margadh aonair digiteach a rachaidh chun tairbhe …...roimh choimisiún juncker tá tomhaltóirí...

4
#EURoad2Sibiu ‘Creidim nach mór dúinn leas i bhfad níos fearr a bhaint as na deiseanna iontacha a ghabhann le teicneolaíochtaí digiteacha. Is teicneolaíochtaí iad sin nach dtéann teorainneacha i bhfeidhm orthu. Chun déanamh amhlaidh, ní mór dúinn a thaispeáint go bhfuil sé de mhisneach againn deireadh a chur le bacainní náisiúnta maidir le rialáil teileachumarsáide, le reachtaíocht um chóipcheart agus cosaint sonraí, le bainistíocht radathonnta agus le cur i bhfeidhm dhlí na hiomaíochta. Beimid in ann a chinntiú go mbeidh tomhaltóirí ábalta seirbhísí, ceol, scannáin agus imeachtaí spóirt a rochtain ar a bhfeistí leictreonacha, is cuma cén áit a bhfuil siad san Eoraip.’ Iarrthóir ar Uachtaránacht an Choimisiúin Eorpaigh, Jean-Claude Juncker, Treoirlínte Polaitiúla don chéad Choimisiún eile, an 15 Iúil 2014 Margadh Aonair Digiteach a rachaidh chun tairbhe do mhuintir na hEorpa ar fad I DTREO AONTAS NÍOS AONTAITHE, NÍOS LÁIDRE AGUS NÍOS DAONLATHAÍ Bealtaine 2018 EORAIP ATÁ NASCTHA GO DIGITEACH A CHRUTHÚ Tá tús áite á thabhairt ag Coimisiún Juncker don rochtain is fearr agus is féidir a sholáthar do shaoránaigh an Aontais ar an saol ar líne agus ar na scileanna a theastaíonn chun todhchaí dhigiteach a fhorbairt don Eoraip. Tá an t-éileamh atá ar nascacht gan sreang ar fhóin chliste agus ar ghléasanna 5G atá le teacht ag fás go leanúnach. Tiocfaidh méadú faoi ocht ar thrácht móibíleach as seo go ceann cúig bliana. Tá Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh i ndiaidh 12 díobh a ghlacadh Tá 17 dtogra reachtacha fós le glacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag Comhairle an Aontais Eorpaigh dtogra reachtach curtha i láthair ag Coimisiún Juncker 12 17 29 Updated 25 June 2018 Roimh Choimisiún Juncker Praghsanna fánaíochta an-ard ag baint le d’fhón a úsáid thar lear san Eoraip. In 2007: níos mó ná €0.50 sa nóiméad le haghaidh guthghlao, €0.28 le haghaidh SMS agus €6,000 le haghaidh GB sonraí. Faoi Choimisiún Juncker Ní íocann muintir na hEorpa táillí fánaíochta a thuilleadh nuair a bhíonn siad ag taisteal laistigh den Aontas Eorpach, agus tá sin amhlaidh ó bhí an 15 Meitheamh 2017 ann. Cheana féin, i samhradh 2017, bhain 70% de mhuintir na hEorpa tairbhe as deireadh a bheith curtha le táillí fánaíochta.

Upload: others

Post on 05-Apr-2020

0 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Page 1: Margadh Aonair Digiteach a rachaidh chun tairbhe …...Roimh Choimisiún Juncker Tá tomhaltóirí geobhlocáilte ó rochtain a fháil ar earraí agus seirbhísí ar líne i dtíortha

#EU

Roa

d2Si

biu

‘Creidim nach mór dúinn leas i bhfad níos fearr a bhaint as na deiseanna iontacha a ghabhann le teicneolaíochtaí digiteacha. Is teicneolaíochtaí iad sin nach dtéann teorainneacha i bhfeidhm orthu. Chun déanamh amhlaidh, ní mór dúinn a thaispeáint go bhfuil sé de mhisneach againn deireadh a chur le bacainní náisiúnta maidir le rialáil teileachumarsáide, le reachtaíocht um chóipcheart agus cosaint sonraí, le bainistíocht radathonnta agus le cur i bhfeidhm dhlí na hiomaíochta. Beimid in ann a chinntiú go mbeidh tomhaltóirí ábalta seirbhísí, ceol, scannáin agus imeachtaí spóirt a rochtain ar a bhfeistí leictreonacha, is cuma cén áit a bhfuil siad san Eoraip.’

