scáthán - nuachtlitir ghaeilge chomhairle cathrach dhoire #20
DESCRIPTION
Eagrán Eanáir - Márta 2014TRANSCRIPT
DCC
Gaeilge & Fáilte
Eagrán 20
Eanáir-Márta 2014
...scáthán
Cathair an
Cheoil 2014
Féile Bheag na
Leabhar
Scéim an
Fháinne
Féile Pan-
Cheilteach 2014
Seirbhísí
Gaeilge
Nuachtlitir Ghaeilge Chomhairle Cathrach Dhoire
www.facebook.com/foramphobalnagaeilge
CATHAIR AN CHEOIL Tá cathair Dhoire aitheanta ar fud fad an domhain
as a cumas ceoil agus tá bua an cheoil agus na hamhránaíochta fairsing i
mbunadh na cathrach agus an chontae araon. I mbliana tógfar ar leagáid
bhliain Chathair Chultúir 2013 le bliain speisialta eile lán d’imeachtaí
ceoil: tá Doire ainmnithe mar Chathair Cheoil in 2014, tá £2m curtha ar
leataobh ag Comhairle Cathrach Dhoire le díriú isteach ar phlean
leagáide a chur i bhfeidhm a dtógfaidh ar an dúshraith a cuireadh
anuraidh nuair a tharraing an chathair cuairteoirí ó ghar is i gcéin le sult
a bhaint as féilire imeachtaí cultúrtha a bhí gan réamhshampla sna
hoileáin seo. Tuilleadh istigh agus ag www.derrycity.gov.uk/legacy
@foramphobal
Bliain
Chathair an
Cheoil 2014
...scáthán Lch 2
Cathair an Cheoil 2014 Bliain speisialta eile geallta
CATHAIR AN CHEOIL 2014: I mbliana, leanfar den cheiliúradh ar ár gcultúr ceoil le sraith ócáidí
agus imeachtaí a choinneoidh Doire ar an léarscáil mar phríomhcheannscríbe cultúir na hÉireann. I
measc na n-imeachtaí ceoil agus cultúir atá i ndán dúinn i mbliana tá: Féile Idirnáisiúnta Pan-
Cheilteach 22-27 Aibreán, Féile Snagcheoil Dhoire 1-5 Bealtaine, Maratón Dhoire 1 Meitheamh, Rás
Domhanda na gClipéar 20-29 Meitheamh, Féile Bhia Mara ‘Flavours of the Foyle’ 26-27 Iúil, Culture
Tech 15-21 Meán Fómhair, Oíche Chultúir 19 Meán Fómhair, Féile na Samhna 29 Deireadh Fómhair
- 2 Samhain, Féile Fhaisin Samhain 2014, Dhá Lá Déag na Nollag Nollaig 2014. Mar aon leis na féilte
móra beidh féile cheoil leictreonaí EDM, Tatú na Cathrach Múrtha, Celtronic agus a lán eile le teacht
Féile Pan-Cheilteach: I measc na mór-
imeachtaí atá geallta don bhliain seo tá
Féile Idirnáisiúnta Pan-Cheilteach 2014 a
bheas ar siúl sa chathair ón 22ú go dtí
an 27ú Aibreán. Mar chuid den fhéilire
imeachtaí tá Clár Teangacha Ceilteacha
geallta a chuirfidh blaschúrsaí sna
teangacha Ceilteacha mar aon le léachtaí
ar ár gcomhrsanaithe Ceilteacha ar fáil
ag Iarsmalann an Túir agus ag Cultúr-
lann Uí Chanáin i rith aimsir na féile.
Tuilleadh eolais: www.panceltic.ie
Féile Idirnáisiúnta Pan-Cheilteach Ceol, Cultúr agus Teanga
Rebekah Lawther agus Tyreece Smith—Bunscoil Lios Mhic Dhuibhleacháin, Doire
MAOINIÚ AR FÁIL: Tá Ciste Leagáide speisialta cruthaithe ag an Chomhairle Ealaíon agus
Comhairle Cathrach Dhoire le tacú le tionscnaimh pobail. Is féidir gach eolas a fháil ó Angela
Warren—Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann ag T: 028 9238 5226. Sprioc: 3ú Aibreán 2014
...scáthán Lch 3
Seachtain na Gaeilge 2014 Féile Bheag na Leabhar
LÁ DOMHANDA NA LEABHAR Tugadh cuireadh do Ghaelscoileanna cheantar Chomhairle Cathrach
Dhoire theacht chuig ceiliúradh speisialta ar Lá Domhanda na Leabhar - Déardaoin 6 Márta 2014 -
le seó Lúrapóg Larapóg a fheiceáil ag Cultúrlann Uí Chanáin. Eagraíodh an t-imeacht seo ag
Comhairle Cathrach Dhoire i gcomhar le Cultúrlann Uí Chanáin mar chuid d’Fhéile Bheag na
Leabhar a bhfuil sé mar chuspóir aige leabhair, léitheoireacht agus scéalaíocht as Gaeilge a
cheiliúradh. Seoladh Féile Bheag na Leabhar don chéad uair anuraidh mar chuid d’fhéilire Chathair
Chultúir 2013 agus tá rún an fhéile a fhás agus a fhorbairt bliain sna blianta amach romhainn.
