seimineár réigiúnach treoirlínte an bnlo le haghaidh forbairt cód iompair
DESCRIPTION
An Tionscnamh um Pleanáil Fhorbartha Scoile. Seimineár Réigiúnach Treoirlínte an BNLO le haghaidh Forbairt Cód Iompair Cuimsíonn ábhair an BNLO agus an TPFS. Aidhm an tseisiúin seo. - PowerPoint PPT PresentationTRANSCRIPT
Seimineár Réigiúnach
Treoirlínte an BNLO le haghaidh Forbairt Cód Iompair Cuimsíonn ábhair an BNLO agus an TPFS
An Tionscnamh um Pleanáil Fhorbartha Scoile
Aidhm an tseisiúin seoAidhm an tseisiúin seo
Béim a leagan ar eochairthréithe na dTreoirlínte mar chomhthéacs le haghaidh Iniúchadh agus Athbhreithniú a dhéanamh ar Chód Iompair scoile
Dea-chleachtas i leith eochaircheisteanna a aithníodh trí úsáid a bhaint as na Treoirlínte agus as an uirlis Iniúchta, a chomhroinnt
Próiseas pleanála a leagan amach
An tAcht Oideachais (Leas) 2000An tAcht Oideachais (Leas) 2000
Alt 23, Fo-alt (2):
(2) Sonrófar na nithe seo a leanas i gcód iompair—
(a) na caighdeáin iompair a bheidh á n-iarraidh ar gach dalta atá ag freastal ar an scoil
(b) na bearta a fhéadfar a dhéanamh nuair a dhéanfaidh dalta neamhaird de na caighdeáin sin nó nuair a dhiúltóidh sé dóibh
(c) na nósanna imeachta a bheidh le leanúint sula bhféadfar dalta a chur ar fionraí nó a dhíbirt as an scoil lena mbaineann
Cód Iompaira Fhorbairt:Treoirlínte i gcomhairScoileanna
Cén Fáth Anois?Cén Fáth Anois?
Athrú: sochaí, cultúr agus cleachtas scoile An clár um chuimsiú…polasaí náisiúnta Comhpháirtíocht…tuismitheoirí agus
daltaí Taighde i leith cur chun cinn dea-iompair Gnáthaimh chóra Éiteas uile-scoile …ceannaireacht daoine
fásta Próiseas Pleanála éifeachtach
Cuimsíonn Treoirlínte an BNLOCuimsíonn Treoirlínte an BNLO
Oibleagáidí Dlíthiúla
Treoir i leith dea-chleachtais
Cur ChuigeCur Chuige
Coisctheach Uilechuimsitheach Cur chuige atá dírithe ar an bpáiste uile Cur chuige uile-scoile Cuidiú agus tacú leis an obair scoile atá idir lámha
Breithiúnas proifisiúnta agus freagracht
Struchtúr Threoirlínte an BNLOStruchtúr Threoirlínte an BNLOCaibidil
1 Réamheolas
2 Iniúchadh agus athbhreithniú ar an gcód reatha
3,4 Prionsabail atá mar bhonn le cód éifeachtach
5-9 Cód a fhorbairt a chuirfidh ar chumas na scoile iompar a bhainistiú go héifeachtach:
caighdeáin a leagan síos
freagairt d’iompar míchuí
iompar dearfach a chur chun cinn
10-12 Fionraithe agus díbirtí
BunphrionsabailBunphrionsabail
I ngrúpaí:
Céard iad na bunphrionsabail atá mar bhonn le cód iompair éifeachtach?
