tuarascÁil bhliantÚil 2019

68
TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2019 Seirbhís Phríosúin na hÉireann www.irishprisons.ie TIMPEALLACHT NÍOS FEARR A CHRUTHÚ

Upload: others

Post on 18-Nov-2021

0 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL2019Seirbhís Phríosúin na hÉireann www.irishprisons.ie

TIMPEALLACHT NÍOS FEARR A CHRUTHÚ

TIMPEALLACHT NÍOS FEARR A CHRUTHÚ

Bronnadh an Gradam don Infheistíocht ar mhaithe le Páistí (an binse) ar Phríosún Luimnigh i mí Iúil 2019. Tugtar aitheantas leis an ngradam do rannpháirtíocht páistí agus daoine óga i ndialóg a d’fhág gur cruthaíodh spás oiriúnach dá bharr do pháistí ina bhféadfaidís cuairt a thabhairt ar a dtuismitheoirí is iad faoi choiméad.

Tuarascáil an Ard-Stiúrthóra ������������������������������������ 2

Léargas Ginearálta ar Sheirbhís

Phríosúin na hÉireann ������������������������������������������������� 6

An Eagraíocht ������������������������������������������������������������������ 7

Eastát na bPríosún ����������������������������������������������������� 15

Nóta Staitistiúil ����������������������������������������������������������� 24

Cuspóirí Straitéiseacha �������������������������������������������� 33

Aguisíní ��������������������������������������������������������������������������� 48

CLÁR NA nÁBHAR

TUARASCÁIL AN ARD-STIÚRTHÓRAChuig: an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais,

An tUas. Cathal Ó Flanagáin, T.D.,

A Aire, tá sé ina údar áthais dom Tuarascáil Bhliantúil Sheirbhís Phríosúin na hÉireann i gcomhair 2019 a chur ar aghaidh chugat�

Caron McCaffrey | Ard-Stiúrthóir

A Aire, tá sé ina údar áthais dom Tuarascáil Bhliantúil Sheirbhís Phríosúin na hÉireann i gcomhair 2019 a chur ar aghaidh chugat�

Ó ceapadh i ról an Ard-Stiúrthóra mé i mí na Nollag 2018, bhí sé ina phribhléid mhór dom an eagraíocht seo a stiúradh� Mar sheirbhís thábhachtach, bhunriachtanach a bhíonn ag plé le daoine go praiticiúil is go fisiciúil, déanann Seirbhís Phríosúin na hÉireann difríocht do shaol go leor daoine ar bhonn laethúil� Bíonn thart faoi 7,000 duine ag obair nó ina gcónaí inár bpríosúin ar bhonn laethúil agus téann thart faoi 200,000 cuairteoir thar tháirseach ár bpríosún gach bliain�

Téann Seirbhís Phríosúin na hÉireann i bhfeidhm ar shaol go leor de na saoránaigh sa Stát go díreach, trí sheirbhísí a sholáthar cosúil le hoideachas, obair agus oiliúint, cúram sláinte, seirbhísí andúile do chiontóirí faoi choimeád agus tacaíocht do theaghlaigh, nó go hindíreach, trí bheith ag cabhrú chun ár bpobail a dhéanamh níos sábháilte trí athchiontú a laghdú�

Tá rún daingean againn príosúnaigh a spreagadh chun athruithe dearfacha a dhéanamh ina saol trí idirghníomhaíocht leis an iomaí seirbhís a sholáthraíonn Seirbhís Phríosúin na hÉireann agus leis na soláthraithe seirbíse in-rochtana lena n oibrímid go dlúth agus a sholáthraíonn tacaíocht ríthábhachtach do phríosúnaigh�

Sa tuarascáil bhliantúil seo, tarraingítear aird ar raon

leathan fhreagrachtaí ár n-eagraíochta agus tuairiscítear faoin dul chun cinn atá déanta againn le 12 mhí anuas agus muid ag leanúint ar aghaidh le bheith ag fás, ag athchóiriú agus ag nuachóiriú gach gné dár soláthar seirbhíse�

Líon na bPríosúnachLean an t-ardú ar líon na bpríosúnach i bpríosúin ar aghaidh in 2019� In 2018, thuairiscíomar faoi mhéaduithe suntasacha i gcaitheamh tréimhse ghearr ama� Lean na harduithe sin ar aghaidh in 2019, rud a chuir brú ar an gcóras i roinnt réimsí, lena n-áirítear cóiríocht do phríosúnaigh, soláthar na seirbhísí agus a mhinice is a bhí príosúnaigh á dtionlacan ag oifigigh.

Ba é 3,904 líon iomlán na bpríosúnach a bhí faoi choiméad an 1 Eanáir 2019, rud a chuaigh i méad go dtí 4,068 faoi dheireadh mhí Lúnasa sular íslíodh é chuig 3,950 faoi dheireadh na bliana� Ba é 170 ar an meán líon na gciontóirí mná a bhí faoi choimeád, méadú 3% ar fhigiúr 2018, mar a bhí, 165� Ba é 3,801 ar an meán líon na bpríosúnach fir, méadú 2% ar fhigiúr 2018, mar a bhí, 3,726�

Bhí 76% de na cásanna cimithe faoi phianbhreith in 2019 le haghaidh pianbhreitheanna a mhair ar feadh 12 mhí nó níos lú. Mar chomparáid, ba é 74% an figiúr le haghaidh na gcásanna cimithe ar fad in 2018�

Ó 2017, tá méadú feicthe againn ar líon na bpríosúnach a athchuireadh faoi choimeád� Ba é 584 ar an meán líon na bpríosúnach a athchuireadh faoi choimeád in 2017� Tháinig méadú go dtí 677 air sin in 2018 agus chonacthas méadú eile de 4�5% go dtí 707 in 2019� Toisc nach bhfuil leapacha ach le haghaidh 431 san aon áis athchuir amháin sa Stát ag Príosún Chnoc na Seamar, fágann sé sin go gcaithfear príosúnaigh ar athchur a scaipeadh trasna eastát na bpríosún�

Tréith eile a bhíonn i gceist le príosúnaigh ar athchur le déanaí is ea an méadú atá ag teacht ar a thromchúisí is a bhíonn na cúiseanna coiriúla a chuirtear ina leith� Bíonn sé riachtanach go leor de na príosúnaigh seo ar athchur a choinneáil ar feadh tréimhsí i bhfad níos faide ná mar ab amhlaidh roimhe i gcomhair príosúnaigh ar athchur, agus tá méadú ag teacht ar líon na bpríosúnach sin ar riachtanach iad a choinneáil i bpríosún agus leibhéal slándála níos airde i gceist lena n-aghaidh�

Plean Bainistíochta do Dhaonra na bPríosúnachIn 2019, chuir mé plean bainistíochta do dhaonra na bpríosúnach i ngníomh chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhí i gceist leis an méadú a bhí ag teacht ar líon na bpríosúnach agus chun aghaidh a thabhairt ar an bplódú i roinnt príosún dár gcuid�

San áireamh leis sin, cuireadh iniúchadh i gcrích ar acmhainn na gcillíní chun limistéir a shonrú ina bhféadfaí

Caron McCaffrey | Ard-Stiúrthóir

2

Tuarascáil Bhliantúil 2019

tuilleadh cóiríochta a thabhairt isteach; leathnaíodh na critéir chun teacht ar chláir struchtúrtha maidir le scaoileadh saor sealadach, cosúil le Filleadh ar an bPobal; agus úsáid ár n-ionad oscailte a uasmhéadú tríd an mBeartas um Ionaid Oscailte a athrú�

Chuireamar tús freisin le tionscadal chun an tAonad Oiliúna a athchóiriú le húsáid mar Aonad do dhaoine breacaosta� Tá sé socraithe sa sceideal go n-osclófar an tAonad seo in 2020�

Tháinig aonad nua don chéimniú síos do chiontóirí mná i bhfeidhm in 2019 freisin chun cabhrú le ciontóirí mná aistriú ón bpríosún chuig an bpobal�

Sa mheántéarma, soláthróidh an tionscadal mór caipitil atá ar siúl i bPríosún Luimnigh cóiríocht bhreise do chiontóirí fir agus mná i Luimneach agus tabharfar aghaidh leis an tionscadal ar fhadhbanna fadtéarmacha maidir le plódú�

Plean Straitéiseach 2019 - 2022I mí Mheán Fómhair 2019, d’fhoilsíomar ár bPlean Straitéiseach nua 3 Bliana i gcomhair 2019 go 2022 lena leagtar amach ár bhfís don tSeirbhís i gcomhair na chéad 3 bliana eile� Cruthaíodh an straitéis seo agus 5 cholún i gceist leis, mar atá Tacaíocht Foirne;

Tacaíocht do Phríosúnaigh; Coimeád Slán Sábháilte, Eastát na bPríosún; agus Rialachas�

Leis an straitéis, aithnítear go mbíonn ár dtimpeallacht agus an comhthéacs ina n-oibrímid ag éabhlóidiú go leanúnach agus go gcaithfimid, mar Sheirbhís, coinneáil orainn le bheith ag dul in oiriúint, ag athrú agus ag ullmhú le haghaidh dúshlán, idir shean is nua�

Is straitéis uaillmhianach fós í ár straitéis, agus tá sé d’aidhm léi cur le dul chun cinn a rinneadh le déanaí chun tacaí don fhoireann agus do phríosúnaigh a bhreisiú tuilleadh. Tacóimid le agus cuirfimid an nuálaíocht agus an comhshaothrú chun cinn chun cinntiú go mbeidh ár bhfoireann rannpháirteach ar gach leibhéal� Tá sé d’aidhm lenár straitéis eastát na bpríosún a bhreisiú agus a nuachóiriú agus é a dhéanamh níos sábháilte is níos sláine dóibh siúd ar fad a oibríonn nó a chónaíonn taobh thiar de bhallaí ár bpríosún, nó a thugann cuairt ar na daoine sin�

Chun ár Straitéis a chur i ngníomh, braitheann sin ar na hacmhainní riachtanacha a bheith ar fáil chun ligean dúinn dul níos faide fós chun seirbhís nua-aimseartha a fhorbairt as ar féidir linn ar fad a bheith bródúil�

Tá sé de rún daingean againn fós gur Seirbhís Phríosún muid a bheidh oscailte, cuntasach agus trédhearcach agus go bhfeidhmeoimid de réir an Chóid Chleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú� Leanaimid ar aghaidh le bheith ag obair leis an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais chun creat nua rialachais a dhearadh lena láidreofar rialachas, comhlíonadh agus cuntasacht ar gach leibhéal laistigh dár Seirbhís� Tá obair shuntasach curtha i gcrích sa réimse seo lena n-áirítear struchtúr nua feidhmeach a forbraíodh ar leibhéal áitiúil agus cuirfear sin i bhfeidhm ar bhonn píolótach i roinnt príosún in 2020�

Tá tuarascáil bhliantúil faoi dhul chun cinn san áireamh leis an tuarascáil bhliantúil seo maidir le luath-chéimeanna na hoibre chun an Plean Straitéiseach a sheachadadh agus tá sé ina údar áthais dom a thuairisciú go bhfuil obair nach beag curtha i gcrích cheana féin chun raon leathan na ngníomhartha agus na dtiomantas a chur i ngníomh�

Foireann na bPríosúnIs é ár bhfoireann dúshraith ár Seirbhíse agus is mar gheall ar a ngairmiúlacht agus a mbarr feabhais a n éiríonn linn inár gcuid oibre� In 2019 leanamar ar aghaidh lenár bhfeachtas earcaíochta chun oifigigh phríosúin a earcú agus tháinig 215 Oifigeach nua Príosúin isteach inár bhfoireann. Cuireann Oifigigh nua a earcaímid clár oiliúna tosaigh i gcrích a mhaireann ar feadh 14 sheachtain faoi threoir ár bhfoirne saineolaí i gColáiste Sheirbhís Phríosúin na hÉireann, inár n-ionaid oiliúna i bPort Laoise agus i mBaile Átha Cliath araon�

Cuireann gach oifigeach dá n-earcaítear an tArd-Teastas i gCúram Coinneála (HCCC) i gcrích i gcaitheamh tréimhse dhá bhliana freisin lena n-áirítear modúil faoi Chearta Daonna, Síceolaíocht, Comhionannas, Éagsúlacht agus Feasacht Chultúrtha agus Shóisialta; agus Bainistíocht Choinbhleachta�

Leanamar ar aghaidh lenár gClár um Fhorbairt Ghairmiúil Leanúnach (FGL) a chur i bhfeidhm don fhoireann lenar bhain fócas sonrach ar shábháilteacht dóiteáin, bainistíocht rioscaí sláinte agus sábháilteachta agus feasacht ar mheabhairshláinte�

D’éirigh 93 ball foirne as a gcuid oibre linn in 2019 tar éis blianta de sheirbhís dhíograiseach agus guímid gach sláinte is sonas orthu siúd agus ar a dteaghlaigh amach anseo�

In 2019, thugamar na chéad Ghradaim um Barr Feabhais agus Nuálaíocht isteach do Sheirbhís Phríosúin na hÉireann a raibh sé d’aidhm acu aitheantas a thabhairt don rannchuidiú a thugann an fhoireann dár Seirbhís� Is iomaí sársmaoineamh agus sárthionscadal inár Seirbhís a d’eascair ó bhaill foirne ar an talamh agus tá sé ríthábhachtach go mbainfear leas as nuálaíocht dá leithéid agus go spreagtar í� Roghnaíodh dhá thionscadal as an bpróiseas sin mar chinn a ainmníodh do Gradaim um Barr Feabhais is Nuálaíocht na Státseirbhíse mar a bhí, Tionscadal na Rothar don Afraic i dTeach an Locháin agus Tionscadal Bóthar i Mainistir Shelton�

Comhionannas agus Éagsúlacht agus Cearta DaonnaTá rún daingean againn timpeallacht a sholáthar don fhoireann agus do phríosúnaigh a mbíonn dínit agus meas ina ceartlár� In 2019, cheap mé ceannasaí um Chomhionannas, Éagsúlacht agus Chuimsiú chun maoirseacht a dhéanamh ar an gcomhionannas agus ar an éagsúlacht a chur chun cinn sa tSeirbhís� Oibríonn ár bhfoireann i dtimpeallacht dheacair agus bíonn sé tábhachtach go dtugtar tacaíocht dóibh agus go gcosnaítear iad� Bíonn meas againn ar an éagsúlacht agus déanfaimid na gníomhartha cuí i gcónaí i gcoinne aon chineál idirdhealaithe, bulaíochta agus ciaptha�

3

Tuarascáil Bhliantúil 2019

Sa chuid deiridh de 2019, sholáthair Ionad Éigeandála Bhaile Átha Cliath um Éigniú clár oiliúna saindeartha dár mbainistíocht shinsearach maidir le tionchar ionsuithe gnéasacha agus an chiaptha gnéasaigh� Tá an clár feasachta agus oiliúna tábhachtach seo á chur i bhfeidhm le haghaidh gach duine dár bhfoireann ar gach grád den tSeirbhís�

Cigire na bPríosúnLean Seirbhís Phríosúin na hÉireann ar aghaidh le bheith ag obair go dlúth le hOifig Chigire na bPríosún agus is mór againn an ról maoirseachta tábhachtach a chomhlíonann an Cigire agus a foireann� In 2019, bhí muid i dteagmháil le Cigire na bPríosún maidir le tuarascálacha faoi 10 mbás a tharla agus daoine faoi choimeád agus tá pleananna gníomhaíochta i bhfeidhm chun na moltaí ar glacadh leo sna Tuarascálacha sin a chur i ngníomh� Táimid ag súil go mór le bheith ag obair tuilleadh le Cigire na bPríosún maidir le Creat Cigireachta na bPríosún a chur i bhfeidhm agus tá sé le foilsiú ag Cigire na bPríosún in 2020�

Cuairt Coiste Chomhairle na hEorpa chun Céastóireacht agus Íde atá Mídhaonna a Chosc (CPT) ar ÉirinnI mí Mheán Fómhair 2019, thug Coiste Chomhairle na hEorpa chun Céastóireacht agus Íde atá Mídhaonna a Chosc (CPT) cuairt ar Éirinn agus scrúdaigh siad roinnt dár gcuid príosún� Chuireamar fáilte roimh mhaoirseacht sheachtrach i gcónaí toisc go soláthraíonn sé deis dúinn ár ndul chun cinn a thagarmharcáil, aird a tharraingt ar ár bhforbairt agus leanúint ar aghaidh le réimsí le haghaidh feabsuithe a shonrú� Tar éis a gcuairte, thug an Coiste roinnt tuairimí tosaigh lenar tarraingíodh aird ar roinnt forbairtí dearfacha go háirithe maidir le hiarrachtaí chun cúram sláinte sna príosúin a fheabhsú� Cuirim fáilte ar leith roimh thuairimí an Choiste i ndáil lena dhíograisí is a bhíonn ár bhfoireann�

Lena chois sin, thug an Coiste roinnt tuairimí maidir le saincheisteanna is gá a fheabhsú cosúil le taifid a choinneáil, príosúnaigh ar réimeanna srianta, riail 63 agus córas na ngearán ó phríosúnaigh� D’fhorbraíomar plean gníomhaíochta chun na moltaí tosaigh sin a chur i bhfeidhm agus tá tús curtha le hobair chun roinnt gníomhartha a chur i ngníomh inter alia, athbhreithniú ar phríosúnaigh atá faoi chosaint agus córas nua le haghaidh gearán ó phríosúnaigh a thabhairt isteach� Táimid ag súil go mór le tuarascáil iomlán an Choiste a fháil in 2020 agus le conair a leagan síos chun aghaidh a thabhairt ar aon saincheisteanna a shonrófar de réir mar a bheimid ag iarraidh seirbhís phríosúin den chéad scoth a chruthú�

Eastát na bPríosún a NuachóiriúBhí tús áite á thabhairt ag an tSeirbhís don obair le heastát na bpríosún a nuachóiriú agus tá feabhsuithe suntasacha déanta againn le roinnt blianta anuas, trí thionscadail athfheistiúcháin agus trí fhoirgnimh nua a thógáil araon� In 2019, chuireamar tús le tionscadal chun sciathán cóiríochta nua a thógáil i bPríosún Luimnigh agus chun Teach Geata; oifigí, láthair fáiltithe agus áiseanna cuairte a sholáthar� Leis an tionscadal, soláthrófar áiseanna den chéad scoth do phríosúnaigh i Luimneach agus cuirfear deireadh leis an gcleachtas lena raibh príosúnaigh fir ag folmhú a bhfualán. Ciallóidh

na háiseanna nua do mhná go mbeidh timpeallacht níos oiriúnaí agus níos oscailte ar fáil do phríosúnaigh mhná ina mbeidh béim níos mó ar an athshlánúchán�

Lena chois sin, chuir Seirbhís Phríosúin na hÉireann tús le tionscadal chun an tAonad Oiliúna a athfheistiú, agus osclófar in 2020 é mar áis do phríosúnaigh breacaosta�

An Mheabhairshláinte sa PhríosúnDúshlán mór fós do Sheirbhís Phríosúin na hÉireann is ea an oiread príosúnach a bhfuil dianfhadhbanna leanúnacha meabhairshláinte acu agus réimse is ea sin a bhfuil freagairt tras-rannach riachtanach lena aghaidh as seo amach� Ceann de na dúshláin mhóra atá roimh chúram sláinte éifeachtach i bpríosúin is ea seirbhísí meabhairshláinte cuí a sholáthar dóibh siúd atá faoi choimeád� Soláthraíonn na Seirbhísí Náisiúnta Meabhairshláinte Fóiréinsí (NFMHS) seirbhís inrochtana thábhachtach maidir leis sin agus leanaimid ar aghaidh le bheith ag obair le foireann na Seirbhíse sin lena chinntiú go mbeidh seirbhísí meabhairshláinte ann do phríosúnaigh a bhfuil sin ag teastáil dóibh lena n-áirítear an t-aistriú chuig an bPríomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar� Bíonn teacht ag Seirbhís Phríosúin na hÉireann ar líon teoranta leapacha sa Phríomh- Ospidéal Meabhair-Ghalar agus d’fhéadfadh suas le 30 príosúnach a bheith ar liosta feithimh go n-aistreofar iad chuig an áis sin ag aon am ar bith� Nuair a osclófar an Príomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar Nua, cuirfear líon beag leapacha breise ar fáil do Sheirbhís Phríosúin na hÉireann agus tá Seirbhís Phríosúin na hÉireann ag súil go mór le bheith ag obair leis na seirbhísí sláinte ar fad chun tacaí níos fearr a sholáthar don chohórt leochaileach príosúnach sin in 2020�

Ionfhabhtuithe a RialúCiallaíonn líon mór millteach na ndaoine a bhíonn ag gluaiseacht laistigh dár n-institiúidí ar bhonn laethúil go mbíonn rialú éifeachtach ar ionfhabhtuithe bunriachtanach i gcónaí� Toisc gur grúpa leochaileach inár sochaí na daoine a bhíonn i bpríosún, agus toisc go mbíonn caighdeáin sláinte na bpríosúnach níos measa i gcoitinne, bíonn sé ríthábhachtach go dtugtar tús áite d’obair le hionfhabhtuithe a rialú� D’fhéadfadh galair theagmhálacha cosúil leis an Eitinn (TB) éifeacht uafásach ar fad a imirt inár dtimpeallacht shrianta�

In 2019, rinneadh athbhreithniú is mionchoigeartú ar ár mbearta chun ionfhabhtuithe a chosc agus a rialú� Bíonn foirne i bheidhm i ngach ionad chun ionfhabhtuithe a chosc agus a rialú� D’fhorbair an Fhoireann Náisiúnta um Chosc agus Rialú Ionfhabhtuithe acmhainn nua ar líne don fhoireann ar fad ina bhfuil líon ollmhór faisnéise faoi ionfhabhtuithe a chosc agus a rialú agus acmhainn shárluachmhar is ea sin chun ionfhabhtuithe a rialú i suíomh príosúin�

Mar Sheirbhís, leanaimid ar aghaidh le bheith ag fás, ag foghlaim agus ag forbairt. Ní fheictear cuid mhór den obair a dhéanann an tSeirbhís Phríosún ach obair bhunriachtanach is ea í, lena bhfuil sé d’aidhm an pobal a chosaint agus ár bpobail a dhéanamh níos sábháilte.