Iarrthóir ar Uachtaránacht an Choimisiúin Eorpaigh, Jean-Claude Juncker, Treoirlínte Polaitiúla don chéad Choimisiún eile, an 15 Iúil 2014

Margadh Aonair Digiteach a rachaidh chun tairbhe do mhuintir na hEorpa ar fadI DTREO AONTAS NÍOS AONTAITHE, NÍOS LÁIDRE AGUS NÍOS DAONLATHAÍ

Bealtaine 2018

EORAIP ATÁ NASCTHA GO DIGITEACH A CHRUTHÚ

Tá tús áite á thabhairt ag Coimisiún Juncker don rochtain is fearr agus is féidir a sholáthar do shaoránaigh an Aontais ar an saol ar líne agus ar na scileanna a theastaíonn chun todhchaí dhigiteach a fhorbairt don Eoraip.

Tá an t-éileamh atá ar nascacht gan sreang ar fhóin chliste agus ar ghléasanna 5G atá le teacht ag fás go leanúnach. Tiocfaidh méadú faoi ocht ar thrácht móibíleach as seo go ceann cúig bliana.

Tá Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh i ndiaidh 12 díobh a ghlacadh

Tá 17 dtogra reachtacha fós le glacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag Comhairle an Aontais Eorpaigh

dtogra reachtach curtha i láthair ag Coimisiún Juncker

12

1729

Upd

ated

25

June

201

8

Roimh Choimisiún Juncker

Praghsanna fánaíochta an-ard ag baint le d’fhón a úsáid thar lear san Eoraip. In 2007: níos mó ná €0.50 sa nóiméad le haghaidh guthghlao, €0.28 le haghaidh SMS agus €6,000 le haghaidh GB sonraí.

Faoi Choimisiún Juncker

Ní íocann muintir na hEorpa táillí fánaíochta a thuilleadh nuair a bhíonn siad ag taisteal laistigh den Aontas Eorpach, agus tá sin amhlaidh ó bhí an 15 Meitheamh 2017 ann.

Cheana féin, i samhradh 2017, bhain 70% de mhuintir na hEorpa tairbhe as deireadh a bheith curtha le táillí fánaíochta.

Page 2: Margadh Aonair Digiteach a rachaidh chun tairbhe …...Roimh Choimisiún Juncker Tá tomhaltóirí geobhlocáilte ó rochtain a fháil ar earraí agus seirbhísí ar líne i dtíortha

BACAINNÍ DIGITEACHA DO THOMHALTÓIRÍ AGUS DO GHNÓLACHTAÍ A BHRISEADH SÍOS

Níl ann fós i ndáiríre do cheithre shaoirse an Aontais Eorpaigh — saorghluaiseacht earraí, caipitil, seirbhísí agus oibrithe — sa saol ar líne. Tá Coimisiún Juncker ag dul i ngleic leis na fadhbanna seo.

Roimh Choimisiún Juncker

Roimh Choimisiún Juncker

Ní féidir le muintir na hEorpa a gcuid síntiús ar líne a úsáid le linn dóibh a bheith ag taisteal. D’fhéadfadh go mbeadh sruthú an chláir teilifíse is fearr leo blocáilte thar lear.

In 2015 níor dhíol ach 12% de mhiondíoltóirí an Aontais earraí ar líne le tomhaltóirí a bhí lonnaithe i dtíortha eile den Aontas, ach san am céanna dhíol 37% de mhiondíoltóirí an Aontais earraí ar líne le tomhaltóirí ina dtír féin.

Níor cheannaigh ach 15% de thomhaltóirí ó thír eile den Aontas earraí ar líne, ach cheannaigh 44% de thomhaltóirí earraí ar líne óna dtír féin.

