logainmneacha dinnseanchas - logainm.ie | bunachar ... · pointe na builge bullig mionghné talamh...
TRANSCRIPT
Logainmneacha &
Dinnseanchas
Réamhrá
Tá muidne inár gcónaí i dToraigh agus tá suim againn sna logainmneacha. Tá an scoil ag cruinniú logainmneacha le deich mbliana anuas ach seo an chéad uair a cuireadh le chéile iad. Sa tionscnamh seo bhain muid úsáid as léarscáil a rinne Eoghan Ó Fuaruisce, ó léarscáil a raibh scoláirí eile ag obair air agus as na logainmneacha a bhí cruinnithe ag an Dr Noel Ó hÚrmoltaigh dona leabhar ‘The Irish Of Tory Island’.
Léarscáil Thoraí
Logainmneacha Ainm Gaeilge Ainm Béarla Cineal áite Brí/ ciall
Aice Mhic an tSaoir Áit ghliomaigh Mhic a’ tSaoir
Aice Johnny Eoin Áit ghliomaigh Johnny Eoin
Áit saora Gabháltas saor
Na hÁiteacha Thiar Na gabháltais thiar
Na hÁiteacha láir Na gabháltais láir
Béal mór Bealach isteach beag
Béal beag Bealach isteach leathan
An Bhuilg mhór Carraig mhór faoi uisce
An Bhuilg Scrigeach Bulligscreegach Mionghné Áit chreagach faoi uisce
Builg an ‘Fairholm’ Creig faoi uisce ar ar briseadh an
‘Fair Holm’
Ainm Gaeilge Ainm Béarla Cineal áite Brí/ ciall
Na builgeacha beaga Creaga beaga faoi uisce
Builg na n-áiteacha Creig faoi uisce na ngabháltais
Builg na carraige fada Creig faoi uisce ag an charraig
fhada
An Bhuilg Creig faoi uisce
Builg Thóin an Mháis Bullighonawaush Mionghné Creig faoi uisce ag bun an bhogaigh
Builg Adharcaigh Creig faoi uisce cosúil le adharc
An Bhuilg Chaoch Creig faoi uisce atá doiligh a
fheiceáil
Builg Eoghan Néilí Creig faoi uisce Eoghan Néilí
An Bhuilg Bhán Creig gheal faoi uisce
Carn Mhic Fhloinn Carnán cloch Mhig Fhloinn
1
2
3
4
5
6
7
8
1. An Bhuilg 2. Builg an
Fairholm 3. An Bhuilg
Mhór 4. Builg Thóin
an Mháis 5. An Builg
Chaoch 6. Builg na
Carraige Beaga
7. Na Builgeacha Beaga
8. Builg na hÁiteachtaí
Builg
Ainm Gaeilge Ainm Béarla Cineal áite Brí/ ciall
Carn na nEach Carnán cloch na gcapall
Carn na Riabhóige Carnán cloch na
riabhóige(pipit)
Carn na nDuibhéan Carnán cloch na mbroigheall
Carraidh clocha
Carra Mhic Fhloinn Clocha Mhig Fhloinn
Carraig a’ Rópa Creig a bhfuil rópa ceangailte
de
Carraig an Tónagáin? Creig ar a mbíonn duine ag
sleamhnú ar a thóin?
Carraig a’ Mhullacháin Carrickavollaghan Carraig Creig an mhulláin
An Charraig fhada Carrickadda Carraig Creig fhada
Carraig is coinín Creig agus coinín/creig an
choinín?
