ríocht dé
DESCRIPTION
Ríocht Dé. Bunaithe ar Beo go Deo 8 : Téarma 3, Ceacht 2-8 Téacs an Mhúinteora lgh . 192-248. Ceann de na cuspóirí ba mhó a bhí ag ĺosa ná daoine a chur ar an eolas faoi Ríocht nó Réimeas Dé. - PowerPoint PPT PresentationTRANSCRIPT
Ríocht Dé
Bunaithe ar Beo go Deo 8: Téarma 3, Ceacht 2-8
Téacs an Mhúinteora lgh. 192-248
Ceann de na cuspóirí ba mhó a bhí ag ĺosa ná daoine a chur ar an eolas faoi
Ríocht nó Réimeas Dé.
Chaith ĺosa cuid mhaith ama ag smaoineamh ar bhealaí le múineadh do dhaoine cén
dealramh a bhí ar réimeas Dé. Bhí sé i gcónaí ag iarraidh teacht ar shlite lena mhíniú.
Ba mhinic a deireadh sé gur mar seo nó mar siúd a bhí Ríocht Dé – gur cosúil í le
gráinne mustaird
giosta i dtaos aráin
lampa lasta
Is iomaí scéal úrnua a d’inis sé faoin ríocht sin agus faoin dealramh a bhí uirthi – go raibh sí
cosúil …
le bean a raibh bonn airgid caillte aici
le hathair ar fhág a mhac an teaghlach
le síoladóir a chuaigh amach le síol a chur
Sa chaoi inar chaith ĺosa a shaol féin, sna nithe a rinne sé -
Thaispeáin ĺosa do dhaoine an chaoi a raibh Réimeas Dé ag feidhmiú ina measc cheana féin.
ag beathú daoine
ag leigheas daoine
ag suaimhniú na stoirme
Áit ar bith a raibh teagmháil ag daoine
lena chéile ar bhealach a bhí fíor-
chruthaitheach, agus an grá, an ceart agus an tsíocháin i réim,
léirigh sé sin go raibh Ríocht Dé gníomhach
anseo ar talamh.
Mar shampla, ar láthair ar bith a n-oibríonn daoine
deirimid go bhfuil Ríocht Dé tagtha.
le chéile ar son leasa gach duine agus ar son leasa a dtimpeallachta
Ní áit amháin ar leith í Ríocht Dé. Is féidir teacht uirthi in áit ar bith agus i
ngach aon áit ag am ar bith.
Nuair a labhair ĺosa faoi Ríocht nó faoi Réimeas Dé, thug sé dúshlán daoine an caidreamh ceart a chruthú ina measc, caidreamh a bheadh bunaithe ar ghrá.
Ár nAthair