Caron McCaffrey | Ard-Stiúrthóir

4

Tuarascáil Bhliantúil 2019

Aonad Forchéimnithe, Muinseo: clár píolótach um scor ón tobac

Cheap foireann ildisciplíneach plean gníomhaíochta go n-éireodh leo sciathán saor ón tobac a chruthú san Aonad Forchéimnithe. Cuireadh oiliúint ar na hoibrithe deonacha ó Chumann Croise Deirge na hÉireann sa teiripe thacaíochta ó phiaraí um scor ón tobac in 2018 agus tá ag éirí leo grúpaí tacaíochta ó phiaraí um scor ón tobac a rith go rialta anois. Cuireadh tús leis na grúpaí sin um scor ón tobac an 1ú Eanáir 2019 agus tháinig léibheann C2 chun bheith ina léibheann saor ón tobac an 31ú Eanáir 2019.

5

Tuarascáil Bhliantúil 2019

ÁR MISEAN

ÁR LUACHANNAÁR bhFÍSPobal níos sábháilte trí bharrfeabhais i seirbhís phríosún

atá bunaithe ar mhéas ardhinit an duine

Coimeád slán sábháilte,dínit cúraim agus athshlánú a

sholáthar do phríosúnaighar mhaithe le pobail

níos sábháilte

OBAIR FOIRNE Is mó a bhainimid amach ach a bheith ag oibriú le chéile ná is féidir linn a bhaint amach agus sinn ag oibriú inár n-aonar.

IONRACAS Caithfidh sé a bheith de mhisneach againn an rud ceart agus uasal a dhéanamh, fiú nuair nach mbíonn duine ar bith eile ag breathnú orainn.

CUMAS Bíonn ar chumas gach duine a bheith ina dhuine níos fearr agus bíonn iarracht ghníomhach á déanamh againn chun deiseanna a chur ar fáil do bhaill foirne agus do na duine atá faoi choimeád le gur féidir leo lán an chumais seo a bhaint amach.

SÁBHÁILTEACHT Cuirimid go gníomhach le timpeallacht a choinneáil inar féidir le baill foirne agus le daoine atá faoi choimeád againn a mhothú go bhfuil siad slán sábháilte ó thaobh coirp agus na mothúchán de agus sa deireadh thiar thall, gur féidir leo cur le pobal níos sábháilte.

TACAÍOCHTBíonn iarracht ghníomhach á déanamh againn chun tacaí a sholáthar don fhoireann is d’athshlánú na ndaoine atá faoi choimeád.

LÉARGAS GINEARÁLTA AR SHEIRBHÍS PHRÍOSÚIN NA HÉIREANN

6

AN EAGRAÍOCHT

Dílsítear an freagracht pholaitiúil as córas na bpríosún in Éirinn san Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais� Feidhmíonn Seirbhís Phríosúin na hÉireann mar chuid den Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais� Tá Ard-Stiúrthóir i gceannas uirthi agus cúigear Stiúrthóir ag tacú léi�

Déanann Seirbhís Phríosúin na hÉireann comhchuid bhuntábhachtach den chóras dlí coiriúil� Is é cabhrú le hÉire níos sábháilte agus níos cothroime a bhaint amach a bunról, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

T Coimeád slán sábháilte a sholáthar le dínit cúraim do dhaoine cimithe chun príosúin�

T Riosca na díobhála don phobal a laghdú chomh maith leis an dóchúlacht go n-athchiontóidh iarphríosúnaigh trí athshlánú a sholáthar do dhaoine sa phríosún�

T Ag obair leis an tSeirbhís Promhaidh chun clár bainistíochta comhtháite ciontóirí a chruthú�

T Ag cabhrú le daoine i bpríosún caidrimh agus teagmháil lena dteaghlaigh agus leis an bpobal níos leithne a choinneáil ar bun�

Bíonn Seirbhís Phríosúin na hÉireann freagrach as coimeád slán sábháilte daoine ata cimithe chun príosúin, a choinnítear ar athchur, nó a choinnítear ar ábhair inimirce� Bíonn sí freagrach as a chinntiú go gcuireann daoine ciontaithe a bpianbhreith isteach i gceart agus as deiseanna a sholáthar dóibh chun páirt a ghlacadh ar bhealach fiúntach go laghdófar an dóchúlacht maidir le hathchiontú agus cabhrú leo ath-imeascadh sa tsochaí a ghéilleann don dlí�

Déileálann Seirbhís Phríosúin na hÉireann le ciontóirí fir agus mná atá 18 mbliana d’aois nó níos sine.

Riartar Seirbhís Phríosúin na hÉireann go lárnach, agus tá ceanncheathrú na Seirbhíse suite i mBaile Longfoirt�

AN EAGRAÍOCHT

Fig. 1 Córas Dlí Coiriúil na hÉireann

Cúirteanna&

Breithiúna

Gníomhaireachtaí Eile Ceartais

An Earnáil Dheonach

Seirbhís na hÉireann um

Cheartas i leith an Aosa Óig

Seirbhís Phríosúin na

hÉireann

Oifig an Phríomh-Aturnae

Stáit

An tSeirbhís Promhaidh

An Garda Síochána

ROINN DLÍ AGUS CIRT &

COMHIONNAIS

CÓRAS DLÍ COIRIÚIL

An Stiúrthóir Ionchúiseamh

Poiblí

8

Tuarascáil Bhliantúil 2019

Director of Finance and Estates

Derek Caldbeck

Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha, TFC, Sláinte agus Sábháilteachta

Donna Creaven

Caron McCaffreyArd-Stiúrthóir

Seirbhís Phríosúin na hÉireann

Stiúrthóir Acmhainní Daonna

Don Culliton

Stiúrthóir Coimeádta, Slándáil

agus OibríochtaíMartin Smyth

Príomhoifigeach Acmhainní

DaonnaTrevor Jordan

Príomhoifigeach Acmhainní Daonna

Sean Sullivan

Leas-Stiúrthóir Paul Mannering

Príomhoifigeach Sláinte & Sábháilteachta

Seamus Sisk

PríomhchógaiseoirDeirdre O’ Reilly

Gobhanóir III Acmhainní Daonna

Mary Leydon

Gobharnóir I OibríochtaíKathy Hoctor

Príomhoifigeach, Seirbhísí Corparáideacha

Edel Higgins

Príomhoifigeach Teicneolaíochta Faisnéise &

Cumarsáide George Jackson

Príomhoifigeach na nEastát

Jim Mitchell

Príomhoifigeach Airgeadais

Peter Wood

Príomhoifigeach Cúraim & Athshlánaithe Kieran Moylan

Ceannaire Síceolaíochta

Dr. Emma Black

Ceannasaí Cliniciúil Feidhmiúcháin

Dr. John Devlin

Stiúrthóir Cúraim & Athshlánúcháin

Fergal Black

PríomhoifigeachDonal Landers

Fig 2. Ceanncheathrú agus Stiúrthóireachtaí Sheirbhís Phríosúin na hÉireann

9

Tuarascáil Bhliantúil 2019

BuiséadBa é €359�01 milliún an buiséad bliantúil do Sheirbhís Phríosúin na hÉireann i gcomhair 2019 arbh ionann agus €256�12 milliún nó 71�3% den ollbhuiséad na tuarastail, pá agus liúntais le €30�98 milliún mar bhuiséad caipitil agus buiséad €71�91 milliún mar bhuiséad le haghaidh earraí/seirbhísí� Baineadh leas as an mbuiséad caipitil chun caiteachas a airgeadú i rith na bliana ar thionscadail mhóra chaipitil cosúil le Príosún Luimnigh chomh maith le trealamh nua teicneolaíochta faisnéise is cumarsáide (TFC) agus feithiclí a cheannach� D’éirigh le Seirbhís Phríosúin na hÉireann feidhmiú laistigh den mhaoiniúchán vótáilte in 2019� Is é an tArd-Rúnaí an tOifigeach Cuntasaíochta i gcomhair Vóta 21 agus foilsítear na Cuntais Leithreasa ar shuíomh idirlín an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ag www�audit�gov�ie�

Ba é €75,349 an meánchostas bliantúil a bhain le spás príosúin le foireann a bheith ar fáil i rith na bliana 2019, 2% de mhéadú ar chostas 2018, mar a bhí, €73,802� Áirítear san fhigiúr sin gach eilimint den ghlanchaiteachas a tabhaíodh laistigh den bhliain (cosúil le tuarastail, fóntais/cothabháil, TFC, seirbhísí príosúin, srl�) gan caiteachas caipitil ar fhoirgnimh agus ar cheannacháin feithiclí san áireamh� Is iad costais mhéadaithe maidir le foireann, thart faoi €9 milliún, an phríomhchúis leis an méadú ar an gcostas in aghaidh an spáis phríosúin le foireann a bhíonn ar fáil, agus tháinig formhór na gcostas sin chun cinn de bharr pá a tugadh ar ais, mar a foráladh lena aghaidh leis an Acht um Pá agus Pinsin Seirbhíse Poiblí, 2017, agus liúntas cíosa a bheith curtha san áireamh sa phá bunúsach� Tá miondealú níos mionsonraithe le fáil ar www�irishprisons�ie�

Phléigh Seirbhís Phríosúin na hÉireann le thart faoi 1,000 soláthraí i rith 2019, agus bhain go leor díobh siúd le hearraí agus seirbhísí ar luach íseal a sholáthar� Tá conarthaí foirmiúla agus socruithe um Íocaíochtaí a Tharraingt Anuas faoin gCreat, i bhfeidhm le 175 soláthraí le haghaidh luachanna conartha is airde ná €25,000�

FoireannFaoi dheireadh 2019, bhí 3,404�58 (coibhéis lánaimseartha) ball foirne i Seirbhís Phríosúin na hÉireann lena n-áirítear gráid na sibhialtach agus baill foirne sa cheanncheathrú� Méadú 4�1% (134 ball foirne) ó 2018 ab ea sin� Thairis sin, d’éirigh 93 ball foirne as in 2019�

Creat Rialachais agus ReachtúilIs iad seo a leanas a threoraíonn an creat rialaithe rialachais agus reachtúil foriomlán laistigh de Sheirbhís Phríosúin na hÉireann:

T Achtanna na bPríosún, lena n-áirítear Acht na bPríosún 2007, Acht na bPríosún 2015;

T forálacha ábhartha i reachtanna eile cosúil le hAcht na bPríosún (Coistí Cuairte), 1925, an tAcht um Cheartas Coiriúil, 1960, an tAcht um Cheartas Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha), 1997, an tAcht um Cheartas Coiriúil, 2007, achtanna eile um

cheartas coiriúil agus an tAcht um Aistriú Daoine ar Cuireadh Pianbhreith Orthu, 1995 & 1997;

T Rialacha na bPríosún, 2007, lena n-áirítear an Leasú ar Rialacha na bPríosún (2014) (2017); agus

T an tAcht fán gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, 2003�

Do dhaoine a choinnítear maidir le cúrsaí a bhaineann le hinimirce, is iad seo a leanas na príomhfhorálacha reachtaíochta: na hAchtanna Inimirce, 1999, 2003 agus 2004 agus a rialacháin ghaolmhara, an tAcht um Inimircigh Neamh-Dhleathacha (Gáinneáil), 2000 agus an tAcht um Chosaint Idirnáisiúnta, 2015�

Tugann an tSeirbhís Phríosúin aird chuí ar chonarthaí, dearbhuithe, caighdeáin agus moltaí idirnáisiúnta éagsúla um chearta daonna freisin, lena n-áirítear:

T an Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine;T an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine; T Íosrialacha Caighdeánacha na Náisiún Aontaithe

um Dhéileáil le Príosúnaigh;T na Rialacha Príosúin Eorpacha 2006; T Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh

Céastóireachta agus in aghaidh Íde nó Pionóis eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach;

T Cúnant na Náisiún Aontaithe ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla; agus

T an Coinbhinsiún Eorpach in aghaidh Céastóireachta agus in aghaidh Íde nó Pionóis eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach�

Tugann an tSeirbhís Phríosúin aird chuí ar Thuarascálacha Chigire na bPríosún freisin agus déanann a dícheall moltaí an Chigire a chur i ngníomh�

Struchtúr Bainistíochta agus Rialachais Sheirbhís Phríosúin na hÉireannTá Seirbhís Phríosúin na hÉireann tiomanta d’oscailteacht agus do chuntasacht níos mó ar gach leibhéal� Cinntímid go bhfeidhmímid ardchaighdeáin rialachais chorparáidigh a thagann leis na ceanglais a leagtar amach le haghaidh gach comhlacht poiblí sa Chód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú (2016)� Tá Comhaontú Maoirseachta curtha i bhfeidhm ag an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais (lena gcuimsítear Comhaontú um Fheidhmíocht a Chomhlíonadh)

lena leagtar amach an creat leathan rialachais chorparáidigh a bhfeidhmíonn Seirbhís Phríosúin na hÉireann faoina chuimsiú agus lena sainmhínítear príomhróil agus freagrachtaí, atá mar bhonn agus mar thaca leis an gcaidreamh idir Seirbhís Phríosúin na hÉireann agus an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais�

Rinneadh monatóireacht ar mar a chomhlíon Seirbhís Phríosúin na hÉireann ceanglais an Chomhaontaithe trí chruinnithe Rialachais débhliantúla idir Foireann Bainistíochta Feidhmiúcháin Sheirbhís Phríosúin na hÉireann agus an Roinn�

Tá beartas bainistíochta rioscaí agus creat tuairisceoireachta ag Seirbhís Phríosúin na

10

Tuarascáil Bhliantúil 2019

hÉireann a chuimsítear, agus atá ailínithe, le beartas uileghabhálach na Roinne� Tá clár rioscaí corparáideacha ag Seirbhís Phríosúin na hÉireann freisin a ndéanann an Fhoireann Bhainistíochta Feidhmiúcháin athbhreithniú agus uasdátú air i rith na bliana� De réir thosaíochtaí buntábhachtacha na Seirbhíse Príosún, mheasúnaigh an Fhoireann Bhainistíochta Feidhmiúcháin dóchúlacht na rioscaí agus tionchar na rioscaí (lena n-áirítear tionchair straitéiseacha, airgeadais, oibríochtúil agus maidir le cáil agus comhlíonadh) an 10 Nollaig 2019� San áireamh sna rioscaí buntábhachtacha a sonraíodh, tá cúram sláinte na bpríosúnach agus coimeád slán sábháilte a sholáthar agus aird á tabhairt ar líon na ndaoine cimithe chun príosúin a bheith ag dul i méad� San áireamh le bearta chun rioscaí cúraim sláinte a mhaolú, tá comhaontú foirmiúil (Meabhram Tuisceana) le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte chun seirbhís fhóiréinseach inrochtana a sholáthar, tosú an athbhreithnithe ar Mheasúnacht na Riachtanas Cúraim Sláinte i mí na Samhna 2019 agus comhráite rialta leis an Roinn Sláinte/FSS chun áis an Phríomh-Ospidéil Mheabhairghalar a chur san áireamh� San áireamh le bearta maolaithe ar mhaithe le coinneáil shlán shábháilte, áirítear meicníochtaí monatóireachta agus athbhreithnithe bainistíochta a bheith i bhfeidhm ar bhonn laethúil agus dul chun cinn an Aonaid Oiliúna agus thionscadal fhoirgnimh Luimnigh�

Rinneadh moltaí maidir le rialachas Sheirbhís Phríosúin na hÉireann a athchóiriú i dTuarascáil an Ghrúpa um Éifeachtacht agus Athnuachan 2019� Tá obair ar siúl go leanúnach ag an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais agus ag Seirbhís Phríosúin na hÉireann chun creat nua rialachais a dhearadh don tSeirbhís Phríosún lena láidreofar rialachas, comhlíonadh agus cuntasacht� Tá sé i gceist go dtacódh Bord Comhairleach leis sin, faoi mar atá molta ag an nGrúpa um Éifeachtacht agus Athnuachan don Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais� Sonraíodh rialachas mar cholún buntábhachtach i bPlean Straitéiseach 2019 - 2022 Sheirbhís Phríosúin na hÉireann�

Bíonn dea-rialachas i gceartlár an phróisis chun oibleagáidí agus beartais reachtúla a chomhlíonadh go héifeachtach�

Cinntítear leis go mbíonn creat struchtúr, beartas agus próiseas i bhfeidhm chun na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh� Fágann sé go mbítear in ann measúnú oibiachtúil a dhéanamh ar fheidhmíocht bhainistíochta agus chorparáideach�

Baineann an ceanglas lena chinntiú go gcloíonn Seirbhís Phríosúin na hÉireann le dea-rialachas le gach duine den bhainistíocht agus den fhoireann agus ní leo siúd amháin atá i róil bhuntábhachtacha cheannaireachta agus rialachais�

Tacóidh an struchtúr nua rialachais le maoirseacht sheachtrach atá i bhfeidhm cheana féin ag na Coistí Cuartaíochta Príosún, Cigire na bPríosún, an Coiste um in aghaidh Céastóireachta agus in aghaidh Íde atá Mídhaonna nó Táireach agus ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste�

Plean Straitéiseach 2019 - 2022 Sheirbhís Phríosúin na hÉireannD’fhoilsigh an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais Plean Straitéiseach 2019 - 2022 Sheirbhís Phríosúin na hÉireann i mí Mheán Fómhair 2019 agus plean is ea é chun seirbhísí a fheabhsú agus a fhorbairt� Leagtar amach ann conas a leanfaimid ar aghaidh ar thuras an athraithe bhunathraithigh i gcaitheamh shaolré na straitéise, agus na dúshláin airgeadais, chomhshaoil agus oibríochtúil a bhíonn roimh gach eagraíocht san earnáil phoiblí á gcur san áireamh� Bunaíodh an straitéis timpeall ar chúig cholun: Tacaíocht Foirne, Tacaíocht do Phríosúnaigh, Coimeád Slán Sábháilte, Eastát na bPríosún agus Rialachas�

Tugtar mionsonraí sa tuarascáil bhliantúil seo ar dhul chun cinn an Phlean Straitéisigh ó Mheán Fómhair 2019 go Nollaig 2019�

Straitéis don Roinn Dlí agus Cirt agus ComhionannaisMar eilimint bhuntábhachtach den chóras um cheartas coiriúil, lean Seirbhís Phríosúin na hÉireann ar aghaidh i gcaitheamh 2019 le bheith ag tacú leis an an Roinn na gníomhartha buntábhachtacha straitéiseacha agus tosaíochta ábhartha a chur i ngníomh a bhí ina Ráiteas Straitéis 2016 - 2019 i dtreo a fís a chomhlíonadh maidir le ‘hÉire Chothrom agus Ionchuimsitheach’�

Clár le haghaidh Rialtais Chomhpháirtíochta a Chur i nGníomhMar Oifig Feidhmiúcháin de chuid na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais, tacaíonn Seirbhís Phríosúin na hÉireann leis an Roinn chun forálacha ábhartha Chlár an Rialtais le haghaidh Rialtais Chomhpháirtíochta a chur i ngníomh lena n-áirítear tiomantais:

T chun an choireacht a chosc agus a laghdú; T chun athchiontú a laghdú;T chun Rialachán an AE maidir le hÍospartaigh na

Coireachta a chur i ngníomh;T chun daoine a chumasú go mbeidh an suaimhneas

intinne acu a eascraíonn as a bheith ag mothú slán sábháilte ina saol;

T maidir maoirseacht thrédhearcach ar fheidhmíocht; agus

T chun cláir shaothair a chomhaontú, faisnéis á roinnt go hoscailte maidir le feidhmíocht agus seachadadh agus ath-thiomantas a thabhairt maidir le sceidil oibre a bhíonn bunaithe ar athbhreithniú agus ar athnuachan de shíor�

Athchóiriú na Seirbhíse PoiblíTacaíonn Seirbhís Phríosúin na hÉireann go hiomlán le Clár an Rialtais um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí, atá á stiúradh ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, agus tá rún daingean ag an tSeirbhís Ár Seirbhís Phoiblí 2020 a fhorbairt agus a chur i ngníomh�

Tá rún daingean ag Seirbhís Phríosúin na hÉireann feidhmiú mar aon eagraíocht aonair, aontaithe, atá aclaí agus freagrúil ar na riachtanais athraitheacha laistigh den tseirbhís, eagraíocht a bhíonn i mbun na

11

Tuarascáil Bhliantúil 2019

forbartha agus na nuálaíochta go leanúnach trí bheith níos oscailte do dhúshláin a chur uirthi féin is fáilte a chur roimh smaointe seachtracha�

Nochtaí CosantaTá Beartas um Nochtaí Cosanta ag Seirbhís Phríosúin na hÉireann� Tá sé d’aidhm ag an mBeartas tacú le luachanna Sheirbhís Phríosúin na hÉireann, ag cinntiú gur féidir le fostaithe aird a tharraingt ar údair imní faoi dhrochiompar ábhartha a dtagann siad ar an eolas faoi i dtaca lena bhfostaíocht, gan eagla go ngearrfar pionós orthu agus chun próiseas trédhearcach faoi rún a sholáthar chun déileáil le húdair imní�

Is iad na príomhchuspóirí baill foirne a spreagadh chun nochtaí cosanta a dhéanamh tráth na deise is luaithe dá bhfaigheann siad agus cosaint a sholáthar i gcás go ndéanfar nochtaí dá leithéid� Dearadh na nósanna imeachta lena chinntiú go ndéanfar imscrúdú neamhspleách ar gach nochtadh cosanta agus gníomhartha cuí ina dhiaidh, bunaithe ar thorthaí an imscrúdaithe�

An Beartas um Nochtaí Cosanta a Chur i nGníomhChun tacú leis an mbeartas a chur i ngníomh, tá na nithe seo a leanas déanta ag Seirbhís Phríosúin na hÉireann:

(1) Ballraíocht sa Chlár um Ionracas ag an Obair a ghabháil uirthi fein chomh maith leis an nGealltanas don Ionracas ag an Obair i gcomhar le Trédhearcacht Idirnáisiúnta Éireann� Cuirtear baill foirne ar an eolas faoi Líne Chabhrach Thrédhearcacht Idirnáisiúnta Éireann chun Labhairt Os Ard 1800 844 866 chun treoir neamhspleách a fháil maidir le húdar imní a thuairisciú nó nochtadh cosanta a dhéanamh�

(2) Bainisteoir aonfheidhme um Nochtadh Cosanta a cheapadh i gcomhair Sheirbhís Phríosúin na hÉireann chomh maith le seoladh ríomhphoist aonfheidhme faoi rún speakup@irishprisons�ie agus tá Uimhir Bhosca Poist curtha ar bun�

(3) Socruithe déanta le haghaidh measúnachta agus imscrúdaithe breisithe seachtraí neamhspleáigh� Is go seachtrach a dhéantar gach measúnacht, imscrúdú agus athbhreithniú ar nochtaí cosanta faoin mbeartas athbhreithnithe�

In 2019, scaipeadh faisnéis faoin gClár um Ionracas ag an Obair trí inlíon Sheirbhís Phríosúin na hÉireann� Cuirtear baill foirne ar an eolas go bhfuil comhairle faoi rún agus saor in aisce ar fáil ó líne chabhrach Labhairt Amach Thrédhearcacht Éireann agus bíonn an Físeán um Labhairt Os Ard go Sábháilte ar taispeáint� Bíonn an Treoirleabhar um Labhairt Os Ard go Sábháilte ar fáil le híoslódáil ón inlíon foirne freisin� Bhí feachtas feasachta maidir leis an gClár um Ionracas ag an

Obair sa nuachtlitir foirne inmheánach freisin� Bíonn faisnéis faoin gClár sin san áireamh san ionduchtúchán foirne� Ó thaobh na cumarsáide seachtraí, cuireadh ceardchumainn, comhlachtaí ballraíochta agus an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais ar an eolas faoi rannpháirtíocht Sheirbhís Phríosúin na hÉireann sa Chlár�

Tugtar achoimre sa tábla a leanas ar Nochtaí a fuarthas in 2019 agus ar stádas na nochtaí mar a bhí cúrsaí ag deireadh na Nollag 2019� Fuarthas ocht nochtadh lena scrúdú faoin mbeartas um nochtaí cosanta� Aistríodh aon imscrúdú amháin chuig an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais� Cuireadh seacht gcinn de na cásanna sin faoi bhráid imscrúdaitheoir seachtrach neamhspleách� As measc na dtrí nochtadh cosanta a bhí fós amuigh ag deireadh 2018, scoireadh de cheann amháin� Bhí an dá nochtadh cosanta ó 2018 a bhí fágtha á n-imscrúdú ag deireadh 2019� Tagraíonn an tábla seo do nochtaí a fuair Seirbhís Phríosúin na hÉireann ó 1 Eanáir 2019 agus ní thagraítear ann do nochtaí a fuair an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais�

Líon na Nochtaí Cosanta a rinneadh do Sheirbhís Phríosúin na hÉireann 2019

Gníomhartha a rinneadh mar fhreagairt ar Nochtaí Cosanta dá leithéid i bhfoirm nach bhfágann gur féidir na daoine a bhí i gceist le nochtaí cosanta a aithint

8 Líomhaintí a fuarthas lena scrúdú faoin mbeartas um Nochtaí Cosanta

1 Imscrúdú aistrithe chuig an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais

7 Nochtaí a cuireadh ar aghaidh lena n-imscrúdú

Achtanna um Shaoráil FaisnéiseLeanann Seirbhís Phríosúin na hÉireann ar aghaidh le bheith ag comhlíonadh a cuid oibleagáidí i ndáil le bheith ag freagairt d’iarrataí um Shaoráil Faisnéise agus d’iarrataí um Chosaint Sonraí� Tá Cinntí um Shaoráil Faisnéise agus Cineálacha na nIarrataí leagtha amach thíos:

12

Tuarascáil Bhliantúil 2019

Cinneadh um Shaoráil Faisnéise Bliain 2019

Ceadaithe 90

Cuid de ceadaithe 246

Diúltaithe 72

Aistarraingthe 42

Á scrúdú ag deireadh na bliana 75

Iomlán Faighte 525

Cineál na n-iarrataí

Meáin chumarsaide 88

Grúpaí Gnó / Sainleasa 1

Foireann 79

Príosúnach 329

Duine den Phobal 28

Iomlán 525

Iarrataí Rochtana Sonraí (DAR)/ Iarrataí Rochtana Ábhair (SAR) a fuarthas in 2019

Bliain 2019

Faighte 64

Curtha i gcrích 56

Faoi Scrúdú an 31/12/2019 8

Achoimre na nIarrataí Faisnéise 2019

Líon

Saoráil Faisnéise 525

Cosaint Sonraí 64

Ceisteanna Parlaiminte sa Dáil 119

*Ranníocaíochtaí san áireamh leis seo

Seirbhís Phríosúin na hÉireann - an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS)Leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), láidrítear agus cuirtear síneadh le rialacháin maidir le sonraí pearsanta a bhailiú, a stóráil agus a dhiúscairt� Baineann fíorthábhacht ar fad leis don fhoireann ar fad i Seirbhís Phríosúin na hÉireann le slándáil na sonraí pearsanta atá againn a chinntiú agus chun a chinntiú nach dtagtar ar shonraí ach chun críocha gnó amháin�

Lean Seirbhís Phríosúin na hÉireann ar aghaidh le feasacht na foirne, ar a n-oibleagáidí faoi RGCS, a chur chun cinn in 2019� I mí na Bealtaine 2019, eisíodh nóta oibleagáide foirne don fhoireann ar fad, chun leanúint ar aghaidh le baill foirne a chur agus a choinneáil ar an eolas faoi reachtaíocht um Chosaint Sonraí chomh maith lena bhfreagrachtaí agus iad ag déileáil le sonraí pearsanta agus ar a mbíonn i gceist le sárú ar shonraí�

Ídiú Fuinnimh agus Costais FuinnimhBa é €5�5 milliún caiteachas Sheirbhís Phríosúin na hÉireann ar fhuinneamh in 2019� Soláthraítear miondealú ar chostas agus ar ídiú an fhuinnimh de réir breosla i gcomhair 2019 sa tábla seo a leanas� Is ionann gás nádúrtha agus 57% den tomhaltas iomlán agus

b’ionann leictreachas agus 60% den chostas iomán�

Tá targaid, 30% de laghdú, leagtha síos i gcomhair gach eagraíochta poiblí maidir lena n-úsáid charbóin faoi 2030, agus 2020 á húsáid mar bhonnlíne� Beidh infheistíocht nach beag agus cur chuige ilghnéitheach riachtanach as seo amach má tá an sprioclaghdú le baint amach�

Ídiú Bliantúil an Fhuinnimh agus Costais Fuinnimh 2019

Breosla kWh %

úsáid € % €

Tonnaí CO2

Leictreachas 26,980,600 33% 3,290,435 60% 11,780

Gás Nádúrtha

46,841,630 57% 1,810,050 33% 9,715

Ola Teasa 3,196,618 4% 193,302 4% 844

Gás Peitriliam Leachtaithe

3,619,729 4% 140,041 3% 830

Millíní Adhmaid

1,454,592 2% 61,681 1% 0

Iomlán 82,093,169 100% 5,495,509 100% 23,168

Alt 42 den Acht um Chearta an Duine agus Comhionannas 2014Ó 2014 i leith, tá Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus um Chearta an Duine ina chuid den chreat reachtaíochta lena rialaítear cearta an duine agus an comhionannas in Éirinn�

Forchuirtear oibleagáid reachtúil ar chomhlachtaí poiblí le hAlt 42 d’Acht Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas 2014 aird a thabhairt ar an ngá na nithe seo a leanas a dhéanamh agus a bhfeidhmeanna á bhfeidhmiú acu:

T deireadh a chur leis an idirdhealú; T comhionannas deiseanna agus cóir chomhionann

a chur chun cinn ar mhaithe le baill foirne agus daoine dá soláthraíonn an tSeirbhís seirbhísí; agus

T cearta an duine ag baill foirne agus ag úsáideoirí seirbhísí a chosaint�

Le Dualgas seo na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus um Chearta an Duine, cuirtear an comhionannas agus cearta an duine i gceartlár na mbealaí lena gcomhlíonann comhlacht poiblí a chuspóir agus a phlean straitéiseach�

Bíonn Seirbhís Phríosúin na hÉireann freagrach as coimeád slán sábháilte gach duine dá gcimíonn na cúirteanna chuici� Cé gurb é ár ndualgas an tsábháilteacht phoiblí a bhreisiú trí na daoine sin a chimíonn na cúirteanna chugainn a choinneáil go slán, caithfidh go mbeidh ár ról níos doimhne ná díreach feidhm choimeádta� Tá rún daingean againn a chinntiú go gcaithfear leo siúd a mbaintear a saoirse díobh le dínit agus daonnacht� Aidhm atá i gcroílár na Seirbhíse is ea cúram agus athshlánú na bpríosúnach agus déanaimid ár ndícheall chun cur chuige

13

Tuarascáil Bhliantúil 2019

cothrom a bhaint amach i bhfeidhmiú éifeachtach ár bhfeidhmeanna cúraim agus coimeádta�

Mar eagraíocht fhreagrach de chuid an Stáit, feidhmímid laistigh de na paraiméadair a leagtar amach i ndlíthe na hÉireann, na hEorpa agus go hidirnáisiúnta maidir le cearta an duine� Cuirimid an comhionannas agus cearta an duine chun cinn trínár gcuid beartas agus cleachtas�

Tá rún daingean againn timpeallacht oibre níos fearr a chruthú don fhoireann lena gcuirtear idirghníomhaíocht dhearfach, cumarsáid oscailte, cothrom na féinne, comhionannas agus meas chun cinn� Tá ár bpríomhluachanna eagraíochtúla, Obair Foirne, Ionracas, Cumas, Sábháilteacht agus Tacaíocht, mar bhonn is mar thaca lenár gcur chuige�

Straitéisigh um Beartas (SPG) lena raibh sé d’aidhm cur le feasacht agus cabhrú leis an eagraíocht réimsí i gcomhair feabhsaithe a shonrú chomh maith leis na chéad chéimeanna eile� Cheadaigh an Grúpa seisiúin oiliúna go dtosóidís go luath in 2020 do Ghobharnóirí Acmhainní Daonna agus d’Oifigigh Tacaíochta Foirne chun na huirlisí ar fad a thabhairt dóibh a bhíonn riachtanach chun tacú le baill foirne a dtéann ciapadh nó ionsaí gnéasach i bhfeidhm orthu� Tá sé i gceist go leanfar ar aghaidh le bheith ag cur le feasacht sa réimse seo i measc na mball foirne ar fad ar gach grád�

I ndáil le coinníollacha coinneála do gach príosúnach, cibé go fisiciúil nó ar réim, déanaimid ár seacht ndícheall cloí le caighdeáin idirnáisiúnta, lena n-áirítear na hionstraimí sin a leagann na Náisiúin Aontaithe amach, mar íoschoinníollacha� I gcás gur féidir, déanaimid ár ndícheall dul os cionn na gcaighdeán sin agus a bheith ar thús cadhnaíochta ar bhonn domhanda maidir le cleachtais phionóis� I gcás go sonrófar easnaimh, déanaimid ár ndícheall go ndéanfar gníomhartha cuí chun aghaidh a thabhairt orthu�

Táimid ag leanúint ar aghaidh le clár cuimsitheach oibreacha caipitil a chur i ngníomh chun an bhail fhisiciúil atá ar eastát ár bpríosún a nuachóiriú is a fheabhsú�

I mí Lúnasa 2019, ceapadh ceannasaí um Chomhionannas, Éagsúlacht agus Chuimsiú a bhíonn i mbun cearta an duine a chur chun cinn trínár gcuid oibriúchán laethúil mar chuid dár gcuspóir níos leithne gurb eagraíocht muid a bhíonn á stiúradh de réir luachanna�

D’fhoilsigh Seirbhís Phríosúin na hÉireann a Plean Straitéiseach 2019 - 2022 i mí Mheán Fómhair� Sa Phlean seo, leagamar amach ár luachanna, ár ndualgais agus an méid lena mbímid ag súil i ndáil lenár bhfoireann, ár bpríosúnaigh agus i ndáil leo siúd sa phobal príosúin ar bhonn níos leithne�

I ndáil lenár bhfoireann, is mór againn iad, tá iontaoibh againn astu agus caithimid leo le meas� Chun an comhar a roinnt linn, bímid ag súil leis go niompróidh ár bhfoireann iad féin ar bhealach cothrom, measúil le gach duine dá n-oibríonn, dá gcónaíonn nó dá dtugann cuairt ar ár n-institiúidí�

Tacaímid le héagsúlacht san fhoireann agus gníomhaímid go cuí i gcoinne idirdhealú, bulaíochta agus ciapadh� Cuirimid comhionannas deiseanna chun cinn do chách trí chinntiú go mbíonn ár gcomórtais earcaíochta agus ardaithe céime cothrom, cóir agus oscailte�

Tá coincheap na córa daonnaí agus na feasachta ar ionstraimí idirnáisiúnta um chearta daonna neadaithe trí gach eilimint de chláir oiliúna Sheirbhís Phríosúin na hÉireann� Déanann feasacht ar ionstraimí idirnáisiúnta, chomh maith le tuiscint ar an gcomhthéacs eitice a gcaithfear príosúin a riaradh faoina chuimsiú, cuid den oiliúint d’oifigigh phríosúin a earcaítear agus i bhforbairt ghairmiúil leanúnach na mball foirne atá linn cheana féin� Bíonn creideamh i ndínit agus i ndaonnúlacht gach duine dá mbíonn i gceist i bpríosúin mar bhonn agus mar thaca le gach scil theicniúil� Le gach clár oiliúna, leagtar béim ar an riachtanas go gcaithfear le príosúnaigh mar dhaoine aonair le daonnacht agus le meas, agus go ngníomhófar ar bhealach lena gcloífear leis an dlí i gcónaí� Maidir leis sin, d’oibríomar le Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus um Chomh-ionannas chun oiliúint shaindeartha um chearta daonna a fhorbairt do bhaill foirne na bpríosún�

Bhí Seirbhís Phríosúin na hÉireann ag plé le hIonad Éigeandála Bhaile Átha Cliath um Éigniú (DRCC) i rith na bliana chun pacáiste ardaithe feasachta agus oiliúna a fhorbairt maidir le tionchar ionsuithe gnéasacha agus ciapadh gnéasach ar bhaill foirne� I mí Mheán Fómhair 2019, tugadh cuireadh do bhaill foirne páirt a ghlacadh in idirghníomaíocht faoi rún leis an Ionad Éigeandála chun ábhar na hoiliúna a threorú� An 16 Deireadh Fómhair 2019, chuir an tIonad Éigeandála ceardlann i láthair an Ghrúpa

14

Tuarascáil Bhliantúil 2019

EASTÁT NA BPRÍOSÚN

Tionscadal Tógála Phríosún Luimnigh 2019

PRÍOSÚIN NA HÉIREANN

Tá 12 institiúid i gcóras phríosúin na hÉireann atá comhdhéanta de 10 n-institiúid thraidisiúnta “dhúnta” agus dhá ionad oscailte, a fheidhmítear le híosleibhéal slándála inmheánaí agus imill�

Bíonn formhór na bpríosúnach mná i gcóiríocht i Príosún Mhuinseo na mBan (Ionad Dóchas), agus tá an fuílleach i gcóiríocht i bPríosún Luimnigh�

Príosún an Chaisleáin Riabhaigh

Ceanncheathrú Sheirbhís Phríosúin

na hÉireann An Longfort

Teach an Locháin Ionad Oscailte

Coláiste Sheirbhís Phríosúin na

hÉireannAn Príosún Lár Tíre

Príosún Phort Laoise

Príosún Luimnigh

Príosún Chorcaí

Mainistir Shelton Ionad Oscailte

Príosún Chnoc an ArbhairAn Rannán Seirbhísí FoirgníochtaSeirbhís Phríosúin na hÉireann Bhaile PhibPríosún MhuinseoPríosún Mhuinseo na mBan (Ionad Dóchas)Grúpa Tacaíochta OibriúchtúlaCór Coimhdeachta na Seirbhíse PríosúnAn tSeirbhís SíceolaíochtaCampas Bhaile Átha Cliath - Príosún Chnoc na Seamar, Príosún Pháirc na Cruithneachta

Fig 3. Eastát Sheirbhís Phríosúin na hÉireann 31 Nollaig 2019

Tuarascáil Bhliantúil 2019

16

Príosún Pháirc na CruithneachtaBóthar Chnoc na Seamar Cluain Dolcáin Baile Átha Cliath22 D22 Y2VS

Príosún Chnoc na SeamarBóthar Chnoc na Seamar

Cluain DolcáinBaile Átha Cliath 22

D22 WC84

CAMPAS PRÍOSÚIN BHAILE ÁTHA CLIATH THIAR

Gobharnóir an ChampaisMartin O’Neill

Gobharnóir IIFrances Daly

Gobharnóir IIIMaria Connolly

Gobharnóir IIIAnthony Harris

Acmhainn Oibríochtúil: 550 ag deireadh na bliana

Príosún dúnta le meánleibhéal slándála d’fhir fhásta is ea Príosún Pháirc na Cruithneachta� An 15 Iúil 2019, rinneadh Príosún Pháirc na Cruithneachta d’Áit Choinneála Pháirc na Cruithneachta le hordú ón Aire dar dáta 10 Iúil 2019 faoi Alt 3 d’Acht na bPríosún 1972�

Daonra na bPríosúnach: Ba é 490 meánlíon laethúil na bpríosúnach a bhí faoi choimeád in 2019�

Acmhainn Oibríochtúil: 431 ag deireadh na bliana

Príosún dúnta le meánleibhéal slándála d’fhir fhásta is ea Príosún Chnoc na Seamar, lena bhfreastalaítear ar phríosúnaigh atá ar athchur is a cimíodh ó limistéar Luimnigh�

Daonra na bPríosúnach: Ba é 400 meánlíon laethúil na bpríosúnach a bhí faoi choimeád in 2019�

17

Tuarascáil Bhliantúil 2019

Bóthar Bhaile Átha CliathPort LaoiseCo� Laoise R32 F796

Bóthar Bhaile Átha CliathPort LaoiseCo� Laoise R32 KN97

AN PRÍOSÚN LÁR TÍRE

PRÍOSÚN PHORT LAOISE

Gobharnóir Gníomhach I Phríosún Lár na Tíre

Mary E Gavin

Gobharnóir I Phríosún Phort LaoiseJohn Farrell

Gobharnóir IIIDavid Conroy

Gobharnóir IIIUltan Moran

Acmhainn Oibríochtúil: 845 ag deireadh na bliana

Príosún dúnta le meánleibhéal slándála d’fhir fhásta is ea An Príosún Lár Tíre� Is é an príosún a gcimítear príosúnaigh chuige le haghaidh contaetha Cheatharlach, Chill Dara, Chill Chainnigh, Laoise, na Mí, Mhuineachán, Uíbh Fhailí, na hIarmhí, Loch Garman agus Chill Mhantáin�

Daonra na bPríosúnach: Ba é 840 meánlíon laethúil na bpríosúnach a bhí faoi choimeád in 2019�

Acmhainn Oibríochtúil: 291 ag deireadh na bliana

Príosún dúnta le hardleibhéal slándála d’fhir fhásta is ea Príosún Phort Laoise� Is é an príosún a gcimítear fir chuige i gcás go gcimítear chun príosúin ar athchur iad, ar feitheamh a dtrialach nó faoi phianbhreith ag an gCúirt Choiriúil Speisialta�

Daonra na bPríosúnach: Ba é 232 meánlíon laethúil na bpríosúnach a bhí faoi choimeád in 2019�

18

Tuarascáil Bhliantúil 2019

PRÍOSÚN MHUINSEO

Gobharnóir Gníomhach IEddie Mullins

Príosún Mhuinseo An Cuarbhóthar Thuaidh Baile Átha Cliath 7 D07 YC97

Príosún Mhuinseo na mBan (Ionad Dóchas)An Cuarbhóthar Thuaidh Baile Átha Cliath 7 D07 YC97

Gobharnóir IIIGeraldine Carrick

Gobharnóir IIIRaymond Murtagh

Acmhainn Oibríochtúil: 755 ag deireadh na bliana

Príosún dúnta le meánleibhéal slándála d’fhir fhásta is ea Príosún Mhuinseo� Is é an príomhphríosún a gcimítear príosúnaigh chuige le haghaidh chathair Bhaile Átha Cliath�

Daonra na bPríosúnach: Ba é 684 meánlíon laethúil na bpríosúnach a bhí faoi choimeád in 2019�

Acmhainn Oibríochtúil: 146 ag deireadh na bliana

Príosún dúnta le meánleibhéal slándála do mhná fásta is ea Príosún Mhuinseo na mBan (Ionad Dóchas)� Is é an priosún a gcimítear mná chuige i gcás go gcimítear chun príosúin ar athchur iad nó i gcás go ngearrann aon Chúirt lasmuigh de limistéar na Mumhan pianbhreith orthu� Gach bean dá go gcimíonn an Chúirt Choiriúil Speisialta chun príosúin ar athchur nó ar feitheamh trialach iad�

Daonra na bPríosúnach: Ba é 134 meánlíon laethúil na bpríosúnach a bhí faoi choimeád in 2019�

19

Tuarascáil Bhliantúil 2019

PRÍOSÚN CHNOC AN ARBHAIR

PRÍOSÚN AN CHAISLEÁIN RIABHAIGH

PRÍOSÚN CHORCAÍ

Gobharnóir GníomhachJoe Hernon

GobharnóirMartin Reilly

GobharnóirPatrick Dawson

Acmhainn Oibríochtúil: 138 ag deireadh na bliana

Príosún dúnta le meánleibhéal slándála d’fhir fhásta is ea Príosún Chnoc an Arbhair� Is príosúnaigh ar théarmaí fada príosúnachta is mó a bhíonn i gceist le próifíl na bpríosúnach ansin�

Daonra na bPríosúnach: Ba é 135 meánlíon laethúil na bpríosúnach a bhí faoi choimeád in 2019�

Acmhainn Oibríochtúil: 340 ag deireadh na bliana

Príosún dúnta le meánleibhéal slándála d’fhir fhásta is ea Príosún an Chaisleáin Riabhaigh� Is é an príosún a gcimítear príosúnaigh ar athchur agus faoi phianbhreith chuige i gConnachta agus glacann sé le príosúnaigh a chimítear ó Chontaetha an Chabháin, Dún na nGall agus an Longfort freisin�

Daonra na bPríosúnach: Ba é 306 meánlíon laethúil na bpríosúnach a bhí faoi choimeád in 2019�

Acmhainn Oibríochtúil: 296 ag deireadh na bliana

Príosún dúnta le meánleibhéal slándála d’fhir fhásta is ea Príosún Chorcaí� Is é an príosún a gcimítear príosúnaigh chuige le haghaidh contaetha Chorcaí, Chiarraí agus Phort Láirge�

Daonra na bPríosúnach: Ba é 291 meánlíon laethúil na bpríosúnach a bhí faoi choimeád in 2019�

Cnoc an Arbhair Baile Átha Cliath 7 D07 YV40

Cluain SalachAn Caisleán RiabhachCo� Ros Comáin F45 X330

Bóthar na Rátha Móire Cathair Chorcaí T23 Y642

20

Tuarascáil Bhliantúil 2019

PRÍOSÚN LUIMNIGH

TEACH AN LOCHÁIN

MAINISTIR SHELTON

GobharnóirMark Kennedy

GobharnóirMark Lydon

GobharnóirJoseph Donohue

Acmhainn Oibríochtúil: 210 (fir) agus 28 (mná) ag deireadh na bliana.