Ainm Gaeilge Ainm Béarla Cineál áite Brí/ ciall
An chorr-charraig Creig léi féin
Creig Charlie Carraig Charlie
Creig Pheaidí Carraig Phaidí
Creig an Tincléar Carraig an tincléara
Creag Pheadair Carraig Pheadair
Creig Thor na mBan Carricknaman Carraig Carraig staca na mban
Creig Róise Bige Carraig Róise bige
An Cladach Bán Clocha geala ag an fharraige
Cladach an tslabhaic Clocha taobh leis an fharraige
ar a bhfásann
sleabhaic(feamainn inite)
Cladach bán cheann an locha Clocha geala ag barr an locha
Ainm Gaeilge Ainm Béarla Cineál áite Brí/ ciall
Faoin chladach Áit ag an fharraige
Sraith an chladaigh Seaview Sraith tithe taobh leis an
fharraige
Cloch na léimteach Cloch na léime
Cloch na feannóige Cloch a mbíodh feannóige le
feiceáil ann
Cloch na hUsaide Cloch a bhfuil cruth usaide aici
An Chloch chruinn Cloch atá cruinn
Cloch an Chú Cloch a bhfuil lorg chos an chú
nimhe le feiceáil uirthi
Feadán an Wasp Scoilt a dtáinig an Wasp
isteach
An Feadán mhór Scoilt mhór
Feadán an ‘Mhine’ Scoilt ar a dtáinig mineach
isteach
Feadán an WASP
Briseadh an HMS Wasp ar na creagacha ar chúl theach an tsolais ar an 12 meán Fómhair 1884. Bhí oíche dheas ann agus b’iontach mar a tharla sé. Deirtear gur thiontaigh na hoileánaigh cloch na mallachta agus gur sin an fáth. Bhí sí ar a bealach go Toraigh le cíos, nach raibh ag na hoileánaigh, a thógáil. Tá feadán an Wasp ar an áit a dteachaigh sí ar na creagacha.
HMS WASP 1884
Ainm Gaeilge Ainm Béarla Cineal áite Brí/ ciall
Fochair na leannán Talamh féaraigh na leannán
An fhochair mhór Nougherwore Mionghné Talamh mór féaraigh
An fhochair ó thuaidh Talamh féaraigh ar an taobh ó
thuaidh
An fhochair ó dheas Talamh féaraigh ar an taobh
dheas
Fochair na nUan Talamh féaraigh na n-uan
Fochair Ghearráin Eamon Uí
Dhubhgáin
Talamh féaraigh chapall
Éamonn uí Dhubhgáin
Gob ar scolb Creig ghéar ag gobadh amach
Gob an Leacaigh Leacacha ag gobadh amach
Lag an Cholbha Áit íseal ag an imeall
Lag an Reithe Lagrehy Mionghné Áit íseal an reithe
Ainm Gaeilge Ainm Béarla Cineal áite Brí/ ciall
Lag anáil na ndaoine Áit íseal anáil na ndaoine
Leac an Uisce Creig chothrom san uisce
Leac na nGrianradh Creaga cothroma a dtig an
ghrian orthu?
Leac na Leannán Wishing stone Mionghné Creig chothrom na leannán
Leac Thor a’chócha Creig chothrom staca an trup
Leac an Dúin Creig chothrom ar an dún
Leac an dá bhun Creig chothrom a bhfuil dhá
bhun aici
Leac an urchair
Creig chothrom an urchair
Leac na gcaorach Creig chothrom na gcaorach
Leic Ciúine Creig chothrom an ciúnais
Ainm Gaeilge Ainm Béarla Cineál áite Brí/ ciall
An leac leith Creig chothrom liath
Leac na mbonn Creig chothrom na mbonn
(airgead ?)