Níor cuireadh cearta tomhaltóirí in oiriúint don ré dhigiteach.

Níl rochtain ag a lán daoine i gceantair iargúlta ar naisc mhaithe idirlín.

Is iad radathonnta speictrim atá mar bhonn le Wi-Fi, fóin mhóibíleacha agus gléasanna eile gan sreang. Níl an úsáid atá á baint astu á comhordú go héifeachtach ar fud na hEorpa.

Is fiú thart ar €500 billiún in aghaidh na bliana do gheilleagar na hEorpa seirbhísí speictreamchumasaithe.

Bhí an Eoraip fágtha ar gcúl chomh fada is a bhain le nasc 4G ar feadh roinnt blianta mar go raibh an margadh ilroinnte agus go raibh moilleanna i gceist.

Bhí deacrachtaí ag go leor de shaoránaigh an Aontais le linn dóibh a bheith ag déileáil le riaracháin phoiblí ar líne, go háirithe nuair a bhí siad ag obair, ag maireachtáil nó i mbun gnó le tír eile den Aontas Eorpach.

Faoi Choimisiún Juncker

Faoi Choimisiún Juncker

Ón 1 Aibreán 2018 amach, is féidir le muintir na hEorpa rochtain a fháil ar a síntiúis ar líne le scannáin, imeachtaí spóirt, ríomhleabhair, físchluichí nó seirbhísí ceoil le linn dóibh a bheith ag taisteal chuig Ballstát eile.

Táthar ag súil go dtosóidh 122,000 gnó breise ag díol earraí le tomhaltóirí i mBallstáit eile, a bhuíochas sin de chreat dlíthiúil feabhsaithe.

Beidh rialacha nuashonraithe maidir le cosaint tomhaltóirí agus rialacha atá á moladh maidir le conradh digiteach mar bhonn le:• níos mó ceart a thabhairt do thomhaltóirí sa saol ar líne;• níos mó muiníne a chothú i measc tomhaltóirí chomh fada is

a bhaineann le hearraí a cheannach ar líne agus ó Bhallstáit dhifriúla.

Tá thart ar €29 billiún le hinfheistiú san earnáil dhigiteach a bhuíochas sin de thacaíocht ón gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS). Ina theannta sin, tá €14 billiún le hinfheistiú i dteicneolaíochtaí digiteacha faoi Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa.

Ón 15 Bealtaine 2018 amach, is féidir le pobail áitiúla iarratas a dhéanamh ar dhearbháin #WiFi4EU ionas gur féidir leo baill the Wi-Fi phoiblí saor in aisce a bhunú.

Beidh comhordú speictrim níos fearr mar bhonn le luach na seirbhísí speictreamchumasaithe a mhéadú go dtí €1 trilliún sa bhliain faoi 2023.

Beidh an Eoraip in ann naisc 5G a sheoladh go rathúil a bhuíochas sin de chomhordú speictrim níos fearr, rochtain mhóibíleach ar idirlíon ardluais a chur ar fáil do gach duine mar aon le seirbhísí nua cosúil le carranna nasctha, cianchúram sláinte, cathracha cliste nó fís-sruthú a chur ar fáil do dhaoine le linn dóibh a bheith ag taisteal ar fud mhór-roinn na hEorpa.

Soláthróidh an ‘Tairseach Aonair Dhigiteach’ pointe teagmhála amháin le haghaidh nósanna imeachta riaracháin ar líne do shaoránaigh an Aontais agus do ghnólachtaí. Le tacaíocht ó Pharlaimint na hEorpa agus ó na Ballstáit, d’fhéadfaí é seo a chur i gcrích faoi 2020.

