scríobh d’fhreagraí ar an leathanach freagraí, ná scríobh ... · ag siopadóireacht san...

18
Léigh seo go cúramach: 1. Ná hoscail an leabhrán seo go n-iarrtar ort. 2. Is teist ilrogha é seo. 3. Thig leat obair gharbh a dhéanamh ar an leathanach breise. 4. Scríobh d’fhreagraí ar an leathanach freagraí, ná scríobh na freagraí ar an teist seo. 5. Marcáil d’fhreagra sa cholún a bhfuil an uimhir chéanna aige is atá sa cheist teiste trí líne dhubh a tharraingt tríd an litir. 6. Má dhéanann tú meancóg, scrios amach é go hiomlán agus cuir d’fhreagra nua isteach. Ná marcáil ach freagra amháin do gach ceist. 7. Bí cinnte go gcoinníonn tú d’áit ar an leathanach freagraí. 8. Oibrigh chomh cúramach agus chomh gasta agus is féidir leat. Muna dtig leat ceist a dhéanamh, ná cuir d’am amú léi ach gabh ar aghaidh chuig an chéad cheist eile. Muna bhfuil tú cinnte den fhreagra, roghnaigh an freagra a shíleann tú atá ceart. 9. Tá 60 ceist sa teist agus tá 50 bomaite agat leis an teist a dhéanamh.

Upload: others

Post on 08-Jul-2020

5 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Page 1: Scríobh d’fhreagraí ar an leathanach freagraí, ná scríobh ... · Ag Siopadóireacht san Ollmhargadh (Arna chur in oiriúint ó Uí Dhochartaigh, M. (2005) An Bhean Mhíchúramach)

Léigh seo go cúramach:

1. Ná hoscail an leabhrán seo go n-iarrtar ort.

2. Is teist ilrogha é seo.

3. Thig leat obair gharbh a dhéanamh ar an leathanach breise.

4. Scríobh d’fhreagraí ar an leathanach freagraí, ná scríobh na freagraí ar an teist seo.

5. Marcáil d’fhreagra sa cholún a bhfuil an uimhir chéanna aige is atá sa cheist teiste

trí líne dhubh a tharraingt tríd an litir.

6. Má dhéanann tú meancóg, scrios amach é go hiomlán agus cuir d’fhreagra nua

isteach. Ná marcáil ach freagra amháin do gach ceist.

7. Bí cinnte go gcoinníonn tú d’áit ar an leathanach freagraí.

8. Oibrigh chomh cúramach agus chomh gasta agus is féidir leat. Muna dtig leat

ceist a dhéanamh, ná cuir d’am amú léi ach gabh ar aghaidh chuig an chéad cheist

eile. Muna bhfuil tú cinnte den fhreagra, roghnaigh an freagra a shíleann tú atá

ceart.

9. Tá 60 ceist sa teist agus tá 50 bomaite agat leis an teist a dhéanamh.

Page 2: Scríobh d’fhreagraí ar an leathanach freagraí, ná scríobh ... · Ag Siopadóireacht san Ollmhargadh (Arna chur in oiriúint ó Uí Dhochartaigh, M. (2005) An Bhean Mhíchúramach)

1

Tá roinnt scéalta sa leabhrán seo. Tá sleachta as cineálacha éagsúla leabhar ann. Tá

súil againn go mbeidh siad suimiúil agus sultmhar agat. Beidh ceisteanna ann ar na

sleachta iad féin agus ar úsáid leabhar go ginearálta.

Agus tú ag obair tríd an leabhrán seo, bain úsáid as ‘Gluais’ agus ‘Clár’ nuair is mian

leat.

CLÁR

Lch.

Ar Saoire 2

Cóisir 4

Ag Siopadóireacht san Ollmhargadh 5

Sa Leabharlann 8

Tír Eoghain Abú 9

Ceisteanna Ginearálta 12

Gluais 13

Leabharliosta 13

Innéacs 13

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 3: Scríobh d’fhreagraí ar an leathanach freagraí, ná scríobh ... · Ag Siopadóireacht san Ollmhargadh (Arna chur in oiriúint ó Uí Dhochartaigh, M. (2005) An Bhean Mhíchúramach)

2

Léigh an sliocht thíos, ansin freagair na ceisteanna ar na leathanaigh a thagann

ina dhiaidh sin. Má tá focail ar bith ann nach dtuigeann tú, b’fhéidir go bhfuil

siad sa Ghluais ar leathanach 13.