Leac an Toir Mhóir Creig chothrom ar an staca
mhór
An Leacach Áit a bhfuil go leor creaga
cothroma ann
Léana na Faiche Féar cothrom glas
Léana an mháis Féar cothrom glas an
bhogaigh
Léana an bháid mhóir Féar cothrom glas a raibh bád
mór air
Léana an tí mhóir Féar cothrom glas os comhair
an tí mhóir
Léana Rua Féar cothrom rua
An Léana Mór Áit mhór cothrom le féar
Ulaí Bhríde
Ainm Gaeilge Ainm Béarla Cineal áite Brí/ ciall
Loch ó thuaidh Lough Ahooey Loch Loch ar an taobh ó thuaidh
Loch ó Thoir Lough Aher Loch Loch ar an Cheann Thoir
Loch ó dheas Lough Ayes Loch Loch ar an taobh dheas
Ceann an locha Barr an locha
Mainnir na Muc Fál na Muc
Mainnir Scoilt Sheoirse Fál ag Scoilt Sheoirse
An Mhainnir mhór An fál mór
An Mhainnir bheag An fál beag
An Mhainir An Fál
Oileán Úna Cloch bheag amuigh san
fharraige le hÚna
Ainm Gaeilge Ainm Béarla Cineal áite Brí/ ciall
Oileán Mhaighréada Cloch bheag amuigh san
fharraige le Máiréad
Pointe Hughdaí Dhuibh Talamh ag síniú amach san
fharraige le Hughdaí Dubh
Pointe na Builge Bullig Mionghné Talamh ag síniú amach mar a
bhfuil creaga faoin fharraige
Pointe Mhac Sparáin Talamh ag síniú amach
ainmnithe as Mac Spáráin
Pointe Thaidhg Talamh ag síniú amach san
fharraige ainmnithe as Tadhg
Poll an Ghainimh Poll a bhfuil gaineamh ann
Poll na Buirfeach Áit óna séidtear amach an
fharraige
Poll na gCurrach Poll a mbíodh curacha ann
Poll Jeaic Góilín Jeaic
Poll an tsrathair Poll cosúil le srathair
Ainm Gaeilge Ainm Béarla Cineal áite Brí/ ciall
Poll an Lín Poll ina bhfuil líon
Poll an Riotáin Poll a ndeachaigh an Riotáin
isteach ann?
Poll an Dúin Poll faoin Dún
Poll na gCaorach Poll a mbíodh caoirigh ann
Poll na Buirfighe Ait a séidtear an fharraige
amach
Poll an Stacáin Poll an Toir aird
Poll an ime Poll ina bhfuarthas im
An Poll dubh Poll dorcha
Poll na mBallán Poll na mBallán ( iasc)
Poll an Chait Poll an chait
Poll dubh scoilt dheirg Poll dubh i scoilt Dearg
Ainm Gaeilge Ainm Béarla Cineal áite Brí/ ciall
Poll Thor na mBan Poll ag Tor na mBan
Poll an Choirce Poll ina raibh coirce ar fáil
Poll Mhichil Góilín Mhichíl
An Poll mór Poll mór
Poll an Earbhaill Poll ina bhfuarthas gual
Poll an rachta Poll a bhfuil feamainn ann/ poll a
bhfuil farraige mhire ann?
Na Poill Bhuidhe Poill atá buí
Poll an tobaca Poll ina bhfuarthas tobac
Poll an ‘chudgel’ Poll cosúil le cudgel?
Port Chaladh ó thuaidh Portachalla Mionghné Cuan ó thuaidh
1
2
3
4
5
6
7
1. Poll na mBallán
2. Poll an Dúin 3. Poll an Ime 4. Poll an Riotáin 5. Poll na
Buirfeach 6. An Poll Dubh 7. Poll an Stacáin
Poll
Ainm Gaeilge Ainm Béarla Cineal áite Brí/ ciall
Port Chaladh ó dheas Portachalla Mionghné Cuan ó dheas
Port a’ Dúin Port Doon Mionghné Cuan faoin Dún
Port Deilg /Doilg Portdellig Mionghné Cuan na deilge nó cuan
deacair?
An Port Mór Cuan mór
Port a Churraigh Cuan an churaigh
Poirtín a’ Ghlais Portnaglass Mionghné Cuan beag glas nó cuan an
Ghlais?
Rinn an Ghlámthair Rinnlafferty Mionghné Gob talaimh an trup / le
Laifeartaigh?
Rinn na gcrúbóg Gob talaimh mar a mbíonn
crúbóga
Rinn na nGiúróg Gob talaimh a mbíonn
faoilleoga óga ann
Rinn na mBallán dubh Gob talaimh na mballán dubh
(iasc)
Rinn na gcailín Gob na ngirseachaí
SCOILT AN MHÓIRSHEISIR Cuimhneacháin ar sheisear fear agus bean amháin a
tháinig i dtír i gcurach ag Scoilt an Mhórsheisir. Bhí siad ag iarraidh eolais fá Cholmcille. Nuair a cuireadh iad mar a d’ordaigh Colmcille, fuarthas corp na mná ar uachtar na huaighe lá arna mhárach, cuireadh arís í ach tharla an rud céanna an lá ina dhiaidh sin arís. Thuig Colmcille gur naomh í ansin agus mhol sé í a chur in uaighe léi féin.
