tairseach eorpach de thionscadail infheistíochta · bhfaighidh tionscnóirí tionscadail...
TRANSCRIPT
Foirm tionscadailTairseach Eorpach de Thionscadail Infheistíochta
Aitheantas na heagraíochta
Tír*
DÉAN DO DHÍCHEALL EOLAS COMAIR CRUINN CRÍOCHNÚIL A THABHAIRT I dTAOBH DO THIONSCADAIL
Léigh go cúramach na treoracha agus na mínithe faoi conas an fhoirm seo a líonadh agus a sheoladh. Tá siad le fáil ag deireadh an doiciméid seo. Is chuig deasc chabhrach na Tairsí Eorpaí de Thionscadail Infheistíochta ag an seoladh [email protected] nach mór aon cheisteanna faoi líonadh nó seoladh na foirme a chur.
Ainm na heagraíochta*
Foirm dhlíthiúil*
An bhfuil uimhir CBL ag d'eagraíocht? Uimhir CBL:
An bhfuil uimhir aitheantais náisiúnta ag d'eagraíocht?
Uimhir aitheantais náisiúnta:
An cineál eagraíochta:
Seoladh*
Cód poist*
Cathair*
Príomhlíne gutháin*
Eolas teagmhála
Ainm*
Sloinne*
ríomhphost*
Cliceáil anseo le lógó a uaslódáil
Méid na heagraíochta:
Tá an seoladh ríomhphoist sin in úsáid cheana le haghaidh fíordheimhniú ECAS, Seirbhís Fíordheimhnithe an Choimisiúin Eorpaigh
Príomhlíne gutháin
Cur síos ar an tionscadal
Ainm an tionscadail*
Cur síos* (500 carachtar)
Dáta tosaithe ionchasach*
Úinéireacht na sócmhainní*
Réasúnú eacnamaíoch (1250 carachtar)
An cineál tionscadail*
Costas measta an tionscadail* (EUR milliún)
Earnáil 1* Earnáil 2
Stádas an tionscadail*
Stádus eile
Baic atá nó a d'fhéadfadh a bheith ar an tionscadal a chur i gcrích (500 carachtar)
An cineál ioncaim Ioncam eile
Cliceáil anseo le híomhá den tionscadal a
uaslódáil
An phríomhthír den Aontas Eorpach*
Tír Uimh. 2 den Aontas
Tír Uimh. 3 den Aontas
Tíortha eile
An phríomhréigiún*
Réigiún 2
Réigiún 3
Cur síos gearr* (200 carachtar)
DomhanfhadDomhanleitheadSuíomhú
Sampla: Is iad seo a leanas comhordanáidí Lucsamburg (Domhanleithead=49,815273, Domhanfhad=6,129583)
Eolas breise (750 carachtar)
Nasc idirlín 1 (255 carachtar)
Nasc idirlín 1 teideal
Nasc idirlín 2 teideal
Nasc idirlín 2 (255 carachtar)
Mionsonraí an mhaoinithe (500 carachtar)
Maoiniú an tionscadail
Foinse/foinsí maoinithe
An bhfuil sibhse á mhaoiniú freisin? Cén % den mhaoiniú is uaibhse é? An mian libh go bhfoilseofar an maoiniú uaibh?
An % den mhaoiniú atá aimsithe
Eolas breise faoin tionscadal
Ar iarr sibh maoiniú ar an Aontas Eorpach nó ar an mBanc Eorpach Infheistíochta, nó an bhfuil sé beartaithe sin a dhéanamh?
Mionsonraí an mhaoinithe ón Aontas Eorpach (500 carachtar)
Dearbhaím leis seo nach eol dom an tionscadal seo a bheith ar neamhréir ar aon bhealach le dlí an Aontais Eorpaigh nó le dlí náisiúnta Ballstáit.
SEICEÁIL GO BHFUIL AN tEOLAS CRUINN SULA SEOLFAIDH TÚ AN FHOIRM.
Leis an fhoirm seo a sheoladh, tá tú ag admháil go bhfuil an t-eolas atá tugtha agat cruinn agus tá tú ag aontú do na Téarmaí agus Coinníollacha le haghaidh an Tairseach Eorpach de Thionscadail Infheistíochta a úsáid. Tar éis duit é a sheoladh, ní bheidh tú in ann an t-eolas a athrú go dtí go lainseálfar an Tairseach. Chun aon choigeartú a dhéanamh roimh lainseáil na Tairsí, déan teagmháil le [email protected].
Tá na téarmaí agus coinníollacha léite agam agus glacaim leo.
Féadfaidh scéim, léarscáil nó aon íomhá eile (nó meascán díobh, ach gan fhíseán) a úsáid sa chás seo leis an tionscadal a chur chun cinn.
An phríomhthír den Aontas Eorpach: an Ballstát den Aontas Eorpach ina meastar a dhéanfar an chuid is mó den infheistiú. I gcás tionscadal trasteorann, líon na réimsí leantacha. Ceadaítear tionscadail trasteorann le tíortha nach bhfuil san Aontas Eorpach fad is a dhéanann an t-infheistiú tairbhe do Bhallstát den Aontas agus a dhéantar an t-infheistiú, i bpáirt ar a laghad, sa Bhallstát. Is ceart cur síos a dhéanamh air sa réimse Cur síos.
