slí na noileán¡n-06... · 2019-05-20 · slí na noileán 2 fómhar / autumn 2011 cartlann...
TRANSCRIPT
Slí na nOileán
Fómhar / Autumn 2011 Eagrán / Issue 06
Maoinithe ag Rialtas na hÉireann faoin bPlean Forbartha Náisiúnta, 2007 - 2013
San Eagrán Seo
2 Cartlann Digiteach Raidió & Scannáin Oileáin Dhún na nGall Donegal Islands Film and Radio Digital Archive 3 Caomhnú & Uasghrádú Oidhreacht na Tuaithe Conservation & Upgrading of the Rural Heritage 4 An Clár Forbartha Tuaithe – Deontais íoctha 5 The Rural Development Programme — Grants
Paid 7 The Ocean Runner ag sábháil sár-luamh Rambler 100 Ocean Runner rescues Super Yacht Ramber 100 8 Dhá Thogra Nuálacha Cultúrtha Inis Oírr 9 Two Innovative Cultural Projects Developed in Inis Oírr
Contents
10 Bíodh a Fhios Agat do Chearta! Cártaí Leighis Know Your Rights! Medical Cards 11 Athruithe sa Phacáiste Sochar Teaghlaigh Changes in the Household Benefits Package 12 Pinsin leasa shóisialaigh agus céilí féinfhostaithe Social welfare pensions & spouses of self- employed 13 An Scéim um Rothaíocht chun na hOibre
Cycle to Work Scheme 14 Cúrsa Léiriú ar na Meáin Sóisialta Course—Introduction to Social Media 15 Taispeántas Ealaíne, Féile Ceoil agus Lá Oidhreachta ar Oileán Chliara, Maigh Eo
Art Exhibition, Music festival & Heritage Day on Clare Island, Mayo
The Ocean Bank ag sábháil an Sár-Luamh Rambler 100
The Ocean Bank rescues the Super Yacht Rambler 100
(Scéal Iomlán Lthn 7/ Full Story P7)
Slí na nOileán 2 Fómhar / Autumn 2011
Cartlann Digiteach Raidió agus Scannáin Oileáin Dhún na nGall
Donegal Islands Film and Radio Digital Archive
Tá ábhar ó Oileáin Dhún na nGall seo a leanas sa chartlann
There is material from the following Donegal islands in the archive:
Toraigh, Árainn Mhóir, Inis Fraoigh, Inis Caorach, Inis Mhic an Doirn, Gabhla, Uaighe, Inis Meáin, Inis
Oirthir, Inis Bó Finne & Oileán Ruaidh.
Bhunaigh Féile Ealaíona Earagail cartlann
digiteach le maoiniú ó Chomhar na nOileán,
Comhairle Contae Dhún na nGall agus na
heagraíochtaí pobail a dhéanann ionadaíocht ar na
hoileáin amach ó chósta Dhún na nGall. Is ábhar
teilifíse, físeáin agus raidió a bhaineann leis na
hoileáin amach ó chósta Dhún na nGall ó na
1950ídí go dtí an lá atá inniu ann atá sa chartlann
seo.
Tá comhpháirtithe an tionscadail fíor-bhródúil as.
Tá an cartlann digiteach seo ar fáil don phobal le
féachaint air saor in aisce in Árainn Mhór, in
Oileán Thoraigh, i Leabharlann Ghaoth Dobhair
agus i Músaem Contae Dhún na nGall. Insítear
s t a i r c h u l t ú r t h a ,
s h ó i s i a l t a a g u s
eacnamaíochta Oileáin
Dhún na nGall den chéad
uair. Tríd an ábhar atá sa
chnuasach seo is féidir
éisteacht le saothair
Bhéaloidis Seamús Ennis
agus Seán Ó hEochaidh a
rinneadh taifeadadh orthu
sna 50ídí. Tugtar léargas
ar na cinntí deacra a bhí
ar na hoileánaigh a
dhéanamh sna 1960ídí
agus a n-oileáin á
bhfágáil agus iad ag
athlonnú go dtí an mórthír. Feictear chomh gar is a
chuaigh Toraigh go dídhaonrú sna 70ídí; na
feachtais a tharla chun seirbhísí bunúsacha uisce,
iompair, calafoirt agus oideachais a bhaint amach
ar Thoraigh agus ar Árainn Mhór sna 80ídí; an
ghluaiseacht chun athdhaonrú a dhéanamh ar na
hoileáin bheaga sna 90ídí agus na seirbhísí a
baineadh amach sa mhílaois nua a chabhraigh le
buanú daonraí na n-oileán.
Tá pleanáil ar siúl i láthair na huaire maidir le
céim 2 agus beidh tuilleadh ábhair á chur isteach
sa chartlann, ar nós griangrafanna agus altanna
clóite, chomh maith le taighde ar úsáid ionaid
ríomhairí chun eolas a chur ar fáil do thurasóirí.
Earagail Arts Festival, with funding from
Comhar na nOileán Teo, Donegal County
Council and the community organisations that
represent the offshore islands in Donegal have
established a digital archive of television, video
and radio material relating to the offshore islands
of Donegal from the 1950s to the present day.
This project is one that the project partners are
rightfully proud of. This digital archive, which is
available for free public viewing in Árainn
Mhóir and Oileáin Thoraigh and also in
Leabharlann Ghaoth Dobhair and the Donegal
County Museum tells the social, cultural and
economic history of the islands of Donegal for
the first time. Through
the material contained in
this collection it's
possible to listen to the
folklore collections of
Seamús Ennis and Seán
Ó hEochaidh that were
recorded on the islands
in the 1950s; understand
the painful decisions that
s o m e i s l a n d
communit ie s were
taking in the 1960s to
leave their islands and re
-locate to the mainland;
see how close Toraigh
actually came to depopulation in the 1970s; the
campaigns for basic services such as water,
transport, harbours and education on Toraigh and
Árainn Mhóir in the 1980s; the drive to re-
populate the smaller islands in the 1990s and the
achievement of services which allow
stabilization of island populations in the new
millennium.
A phase 2 is currently being planned that will see
further material inputted into the archive such as
photographs and printed articles. The use of the
computer outlets for visitor information is also
being examined.
Máirín Uí Fhearraigh
©Eoghan Mac Gairbheith
Slí na nOileán 3 Fómhar / Autumn 2011
Comhar na nOileán is issuing a special call for
projects in the area of Conservation, Culture,
Heritage and Alternative Energy as we still
have a lot of funds in this measure.
Please see below examples of the types of
projects which can be funded in this area:
Comhar ag lorg iarratais ar leith faoi Chaomhnú, Cultúr, Oidhreacht agus Fuinneamh
Inathnuaite
Special Call for Conservation, Culture, Heritage and Alternative Energy Projects!