CEARDLANN SCÉALAÍOCHTA Chuir Gearóidín
Neidí Frainc, an scéalaí Gaeilge iomráiteach as
Gaeltacht Thír Chonaill ceardlann scéalaíochta
i láthair do pháistí ó na Gaelscoileanna ar
Lá Domhanda na Leabhar 2014.
Fillfidh Féile Bheag na Leabhar gach Seachtain
na Gaeilge as seo amach agus fáilteofar roimh
mholtaí feabhais ó scoileanna agus ón phobal.
Suzanne Ní Ghallchobhair agus taibheoirí óga Lúrapóg Larapóg
Gearóidín Neidí Frainc i mbun scéil
...scáthán Lch 4
Seachtain na Gaeilge 2014 Scéim an Fháinne
COMHGHAIRDEAS le foghlaimeoirí na Gaeilge ón cheantar comhairle a mbronnadh fáinní agus
teastais orthu i ndiaidh dóibh dul faoi scrúdú béil mar chuid de chlár Sheachtain na Gaeilge 2014. Sa
ghrianghraf thuas tá foghlaimeoirí de chuid Chomhairle Cathrach Dhoire a ghnóthaigh suaithean-
tais ‘Cúpla Focal’ agus thíos tá grúpa foghlaimeoirí ó Chultúrlann Uí Chanáin (Coláiste an Phobail) a
ghnóthaigh suaitheantais ‘Cúpla Focal’, Fáinní Airgid agus Fáinní Óir - Maith sibh go léir! Más suim
leat fáil amach faoi chúrsaí Gaeilge i do cheantar féin tabhair cuairt ar Líofa: www.liofa.eu
Foghlaimeoirí Gaeilge ó Chomhairle Cathrach Dhoire
Lucht foghlamtha na Gaeilge ó Chultúrlann Uí Chanáin, Doire
...scáthán Lch 5
Fóram Phobal na Gaeilge Bí linn ar líne
SEIRBHÍSÍ GAEILGE: An bhfuil a fhios agat go gcuireann
Comhairle Cathrach Dhoire réimse Seirbhísí Gaeilge ar
fáil? Tá líne ghutháin ar leith cruthaithe ag Comhairle
Cathrach Dhoire le gur féidir leat do ghnó a dhéanamh
trí Ghaeilge. Is féidir scríobh chuig an Chomhairle agus
freagra a fháil ar ais i nGaeilge; is féidir cruinniú a
iarraidh ar an Chomhairle trí Ghaeilge; is féidir leagan
Gaeilge de do shráidainm nó de d’ainm bóthair a fháil i
nGaeilge nó is féidir leagan Gaeilge de cháipéisí,
foirmeacha agus iarratais a fháil i nGaeilge ach iad a
iarraidh. Agus tá foireann na Comhairle Cathrach ag
foghlaim Gaeilge, rud a chuirfidh le cumas na foirne
amach anseo bheith in ann déileáil níos fearr le
hiarratais ón phobal ar eolas agus sheirbhísí i nGaeilge.
