ní mar a shíltear a bhítear! · Éadaí seit soilse agus fuaim fearas ... mínigh na focail...

12
Ní Mar a Shíltear a Bhítear!

Upload: others

Post on 08-Jul-2020

1 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Page 1: Ní Mar a Shíltear a Bhítear! · Éadaí Seit Soilse agus Fuaim Fearas ... Mínigh na focail breitheamh agus neamhchiontach i d’fhocail féin. 8. Cad é an réiteach a mhol an

Ní Mar a Shíltear a Bhítear!

Page 2: Ní Mar a Shíltear a Bhítear! · Éadaí Seit Soilse agus Fuaim Fearas ... Mínigh na focail breitheamh agus neamhchiontach i d’fhocail féin. 8. Cad é an réiteach a mhol an

1

Amharc ar chlúdach an leabhair seo. Déan cur síos ar an chlúdach agus ar an bhlurba. Cad é an t-eolas atá agat ar dhrámaí? An raibh tú fein i ndráma riamh? Cad é mar a bhí sé?

Caibidil 1

Am Dráma

1. Cad iad na ceisteanna ba chóir a chur ort féin agus tú ag léamh dráma? (3 cinn)

2. Roghnaigh scéal a thaitin leat. Scéal traidisiúnta, pictiúrleabhar nó

caibidil ó leabhar caibidle. Tá sé scríofa mar scéal, le poncaíocht agus cur síos.

Déan dráma den scéal seo. Ná déan dearmad nach mbíonn comharthaí cainte i ndrámaí agus go bhfuil ainm an charachtair le cur roimh gach píosa cainte. Ná déan dearmad ar threoracha stáitse ach oiread!

Page 3: Ní Mar a Shíltear a Bhítear! · Éadaí Seit Soilse agus Fuaim Fearas ... Mínigh na focail breitheamh agus neamhchiontach i d’fhocail féin. 8. Cad é an réiteach a mhol an

2

3. Déan tábla mar atá thíos agus cuir isteach an t-eolas a bhaineann le

gach teideal i ndiaidh duit leathanach 6 a léamh.

Thig leat an míniú a fháil ón leabhar nó é a scríobh i d’fhocail féin.

Aisteoireacht

Éadaí

Seit

Soilse agus Fuaim

Fearas

.......................................................................................................................

Caibidil 2

Aisteoireacht

1. Roghnaigh carachtar ón leabhar nó ón scannán is fearr leat. Faigh pictiúr den charachtar seo nó tarraing do phictiúr féin.

Cuir focail nó frásaí thart ar an phictiúr faoin chuma atá air/uirthi, faoin phearsantacht atá aige/aici, faoin phost atá aige/aici agus eolas ar bith eile a shíleann tú atá tábhachtach.

2. Bíonn mothúcháin ort de ghnách sa Ghaeilge.

Tá eagla orm. An bhfuil brón ort? Úsáid gach foirm den réamhfhocal seo le mothúcháin eile in abairtí. orm ort air uirthi orainn oraibh orthu

Page 4: Ní Mar a Shíltear a Bhítear! · Éadaí Seit Soilse agus Fuaim Fearas ... Mínigh na focail breitheamh agus neamhchiontach i d’fhocail féin. 8. Cad é an réiteach a mhol an

3

3. Léiríonn na pictiúir ar leathanaigh 8 agus 9 mothúcháin a bhíonn ag

aisteoirí. Bí ag obair le cara. Léirigh na mothúcháin chéanna ar d’aghaidh agus lig do do chara tú a fheiceáil. Ansin amharc ar do chara á dhéanamh.

4. Roghnaigh dráma – ceann atá déanta ag an rang nó roghnaigh

dráma ón tsraith Céim ar Chéim nó an dráma a scríobh tú ar an chéad leathanach.

Roghnaigh carachtar ón dráma agus lean na treoracha ar leathanach 10, 11 agus 12.

5. Léigh an líne seo ar leathanach 12.

Nuair atá cur amach ag gach ball den fhoireann ar a gcuid línte. Úsáid na dóigheanna eile thíos leis an smaoineamh céanna a scríobh ar dhóigh eile.

.......................................................................................................................

Tá cur amach agam ar . . . .

Tá mé eolach ar . . .

Tá eolas agam ar . . .

Tá fios mo ghnó agam ar . . .

Tá . . . ar eolas agam

Page 5: Ní Mar a Shíltear a Bhítear! · Éadaí Seit Soilse agus Fuaim Fearas ... Mínigh na focail breitheamh agus neamhchiontach i d’fhocail féin. 8. Cad é an réiteach a mhol an

4

Caibidil 3

Éadaí

1. Cad iad na héadaí a bheadh ar do charachtar féin? Déan pictiúr de do charachtar sna héadaí, cuir lipéid ar do phictiúr leis na héadaí a mhíniú.