Má tá aon smaointe nó cheisteanna agat faoi seo, téigh i dteagmháil le d‘Oifigeach Forbartha
If you have any ideas or questions about this, please do not hesitate to contact your Project
Development Officer
Mary Lavelle (087) 287 2929 [email protected]
Máire Uí Mhaoláin (099) 75096 [email protected] (Gaeltacht)
Tá Comhar na nOileán ag lorg iarratais ar leith
faoin rannóg Caomhnú, Cultúr, Oidhreacht
agus Fuinneamh Inathnuaite mar go bhfuil go
leor maoiniú fágtha don bheart seo.
Féach thíos samplaí den chineál tograí ar féidir
maoiniú a fháil orthu sa rannóg seo:
Samplaí de thograí a mhaoinigh Comhar
na nOileán sa rannóg go dtí seo:
Ceannacht brúiteoir gloine
Ceannacht fearas taifeadadh d‘Ionad
Oidhreachta
Cur le chéile cartlann closamhairc na n-oileán
Ceannacht innill cuilteála
Cur le chéile agus léiriú dráma pobail
bunaithe ar stair agus ar bhéaloideas an
oileáin
Taispeántas Éadaí Traidisiúnta an Oileáin
Foilsiú saothair grúpa scríbhneoirí áitiúla
Foilsiú leabhar logainmneacha
Clár faisnéise
Samplaí de thograí atá maoinithe ag
comhlachtaí LEADER eile:
Staideár Féidearthachta ar phoitéinseal mhicri
-hidrileictreachas
Staideár Féidearthachta ar chaomhnú Séipéal
Meánaoiseach áitiúil
Taighde, fearas agus bailiúchán béaloidis
agus staire áitiúil
Tógáil áis stórála do shíolta prátaí oidhreachta
Staideár ar bhainistiú bruscair
Staideár Féidearthachta ar Fhuinneamh
Inathnuaite— díleá anaeróbach
Examples of projects already supported by
Comhar na nOileán under this measure:
Purchase of glass crusher
Purchase of equipment for heritage centre
Compilation of audio visual island archive
Purchase of quilting machine
Production and performance of community
drama based on island history and folklore
Exhibition of traditional island clothing
Publication of the work of local writers‘
group
Publication of a book of place names
Documentary film
Examples of projects supported by other
Leader Companies:
Feasibility study on the potential of micro
hydro electricity
Feasibility study on the conservation of a
local Medieval Church
Research, equipment and collection of oral
history and folklore
Construction of storage facility for heritage
potato seeds
Waste management study
Feasibility study on Renewable Energy –
Anaerobic Digestion
Griangraf ó Nuacht RTÉ
Still from RTE News 1960
Patsy Dan Rodgers & Derek
Hill, Oileán Thoraigh
Slí na nOileán 4 Fómhar / Autumn 2011
Murray Grant
Fuair Murray Grant deontas de €1,025.00 le turas lae
eachtraíochta a eagrú ó Chathair na Mart go hInis Bó
Finne. D‘úsáid sé an deontas le haghaidh fógraíocht ar
an mionbhus, comharthaíocht, foilsiú 20,000 bróisiúr
agus réiteach an suíomh idirlín.
Gerard Sullivan, Bád Chlós Oileán Bhéara
Tugadh deontas €3,490.00 do Gerard Sullivan, Bád
Chlós Oileán Bhéara le fearas & aonad aisghabhála a
cheannacht chun fáil réidh le hábhar dramhaíola go
sábháilte. De bhrí gur b‘é nádúr an ghnó a bheith ag
déanamh athchóiriú ar bháid, bíonn go leor ábhar
tuaslagóra as péint agus ábhar eile ar gá fáil réidh leis
ar bhealach sábháilte. Faoí láthair stóráiltear an t-
ábhar i ndrumaí agus tugtar as sin é go dtí an mórthír 4
h-uaire sa mbliain áit a bhfuil comhlacht ábalta é a
thógáil agus é a phróiseáil. Leis an gcóras atá
beartaithe beidh Bás Clós Oileán Bhéarra ábalta an
obair seo a dhéanamh ar an láthair. Tar éis próiseála,
ní bheidh ach 5% den ábhar dramhaíola le dul chuig an
mhór thír mar gur féidir an chuid eile de a úsáid mar
thanaítheoirí péint. Níos tábhachtaí fós, laghdófar an
lorg carbóin agus an chontúirt a bhaineann lena bheidh
ag iompar ábhar dramhaíola mar seo.
Seán Harrington
Íocadh deontas de €14,050.00 le Sean Harrington le
craein a shuiteáil ar a bhád tuga.
Inis Toirc
Tugadh deontas de €1,690.00 le traenáil
cócaireachta a chur ar fáil do sholáthraí
turasóireachta ar Inis Toirc.
Comharchumann Oileán Árainn Mhór
Fuair Comharchumann Oileán Árainn Mhór
€1,680.00 i gcomhair ranganna cócaireachta le
Frank Moynihan do dhaoine atá ag obair i dtionscal
na turasóireachta. Tugadh cúnamh deontais freisin
de €2,700.00 le físeán a dhéanamh faoi Oileán
Árainn Mhóir.
Comharchumann Chléire
Fuair Comharchumann Chléire €3,020.25 chun
athfheistiú a dhéanamh ar an gcaidéal breosla agus
díosail ar Oileán Chléire. Is córas cárta sochair/
dochair atá i bhfeidhm, rud a chiallaíonn nach
mbeidh ar bhall foirne a bheith i láthair chun
seachadadh a dhéanamh ar an mbreosla agus beidh
teacht i bhfad níos easca ag muintir an phobail air.
Tá an Comharchumann ábalta monatóireacht níos
fearr agus tomhais níos fearr a dhéanamh ar an méid
breosla a theastaíonn.
Fuair siad €5,707.50 chomh maith chun leabhar
grianghrafadóireachta ó Oileán Chléire le píosaí
próis le Chuck Kruger a dhéanann cur síos ar an saol
ar an oileán le 20 bliain anuas a fhoilsiú.
Clár Forbartha
Tuaithe -
Deontais íoctha
Obair ar Pháirc Uile Aimsire / Work in Progress on Astroturf
Slí na nOileán 5 Fómhar / Autumn 2011
Comhar Caomhán Teo
Fuair Comhar Caomhán Teo an chéad íocaíocht de
€8,590.31 le huasghrádú a dhéanamh ar leithris poiblí
an ionad campála agus iad a réiteach le bheith
feiliúnach do dhaoine faoi mhíchumas, agus le
painéil ghrianda, sorn comhdhlúthadáin, aláram tine,
fuinneoga, doirse agus leithris nua a shuiteáil. Fuair
siad €35,834.50 le Páirc Uile Aimsire 5 an taobh a
thógáil in aice le páirc peile Inis Oírr.
Seomraí Só Inis Meáin
Fuair Seomraí Só Inis Meáin cabhair deontas de
€10,938.57 le moltaí a rinne comhairleoir Michelin
maidir le huasghrádú a chur i bhfeidhm.
Tim O’Leary
€1,170.75 a fuair Tim O’Leary le gnó rothair ar cíos
ar an oileán a bhunú. Tá mapa simplí déanta aige den
oileán freisin.