Praghsanna níos ísle do dhíolachán

trasteorann

Borradh €18 milliún faoi chaiteachas

Borradh €4 mhilliún faoi Olltáirgeacht

Intíre an Aontais Eorpaigh

Page 3: Margadh Aonair Digiteach a rachaidh chun tairbhe …...Roimh Choimisiún Juncker Tá tomhaltóirí geobhlocáilte ó rochtain a fháil ar earraí agus seirbhísí ar líne i dtíortha

Roimh Choimisiún Juncker

Tá tomhaltóirí geobhlocáilte ó rochtain a fháil ar earraí agus seirbhísí ar líne i dtíortha eile, mar gheall mar shampla ar éileamh go ndéanfaí íocaíocht le cárta dochair nó cárta creidmheasa ó thír shonrach.

An rochtain atá ag 26 milliún duine dall agus lagamhairc ar áiseanna cultúrtha, tá sí teoranta mar nach bhfuil na formáidí a theastaíonn uathu ar fáil go héasca.

Go minic bíonn na praghsanna a ghearrtar chun beartáin bheaga a sheachadadh go dtí Ballstát eile cúig huaire níos airde ná praghsanna intíre, gan comhchoibhneas soiléir leis na fíorchostais.

Tá sé tugtha le fios ag 62% de chuideachtaí ar mian leo earraí a dhíol ar líne go mbaineann deacracht le costais seachadta arda.

Bhí ar chuideachtaí agus riaracháin phoiblí dul i ngleic le deacrachtaí a bhaineann le sonraí neamhphearsanta a stóráil agus a phróiseáil (e.g. trácht, aimsir) i dtíortha difriúla den Aontas Eorpach.

Chuir sé sin stop le fiontair bheaga agus mheánmhéide dul isteach i margaí nua thar theorainneacha agus méadú, agus bhí dúbailt chostasach áiseanna stórála sonraí ann dá bharr.

Rugadh 20 milliún duine a bhfuil cónaí orthu san Aontas Eorpach i mBallstát den Aontas nach ionann é agus an Ballstát a bhfuil cónaí orthu ann anois. Go minic ní bhíonn rochtain acu ar inneachar closamhairc lasmuigh dá dtíortha baile.

Tá fonn ar mhic léinn agus ar mhúinteoirí úsáid a bhaint as ábhair agus as teicneolaíochtaí digiteacha le haghaidh foghlaim, ach tá srianta a bhaineann le cóipcheart ag cur isteach ar thart ar an gceathrú cuid de mhúinteoirí agus iad i mbun gníomhaíochtaí a bhaineann leis an teagasc digiteach.

Tá tairbhe bainte ag nuachtáin, irisí agus preasfhoilseacháin eile as an athrú ó na meáin chlóite go dtí seirbhísí digiteacha agus ar líne cosúil leis na meáin shóisialta agus comhbhailitheoirí nuachta. Tá pobal meáin níos leithne dá thoradh, ach chomh maith leis sin bhí tionchar aige ar ioncam fógraíochta agus chiallaigh sé gur bhain níos mó deacrachtaí le ceadúnú agus forfheidhmiú na gceart sna foilseacháin seo.

Faoi Choimisiún Juncker

Ó Nollaig 2018 amach, beidh na rialacha nua i gcoinne geobhlocáil gan ghá mar bhonn lena chinntiú gur féidir le tomhaltóirí earraí a cheannach ar líne i dtír eile den Aontas Eorpach agus go gcaithfear leo le cóir chomhionann.

Ceadóidh rialacha nua formáidí speisialta d’ábhar clóite — cosúil le braille nó Daisy — a dhéanamh agus a scaipeadh i measc daoine atá faoi mhíchumas léitheoireachta cló. Is gearr go mbeidh daoine dalla, daoine lagamhairc nó daoine atá faoi mhíchumas léitheoireachta cló ar shlí eile in ann rochtain a fháil ar níos mó leabhar agus ábhar clóite eile, lena n-áirítear closleabhair agus ríomhleabhair oiriúnaithe, i bhformáidí inrochtana — ar fud an Aontais Eorpaigh agus sa chuid eile den domhan.

Spreagfaidh trédhearcacht níos airde praghais agus maoirseacht rialála méadaithe praghsanna níos ísle, tabharfar deis do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí beaga cinntí eolasacha a dhéanamh, agus cinnteofar go mbeidh seachadadh beartán níos inacmhainne.