Príosún dúnta le meánleibhéal slándála d’fhir fhásta is ea Príosún Luimnigh�

Is é an príosún a gcimítear fir chuige le haghaidh contaetha an Chláir, Luimnigh agus Thiobraid Árann agus mná le haghaidh na sé chontae ar fad i gCúige Mumhan� Seoltar gach bean a ngearrtar téarma príosúnachta uirthi chuig Príosún Luimnigh na mBan�

Daonra na bPríosúnach: Ba é 215 fir agus 36 bean meánlíon laethúil na bpríosúnach a bhí faoi choimeád in 2019�

Acmhainn Oibríochtúil: 140 ag deireadh na bliana

Príosún oscailte le leibhéal íseal slándála d’fhir fhásta ar meastar nach mbíonn ach leibhéil ísle shlándála riachtanach dóibh, is ea Teach an Locháin�

Daonra na bPríosúnach: Ba é 106 meánlíon laethúil na bpríosúnach a bhí faoi choimeád in 2019�

Acmhainn Oibríochtúil: 115 ag deireadh na bliana

Príosún oscailte le leibhéal íseal slándála d’fhir fhásta ar meastar nach mbíonn ach leibhéil ísle shlándála riachtanach dóibh, is ea Mainistir Shelton�

Daonra na bPríosúnach: Ba é 102 meánlíon laethúil na bpríosúnach a bhí faoi choimeád in 2019�

Sráid Mulgrave Luimneach V94 P8N1

An BlaicCo� an Chabháin F91 NY76

An tInbhear MórCo Chill Mhantáin Y14 T638

21

Tuarascáil Bhliantúil 2019

AONAID TACAÍOCHTA SHEIRBHÍS PHRÍOSÚIN NA HÉIREANN

Soláthraíonn Cór Coimhdeachta na Seirbhíse Príosún (PSEC) seirbhís choimhdeachta na bpríosúnach� Tá an Cór fo-roinnte ina thrí limistéar réigiúnacha, Cúige na Mumhan, Connacht agus Laighean� Tá Cúige Ulaidh ina chuid de Chúige Chonnacht agus Laighean�

Cór Coimhdeachta na Seirbhíse Príosún, Príosún Chnoc na Seamar, Bóthar Chnoc na Seamar, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath 22 D22 WC84�

Soláthraíonn an Rannán Seirbhísí Foirgníochta (BSD), seirbhís theicniúil / thacaíochta comhairligh i ndáil le háiseanna príosúin a chothabháil agus tionscadail chaipitil phríosún� Soláthraíonn sé sainseirbhís ghlasála na bpríosún freisin�

An Rannán Seirbhísí Foirgníochta (BSD), Aonad 2, Eastát Tionsclaíochta Airways, Seantrabh, Baile Átha Cliath 17 D17 HW53�

Tacaíonn an Grúpa Tacaíochta Oibríochtúla (OSG) le Gobharnóirí Príosúin chun cosc a chur ar chontrabhanna teacht isteach i bpríosúin, chun cosc a chur ar stiúradh coireachta ó phríosúin agus chun nithe toirmiscthe a bhrath laistigh de phríosúin agus bíonn siad ag oibriú i ngach príosún dúnta seachas Cnoc an Arbhair�

An Grúpa Tacaíochta Oibríochtúla, Árd na Gaoithe, Cnoc an Arbhair, Baile Átha Cliath 7 D07 YV40�

Soláthraíonn Coláiste Sheirbhís Phríosúin na hÉireann (IPSC) an oiliúint ar fad laistigh de Sheirbhís Phríosúin na hÉireann�

Coláiste Oiliúna Sheirbhís Phríosúin na hÉireann, Teach Stack, Bóthar Bhaile Átha Cliath, Port Laoise, Co� Laoise R32 NX53�

An Grúpa Tacaíochta OibríochtúlaGobharnóir Gníomhach: June Kelly

Cór Coimhdeachta na Seirbhíse PríosúnGobharnóir: Michael O’Mahony

Coláiste Sheirbhís Phríosúin na hÉireannGobharnóir: David Clarke

An Rannán Seirbhísí FoirgníochtaGobharnóir: Ronan Dunning

22

Tuarascáil Bhliantúil 2019

0102

03

0405

06

07

0801

02

03

0405

06

07

08

Sleabhra an Ionfhabhtaithe

Réamhchúraimchun

Ionfhabhtuithea Rialú

Ionfhabhtuithea Aithint

Ionfhabhtuithee a Thuairisciú

Ionfhabhtuithe a Chóireáil

Ionfhabhtú & an Saol Lasmuigh

Céard is Ionfhabhtú

ann?

An Fáth go ScaiptearIonfhabhtuithe i bPríosúin

CUR CHUIGENA bPRÍOSÚN

MEASÚNÚACHT AR RIOSCAÍ BITHEOLAÍOCHTA

TREOIRLÍNTE MAIDIR LE HIONFHABHTUITHESAN AER

SREABHÁIN CHOIRP Á NDOIRTEADH

CPE/CREGUIDELINES

INFECTION PREVENTION AND CONTROL

WELCOME ORG CHART

CLÁR UM IONFHABHTUITHE A CHOSC AGUS A RIALÚSeoladh an Tairseach Chumarsáide um Ionfhabhtuithe a Chosc agus a Rialú in 2019� Téann infhabhtuithe i bhfeidhm ar gach duine, mar sín bíonn sé tábhachtach go n-imreoidh gach duine inár measc ár ról� Soláthraíonn an tairseach seo faisnéis don fhoireann faoi ghalair ionfhabhtaíocha agus faoi ról gach duine chun ionfhabhtuithe a chosc agus a rialú� Tá sé d’aidhm leis na bearta coisc agus rialaithe leathnú ionfhabhtuithe i measc na foirne agus na bpríosúnach laistigh den phríosún a íoslaghdú, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

ionfhabhtú féideartha a shonrú i bpríosúnaigh a thagann isteach ag an ionad fáiltithe; cásanna ina bhfuiltear faoi amhras go bhféadfadh ionfhabhtú a bheith ar phríosúnaigh agus ar bhaill foirne a thuairisciú chuig an bhFoireann Cúraim Sláinte nuair a shonraítear sin; ionfhabhtuithe a bhainistiú go héifeachtach nuair a shonraítear sin, réamhchúraim réasúnacha a ghlacadh chun bagairt ionfhabhtuithe a mhaolú; oibriú le gníomhaireachtaí seachtracha buntábhachtacha m�sh� Seirbhísí na gCúirteanna, na Gardaí, FSS chun scothchleachtais a chur chun cinn, faisnéis ábhartha a roinnt agus rioscaí a íoslaghdú�

Clár Sláinte agus Garchabhrach Pobalbhunaithe (CBHFA), lena ndéantar oibrithe deonacha de chuid Chumann Croise Deirge na hÉireann de phríosúnaigh a ghníomhaíonn mar oideoirí idir piaraí i bpríosúin.

23

Tuarascáil Bhliantúil 2019

NÓTA STAITISTIÚIL

LÉARGAS GINEARÁLTA AR STAITISTICÍ 2019Tháinig méadú ar an iomlán ar líon na gcásanna cimithe chun príosúin i rith 2019, i gcomparáid le 2018, mar a tháinig ar líon na ndaoine cimithe chun príosúin�

Tháinig méadú ar líon na gcásanna cimithe faoi phianbhreith i ngach limistéar ó 2018 go 2019, ach amháin i gcás na ndaoine ar gearradh pianbhreith shaoil orthu, ar tháinig laghdú de bhreis is 50% air� Is le haghaidh daoine cimithe ar gearradh pianbhreith ba lú ná 12 mhí orthu an méadú ba shuntasaí a tharla, 21% (+755) ó 2018 go 2019�

Tar éis roinnt blianta ar tháinig laghdú lena linn ar líon na gcásanna cimithe tar éis don Acht Fíneálacha (Íoc agus Gnóthú), 2014 a bheith tugtha isteach, ba bheag nár dúblaíodh líon na gcásanna cimithe de bharr nár íocadh fíneálacha arna n-ordú ag cúirt, ó 455 in 2018 go 861 in 2019�

Líon foriomlán na gcásanna cimithe i rith 2019Bhí 8,939 cás cimithe chun príosúin ann in 2019, méadú 10�7% (+868) ar líon na gcásanna cimithe in 2018 (8,071)�

Seoladh 7,170 duine chun príosúin in 2019, i gcomparáid le 6,490 in 2018, méadú 10�5% (+680)� As measc na ndaoine cimithe sin, fir ab ea 87.5% díobh agus mná ab ea 12�5% díobh�

Daoine Cimithe faoi PhianbhreithT Tháinig méadú 878 nó 18�2% ar líon na ndaoine

cimithe chun príosúin faoi phianbhreith ó 4,812 in 2018 go 5,690 in 2019�

T Bhí 861 cás cimithe chun príosúin ann de bharr nár íocadh fíneáil arna hordú ag cúirt, arb ionann sin agus méadú 89% (+406) ar 2018� As a measc sin, fir ab ea 77.2% díobh agus mná ab ea 22.8% díobh�

Nuair a fhágtar daoine a cimíodh de bharr fíneálacha amach as na huimhreacha sin:

T tháinig méadú 473 nó 10�4%, ó 4,357 in 2018 go 4,829 in 2019 ar líon na ndaoine a cimíodh faoi phianbhreith�

T tháinig méadú 75 nó 12�1%, ó 618 in 2018 go 693 in 2019 ar líon na ndaoine a cimíodh faoi phianbhreith ba lú ná 3 mhí�

T tháinig méadú 116 nó 7�8% ó 1,491 in 2018 go 1,607 in 2019 ar líon na ndaoine a cimíodh faoi phianbhreith 3 mhí go dtí níos lú ná 6 mhí�

T tháinig méadú 158 nó 15�9% ó 995 in 2018 go 1,153 in 2019 ar líon na ndaoine a cimíodh faoi phianbhreith 6 mhí go dtí níos lú ná 12 mhí�

T tá méadú 66 nó 19�6% ó 336 in 2018 go 402 in 2019 tagtha ar líon na ndaoine a cimíodh faoi phianbhreith 1 bhliain go dtí níos lú ná 2 bhliain�

T tá méadú 1 nó 0�3% ó 338 in 2018 go 339 in 2019 tagtha ar líon na ndaoine a cimíodh faoi phianbhreith 2 bhliana go dtí níos ná ná 3 bliana�

T tá méadú 59 nó 17�2% tagtha ar líon na ndaoine ar gearradh téarmaí príosúnachta 3 bliana go dtí níos ná ná 5 bliana ó 342 in 2018 go 401 in 2019�

T tá méadú 5 nó 2�7% ó 183 in 2018 go 188 in 2019 tagtha ar líon na ndaoine a cimíodh faoi phianbhreith 5 bliana go dtí níos lú á ná 10 mbliana�

T tá méadú 4 nó 12�1% ó 33 in 2018 go 37 in 2019 tagtha ar líon na ndaoine a cimíodh faoi phianbhreith 10 mbliana agus níos faide�

T tá laghdú 12 nó 57�1% ó 21 in 2018 go 9 in 2019 tagtha ar líon na ndaoine a cimíodh faoi phianbhreith shaoil�

Daoine a coinníodh faoi Dhlíthe InimirceIn 2019, bhí 490 cás cimithe ann i leith saincheisteanna inimirce agus coinníodh 477 duine mar chuid de sin�

B’ionann sin agus méadú 18% (+76) ar an mbliain roimhe ar chásanna cimithe dá leithéid�

MEÁNLÍON LAETHÚIL NA bPRÍOSÚNACH FAOI CHOIMEÁD Ba é 3,971 meánlíon laethúil na príosúnach a bhí faoi choiméad in 2019 i gcomparáid le 3,893 in 2018, méadú 2% (+78)� Ba é 170 meánlíon laethúil na gciontóirí mná a bhí faoi choimeád, méadú 1.8% (+26) ar mheánlíon laethúil 2018, mar a bhí, 165� Tháinig méadú 2% (+75) ar mheánlíon laethúil na gciontóirí fir a bhí faoi choimeád, ó 3,726 in 2018 go dtí 3,801 in 2019�

Fig. 3 Méanlíon laethúil 2009 - 2019

3881

132156

144160

131170

157150

165152

140

42904390

4158

3915

37223718

3680 389339714318

37494113

4230

4002

3765

35913578

3536 3726 38014166

2009 2010 2011 2012 2013 2014 2015 2016 2017 2018 2019

Iomlán Fir Mná

25

Tuarascáil Bhliantúil 2019

165Príosúnaigh ar

Scaoileadh Saor Sealadach

n Fir : n Mná

95%

5%

Meánaois na nDaoine Faoi

Choimeád

36

LÉARGAS ACHOMAIR AR DHAONRA NA BPRÍOSÚN AN 30Ú SAMHAIN 2019

412

42

48

35

438

113

308

95

450

358

89

65

73

92

582

8

Líon faoi Choimeád

4,017An 30ú

Samh 2019

3,208Faoi Phianbhreith

780Ar Athchur/Triail

29Inimirce/Eiseachadadh

Cionta Dúnbhásaithe

Cionta Gnéasacha

Iarrachtaí/Bagairt ar Dhúnmharú, Ionsaí, Ciapadh agus Cionta Gaolmhara

Gníomhartha Baolacha nó Faillíocha

Gníomhartha Fuadaigh agus Cionta Gaolmhara

Cionta Robála, Srachaidh agus Fuadaigh

Buirgléireacht agus Cionta Gaolmhara

Cionta Gada agus Gaolmhara

Cionta Calaoise, Dallamullóg agus Cionta Gaolmhara

Cionta maidir le Drugaí Rialaithe

Cionta Arm agus Pléascán

Díobháil do Mhaoin agus don Timpeallacht

Cionta Oird Phoiblí agus Cóid Shóisialta

Cionta Bóithre agus Tráchta

Cionta in aghaidh an Rialtais, Nósanna Imeachta Ceartais agus Eagrú Cionta Coireachta

Cionta Nach Rangaítear in Áit Eile

26

Tuarascáil Bhliantúil 2019

T Tháinig méadú 1�4% (3,962 an 30ú Samhain 2018 go 4,017 an 30ú Samhain 2019) ar líon iomlán na ndaoine a bhí faoi choimeád ar an dáta sin�

T As measc an 3,208 príosúnach cimithe, bhí pianbhreitheanna saoil á gcur isteach ag 359 príosúnach (11�2%) agus bhí pianbhreitheanna cinntitheacha ar feadh 10 mbliana nó níos mó á gcur isteach ag 241 (7�5%)�

T Bhí pianbhreitheanna ba lú ná 3 mhí á gcur isteach ag 27 ciontóir, arb ionann iad agus 0�8% de líon iomlán na bpríosúnach faoi choimeád�

T Bhí 165 príosúnach ar scaoileadh saor sealadach an 30 Samhain 2019� As measc an 165 príosúnach sin, bhí 62 ar an gClár um Filleadh ar an bPobal agus bhí 103 ar scaoileadh saor sealadach chuig an Scéim Tacaíochta Pobail�

T Bhí triúr príosúnach ar scaoileadh saor sealadach struchtúrtha ó ionad oscailte, bhí 56 ar scaoileadh sealadach agus tréimhse ba lú ná 6 mhí á cur isteach acu le haghaidh cionta nárbh fhíneálacha iad, agus

T Bhí 99 eile ar scaoileadh saor sealadach, agus príosúnaigh a bhí faoi mhaoirseacht na Seirbhíse Promhaidh san áireamh�

T

Cruinniú Mullaigh NIMS 2019 In 2019, thug an tArd-Stiúrthóir óráid do Chruinniú Mullaigh na gCóras Náisiúnta Bainistithe Teagmhas (NIMS) chun taithí Sheirbhís Phríosúin na hÉireann ar úsáid chóras NIMS, chun tacú lenár mbainistíocht rioscaí, a leagan amach.

LÉARGAS ACHOMHAIR AN 30Ú SAMHAIN 2019 - PRÍOMHPHOINTÍ

27

Tuarascáil Bhliantúil 2019

Fir Faoi Phianbhreith Mná Faoi Phianbhreith

LÉARGAS ACHOMAIR AR DHAONRA NA BPRÍOSÚN AN 30Ú SAMHAIN 2019

<3 Mhí

3 go <6 Mhí

6 go <12 Mhí

1 go <2 Bhl�

2 go <3 Bhl�

3 go <5 Bhl�

5 go <10 mBl

10+ mBl�

Pianbhreith Shaoi

140

27

310

449

336

651

695

241

359

4,017

Fig. 4 Próifíl na bPríosúnach faoi Choimeád an 30ú Mí na Samhna 2019

Fig. 6 Daonra na bPríosúnach Fir Faoi Phianbhreith an 30ú Samhain 2019, arna mhiondealú de réir Aoisghrúpa

Fig. 7 Daonra na bPríosúnach Mná Faoi Phianbhreith an 30ú Samhain 2019, arna mhiondealú de réir Aoisghrúpa

Fig. 5 Fad Phianbhreitheanna na bPríosúnach faoi Choimeád an 30ú Samhain 2019

Ar Athchur/Triail780

Faoi Phianbhreith3,208

Saincheisteanna Inimirce/Eiseachadadh29

n 18-24 413n 25-34 1,039n 35-44 841n 45-54 428n 55+ 304

n 18-24 10n 25-34 54n 35-44 45n 45-54 15n 55+ 5

3,079 129

28

Tuarascáil Bhliantúil 2019

FORLÉARGAS AR AN GCIMIÚ CHUN PRÍOSÚIN 2019

STÁDAS NA GCÁS CIMITHE

59%Under Sentence

39%On Remand

2%Eile

n 18-24 20%n 25-34 39%n 35-44 36%n 45-54 10%n 55+ 5%

AOISGHRÚPA FAD NA BPIANBHREITHEANNA

<3 Mhí

1,552

1,153

402 339 401

18837 9

1,609

2 go <3 Bhí

6 go <12 Mhí

5 go <10 Bhí

3 go <6 Mhí

3 go <5 Bhí

1 go <2 Bhí

10+ Bhí

Pianbhreith

Shaoil

Fig. 8 Stádas na gCásanna Cimithe arna mhiondealú de réir cineáil

Fig. 10 Cásanna Cimithe chun Príosúin 2019, arna mhiondealú de réir Fhad na Pianbhreithe

Fig 9 Cimithe chun Príosúin 2019, arna mhiondealú de réir inscne

INSCNE

7,765 Fir

1,174 Mná

8,939 +10.7% 7,170 +10.5% 76%Líon Foriomlán

na gCásanna Cimithe chun

Príosúin in 2019

Méadú ar Líon Foriomlán

gCásanna Cimithe ó 2018 go 2019

Líon na nDaoine Cimithe chun

Príosúin in 2019

Méadú ar Líon na nDaoine Cimithe chun Príosúin ó 2018 go 2019

Líon na gCásanna

Cimithe faoi phianbhreith 12

mhí nó níos lú

Tuarascáil Bhliantúil 2019

29

AOIS NA mBAN CIMITHE

Fig. 12 Próifíl Aoise Daoine Cimithe in 2019, arna mhiondealú de réir Inscne

AOIS NA bhFEAR CIMITHE

n 18 – 24 1,761n 25 – 34 3,022

n 35 – 44 1,929n 45 – 54 760n 55+ 293

n 18 – 24 200n 25 – 34 452

n 35 – 44 352n 45 – 54 136n 55+ 34

DAOINE CIMITHE CHUN PRÍOSÚIN 2019

Fig. 11 Cásanna Cimithe 2009 go 2019

9,287

15,09917,2

06

Cásanna Cimithe chun Príosúin (Iomlán)Cásanna Cimithe chun Príosúin (Gan Fíneálacha San Áireamh