2. Aimsigh an frása Fiafraigh díot féin ar leathanach 13.

Roghnaigh an chuid cheart den réamhfhocal seo ón bhosca leis na habairtí thíos a chríochnú. díom díot de di dínn díbh díobh

Bhain mé _______ mo chóta nuair a bhí mé róthe.

D’fhiafraigh mé _____ an raibh sí ag iarraidh teacht liom.

“Bain sin ______,” arsa mo mhamaí liom. “Éireoidh sé salach!”

3. Is focal eile é feisteas ar éadaí nó ar chulaith. Cad é an t-eolas atá ar leathanach 15 ar fheisteas?

4. Tá briathra sa mhodh ordaitheach ar na leathanaigh seo. Ciallaíonn sé sin go bhfuil siad ag tabhairt orduithe. Liostaigh na briathra seo agus cuir in abairtí iad.

5. Scríobh orduithe/treoracha ar an dóigh le ceann acu seo a dhéanamh:

• cupán tae a dhéanamh • ceapaire deas blasta a ullmhú • dul ó do theachsa chuig do scoil • cluiche simplí a imirt.

.......................................................................................................................

Page 6: Ní Mar a Shíltear a Bhítear! · Éadaí Seit Soilse agus Fuaim Fearas ... Mínigh na focail breitheamh agus neamhchiontach i d’fhocail féin. 8. Cad é an réiteach a mhol an

5

Caibidil 4

Seit

1. Roghnaigh cúpla pictiúrleabhar. Amharc go cúramach ar na pictiúir sa chúlra sna leabhair seo. Léiríonn siad an t-atmaisféar agus an cineál scéil atá i gceist. Amharc arís ar an dráma a d’úsáid tú roimhe seo. Déan sceitse i do leabhar den chúlra a bheadh agat.

2. Tarraing dhá phictiúr - ceann amháin a léiríonn atmaisféar sona agus

ceann eile a léiríonn brón/eagla. Roghnaigh na dathanna a úsáideann tú go cúramach! Mínigh cad chuige ar roghnaigh tú na dathannna sin.

3. Léigh leathanach 20. Mínigh na háiteanna a bhíonn ar staitse. Tá 4

áit ar fad luaite. .......................................................................................................................

Page 7: Ní Mar a Shíltear a Bhítear! · Éadaí Seit Soilse agus Fuaim Fearas ... Mínigh na focail breitheamh agus neamhchiontach i d’fhocail féin. 8. Cad é an réiteach a mhol an

6

Caibidil 5

Soilse agus Fuaim

1. Cad é mar a chuidíonn soilse le dráma? 2. Cad iad na rudaí a gcaithfear smaoineamh orthu agus tú ag úsáid

soilse i ndráma?

3. Cad chuige ar chóir na leideanna solais a cheangal le líne nó le

gníomh aisteora? 4. Ainmnigh dhá áit a dtiocfadh leat fuaimeanna a fháil le cur isteach i

ndráma.

5. Cad chuige ar tábhachtach gach fuaim a lipéadú má bhíonn siad ar

an ríomhaire? 6. Scríobh uimhir iolra an dá fhocal solas agus fuaim. Aimsigh samplaí

eile d’uimhreacha iolra a leanann an dá phatrún chéanna. Déan liosta den dá chineál iolra seo. Tosaigh leis na samplaí seo thíos.

Page 8: Ní Mar a Shíltear a Bhítear! · Éadaí Seit Soilse agus Fuaim Fearas ... Mínigh na focail breitheamh agus neamhchiontach i d’fhocail féin. 8. Cad é an réiteach a mhol an

7

Caibidil 5

Fearas

1. Cad é an rud é fearas? Mínigh i d’fhocail féin é. 2. Cad é an fearas a bheidh i do dhráma féin?

3. Amharc ar na carachtair seo a leanas. Cad é an fearas a bhíonn acu? Harry Potter Mary Poppins Bart Simpson Amelia Earhart

4. Déan pictiúr de charachtar a thaitníonn leat féin. Sin nó cum do

charachtar féin.

Cuir fearas sa phictiúr a léiríonn do charachtar agus cuir síos ar an fhearas atá ann.

...................................................................................................................

Caibidil 7

Ádh Mór 1. Dear póstaer nó bileoigín faoi do dhráma féin. Ná déan dearmad ar

an eolas tábhachtach – áit, dáta, am, ainm, praghas agus eolas ar bith eile a shíleann tú atá tábhachtach.