Comharchumann Thoraí
Fuair Comharchumann Thoraí €1,760 do ranganna
cócaireachta le Frank Moynihan a chur ar fáil do
dhaoine atá ag obair i dtionscadal na turasóireachta
.
Majella McMullan
Tugadh deontas de €4,987.50, do Majella Mc Mullan
le staidéar féidearthachta a dhéanamh ar bhunú Ionad
Teiripe Iomlánaíoch ar Oileán Árainn Mhór, Dún na
nGall.
Áras Éanna, Inis Oírr
€4,903.16 a fuair Áras Éanna, Inis Oírr le treallamh
físe agus fuaime a fháil don amharclann.
Comhar na nOileán Teo
Fuair Comhar na nOileán Teo íocaíocht de
€27,802.02 do thogra faoi úsáid fuinnimh i mbealach
inmharthanacht sna oileáin. Is comhpháirtíocht atá
ann idir na grúpaí ar a bhfuil freagracht na n-oileán
sa Danmhairg agus sa tír seo.
Rural Development
Programme -
Grants Paid
Rothair ar Cíos / Bicycle Hire Tim O’Leary
Murray Grant
Murray Grant received grant aid of €1,025.00 for an
all inclusive adventure day trip from Westport to
Inishbofin. The promoter used the grant aid to part
fund the mini-bus graphics, signage, production of
20,000 brochures and the design of a website.
Gerard Sullivan- Bere Island Boat Yard
Grant aid of €3,490.00 was paid to Gerard Sullivan,
Bere Island Boat Yard for the purchase and
installation of a waste solvent recovery unit. The
repair and maintenance of boats results in large
quantities of waste paints, solvents etc., which need to
be disposed of in a safe manner. At present, the waste
is stored in non-leak drums and transferred to the
mainland approximately 4 times per year where a
company takes it away for safe processing. By using
this machine on Bere Island, the company will be able
to process the paints themselves. After processing,
only 5% of the waste will be transported as the end
processed product can be used as thinners for new
paint. More importantly, the carbon footprint and the
risk of an accident occurring while transporting waste
material will be greatly reduced
Sean Harrington
Seán Harrington received grant aid of €14,050 for the
installation of a crane on a tug boat.
Inishturk Community Club Limited
Inishturk Community Club Limited received funding
of €1,690.00 to run a cookery training course for the
tourism operators on the island.
Comharchumann Oileán Árainn Mhór Comharchumann Oileán Árainn Mhóir received
€1,680 for cookery demonstration classes by Frank
Moynihan for people working in the tourism industry.
They also got funding of €2,700 for a promotional
video showcasing Árainn Mhóir.
Comharchumann Chléire Teo
A grant of € 3,020.25 was paid to Comharchumann
Chléire Teo for the refit of fuel and diesel pump. The
system will be a credit/debit card user system and will
not require staff to be present to deliver fuel. This
will ensure efficiency and consistent provision and
will allow the Comharchumann to monitor quantities.
They also received funding of €5,707.50 to publish a
book of photographs of Oileán Chléire together with
selected writings from Chuck Kruger, reflecting on
life on the island over the past 20 years.
Slí na nOileán 6 Fómhar / Autumn 2011
Comhar Caomhán Teo Comhar Caomhán Teo received the first phase
payment of €8,590.31 to upgrade the public toilets in
the camp site, to provide disabled access, to install sun
panels, a condenser burner, fire alarm, new windows,
doors and toilets. They also got funding of
€35,834.50, which is the first phase payment, to
develop a 5 a side All-Weather Astroturf pitch beside
Inis Oírr football pitch.
Seomraí Só Inis Meáin
Seomraí Só Inis Meáin received grant aid of
€10,938.57 to implement the recommendations of the
Michelin advisor in terms of upgrading.
Tim O’Leary
Grant aid of €1,170.75 was paid to Tim O‘Leary , who
runs the registered ferry to and from Whiddy Island to
set up a bicycle hire business. He also printed out a
very simple map of the Island which promotes areas of
special interest.
Comharchumann Thoraí Comharchumann Thoraí received €1,760.00 for
cookery demonstration classes by Frank Moynihan
for people working in the tourism industry.
Majella Mc Mullan
Majella McMullan received funding of €4,987.50 for
a feasibility study for the setting up of a Holistic
Therapy Centre on Árainn Mhóir.
Áras Éanna, Inis Oírr
Áras Éanna received €4,903.16 for the purchase of
sound and recording equipment for the theatre and the
café.
Comhar na nOileán Teo
Comhar na nOileán Teo received €27,802.02, the first
phase payment for a project on the sustainable use of
energy on the small islands. Three Danish and three
Irish island energy groups are involved.
Muillte gaoithe gar don oileán Samsoe sa Danmhairg
Windmills near the island of Samsoe in Denmark
Do you have an idea for a business or
project?
To find out whether or not Comhar na
nOileán can help, contact your Project
Officer and have a chat about it!
Mary Lavelle (087) 287 2929
An bhfuil smaoineamh agat do ghnó
nó do thogra?
Le fáil amach an mbeadh Comhar na
nOileán ina ann cuidiú leat, téigh i
dteagmháil le d‘Oifigeach Forbartha
lena phlé!
Máire Uí Mhaoláin 099 75096
Slí na nOileán 7 Fómhar / Autumn 2011
Seán Harrington, Oileán Bhéara, i gceannas ar mhisean sábhála an Rambler 100 tar éis an Tubaiste a
tharla ag an Rása Rolex Fastnet
Bere Island’s Sean Harrington, leads mission to save Rambler 100 after disaster at the Rolex Fastnet
Race.
Sean Harrington is a native and resident of Bere Is-
land and has been involved with boats and marine
activity all his life. He is passionate about the sea and
all things nautical. Sean at the tender age of 26, owns
and runs a number of small businesses on Bere Island.
Bere Island Sea safari is a business that caters for
tourism in the area of Bantry Bay and Bere Island,
offering reasonable tours of the Bay, Whale and Dol-
phin watching trip, water sports and an out of hour
taxi service.
Sean is a fully qualified skipper. The boat, Ocean
Runner, is a 12 seater R.I.B that is fully equipped with
a state of the art navigation, communication and
safety equipment and licensed by the Dept of Marine.
This business is seasonal and weather dependent so
during the rest of the year Sean operates Atlantic
Towage and Marine Co. This business was estab-
lished in 2008 and since then has established itself as
one of the leading companies servicing towage and
salvage needs on the southern coastline. They special-
ise in harbour, coastal and international salvage, wind
farm support and the provision of a work boat and
barge for hire. The crew are highly experienced and
trained, are locally based and thus able to sail at short
notice. The boat used in the salvation operation (see
page 1) is the Ocean Bank, a 33 metre, 600 tonne
Voith Schneider Tractor tug. She has a 3000 horse-
power engine and has a bollard pull of 32 tonne with a
top speed of 12.5 knots. In 2010 she was fitted with a
30 tonne metre deck crane 50% funded by Comhar na
nOileán, through the Rural Development Programme
(RDP).