D’fhéadfadh sé sin an méid seo a leanas a spreagadh:• ríomhthráchtáil trasteorann a mhéadú níos mó ná 4%;• an líon gnólachtaí atá i mbun earraí a dhíol ar líne thar

theorainneacha a mhéadú níos mó ná 6% agus toirt na trádála ar líne a mhéadú 5%.

Beidh sé níos éasca agus níos saoire do ghnólachtaí agus do riaracháin phoiblí feidhmiú thar theorainneacha san Aontas Eorpach, toisc gur féidir a gcuid sonraí a stóráil, a phróiseáil agus a bheith ag sreabhadh gan bhac ar fud an Aontais, agus sin de réir sraith aonair rialacha.

D’fhéadfadh costais níos ísle le haghaidh seirbhísí sonraí agus níos mó solúbthachta do chuideachtaí borradh suas le €8 billiún/in aghaidh na bliana a chur faoi Olltáirgeacht Intíre an Aontais Eorpaigh.

Ciallaíonn rialacha nua go mbeidh sé níos éasca do chraoltóirí cur leis na tairiscintí ar líne atá á ndéanamh acu thar theorainneacha, trí rogha agus rochtain níos fearr a thabhairt do dhaoine ar inneachar thar theorainneacha agus cead a thabhairt do chultúr na hEorpa bláthú. Ba cheart go mbeadh comhaontú déanta maidir leis na rialacha nua faoi dheireadh 2018.

Faoi 2020 beidh díolúintí ó chóipcheart i gceist chomh fada is a bhaineann le taighde, oideachas agus caomhnú oidhreachta ionas go mbeidh mic léinn, múinteoirí agus forais chultúrtha cosúil le músaeim, leabharlanna agus scannánlanna, in ann lántairbhe a bhaint as an ábhar digiteach atá ar fáil.

Tá sé mar aidhm againn an cumas atá ag sealbhóirí ceart caibidlíocht a dhéanamh agus luach saothair a fháil as úsáid a bhaint as a n-inneachar ar ardáin ar líne a threisiú. Beidh oibleagáid ar a leithéid sin d’ardáin feidhm a bhaint as modhanna éifeachtacha cosúil le teicneolaíocht chun amhráin nó saothair chlosamhairc atá aitheanta agus comhaontaithe ag na sealbhóirí ceart leis na hardáin chun iad a údarú nó a bhaint anuas, a aithint go huathoibríoch.

Page 4: Margadh Aonair Digiteach a rachaidh chun tairbhe …...Roimh Choimisiún Juncker Tá tomhaltóirí geobhlocáilte ó rochtain a fháil ar earraí agus seirbhísí ar líne i dtíortha

Roimh Choimisiún Juncker

Theastaigh sár-ríomhairí chun níos mó sonraí ná riamh a phróiseáil agus tairbhí a chruthú don tsochaí in go leor réimsí, lena n-áirítear cúram sláinte agus fuinneamh in-athnuaite, sábháilteacht carranna agus cibearshlándáil. Sa lá atá inniu ann, áfach, i gcomparáid lena hiomaitheoirí ón tSín, ón tSeapáin nó ó na Stáit Aontaithe, is léir go bhfuil an Eoraip ag tearc-infheistiú i ríomhaireacht ardfheidhmíochta, ó tharla go bhfuil bearna maoinithe €500-750 milliún ann in aghaidh na bliana. Dá thoradh sin, de réir a chéile tá cinneadh á dhéanamh ag eolaithe agus ag earnáil thionsclaíoch na hEorpa a gcuid sonraí a phróiseáil lasmuigh den Aontas Eorpach.