Ainm Gaeilge Ainm Béarla Cineal áite Brí/ ciall
Rinn na Muiríní Rinnamurreeny Mionghné Gob talaimh a bhfuil muiríní
ag fás ann
Rinn na hUsaide Gob talaimh mar a bhfuarthas
usaid nó cosúil le husaid
Rinn na mBallán Gob talaimh a mbíonn ballán
fairsing ann
Rinn na gcorcra Gob talaimh atá corcra nó a
bhfuil bláthanna corcra ag fás
ann
Rinn Dhonnchaidh Eoghain Gob talaimh Dhonnchadh
Eoghain
An Rinn Ramhar Kinrawer? Mionghné Gob talaimh ramhar
Na Rannaigh Gob talaimh
Rannaigh na Roilleach Gob talaimh mar a bhfaighfear
Roilligh
Rannach Cheann an Phoirt Gob talaimh ag barr an phoirt
Tóin na Rannadh Bun na ngob
Scoilt an Mhóirsheisiúir Mionghné Góilín an tseachtair
Ainm Gaeilge Ainm Béarla Cineál áite Brí/ ciall
Scoilt an duilisc mhóir Góilín a bhfuil neart duilisc ann
Scoilt an Toir Bháin Góilín taobh an Toir Bháin
Scoilt na mairnéalach Scoltnamarlan Mionghné Góilín na mairnéalach
Scoilt an sealgóg Scoltnashellig Minghné Góilín na ngainéad?
Scoilt an tSagairt Scoltnasaggart Mionghné Góilín an tSagairt
Scoilt na Péiste Scoltnapaste Mionghné Góilín an mhíol mhóir
Scoilt an Toir Ghlais Góilín ag an Tor Glas
Scoilt na Binne Briste Góilín sa bhinn bhriste
Scoilt Uaimh na gCailín Góilín taobh le uaimh na
gCailín
An Scoilt Dhearg Scoltderg Mionghné An Góilín dearg
Ainm Gaeilge Ainm Béarla Cineal áite Brí/ ciall
An Scoilt Leathan An Góilín leathan
Scoilt Sheoirse Scolthshorsha Mionghné Góilín Sheoirse
An Chúl-scoilt An cúl-góilín
Scoilt Mhaighréada Scolt Mareade Mionghné Góilín Mhairéada
Scoilt an Mhuiriseáin Scoltmorris Mionghné Góilín an éin bhig dhoinn
Scoilt an bháid dheirg Góilín an bháid dheirg nó
mhaide deirg?
Scoilt an chubhair Góilín an chúir
Scoilt Róise bige Góilín Róise Bige
Scoilt an Ghearráin Scoltgarhyancaul Mionghné Góilín an chapaill
Scoilt Néill Góilín Niall
Ainm Gaeilge Ainm Béarla Cineal áite Brí/ ciall
Scoilt William Góilín William
Scoilt an Chaiphtín Góilín an Chaptaein
Scoilt na Róntaí Góilín na rónta
Scoilt na bpoll Buidhe Góilín ag na poill bhuí
Scoilt an Bhuideál Scoltawiddeal Mionghné Góilín an bhuidéil
Scoilt John Eoin Góilín John Eoin
Scoilt an Ghlasáin Góilín an Ghlasáin (iasc)
Scoilt Mhaighréide Bige? Góilín Mhairéide bige
Scoilt a’bheathaigh Góilín a’ chapaill
Scoilt an phoill Mhóir Góilín an phoill mhóir
Ainm Gaeilge Ainm Béarla Cineal áite Brí/ ciall
Scoilt a’ chreathnaigh Scoltnacrannagh Mionghné Góilín an Chreathnaigh
(duileasc le sliogáin ceangailte
dó)
Seomra Chlarke Áit mar sheomra de chuid
Clarke
Seomra Róise Bige Áit mar sheomra de chuid
Róise Bige
Seomra cheann a’ Phoirt Áit mar sheomra ag barr an
phoirt
Seomra Róise Ait mar sheomra de chuid
Róise
Sleamhnaigh uachtar Áit shleamháin thuas
Sleamhnaigh Íochtar Áit shleamhain thíos
Sleamhnaigh na gCurrach Áit shleamháin na gcurach
Slodán Echo Poll éadomhain uisce inár
briseadh an Echo
An Slodán mór Poll mór le huisce éadomhain
1
2
3 4
5
6
7
1. Scoilt an Mhór-Sheisiúr
2. Scoilt na Péiste
3. Scoilt Sheoirse