On the 16th August 2011, Sean received a call to go to
the assistance of the stricken super yacht Rambler 100
that had almost sank at the Fastnet Rock during the
Rolex Fastnet Race. The crew were rescued earlier in
the day by the marine emergency services. The yacht,
one of the most sophisticated yacht of its kind cost
$18 million to build and it‘s hull alone is estimated to
cost $7 million got in to difficulty during the race and
overturned, breaking the keel.
The Ocean Bank crew established a tow on the 100ft
capsized vessel and towed it to a sheltered bay near
Brow head , an operation that took 7 hrs. After a num-
ber of days monitoring the situation she was upturned
and taken in to Baltimore.
The Board and Staff of Comhar na nOileán are de-
lighted for Sean and the success of this endeavour and
that we were involved in a small way by part funding
the crane in 2010.
Maireann Seán Harrington ar a oileán dhúchasach
Oileán Bhéara agus tá baint aige le báid agus an fhar-
raige ar feadh a shaoil. Tá grá a chroí aige don fhar-
raige agus do gach a bhaineann le loingseoireacht. Is le
Seán roinnt gnólachtaí bheaga ar an oileán agus gan é
ach 26 mbliana d‘aois. Is gnó é Bere Island Sea Safari a
fhreastalaíonn ar thurasóirí i mBá Bheantraí agus
Oileán Bhéara, trína ndéantar turais réasúnta den Bhá,
turais fairtheoireacht míolta móra agus deilfeanna,
spóirt uisce agus seirbhís tacsaí nuair nach bhfuil aon
cheann eile ar fáil.
Is scipéir láncháilithe é Seán. Is R.I.B. le dhá shuíochan
déag é an bád, Ocean runner, feistithe le fearas lo-
ingseoireachta, cumarsáide agus sábháilteachta den
chuid is nua-aimseartha ceadúnaithe ag Roinn na Mara.
Tá an gnó seo séasúrach agus braitheann sé ar an aim-
sir, mar sin don chuid eile den bhliain oibríonn Seán in
Atlantic Towage and Marine Co. Bunaíodh an gnó seo
in 2008 agus ó shin i leith tá ainm faighte aige mar
cheann de na comhlachtaí a chuireann an seirbhís tuála
agus tarrthála is fearr ar an gcósta ó dheas ar fáil. Dé-
anann siad sainfheidhmiú ar tharrtháil idirnáisiúnta,
cósta agus calafoirt, tacaíocht feirm ghaoithe agus
soláthraíonn bád oibre agus báirse ar cíos. Tá ardthaithí
agus ardoiliúint ag an gcriú atá bunaithe go háitiúil
agus mar sin tá siad abálta seoladh ar gearrfhógra. Is é
an bád atá in úsáid sa jab tarrthála seo (féach lthn. 1) ná
an Ocean Bank, tuga tarracóir Voith Schneider 33 mé-
adar, 600 tonna. Tá inneall de each-chumhacht 3000 air
le tarraingt ceap ceangail de 32 tonna agus uas-luas de
12.5 muirmhíle san uair. In 2010, feistíodh é le craein
deice 30 tonna méadrach a fuair maoiniú 50% ó Chom-
har an nOileán, tríd an gClár Forbartha Tuaithe (CFT).
Ar an 16 Lúnasa 2011, fuair Seán glaoch le dhul i gcab-
hair ar shár-luamh Rambler 100 a bhí ag dul go tóin le
linn an Rása Rolex Fastnet. Bhí an criú tugtha slán ag
na seirbhísí mara éigeandála níos luaithe sa lá. Bhuail
cruachás an luamh, luamh a bhí ar cheann de na cinn ba
sofaisticiúla dá chineál. Chosain sé $18 milliún chun é
a thógáil agus meastar gur chosain cabhail an bháid $7
milliúin ann féin. Tíontaíodh é agus déanadh damáiste
dhá chíle le linn an rása.
D‘éirigh le criú an Ocean Bank tarraingt a fháil ar an
soitheach 100 troigh a bhí iompaithe agus tharraing
siad chomh fada le bá foscaithe é in aice le Ceann Bró,
jab a thóg 7 n-uair a chloig. Tar éis roinnt laethanta
monatóireachta ar an gcás iompaíodh aníos é agus tu-
gadh isteach go Dún na Séad é.
Tá áthas an domhain ar Bhord agus foireann Comhar
na nOileán do Sheáin faoi chomh maith is a d'éirigh
leis an dianiarracht rathúil seo agus go raibh muid
páirteach ar bhealach beag tríd an páirtmaoiniú a rin-
neadh ar an gcraein in 2010.
Slí na nOileán 8 Fómhar / Autumn 2011
Dhá Thogra Nuálacha Cultúrtha in Inis Oírr
Two Innovative Cultural Projects Developed in Inis Oírr
Tháinig iarratas os comhair Chomhar na nOileán ó
Áras Éanna, an t-Ionad Ealaíon in Inis Oírr chun togra
Anailíse agus Forbartha bunaithe ar dhá tháirge
cultúrtha a chur ar fáil do thurasóirí ar an Oilean i rith
tréimhse an tSamhraidh 2011.
Cuid a hAon:
“Taispeántas d’éadaí traidisiúnta in
Inis Oírr”
Beartaíodh na baill éadaí a ainmniú
agus píosaí éadaí a bhailiú trí na
grúpaí áitiúla agus daoine aonaracha,
stair na n-éadaí a bhailiú, eolas faoin
gcaoi ar caitheadh iad, eolas faoi
shníomh, dathú, cniotáil, na
teaghlaigh a bhí ina bhun, an costas a
bhain leis, cé na píosaí a bhí ag na
daoine agus cén chaoi a bhfuair siad
iad, a chur le chéile. Cuireadh an t-
eolas ar fad ar Chláracha Fógraíochta
agus gléasadh mainicíní sna h- éadaí
agus bailiúchán de shean-phictiúir de
dhaoine ag caitheamh na h-éadaí.
Ba chúis iontais é gléas na n-
oileánach do chuid mhaith
scríbhneoirí, ealaíontóirí agus scoláirí
a thug cuairt ar Oileáin Árann ag
deireadh na naoú haoise déag nó tús
na fichiú haoise. Bhreathnaídís
difríúil ó dhreamanna eile in Iarthar
na hÉireann mar gheall ar an
mbealach a gcaithidís na héadaí
traidisiúnta. Cuireadh na héadaí in
oiriúint don bhunábhar áitiúil, do
scileanna traidisiúnta teicstílí, do choinníollacha
fisiciúla an oileáin, don éileamh oibre agus don tuairim
coiteann faoin rud a bhí slachtmhar. Bhíodh na héadaí
seo á gcaitheamh ag an dream a bhí suas sna blianta
suas chomh deireanach leis na 1960aidí. Mar go bhfuil
sé imithe uilig as an saol anois chuir grúpa ban in Inis
Oírr taispeántas d‘éadaí traidisiúnta an oileáin le
chéile, mar gur cuimhin leosan é. Chuaigh siad ag
cuardach na seanéadaí i gcófraí agus in áiléir agus le
cúnamh ó grianghraif agus a gcuimhní féin, tá
bailiúchán acu den ghléas traidisiúnta.