Gaeilge & Fáilte Seirbhísí Gaeilge ó Chomhairle Cathrach Dhoire
Bí ar an eolas is déanaí - www.facebook.com/foramphobalnagaeilge
Ar mhaith leat bheith ar an eolas is déanaí faoi shaol na Gaeilge i nDoire? Brúigh ’Is maith liom’ ar
leathanach Facebook Fhóram Phobal na Gaeilge-Doire le bheith ar an eolas is déanaí faoina bhfuil
ag tarlú sa cheantar ó thaobh imeachtaí, ranganna is ciorcail chomhrá de. Eagraíonn Fóram Phobal
na Gaeilge cruinniú gach ráithe le deis a thabhairt do ghrúpaí agus dhaoine aonair atá ag obair in
earnáil na Gaeilge go háitiúil theacht le chéile. Más maith leat bheith ar an liosta le heolas a fháil
faoi faoin fhóram déan teagmháil le Pól Ó Frighil, Oifigeach Gaeilge, [email protected]
Tuilleadh eolais: Pól Ó Frighil, Oifigeach Gaeilge,
Comhairle Cathrach Dhoire, 98 Bóthar na Trá, Doire
BT48 7NN, T: 028 71 376 579, [email protected]
...scáthán Lch 6
Áis nua do mhúinteoirí ó Chomhairle Cathrach Dhoire Fáilte Isteach i mo Shaol
Foilseacháin nua ó Chomhairle Cathrach Dhoire Scéal na Gaeilge
Fáilte Isteach I mo Shaol: Tá pacáiste
acmhainní nua i nGaeilge seolta ag
Comhairle Cathrach Dhoire le tacú le
Gaelscoileanna sa cheantar feasacht ar
éagsúlacht chultúrtha a mhúscailt i measc
páistí. Tá an áis dírithe ar pháistí in
Eochairchéim 1 agus 2 agus tá sé de
chuspóir aici tacú le múinteoirí in earnáil
an Ghaeloideachais cuidiú le páistí
foghlaim faoi éagsúlacht cultúrtha. Tá
foireann babógaí ar fáil fosta a ghabhann
leis an phacáiste atá ar fáil ar iasacht
díreach ón Oifigeach Gaeilge.
LEABHRÁN NUA AR FÁIL: Anuraidh chuir Comhairle Cathrach
Dhoire leabhrán fá stair na Gaeilge i nDoire dar teideal Scéal
na Gaeilge le chéile. D’oibrigh taidhdeoir go dlúth le pobal na Gaeilge sa cheantar comhairle le
stair na teanga sa cheantar a thaifeadadh. Bhain Comhairle Cathrach Dhoire feidhm as an ábhar
taighde le taispeántas nua a chur le chéile agus le leabhar a scríobh. Tá cóipeanna den leabhar
ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla saor in aisce ó Oifigeach Gaeilge na Comhairle Cathrach. Mar
aon leis na leabhair agus an taispeántas rinneadh agallaimh le daoine áirithe ó phobal na
Gaeilge go háitiúil agus tá na hagallaimh seo ar fáil trí chuairt a thabhairt ar chartlann phobail
BT Portrait of a City http://archive.btportraitofacity.com/ faoin nasc ‘Scéal na Gaeilge’.
Faigh cóipeanna de na foilseacháin seo ó: Pól Ó Frighil, Oifigeach Gaeilge, Comhairle Cathrach
Dhoire, 98 Bóthar na Trá, Doire BT48 7NN, T: 028 71 376 579, [email protected]
...scáthán Lch 7
Seirbhísí Gaeilge
Seirbhísí Gaeilge
Chomhairle
Cathrach Dhoire
curtha ar fáil le
caoinmhaoiniú ó:
Pól Ó Frighil
Oifigeach Gaeilge
Comhairle Cathrach Dhoire
98 Bóthar na Trá
Doire BT48 7NN
T: (028) 71 376 579
www.derrycity.gov.uk/gaeilge
FÁILTE roimh thuairimí agus mholtaí ar a bhfuil sa nuachtlitir seo. Má tá
seirbhís uait i nGaeilge nach bhfuil ar fáil faoi láthair tabhair le fios dúinn. Má
tá foirm uait i nGaeilge téigh chuig www.derrycity.gov.uk/gaeilge áit a bhfuil
foirmeacha coitianta na Comhairle Cathrach ar fáil i nGaeilge. Má tá eolas uait
ar aon seirbhísí eile sa Chomhairle Chathrach déan teagmháil linn. Má tá
formáid eile den nuachtlitir ag teastáil uait, bí i dteagmháil linn.
Bí linn ar líne www.facebook.com/foramphobalnagaeilge
Comhairliúchán Polasaí Sráidainmneacha agus Ainmneacha Bóthar
COMHAIRLIÚCHÁN: Ba mhaith le Comhairle Cathrach Dhoire tuairimí an phobail a mheas maidir
lena dréachtpholasaí faoi shráidainmneacha agus ainmneacha bóthar. Cuirfidh Gaeilgeoirí suim
sa bheartas seo mar go bhfuil ainmneacha dátheangacha pléite sa cháipéis. Is féidir leat na
cáipéisí ar fad a íoslódáil ó shuíomh idirlín na Comhairle ag: www.derrycity.gov.uk/equality
agus má tá tuairimí ar an ábhar ba mhaith leis an Chomhairle do chuid tuairimí a fháil. Má tá
ceist ar bith agat faoi aon ghné den phróiseas gabh i dteagmháil le Jim Gallagher, T: (028) 71
365151 nó seol ríomhphost chuig [email protected]. SPRIOC: 30 Bealtaine 2014