Ar Saoire

Dé Luain 17 Iúil: Tá mé ar saoire i dTír Chonaill. Tá an aimsir ar

fheabhas. Tá an spéir gan scamall agus tá an ghrian ag

scoilteadh na gcloch. Bhí lá sultmhar pléisiúrtha agam.

Bhí Daidí ag imirt gailf i nGaoth Dobhair.

Dé Máirt 18 Iúil: Bhí sé brothallach inniu arís. Chuaigh mamaí a

shiopadóireacht. Rinne Daidí an dinnéar agus d’ith

muid é taobh amuigh. Ba é a bhí blasta. Chuaigh mo

dheartháir Diarmaid amach a rothaíocht faoin tuath.

Nuair a tháinig sé ar ais bhí sé chomh dearg le tráta mar

bhí sé griandóite.

Dé Céadaoin 19 Iúil: Chuaigh an teaghlach uilig ar siúlóid ar maidin. Shiúil

muid cois locha ar dtús. Bhí sé ciúin agus bhí an loch

chomh mín le gloine. Isteach linn sa choill ansin. Bhí

na héin ag ceol agus bhí coiníní óga ag súgradh.

Déardaoin 20 Iúil: Chuaigh mé féin agus mo theaghlach ar turas báid go

hInis Caorach. Lá te eile a bhí ann. “Banríon na

dTonn” an t-ainm a bhí ar an bhád. Tá Daidí cairdiúil

le húinéir an bháid. Bhí mé ag stiúradh an bháid ar

feadh tamaill agus thaitin sé sin go mór liom. Bhí muid

ag snámh. Bhí picnic ar an trá againn fosta.

Dé hAoine 21 Iúil: Bhí brón orm inniu mar bhí an tsaoire thart agus

chuaigh muid abhaile. Sular imigh muid cheannaigh

mé bronntanais do mo chairde. Bhí an tsaoire ar dóigh

agus ní dhéanfaidh mé dearmad air go deo. Ba mhaith

liom teacht ar ais anseo an samhradh seo chugainn le

mo thuismitheoirí.

Freagair na ceisteanna thíos. (Amharc siar ar an sliocht más gá.) Ba chóir duit

an freagra is fearr a roghnú gach uair agus an litir cheart a mharcáil ar do

leathanach freagraí.

1. Cá raibh Cormac ar saoire?

A. Tír Eoghain

B. Aontroim

C. Tír Chonaill

D. Spáinn

E. Meiriceá

2. Cá mhéad lá a chaith Cormac ar saoire?

A. 1 B. 2 C. 3 D. 4 E. 5

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 4: Scríobh d’fhreagraí ar an leathanach freagraí, ná scríobh ... · Ag Siopadóireacht san Ollmhargadh (Arna chur in oiriúint ó Uí Dhochartaigh, M. (2005) An Bhean Mhíchúramach)