Cuireadh leabhrán eolais ar fáil freisin mar chuid den
taispeántas. Is cáipéis luachmhar í seo as a stuaim féin.
Cuirfear an taispeántas ar taispeáint arís gach séasúr
samhraidh sna blianta atá amach romhainn a fhad is a
sheasann an taispeántas. Tá sé i gceist an taispeántas a
thabhairt ar chamchuairt freisin, agus tá roinnt suime
léirithe anseo cheana féin. Táthar ag súil go mbeidh an
taispeántas ina thaifead stairiúil fadtéarmach de ghné
thábhachtach de shaol na n-oileán, agus mar sin is
saothar tábhachtach a bheidh ann do na glúnta amach
romhainn.
An application came before Comhar na nOileán, from
Áras Éanna, the Arts Centre on Inis Oírr, for an
Analysis and Development project, by which two
cultural/heritage products would be developed and an
analysis then carried out on
the demand for such products
in Inis Oírr during the Summer
of 2011.
Part One:
“Old-style clothes get new lease
of life in Inis Oírr exhibition”
Part one of this project in-
volved the compilation and
mounting of an exhibition of
traditional Aran Island Clothes
in the Áras Éanna Gallery dur-
ing July/August 2011.
A collection of old-style,
homespun, woollen clothes
dating from the 1920s and
1930s has been given a fresh
lease of life on Inis Oírr, in an
exciting new exhibition of the
traditional Aran island cos-
tume. Entitled, ‗Stitches in
Time/ Seanstíl Éadach in Inis
Oírr‘, was officially opened at
the island arts centre, Áras
Éanna, during the Summer of
2011 and will be running for
many summers to come.
The traditional Aran costume
attracted the attention of
many Irish and foreign scholars visiting the islands in
the 19th and early 20th centuries. Photographs of is-
landers dressed in homespun woollen clothes were
published around the world - women wearing red pet-
ticoats and shawls and men wearing colourful jackets
and wide trousers held up by a woven belt, the crios.
The exhibition has been created by Áras Éanna in
collaboration with an intergenerational group of is-
land women, Comhrá na nAosach. Local families
have lent the exhibition these cherished garments,
many of which have been stored in presses and trunks
for decades.
A brochure was also produced to support the exhibi-
tion which is a valuable collectable document in its
own right. The exhibition will be remounted for each
summer season in the years ahead for as long as the
exhibition lasts. It is proposed to bring the exhibition
on tour also and some interest has been generated
already. It is envisaged that this exhibition will be a
lasting historical record of a important aspect of life
on the Islands and as such will be a valuable piece of
work for generations to come.
“Stitches In Time Sean Stíl Éadach”
Slí na nOileán 9 Fómhar / Autumn 2011
Páirt A Dó:
“Slata Mara - Seó Samhraidh Inis Oírr”
‗Séard a bhí i gceist le cuid a dó den togra seo ná
Dráma nuascríofa dhátheangach, uair a chloig ar fhad,
á léiriú ag aisteoirí, ceoltóirí agus criú ó Inis Oírr,
faoi ghnéithe de scéal Inis Oírr, fite fuaite le ceol,
geaitsí, greann, draíocht, puipéid & amhránaíocht.
Tagann mairnéalach i dtír in Inis Oírr ón bPlassy i
1960, gan aithne, gan urlabhra! Chun a thuiscint cén
fáth gur sábháileadh é, léirítear aistir na manaigh,
Caomhán & Éanna ach tá duine éicint ann rompu ag
imirt chuile chleas urthu. Is beag nach bhfuil siad
sáraithe go dtagann bean láidir, Gobnait, i gcabhair
uirthi. Ag an am céanna, feictear an Tiarna Uí Bhriain
ó Chaisleán Uí Bhriain ar an Oileán, a chuireann cas
eile sa scéal.
Cé gur ficsean amach is amach atá sa scéal, tá sé
d‘aidhm ag an Seó carachtair sa gcultúr agus sa
mBeáloideas i.e Éanna & Caomhán, Gobnait,
Caisleán Uí Bhriain agus an Plassy a chur i mbéal an
phobail agus blaiseadh a thabhairt don chuairteoir de
Ghaeilge bhinn bhlasta Inis Oírr. Thug sé seo deis
freisin d‘oileánaigh a bhféiniúlacht sainiúil mar
oileánaigh a chur in íúl tré cheiliúradh a dhéanamh ar
a gcultúr agus a n-oidhreacht oileánda.
Part Two:
“Slata Mara- Inis Oírr Summer Show”
Part two of the project involved a summer show to be
staged by local actors and musicians on Inis Oírr. A
newly-written, bilingual, one hour show depicting the
story of Inis Oírr, through music, humour, antics,
magic, puppetry, and song. A sailor comes ashore in
Inis Oírr off the Plassy which was run aground in
1960, not knowing who he is or where he is! To un-
derstand his salvation, he must travel back in time to
the arrival of the monks, Caomhán & Éanna. Some-
one or something exists before the coming of Christi-
anity though, who is none too happy with their arrival
and sets out to torment the Saints. They need the
strong-willed, level headed Abbess Gobnait to come
to their aid. Lord O‘Brian also arrives to build his
castle, to further complicate matters.
Although the story is completely fictional, the plan
was that the visitor would go away being more famil-
iar with the main characters and events in the Island‘s
history i.e the Monks, Gobnait, O‘Briens Castle and
the Plassy Wreck notwithstanding the opportunity of
hearing the beautiful lilting Irish of Inis Oírr.and the
importance and richness of the Irish language on the
Island.
Bhí an-tionchar ag an togra, cuid a h-aon agus a dó ar
líon agus ar thaithí na gcuairteoirí a thug cuairt ar Áras
Éanna. Tá anailís á dhéanamh ar an tionchar seo agus
beidh tuairisc ar fáil go luath. Bhí an togra ar siúl i
rith Mhí Iúil agus Lúnasa, chuile oíche Céadaoin agus
bhí an amharclann lán chuile oíche den Seó.
Tá buíochas mór ag dul do chuile dhuine a ghlac páirt
idir cliar agus criú, agus go mór mór do mhuintir Inis
Oírr a thug a dtacaíocht go fonnmhar agus do na
cuairteoirí a tháinig amach ag breathnú ar an Seó.
Both elements of the project complemented each
other and many people attended the exhibition and
the Show. The project had a considerable impact on
visitor numbers and visitor experience to Áras Éanna.
Analysis is being carried out to establish what that
impact was and a report will be available shortly. The
show ran during the Month of July and August on a
Wednesday Evening and played to a packed theatre
throughout.