An Bonn atá le Cód Éifeachtach An Bonn atá le Cód Éifeachtach Caib. 3: Bunphrionsabail Caib. 3: Bunphrionsabail
Soiléire a sholáthar A dhearbhú go bhfuil iompar gach duine
tábhachtach Fócas ar dhea-iompar a chothú Riachtanais a chothromú A thuiscint go bhfuil caidrimh ríthábhachtach Fócas ar an bhfreagracht phearsanta Cothroime agus cothromas a chinntiú Comhionannas a chur chun cinn Leochaileacht ó thaobh oideachais de a aithint Freastal ar leas na ndaltaí Freastal ar leas na foirne Sábháilteacht agus saoirse ó bhagairt a chothú
Treoirlínte an BNLO (lth. 22-23)
An Bonn atá le Cód ÉifeachtachAn Bonn atá le Cód Éifeachtach
Caib.
4. Tá an fhoghlaim, caidrimh agus iompar nasctha lena chéile
Caib.
5. Cur chuige uile-scoile i ndáil le hiompar
Caib. 6: Caighdeáin iompair a leagan síosCaib. 6: Caighdeáin iompair a leagan síos
Sraith caighdeán i leith iompair a fhorbairt don scoil
Pobal na scoile a thabhairt isteach sa díospóireacht faoi chaighdeáin
Na daltaí a bheith páirteach i bhforbairt rialacha scoile agus rialacha don seomra ranga
Na caighdeáin a shamhaltú nó a léiriú Na daltaí a theagasc maidir leis na caighdeáin
agus leis an gcaoi le bheith dílis do na caighdeáin sin
Bealaí a bheith ann lena chinntiú go bhfuil tuiscint ag daltaí a bhfuil riachtanais speisialta acu ar an iompar a bhfuiltear ag súil leis uathu
Treoirlínte an BNLO (lth. 36-39)
Caib. 7: Dea-iompair a chothúCaib. 7: Dea-iompair a chothú Cur chuige uile-scoile
Straitéisí chun páirteachas daltaí agus tuismitheoirí a neartú
Bealaí a bheith ann chun ionchais arda do dhaltaí a chur in iúl
Bealaí a bheith ann chun cáilíocht na gcaidreamh idir daltaí agus an fhoireann a athbhreithniú
Treoirlínte an BNLO (lth. 44)
Caib. 8: Ag freagairt d’iompar míchuíCaib. 8: Ag freagairt d’iompar míchuí
Polasaí a fhorbairt ag díriú ar an gcaoi ina n-úsáidfear píonóis chun cabhrú le daltaí iompar míchuí a athrú
Sraith straitéisí comhaontaithe a bheith ann le haghaidh idirghabháil dhearfach a dhéanamh chun cabhrú le daltaí iompar míchuí a athrú
Róil agus freagrachtaí na mball foirne i leith iompair a shainiú go soiléir agus na sonraí faoi na róil seo a chur in iúl go forleathan
Bealach caighdeánaithe a chomhaontú chun ábhar a bhaineann le hiompar daltaí a thaifeadadh
Treoirlínte an BNLO (lth. 55)
Caib. 9: An Cód Iompair a chur i bhfeidhmCaib. 9: An Cód Iompair a chur i bhfeidhm
Teimpléad do Chód Iompair lth.59
An Cód a mhúineadh
Taifid
Ag plé le húdair imní agus le gearáin
Treoirlínte an BNLO (lth. 57-64)
Caib. 10: Fionraithe agus DíbirtíCaib. 10: Fionraithe agus Díbirtí A chinntiú go bhfuil polasaí agus nósanna imeachta
na scoile i leith fionraí agus díbeartha ag teacht le Treoirlínte an BNLO agus faofa ag an mBord agus ag an bPátrún
A chinntiú go gcuirtear an polasaí in iúl go forleathan Dea-chleachtas a fhorbairt agus a thaifeadadh Gnáthaimh chóra a bheith ann le haghaidh
imscrúdaithe agus cinnteoireachta Nósanna imeachta a bheith ann le tuismitheoirí agus
daltaí a chur ar an eolas maidir lena gceart chun achomhairc