An costas measta: is ceart EUR 10 milliún ar a laghad a bheith ann, de réir Chinneadh 2015/1214 ón gCoimisiún. Is féidir tionscadail bheaga, atá cosúil le chéile, a ghrúpáil le haon tionscadal amháin nó clár a dhéanamh fad is a chuireann páirtí tionscanta tionscadail (an t-eintiteas comhordúcháin) aon fhoirm iarratais amháin isteach. Ní mór do thionscadail atá cláraithe sa Tairseach tosú laistigh de thrí bliana ón uair a sheoltar an t-iarratas. Cuireann sé sin teorainn leis na luachanna sa réimse Dáta tosaithe ionchasach. Réasúnú eacnamaíoch: míniú ar an bhfáth ar cheart d'infheisteoirí do thionscadal a mheas. Sampla ⇩
An Tairseach Eorpach de Thionscadail Infheistíochta: tairseach gréasáin is ea í a chuireann ar a gcumas do thionscnóirí tionscadail atá bunaithe san Aontas Eorpach infheisteoirí féideartha ó ar fud na cruinne a aimsiú¹.
Chun an fhoirm seo a sheoladh ní mór duit cliceáil ar an gcnaipe "Seol ar ríomhphost" atá laistigh den fhoirm féin. Leis sin déanfar seiceáil theicniúil go bhfuil an fhoirm críochnaithe, iompófar an comhad PDF ina chomhad 'inléite amháin' nach féidir a athrú agus déanfar iarracht do chliant ríomhphoist réamhshocraithe a úsáid chun an fhoirm a chur chuig [email protected]. Ní dhéanfar a thuilleadh próiseála ar na comhaid PDF nach bhfuil 'inléite amháin'.
Moltar do thionscnóirí tionscadail na foirmeacha a sheoladh isteach i mBéarla. Má fhaightear foirm i dteanga oifigiúil eile de chuid an Aontais Eorpaigh nach Béarla í, déanfaidh an Coimisiún Eorpach aistriúchán saor in aisce go Béarla a sholáthar agus a fhoilsiú, ar mhaithe le heolas amháin. Is é an leagan den fhoirm atá sa bhunteanga a bheidh ina leagan barántúil den tionscadal ar an Tairseach.
Téarmaí agus Coinníollacha na Tairsí: tá fáil ar na téarmaí agus coinníollacha san fhoirm féin. Le heolas a fháil, le ceist a chur nó le hiarraidh a dhéanamh féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le deasc chabhrach na Tairsí ag [email protected].
Gearrtar táille EUR 100 ar thionscnóirí na hearnála príobháidí as próiseáil an iarratais le linn na céime réamhlainseála. Cuirfear na sonraí íocaíochta chugat tar éis duit an fhoirm PDF chríochnaithe a sheoladh.
Tá an fhoirm comhoiriúnach le Adobe Reader (leagan 10 nó níos déanaí).
Is réimsí éigeantacha iad na réimsí a bhfuil réiltín (*) ag gabháil leo. Is féidir réimsí nach bhfuil réiltín ag gabháil leo a bheith éigeantach ag brath ar a gcuirfear i réimsí eile (m.sh. má shonraíonn tú go bhfuil uimhir CBL agat, iompófar an réimse don uimhir CBL ina réimse éigeantach).
Tír: tá liosta anuas san fhoirm ina bhfuil gach tír san Aontas Eorpach. Más dóigh leat go bhfuil aon ní in easnamh cuir teachtaireacht chuig [email protected].
Roinn aitheantas na heagraíochta
Líon isteach na réimsí Ainm na heagraíochta*, Foirm dhlíthiúil*, CBL nó Uimhir aitheantais náisiúnta. Ní mór d'eintitis dhlíthiúla cláruimhir náisiúnta amháin ar a laghad (uimhir CBL nó uimhir aitheantais náisiúnta) a iontráil. Is i gcás comhlachtaí poiblí amháin is féidir eisceacht a dhéanamh. Faoi 'Foirm dhlíthiúil' ba cheart a shonrú nach eol í, i gcás comhlachtaí poiblí nó gnóthais nach bhfuil sainithe sa liosta anuas. Comhlacht poiblí: aon eintiteas dlíthiúil atá bunaithe mar chomhlacht poiblí de réir an dlí náisiúnta, nó eagraíochta idirnáisiúnta. Go sonrach, ní mór an t-eintiteas dlíthiúil a bheith (i) ionchorpraithe ina chomhlacht poiblí in acht a bhunaithe, nó aitheanta mar chomhlacht poiblí sa dlí náisiúnta, agus (ii) faoi rialú an dlí phoiblí. Féadfaidh comhlachtaí poiblí gníomhú de réir an dlí phríobháidigh, agus bheith faoi réir an dlí sin, i gcás roinnt dá ngníomhaíochtaí, nó a bhformhór. Eintiteas dlíthiúil a bhfuil misean seirbhíse poiblí aige ach a bunaíodh faoin dlí príobháideach, ní áireofar mar chomhlacht poiblí é.