Many thanks to all the actors, musicians and crew
who took part and particularly to the people of Inis
Oírr who supported the show and all the visitors to
attended.
Cliar an Seó Samhraidh / Summer Show Crew Inis Oírr
Slí na nOileán 10 Fómhar / Autumn 2011
An Clár Forbartha Pobail Áitiúil
The Local Community Development Programme
Bíodh fhios agat do Chearta!
Know Your Rights!
Ceist 1: Cárta Leighis ―Tá m‘fhear céile díreach tar éis a phost a
chailleadh, mar sin ceapaim go bhfuilimid i
dteideal cárta leighis anois. Céard é an
bealach is fearr le hiarratas a chur isteach?‖
Freagra: Is é an bealach is tapa chun iarratas a
dhéanamh ná ar líne ag www.medicalcard.ie.
Má tá tú i dteideal beidh tú in ann pacáiste
iarratais a phriontáil amach, a shíníonn tú
agus a sheolann tú ar ais chuig FSS ag an
seoladh thíos.
Má tá d‘ioncam ró-ard, beidh tú in ann é seo a
fheiceáil láithreach agus cuirfidh FSS
measúnú ar d‘iarratas ar fáil duit taobh istigh
de 15 lá.
Is féidir leat foirm iarratais ar chárta leighis a
íoslódáil freisin ó shuíomh gréasáin FSS nó
foirm a fháil ó d‘Oifig Sláinte Áitiúil.
Ba cheart foirmeacha comhlánaithe a
sheoladh chuig:
Aonad Cláraithe Cliaint,
Bosca P.O. 11754,
Fionnghlas,
Baile Átha Cliath 11.
Má bhíonn aon cheist agat sula seolann tú
d'iarratas, cuir glaoch ar Íos-ghlao 1890 252
919 nó déan teagmháil le d‘Oifig Sláinte
Áitiúil.
Má tá tú taobh amuigh de na treoirlínte
ioncaim d‘fhéadfadh sé go bhfuil tú fós i
dteideal ar bhonn lánroghnach agus ba cheart
duit teagmháil a dhéanamh le d'Oifig Sláinte
Áitiúil.
Mura bhfuil tú i dteideal cárta leighis, déanfar
thú a mheas go huathoibríoch do chárta
leighis do sheirbhísí Dochtúra Teaghlaigh.
Clúdaíonn sé seo an costas a bhaineann le
cuairteanna chuig do Dhochtúir Teaghlaigh,
ach ní chlúdaíonn sé aon oideas a theastódh
uait.
Question 1: Medical Card ―My husband has just lost his job, so I think
that we will qualify for a medical card now.
What is the best way to apply?‖
Answer: The quickest way is to apply online at
www.medicalcard.ie. If you are eligible you
will be able to print out an application pack,
which you then sign and return to the HSE
at the address below.
If your income is too high, you will be able
to see this immediately and the HSE will
provide you with an assessment of your ap-
plication within fifteen days.
You can also download a medical card ap-
plication form from the HSE website or get
a form from your Local Health Office.
Completed forms should be sent to: Client Registration Unit,
P.O. Box 11745,
Finglas,
Dublin 11.
If you have any questions before you send
your application Lo-call 1890 252 919 or
contact your Local Health Office.
If you are over the income guidelines you
may still be eligible on a discretionary basis
and you should contact your Local Health
Office.
If you do not qualify for a medical card, you
will be automatically assessed for a GP Visit
Card. This covers the cost of visits to your
GP, but not any prescriptions that you may
need.
Slí na nOileán 11 Fómhar / Autumn 2011
Freagra: Tá roinnt athruithe ar luach an Phacáiste
Sochair Teaghlaigh ó Mheán Fómhair 2011.
Níl athrú ar bith ar na coinníollacha
cáilitheacha.
Tá an luach bliantúil den Liúntas
Leictreachais á laghdú ó 2,400 aonad in
aghaidh na bliana go 1,800 aonad. Ciallaíonn
sé seo go bhfuil tú i dteideal 300 aonad saor in
aghaidh i ngach tréimhse bhilleála dhá mhí.
Mura n-úsáideann tú d‘aonaid shaor in aisce
uile, is féidir suas go 1,200 aonad saor in aisce
nach raibh úsáidte a thabhairt ar aghaidh idir
gach tréimhse bhilleála. Leanann an liúntas ar
aghaidh ag clúdach an táille sheasta agus an
tobhach Oibleagáide Seirbhíse Poiblí (OSP).
Tá luach an Liúntais Leictreachais
(Grúpchuntas) á laghdú ó €43.80 in aghaidh
na míosa go €35.80.
Tá an Liúntas Gáis Nádúrtha á laghdú ó €52
gach dhá mhí sa samhradh (Meitheamh go
Samhain) go €42 agus ó €111 gach dhá mhí sa
gheimhreadh go €89. Is é €393 an liúntas
iomláin a bheidh ann don bhliain. Tá an
Liúntas d’Athlán Gáis Bhuidéalaithe á
laghdú ó €40.70 sa mhí (€489 sa bhliain) go
€32.70 sa mhí (€311 sa bhliain).
Tá an Liúntas Teileafóin á laghdú ó €21.41
móide CBL sa mhí (€311 sa bhliain) go
€18.36 móide CBL sa mhí (€267 sa bhliain).
Má tá lagú éisteachta nó radhairc agat,
clúdaíonn an liúntas an costas a bhaineann le
teileafóin speisialta a fháil ar cíos, ag brath ar
infhaighteacht.
Níl athrú ar bith sa Cheadúnas Teilifíse Saor
in Aisce.
Chomh maith leis sin, tá an Liúntas Breosla
le bheith caighdeánaithe ag €20 in aghaidh na
seachtaine ó Mheán Fómhair 2011. Ní bheidh
aon liúntas breise le bheith ag maireachtáil i
gceantar ina bhfuil cosc ar bhreosla toiteach a
úsáid.
Answer: There are a number of changes to the value
of the Household Benefits Package from
September 2011. There are no changes in the
qualifying conditions.
The annual value of the Electricity Allow-
ance is being reduced from 2,400 units a
year to 1,800 units. That means you are now
entitled to 300 free units in each two-
monthly billing period. If you do not use all
your free units, up to 1200 unused free units
may be carried forward between each billing
period. The allowance continues to cover the
standing charge and the Public Service Obli-
gation (PSO) levy.
The value of the Electricity (Group Ac-
count) Allowance is being reduced from
€43.80 to €35.80 a month.
The Natural Gas Allowance is being re-
duced from €52 every two months in the
summer (June to November) to €42 and from
€111 every two months in winter to €89. The
total allowance for a year will be €393. The
Bottled Gas Refill Allowance is being re-
duced from €40.70 a month (€489 a year) to
€32.70 a month (€311 a year).
The Telephone Allowance is being reduced
from €21.41 plus VAT each month (€311 a
year) to €18.36 plus VAT a month (€267 a
year). If you have a hearing or vision impair-
ment, the allowance also covers the cost of
renting a special telephone, subject to avail-
ability.