3

3. Cá ndeachaigh Diarmaid ag rothaíocht?

A. tríd an choill

B. ar na sléibhte

C. ar an trá

D. faoin tuath

E. sa chathair

4. Cad chuige a raibh Diarmaid chomh dearg le tráta?

A. bhí sé griandóite

B. bhí sé ag ithe trátaí

C. bhí sé ag caitheamh léine dhearg

D. bhí sé ag cur fola

E. bhí sé ag ithe anlann tráta

5. Cad é a thugann le fios dúinn gur bhain Cormac sult as an tsaoire?

A. chuaigh sé ar bád

B. chuaigh sé ag rothaíocht

C. bhí aimsir dheas ann

D. ba mhaith leis dul ar ais arís

E. bhí na héin ag ceol

6. Cé acu abairt thíos atá fíor?

A. Bhí sé fuar ar an chéad lá.

B. Bhí cuma shéimh ar an loch Dé Céadaoin.

C. Níor thaitin an tsaoire leis ar chor ar bith.

D. Bhí daidí ag imirt leadóige i nGaoth Dobhair

E. Bhí sé sásta dul abhaile.

7. Cad é an míniú is fearr ar ‘bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch’?

A. Bhí drochaimsir ann.

B. Bhí Cormac ag caitheamh cloch faoin ghrian.

C. Bhí lá te grianmhar ann.

D. Bhí sé ag cur fearthainne go trom.

E. Bhí cuid mhór cloch faoin talamh.

8. Cad é an focal a thugann le fios dúinn go raibh dinnéar deas acu ar an Mháirt?

A. brothallach B. griandóite C. tráta D. rothaíocht E. blasta

9. Tá an focal ‘faoin’ in úsáid sa sliocht seo mar:

A. ainmfhocal B. aidiacht C. briathar D. cónasc E. réamhfhocal

10. Cá raibh picnic acu?

A. coill B. páirc C. trá D. gairdín E. cnoc

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 5: Scríobh d’fhreagraí ar an leathanach freagraí, ná scríobh ... · Ag Siopadóireacht san Ollmhargadh (Arna chur in oiriúint ó Uí Dhochartaigh, M. (2005) An Bhean Mhíchúramach)

4

Scríobh duine míchúramach an sliocht thíos. Caithfidh tusa na meancóga litrithe a

aimsiú. Ar chuid de na línte, tá meancóg amháin. Ar línte eile, níl meancóg ar bith

ann. Aimsigh an grúpa focal a bhfuil an mheancóg ann agus marcáil an litir cheart ar

do leathanach freagraí. Mura bhfuil meancóg ar bith ann, marcáil N.

Cóisir

11. Bhí cóisir ag mo dheirfiúr bheag ar na mallaibh agus tromluí a bhí ann. Bhí mé haon

12. ag déanamh staidéir do mo theisteanna ach dúirt mo mhamaí lom go mbeadh gach

13. rud ceart go leabhar, ní bheadh ann ach cúpla dá cara. Ar ndóigh, tháinig thart faoi

14. fiche acu agus ba chosúil go raibh comórtas screadála acu an lá ar fad. Nuair a

15. tháinig an chéad duine acu thig an doras, thosaigh mo dheirfiúr agus a cara ag

16. screadaíl. Agus nuair a tháinig an dara duine, thosaigh an triúir acu ag screadaíl.

17. Chuaigh sin ar aghaidh go dtí go ró fiche cailín ag screadaíl sa teach. D’éirigh sé

18. níos measa inné sin mar go raibh siad ag rith ar fud an tí, ag bualadh ar dhoras mo

19. sheomra lí agus ansin ag rith leo ag gáire agus ag screadaíl. Bhí mo sháith agam, ní

20. raibh an dara rogha agam ach imeacht ón teach. Chuaigh mé thuig an leabharlann.

A B C D

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

A B C D

A B C D

A B C D

A B C D

A B C D

A B C D

A B C D

A B C D

A B C D

Page 6: Scríobh d’fhreagraí ar an leathanach freagraí, ná scríobh ... · Ag Siopadóireacht san Ollmhargadh (Arna chur in oiriúint ó Uí Dhochartaigh, M. (2005) An Bhean Mhíchúramach)

5

Léigh an sliocht thíos, ansin freagair na ceisteanna ar na leathanaigh a thagann

ina dhiaidh sin. Má tá focail ar bith ann nach dtuigeann tú, b’fhéidir go bhfuil

siad sa Ghluais ar leathanach 13.

Ag Siopadóireacht san Ollmhargadh (Arna chur in oiriúint ó Uí Dhochartaigh, M. (2005) An Bhean Mhíchúramach)

1. Dé hAoine seo caite bhí mé san ollmhargadh. Bhí sé thart faoina

ceathair a chlog tráthnóna ag an am.

Fuair mé tralaí agus thosaigh mé a bhogadh thart. Bhí mé ag siúl go

cúramach mar bhí slua mór daoine san áit. Go tobann, rith páiste beag

5. faoin tralaí. Níor bhuail mé an créatúr ach bhain sé geit asam. Stán

máthair an pháiste orm agus bhí a fhios agam ansin go raibh an t-ádh

orm go raibh mé ag dul go mall.

