st mary's university college, belfast · web viewpléigh an tuiseal gairmeach sa dráma aimsigh...
TRANSCRIPT
Leabhair Mhóra do Eochairchéim 2 (aois 9 – 11)
Teideal
Cur síos
Gnéithe teanga
Scríbhneoireacht
Gníomhaíochtaí
Peirsifiné i bhfad níos mó ná scéal
Seánraí éagsúla in aon leabhar amháin – Scéal; dán Haiku; leabhar gearrthóg le fíricí faoi na séasúir; fíricí faoi chóras na gréine; díospóireacht; moltaí múinteora
Scéal faoi bhandia na
Gréige, Peirsifiné. Fuadaíodh í agus tugadh chuig an domhan thíos í. Mar a tharlaíonn go minic sna cásanna seo, thit sí i ngrá lena fuadaitheoir ach, go fóill féin, ba mhian léi bheith ar talamh lena teaghlach. Tá réiteach ar an scéal nuair a chaitheann sí sé mhí sa
domhan thíos agus sé mhí ar talamh. (Is bandia í - thig léi a rogha rud a dhéanamh!)
Ansin, dán Haiku faoi na séasúir; eolas ar na séasúir; tionchar chóras na gréine ar na séasúir; díospóireacht faoi rogha Pheirsifine; moltaí múinteora.
Ainmneacha na ndéithe – briste síos ina siollaí le cuidiú lena bhfuaimniú i gceart
Is féidir leathanach a roghnú le díriú ar phoncaíocht agus an éifeacht agus an difear a dhéanann sí – iarr ar pháistí paragraf a léamh ag díriú ar an phoncaíocht
Is féidir díriú ar bhriathra, aidiachtaí, ainmfhocail, frásaí ar leith le grúpa nó rang
Scríobh achoimre nó léirmheas ar an leabhar/scéal
Fiosraigh scéalta eile na seanGhréige. Scríobh do leagan féin de cheann acu
Scríobh Haiku ar ábhar éigin (Cuntais na siollaí). Is féidir amharc ar shamplaí eile (Gabriel Rosenstock) Scríobh do leabhar gearrthóg féin faoi na séasúir, bailigh pictiúir le cur leis
Aimsigh níos mó eolais ar na séasúir sna Fillteáin Fíricí
Aimsigh níos mó seanscéalta faoi dhéithe na seanGhréige
Aimsigh níos mó eolais ar chóras na gréine ar na Fillteáin Fíricí
Ullmhaigh díospóireacht sa rang – roghnaigh topaic agus dhá fhoireann, ar son/in éadan
Teideal
Cur síos
Gnéithe teanga
Scríbhneoireacht
Gníomhaíochtaí
Tiddalick i bhfad níos mó na scéal
Seánraí éagsúla in aon leabhar amháin – scéal a mhíníonn an fáth go n-imíonn an t-uisce leathchuid den bhliain; dán; eolas faoi shaolré an fhroig; fíricí faoi fhroganna; cur síos ar rap-cheoltóir; dráma; moltaí múinteora
Scéal ó mhiotaseolaíocht
Bhundúchasach na hAstráile. Scéal mínitheach nó fabhalscéal faoi
fhrog coinneála uisce na hAstráile. Tagann Vombat, Cúcabarra agus cangarú le chéile ag an bhillabong.
Ansin, dán bunaithe ar an scéal; fíricí eolais faoi shaolré an fhroig; fíricí eolais faoi chineálacha froig; agallamh le KG RÚ an rapcheoltóir; Dráma bunaithe ar scéal faoi uisce
Liostaigh na hainmhithe nó focail a thugann deacrachtaí, bris síos ina siollaí iad lena bhfuaimniú
Is féidir leathanach a roghnú le díriú ar phoncaíocht agus an éifeacht agus an difear a dhéanann sí – iarr ar pháistí paragraf a léamh, ag díriú ar an phoncaíocht
Is féidir díriú ar bhriathra, aidiachtaí, ainmfhocail, frásaí ar leith le grúpa nó rang
Scríobh léirmheas nó achoimre ar an scéal
Bris an scéal ina thús, lár agus deireadh nó níos mó (codanna an scéil) – mínigh cad é a tharlaíonn ag gach cuid den scéal
Scríobh fabhalscéal eile atá ar eolas agat, cad é a mhíníonn sé?
Liostaigh na focail a dhéanann rím sa dán. Cuir leis an liosta le focail eile
Scríobh próifíl carachtair ar KG Rú an rapcheoltóir – cad é do bharúil féin air?
Liostaigh cuid den fhoclóir a úsáideann KG, mínigh an chiall
Scríobh do dhráma féin bunaithe ar scéal atá ar eolas
Léigh an t-eolas faoi shaolré an fhroig. Déan saolré d’ainmhí eile
Aimsigh eolas ar na froganna atá in Éirinn.
Cleacht na fuaimeanna a dhéanann froganna
Léigh an dráma le do ghrúpa, tabhair páirteanna do dhaoine.
Teideal
Cur síos
Gnéithe teanga
Scríbhneoireacht
Gníomhaíochtaí
Fuadach Bhean Uasal Nic Airgid
Dráma
Tá an bhean is saibhre agus an fear is saibhre ar domhan i gcomórtas. Cé acu is saibhre? (Rud beag cosúil le Méabh agus Ailill ach sa lá inniu.) Dráma lán eachtraí agus grinn. Ní bheidh tú róchinnte cé atá dalba agus cé atá maith, ach bainfear sult as a léamh. Tá sé scríofa mar dhráma le páirteanna agus treoracha stáitse.
Leagan amach dráma a phlé, amharc ar shamplaí eile (Labhraígí Amach)
Pléigh úsáid na poncaíochta leis an léamh a dhéanamh éifeachtach. Roghnaigh abairtí le léamh os ard.
Pléigh an tuiseal gairmeach sa dráma
Aimsigh samplaí d’úsáidí éagsúla cló, cló trom, cló iodálach, idir lúibíní agus an éifeacht atá leo
Déan próifíl carachtair do chuid de na carachtair ón dráma
Déan póstaer ‘Ar Iarraidh’ de Bhean Uasal Nic Airgid
Scríobh an dráma mar scéal, pléigh na difríochtaí
Scríobh dráma de scéal eile atá ar eolas agat. Bain úsáid as an leabhar seo mar eiseamláir
Faigh níos mó eolais faoi dhrámaí a scríobh, a léiriú, radhairc, fearais, soilse, fuaim srl. Léigh an leabhar ‘Ní Mar a Shíltear a Bhítear’ le níos mó eolais a fháil.