There is no change in the Free Television
Licence.
Also, the Fuel Allowance is to be standard-
ised at €20 a week from September 2011.
There will be no additional allowance for
living in a smokeless area.
Ceist 2: Is pinsnéir mé agus faighim an Pacáiste Sochar Teaghlaigh. Céard a chiallóidh na hathruithe nua sa scéim seo dom?
Question 2: I am a pensioner and I get the Household Benefits Package. What will the recent changes to this scheme mean to me?
Slí na nOileán 12 Fómhar / Autumn 2011
Ceist 3: Bhí gnó beag ag m’fhear céile, agus d’oibrigh mé ann go páirt-aimseartha. Tá sé
díreach tar éis é a dhíol agus tá sé imithe ar scor agus tá sé ag fáil Phinsean Stáit. Dúirt duine éigin liom go bhféadfainn, b’fhéidir, Pinsean Stáit a fháil mé féin. An bhfuil sé seo fíor?
Question 3: My husband had a small business, and I worked in it part-time. He has just sold it and
retired and is getting a State Pension. Someone said that I might get a State Pension in my own right?
Freagra: Más rud é go raibh tú féin agus d‘fhear céile ag
obair i gcomhpháirtíocht lena chéile, go praiticiúil,
ach nár éiligh tú aisíocaíochtaí cánach agus ÁSPC
amhail is go raibh tú i gcomhpháirtíocht, is féidir
leat stádas comhpháirtíochta a éileamh go
cúlghabhálach.
Déanann an Roinn Coimirce Sóisialaí imscrúdú ar
gach cás faoi na critéir comhpháirtíochta céile. Má
tá tú ag iarraidh páirtíocht a éileamh go
cúlghabhálach ní mór duit an cháipéisíocht
tacaíochta cuí a bheith agat do na blianta ábhartha.
Má chinneann Cigire Leasa Shóisialaigh ón
Rannóg Scóipe den Roinn Coimirce Sóisialaí go
raibh ann do chomhpháirtíocht gnó is féidir leat do
ranníocaíochtaí Aicme S a íoc go cúlghabhálach.
Déantar na ranníocaíochtaí le híoc amach tríd an
ioncam a scoilteadh ón gcomhpháirtíocht (do gach
bliain a raibh ann don chomhpháirtíocht) idir tú
féin agus d'fhear céile. Déantar na dliteanais
ÁSPC a athríomh ansin. Is féidir aon
ranníocaíocht ÁSPC breise atá le híoc a bhailiú
uait ansin. Má chinneann an t-oifigeach cinntí
nach raibh ann do chomhpháirtíocht is féidir leat
athbhreithniú a iarradh ón Oifig Achomharc Leasa
Shóisialaigh.
Tá sé tábhachtach a chuimhneamh fiú más rud é
go raibh ann do chomhpháirtíocht agus má íocann
tú aon ranníocaíocht árachais shóisialaigh
ilbhuaigh ní chiallaíonn sé seo go bhfuil tú i
dteideal Phinsean Stáit (Ranníocaíoch) ag 66
bliain d‘aois ach amháin má chomhlíonann tú na
critéir ar fad eile. Ba cheart duit na coinníollacha
teidlíochta uile a sheiceáil do shochair agus do
phinsin ar welfare.ie sula ndéanann tú an
cinneadh cibé an bhfuil tú chun iarratas a
dhéanamh ar stádas comhpháirtíochta go
cúlghabhálach nó nach bhfuil.
Mura gcáilíonn tú do Phinsean Stáit
(Ranníocaíoch) as do stuaim féin, is féidir le
d‘fhear céile éileamh a dhéanamh ar do shon mar
chleithiúnaí ar a phinsean, nó is féidir leat cur
isteach ar phinsean neamh-ranníocaíoch tástáilte
de réir acmhainne duit féin.
Answer: If, in practice, you and your husband were work-
ing in a partnership but did not claim to be in a
partnership when making tax and PRSI returns
you can claim partnership status retrospectively.
Each case is investigated by the Department of
Social Protection under the spouses‘ partnership
criteria. If you wish to claim partnership retro-
spectively you must have adequate supporting
documentation for the relevant years.
If a Social Welfare Inspector from the Scope
Section of the Department of Social Protection
decides that a business partnership existed you
can pay your Class S contributions retrospec-
tively. The contributions due are worked out by
splitting the income from the partnership (for
each year the partnership existed) between you
and your husband. The PRSI liabilities are then
recalculated. Any additional PRSI contributions
due can then be collected from you. If the decid-
ing officer decides that a partnership did not exist
you may appeal the decision to the Social Wel-
fare Appeals Office.
It is important to remember that even if a part-
nership existed and you pay any outstanding so-
cial insurance contributions this does not entitle
you to a State Pension (Contributory) at age 66
unless you meet all the other criteria. You should
check the full eligibility conditions for benefits
and pensions on welfare.ie before deciding
whether to apply for retrospective partnership
status.
If you don‘t qualify for a State Pension
(Contributory) in your own right, either your
husband can claim for you as a dependent on his
pension, or you can apply for a means-tested non
-contributory pension for yourself.
An bhfuil ceist agat faoi do chearta?
Cuir glaoch ar Chomhar na nOileán nó seol rphost
chugainn agus cuirfidh muid i dteagmháil leis an
duine cuí tú!
Do you have a question about your rights? Call
Comhar na nOileán or send us an email and we will
put you in touch with the right person!
(099) 75096 [email protected]
Slí na nOileán 13 Fómhar / Autumn 2011
Freagra: Is scéim dhreasacht cánach í an Scéim um
Rothaíocht chun na hOibre agus tá sé mar aidhm
aici fostaithe a spreagadh chun rothaíocht chun na
hoibre agus abhaile arís. Faoin scéim is féidir le
fostóirí suas go €1,000 a íoc ar rothar agus ar
threalamh rothair do gach duine dá bhfostaithe.
Ansin, asbhaintear an aisíocaíocht don rothar
agus don trealamh ó d'ollchaiteachas (ciallaíonn
sé seo sula n-asbhaintear do cháin ioncaim,
ÁSPC, éilimh phinsin nó Muirear Sóisialta
Uilíoch) thar tréimhse suas le 12 mhí.
Níl ar d‘fhostóirí páirt a ghlacadh sa scéim. Ach,
má ghlacann siad páirt ann, ní mór dóibh é a chur
ar fáil dá bhfostaithe uile.
Baineann an scéim le rothair nua agus rothair
leictreachuidithe (is iad sin rothair cuidithe ag
leictreachas ach a dteastaíonn iarracht éigin ón
rothaí uathu). Ní chlúdaíonn sí gluaisrothair,
scútair ná gléasanna dá leithéid. Baineann sí le
trealamh sábháilteachta áirithe freisin, cosúil le
clogaid agus éadach frithchaiteach.