4. Scoilt a’ Ghlasáin
5. Scoilt Néill 6. Scoilt
Mháiréada 7. Scoilt an Toir
Ghlais
Scoilt
Ainm Gaeilge Ainm Béarla Cineal áite Brí/ ciall
Slodán na gceithre coirneál Poll éadomhain uisce le
ceithre coirneál
Tobar Mháire Alec Saunder’s Well Tobar Tobar le Máire Alex
Tobar Rodger Tobar Rodger
Tobar Chormaic Tobar ar chúl theach
Chormaic
Tobar Dhonnchadh Eoin Tobar ag teach Dhonnchadh
Eoin
Tobar Bhaile Úr Tobar ar an Bhaile Úr
Tobar fhuíollach a’ Bhruíon Tobar ag iarsmaí an chatha
Tobar Eoghain Tobar ag teach Eoghain
Tobar Doolaí Tobar ag teach Dooley
Tobar Eamoinn Tobar ag teach Eamoinn
An Tor mór
Ainm Gaeilge Ainm Béarla Cineal áite Brí/ ciall
Tobar na Páirce Báine Tobar sa Pháirc Bháin
Tobar Thomáis Tobar ag teach Tomás Thomáis
Tobar Bhillie Tobar ag Teach Bhillie
An Tor Mór Tormore Mionghné An staca mór
Tor a’ bhoid Torawid Mionghné Staca an Bhoid
Tor a’ chócha Torahauv Mionghné Staca an chuafaigh
Tor beag Phort an Dúin Stacán beag i gcuan an Dúin
Tor an dá bhun Toradavdun Mionghné Stacán le dhá bhun
Tor Scoilt na Peiste Staca scoilt an mhíol mhóir
An Tor craoidín ?
Ainm Gaeilge Ainm Béarla Cineal áite Brí/ ciall
An Tor Beag An Staca beag
Tor Mhórada An staca taobh amuigh de
Mhoraid
Tor na háite Staca na n-áiteachaí
Tor Rinn Uí Laifrean Staca Rinn Uí Leafair
Tor beag scoilt dheirg Staca beag Scoilt Deirge
Tor na scrigighe Staca na háite creagaigh
Tor Scoilt Néill Staca Scoilt Néill
An Tor Bán Torbane Mionghné An Staca Bán
An Tor Glas An Staca glas
Tor na nÉanlaith Staca na n-éan
Ainm Gaeilge Ainm Béarla Cineal áite Brí/ ciall
Tor Phoirtín Ghlais Staca Phoirtín Ghlais
An Tor Ramhar Staca leathan
Tor an mhálthaidh Staca an ultaigh
Tor Stacán Gharbhphoirt Staca gob ard an ghairbh-
phoirt
Tor Mhearnada Staca taobh amuigh de
Mhearnad
Na Toir Bheaga Na stacaí beaga
Tor na Coise Staca a bhfuil cruth coise aige
Tor an Ghlamh-thoir/
ghlámthair
An Staca callánach
Tor an Bheannachadh Torbanny Mionghné Staca na beannachta
Tor Uí Liadáin Staca Uí Liadáin
Ainm Gaeilge Ainm Béarla Cineal áite Brí/ ciall
Tor na nBan Toranaman Mionghné Staca na mban
An Tor Dearg An Staca dearg
Tor na bhfaoileán Toraweelan Mionghné Staca mar a bhfuil na faoileoga
Tor na dtreachlár Tornadrallagh Mionghné Staca mar a bhfuil na broighill
Uaimh an tSolais Oweyntholish Mionghné Uaimh mar a bhfuil solas
Uaimh an ‘Chotton’ Uaimh mar a chuaigh an‘
Cotton’ ar na creaga
Uaimh na madadh Uaimh na madadh
Uaimh na gcolmán Uaimh na gcolúr
Uaimh na nglasán Uaimh na nglasáin (iasc)
Uaimh na gcloch Breac Uaimh a bhfuil clocha breaca
inti
1
2
3
4
5 6
7
1. An Tor Mór 2. Tor Mhorada 3. Tor Dearg 4. Tor Phoirtín
Glas 5. Tor Glas 6. An Tor Bán 7. Tor Scoilt na
Péiste
Tor
Ainm Gaeilge Ainm Béarla Cineal áite Brí/ ciall
Uaimh an chreathnadh Uaimh ina bhfuil creathnach
Uaimh na séidfeadh Uaimh a mbeidh an fharraige
ag séideadh ann
Uaimh na saileoige Uaimh a mbíodh saileoga inti
Uaimh na gcorcra Uaimh chorcra/ na
mbláthanna corcra?
