saol sóisialta réamhobair 1
DESCRIPTION
Do cheantar féin Smaoinigh ar an mbaile a bhfuil tú i do chónaí ann / is cóngaraí duit agus freagair na ceisteanna seo faoi: An caife is fearr leat ann:__________ An tsráid is fearr leat ann :__________ Na siopaí is deise ann:__________ Cá mbuaileann daoine óga le chéile ann?__________ - PowerPoint PPT PresentationTRANSCRIPT
Saol Sóisialta Réamhobair 1
Do cheantar féinSmaoinigh ar an mbaile a bhfuil tú i do chónaí ann / is cóngaraí duit agus freagair na ceisteanna seo faoi:
1. An caife is fearr leat ann:__________2. An tsráid is fearr leat ann:__________3. Na siopaí is deise ann:__________4. Cá mbuaileann daoine óga le chéile
ann?__________ 5. Na háiseanna is fearr leatsa atá
ann:__________
Samhlaigh go bhfuil cuairteoir ag teacht chugat ar feadhseachtaine – déagóir ó áit éigin eile sa tír. Cad adhéanfaidh sibh timpeall na háite gach lá? Déan amachplean agus smaoinigh ar na gnáthrudaí a dhéanann túféin i gcaitheamh na seachtaine agus na rudaí atá ledéanamh i do cheantar féin do dhaoine óga.
Dé Luain:
Dé Máirt:
Dé Céadaoin:
Déardaoin:
Dé hAoine:
Dé Sathairn:
Dé Domhnaigh:
Saol Sóisialta Réamhobair 2
Éist leis an mír agus freagair na ceisteanna.
1. An bhfuil Bertie sásta leis an méid rudaí is féidir a dhéanamh ina cheantar féin? Cén fáth?
2. Cad a deir sé faoin spórtlann?
3. An dóigh le Bertie gur cheart go mbeadh níos mó saoirse ag déagóirí? Cén fáth?
4. Cad iad na háiseanna atá ar fáil do dhaoine óga i nGaoth Dobhair, dar le hAnna?
5. Cén fáth a dtéann na daoine óga i nGaoth Dobhair go Leitir Ceanainn?
6. Cad a deir Anna faoin gclub oíche atá i nGaoth Dobhair?
Saol Sóisialta Éisteacht
Pléigh na ceisteanna seo.
1. Tá Bertie agus Anna ina gcónaí i gceantair tuaithe i gConamara agus i nGaoth Dobhair. Cad fútsa? Déan cur síos ar d’áit chónaithe féin.
2. Cad iad do chuid tuairimí faoi bheith i do chónaí faoin tuath nó i gcathair? Cad a shíleann tú atá go maith/go holc faoin dá cheann?
Saol Sóisialta Iarphlé