Is ceart do thionscnóirí tionscadail na doiciméid seo a leanas a sheoladh sa bhreis ar an bhfoirm seo: cóip scanta de chlárú tionscnóra phríobháidigh agus cóip den acht, dlí, foraithne nó cinneadh lenar bunaíodh an eagraíocht mar chomhlacht poiblí (nó, murab ann dá leithéid, aon doiciméad oifigiúil eile ar cruthúnas de sin é) i gcás tionscnóirí poiblí.
Méid na heagraíochta: réimse roghnach é seo. Bíonn 250 fostaí nó níos lú ag Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide, agus bíonn láimhdeachas is lú ná EUR 50 milliún nó iomlán cláir chomhordaithe is lú ná EUR 43 milliún acu. Meastar go bhfuil gnólacht ina ghnólacht meánach nuair atá idir 250 agus 3000 fostaí aige.
Sonraí teagmhála: tá gá leo i gcomhair cumarsáide faoin togra amach anseo. Ní fhoilseofar an t-eolas seo. Má bhíonn spéis ag infheisteoirí nó páirtí eile i do thionscadal, féadfaidh siad dul i dteagmháil leat tríd an bhfoirm teagmhála ar líne. Ar an dóigh sin, feicfidh tú sonraí teagmhála an duine sin ach ní fheicfidh siadsan do sonraí-se. Ar an dóigh sin, ní bhfaighidh tionscnóirí tionscadail teachtaireachtaí nár iarr siad.
Moltar lógó a úsáid (i bhformáid JPG, PNG nó GIF) le cuma níos fearr a chur ar do thionscadal. 100x100 picteilín na toisí íosta is ceadmhach (formáid chearnógach is fearr), agus ní ceart an comhad uaslódáilte a bheith níos mó ná 200Kb. Sampla ⇨
Meastar gurb é 10 milliún in aghaidh na bliana an t-éileamh paisinéirí atá ann faoi láthair ar an tseirbhís traenach idir Lucsamburg agus an Bhruiséil, agus gur beag athrú séasúrach a thagann ar an éileamh sin: níos lú tráchta gnó le linn an tsamhraidh, ach bíonn níos mó tráchta turasóireachta ann leis sin a chúiteamh. Iomaíocht theoranta: seirbhís traenach mhall faoi láthair (2:40 – 3 uair a chloig) agus seirbhís eitleáin, seirbhísí costasacha limisín agus eitleáin phríobháidigh. Is féidir toilleadh díomhaoin a líonadh le traenacha lastais, go háirithe i gcás lastas ardluacha, a cheanglaíonn an líne le seirbhís Aerfort Lastais Lucsamburg, atá ar thús cadhnaíochta san Aontas Eorpach le fada. Am tógála an tionscnaimh: trí bliana. Tréimhse cúitithe na hinfheistíochta: 15 bliana. Tá trí cinn de réamh-mheastacháin fhéideartha arna bhforbairt. Cuirfear meastacháin ar bhrabús d'infheisteoirí (do na cisil éagsúla maoinithe atá beartaithe: sinsearach, céim forbraíochta, gnáthscaire) ach iad a iarraidh.
Treoracha maidir le foirm tionscadail na Tairsí a líonadh
Úsáideann an Coimisiún Eorpach córas fíordheimhnithe slán ríomhphost-bhunaithe chun gach úsáideoir ar leith dá sheirbhísí ar líne uile a aithint. Glaoitear ECAS (Seirbhís Fíordheimhnithe an Choimisiúin Eorpaigh) ar an gcóras sin, agus úsáidtear i gcás na Tairsí freisin é. Cuir in iúl ar an bhfoirm é má tá cuntas ECAS agat cheana féin. Beidh tú in ann rochtain a fháil ar an Tairseach trí do chuntas, a luaithe a lainseálfar í.
Mura bhfuil cuntas agat go fóill, iarrfar ort ceann a chruthú níos faide anonn de réir na dtreoracha atá le fáil ag http://ec.europa.eu/visits/documents/ecas-step-by-step_en.pdf.
Cur síos ar an tionscadal
Cur síos gearr ar an tionscadal: le bheith le feiceáil i dtorthaí cuardaigh nó i dtáblaí achoimre. Beidh an cur síos fada le feiceáil ar bhileog an tionscadail. Is éard atá sa bhileog leathanach gréasáin ar achoimre ar an tionscadal é atá bunaithe ar an eolas atá tugtha agat.