Uaimh na gcailín Uaimh na ngirseacha
Uaimh scoilt na péiste Uaimh i scoilt na Péiste
Na huaimheacha beaga Uaimheanna beaga
An Uaimh leathan Uaimh atá leathan
Uaimh thor na coise Uaimh ag Tor na coise
An Uaimh bheag Uaimh atá beag
Ainm Gaeilge Ainm Béarla Cineal áite Brí/ ciall
Uaimh an Toir Mhóir Uaimh ag an Tor Mór
Ulaidh/ Ulaí Carn Mionghné Stáisiún naofa
Ulaí Eoin Baistí Stáisiún Eoin Báiste
Ulaí Bríde Stáisiún Naomh Bríde
Ulaí na húire(mórisear) Stáisiún na créafóige
(mórsheisiúr)
Ulaí an Pheacaigh Stáisiún an pheaca
Ulaí Chlaí an Áir Stáisiún Chlaí an Áir
Ulaí Ard Iril / Fhearghaill Staisiún Ard Iril nó Ard
Fhearghaill?
An Mhuiríneach Maram-féar
An Chonbháil Mhór An mór-chónaí
Ainm Gaeilge Ainm Béarla Cineal áite Brí/ ciall
An Chonbháil bheag An beag-chónaí
Priocall spor
An Chéibh The Quay Mionghné An ché
An Chros Cross Mionghné Crois déanta i bhfoirm T
Ceann an Phoirt Barr an chuain
Barr na céibhe Barr na cé
An Curraoin An log
Barr an Churraoin Barr an laig
An Más The Bogach
Tóin an mháis Bun an bhogaigh
Barr an Mháis Barr an bhogaigh
Ainm Gaeilge Ainm Béarla Cineal áite Brí/ ciall
Bealach na Scrigighe An Bealach creagach
Dallóg Cloch as adharc
An Cnoc Rua Crockroe Cnoc Cnoc atá rua
Domar umar
Binn Ramhar Kinrawer? Mionghné Aill nó Ceann tíre leathan
Ard Lár Thoinn Ardlarheen Mionghné Ardán idir dhá thonn
Stríoc Dhubh Mhearnáid Píosa dorcha ar Mhearnáid
Mac gCorra Mac Gearra Ainm duine
An Taobh Beag Giota beag talaimh íseal
Barr Rinn Uí Láifear/a
ghlamthfair
Barr Ghob an challáin nó Ghob
Uí Láiféar
MAC gCORRA Deirtear go ndeachaigh Mac gCorra ag iascaireacht ar
an Domhnach, rud nach raibh ceadmhach, agus bhuail sé le Colmcille agus lán a mhala d’éisc ar a dhroim. D’fhiafraigh Colmcille de an raibh mórán éisc aige agus dúirt mac gCorra nach raibh aon cheann aige. Tháinig corraí ar Cholmcille agus rinne sé cloch do láithreach. Tá sé le feiceáil go fóill ag dreapadh ar Mhearnaid.