16,155

15,735

17,026

17,318

17,179

15,425

10,619

10,496

9,804

9,550

8,370

8,015

7,323

6,660

7,026

7,616

8,078

20,000

18�000

16,000

14,000

12,000

10,000

8,000

6,000

4,000

2,000

0

8,071 8,9

39

2009 2010 2011 2012 2013 2014 2015 2016 2017 2018 2019

Fir Mná

Faoi Phianbhreith

Ar Athchur

Inimirce

Eiseachadh Gabhála Eorpach

Díspeagadh Cúirte Neamhshonrach

0 1000 2000 3000 4000 0 200 400 600 800 1000

Fig. 13 Cineál Cimithe arna mhiondealú de réir Inscne

4,396 638

2,905 462

419 71

36 2

10 1

Líon Foriomlán na gCásanna Cimithe chun Príosúin in 2019Bhí 8,939 cás cimithe chun príosúin ann in 2019�

Líon na na ndaoine cimithe chun príosúin in 2019Bhí 7,170 duine i gceist leis an 8,939 cás cimithe� Baineann an figiúr le daoine nuachimithe chun príosúin (i�e� ní daoine a bhí ar athchur nó a raibh pianbhreith eile á cur isteach acu cheana féin)�

Bhí iomlán na 8,939 cás cimithe comhdhéanta díobh seo a leanas:

T 5,034 faoi phianbhreith,T 3,366 ar athchur,T 38 lena n-eiseachadadh faoi Barrántas Gabhála

Eorpach,T 490 faoin dlí inimirce agusT 11 le haghaidh díspeagadh cúirte neamhshonrach�

293

760

1,929

1,761 34

136

352452

200

3,022

Méanaois

35 BhlianaMéanaois

36 Bhliana

30

Tuarascáil Bhliantúil 2019

Contae agus Tír Thionscnaimh Dhaoine Cimithe chun Príosúin in 2019D’fhógair breis is trian (35% nó 3,122) de na daoine ar fad a cimíodh chun príosúin gurbh é Baile Átha Cliath a gcontae cónaithe� Ba é Corcaigh an dara contae cónaithe ba mhinice a fógraíodh (8�7% nó 782), agus Luimneach (6�4% nó 576) agus Gaillimh (3�5%)� B’ionann daoine a d’fhógair nach raibh aon áit chónaithe sheasta acu agus 7�8% (697) de na daoine ar fad a cimíodh in 2019�

Náisiúnaigh Éireannacha ab ea formhór mór (6,881 nó 77%) de na daoine ar fad a cimíodh chun príosúin in 2019� B’ionann náisiúnaigh eile den Aontas Eorpach (gan Éireannaigh san áireamh) agus 13�2% (1,179) de dhaoine cimithe�

B’ionann náisiúnaigh Eorpacha eile (gan náisiúnaigh de chuid an Aontais Eorpaigh san áireamh) agus 1�7% (151) de dhaoine cimithe� B’ionann náisiúnaigh Afraiceacha agus 2�9% (261) de dhaoine cimithe, náisiúnaigh Áiseacha agus 2�7% (242) agus náisiúnaigh ó Mheiriceá Láir/Theas agus 1�6% (145) de dhaoine cimithe� B’ionann náisiúnaigh eile, lena n-áirítear iad siúd as Limistéar Mhuir Chairib, an Mheániarthair, Mheiriceá Thuaidh agus na hAigéine agus 0�9% (80) de dhaoine cimithe�

Tá miondealú iomlán de réir an chontae cónaithe agus na tíre tionscnaimh le fáil ar ár suíomh idirlín: www�irishprisons�ie�

Cásanna cimithe faoi phianbhreithBhí 5,034 cás cimithe faoi phianbhreith ann in 2019� Nuair a chuirtear 656 príosúnach breise, a bhí faoi choimeád ag tús na bliana cheana féin ar athchur/ar feithimh trialach agus a ciontaíodh ina dhiaidh sin, san áireamh, ba é 5,690 líon iomlán na bpríosúnach ciontaithe a fuarthas in 2019�

Tharla méadú 20�6% (861) ar líon na gcásanna cimithe chun príosúin faoi phianbhreith in 2019 (5,034) i gcomparáid le 2018 (4,173)�

Nuair a fhágtar cásanna cimithe le haghaidh fíneálacha amach, tagann méadú 10�8% (473) ó 2018 go 2019 ar líon na gcásanna cimithe chun príosúin�

Cásanna Cimithe faoi Phianbhreith de réir Aoisghrúpa

Aoisghrúpa Iomlán %

18 go <25 1,011 20�1

25 go <35 1,976 39�3

35 go <45 1,323 26�3

45 go <54 507 10�1

55 + 217 4�3

Iomlán 5,034 100.0

Líon iomlán na gCásanna Cimithe

Daoine Cimithe

Cimithe Ar Athchur

Cimithe faoi Phianbhreith 2019

Iomlán Cimithe Faoi Phianbhreith*

Fig. 14 Forléargas ar Chásanna Cimithe 2019

Fig. 15 Cásanna Cimithe de réir Aoisghrúpa 2019

8,939

7,170

3,366

5,034

5,690

*Lena n-áirítear na 656 príosúnach a bhí ar athchur ag tús na bliana agus a cimíodh ina dhiaidh.

31

Tuarascáil Bhliantúil 2019

Cásanna Cimithe faoi Phianbhreith in 2019 arna mhiondealú de réir ghrúpa na gcionta

Grúpa na gCionta Mná Fir Iomlán

GP01 Cionta Dúnbhásaithe 2 34 36

GP02 Cionta Gnéasacha 2 185 187

GP03 Iarrachtaí/Bagairt ar Dhúnmharú, Ionsaí, Ciapadh agus Cionta Gaolmhara

37 468 505

GP04 Gníomhartha Baolacha nó Faillíocha 4 147 151

GP01 Fuadach agus Cionta Gaolmhara 0 19 19

GP06 Cionta Robála, Srachaidh agus Fuadaigh 4 61 65

GP07 Buirgléireacht agus Cionta Gaolmhara 13 324 337

GP08 Cionta Gada agus Gaolmhara 225 853 1,078

GP09 Cionta Calaoise, Dallamullóg agus Cionta Gaolmhara

14 100 114

GP10 Cionta maidir le Drugaí Rialaithe 27 458 485

GP11 Cionta Arm agus Pléascán 3 159 162

GP12 Díobháil do Mhaoin agus don Timpeallacht 15 254 269

GP13 Cionta Oird Phoiblí agus Cóid Shóisialta 38 321 359

GP14 Cionta Bóithre agus Tráchta 56 606 662

GP15 Cionta i gcoinne an Rialtais, Nósanna Imeachta Ceartais agus Eagrú Cionta Coireachta

229 983 1,212

GO16 Cionta Nach Rangaítear in Áit Eile 9 40 49

Iomlán 678 5,012 5,690

Fig. 16 Cásanna Cimithe Faoi Phianbhreith de réir Ghrúpa na gCionta 2019

CUSPÓIRÍ STRAITÉISEACHA

B’ionann 2019 agus an chéad bhliain inar ghlac Baill Foirne faoi éide de chuid Sheirbhís Phríosúin na hÉireann páirt i bParáid Bhróid Bhaile Átha Cliath.  

32

Tuarascáil Bhliantúil 2019

CUSPÓIRÍ STRAITÉISEACHA

ÁR GCÚIG CHOLÚN STRAITÉISEACHA

2019 GO 2022

1 2 3 4 5Tacaíocht

FoirneCoimeád Slán

SábháilteTacaíocht do Phríosúnaigh

Eastát na bPríosún

Rialachas

STRATEGIC OBJECTIVES

Plean is ea Plean Straitéiseach Sheirbhís Phríosúin na hÉireann 2019 - 2022 chun an tseirbhís a fheabhsú, a fhorbairt agus treochlár atá ann, lena gcuirtear le nithe a baineadh amach le déanaí agus lena leagtar amach conas a leanfaimid ar aghaidh le bheith ag oibriú mar eagraíocht seirbhíse poiblí den chéad scoth�

Bunaíodh an straitéis seo timpeall ar chúig cholun: Tacaíocht Foirne, Tacaíocht do Phríosúnaigh, Coimeád Slán Sábháilte, Eastát na bPríosún agus Rialachas�

Leanfaimid ar aghaidh lena chinntiú go dtacófar lenár bhfoireann agus cruthóimid timpeallacht oibre níos tacúla agus fórsa oibre níos rannpháirtí� Tá pleananna uaillmhianacha againn chun rialachas agus cuntasacht a láidriú, agus na torthaí do phríosúnaigh agus sábháilteacht is slándáil ár bpríosún a fheabhsú� Tabharfaimid tacaíocht bhreise chun seirbhísí tacaíochta do phríosúnaigh a lánpháirtiú chun athshlánúchán níos éifeachtaí a sheachadadh do phríosúnaigh agus mar sin, an t athchiontú a laghdú agus pobail níos sábháilte a chruthú� Cruthóimid suíomh coinneála níos sábháilte agus níos sláine in ár nEastát, is príosúin á ndéanamh níos sábháilte don fhoireann, do phríosúnaigh agus do chuairteoirí�

Neadóimid cultúr fianaise is meastóireachta agus cinnteoimid Seirbhís Phríosún oscailte, thrédhearcach agus chuntasach ar aon dul leis an gCód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú� Leanfaimid ar aghaidh le bheith ag cur leis an acmhainn inmheánach chun ár bhfeidhmíocht a chothú, a fheabhsú agus a chur in iúl�

Tá sé d’aidhm leis an Straitéis na torthaí seo a leanas a bhaint amach:

T Timpeallacht oibre níos tacúla a chruthúT Seirbhísí breisithe don fhoireann agus sláinte

dhearfach fhisiciúil agus mheabhrach gach fostaí T Gach ball foirne muiníneach agus inniúil chun

feidhmiú go sábháilte éifeachtach ina ndualgaisT Seirbhísí Síceolaíochta Breisithe chun seirbhísí

meabhairshláinte a sholáthar chomh maith le hidirghabhálacha a bhaineann le cionta sonracha do dhaoine faoi choimeád

T Seirbhísí cúraim sláinte a sholáthar agus a bhreisiúT Rannpháirtíocht mhéadaithe ag príosúnaigh i

ngníomhaíochtaí athshlánúcháinT Comhordú feabhsaithe maidir le pleananna

imeasctha sa phobal mar ullmhúchán chun príosúnaigh a scaoileadh saor

T Eastát príosún ar mó a stiúrfar le teicneolaíocht nua-aimseartha é go mbeidh príosúin níos sábháilte

T Rannchuidiú le pobail níos sábháilte trí fhorchéimniú príosúnach agus trí bheith ag dul i ngleic le plódú agus le ró-acmhainn

T Córas na nGearán ó Phríosúnaigh a bheith níos cothroime is níos simplí

T Struchtúr bBreisithe Rialachais Eagraíochta trí bheith ag leanúint ar aghaidh le córais rialachais inmheánaigh agus bhainistíochta rioscaí, faisnéise agus slándála a láidriú

Leagtar amach leis an tuarascáil bhliantúil seo an bealach atá na cuspóirí agus na torthaí seo á mbaint amach ag Seirbhís Phríosúin na hÉireann agus roinnt gníomhartha sonracha á ndéanamh, a fhoilsítear i bpleannanna forfheidhmiúcháin bhliantúla agus i bpleananna gníomhaíochta bliantúla�

34

Tuarascáil Bhliantúil 2019

ÁR NGNÍOMHARTHA STRAITÉISEACHA

Tugtar mionsonraí sa chuid seo den Turascáil Bhliantúil faoin dul chun cinn a rinneadh go deireadh 2019 maidir leis an bPlean Straitéiseach Trí Bliana agus na Tosaíochtaí Straitéiseacha.

1. TACAÍOCHT FOIRNE Cruthóimid timpeallacht oibre níos tacúla le fórsa oibre níos rannpháirtí�

2. TACAÍOCHT DO PHRÍOSÚNAIGH Tabharfaimid tacaíocht bhreise chun seirbhísí tacaíochta do phríosúnaigh a lánpháirtiú chun athshlánúchán

níos éifeachtaí a sheachadadh do phríosúnaigh�

3. COIMEÁD SLÁN SÁBHÁILTE Cruthóimid suíomh coimeádta níos sábháilte agus níos sláine in ár nEastát, is príosúin á ndéanamh níos

sábháilte don fhoireann, do phríosúnaigh agus do chuairteoirí�

4. EASTÁT NA bPRÍOSÚN Infheisteoimid in Eastát Príosún lena soláthrófar coimeád sábháilte, slán agus daonnúil, lena seastar le dínit

gach úsáideora agus lena léirítear agus lena dtacaítear le beartas pionósach nua aimseartha forásach�

5. RIALACHAS Cinnteoimid seirbhís phríosún oscailte, thrédhearcach agus chuntasach�

Na cainteoirí ag an gcéad imeacht TEDx de chuid Sheirbhís Phríosúin na hÉireann i bPríosún Mhuinseo i mí Aibreáin 2019.

35

Tuarascáil Bhliantúil 2019

PLEAN STRAITÉISEACH 2019 -2022 SHEIRBHÍS PHRÍOSÚIN NA HÉIREANN

TUARASCAIL FAOIN DUL CHUN CINN 31 NOLLAIG 2019

Tosaíocht Straitéiseach 1: Tacaíocht Foirne

“Cruthóimid timpeallacht oibre níos tacúla le fórsa oibre níos rannpháirtí” trí:

Plean Straitéiseach 2019 - 2022 Sheirbhís Phríosúin na hÉireann

Tuarascáil faoin dul chun cinn Nollaig 2019

1.1 Ár nAcmhainn Eagraíochtúil a Fhorbairt.

1. 1.1.1 Athbhreithniú a dhéanamh ar struchtúir bhainstíochta sinsearaí agus ar struchtúir bhainstíochta áitiúla laistigh de phríosúin�

1.1.2 Bainistíocht fheidhmeach a láidriú le déanamh cinnte go mbeidh soiléireacht ann maidir le freagracht agus cuntasacht�

1.1.3 Na foirne Acmhainní Daonna a leathnú, a scileanna a fhorbairt agus Oifigí Mionsonraí a ailíniú leis an bhFoireann ábhartha AD�

1.1.4 Sraith uirlisí iniúchóireachta a fhorbairt agus a chur i ngníomh�

1.1.5 Cairt chustaiméirí Acmhainní Daonna a fhorbairt agus a fhoilsiú�

1.1.1 Ar siúl go leanúnach� Bhí an athléimneacht ina modúl san oiliúnt forbartha gairmiúla leanúnaí in 2019 agus ina cuid lárnach den oiliúint a chuirtear ar Oifigigh Earcaithe Phríosúin.

1.2.2 Cód nua eitice le cur chun feidhme sa tríú ráithe de 2020�

1.2.3 Tá ábhar don ardán nua cumarsáide tiomsaithe agus tá sé á thabhairt chun críche faoi láthair lena fhoilsiú�

1.2.4 Beartas nua maidir le héide a chur chun feidhme in 2020�

1.2 Timpeallacht oibre níos sábháilte a sholáthar dár ndaoine.

1.2.1 Aitheantas a thabhairt do na dúshláin a bhaineann le bheith ag obair i bpríosún agus tacaí a sholáthar don fhoireann le déileáil le strus ó theagmhais chriticiúla agus leis na hábhair struis níos coitianta�

1.2.2 Caighdeáin Iompair agus Eitice shoiléire (Cód Eitice/Caighdeáin Iompair Inghlactha) a chur chun cinn agus a chur i ngníomh�

1.2.3 Gach Nós Imeachta Caighdeánach Oibríochtúil agus gach Ordú ó Ghobharnóirí a bhaineann le hAcmhainní Daonna a fhoilsiú ar an ardán nua cumarsáide�

1.2.4 Bród as ár n-éide a chothú�

1.2.1 Ar siúl go leanúnach� Bhí an athléimneacht ina modúl san oiliúnt forbartha gairmiúla leanúnaí in 2019 agus ina cuid lárnach den oiliúint a chuirtear ar Oifigigh Earcaithe Phríosúin.

1.2.2 Cód nua eitice le cur chun feidhme sa tríú ráithe de 2020�

1.2.3 Tá ábhar don ardán nua cumarsáide tiomsaithe agus tá sé á thabhairt chun críche faoi láthair lena fhoilsiú�

1.2.4 Beartas nua maidir le héide a chur chun feidhme in 2020�

1.3 Ag tacú lenár ndaoine trí chultúr ionchuimsitheachta agus folláine a chruthú.

36

Tuarascáil Bhliantúil 2019

Tosaíocht Straitéiseach 1: Tacaíocht Foirne

“Cruthóimid timpeallacht oibre níos tacúla le fórsa oibre níos rannpháirtí” trí:

Plean Straitéiseach 2019 - 2022 Sheirbhís Phríosúin na hÉireann

Tuarascáil faoin dul chun cinn Nollaig 2019

1.3.1 Timpeallacht oibre a chur chun cinn a mbeidh ár luachanna ina ceartlár�

1.3.2 Ardán nua cumarsáide a fhorbairt a bheidh inrochtana ag gach ball foirne�

1.3.3 Idirghníomhaíocht rialta leanúnach a sholáthair idir an Stiúrthóireacht Acmhainní Daonna agus Bainistíocht na bPríosún�

1.3.4 An Clár Folláin ag an Obair/Éire Shláintiúil (FSS) á chur i ngníomh trasna an Eastáit�

1.3.1 Ar siúl go leanúnach� Tá na 5 luach de chuid Sheirbhís Phríosúin na hÉireann i lár na hoiliúna d’Oifigigh Earcaithe Phríosúin.

1.3.2 Tá an Grúpa Stiúrtha Tacaíochta agus Folláine Foirne le tionól in 2020 chun forbairt struchtúir tacaíochta agus folláine chomhtháite a chomhordú i Seirbhís Phríosúin na hÉireann�

1.3.3 Tá ábhar agus formáid leathanach na nAcmhainní Daonna comhaontaithe agus á thabhairt chun críche�

Reáchtáladh Cruinniú Ghobharnóirí na nAcmhainní Daonna go rialta in 2019�

1.3.4 Tús le cur leis sa chéad ráithe de 2020�

1.4 Na daoine is fearr dár n-eagraíocht a mhealladh agus a choinneáil.

1.4.1 Athbhreithniú a dhéanamh ar ár gcur chuige i leith na hearcaíochta agus ar ár gcomórtais ardaithe céime�

1.4.2 Ag gluaiseacht chuig próiseas iarratais ar líne maidir le comórtais ardaithe céime�

1.4.3 Athbhreithniú a dhéanamh ar shonraíochtaí agus inniúlachtaí poist, is uasghrádú a dhéanamh orthu le cinntiú go gcomhlíonfaidh siad ár riachtanais�

1.4.4 Féachaint ar an bhféidearthacht maidir le bheith ag gluaiseacht chuig earcaíocht réigiúnach agus oscailte�

1.4.1 Le cur i gcrích in 2021�

1.4.2 Cuirfear sin chun feidhme tar éis uasghradú ar Acmhainní Daonna CORE�

1.4.3 Creat nua inniúlachta á fhorbairt don Oifigeach Príosúin chuig an bPríomhoifigeach. Tús le cur leis sa chéad ráithe de 2020�

1.4.4 Cuireadh tús le hearcaíocht réigiúnach phíolótach le haghaidh na ngrád riaracháin sa chuid deiridh de 2019�

1.5 Ár nDaoine a Fhorbairt.