Sa bhreis ar an lógó, moltar íomhá den tionscadal (i bhformáid JPG, PNG nó GIF) a uaslódáil chun cuma níos fearr a chur ar do thionscadal. 1000x200 picteilín na toisí íosta is ceadmhach (tá an cóimheas 5*1 tábhachtach!), agus ní ceart an comhad uaslódáilte a bheith níos mó ná 1 MB. Sampla ⇩
¹ Bunaíodh an Tairseach Eorpach de Thionscadail Infheistíochta faoi Rialachán (AE) 2015/1017 an 25 Meitheamh 2015 maidir leis an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, leis an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht agus leis an Tairseach Eorpach de Thionscadail Infheistíochta, agus faoi Chinneadh (AE) 2015/1214 ón gCoimisiún an 22 Iúil 2015 lenar bunaíodh an Tairseach Eorpach de Thionscadail Infheistíochta agus lenar leagadh amach a sonraíochtaí teicniúla.
Déan deimhin de go bhfuil an duine teagmhála atá sonraithe ar fáil le ceisteanna faoin tionscadal a fhreagairt nó le comhordú a dhéanamh. Má athraítear na sonraí teagmhála, cuir in iúl dúinn sin ar ríomhphost [email protected].
Nuair a lainseálfar an Tairseach, is é an duine sa roinn seo a bheidh ina Ionadaí Ceaptha d'Eintiteas Dlíthiúil i gcás na heagraíochta. Is é an duine sin ar a mbeidh an cúram an eagraíocht a bhainistiú laistigh de chóras na Tairsí (e.g. cearta rochtana a bhainistiú maidir leis an tionscadal.) Níos faide anonn, iarrfar deimhniú a léireoidh go bhfuil an duine teagmhála i dteideal ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na heagraíochta.
Eolas breise faoin tionscadal: tugtar deis duit aon eolas faoin tionscadal is mian leat a roinnt, m.sh. socruithe tógála, struchtúr an tionscadail/comhroinnt riosca, srl. Moltar duit eolas a thabhairt faoin gcaoi a n-oireann do thionscadal do na spriocanna atá ag an Aontas Eorpach, mar atá fostaíocht a chruthú, fás eacnamaíoch a spreagadh, an cómhargadh a dhéanamh níos dlúithe, an geilleagar eacnamaíoch a chur chun cinn, srl.
Is ceart duit Earnáil amháin nó dhá cheann a roghnú do do thionscadal as na 25 rogha atá liostaithe.
Iarrtar ort aon Bhaic a chur in iúl a fhéadfaidh cur isteach ar do thionscadal.
Suíomh an tionscadail: is ar léarscáil tionscadal idirghníomhach a bheidh sé seo léirithe. Féadfaidh tú http://www.latlong.net/ (neamhoiriúnach do leaganacha áirithe de Internet Explorer) a úsáid chun comhordanáidí do shuímh a fháil.
Roinn an mhaoinithe tionscadail: tugtar an deis duit an eolas a chur in iúl maidir le haon pháirtmhaoiniú atá aimsithe don tionscadal cheana. Tá sé roghnach an t-eolas seo a thabhairt, ach is dáiríre a mheasann infheisteoirí tionscadail a bhfuil cuid dá maoiniú curtha ar fáil cheana féin ag tionscnóirí tionscadail nó eintitis/infheisteoirí eile.
1
TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA MAIDIR LEIS AN TAIRSEACH
EORPACH DE THIONSCADAIL INFHEISTÍOCHTA A ÚSÁID
1. Téarmaí agus coinníollacha
Sa doiciméad seo tá na téarmaí agus na coinníollacha leagtha
amach faoina mbeidh eintitis dhlíthiúla ar tionscnóirí tionscadal
iad nó úsáideoirí cláraithe eile an tsuímh (dá ngairfear
"Úsáideoirí Cláraithe") in ann rochtain a fháil ar agus úsáid a
bhaint as, agus rannchuidiú le suíomh na Tairsí Eorpaí de
Thionscadail Infheistíochta , http://ec.europa.eu/eipp ("an
Tairseach''). Ní mór d'Úsáideoirí Cláraithe a dheimhniú, sula
n-úsáideann siad an Tairseach go bhfuil na Téarmaí agus
Coinníollacha léite acu, go bhfuil glactha acu leo agus go
dtoilíonn siad déanamh dá réir. Is féidir le hÚsáideoirí Cláraithe
na Tairsí a úsáid ar choinníoll go dtoilíonn siad go sainráite
glacadh leis na Téarmaí agus Coinníollacha. Ní bheidh feidhm ag
Pointe 5 go Pointe 7 de na Téarmaí agus Coinníollacha ach
maidir le hÚsáideoirí Cláraithe a chuireann ábhar nó faisnéis
chuig an Tairseach lena fhoilsiú.
2. RAON FEIDHME NA TAIRSÍ
Bhunaigh an Coimisiún Eorpach (an "Bainisteoir Suímh") an
Tairseach de bhonn Rialachán (AE) 2015/1017 ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2015 maidir leis
an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, leis
an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht agus leis
an Tairseach Eorpach de Thionscadail Infheistíochta agus lena
leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 agus Rialachán (AE)
Uimh. 1316/2013 – an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí
Straitéiseacha [IO L 169, 1.7.2015, lch 1; an "Rialachán"] agus
maidir le Cinneadh Tarmligthe (AE) 2015/1214 ón gCoimisiún an
22 Iúil 2015 lena gcruthaítear an Tairseach Eorpach de
Thionscadail Infheistíochta agus lena a leagtar amach na
sonraíochtaí teicniúla atá ann mar bhunachar sonraí
trédhearcach do thionscadail infheistíochta atá ann cheana san
Aontas Eorpach nó a d'fhéadfadh a bheith ann.
