O’Brien. Curated by Liam Carson.

Cré na CILLETIonSCadaL an ChadhnaIgh ThE dIrTy dUST: ThE Ó CadhaIn ProjECTdé haoInE 22 BEaLTaInE | 8.00pm | BoyS’ SChooL, SmoCk aLLEy

Is dóigh le cách gurb é Cré na Cille príomhúrscéal na Gaeilge. Faoin bhfód atá na carachtair ach leanann siad leo ag cabaireacht agus ag tabhairt amach an t-am ar fad, an chúlchaint chéanna a bhí ar siúl acu i dtír na mbeo.

Máirtín Ó Cadhain’s Cré na Cille is consistently ranked as the most important novel in Irish. Its characters all lie dead in the graveyard, but continue the banter, backbiting and petty gossip that characterised their lives. This multi-media bi-lingual show features brilliant English versions by Alan Titley, from his just-published translation The Dirty Dust, and by Liam Mac Con Iomaire, who has collaborated with Tim Robinson on their forthcoming version, Graveyard Clay. The show features music composed and performed by Rossa Ó Snodaigh, and screen projections by Margaret Lonergan. Curated by Liam Carson.

Page 6: Lo res imram may 2015 6pp dl brochure v3

Aidhm IMRAM saibhreas na litríochta Gaeilge comhaimseartha a roinnt le cách agus an pobal a thabhairt linn ar aistear mistéireach.

Prós. Filíocht. Ceol. An focal labhartha. An focal scríofa. Idir shúgradh is dáiríre. Suímh éagsúla ar fud na hardchathrach.

Bímis ag léamh, bímis ag iomramh!

IMRAM aims to bring its audiences on a ‘voyage of discovery’ that reveals the rich diversity of modern Irish language literature through a programme of eclectic events that blend poetry, prose, film, drama

and music in lively, upbeat venues.

Buíochas/thanks: Martin Colthorpe, Ray Yeates and Aimée Van Wylick, Féile Litríochta Idirnaisiúnta Bhaile Átha Cliath/International Literature Festival Dublin; Valerie Bistany and Amy Herron, Áras na Scríbhneoirí/

Irish Writers Centre; Cillian de Búrca, An Siopa Leabhar.

TUILLEadh EoLaIS/fUrThEr InformaTIon: Liam Carson r-phost/e-mail [email protected]

Fón/phone (087) 291 2797

WWW.IMRAM.IE |

A VOYAGE OF DISCOVERY

FÉILE LITRÍOCHTA GAEILGEIMRAMIRISH LANGUAGE LITERATURE FESTIVAL

DEARADH LE OLD TOWN

A VOYAGE OF DISCOVERY

COGAI