Córas a bheith ann le go bhféadfadh an Bord athbhreithniú rialta a dhéanamh ar úsáid fionraithe / díbirtí
Treoirlínte an BNLO (lth. 66-91)
Gnáthaimh chóra i gcás Píonóis ThromaGnáthaimh chóra i gcás Píonóis Throma
Ní mór tromchúis an mhí-iompair líomhanta agus an ní atá réasúnta i gcomhthéacs na scoile a chur san áireamh agus gnáthaimh chóra á gcur i bhfeidhm
An ceart le héisteacht – is gá go mbeadh na tuismitheoirí agus an dalta go hiomlán ar an eolas agus go mbeadh deis freagartha tugtha dóibh sula ndéanfaí cinneadh
Neamhchlaontacht sa chinnteoir – m.sh. níor cheart go mbeadh ionadaí na dtuismitheoirí ar an mBord i láthair agus píonós á bheartú dá mhac
Neamhchlaontacht sa chóras cinnteoireachta – leis an bPríomhoide a fhágáil saor chun cinneadh neamhchlaonta a dhéanamh, is inmholta gan páirt a bheith aige san imscrúdú ná sa tuairisciú, más féidir
Iniúchadh agus Athbhreithniú a dhéanamh
ar an gCód Iompair
2. Iniúchadh agus athbhreithniú a dhéanamh 2. Iniúchadh agus athbhreithniú a dhéanamh ar an gcód iompairar an gcód iompair
Iniúchadh a dhéanamh ar chód iompair atá ann cheana féin
“Éilítear ar Bhoird Bhainistíochta iniúchadh a dhéanamh ar an gcód iompair scoile atá ann cheana féin, mar chéim thosaigh i gcur i ngníomh na dTreoirlínte seo. Cuirfidh an t-iniúchadh ar chumas na scoile measúnú a dhéanamh ar cé chomh maith is atá a cód iompair reatha ag teacht leis an dea-chleachtas agus ag comhlíonadh a hoibleagáidí dlíthiúla iomchuí.” (lth.4)
Athbhreithniú ar chód iompair atá ann cheana féin:“I gcás go sainaithnítear ón iniúchadh tosaigh gnéithe den
chód iompair ar ghá athbhreithniú iomlán a dhéanamh orthu, ba chóir don Bhord Bainistíochta, in éineacht leis an bPríomhoide, na réimsí le hathbhreithniú a chur in ord tosaíochta.” (lth.4)
Iniúchadh a dhéanamh ar an gCódIniúchadh a dhéanamh ar an gCód
Is é is iniúchadh ann ná dianscrúdú ar gach gné d’ábhar agus d’fheidhmiú an chóid iompair d’fhonn a iomláine a chinntiú agus chun a dhearbhú go bhfuil sé ag comhlíonadh na gceanglas dlíthiúil agus an dea-chleachtais faoi mar atá leagtha amach sna Treoirlínte seo.
ATHBHREITHNIÚ ar ghnéithe áirithe den ATHBHREITHNIÚ ar ghnéithe áirithe den chód a sainaithníodh san Iniúchadhchód a sainaithníodh san Iniúchadh
Déan cur síos ar an gcleachtas reatha
Déan meastóireacht ar a éifeachtúlacht
Déan liosta de roghanna le haghaidh feabhsúcháin
Ceap pleananna gnímh le haghaidh feabhsúcháin agus cur i bhfeidhm
Ceardlann Ceardlann
Scrúdaigh an ‘Seicliosta don Iniúchadh’:Caighdeáin Iompair a leagan síos (dara leathanach) nóAn Cód Iompair a chur i ngníomh (tríú leathanach)
Aithin na freagairtí is dóichí a bheadh ag formhór na scoileanna ar gach ceist- ‘Is ea/Tá’ – ‘B’fhéidir’ – ‘Ní hea/Níl’
I gcás réimse ar bith, déan idirphlé bunaithe ar do thaithí ón scoil:Céard atá ag obair go maith i do scoil?Cén fócas is dóchúla le haghaidh d’athbhreithniú leantach?Céard iad na chéad chéimeanna eile is dóchúla a thógfadh scoil ó thaobh athbhreithniú agus chur i bhfeidhm an Chóid de?