Foráiltear le hAirteagal 15 den Rialachán gur d'fhonn a bheith
infheicthe agus d'fhonn faisnéis a chur ar fáil a thaispeánfar
tionscadail ar an Tairseach agus i gcás ina gcuirfear tionscadail
ar taispeáint ar an Tairseach beidh sin gan dochar do na cinntí a
dhéanfar maidir leis na tionscadail deiridh arna roghnú faoin
Rialachán, faoi aon ionstraim de chuid an Aontais, nó le
haghaidh maoiniú poiblí.
Aithníonn an tÚsáideoir Cláraithe nach dtugtar le tuiscint le
foilsiú aon ábhair ar an Tairseach go mbeidh sé ina thionscadal a
gheobhaidh maoiniú poiblí (bíodh sé ón mBainisteoir Suímh nó
ó fhoinse eile) sa todhchaí agus go mbeidh air na sain-nósanna
imeachta atá ann chuige sin a leanúint d'fhonn iarratas a chur
isteach le haghaidh aon mhaoiniú poiblí.
Ní mór do na tionscadail a chuirfear faoi bhráid an Bhainisteoir
Suímh lena bhfoilsiú rialacha agus riachtanais is infheidhme an
Aontais agus na mBallstát a chomhlíonadh.
3. CLÁRÚ AGUS DINTIÚIR
Ceadaítear d'Úsáideoirí Cláraithe dréachtaí a sheoladh chuig an
Tairseach agus úsáid a bhaint as a cuid seirbhísí foláirimh tar éis
dóibh próiseas féinchlárúcháin a chur i gcrích, próiséas faoinar
gá faisnéis céannachta agus sonraí teagmhála a chur ar fáil. Ní
bheidh an Bainisteoir Suímh faoi dhliteanas mura mbíonn an
Tairseach ar fáil ar chúis ar bith ag am ar bith ar feadh tréimhse
ar bith.
Ó am go ham, féadfaidh an Bainisteoir Suímh srian a chur le
rochtain ar chodanna den Tairseach, nó ar an Tairseach ina
iomláine, gan fógra a thabhairt nó bonn cirt a lua roimh ré.
Aon fhógra atá le tabhairt nó aon ábhar atá le cur in iúl ag an
mBainisteoir Suímh don Úsáideoir Cláraithe de bhun nó i ndáil
leis na Téarmaí agus Coinníollacha, measfar go mbeidh an fógra
nó an t-ábhar sin faighte ag an Úsáideoir Cláraithe nuair a
sheolfar chuige é ag an seoladh ríomhphoist a thug sé le linn an
phróisis chlárúcháin. Ní mór d'Úsáideoirí Cláraithe bearta
iomchuí a dhéanamh lena áirithiú gur féidir ríomhphoist isteach
a sheachadadh chuig an seoladh sin agus gur ag daoine
údaraithe amháin a mbeidh rochtain acu orthu. Aon fhógra a
thugann Úsáideoirí Cláraithe nó aon ábhar a chuireann siad in
iúl don Bhainisteoir Suímh tríd an seoladh ríomhphoist sin,
measfar go mbeidh sé sin tugtha nó curtha in iúl ag na
hÚsáideoirí Cláraithe agus ní féidir leo a mhaíomh gurb é a
mhalairt atá fíor. Féadfaidh Úsáideoirí Cláraithe teagmháil a
dhéanamh leis an mBainisteoir Suímh maidir le heolas,
fiafraithe nó iarrataí ach an fhoirm ar líne seo a úsáid: […]
Ní mór d'Úsáideoirí Cláraithe bearta slándála cuí a dhéanamh sa
chaoi agus nach nochtfar a n-ainm úsáideora agus a bpasfhocal
gan údarás agus ní mór dóibh an Bainisteoir Suímh a chur ar an
eolas láithreach má chuirtear a bpasfhocal ar eolas d'úsáideoir
neamhúdaraithe. Tá sé de cheart ag an mBainisteoir Suímh cód
aitheantais nó pasfhocal úsáideora nó pasfhocal ar bith a
dhíchumasú am ar bith, má thuigtear do go mhainnigh
Úsáideoir Cláraithe ceann ar bith d'fhorálacha na dTéarmaí agus
Coinníollacha a chomhlíonadh. Is féidir le hÚsáideoirí Cláraithe a
bheith faoi dhliteanas i ndáil le nochtadh le faillí nó d'aonghnó a
gcód aitheantais nó a bpasfhocal do thríú páirtí de shárú ar na
Téarmaí agus na Coinníollacha sin, nó i ndáil le sárú orthu sin ag
an tríú páirtí, rud nach scaoilfidh Úsáideoirí Cláraithe óna
ndualgais faoi na Téarmaí agus Coinníollacha sin. Beidh
Úsáideoirí Cláraithe freagrach as a áirithiú go bhfuil gach duine
a fhaigheann rochtain ar shuíomh na Tairsí trína nasc idirlín ar
an eolas faoi na Téarmaí agus Coinníollacha, agus as a áirithiú
go gcomhlíonfaidh siad na Téarmaí agus na Coinníollacha sin.