Go ginearálta, tugann tú cuairt ar an siopa, chun
an trealamh atá tú ag iarraidh a cheannach a
roghnú agus is féidir leis an siopa sonrasc a chur
díreach chuig d'fhostóir le haghaidh an chostais.
Tabhair faoi deara nach bhfuil an díolúine cánach
i gceist má íocann tú as an rothar agus má íocann
d‘fhostóir ar ais thú – ní mór don fhostóir íoc as
an rothar.
Is féidir na hasbhaintí a dhéanamh go
seachtainiúil, go coicísiúil nó go míosúil ag brath
ar an tsocrú íoctha tuarastail atá agat. Is féidir le
d‘fhostóir an rothar a cheannach ar do shon agus
ní bheidh ort íoc as ansin.
Ní féidir leat leas a bhaint as an scéim ach uair
amháin gach cúig bliana. Tá an riail seo i
bhfeidhm fiú mura gceannaíonn tú trealamh suas
go dtí an t-uasmhéid de €1,000. Ní mór duit an
rothar agus an trealamh sábháilteachta a úsáid go
príomha do thurais cháilitheacha. Ciallaíonn sé
seo turas iomlán nó cuid de thuras (mar shampla
idir do bhaile agus an stáisiún traenach) idir do
bhaile agus do ghnátháit oibre.
Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoin scéim ar
shuíomh gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim.
Answer: The Cycle to Work Scheme is a tax incentive
scheme which aims to encourage employees to
cycle to and from work. Under the scheme em-
ployers can pay up to €1,000 for a bicycle and
bicycle equipment for each of their employees.
The repayment for the bicycle and equipment is
then deducted from your gross salary (this means
before income tax, PRSI, pension levies or Uni-
versal Social Charge are deducted) over a period
of up to 12 months.
Your employer does not have to take part in the
scheme. However if they do, they must offer it to
all their employees.
The scheme applies to new bicycles and pedelecs
(electrically assisted bicycles which require some
effort from the cyclist). It does not cover motor-
bikes, scooters or mopeds. It also applies to cer-
tain safety equipment, such as helmets and re-
flective clothing.
Usually, you visit the shop, select the equipment
you wish to buy and have the shop invoice your
employer directly for the cost. Note that the tax
exemption does not apply if you pay for the bicy-
cle and are reimbursed by your employer – the
employer must pay for the bicycle.
These deductions can be made weekly, fort-
nightly or monthly depending on your salary
payment arrangement. Your employer can also
buy the bicycle on your behalf and not require
you to pay for it.
You can only avail of the scheme once in a five-
year period. This applies even if you do not pur-
chase equipment up to the €1,000 limit. You
must use the bicycle and safety equipment
mainly for qualifying journeys. This means the
whole or part (for example between home and
train station) of a journey between your home
and your normal place of work.
You can find out more about the scheme on the
Revenue Commissioner‘s website
Ceist 4: Tá mé ag smaoineamh ar airgead a shábháil trí thosú ag rothaíocht chun na hoibre in ionad an bus a fháil. Cén chaoi a n-éilím an faoiseamh cánach ar rothar nua?
Question 4: I am thinking of saving money by cycling to work instead of getting the bus.
How do I claim the tax relief on a new bike?
Slí na nOileán 14 Fómhair / Autumn 2011
Bunchúrsa ar na Meáin Sóisialta Facebook, Flickr, Twitter, Linkedin...
Tá Comhar na nOileán ag reachtáil sraith cúrsaí a eagrú i nGaillimh, i Maigh Eo, i nDún na nGall agus i gCorcaigh go luath i mí na Samhna a bheidh díríthe ar dhaoine aonaracha nó gnóthaí beaga
ar na hOileáin.
An duine nó gnó tú a dteastaíonn uait do chaidreamh le do chustaimeirí a fheabhsú?
Díreoidh an oiliúint seo ar:
Céard atá tú ag iarradh a chur trasna? Cá bhfuil do mhargadh?
Cén árdán is fearr a d’fheilfeadh duit? Céard iad na h-uirlísí is fearr le n-úsáid?
Spásanna Teoranta agus caithfear spás a chur in áirithe don chúrsa roimh ré!
Tuilleadh eolais: Comhar na nOileán (099) 75096 nó [email protected]
_ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _
Introduction to Social Media Facebook, Flickr, Twitter, Linkedin…
Comhar na nOileán will be running a series of courses in Galway, Mayo, Donegal and Cork early in
November (dates to be confirmed) aimed at individuals and small business providers on the Islands.
Are you a business owner or operator seeking to engage with customers and create
awareness of your business using the tools of social media?
This training will cover:
What do you want to be known for? What is your unique story?
Public – Whom do you want to know about you? Platforms – what media will best suit your message and your target audience?
What tools to use?
Limited Spaces Available and Pre-Booking is a requisite!
Further information: contact Comhar an nOileán (099) 75096 or [email protected]
Déan cairdeas linn ar facebook
Become our friend on facebook
Seol rphost chuig [email protected] le sonraí imeachtaí atá ag tarlú ar d’oileán
Please email [email protected] with details of any upcoming events on your island
Slí na nOileán 15 Fómhair / Autumn 2011
Taispeántas Ealaíne, Féile Ceoil agus Lá Oidhreachta
23, 24, 25 M’Fómhair 2011, Oileán Chliara, Co. Mhaigh Eo
Art Exhibition, Féile Ceoil and Heritage Day
23, 24, 25 September 2011 Clare Island, Co Mayo
Beth Moran, Oileán Chliara Páistí ó Oileán Chliara ag damhsa le Margaret O‘Grady
Clare Island Children Dancing with Margaret O'Grady
Potadóireacht / Pottery; Lorraine McClean
Déanamh Ciseáin / Basket Making
Bernie Winters
Kathleen Winters & Patsy Winters
Michael MacNamara, Niall McCabe
& Charles O'Malley
Comhar na nOileán Teoranta
Sonraí Teagmhála / Contact Details
Majella Ní Chríocháin
P.O.F / C.E.O, Inis Oírr 099-75096 [email protected]
Marian Uí Chonghaile
Riarthóir Airgeadais / Financial Administrator, Inis Oírr 099-75096 [email protected]
Máire Uí Mhaoláin
Riarthóir/Oifigeach Forbartha / Administrator/Development Officer, Inis Oírr 099-75096 [email protected]
Gráinne Ní Chonghaile Rúnaí/Riarthóir S.S.T / Secretary/RSS Administrator, Inis Oírr 099-75096 [email protected]
Mary Lavelle
Oifigeach Forbartha / Projects Development Officer, Inishbofin 095-45016 [email protected]
Foilsithe ag / Published by Comhar na nOileán Teo. Inis Oírr, Oileáin Árann, Cuan na Gaillimhe, 099 75096
Comhar na nOileán Teo is a Limited Company incorporated under the Companies Act 1963 to 2006, No. 448764
Fómhar / Autumn
Oileán Árainn Mhóir
© Séamus Ó Cnáimhsí