Bhí mé ag brú an tralaí ar aghaidh idir na seilfeanna nuair a bhí orm

stad go tobann. Bhí bean ard ag teacht i mo threo le tralaí lán. Ní

10. raibh spás ann don bheirt againn agus bhí orm cúlú. Ar ghabh an

bhean buíochas liom? Níor ghabh. Chuaigh sí tharam agus srón san

aer.

Fuair mé cuid de na hearraí a bhí de dhíth orm agus ansin chuaigh mé

go dtí seilf mhór ar a raibh na céadta oráiste. Phioc mé cúpla oráiste

15. ón tseilf. Thit oráiste i ndiaidh oráiste ar an urlár. Lean na céadta

oráiste iad go dtí go raibh an t-urlár lán díobh. D’éalaigh mé go gasta

le díol as na hearraí. Sheiceáil an cailín iad. “Sin ocht bpunt caoga,”

ar sise go borb. Nuair a chuir mé mo lámh i mo phóca ní raibh pingin

rua ann. D’fhág mé mo chuid earraí san áit ina raibh siad agus amach

20. an doras liom. “Tiocfaidh mé ar ais Dé Luain,” arsa mise liom féin,

“nuair a bheidh an áit níos ciúine.”

Freagair na ceisteanna thíos. (Amharc ar an sliocht arís más gá.)

Ba chóir duit an freagra is fearr a roghnú agus an litir a mharcáil ar do

leathanach freagraí.

21. Cad é a bhí an t-údar seo a dhéanamh Dé hAoine seo caite?

A. bhí sí ag an trá

B. bhí sí ag an leabharlann

C. bhí sí ag an linn snámha

D. bhí sí san ollmhargadh

E. bhí sí ar scoil

22. Cad chuige a raibh an t-údar seo ag siúl go cúramach?

A. bhí roth briste ar an tralaí

B. bhí an áit lán le daoine

C. bhí triantán mór cannaí sa siopa

D. bhí babaí sa tralaí

E. bhí an tralaí lán de shiopadóireacht

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 7: Scríobh d’fhreagraí ar an leathanach freagraí, ná scríobh ... · Ag Siopadóireacht san Ollmhargadh (Arna chur in oiriúint ó Uí Dhochartaigh, M. (2005) An Bhean Mhíchúramach)

6

23. Cad é a rinne sí nuair a thit na horáistí?

A. thóg sí cúpla ceann

B. shleamhnaigh sí ar cheann agus thit sí

C. d’ith sí ceann acu

D. d’imigh sí go gasta

E. thóg sí iad uilig

24. Cad é a shíl an t-údar den bhean ard, i do bharúil?

A. shíl sí go raibh sí deas

B. shíl sí go raibh sí drochmhúinte

C. shíl sí go raibh sí cuidiúil

D. shíl sí go raibh sí cairdiúil

E. shíl sí go raibh sí flaithiúil

25. Cé acu abairt thíos atá fíor?

A. Níor dhíol an t-údar as na hearraí.

B. Níor thit ach oráiste amháin ar an urlár.

C. Bhí póca an duine seo lán airgid.

D. Cheannaigh sí cuid de na hearraí.

E. D’íoc sí as na hearraí le cárta creidmheasa.

26. Cá huair a thiocfaidh an t-údar ar ais?

A. Dé Luain

B. Dé Máirt

C. Dé Céadaoin

D. Déardaoin

E. Dé hAoine

27. Cá mhéad a bhí ar na hearraí a thóg an t-údar?

A. £18

B. £58

C. £5.80

D. £8.50

E. £85

28. Cé acu briathar thíos atá san aimsir fháistineach?

A. Bhain

B. Fuair

C. Chuaigh

D. Lean

E. Tiocfaidh

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 8: Scríobh d’fhreagraí ar an leathanach freagraí, ná scríobh ... · Ag Siopadóireacht san Ollmhargadh (Arna chur in oiriúint ó Uí Dhochartaigh, M. (2005) An Bhean Mhíchúramach)