4. DLITEANAS A THARSCAOILEADH
An fhaisnéis a chuirtear ar fáil tríd an Tairseach, cuirtear ar fáil í
gan aon ráthaíocht, coinníollacha nó barántaí i dtaobh
chruinneas na faisnéise sin. Ní fhoilseoidh an Bainisteoir Suímh
ach faisnéis a chuireann Úsáideoirí Cláraithe chuige agus sin
amháin , ar choinníoll go gcomhlíonann an fhaisnéis sin, ar
lánrogha iomlán an Bhainisteoir Suímh, na caighdeáin
inneachair a leagtar amach i Roinn 5 thíos, agus ní bheidh aon
dliteanas eile air i ndáil le hÚsáideoirí Cláraithe. Dá bhrí sin
tarscaoilfidh den chineál sin ag Úsáideoirí Cláraithe, nó ag aon
duine eile a gcuirtear ar an eolas faoina bhfuil san inneachar sin.
Eisiafaidh an Bainisteoir Suímh aon dliteanas i leith caillteanas
nó dochar díreach, indíreach nó iarmhartach a thabhaítear ag
an úsáideoir i ndáil leis an Tairseach nó i ndáil le húsáid, le
heaspa cumais é a úsáid nó le hiarmhairtí úsáid na Tairsí, agus i
ndáil le húsáid aon suíomh gréasáin a bhfuil nasc chuige ann nó
2
aon ábhar atá postáilte ann a úsáid agus san áireamh sa mhéid
sin, gan teorainn ama, tá aon dliteanas i leith:
caillteanas ioncaim nó láimhdeachais (coigilteas
ionchais san áireamh);
caillteanas gnó;
caillteanas brabúis nó conarthaí;
caillteanas sonraí;
caillteanas dea-thola;
aon chaillteanas eile nó dochar de chineál ar bith,
cibé slí a éireoidh siad agus cibé acu tort (lena
n-áirítear faillí), sárú ar chonradh nó eile is cúis leis,
fiú más intuartha.
5. CAIGHDEÁIN INNEACHAIR
Beidh feidhm ag na caighdeáin inneachair sin maidir le haon
ábhar nó faisnéis a chuireann Úsáideoirí Cláraithe isteach lena
fhoilsiú ar an Tairseach ("Faisnéis Tionscadail") ina iomláine. Tá
sé de fhreagracht aonair ar na hÚsáideoirí Cláraithe a áirithiú go
bhfuil Faisnéis Tionscadail i gcomhréir leis na caighdeáin
inneachair sin.
Ní mór Faisnéis Tionscadail:
a bheith cruinn (i gcás ina luaitear fíorais inti), a chur
ar fáil le hintinn mhaith (i gcás ina nochtar tuairimí)
agus a bheith cothrom le dáta am ar bith;
a chur isteach ag Úsáideoir Cláraithe atá bunaithe i
mBallstát de chuid an Aontais Eorpaigh agus nach
bhfuil i mbéal díscaoilte, imeachtaí foircheanta
dheonaigh, athchóiriú breithiúnach, leachtaithe nó
nós imeachta den chineál sin;
a chur isteach ag duine atá i dteideal an méid sin a
dhéanamh in ainm agus thar ceann Úsáideoir
Cláraithe;
tionscadail (nó an clár ina bhfuil tionscadail níos lú) a
chuimsiú ar fiú ar EUR 10 000 000 a laghad iad i
dtéarmaí na hinfheistíochta (iomlán) atá de dhíth;
tionscadail a chuimsiú laistigh den rogha earnála mar
atá sainmhínithe in Airteagal 9(2) den Rialachán;
na dlíthe is infheidhme a chomhlíonadh.