1.5.1 Forbairt Ghairmiúil Leanúnach (FGL) a Bhreisiú�

1.5.2 Athbhreithniú a dhéanamh ar mhúnla reatha na hoiliúna d’Oifigigh Earcaithe Phríosúin lena chinntiú go gcomhlíonfaidh sé riachtanais ár n-eagraíochta�

1.5.3 Timpeallacht oibre a chruthú ina mbeidh na hinniúlachtaí ag an bhfoireann agus ag an mbainistíocht ar fad a bheidh riachtanach chun tacú lenár gcuspóirí�

1.5.1 Seachadadh FGL chuig gach príosún in 2019, agus oiliúint curtha ar thart faoi 869 oifigeach. Athbhreithniú á dhéanamh ar an gclár FGL�

1.5.2 An tArd-Teastas i gCúram Coinneála á athfhorbairt go leanúnach chun aiseolas ó phríosúin a léiriú� Tograí á mbreithniú maidir le hearcú agus ionduchtú na nOifigeach Príosúin. Le cur i gcrích in 2021�

1.5.3 Leanúnach - Reachtáladh roinnt modúl i gcaitheamh 2019 maidir le príomhfheidhmeanna bainistíochta príosún lena n-áirítear oiliúint dóiteáin, am agus tinreamh, agus cumarsáid�

37

Tuarascáil Bhliantúil 2019

Tosaíocht Straitéiseach 1: Tacaíocht Foirne

“Cruthóimid timpeallacht oibre níos tacúla le fórsa oibre níos rannpháirtí” trí:

Plean Straitéiseach 2019 - 2022 Sheirbhís Phríosúin na hÉireann

Tuarascáil faoin dul chun cinn Nollaig 2019

1.6 Ardchaighdeáin cheannaireachta agus bhainistíochta a bheith ann.

1.6.1 Rannán Ceannaireachta agus Bainistíochta aonfheidhme a bhunú�

1.6.2 Scothchleachtas a fhorbairt maidir le cinnteoireacht trí Mhúnla Cinnteoireachta�

1.6.3 Maitrís na nAcmhainní Daonna a fhorbairt tuilleadh chun cabhrú le príosúin a bhfeidhmíocht a mheas agus a bhreisiú�

1.6.4 Cinntiú go mbeidh cuntasacht ann ar gach leibhéal dár n-eagraíochta trí Chomhaontuithe feidhmíochta�

1.6.1 Struchtúir nua forbartha le haghaidh Foirne Bainistíochta agus Tacaíochta Riaracháin Phríosún� Le cur i gcrích sa dara ráithe de 2020�

1.6.2 Cuireadh chun feidhme in 2019�

1.6.3 Le cur i gcrích sa dara ráithe de 2020�

1.6.4 Ar siúl go leanúnach - struchtúir fheidhmeacha á bhforbairt�

38

Tuarascáil Bhliantúil 2019

Tosaíocht Straitéiseach 2: Tacaíocht do Phríosún-aigh

“Tabharfaimid tacaíocht bhreise chun seirbhísí tacaíochta do phríosúnaigh a lánpháirtiú chun athshlánúchán níos éifeachtaí a sheachadadh do phríosúnaigh” trí:

Plean Straitéiseach 2019 - 2022 Sheirbhís Phríosúin

Tuarascáil faoin dul Chun Cinn Nollaig 2019

2.1 Cúram Sláinte a Fheabhsú.

2.1.1 I gcomhar le FSS, soláthrófar seirbhísí síceolaíochta fóiréinsí cuí i ngach príosún dúnta agus féachfar ar líon na bpríosúnach a chuirtear sa Phríomh-Ospidéil Mheabhairghalar (CMH)�

2.1.2 Soláthar an chúraim phríomhúil a láidriú, socruithe rialachais chliniciúil a fhorbairt agus leanúint ar aghaidh le Córas Bainistithe Chúram Sláinte na bPríosúnach (PHMS) a fhorbairt�

2.1.3 Beartais agus nósanna imeachta, um ionfhabhtuithe a rialú, a bhreisiú agus a fhorbairt�

2.1.4 Tús curtha le hathbhreithniú HNA (Samhain 2019)� Le cur i gcrích in 2020�

2.1.5 Moltaí a chur i ngníomh as an Tuarascáil neamhspleách um Dhrugaí & Alcól agus Beartas comhaimseartha um Dhrugaí & Alcól a fhorbairt�

2.1.1 Tá idirghníomhaíocht leanúnach ann leis an CMH agus FSS chun an tseirbhís mheabhairshláinte fóiréinsí a láidriú agus maidir le múnla cúraim athbhreithnithe chun an rochtain ar shainseirbhísí a mhéadú�

2.1.2 Dréachtchonradh nua tugtha chun críche le haghaidh dhochtúirí na bpríosún� Forbairt an PHMS ar siúl go leanúnach� Le tosú 2020� Forbairtí ar siúl go leanúnach maidir le rialachas cliniciúil lena n-áirítear scothchleachtais maidir le hordú oideas�

2.1.3 Tá an bonneagar Náisiúnta & Áitiúil (príosún-bhunaithe) i bhfeidhm anois� Beartas um Ionfhabhtuithe agus TB SOP a Rialú curtha i gcrích�

2.1.4 Tús a chur le hAthbhreithniú ar Chúram Sláinte Príosún (Measúnacht ar Riachtanais Sláinte)�

2.1.5 Á chur i ngníomh fós� Le cur i gcrích in 2020�

2.2 Folláine Síceolaíochta a Bhreisiú.

2.2.1 Leanúint ar aghaidh le bheith ag cur moltaí buntábhachtacha i ngníomh ó thuarascáil Poporino New Connections (2015)�

2.2.2 Múnla ildisciplíneach a bhunú maidir le cúram meabhairshláinte i bpríosúin i gcomhar le NHMHS agus seirbhísí gaolmhara�

2.2.3 Leanúint ar aghaidh le hionchur, arna threorú leis an tsíceolaíocht, a sholáthar do Choláiste Sheirbhís Phríosúin na hÉireann agus cinntiú go dtacófar leis an bhfoireann síceolaíochta chun a bpointéinseal mar chliniceoirí a uasmhéadú�

2.2.4 Ag leanúint ar aghaidh le bheith ag cur le hidirghabhálacha scothchleachtais a bhaineann le cionta sonracha agus múnla scothoiriúna a fhorbairt maidir le cúram ceartúcháin a bheidh á threorú de réir tráma�

2.2.5 Idirghabhálacha a fhorbairt do phríosúnaigh a shéanann foréigean gnéasach�

2.2.6 Córas rianaithe na gcásanna síceolaíochta a bhreisiú (PCTS)�

2.2.1 Breisiú maidir le hacmhainní síceolaíochta i bhfeidhm� Leasú ó bhonn déanta ar cháipéisí na mbeartas�

2.2.2 Tá idirghníomhaíocht leanúnach ar siúl leis an Roinn Sláinte agus FSS in 2020 - 2021 maidir le beartais agus freagairtí oibríochtúla a fhorbairt chun dul i ngleic le hualach na meabhairshláinte�

2.2.3 Ionchur síceolaíochta á thabhairt go leanúnach do Choláiste Sheirbhís Phríosúin na hÉireann� Buiséad oiliúna síceolaíochta i bhfeidhm� Ar siúl go leanúnach in 2020

2.2.4 Le cur i gcrích i gcaitheamh shaolré na straitéise�

2.2.5 Níl maoiniúchán ar fáil chun sin a thabhairt chun cinn in 2020� Déanfaidh Togra Maoiniúcháin cuid den Phróiseas Meastacháin Chaipitil i gcomhair 2021�

2.2.6 Níl maoiniúchán ar fáil chun sin a thabhairt chun cinn in 2020�

39

Tuarascáil Bhliantúil 2019

Tosaíocht Straitéiseach 2: Tacaíocht do Phríosún-aigh

“Tabharfaimid tacaíocht bhreise chun seirbhísí tacaíochta do phríosúnaigh a lánpháirtiú chun athshlánúchán níos éifeachtaí a sheachadadh do phríosúnaigh” trí:

Plean Straitéiseach 2019 - 2022 Sheirbhís Phríosúin

Tuarascáil faoin dul Chun Cinn Nollaig 2019

2.3 Tacaíocht Athshlánúcháin a Mhéadú.

2.3.1 Seachadadh Phlean Straitéiseach 2018 - 2020 Sheirbhís Phríosúin na hÉireann agus na Seirbhíse Promhaidh a thabhairt chun cinn�

2.3.2 Acmhainniú níos fearr agus bainistíocht níos fearr maidir le próiseas Bhainistíocht Lánpháirtithe na bPianbhreitheanna agus an leas is mó is féidir a bhaint as deiseanna chun teacht ar ghníomhaíochtaí dearfacha, ar sheirbhísí tacaíochta do phríosúnaigh agus ar áiseanna oiriúnacha�

2.3.3 Bainistíocht lónadóireachta, ghlantacháin, neachtlainne agus dramhaíola timpeallachta a sheachadadh i ngach príosún de réir na gcaighdeán náisiúnta�

2.3.4 Ag leanúint ar aghaidh le bheith ag forbairt agus ag déanamh athbhreithniú ar fheidhmiú Bheartas na Réimeanna Dreasachta�

2.3.5 Comhstraitéis Oideachais a chur i ngníomh leis na Boird um Oiliúint san Oideachas (BOO), agus seirbhísí leabharlainne a fhorbairt tuilleadh�

2.3.1 Tá gníomhartha á dtabhairt chun cinn� Maoirseacht á déanamh air ag Comhghrúpa na Seirbhíse Promhaidh/Sheirbhís Phríosúin na hÉireann� Ar siúl go leanúnach in 2020�

2.3.2 Pleananna Bainistíochta Réime forbartha, tús curtha le hAthbhreithniú ar Oiliúint Oibre agus post breise mar Shéiplíneach ceadaithe� Tús curtha le comórtas chun poist fholmha ISM a líonadh go luath in 2020�

2.3.3 Athbhreithniú agus uasdátú déanta maidir le dul chun cinn ó thaobh caigheán de, cláir nua iniúchóireachta tugtha isteach, modhanna nua oiliúna tugtha isteach don fhoireann agus do phríosúnaigh� Tuilleadh oibre le cur i gcrích in 2021

2.3.4 Comh-Athbhreithniú Foirmiúil tugtha chun cinn lena chur i gcrích agus i ngníomh i gcaitheamh 2020�

2.3.5 I mí Mheán Fómhair 2019, sheol an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, Cathal Ó Flanagáin TD, an Chomhstraitéis Oideachais Phríosúin 2019 - 2022 nua de chuid Sheirbhís Phríosúin na hÉireann/ Bhoird na hÉireann um Oiliúint san Oideachas (BOO)� Le comh-Mhisean Sheirbhís Phríosúin na hÉireann/BOO, leagtar béim ar chlár a sholáthar a bheidh dearbhaithe ó thaobh na cáilíochta de, a mbeidh an foghlaimeoir ina lár agus a éascóidh le foghlaim fadsaoil, agus a chabhróidh le daoine atá faoi choimeád freagairt dá bpianbhreith tríd an bhforbairt phearsanta agus trí athnuachan dearfach� Leis an gcomhstraitéis don oideachas príosúin, leagtar amach na tacaí comhaontaithe chun seirbhís oideachais phríosúin a sholáthar faoina mbeidh bonn leathan, lena mbainfear úsáid éifeachtach as córais dhigiteacha don mhúinteoireacht agus don fhoghlaim, agus a bheidh lánpháirtithe le seirbhísí eile príosúin agus leis an tseirbhís leabharlainne� Plean gníomhaíochta le cur i gcrích 2020 - 2022�

2.4 Athlonnú agus Imeascadh.

2.4.1 I gcomhar leis an tSeirbhís Promhaidh, ag leanúint ar aghaidh le cláir, maidir le scaoileadh saor struchtúrtha, a bhreisiú�

2.4.2 Ag leanúint ar aghaidh le comhpháirtíochtaí éifeachtacha a chothú le gníomhaireachtaí reachtúla agus neamhreachtúla�

2.4.3 Ag leanúint ar aghaidh le bheith ag obair le hÚdaráis Tithíochta chun bainistíocht chásanna ciontóirí a fheabhsú i gcás go mbeidh siad i mbaol a bheith gan dídean nuair a scaoilfear saor iad�

2.4.4 Ag idirghníomhú go réamhghníomhach le fostóirí agus le fiontair shóisialta chun fostaíocht a sholáthar d’iarchiontóirí�

2.4.1 Ar siúl go leanúnach in 2020�

2.4.2 Ar siúl go leanúnach in 2020�

2.4.3 Obair á tabhairt chun críche maidir le tionscnamh Thithíocht Ar dTús a bhainfidh leis an gceartas coirúil go sonrach� Ar siúl go leanúnach in 2020� Tuilleadh acmhainní infheistithe chun an tSeirbhís Athlonnaithe a leathnú�

2.4.4 Maoiniúchán soláthraithe trí chlár Cicdhúiseachta le haghaidh tionscnaimh fiontair shóisialta i mí na Bealtaine 2019� Ar siúl go leanúnach in 2020�40

Tuarascáil Bhliantúil 2019

Tosaíocht Straitéiseach 3: Coimeád Slán Sábháilte

“Cruthóimid suíomh coimeádta níos sábháilte agus níos sláine in ár nEastát, is príosúin á ndéanamh níos sábháilte don fhoireann, do phríosúnaigh agus do chuairteoirí” trí:

Plean Straitéiseach 2019 - 2022 Sheirbhís Phríosúin na hÉireann

Tuarascáil faoin dul Chun Cinn Nollaig 2019

3.1 Eastát príosún a chruthú ar mó a stiúrfar le teicneolaíocht nua-aimseartha é.

3.1.1 Ag dul i ngleic leis an méadú atá ag teacht ar líon na mbagairtí ó ionraí dróin thar bhallaí príosún�

3.1.2 Ag infheistiú i slándáil ag áiseanna fáilteachais� Bearta chun smuigleáil chontrabhanna a chosc�

3.1.3 Ag infheistiú i dtrealamh chun cabhrú le contrabhanna a chuardach agus a aisghabháil�

3.1.1 Clár píolótach i bhfeidhm chun stop a chur le dróin� Anailís ar thorthaí fós ar siúl�

3.1.2 Scanóirí ceannaithe agus uasdátú déanta ar innill X-Ghatha i roinnt príosún�

3.1.3 Rinne oibriúcháin infheistíocht in innill bhreise chun samplaí a bhaint le maipín sna hiarrachtaí chun gáinneáil drugaí trí mhaoin phríosúnach agus ar an bpost a laghdú�

3.2 Rannchuidiú le pobail níos sábháilte trí fhorchéimniú príosúnach agus trí bheith ag dul i ngleic le plódú agus le ró-acmhainn.

3.2.1 Iniúchadh a dhéanamh ar iomlán na gcillíní laistigh den Eastát chun acmhainn bhreise leapacha a shonrú�

3.2.2 Athbhreithniú a dhéanamh ar ár mbeartais i ndáil leis na hIonaid Oscailte agus scaoileadh saor struchtúrtha�

3.2.3 Ag leanúint ar aghaidh leis an idirchaidreamh le comhpháirtithe agus soláthraithe seirbhíse i réimse na bainistíochta pianbhreitheanna�

3.2.1 Iniúchadh curtha i gcrích - measúnú acmhainne fós ar siúl� In 2019, rinneadh méadú (+41) ó 105 go 146 leaba ar acmhainn na leapacha i bPríosún Mhuinseo na mBan (Ionad Dóchas)�

3.2.2 Ar siúl go leanúnach� Bhí 206 cásanna ann inar scaoileadh príosúnaigh saor faoin gClár um Filleadh ar an bPobal in 2019� Tháinig méadú suntasach ar líon na bpríosúnach a bhaineann leas as an scéim ó rinneadh athbhreithniú ar na critéir cháilitheachta� D’fhan na rátaí maidir le príosúnaigh a bheith ag comhlíonadh na rialacha mórán mar a chéile ó tugadh an scéim isteach agus tugann staitisticí atá cothrom le dáta le fios gur ráta comhlíonta 89% atá ann� Ba é 599 líon iomlán na gcásanna inar scaoileadh príosúnaigh saor faoin gClár Tacaíochta Pobail in 2019� Cuireadh nósanna imeachta athbhreithnithe i ngníomh i rith na bliana freisin chun an trédhearcacht a fheabhsú agus chun a chinntiú go mbeadh próiseas na measúnachta iomláine curtha i gcrích maidir le príosúnaigh nuachimithe faoi cheann fhráma ama coicíse�

3.2.3 Ar siúl go leanúnach� Leanamar ar aghaidh le bheith ag maoiniú roinnt eagraíochtaí pobalbhunaithe le deontais chun cabhrú leis an bpróiseas ó thaobh tacaí a sholáthar do phríosúnaigh ar scaoileadh saor dóibh�

41

Tuarascáil Bhliantúil 2019

Tosaíocht Straitéiseach 3: Coimeád Slán Sábháilte

“Cruthóimid suíomh coimeádta níos sábháilte agus níos sláine in ár nEastát, is príosúin á ndéanamh níos sábháilte don fhoireann, do phríosúnaigh agus do chuairteoirí” trí:

Plean Straitéiseach 2019 - 2022 Sheirbhís Phríosúin na hÉireann

Tuarascáil faoin dul Chun Cinn Nollaig 2019

3.3 Córas gearán ó phríosúnaigh a thabhairt isteach a bheidh cothrom, trédhearcach agus níos cuíchóirithe.

3.3.1 Moltaí ón iniúchadh, a rinne Cigire na bPríosún ar chóras reatha na ngearán, a chur i ngníomh�

3.3.2 Amending the Prison Rules 2007, to give effect to those recommendations for a fairer, more user friendly system�

3.3.3 Córas Athbhreithnithe Inmheánaigh agus Achomhairc Neamhspleáigh Sheachtraigh á thabhairt isteach a ndéanfaidh an tOmbudsman an cinneadh deiridh mar chuid de�

3.3.1 Córas TF nua á fhorbairt agus na céimeanna deiridh á gcur i gcrích lena aghaidh� Achomharc chuig Rannán na nGearán de chuid na Ceanncheathrún ina chuid lárnach den phróiseas nua� Foireann iomlán i bhfeidhm do Rannán nua na nGearán do SPÉ i Stiúrthóireacht na nOibriúchán�

3.3.2 Ionstraim Reachtúil á forbairt leis an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais� Ag fanacht le síniú an Aire ar Ionstraim Reachtúil nua le haghaidh athruithe ar rialacha na bpríosún� Plean Oiliúna i bhfeidhm do bhainisteoirí sinsearacha agus d’Oifigigh Idirchaidrimh na bpríosún�

3.3.3 Ag fanacht le hIonstraim Reachtúil agus leis an bhforbairt deiridh don chóras TF� Beidh athbhreithniú inmheánach ar fáil� Ní rogha é an t-achomharc seachtrach ag an bpointe seo toisc go mbraitheann rannpháirtíocht an Ombudsman ar acmhainní a bheith á leithdháileadh�

3.4 Ag rannchuidiú le sábháilteacht phoiblí agus le timpeallacht oibre níos sábháilte.

3.4.1 Ag leanúint ar aghaidh le bheith ag cur i ngníomh mholtaí Thuarascáil na Gníomhaireachta um Éilimh ar an Stát - Athbhreithniú ar Ionsuithe ar Bhaill Foirne Oibríochtúla na bPríosún ag Príosúnaigh�

3.4.2 Ag infheistiú i dtrealamh cosanta pearsanta (TCP) caighdeánaithe do bhaill foirne ar Thionlacain agus do bhaill eile foirne�

3.4.3 Ag infheistiú inár gcórais teilifíse ciorcaid iata (CCTV)�

3.4.1 Ar siúl go leanúnach - 24 de na 39 moltaí curtha i ngníomh� Tabharfar na moltaí atá fágtha chun cinn in 2020�

3.4.2 Infheistíocht i dTCP ar siúl go leanúnach�

3.4.3 Obair ar siúl go leanúnach chun an córas nua CCTV a chur chun feidhme - uasdátú déanta ar an mbeartas CCTV freisin�

3.5 Tacaíocht d’Íospartaigh.

3.5.1 Beimid ag idirghníomhú go hoscailte agus ar bhealach dáiríre le híospartaigh chláraithe choireachta, ar aon dul leis an Acht um Cheartas Coiriúil (Íospartaigh na Coireachta), 2017, ag aithint a n-údar imní agus a gcirt go dtuigfear iad agus go gcaithfear le meas agus le dínit leo�

3.5.1 Oifigeach lánaimseartha aonfheidhme Idirchaidrimh le hÍospartaigh ceaptha in 2019� Idighníomhaíocht le gníomhaireachtaí eile ar siúl go leanúnach�

42

Tuarascáil Bhliantúil 2019

Tosaíocht Straitéiseach 4: Eastát na bPríosún

“Infheisteoimid in Eastát Príosún lena soláthrófar coimeád sábháilte, slán agus daonnúil, lena seastar le dínit gach úsáideora agus lena léirítear agus lena dtacaítear le beartas pionósach nua-aim-seartha forásach” trí:

Plean Straitéiseach 2019 - 2022 Sheirbhís Phríosúin na hÉireann

Tuarascáil faoin dul Chun Cinn Nollaig 2019

4.1 Ag seachadadh thionscadal dhearadh & thógáil na hathfhorbartha ar Phríosún Luimnigh lena n-áirítear;

4.1.1 Bloc nua de Chillíní Sciathán B do phríosúnaigh fir lena n-áirítear áiseanna foirne, cistine, neachtlainne, seachadta agus áis bhainistíochta dramhaíola�

4.1.2 Príosún nua neamhspleách do mhná�

4.1.3 Teach geata agus oifigí nua, oifigí don Chór Coimhdeachta (PSEC) agus don Ghrúpa Tacaíochta Oibríochtúla (OSG), áiseanna cuairte agus fáilteachais�

4.1.4 Glas nua geata d’fheithiclí slána�

4.1.5 Oibreacha seachtracha atá comhdhéanta de sheirbhísí coimhdeacha, tírdhreachú agus áiseanna áineasa�

4.1.6 Oifigí nua don tSeirbhís Promhaidh.

4.1 Caiteachas in 2019 €12�6M Bronnadh an conradh don obair foirgníochta go luath in 2019 agus bhí an conraitheoir i mbun oibre agus ar an láithreán agus oibreacha á dtabhairt chun cinn ar aon dul leis an gclár ag deireadh na bliana� Foirgneamh na Seirbhíse Promhaidh de réir an sceidil go gcuirfear i gcrích sa chéad ráithe de 2020 é agus go dtabharfar ar láimh ina dhiaidh sin d’Oifig na nOibreacha Poiblí é.

4.2 Athearraíocht á baint as Aonad Oiliúna Mhuinseo mar Aonad Daoine Breacaosta�

4.2 Caiteachas €1�3M Athchoimisiúnú/athearraíocht le déanamh ar is le baint as an áis go n-úsáidfear mar chóiríocht do phríosúnaigh bhreacaosta í chun plódú a mhaolú laistigh de chóras na bpríosún� Le cur i gcrích de réir an sceidil go luath in 2020�

4.3 Acmhainn agus seirbhísi laistigh d’Eastát na bPríosún a uasmhéadú�

4.3 Caiteachas €1�3M Costais san áireamh a bhaineann leis an tionscnamh um acmhainn mhéadaithe/Coláiste Sheirbhís Phríosúin na hÉireann/Áis Chapaill an Chaisleáin Riabhaigh/Iarsmalann Phríosún Mhuinseo agus limistear Inrochtana an Chaisleáin Riabhaigh�

4.4 Bearta slándála & sábháilteachta a fheabhsú�

4.4 Caiteachas €7�0M Lena n-áirítear clár athsholáthair na bhfuinneog ag an bPríosúin Lár Tíre/Luimnigh & Chnoc na Seamar/Oibreacha athchóiriúcháin Chompún Míleata Phort Laoise/Bearta frithéalaithe /Oibreacha Sláinte & Sábháilteachta agus infheistíocht in CCTV & i dtrealamh Slándála ag áiteanna éagsúla�

4.5 Creatlach na bhfoirgneamh, áiseanna & trealamh a fheabhsú��

4.5 Áirítear i gcaiteachas an €2�6M oibreacha ag Bloc E Phort Laoise/Airgead a choinnítear siar maidir le tionscadail éagsúla/Deisiúcháin ar Dhíonta/Córais Bhainistithe Foirgneamh agus athchóiriúcháin ar an Seomra Innealra ag áiteanna éagsúla�

4.6 Áiseanna agus córais TFC a fhorbairt� 4.6 Caiteachas €2�3M Infheistíocht i mbonneagar & i gcórais éagsúla TFC/i gcrua-earraí ríomhaireachta/slándáil sonraí & uasghráduithe�

4.7 Cáilíocht ár bhflíte a bhreisiú. 4.7 Caiteachas €1�2M Infheistíocht chun an Fhlít Cheallach a uasdátú agus a uasghrádú�

43

Tuarascáil Bhliantúil 2019

Tosaíocht Straitéiseach 5: Rialachas

“Cinnteoimid seirbhís phríosún oscailte, thrédhearcach agus chuntasach” trí:

Plean Straitéiseach 2019 - 2022 Sheirbhís Phríosúin na hÉireann

Tuarascáil faoin dul Chun Cinn Nollaig 2019

5.1 Struchtúr Rialachais na hEagraíochta a Bhreisiú ar aon dul leis an gCód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú.