7

29. Cén míniú is fearr don fhrása ‘bhain sé geit asam’? (líne 5)

A. bhí iontas orm

B. bhí fearg orm

C. bhí eagla orm

D. bhí tuirse orm

E. bhí ocras orm

30. Tá an focal ‘cúramach’ in úsáid sa sliocht seo mar: (líne 4)

A. ainmfhocal

B. aidiacht

C. briathar

D. réamhfhocal

E. cónasc

31. Tá an focal ‘tralaí’ in úsáid sa sliocht seo mar: (líne 8)

A. ainmfhocal

B. aidiacht

C. briathar

D. réamhfhocal

E. cónasc

32. Tá an focal ‘as’ in úsáid sa sliocht seo mar: (líne 17)

A. ainmfhocal

B. briathar

C. aidiacht

D. réamhfhocal

E. cónasc

33. Tá an focal ‘fuair’ in úsáid sa sliocht seo mar: (líne 3)

A. ainmfhocal

B. briathar

C. aidiacht

D. réamhfhocal

E. cónasc

34. Tá an focal ‘agus’ in úsáid sa sliocht seo mar: (líne 11)

A. ainmfhocal

B. briathar

C. aidiacht

D. réamhfhocal

E. cónasc

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 9: Scríobh d’fhreagraí ar an leathanach freagraí, ná scríobh ... · Ag Siopadóireacht san Ollmhargadh (Arna chur in oiriúint ó Uí Dhochartaigh, M. (2005) An Bhean Mhíchúramach)

8

Scríobh duine míchúramach an sliocht thíos. Caithfidh tusa na meancóga poncaíochta

a aimsiú. Ar chuid de na línte, tá meancóg amháin. Ar línte eile, níl meancóg ar bith

ann. Aimsigh an grúpa focal a bhfuil an mheancóg ann agus marcáil an litir cheart ar

do leathanach freagraí. Mura bhfuil meancóg ar bith ann, marcáil N.

Sa Leabharlann

35. Bhí an leabharlann iomlán ciúin Thiocfadh leat biorán ag titim a chloisteáil, bhí

36. sé chomh ciúin sin. Chonaic mé liam ina shuí ag an tábla in aice leis an

37. fhuinneog agus shiúil mé anonn chuige. “Liam” arsa mise go ciúin, “cad é mar

38. atá tú?” Damharc Liam suas ón irisleabhar a bhí á léamh aige. “Séimí,” ar

39. seisean “ní minic a fheicim tú sa leabharlann. Cad é a tharla, an raibh buama sa

40. teach.” Rinne mé gáire. “Níos measa,” arsa mise, “tá cóisir ag mo dheirfiúr inniu

41. agus tá siad ag iarraidh na fuinneoga a bhriseadh leis an screadaíl sacu.” Leis sin

42. chonaic mé an leabharlannaí ag siúl inár dtreo. “Bígí ciúin” ar sise go crosta.

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

A B C D

A B C D

A B C D

A B C D

A B C D

A B C D

A B C D

A B C D

Page 10: Scríobh d’fhreagraí ar an leathanach freagraí, ná scríobh ... · Ag Siopadóireacht san Ollmhargadh (Arna chur in oiriúint ó Uí Dhochartaigh, M. (2005) An Bhean Mhíchúramach)

9

Léigh an sliocht thíos, ansin freagair na ceisteanna ar na leathanaigh a thagann

ina dhiaidh. Má tá focail ar bith ann nach dtuigeann tú, b’fhéidir go bhfuil siad

sa Ghluais ar leathanach 13.

Tír Eoghain Abú (Arna chur in oiriúint ó Ó Néill, D. (2004) Contae Thír Eoghain)

1. Rinne foireann peile Thír Eoghain gaisce anuraidh nuair a bhain siad

Craobh na hÉireann don chéad uair. Bua stairiúil a bhí ann do na fir

sna geansaithe bána agus dearga. Bhí siad ag fanacht le Corn Sam

Mhic Uidhir le fada an lá.