Ní fhéadfaidh Faisnéis Tionscadail:
baint a bheith aige le hábhar atá clúmhillteach,
bagarthach, tarcaisniúil, gráiniúil, gríosaithe nó
sáraitheach ar phríobháid duine eile;
idirdhealú atá bunaithe ar chine, inscne, reiligiún,
náisiúntacht, éagumas, gnéaschlaonadh nó ar
ghníomhaíocht neamhdhleathach a chur chun cinn;
cearta maoine intleachtúla duine ar bith a shárú,
lena n-áirítear ceart ar bunachar sonraí agus
trádmharc, ach gan a bheith teoranta don mhéid sin;
dualgas dlíthiúil atá dlite do thríú páirtí a shárú, ar
nós dualgas conarthach nó dualgas muiníne, a shárú;
baint a bheith aige le tionscadail maidir le: armlón
agus airm throda, trealamh nó bonneagar
míleata/póilíneachta (ábhar pléascach agus airm
sheilge san áireamh); trádáil an ghnéis agus an
bonneagar gaolmhar, na seirbhísí agus na meáin lena
mbaineann; cearrbhachas agus an trealamh lena
mbaineann, óstáin ina bhfuil casino; tabac
(táirgeadh, monarú, próiseáil agus dáileadh);
duine ar bith a phearsanú, nó mífhaisnéis a
dhéanamh ar chéannacht Úsáideora Chláraithe nó
mífhaisnéis a dhéanamh ar chleamhnacht le duine ar
bith;
a thabhairt le fios go dtagann siad ón mBainisteoir
Suímh, mura bhfuil sin fíor.
6. FAISNÉIS TIONSCADAIL A FHOILSIÚ, A ATHRÚ AGUS A
BHAINT
Tá gach ceart ag an mBainisteoir Suímh foilsiú Faisnéis
Tionscadail a dhiúltú , i bpáirt nó ina hiomláine, faoina lánrogha
féin. Féadfaidh an Bainisteoir Suímh diúltú Faisnéis Tionscadail a
fhoilsiú ar chúiseanna dlí nó clúmhillte nó ar chúiseanna eile
agus níl Úsáideoirí Cláraithe i dteideal a chur de cheangal go
dtabharfar réasúnú sainiúil nó pearsanta dóibh.
Féadfaidh an Bainisteoir Suímh leagan amach agus
paraiméadair theicniúla na Tairsí a athrú am ar bith. I gcás inar
gá, féadfaidh an Bainisteoir Suímh rochtain ar an Tairseach a
chur ar fionraí nó é a dhúnadh ar feadh tréimhse éiginnte.
D'fhéadfadh aon chuid den ábhar atá ar an Tairseach a bheith as
dáta am ar bith, agus ní bheidh an Bainisteoir Suímh faoi
dhliteanas ábhar den chineál sin a thabhairt cothrom le dáta.
Bainfear aon Fhaisnéis Tionscadail den Tairseach go
huathoibríoch 36 mí tar éis a foilsithe ar an suíomh den chuid
uair.
7. TÁILLE PRÓISEÁLA
Gearrfar táille próiseála iarratais suas go EUR 250* ar
thionscnóirí tionscnaimh príobháideacha. Ní bheidh an táille sin
in-aisíoctha fiú i gcás ina ndiúltaítear an dréacht nó ina
mbainfear den Tairseach é. Seolfar deimhniú ríomhphoist
uathoibríoch chuig an Úsáideoir Cláraithe tar éis dó íocaíocht a
chur i gcrích. Beidh tionscnóirí tionscnaimh de chuid na
hearnála poiblí díolmhaithe ón táille sin.
*Laghdaithe go EUR 100 le linn na tréimhse réamhsheolta.
8. FIONRAÍ AGUS FORCHEANNADH
D'fhéadfadh aon cheann de na gníomhartha seo nó iad go léir a
bheith ina thoradh ar mhainneachtain na Téarmaí agus
Coinníollacha sin a chomhlíonadh:
an ceart úsáid a bhaint as an Tairseach a tharraingt
siar láithreach ar bhonn buan nó sealadach;
aon phostáil nó ábhar atá uaslódáilte chuig an
Tairseach ag an Úsáideoir Cláraithe a bhaint den
Tairseach láithreach ar bhonn sealadach nó buan;
foláireamh a thabhairt don Úsáideoir Cláraithe;
eolas den chineál sin a nochtadh do na húdaráis
forfheidhmithe dlí má mheasann an Bainisteoir
Suímh gur gá sin;
imeachtaí dlí i gcoinne Úsáideoir Cláraithe maidir le
haisíoc costais ar fhoras slánaíochta a thabhófar de
thoradh sáraithe nó gníomh dlíthiúil, de réir mar a
bheidh.
3
I gcás ina maíonn aon tríú páirtí go ndearnadh sárú ar na
caighdeáin inneachair nuair a cuireadh Faisnéis Tionscadail
isteach, féadfaidh an Bainisteoir Suímh, sula ndéanfaidh aon
ghníomh dá dtuairiscítear thuas, soiléiriú a iarraidh ar an
Úsáideoir Cláraithe laistigh de thréimhse ama a shaineofar.
Eisiafaidh an Bainisteoir Suímh dliteanas maidir le gníomhartha
a dhéanfaidh sé mar fhreagairt ar sháruithe ar na Téarmaí agus
Coinníollacha sin. Ní liosta uileghabhálach na freagrachtaí a
ndéantar tuairisc orthu sna Téarmaí agus Coinníollacha sin agus
féadfaidh an Bainisteoir Suímh aon ghníomh eile a dhéanamh a
measann sé go réasúnta é a bheith iomchuí.