Tá 1 mhilliún ghnólacht san Aontas Eorpach ag brath ar ardáin ar líne chun teagmháil a dhéanamh lena gcustaiméirí. Má thagann fadhbanna chun cinn sa chaidreamh idir na hardáin agus na gnólachtaí, bíonn tionchar diúltach acu ar dhíolacháin na ngnólachtaí agus ar iontaoibh daoine sa gheilleagar ar líne. Bíonn fadhbanna ag beagnach leath d’úsáideoirí gnó (46%), go háirithe úsáideoirí beaga, le seirbhísí idirghabhála ar líne ina gcaidreamh gnó. Bíonn fadhbanna ag 1 ghnó as 5 cinn go minic.

Is féidir leis an intleacht shaorga feabhas nach beag a chur ar shaol daoine agus dul go mór chun sochair dár sochaí agus dár ngeilleagar trí chúram sláinte níos fearr, riarachán poiblí níos éifeachtúla, iompar níos sláinte, earnáil tionsclaíochta níos iomaíche agus feirmeoireacht inbhuanaithe.

Tá iomaíocht fhíochmhar idirnáisiúnta ann i réimse na hintleachta saorga, áfach, agus go dtí le déanaí ní raibh aon ghníomhaíocht chomhordaithe ann le go mbeadh an tAontas Eorpach ar thús cadhnaíochta i bhforbairt na hintleachta saorga.

Dála gach saghas teicneolaíochta a dtagann mórathruithe de, féadfaidh ceisteanna nua eitice agus dlíthiúla teacht chun cinn de bharr na hintleachta saorga, a mbeidh cur chuige coiteann ag teastáil uainn ina leith.

Faoi Choimisiún Juncker

Déanfar €1 bhilliún a infheistiú i gcomhpháirt leis na Ballstáit chun bonneagar sár-ríomhaireachta Eorpach den chéad scoth a bhunú. Go dtí seo, tá an dearbhú Eorpach maidir le ríomhaireacht ardfheidhmíochta sínithe ag 15 Bhallstát: an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, Lucsamburg, an Ísiltír, an Phortaingéil, an Spáinn, an Bheilg, an tSlóivéin, an Bhulgáir, an Eilvéis, an Ghréig, an Chróit, Poblacht na Seice agus an Chipir.

Rialacha nua don chaidreamh idir ardáin agus gnólachtaí bunaithe ar na nithe seo a leanas:

• Trédhearcacht agus meicníocht um réiteach díospóidí.

• Tuilleadh deiseanna nuálaíochta do ghnólachtaí trí ardáin ar líne nó innill chuardaigh a úsáid.

• Tuilleadh iontaofachta agus intuarthachta rialála don gheilleagar ar líne.

• Deiseanna níos fearr d’ardáin an Aontais Eorpaigh méadú.

• Faireachlann nua an Aontais a dhéanfaidh monatóireacht ar fhadhbanna i ngeilleagar na n-ardán ar líne, chun teacht roimh na fadhbanna sin agus iad a réiteach.

Thosaigh an Coimisiún ag obair leis na Ballstáit le go mbeidh tús curtha le gníomhaíocht chomhordaithe maidir leis an intleacht shaorga, faoi dheireadh na bliana. Is é an phríomhaidhm atá ann tionchar na hinfheistíochta ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta a uasmhéadú, comhar a spreagadh ar fud an Aontais Eorpaigh (go háirithe úsáid na hintleachta saorga a éascú i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide), dea-chleachtais a mhalartú, agus an treo chun cinn a leagan síos in éineacht le chéile, chun iomaíochas domhanda an Aontais san earnáil a chinntiú.

Bunaithe ar an gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ceapfar treoirlínte eitice maidir leis an intleacht shaorga faoi dheireadh 2018 i ndlúthchomhar leis na páirtithe leasmhara uile. Sna treoirlínte sin, cuirfear prionsabail amhail cosaint sonraí agus trédhearcacht san áireamh freisin, agus leanfaidh siad den obair atá déanta ag an nGrúpa Eorpach maidir le hEitic san Eolaíocht agus sna Nua-Theicneolaíochtaí.

Print ISBN 978-92-79-89967-6 doi:10.2775/28258 NA-04-18-652-GA-C PDF ISBN 978-92-79-89942-3 doi:10.2775/9549 NA-04-18-652-GA-N