Ainm Gaeilge Ainm Béarla Cineal áite Brí/ ciall
An éadan dearg Aghaidh dhearg an chnocáin
An casan dearg Cosán dearg
Lofta Sheáin Uí Earcáin Áit féaraigh Sheáin Uí E arcáin
Cnoc Ard Fhearghaill
nó Cnoc Ard Iril(iolair)
Arderrill Cnoc Talamh ard Fhearghaill nó
Talamh Ard Iril (Iolair)
An Crochadh Talamh c rochta
Leaba Dhiarmada agus Gráinne Mionghné Áit luí Dhiarmada agus Ghráinne
An Inneoir Mionghné Inneoin
Príosún Bhaloir Mionghné Scoilt a bhí mar phríosún ag
Balor
Dún Bhaloir Doon Balor imfhaláithe Áit cónaí ar rinn de chuid
Bhaloir
Nead an Choinín Áit choinín
Glas Laogh Áit shábháilte do ghamhna
Dún Bhalor Deirtear go raibh dún agus príosún ag Balor anseo.
Choinnigh sé a iníon faoi ghlas nó dúradh gur a ua a mharódh é. Ach tháinig an tuar faoin tairngreacht agus mharaigh Lugh é. Rinne seandálaithe tochailt ar an láthair agus bhí cónaí de chineál ann fadó.
Ainm Gaeilge Ainm Béarla Cineal áite Brí/ ciall
Fiadhnaise gan iarraidh Unasked for evidence?
An Tóin shalaigh Tuiseal Tabharthach?
Áit íseal láibe
Ardán Talamh ard
An gaineamh mór Áit mhór ghainimh
An Gaineamh Láir Áit lárnach Gainimh
Gaineamh Thiar Gaineamh taobh thiar
Gaineamh Mín Gaineamh bhog
Gaosán Bhrinaí Bhig Srón Bhrinaí Bhig
Claí an Áir Díog an Chatha
An Ceann Thiar West End An Taobh Thiar den Oileán
An Ceann Thoir East End An Taobh Thoir den Oileán
1
2
3
4
5
6 7
1. Fuilleach na bhFear
2. Folach Bhraoin 3. Claí an Áir 4. Log Anáil na
ndaoine 5. Croisín Léim a’
Bhacaigh 6. Fál na mBó 7. Sruthán na
Lárach Báine
Ár Thoraí
ÁR THORAÍ
Fan bhliain bhí Uladh faoi smacht na Sasana. D’fhéach Cathir Ó Dochartaigh agus Seán Mac Manais óig ó Domhnaill ( a lean Aodh Rua a d’imigh )le hionsaí a dhéanamh orthu ach briseadh iad agus theith Seán Mac Manais óig go Toraigh. Lean fórsaí na Sasana é agus i Mí Lúnasa 1608 mharaigh siad iad i dToraigh (cé go ndeir cuid de na daoine gur éalaigh an Dalach agus ceathrar eile). Throid siad ag Fál na mBó agus Sruthán na Lárach Báine ar dtús agus ansin lean siad iad soir. Tá ainmneacha a bhaineann leis an chath sin ar an oileán: Claí an Áir, Log Anáil na nDaoine, Fuílleach na bhfear, Folach a’ Bhruín.
Ainm Gaeilge Ainm Béarla Cineal áite Brí/ ciall
Baile Thiar West Town Gráig Tithe Thiar
Baile Thoir East Town Gráig Tithe Thoir
Baile Úr Tithe a tógadh le 30 bliain anuas
Baile Láir Tithe idir an Bhaile Thiar angus
Baile Úr
Teampall an Mhór-sheisear TempleAnvorehesher-church of
the seven
Láithreach eaglasta Teach Phobail an tSeachtair
An Altóir Altar Mionghné
An Roilig Reilig nó cill
Tobar Cholmcille Tobar ainmnithe i ndiaidh
Cholmcille
Teach an tSolais Lighthouse Mionghné Teach an tsolais
An Cloig-theach Cloigtheach Mionghné Túr cruinn
Ainm Gaeilge Ainm Béarla Cineal áite Brí/ ciall
An Camus Beag West Town Port Bá bheag
An Camus Mór Camusmore Bay Bá Bá mhór
An Chainéal Tory Sound Sruth uisce
An Ráid Bóthar? Rathad?