9. AN FHAISNÉIS ARNA SHEOLADH ISTEACH A CHOSAINT
Is é is cuspóir do chruinniú faisnéise ar bith ó Úsáideoirí
Cláraithe an fhaisnéis sin a úsáid i dtaca leis an Tairseach. Beidh
rochtain ag Úsáideoirí Cláraithe ar an bhfaisnéis a chuireann
siad ar fáil agus beidh siad i dteideal é a scriosadh am ar bith - i
gcás nach bhfuil an Tairseach ar fáil (pointe 3 thuas) féadfaidh
Úsáideoirí Cláraithe iarraidh ar mBainisteoir Suímh tríd an
ríomhphost faisnéis ina leith a scriosadh agus déanfaidh an
Bainisteoir Suímh sin gan mhoill mhíchuí. Coinneoidh an
Bainisteoir Suímh faisnéis i leith na nÚsáideoirí Cláraithe a chuir
siad isteach sna réimsí foirme a bhfuil an marc
"neamhfhoilsithe"/"níl le foilsiú" faoi rún agus stórálfaidh sé ar
a fhreastalaithe féin í agus ní nochtfaidh sé aon fhaisnéis den
chineál sin chun críocha tráchtála. Ní bheidh tionchar ag sin ar
an gceart atá ag an mBainisteoir Suímh faisnéis a tharchur chuig
an mBanc Eorpach Infheistíochta nó chuig Ballstáit an Aontais,
chun críche tacú agus cur le bainistiú na Tairsí de réir Airteagal
15 den Rialachán agus chun na críche sin amháin. Tríd an
suíomh gréasáin seo a úsáid, toileoidh Úsáideoirí Cláraithe don
chineál seo láimhseála.
10. FORÁLACHA TEICNIÚLA
Féadfaidh Úsáideoirí Cláraithe nasc a dhéanamh le leathanach
baile na Tairsí, ar choinníoll go ndéanfaidh siad é ar shlí atá
cothrom agus dleathach agus nach ndéanann dochar do chlú an
Bhainisteora Suímh agus nach mbaineann siad tairbhe tráchtála
as, agus ní chruthóidh siad nasc ar shlí a thabharfadh le fios go
bhfuil baint ag an mBainisteoir Suímh leis nó go bhfuil sé faofa
nó formhuinithe aige. Ní chruthóidh Úsáideoir Cláraithe nasc ó
shuíomh gréasáin ar bith nach bhfuil úinéireacht aige air.
I gcás ina bhfuil naisc ón Tairseach chuig tairseacha tionscadail
infheistíochta nó chuig acmhainní eile curtha ar fáil ag tríú
páirtithe, cuirfear na naisc sin ar fáil chun críche faisnéise
amháin. Níl aon smacht ag an mBainisteoir Suímh ar inneachar
nó ar acmhainní na dtairseach tionscadal infheistíochta sin agus
ní ghlacfaidh sé le freagracht ar bith astu nó as aon chaillteanas
nó dochar a eascróidh as úsáid ceann amháin nó níos mó díobh.
Ní bhainfidh Úsáideoirí Cláraithe mí-úsáid as an Tairseach trí
víris nó aon ábhar dochrach ó thaobh na teicneolaíochta de a
thabhairt isteach ann. Ní dhéanfaidh úsáideoirí Cláraithe
iarracht rochtain neamhúdaraithe a fháil ar an Tairseach, ar an
bhfreastalaí ar a bhfuil an Tairseach stóráilte nó ar aon
fhreastalaí, ríomhaire nó bunachar sonraí atá ceangailte den
Tairseach. Ní dhéanfaidh Úsáideoirí Cláraithe ionsaí ar an
Tairseach trí bhíthin ionsaí diúltaithe seirbhíse nó ionsaí
diúltaithe seirbhíse leithdháilte.
Ní bheidh an Bainisteoir Suímh faoi dhliteanas as cailleadh nó
dochar ar bith a bhíonn mar thoradh ar ionsaí diúltaithe
seirbhíse leithdháilte, víris nó aon ábhar eile atá dochrach ó
thaobh na teicneolaíochta de a d'fhéadfadh trealamh
ríomhaireachta, ríomhchláir, sonraí nó ábhar dílsithe eile de
chuid Úsáideoirí Cláraithe a ionfhabhtú mar gheall ar an
Tairseach a úsáid nó aon ábhar atá postáilte uirthi nó ar
shuíomh gréasáin atá nasctha léi a íoslódáil.
11. LEASUITHE
Féadfaidh an Bainisteoir Suímh athbhreithniú a dhéanamh ar na
Téarmaí agus Coinníollacha am ar bith ach an leathanach seo a
leasú. I gcás den chineál sin, cuirfear sin in iúl do na hÚsáideoirí
Cláraithe agus beifear ag súil leis go dtabharfaidh siad aon
athruithe a dhéantar a thabhairt dá n-aire, de bhrí go mbeidh
na hathruithe sin ina gceangal orthu. Féadfar forálacha eile nó
fógraí a fhoilseofar in áit eile ar an Tairseach a chur in ionad
roinnt de na forálacha atá sna Téarmaí agus Coinníollacha sin.