Ceisteanna Samplacha ón IniúchadhCeisteanna Samplacha ón Iniúchadh Caighdeáin Iompair a leagan síosCaighdeáin Iompair a leagan síos
An bhfuil caighdeáin shoiléire iompair ann do gach duine sa scoil?
An bhfuil raon modhanna ag an scoil leis na caighdeáin seo a chur in iúl do dhaltaí, don fhoireann agus do thuismitheoirí?
An raibh lámh ag na daltaí i mbeartú rialacha na scoile?
Ceisteanna Samplacha Ceisteanna Samplacha Caighdeáin Iompair a leagan síosCaighdeáin Iompair a leagan síos
An mbíonn lámh ag na daltaí i mbeartú rialacha an tseomra ranga?
An bhfuil bealaí ag an scoil lena chinntiú go dtuigeann daltaí le riachtanais speisialta na caighdeáin atá á n-éileamh?
Ceisteanna Samplacha ón IniúchadhCeisteanna Samplacha ón IniúchadhAn Cód Iompair a chur i ngníomhAn Cód Iompair a chur i ngníomh
An bhfuil raon bealaí ag an scoil chun an Cód Iompair a chur in iúl don fhoireann, do na daltaí agus do thuismitheoirí?
An bhfuil Cód i scríbhinn ag an scoil? Seachas an Cód i scríbhinn a thabhairt do
thuismitheoirí, an ndéanann an scoil aon ní eile chun cabhrú le tuismitheoirí an Cód a thuiscint agus tacú leis?
An bhfuil pleananna ceachta agus cláir ann chun cabhrú le daltaí i leith foghlaim na scileanna agus an eolais is gá chun críche dea-iompair?
Ceisteanna Samplacha ón IniúchadhCeisteanna Samplacha ón IniúchadhAn Cód Iompair a chur i ngníomhAn Cód Iompair a chur i ngníomh
An ndéanann an scoil monatóireacht ar phatrúin iompair sa scoil?
An bhfuil córas caighdeánach sa scoil chun taifid i leith iompair a choinneáil?
An bhfuil bealaí aitheanta ann inar féidir le baill foirne, daltaí agus tuismitheoirí údair imní faoi iompar a chur in iúl nó gearáin a dhéanamh?
Ar thug an scoil treoir do thuismitheoirí faoin mbealach inar cheart dóibh asláithreacht páiste a chur in iúl don scoil?
AthbhreithniúAthbhreithniúTosaíochtaí SamplachaTosaíochtaí Samplacha
An bhfuil raon modhanna ag an scoil leis na caighdeáin seo a chur in iúl do dhaltaí, don fhoireann agus do thuismitheoirí?
An mbíonn lámh ag na daltaí i mbeartú rialacha na scoile?
An bhfuil bealaí aitheanta ann inar féidir le baill foirne, daltaí agus tuismitheoirí údair imní faoi iompar a chur in iúl nó gearáin a dhéanamh?
Athbhreithniú - PléAthbhreithniú - Plé
Cén chaoi a leanfá ar aghaidh go dtí athbhreithniú?
Bain úsáid as saincheist shamplach ón seicliosta:
‘An mbíonn lámh ag na daltaí i mbeartú rialacha na scoile?’
Tascghrúpa An Chóid IompairTascghrúpa An Chóid Iompair Déan soiléir an Cleachtas Reatha Déan soiléir an Cleachtas Reatha
Téigh i gcomhairle leis an bhfoireann:
An bhfuil bealaí ann ina bpléann baill foirne rialacha le daltaí nó ina dtéann siad i gcomhairle le daltaí maidir le rialacha?
An bhfuil sé de nós ag an scoil dul i gcomhairle le daltaí maidir le saincheisteanna?