5.1.1. Ag leanúint ar aghaidh le bheith ag láidriú na gcóras rialachais inmheánaigh agus bainistíochta rioscaí, faisnéise is slándála�

5.1.2 Aonad Iniúchóireachta Inmheánaí a bhunú�

5.1.3 Próiseas inmheánach um chomhlíonadh agus um bhainistíocht rioscaí a fhorbairt�

5.1.4 Creat/bonneagar a fhorbairt don rialachas seachtrach moirseachta�

5.1. Fostaíodh speisialtóir Bainistíochta Rioscaí chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat reatha bainistíochta rioscaí agus chun creat a bhunú lena léireofaí an timpeallacht ina bhfeidhmíonn an tseirbhís� Táthar ag leanúint ar aghaidh leis an tionscadal isteach in 2020 agus mar chuid de, bunófar Creat nua Bainistíochta Rioscaí, lena mbreiseofar conas a thuairiscítear rioscaí; na córais a úsáidtear chun tacú le rioscaí a thaifeadadh, a thuairisciú agus a bhainistiú agus conas a neadaítear rioscaí sa bhainistíocht ghnó ar leibhéal straitéiseach agus oibríochtúil�

Fostaíodh Bainisteoir an Aonaid Iniúchóireachta Inmheánaí ar iasacht ón Roinn chuig Seirbhís Phríosúin na hÉireann chun díriú ar chlár saothair iniúchóireachta inmheanaí Sheirbhís Phríosúin na hÉireann a sheachadadh agus an acmhainn a fhorbairt chun Aonad Iniúchóireachta Inmheánaí a bhunú� Comhaontú bainistíochta feidhmíochta i bhfeidhm leis an Roinn�

5.2 Rialachas struchtúir fheidhmigh i bpríosúin a fhorbairt tuilleadh�

5.2 Sainchuntais phoist á bhforbairt don fhoireann� Chun tacú leis an ngluaiseacht chuig struchtúr feidhmeach ar leibhéal na bpríosún, dréachtaíodh róil agus freagrachtaí sonracha lena gcur i ngníomh sna príosúin i gcaitheamh 2020� Struchtúr nua le cur i bhfeidhm ar bhonn píolótach in 2020 i dtrí phríosún�

5.3 Struchtúir inmheánacha a fhorbairt chun éascú le cur chuige pleanáilte i leith beartais a fhorbairt.

5.3.1 Plean bliantúil a fhorbairt chun beartas a chur i ngníomh�

5.3.2 An poitéinseal, go mbreiseoidh TFC acmhainn na heagraíochta, á scrúdú agus á mheasúnú�

5.3.3 Caighdeáin á bhfoilsiú ar bhealach éasca inrochtana�

5.3 Straitéis TFC á fobairt, athbhreithniú á dhéanamh ar ionad na gcáipéisí Beartais�

5.4 Ag leanúint ar aghaidh le cinnteoireacht, bunaithe ar fhianaise, a fhorbairt.

44

Tuarascáil Bhliantúil 2019

Tosaíocht Straitéiseach 5: Rialachas

“Cinnteoimid seirbhís phríosún oscailte, thrédhearcach agus chuntasach” trí:

Plean Straitéiseach 2019 - 2022 Sheirbhís Phríosúin na hÉireann

Tuarascáil faoin dul Chun Cinn Nollaig 2019

5.4.1 Anailísíocht sonraí breisithe agus bainistiú breisithe sonraí a fhorbairt�

5.4.2 Córas leictreonach taifead agus bainistithe taifead á chur chun feidhme trasna na Seirbhíse�

5.4 Anailíseoir sonraí i bhfeidhm ó Sheirbhís Mheastóireachta agus Eacnamaíochta Rialtas na hÉireann (IGEES)� Céim a haon den anailísíocht sonraí curtha i gcrích� Chuir Seirbhís Phríosúin na hÉireann tasc tosaigh píolótach i gcrích i rith 2019 chun cumas tuairisceoireachta agus anailíse oibríochtúla a fhorbairt, laistigh de Sheirbhís Phríosúin na hÉireann agus ar leibhéal na bPríosún araon�

Leis an tasc tosaigh, cuimsíodh sonraí ó roinnt córas foinsí, lena n-áirítear Córas Bainistithe Faisnéise na bPríosúnach (‘PIMS’); an Córas Bainistithe Oideachais Phríosún (‘PEMS’); an Córas Bainistithe Acmhainní Daonna (‘HRMS’) agus an Córas Náisiúnta Bainistithe Teagmhas (‘NIMS’)�

San áireamh le torthaí na hidirghníomhaíochta tosaigh sin, d’éirigh leis an obair chun an tástáil phíolótach a fhorbairt agus a léiriú agus roinnt scáileán eolais tuairisceoireachta a sheachadadh, lena dtacaítear le hoibriúcháin ag príosúin ar leibhéal oibríochtúil agus ar leibhéil tacaíochta na seirbhísí lárnacha ar aon� Leanann obair ar aghaidh in 2020 chun an anailísíocht sonraí agus an bainistiú sonraí a bhreisiú agus a neadú, chun tacú le rialachas is cuntasacht fheabhsaithe�

5.5 Timpeallacht oibre a chruthú a mbeidh cumarsáid oscailte, dhé-bhealaigh ina ceartlár chun aontacht inár Seirbhís a chothú.

5.5.1 Ag leanúint ar aghaidh leis an acmhainn inmheánach a chothú chun ár bhfeidhmíocht a chothú, a fheabhsú agus chur in iúl�

5.5.2 Ag leanúint ar aghaidh le bheith ag tógáil agus ag breisiú ár struchtúr cumarsáide inár bpríosúin agus le bheith ag forbairt ár gcumas cumarsáide agus foghlama trí theicneolaíochtaí ilmheáin a úsáid�

5.5.1 Anailís ar pháirtithe leasmhara á déanamh chun tús a chur le hobair le cur leis an acmhainn agus le struchtúir don chumarsáid éifeachtach�

5.5.2 Forbraíodh tairseacha faisnéise in 2019 chun tacú le straitéisí cumarsáide i roinnt réimsí lena n-áirítear tacaíocht foirne, ionfhabhtuithe a rialú agus montóireacht ar phríosúnaigh� Tá Inlíon nua á thabhairt chun cinn agus seolfar in 2020 é�

5.6 Ag leanúint ar aghaidh le bheith ag comhlíonadh ár n-oibleagáidí faoi Dhualgas na hEarnála Poiblí�

5.6 Tá Ceannasaí um Chomhionannas, Éagsúlacht agus Chuimsiú ceaptha ag Seirbhís Phríosúin na hÉireann mar acmhainn aonfheidhme chun díriú ar thascanna chun ár n-oibleagáidí a chomhlíonadh faoi Dhualgas na hEarnála Poiblí�

Bíonn sé suntasach don tuismitheoir faoi choimeád caidreamh a choinneáil ar bun le páistí� Rinne Investing in Children CIC na Ríochta Aontaithe (Sasana agus an Bhreatain Bheag) maoirseacht ar an nGradam don Infheistíocht ar mhaithe le Páistí agus is iadsan a d’údaraigh é� Bronnadh an Gradam ar Phríosún Luimnigh in 2019 tar éis dóibh féachaint go cuimsitheach ar an ábhar thar ceann an chomhlachta bronnta le cinntiú go raibh agus go mbíonn áit lárnach ag páistí� Bhí oibriú le Tusla i gceist leis chomh maith le haiseolas a fháil maidir le caidrimh a chothú idir an tuismitheoir / daoine den teaghlach faoi choimeád agus a bpáistí�

45

Tuarascáil Bhliantúil 2019

MONATÓIREACHT AR PHRÍOSÚNAIGH MONATÓIREACHT AR PHRÍOSÚNAIGH I RITH TRÉIMHSÍ FAOI GHLASI RITH TRÉIMHSÍ FAOI GHLAS

Freagracht bhuntábhachtach a bhíonn ar bhaill foirne ar an líne thosaigh is ea montóireacht ar phríosúnaigh i rith tréimhsí faoi ghlas.

Caithfear monatóireacht a dhéanamh ar phríosúnaigh atá faoi mhonatóireacht speisialta/faoi bhreathnóireacht i gCillíní Breathnóireachta Speisialta nó ina gcillín féin gach 15 nóiméad. Caithfear monatóireacht a dhéanamh ar phríosúnaigh atá faoi Mhonatóireacht Slándála Speisialta gach uair an chloig nó de réir Liosta Chóras Bainistithe Faisnéise na bPríosúnach.

Ba cheart do gach ball foirne iad féin a chur ar an eolas faoi na Nósanna Imeachta Caighdeánacha um Mhonatóireacht ar Phríosúnaigh.

LIOSTACOIMHÉADFUASCAIL

TUAIRISCIGHTAIFEAD

IS É TUSA A BHÍONN FREAGRACH AS

ÁR MISEANCOIMEÁD SLÁN SÁBHÁILTE, DÍNIT CÚRAIM AGUS ATHSHLÁNÚ A SHOLÁTHAR DO PHRÍOSÚNAIGH AR MHAITHE LE POBAIL NÍOS SÁBHÁILTE.

46

Tuarascáil Bhliantúil 2019

“Ár gCriú is Fearr” a dhear agus a thóg daoine faoi oiliúint

ag ionad oiliúna miotail agus adhmaid Sheantrabh PACE. Soláthraíonn PACE seirbhísí oiliúna agus oideachais sula

scaoiltear príosúnaigh fir agus mhná saor agus ina dhiaidh, agus d’iarphríosúnaigh agus

d’iarchiontóirí.

47

Tuarascáil Bhliantúil 2019

AGUISÍNÍ

Aithnítear leis na Gradam um Barr Feabhais agus Nuálaíocht de chuid Sheirbhís Phríosúin na hÉireann gníomhartha a dhéanann baill foirne chun tionscnaimh nua a thabhairt isteach ar mhaithe leis an tSeirbhís. Dearadh na gradaim seo mar chúiteamh ar an gcruthaitheacht agus ar an gclisteacht ar cruthaíodh a bheith ina cúnamh do bhainistiú na Seirbhíse, do bhainistiú na bpríosúnach nó do bhainistiú ciontóirí.

Seirbhís Phríosúin na hÉireannGradam um Barr Feabhais agus

Nuálaíocht 2019

AGUISÍN IUasdátú ar Bhliain 2 de Chomhphlean Straitéiseach 2018 - 2020 Sheirbhís Phríosúin na hÉireann agus na Seirbhíse Promhaidh.

Uimh. Cuspóir Straitéiseach Torthaí Straitéiseacha 2019

1 Bainistiú Feabhsaithe maidir le Pianbhreitheanna

Leanfaimid ar aghaidh le bheith ag obair go comhshaothrach chun ceapadh agus seachadadh pleananna agus tacaí stuama ildisciplíneacha, maidir le pianbhreitheanna, a fheabhsú do dhaoine ón tráth a chimítear iad go dtí go an tréimhse tar éis dóibh a bheith scaoilte saor�

T Leanann Síceolaíocht Sheirbhís Phríosúin na hÉireann, an tSeirbhís Promhaidh, agus na Boird um Oiliúint san Oideachas (BOO) ar aghaidh le cláir a sheachadadh inár bpríosúin a bhíonn dírithe ar chionta�

T Táthar ag leanúint ar aghaidh le príosúnaigh a scaoileadh saor sa phobal ar bhealach struchtúrtha le tacaí cuí, a sholáthraíonn aisíoc don phobal�

T Cuireadh síneadh leis na critéir cháilitheachta don Scéim um Filleadh ar an bPobal, Lúnasa 2019� Ghlac 206 ciontóir páirt sa scéim san iomlán in 2019�

T D’éirigh le hobair chun 140 ciontóir ilghníomhach a bhainistiú faoi Fhreagairt na gComhghníomhaireachtaí don Choireacht (Tionscnamh J-JARC)�

T Maoiniú daingnithe chun tionscnamh comhshaothrach Thithíocht Ar dTús, a bhaineann leis an gceartas coiriúil go sonrach, a chur i ngníomh idir an tSeirbhís Promhaidh, Seirbhís Phríosúin na hÉireann agus Feidhmeannas Réigún Bhaile Átha Cliath um Dhaoine gan Dídean (DRHE)� Táthar ag súil leis an tionscnamh a bheith i mbun feidhme go luath in 2020�

2 Comhoibriú idir Seirbhís Phríosúin na hÉireann agus an tSeirbhís Promhaidh a uasmhéadú.

Feabhsóimid ár gcórais go leanúnach chun oibriú le chéile chun seirbhísí a sheachadadh do chiontóirí, go mbainfear comhtháiteacht níos mó amach inár gcuid oibre chun ciontú a laghdú�

T Chomhaontaigh agus shínigh ceannairí an dá eagraíochta Meabhrán Tuisceana, Samhain 2019 ina raibh mionsonraí faoin mbealach a sheachadfadh an dá eagraíocht ár gcuid comhthiomantas�

T Tá córas nua atreorúcháin leictreonach idir seirbhísí i bpríosúin i mbun feidhme anois, chun breisiúcháin ar na córais TF le sonraí ábhartha faoi idirghníomhaíocht le príosúnaigh a ghabháil, ionas gur fearr mar a threorófar pleanáil agus forchéimniú na bpianbhreitheanna�

T Tá an Clár um Shaol Níos Fearr a Thógáil á sheachadadh fós ag na Seirbhísí Promhaidh agus Síceolaíochta i gcomhar lena chéile�

3 Raon freagairtí a fhorbairt le haghaidh ciontóirí mná chun tuilleadh deiseanna a thabhairt dóibh agus chun cabhrú leo a bpoitéinseal a fhíorú.

Oibreoimid le chéile chun cur le cleachtas reatha atá á threorú de réir inscne, leathnóimid roghanna agus díreoimid ar thré-chúram agus ar athlonnú éifeachtach i bpobail�

T Clár Radhairc na mBan: Osclaíodh áis nua i mí na Bealtaine 2019 chun seirbhísí cóiríochta agus tacúla a sholáthar do mhná a imíonn as coimeád nó a bhfuil maoirseacht Phromhaidh á déanamh sa phobal orthu, agus freastalaítear ar líon chomh mór le 8 mbean ag aon am ar bith�

T Tá cur chuige comhpháirtíochta ar siúl go leanúnach le De Paul Éireann� Tá úsáid mhaith á baint as aonad na 15 leapa in Tús Nua ag Ionad Abigail agus bíonn na leibhéil áitíochta ard i gcaitheamh na bliana�

T Táthar ag leanúint ar aghaidh le deiseanna do mhná a chur chun cinn trí chláir lena n-áirítear BRIO (Building Recovery Inwards & Outwards) ar clár téarnaimh faoi stiúir phiaraí atá ann a sheachadann tionscadal mná Seasamhacht Abaltacht Obair Leann (SAOL)� Tá BRIO ag leanúint ar aghaidh le cláir a sheachadadh sa phobal agus in ionad Dóchas araon, ag tacú le téarnamh agus forchéimniú na mban�

49

Tuarascáil Bhliantúil 2019

Uimh. Cuspóir Straitéiseach Torthaí Straitéiseacha 2019

4 Idirghníomhaíocht le híospartaigh na coireachta a bhreisiú

Agus ceanglais an Achta um Cheartas Coiriúil (Íospartaigh na Coireachta), 2017, Treoir an AE maidir le hÍospartaigh (2012/29/AE) á gcomhlíonadh, ag leagan íoschaighdeán síos maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint d’íospartaigh na coireachta�

T Rinneadh athbhreithniú breise ar an gComhphrótacal a bhí i bhfeidhm ó 2017 chun ceanglais Threoir an AE a chur san áireamh� Tá ag éirí go maith fós leis na socruithe idir an dá eagraíocht�

T Bíonn teagmháil rialta á coinneáil ar bun idir an tAonad um Cheartas Aisiríoch agus an tAonad Seirbhíse d’Íospartaigh de chuid na Seirbhíse Promhaidh agus an tSeirbhís Idirchaidrimh le hÍospartaigh de chuid Sheirbhís Phríosúin na hÉireann�

5 Freagairtí nuálacha a fhorbairt do ghrúpaí sonracha ciontóirí

Leanfaimid ar aghaidh le bheith ag idirghníomhú le cohóirt shonracha atá faoi choimeád, ag cinntiú go mbeidh tionscnaimh bunaithe ar na scothchleachtais náisiúnta agus idirnáisiúnta is fearr a bhíonn bunaithe ar fhianaise�

T Tá comhaontú seirbhíse i bhfeidhm le Bainisteoirí Pianbhreitheanna Lánpháirtithe, leis an tSeirbhís Promhaidh agus leis an tSeirbhís Síceolaíochta maidir le hidirghníomhaíocht le daoine idir 18-24 bliana d’aois, agus tá sé á chur i ngníomh go leanúnach i bpríosúin�

T Leanann an tAonad Náisiúnta um Foréigean a Laghdú ar aghaidh le bheith ag oibriú chun freastal ar riachtanais chasta na bpríosúnach foréigneach agus suaiteach lena mbaineann ardleibhéal rioscaí agus is é Stiúrthóireacht na nOibriúchán agus an tSeirbhís Síceolaíochta a stiúrann an t-aonad i gcomhar lena chéile, freastalaíonn an tSeirbhís Promhaidh ar chruinnithe den Choiste Stiúrtha go rialta�

T Leanann Seirbhís Phríosúin na hÉireann agus an tSeirbhís Promhaidh ar aghaidh le bheith ag maoiniú Thionscnamh an Lucht Siúil i bPríosúin i gcomhar lena chéile chun tacú le seirbhísí a fhorbairt don Lucht Siúil i bpríosúin�

T Tá na cruinnithe rialta ag leanúint ar aghaidh idir Seirbhís Síceolaíochta SPÉ agus Oifigigh Phromhaidh sna príosúin chun athbhreithniú a dhéanamh ar an múnla oibre le príosúnaigh atá ag cur pianbhreitheanna saoil isteach�

T Leathnaíodh na Seirbhísí Oiliúna & Fostaíochta agus Athlonnaithe chun tacú le príosúnaigh a bhfuil pianbhreitheanna idir 3 agus 12 mhí á gcur isteach acu�

6 Infhostaitheacht Chiontóirí a Bhreisiú

Oibreoimid le chéile chun líon na niarchiontóirí a dhaingníonn fostaíocht leanúnach a mhéadú�

T Dáileadh maoiniú de bhreis is €250,000 a daingníodh faoi Chlár an tSíolchiste Cicdhúiseachta de chuid Scéim Eisíocaíochta na gCuntas Díomhaoin ar 14 Fhiontar Sóisialta in 2019, chun tacú le fiontair shóisialta a fhorbairt, a fheidhmíonn laistigh den earnáil cheartais choiriúil�

T Tá ag éirí go maith leis an gcóras nua bainistíochta cásanna, atá i bhfeidhm ag Cumann na hÉireann um Dheiseanna Imeasctha Sóisalta (IASIO), le fócas níos mó ar idirghníomhaíocht le fostóirí�

T Táthar tar éis an obair, le Straitéis Fiontraíochta Sóisialta a chur i ngníomh, a thabhairt chun cinn agus reáchtáladh cruinnithe rialta den Choiste Stiúrtha�

T Comhaontaíodh comhphrótacal idirghníomhaireachta idir an Roinn Gnóthaí Fostaíochta & Coimirce Sóisialta, IASIO, Seirbhís Phríosúin na hÉireann agus an tSeirbhís Promhaidh i mí na Nollag 2019, chun seachadadh tacaí fostaíochta a bhreisiú dóibh siúd a ndéantar maoirseacht orthu agus / nó nuair a scaoiltear saor iad�

50

Tuarascáil Bhliantúil 2019

Uimh. Cuspóir Straitéiseach Torthaí Straitéiseacha 2019

7 Idirghníomhaíocht le húsáideoirí seirbhíse.

Oibreoimid i gcomhpháirtíocht le heagraíochtaí úsáideoirí seirbhísí chun deiseanna a sholáthar le haghaidh feabhsuithe, arna stiúradh ag piaraí, ar ár seachadadh seirbhísí�

T Lean Seirbhís Phríosúin na hÉireann agus an tSeirbhís Promhaidh ar aghaidh le bheith ag obair le Cumann Croise Deirge na hÉireann lena gcuirtear ar chumas pháirtithe leasmhara poitéinseal an Chláir Shláinte agus Gharchabhrach Phobalbhunaithe (CBHFA) a uasmhéadú laistigh de struchtúr rialachais cuí�

T Lean an Tionscnamh Príosúin go Pobal ar aghaidh, lena néascaítear le cláir i dtrí shuíomh pobail de chuid na Seirbhíse Promhaidh�

T Leanadh ar aghaidh le cláir chomhéascaithe a sheachadadh laistigh d’Ionad Dóchas d’úsáideoirí seirbhísí faoi Chlár BRIO�

T Chuir cómhaoiniú leanúnach d’eagraíochtaí pobalbhunaithe, m�sh� Cúram Iar-Phríosúin, ar chumas na gclár meantóireachta piaraí leanúint ar aghaidh, ag soláthar tacaíochta, abhcóidíochta agus deiseanna cúitimh do rannpháirtithe�

8 Taighde agus meastóireacht a chur chun cinn.

Leanfaimid ar aghaidh le bheith ag cur taighde agus meastóireacht chun cinn le cleachtais a chinntiú inár gcuid comhoibre, a bheidh á threorú de réir fianaise.