5. Bhí dhá fhoireann as Cúige Uladh sa chluiche ceannais don chéad uair

riamh. Chuir seo go mór leis an ócáid. Bhí suas le hochtó míle duine i

bPáirc an Chrócaigh an lá sin agus bhí atmaisféar corraitheach

leictreach ann. Cluiche breá spórtúil a bhí ann. Bhí iomaíocht

chothrom chrua ann ó thús go deireadh. Nuair a shéid an réiteoir an

10. fheadóg ag deireadh an chluiche bhí gliondar ar lucht leanúna Thír

Eoghain. Bhí díomá ar mhuintir Ard Mhacha ach bhí bród orthu fosta

as an fhoireann cé gur chaill siad an cluiche. Bhí bonn Uile-Éireann

tuillte go maith ag an sárpheileadóir sin Peadar Ó Ceannabháin. Ba

speisialta amach is amach an óráid a thug sé agus é i ndiaidh Corn Sam

15. Mhic Uidhir a ghlacadh ar son mhuintir Thír Eoghain.

Bhí ceiliúradh iontach ar siúl i dTír Eoghain ar feadh i bhfad ina

dhiaidh sin. Nuair a d’fhill foireann Thír Eoghain abhaile bhí na mílte

ag fanacht leo. Thug siad cuairt ar bhailte an cheantair idir mhór agus

bheag leis an chorn a thaispeáint.

Freagair na ceisteanna thíos. (Amharc siar ar an sliocht más gá.) Ba chóir duit

an freagra is fearr a roghnú gach uair agus an litir cheart a mharcáil ar do

leathanach freagraí.

43. Cad iad na dathanna atá ar gheansaithe Thír Eoghain?

A. buí agus bán

B. dearg agus bán

C. dubh agus bán

D. oráiste agus bán

E. déag agus dubh

44. Cá mhéad a bhí i bPáirc an Chrócaigh an lá sin?

A. suas le seachtó míle

B. suas le hochtó míle

C. suas le nócha míle

D. suas le céad míle

E. breis agus céad míle

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 11: Scríobh d’fhreagraí ar an leathanach freagraí, ná scríobh ... · Ag Siopadóireacht san Ollmhargadh (Arna chur in oiriúint ó Uí Dhochartaigh, M. (2005) An Bhean Mhíchúramach)

10

45. Cé acu aidiacht ón sliocht a chuireann síos ar an chluiche?

A. breá

B. leadránach

C. fada

D. tuirsiúil

E. bríomhar

46. Cén sórt fáilte a chuir muintir Thír Eoghain roimh an fhoireann nuair a d’fhill

siad?

A. fuar

B. ba chuma leo

C. ciúin

D. measartha

E. iontach

47. Tá an focal ‘gliondar’ in úsáid sa sliocht mar:

A. ainmfhocal

B. aidiacht

C. briathar

D. réamhfhocal

E. cónasc

48. Cad é mar atá a fhios agat nach raibh muintir Ard Mhacha míshásta ar fad?

A. mar bhí díomá orthu leis an fhoireann

B. mar bhí fearg orthu leis an fhoireann

C. mar bhí bród orthu as an fhoireann

D. mar bhí eagla orthu roimh an fhoireann

E. mar bhí brón orthu leis an fhoireann

49. Cé acu abairt thíos atá fíor?

A. Bhí an dá chontae seo páirteach i gcluiche iománaíochta.

B. Ní raibh atmaisféar maith ag an chluiche

C. Labhair Peadar Ó Ceannabháin go maith.

D. Imríonn Peadar Ó Ceannabháin d’Ard Mhacha

E. Bhí Ard Mhacha níos fearr ná Tír Eoghain

50. Cén míniú is fearr ar ‘bhí an t-atmaisféar corraitheach leictreach’?

A. Bhí drochaimsir ann.

B. Bhí an scaifte tógtha.

C. Bhí drochatmaisféar ann.

D. Gearradh ar an leictreachas.

E. Chuir an aimsir isteach ar na soilsí

51. Cén chiall atá leis an fhocal ‘iomaíocht’? (líne 8)

A. comórtas

B. argóint

C. troid

D. callán

E. cúilín

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 12: Scríobh d’fhreagraí ar an leathanach freagraí, ná scríobh ... · Ag Siopadóireacht san Ollmhargadh (Arna chur in oiriúint ó Uí Dhochartaigh, M. (2005) An Bhean Mhíchúramach)