An bhfuil aon aiseolas i leith rialacha tugtha ag na daltaí?
An bhfuil éifeacht ag baint leis na cleachtais seo? Conas is eol duit?
Breathnaigh an réasúnaíocht a bhaineann le comhairliúchán (an chéad sleamhnán eile)
Tascghrúpa An Chóid IompairTascghrúpa An Chóid IompairAn réasúnaíocht a bhaineann le gníomhAn réasúnaíocht a bhaineann le gníomh
Cén toradh a d’fhéadfadh a bheith ar chomhairliúchán le daltaí maidir le rialacha scoile?
Céard iad na húdair imní a d’fhéadfadh teacht chun cinn trína leithéid a dhéanamh?
An bhfuil bearta cosanta ann a chinnteodh gur cleachtadh dearfach a bheadh ann?
Tascghrúpa An Chóid IompairTascghrúpa An Chóid IompairMoltaí le haghaidh Gnímh Moltaí le haghaidh Gnímh
Cén bealach ina bhféadfaí dul i gcomhairle leis na daltaí?
Ar cheart é seo a dhéanamh ar roinnt bealaí éagsúla?
Conas a chinnteofar go mbeidh sé ionadaíoch?
Cé a dhéanfaidh bainistiú ar an gcomhairliúchán?
Cé na ceisteanna a thabharfadh fócas don chúram seo?
Tascghrúpa An Chóid IompairTascghrúpa An Chóid IompairPlean Gnímh – Faofa ag an mBBPlean Gnímh – Faofa ag an mBB
Cén rud Conas Cé Cathain Aidhmeanna – critéir rathúlachta Monatóireacht ar chur i ngníomh Meastóireacht ar thorthaí Meastóireacht ar chomhairliúchán(Féach suíomh gréasáin an TPFS le haghaidh
teimpléid shamplacha)
Na Chéad Chéimeanna Eile a d’fhéadfaí Na Chéad Chéimeanna Eile a d’fhéadfaí a ghlacadha ghlacadh
1. Cinneadh an Bhoird Bhainistíochta tús a chur le hIniúchadh
2. Bunú ‘Foireann Iniúchta’ – Príomhoide, baill foirne, Coiste na dTuismitheoirí, Comhairle na nDaltaí…?Tiomantas agus gafacht na gcomhpháirtithe a choinneáil sa tsiúl i rith phróiseas an Iniúchta
3. Faisnéisiú don fhoireann ar eochaircheisteanna sna Treoirlínte, leas a bhaint as an Seicliosta Iniúchta le díriú ar réimsí roghnaithe, smaointe le leanúint suas a spreagadh
4. Faisnéisiú comhchosúil cuí do Choiste na dTuismitheoirí, do Chomhairle na nDaltaí
5. Réiteach tuairisce ag an bhFoireann Iniúchta ar chomhairliúcháin na Foirne, na dTuismitheoirí, na nDaltaí
6. Dian-iniúchadh ag an bhFoireann Iniúchta, féachaint an bhfuil an cód reatha ag teacht leis an reachtaíocht agus le dea-chleachtas faoi mar atá leagtha síos sna Treoirlínte
7. Aithint na n-athruithe a bhfuil gá leo8. Athbhreithniú de réir mar is cuí ar réimsí
aitheanta9. Cruthú Dréachtphlean Gnímh i ndáil leis na
hathruithe atá molta10. Faomhadh an Bhoird don Phlean Gnímh agus
do na hathruithe atá molta don Chód11. Na hathruithe a chur in iúl do phobal na scoile
agus an Cód athbhreithnithe a chur i ngníomh12. Meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht an
Chóid athbhreithnithe
CríochCríoch
An bhfuil an t-údarás tarmligthe ag an mBord Bainistíochta don Phríomhoide dalta a chur ar fionraí de réir Threoirlínte an BNLO?
www.newb.ie
www.sdpi.ie