An Cnocán Cnoc beag
An Fhaiche Áit chothrom fhéarach
Baile na Scrigighe Ceantar creagach
Barr Uaimh/Barr rua Talamh ard rua nó barr na
huaimhe?
Uaimh Lag a’ Reithe Uaimh ag Lag ‘ reithe
Cairthe Phort Deilg Clocha Phort Deilg/ doiligh
Ainm Gaeilge Ainm Béarla Cineal áite Brí/ ciall
Na Clocha Gorma Clocha a bhfuil dath gorm orthu
Rinn na Cloiche Móire Gob tíre le clocha móra
Oitear mór Gaineamh mór faoin fharraige
Oitear na Rannadh Gaineamh faoin fharraige ag na
reanna
Builg a leacaigh Creig chothrom faoin fharraige
Colladha Colbha?-imeall?
Blár Talamh lom fiáin
Garraidh garbh Gairdín garbh
Carn Eddie Carnán clocha Eddie
Páirc Úr Gort nua
Fuíoll na bhfear An méid a bhí fágtha de na fir
Ainm Gaeilge Ainm Béarla Cineal áite Brí/ ciall
Seansraith Sean sraith tithe
Log na mBádaí Áit íseal ina mbíodh báid
Fál na mbó Mainnir na mbó
Srúthán na Lárach báine Sruth na lárach báine
Croisín Léim an bhacaigh Cros( bhóthar?) an áit a léim an
bacach
Teampall Buí Eaglais buí
Mullach mosach Ardán garbh
Muine Thuaidh Driseacha ó Thuaidh
Léana na gCeasach Áit chothrom féarach le
droichead adhmaid?
Folach Bhraoin-fuioll a’
bhruíon??
Iarsmaí an chatha nó áit folaithe?
Ainm Gaeilge Ainm Béarla Cineal áite Brí/ ciall
Tor Chonaing Túr Chonáin
Lag Mhuine Áit íseal le driseacha
Stacán an Ghairbhphoirt Stackangarvalt Mionghné Gob ard ag an garbh-phort
Toraigh ainm deimhnithe Tory Oileán Áit a bhfuil go leor tor
Léana an tí mhóir Faiche an tí mhór
Léana na gcapall Faiche na n-each
An Creagáin Áit chreagach
Mearnáid Marnid Rock Mionghné Meán-ard?
Miodhaird Meggart Mionghné Tuis tabharthach?
Beag-ard?
Móraid Morard Mionghné Mór -ard
An tSeanreilig Sean reilig
Ainm Gaeilge Ainm Béarla Cineal áite Brí/ ciall
An Reilig Ghallda Reilig do dhaoine nach
caitliceacha iad
An Reilig Úr Reilig nua
An céasaí Cainéal Thoraí
Poll an Riotáin
Poll an taomtha Poll an trup?
Móinéar na gCaorach Talamh bhog na gcaorach
Uaimh an Toir Ghlais Uaimh ag an tor Glas
Poll log na cré Poll i dtalamh íseal mar a
bhfaighidh tú cré
Leac an dá bhun Creig chothrom a bhfuil an dá
bhun aici
Tau Cros
Tá léarscáil déanta againn ag taispeáint cuid mhór de na logainmneacha a fuair muid. Is tionscnamh idir lámha atá i gceist-ta cóip curtha amach chuig cuid mhór daoine ar an oileán le barúlacha, moltaí, ceartúcháin agus tuilleadh cuidithe a fháil san obair.
Cuirfear an léarscáil ‘críochnaithe’ i gcló amach anseo.
BUÍOCHAS Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil leis na
daoine uilig a chuidigh linn sa tionscnamh seo.
Caithfidh muid buíochas speisialta a thabhairt do Eoghan Ó Fuaruisce a thug cead dúinn a léarscáil a úsáid.
Dírímid aird ar leith ar shaothar Nollaig Uí Urmoltaigh, ‘The Irish of Tory Island’. Thug sé cead dúinn na hainmneacha a bhí bailithe aige féin a úsáid.
Agus ar ndóighe, is iad na hoileánaigh iad féin, ár ndaoine muinteartha a d’fhág an obair seo déanta. Buíochas agus meas ag dul daofa!