11

52. Bhí gliondar ar lucht Thír Eoghain – bhí gliondar orthu. Cé acu forainm

réamhfhoclach a bheadh ann dá mbeadh sé gur gasúr amháin a bhí ann – bhí

gliondar…

A. orm

B. ort

C. air

D. uirthi

E. orainn

53. Cé acu an comhfhocal ón dara paragraph?

A. iomaíocht

B. sarpheileadóir

C. deireadh

D. ócáid

E. óráid

54. Cé acu na focail le fléiscín sa dara paragraph?

A. Ard Mhacha

B. Peadar Ó Ceannabháin

C. Uile-Éireann

D. Tír Eoghain

E. Sam Mhic Uidhir

55. Is é an príomhrud a insíonn an tríú paragraf dúinn ná:

A. an óráid a thug Peadar Ó Ceannabháin

B. gur bhain Tír Eoghain Corn Sam Mhig Uidhir den chéad uair

C. cur síos ar an chluiche ceannais

D. an ceiliúradh i dTír Eoghain i ndiaidh an chluiche

E. na rialacha atá ann i bpeil Ghaelach

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 13: Scríobh d’fhreagraí ar an leathanach freagraí, ná scríobh ... · Ag Siopadóireacht san Ollmhargadh (Arna chur in oiriúint ó Uí Dhochartaigh, M. (2005) An Bhean Mhíchúramach)

12

Ceisteanna Ginearálta

Leis na ceisteanna seo a fhreagairt, caithfidh tú smaoineamh ar na sleachta atá

léite agat. Amharc siar, más mian leat, agus amharc ar an Innéacs agus ar an

Ghluais ar leathanach 13.

56. Cá háit a léifeá an chéad sliocht ‘Ar Saoire’?

A. nuachtán

B. irisleabhar

C. dialann

D. ciclipéid

57. Cad é an t-ainm ar an leabhar óna dtagann an dara sliocht ‘Ag Siopadóireacht san

Ollmhargadh’?

A. Ar Saoire

B. Sa Leabharlann

C. Contae Thír Eoghain

D. An Bhean Mhíchúramach

58. Cá huair a foilsíodh an leabhar óna dtagann an dara sliocht ‘Ag Siopadóireacht

san Ollmhargadh’?

A. 2004

B. 2005

C. 2006

D. 2007

59. Cad é an t-ainm ar an údar den tríú sliocht ‘Tír Eoghain Abú’?

A. M. Uí Dhochartaigh

B. D. Ó Néill

C. P. Ó Ceannabháin

D. S. Mag Uidhir

60. Cad é an difear idir ficsean agus neamhfhicsean?

A. déanann ficsean rím agus ní dhéanann neamhfhicsean rím

B. déanann neamhfhicsean rím agus ní dhéanann ficsean rím

C. tá ficsean fíor agus tá neamhfhicsean bréagach

D. tá ficsean bréagach agus tá neamhfhicsean fíor

Page 14: Scríobh d’fhreagraí ar an leathanach freagraí, ná scríobh ... · Ag Siopadóireacht san Ollmhargadh (Arna chur in oiriúint ó Uí Dhochartaigh, M. (2005) An Bhean Mhíchúramach)

13

Gluais

griandóite nuair a théann an craiceann dearg mar gheall ar an ghrian

irisleabhar leabhrán snasta

sáith go leor

stairiúil ócáid mhór a mbeidh cuimhne ag daoine uirthi

tralaí cairt ar a n-iompraítear siopadóireacht

Leabharliosta

Ó Néill, D. (2004) Contae Thír Eoghain

Uí Dhochartaigh, M. (2005) An Bhean Mhíchúramach

Innéacs

cóisir, 4

Corn Mhig Uidhir, 9

leabharlann, 8

ollmhargadh, 5

rothaíocht, 2

DEIREADH NA TEISTE

Page 15: Scríobh d’fhreagraí ar an leathanach freagraí, ná scríobh ... · Ag Siopadóireacht san Ollmhargadh (Arna chur in oiriúint ó Uí Dhochartaigh, M. (2005) An Bhean Mhíchúramach)