Page 9: Ní Mar a Shíltear a Bhítear! · Éadaí Seit Soilse agus Fuaim Fearas ... Mínigh na focail breitheamh agus neamhchiontach i d’fhocail féin. 8. Cad é an réiteach a mhol an

8

2. Cad chuige, do bharúil, a bhfuil thuas stáitse níos tábhachtaí ná thíos

stáitse?

3. Cad é an rud a chuideoidh leis na haisteoirí ag an phointe seo?

4. Bíonn leabhar beag ar a dtugaimid clár ag drámaí go minic. Déan do chlár féin faoi do rogha dráma. Déan cur síos ar gach mír agus cá fhad a mhairfidh sí.

Scríobh isteach eolas faoi shos agus eolas faoi na haisteoirí.

....................................................................................................................

Caibidil 8

Margadh Maith

1. Léigh na treoracha agus na moltaí atá ann ar an dóigh leis an dráma a léiriú. Tá na carachtair liostaithe, an suíomh mínithe agus go leor smaointe molta. Déan tusa amhlaidh le do dhráma féin.

2. Léigh an dráma seo le cúigear cairde. Bíodh páirt an duine agaibh agus léigí os ard é.

3. Más maith libh, agus le cead ón mhúinteoir, léirígí an dráma don rang. Faighigí fearas agus pictiúir don chúlra agus na rudaí eile atá molta ag tús an dráma.

Page 10: Ní Mar a Shíltear a Bhítear! · Éadaí Seit Soilse agus Fuaim Fearas ... Mínigh na focail breitheamh agus neamhchiontach i d’fhocail féin. 8. Cad é an réiteach a mhol an

9

4. Léigh an sliocht seo ón dráma thíos. Beireann an feirmeoir greim ar an síol agus ritheann sé leis, ag

caitheamh na gé chuig Seán, a dhéanann iarracht greim a fháil uirthi.

Go tobann, tagann Bean Tíre agus cláirseach á hiompar aici.

Tá an sliocht seo scríofa san aimsir láithreach. Cuir i gcás gur tharla seo uilig inné. Athscríobh é san aimsir chaite.

5. Tá tagairtí do scéalta traidisiúnta tríd an dráma seo. Ainmnigh na scéalta sin.

6. Cad é an gearán a bhí ag na carachtair eile faoi Sheán?

7. Mínigh na focail breitheamh agus neamhchiontach i d’fhocail féin.

8. Cad é an réiteach a mhol an breitheamh sa deireadh agus cad é an margadh maith a fuair Seán?

.......................................................................................................................

Page 11: Ní Mar a Shíltear a Bhítear! · Éadaí Seit Soilse agus Fuaim Fearas ... Mínigh na focail breitheamh agus neamhchiontach i d’fhocail féin. 8. Cad é an réiteach a mhol an

10

Caibidil 9

Brat Bróg

1. Léigh ainmneacha na gcarachtar atá sa dráma seo. Cad é do bharúil de na hainmneacha?

2. Cá háit a bhfuil an dráma seo suite? Cén bhliain ina

bhfuil sé lonnaithe?

3. Tá an dráma seo scríofa le rím. An síleann tú go bhfuil an stíl sin éifeachtach?

4. Tá cúpla ciall leis an fhocal brat. Cad é an chiall atá le brat sa dráma seo?

5. Cad é an fearas atá ag na carachtair éagsúla sa dráma? 6. Liostaigh na rudaí uilig a úsáideadh leis an bhrat a dhéanamh.

Scríobh an uimhir uatha agus an uimhir iolra. Cuir i rannóga iad de réir na n-iolraí atá acu agus aimsigh focail eile a leanann an patrún céanna iolra.

7. Aimsigh na briathra atá sa dráma seo. Tá meascán d’aimsirí ann. Scríobh i liostaí iad de réir na n-aimsirí.

Aimsir chaite Aimsir láithreach Aimsir fháistineach

...................................................................................................................

Page 12: Ní Mar a Shíltear a Bhítear! · Éadaí Seit Soilse agus Fuaim Fearas ... Mínigh na focail breitheamh agus neamhchiontach i d’fhocail féin. 8. Cad é an réiteach a mhol an

11

Cúl an Leabhair

1. Aimsigh trí fhocal nó fhrása nua a d’fhoghlaim tú ón ghluais. Cuir in abairtí de do chuid féin iad lena léiriú go dtuigeann tú iad.

2. Scríobh ainm na 3 údar atá ag an leabhar seo. Cad é mar a d’oibrigh

siad le chéile, do bharúil, agus cad iad na píosaí a shíleann tú a scríobh siad?

3. Cad é an cineál oibre a rinne an stiúrthóir ar an leabhar seo, do bharúil?

4. Déan mar a rinne Mary C. Walker agus tarraing grianghraif de dhráma s’agaibh féin. Cuir ar taispeáint don scoil ar fad iad!