14

Léamhthuiscint Meancóga Litrithe Meancóga Poncaíochta

TIONTAIGH AN LEATHANACH

2007 2008 2009 2010 2011 2012 2013 2014 2015 2016 2017 2018 2019

0 1 2 3 4 5 6 7 8 9

0 1 2 3 0

1 2 3 4 5 6 7 8 9

0 1 2 3 4 5 6 7 8 9

0 1 2 3 4 5 6 7 8 9

0 1 2 3 4 5 6 7 8 9

0 1 2 3 4 5 6 7 8 9

0 1 2 3 4 5 6 7 8 9

0 1 2 3 4 5 6 7 8 9

0 1 2 3 4 5 6 7 8 9

0 1 2 3 4 5 6 7 8 9

0 1 2 3 4 5 6 7 8 9

0 1 2 3 4 5 6 7 8 9

0 1 2 3 4 5 6 7 8 9

0 1 2 3 4 5 6 7 8 9

Ainm Dalta

Ainm na Scoile

Dáta na Teiste

Marcáil mar seo ‹ ›

UIMHIR DALTA UIMHIR SCOILE

DÁTA BREITHE

Lá Mí Bliain

Eanáir

Feabhra

Márta

Aibreán

Bealtaine

Meitheamh

Iúil

Lúnasa

M. Fómhair

D. Fómhair

Samhain

Nollaig

ÚSÁID MÚINTEORA AMHÁIN

Aois an dalta ag am na teiste bliain mí

Lomscór

Scór Caighdeánaithe

Ord Percintíle

90% Banda Muiníne do Scór

Caighdeánaithe

go

Túslitreacha an mharcálaí/na marcálaithe

Teist Thaithíoch

1 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

2 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

3 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

4 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

5 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

6 A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 7 A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

8 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

9 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

10 A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

Page 16: Scríobh d’fhreagraí ar an leathanach freagraí, ná scríobh ... · Ag Siopadóireacht san Ollmhargadh (Arna chur in oiriúint ó Uí Dhochartaigh, M. (2005) An Bhean Mhíchúramach)

15

27 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

34 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

54 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

26 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

33 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

GAEILGE: TEIST 18 – LEATHANACH FREAGRAÍ

1 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 2 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 3 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

4 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

5 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

11 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 12 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

13 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

14 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

15 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

6 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 7 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 8 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

9 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

10 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

16 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 17 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

18 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

19 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

20 A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

21 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 22 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 23 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

24 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

25 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

56 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›

57 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›

58 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›

59 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›

60 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›

28 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 29 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 30 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

31 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

32 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

49 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

50 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

51 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 52 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 53 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

Leathanaigh 2 agus 3

Marcáil na boscaí le líne thanaí chothrománach mar seo .

55 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

48 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

43 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 44 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 45 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 46 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

47 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

35 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

36 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

37 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

38 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

39 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

40 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

41 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

42 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

Leathanaigh 4 (Meancóga Litrithe)

Leathanaigh 5, 6 agus 7

Leathanach 8 (Meancóga Poncaíochta)

Leathanaigh 9, 10 agus 11

Leathanach 12 (Ceisteanna Ginearálta)

Page 17: Scríobh d’fhreagraí ar an leathanach freagraí, ná scríobh ... · Ag Siopadóireacht san Ollmhargadh (Arna chur in oiriúint ó Uí Dhochartaigh, M. (2005) An Bhean Mhíchúramach)

16

27 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

34 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

54 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

26 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

33 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

GAEILGE: TEIST 18 – LEATHANACH FREAGRAÍ

1 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 2 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

3 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

4 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

5 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

11 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

12 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

13 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

14 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

15 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

6 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 7 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

8 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

9 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

10 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

16 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

17 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

18 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

19 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

20 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

21 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 22 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

23 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

24 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

25 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

56 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›

57 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›

58 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›

59 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › 60 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›

28 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 29 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

30 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

31 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

32 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

49 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

50 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 51 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 52 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 53 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

Leathanaigh 2 agus 3

55 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

48 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

43 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 44 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 45 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

46 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

47 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

35 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

36 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

37 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

38 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

39 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

40 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

41 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

42 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

Leathanaigh 4 (Meancóga Litrithe)

Leathanaigh 5, 6 agus 7

Leathanach 8 (Meancóga Poncaíochta)

Leathanaigh 9, 10 agus 11

Leathanach 12 (Ceisteanna Ginearálta)

Page 18: Scríobh d’fhreagraí ar an leathanach freagraí, ná scríobh ... · Ag Siopadóireacht san Ollmhargadh (Arna chur in oiriúint ó Uí Dhochartaigh, M. (2005) An Bhean Mhíchúramach)

17