T Cuireadh tús le taighde i ndáil le múnlaí oibre le príosúnaigh ar phianbhreitheanna saoil�

T Tá taighde ag leanúint ar aghaidh i ndáil le ciontóirí foiréigneacha suaiteacha agus le cláir chóireála do chiontóirí gnéasacha�

9 Soláthar Seirbhísí Drugaí & Alcóil i bPríosúin agus sa Phobal a Fheabhsú.

Oibreoimid le chéile chun cothroime na rochtana agus na rogha a mhéadú chomh maith le cóireáil ina mbíonn an duine sa lár agus roghanna idirghabhála� Breiseoidh Comhordú Seirbhísí conairí cóireála soiléire� Breathnófar ar thaithí i bpríosún mar dheis chun aghaidh a thabhairt ar an andúil le fócas ar thorthaí�

T Mar chuid den chomhfhreagairt ar “An tAthbhreithniú ar Sheirbhísí Cóireála Drugaí & Alcóil do Chiontóirí Fásta agus sa Phobal 2016”, leanann Seirbhís Phríosúin na hÉireann agus an tSeirbhís Promhaidh ar aghaidh le bheith ag obair i gcomhar lena chéile le forbairtí ar bhonn náisiúnta le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte�

51

Tuarascáil Bhliantúil 2019

AGUISÍN IIDaoine faoi choimeád faoi phianbhreith an 30 Samhain 2019 - Grúpa na gcionta rangaithe de réir fhad na pianbhreithe

Cion <3 Mhí

3 go <6

Mhí

6 go <12 Mhí

1 go <2

Bhl.

2 go <3

Bhl.

3 go <5

Bhl.

5 go <10 Bhl.

10+ mBl.

Saol Iomlán

GP01 Cionta Dúnbhásaithe

4 1 10 38 13 346 412

GP02 Cionta Gnéasacha 1 7 31 34 75 171 119 11 449

GP03 Iarrachtaí/Bagairt ar Dhúnmharú, Ionsaí, Ciapadh agus Cionta Gaolmhara

1 11 28 90 78 120 96 12 2 438

GP04 Gníomhartha Baolacha nó Faillíocha

1 8 10 12 12 19 10 1 73

GP01 Fuadach agus Cionta Gaolmhara

2 4 7 23 12 48

GP06 Cionta Robála, Srachaidh agus Fuadaigh

2 8 8 45 24 2 89

GP07 Buirgléireacht agus Cionta Gaolmhara

4 35 66 39 80 70 14 308

GP08 Cionta Gada agus Gaolmhara

9 38 111 109 72 146 85 12 582

GP09 Cionta Calaoise, Dallamullóg agus Cionta Gaolmhara

2 3 5 9 6 13 4 42

GP10 Cionta maidir le Drugaí Rialaithe

4 6 25 50 54 88 97 34 358

GP11 Cionta Arm agus Pléascán

2 11 9 11 12 49 19 113

GP12 Díobháil do Mhaoin agus don Timpeallacht

1 11 16 17 11 15 20 1 92

GP13 Cionta Oird Phoiblí agus Cóid Shóisialta

7 9 8 7 1 4 36

GP14 Cionta Bóithre agus Tráchta

34 24 7 65

GP15 Cionta i gcoinne an Rialtais, Nósanna Imeachta Ceartais agus Eagrú Cionta Coireachta

1 13 25 29 4 13 7 2 94

GO16 Cionta Nach Rangaítear in Áit Eile

1 1 1 1 4 1 9

Iomlán 27 140 310 449 336 651 695 241 359 3,208

52

Tuarascáil Bhliantúil 2019

AGUISÍN IIIMeánlíon laethúil na bpríosúnach in aghaidh na hInstitiúide 2019

Institiúid Acmhainn Leapacha ag deireadh na

Bliana

Faoi Choimeád Ar Scaoileadh Sealadach

Ar Athchur/Triail

Cnoc an Arbhair 138 135 0 1

An Caisleán Riabhach 340 306 12 62

Cnoc na Seamar 431 400 2 326

Corcaigh 296 291 39 59

Luimneach (B) 28 36 15 7

Luimneach (F) 210 215 29 78

Teach an Locháin 140 106 2 0

Lár Tíre 845 840 19 74

Muinseo (B) 146 134 34 36

Muinseo (F) 755 684 74 38

Port Laoise 291 232 3 8

Mainistir Shelton 115 102 7 0

Páirc na Cruithneachta 550 490 27 18

Iomlán 4,285 3,971 264 707

53

Tuarascáil Bhliantúil 2019

AGUISÍN IVCimithe chun príosúin 2003 go 2019

BliainFaoi

Choimeád

% Athrú ón mBliain

RoimheDaoine

% Athrú ón mBliain

RoimheFir Mná

2019 8,939 10�7 7,170 10�5 6,276 894

2018 8,071 -13�1 6,490 -13�3 5,725 765

2017 9,287 -38�5 7,484 -40�5 6,403 1,081

2016 15,099 -12�2 12,579 -11�3 10,033 2,546

2015 17,206 6�5 14,182 5�8 11,264 2,918

2014 16,155 2�7 13,408 2�7 10,723 2,685

2013 15,735 -7�6 13,055 -5�8 10,729 2,326

2012 17,026 -1�7 13,860 -0�7 11,709 2,151

2011 17,318 0�8 13,952 1�4 12,050 1,902

2010 17,179 11�4 13,758 11�5 12,057 1,701

2009 15,425 13�8 12,339 12�9 10,880 1,459

2008 13,557 13�6 10,928 12�5 9,703 1,225

2007 11,934 -1�8 9,711 0�1 8,556 1,155

2006 12,157 14�1 9,700 11�7 8,740 960

2005 10,658 0 8,686 -1�5 7,780 906

2004 10,657 -9�5 8,820 -10�1 7,914 906

2003 11,775 N/bh 9,814 N/bh 8,669 1,145

54

Tuarascáil Bhliantúil 2019

AGUISÍN VCimithe faoi Phianbhreith 2019 (lena n-áiritear iad siúd a bhí faoi choimeád cheana féin ag tús na bliana) - rangaithe de réir fhad na pianbhreithe agus ghrúpa na gcionta.

Cion <3 Mhí

3 go <6

Mhí

6 go <12 Mhí

1 go <2

Bhl.

2 go <3

Bhl.

3 go <5

Bhl.

5 go <10 mBl.

10+ mBl.

Pianbh-reith

Shaoil

Iom-lán

GP01 Cionta Dúnbhásaithe

1 0 0 4 2 5 15 0 9 36

GP02 Cionta Gnéasacha 0 8 15 34 24 42 48 16 0 187

GP03 Iarrachtaí/Bagairt ar Dhúnmharú, Ionsaí, Ciapadh agus Cionta Gaolmhara

35 116 87 100 79 70 16 2 0 505

GP04 Gníomhartha Baolacha nó Faillíocha

18 80 21 7 9 12 4 0 0 151

GP01 Fuadach agus Cionta Gaolmhara

0 0 2 1 3 2 9 2 0 19

GP06 Cionta Robála, Srachaidh agus Fuadaigh

1 1 15 7 14 21 6 0 0 65

GP07 Buirgléireacht agus Cionta Gaolmhara

12 42 139 46 41 46 10 1 0 337

GP08 Cionta Gada agus Gaolmhara

147 295 375 73 65 104 17 2 0 1,078

GP09 Cionta Calaoise, Dallamullóg agus Cionta Gaolmhara

13 37 31 14 9 8 2 0 0 114

GP10 Cionta maidir le Drugaí Rialaithe

40 113 109 68 53 59 39 4 0 485

GP11 Cionta Arm agus Pléascán

12 38 60 9 15 6 14 8 0 162

GP12 Díobháil do Mhaoin agus don Timpeallacht

29 101 77 19 19 17 6 1 0 269

GP13 Cionta Oird Phoiblí agus Cóid Shóisialta

213 112 26 6 2 0 0 0 0 359

GP14 Cionta Bóithre agus Tráchta

106 489 66 1 0 0 0 0 0 662

GP15 Cionta i gcoinne an Rialtais, Nósanna Imeachta Ceartais agus Eagrú Cionta Coireachta

899 167 127 9 3 4 2 1 0 1,212

GO16 Cionta Nach Rangaítear in Áit Eile

26 10 3 4 1 5 0 0 0 49

Iomlán 1,552 1,609 1,153 402 339 401 188 37 9 5,690

55

Tuarascáil Bhliantúil 2019

AGUISÍN VICimithe faoi phianbhreith, arna miondealú de réir fhad agus bhliain na pianbhreithe

Cion <3 Mhí 3 go <6

Mhí

6 go <12 Mhí

1 go <2

Bhl.

2 go <3

Bhl.

3 go <5

Bhl.

5 go <10 mBl.

10+ mBl.

Pianbh-reith

Shaoil

Iomlán

2019 1,552 1,609 1,153 402 339 401 188 37 9 5,690

2018 1,070 1,494 995 336 338 342 183 33 21 4,812

2017 2,704 1,312 884 346 299 276 167 27 22 6,037

2016 8,820 1,137 1,039 295 290 344 183 39 16 12,163

2015 10,229 1,273 1,028 423 432 362 185 36 19 13,987

2014 9,361 1,249 986 350 343 346 165 28 25 12,853

2013 8,663 1,422 1,097 348 335 398 173 31 22 12,489

2012 8,837 1,734 1,273 461 447 494 227 31 22 13,5262011 8,070 1,786 1,358 636 380 472 227 39 22 12,990

% Athrú

‘18 go ‘19

45 8 16 20 0 17 3 12 -57 18

AGUISÍN VIICimithe Faoi phianbhreith (gan fíneálacha san áireamh) 2011 - 2019

Cion <3 Mhí

3 go <6

Mhí

6 go <12 Mhí

1 go <2

Bhl.

2 go <3

Bhl.

3 go <5

Bhl.

5 go <10 mBl.

10+ mBl.

Pianbh-reith

Shaoil

Iomlán

2019 693 1,608 1,153 402 339 401 188 37 9 4,830

2018 618 1,491 995 336 338 342 183 33 21 4,357

2017 460 1,295 884 346 299 276 167 27 22 3,776

2016 468 1,050 1,039 295 290 344 183 39 16 3,724

2015 484 1,138 1,026 422 432 362 185 36 19 4,104

2014 540 1,091 986 350 343 346 165 28 25 3,874

2013 723 1,241 1,097 348 335 398 173 31 22 4,368

2012 780 1,487 1,273 461 447 494 227 31 22 5,222

2011 846 1,496 1,358 636 380 472 227 39 22 5,476

% Athrú

‘18 go ‘19

12 8 16 20 0 17 3 12 -57 11

56

Tuarascáil Bhliantúil 2019

AGUISÍN VIIILíon na gCimithe in aghaidh na Míosa 2019

Mí Líon na gCimithe

Eanáir 873

Feabhra 776

Márta 777

Aibreán 735

Bealtaine 798

Meitheamh 738

Iúil 834

Lúnasa 395

Meán Fómhair 699

Deireadh Fómhair 863

Samhain 828

Nollaig 623

Iomlán 8,939

57

Tuarascáil Bhliantúil 2019

AGUISÍN IX RÁITEAS FAOI CHÓRAS RIALUITHE INMHEÁNACHA SHEIRBHÍS PHRÍOSÚIN NA HÉIREANN Dearbhaím go gcinntíonn Seirbhís Phríosúin na hÉireann go gcoinnítear agus go bhfeidhmítear córas éifeachtach rialaithe inmheánaigh� Leis an bhfreagracht sin, cuirtear ceanglais na bhforálacha ábhartha den Chód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú san áireamh agus tá na ceanglais sin á gcomhlíonadh�

Dearbhaím gur cuireadh Tuarascáil Bhliantúil agus Tuarascáil Chuimsitheach Sheirbhís Phríosúin na hÉireann 2019 faoi bhráid an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais�

Ní féidir le haon chóras rialaithe airgeadais inmheánaigh ar bith ach dearbhú réasúnach agus ní dearbhú absalóideach a sholáthar go gcosnófar sócmhainní, go n-údarófar agus go dtaifeadfar idirbhearta i gceart, agus go ndéanfar earráidí nó mírialtachtaí ábhartha a chosc nó go mbraithfí go tráthúil iad� Próiseas leanúnach is ea an córas rialaithe airgeadais inmheánaigh a choinneáil ar bun agus coinnítear an córas agus éifeachtacht an chórais faoi shúil ghéar�

Tá córas rialaithe inmheánaigh, a thagann le treoir arna heisiúint ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, i bhfeidhm i Seirbhís Phríosúin na hÉireann don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2019 agus chomh fada leis an dáta a faomhadh na ráitis airgeadais�

Timpeallacht rialaithe airgeadaisTá timpeallacht rialaithe i bhfeidhm ina bhfuil na comhchodanna seo a leanas:

T Sannadh freagrachtaí airgeadais ar leibhéal bainistíochta le cuntasacht chomhfhreagrach�T Bunaíodh socruithe tuairisceoireachta ar gach leibhéal i gcás gur sannadh freagracht as bainistíocht

airgeadais�T Bunaíodh nósanna imeachta foirmiúla chun teipeanna suntasacha um rialú a thuairisciú agus chun

gníomhartha cuí ceartúcháin a chinntiú�T Tá Coiste Iniúchóireachta ann chun comhairle a thabhairt don Ard-Rúnaí agus do Bhord Bainistíochta na

Roinne maidir le freagrachtaí a chomhlíonadh don chóras rialaithe airgeadais inmheanaigh�

Rialuithe riaracháin agus tuairiscoireacht bhainistíochtaTá creat nósanna imeachta riaracháin agus tuairisceoireachta bainistíochta rialta i bhfeidhm lena n-áirítear dualgais a idirdheighilt agus córas tairmligin agus cuntasachta agus, go háirithe:

T Tá córas buiséadúcháin cuí ann le buiséad bliantúil a ndéanann Foireann na Bainistíochta Feidhmiúcháin (EMT) de chuid Sheirbhís Phríosúin na hÉireann athbhreithniú ráithiúil air chomh maith leis an mbainistíocht shinsearach sa Roinn

T Déanann an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais athbhreithnithe go míosúil ar Choiste Bainistíochta Airgeadais Sheirbhís Phríosúin na hÉireann chomh maith le tuarascálacha tréimhsiúla agus bliantúla airgeadais lena dtugtar feidhmíocht airgeadais i gcoinne réamh-mheastachán le fios

T Feidhmítear córas bainistíochta rioscaí laistigh de Sheirbhís Phríosúin na hEireannT Tá treoirlínte cuí ann maidir le hinfheistíocht chaipitil a rialú chomh maith le disciplíní foirmiúla i bhfeidhm

chun tionscadail a bhainistiú�

58

Tuarascáil Bhliantúil 2019

SolátharDearbhaím go bhfuil nósanna imeachta i bhfeidhm ag Seirbhís Phríosúin na hÉireann lena chinntiú go gcomhlíonfar rialacha agus treoirlínte reatha um sholáthar agus gur chomhlíon Seirbhís Phríosúin na hÉireann na nósanna imeachta sin i rith na bliana 2019�

Creat um Rioscaí agus RialúTá beartas bainistíochta rioscaí agus creat tuairisceoireachta i bhfeidhm ag Seirbhís Phríosúin na hÉireann a gcuimsítear, agus atá ailínithe, le beartas uileghabhálach na Roinne� Tá clár rioscaí corparáideacha ag Seirbhís Phríosúin na hÉireann freisin a ndéanann an Fhoireann Bhainistíochta Feidhmiúcháin athbhreithniú agus uasdátú air i rith na bliana�

Tugtar mionsonraí i gclár na rioscaí ar na rialuithe agus ar na gníomhartha is gá chun rioscaí a mhaolú agus sanntar freagracht do bhaill shonracha den fhoireann as rialuithe a fheidhmiú mar chuid de� Bunaíodh nósanna imeachta foirmiúla chun monatóireacht a dhéanamh ar phróisis um rialú agus cuirtear easnaimh maidir le rialú in iúl dóibh siúd a bhíonn freagrach as gníomhartha ceartúcháin a dhéanamh agus don bhainistíocht agus do Choiste na Rioscaí, i gcásanna ábhartha, go tráthúil�

Sa chuid deiridh de 2019, d’fhostaigh mé speisialtóir seachtrach bainistíochta rioscaí chun oibriú le Seirbhís Phríosúin na hÉireann chun cabhrú le creat athbhreithnithe bainistíochta rioscaí a fhorbairt a bheadh níos láidre agus lena léireofaí an timpeallacht ina bhfeidhmíonn an tSeirbhís� Lean an tionscadal ar aghaidh isteach in 2020 agus leis an gcreat nua atá á fhorbairt, breiseofar conas a thuairiscítear rioscaí agus na córais a úsáidtear chun tacú le rioscaí a thaifeadadh, a thuairisciú agus a bhainistiú agus conas a neadaítear rioscaí sa bhainistíocht ghnó ar na leibhéil straitéiseacha agus oibríochtúla�

Dearbhaím go bhfuil timpeallacht um rialú i bhfeidhm ina bhfuil na comhchodanna seo a leanas:

T doiciméadaíodh nósanna imeachta le haghaidh gach próiseas buntábhachtach gnó, T sannadh freagrachtaí airgeadais ar leibhéal bainistíochta le cuntasacht chomhfhreagrach,T tá córas cuí buiséadúcháin ann le buiséad bliantúil a gcoinníonn an bhainistíocht shinsearach súil ghéar air,T tá córais i bhfeidhm a bhfuil sé d’aidhm acu slándáil na gcóras teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide a

chinntiú�

Athbhreithniú ar an ÉifeachtachtDearbhaím go bhfuil nósanna imeachta i bhfeidhm ag Seirbhís Phríosúin na hÉireann chun monatóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht a nósanna imeachta bainistíochta agus rialaithe rioscaí� Treoraíonn obair na n iniúchóirí inmheánacha agus seachtracha agus an bhainistíocht shinsearach laistigh de Sheirbhís Phríosúin na hÉireann, a bhíonn freagrach as an gcreat rialaithe airgeadais inmheánaigh a fhorbairt agus a chothabháil, monatóireacht agus athbhreithniú Sheirbhís Phríosúin na hÉireann ar éifeachtacht an chórais rialaithe airgeadais inmheánaigh�

Iniúchóireacht Inmheánach agus Coiste IniúchóireachtaTuairiscíonn Seirbhís Phríosúin na hÉireann maidir le gach ceist ó thaobh na hiniúchóireachta de chuig an Aonad Iniúchóireachta Inmheánaí sa Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais� Tá feidhm iniúchóireachta inmheánaí ag an Roinn le foireann atá oilte go cuí, a fheidhmíonn de réir cairt scríofa fhaofa� Is é anailís ar na rioscaí airgeadais agus bainistíochta a threoraíonn a cuid oibre� Faomhann an Coiste Iniúchóireachta na pleananna bliantúla iniúchóireachta inmheánaí agus cuirtear an anailís sin san áireamh iontu� Tá sé d’aidhm leis na pleananna seo na rialuithe buntábhachtacha a chlúdach ar bhonn rollach i gcaitheamh tréimhse réasúnach� Déanann an Coiste Iniúchóireachta athbhreithniú tréimhsiúil ar an bhfeidhm iniúchóireachta inmheánaí�

Rinne Aonad Iniúchóireachta Inmheánaí na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais iniúchtaí i rith 2019 ar rialuithe airgeadais agus ar rialuithe eile i Seirbhís Phríosúin na hÉireann, ar aon dul lena chlár iniúchtaí bliantúla�

59

Tuarascáil Bhliantúil 2019

Tá nósanna imeachta curtha i bhfeidhm agam lena chinntiú go leanfar le cúrsaí a bhíonn faoi thrácht i dtuarascálacha ón bhfeidhm Iniúchóireachta Inmheánaí� Sa chuid deiridh de 2019, thug an Roinn Bainisteoir Iniúchóireachta Inmheánaí ar iasacht do Sheirbhís Phríosúin na hÉireann chun an acmhainn iniúchóireachta inmheánaí a fhorbairt chomh maith le plean gníomhaíochta bliantúil gaolmhar�

Cód Caiteachais Phoiblí na Roinne Caiteachais Phoiblí & Athchóirithe

Dearbhaím go bhfuiltear ag comhlíonadh cheanglais chuí Chód Caiteachais Phoiblí na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe�

Saincheisteanna Rialaithe InmheánaighNíor sonraíodh aon laigeachtaí sa rialú inmheánach i ndáil le 2019 a raibh sé riachtanach iad a nochtadh sna Ráitis Airgeadais�

Caron McCaffrey | Ard-Stiúrthóir

30 Aibreán 2020

60

Tuarascáil Bhliantúil 2019

EOLAS TEAGMHÁLA SHEIRBHÍS PHRÍOSÚIN NA HÉIREANN

Príosún Chnoc an ArbhairCnoc an ArbhairBaile Átha Cliath 7 D07 YV40

Teil: 01 4724000

Facs: 01 4724082

Teach an LocháinIonad Oscailte An BlaicCo� an Chabháin F91 NY76

Teil: 071 9836021

Facs: 071 9853234

Príosún an Chaisleáin RiabhaighCluain Salach, An Caisleán Riabhach Co� Ros Comáin F45 X330

Teil: 094 9625213

Facs:094 9625226

An Príosún Lár TíreBóthar Bhaile Átha Cliath, Port Laoise,Co� Laoise R32 F796

Teil: 057 8672110

/ 057 8672100

Facs: 057 8672199

Príosún Chnoc na SeamarBóthar Chnoc na Seamar, Cluain Dolcáin Baile Átha Cliath 22 D22 WC84

Teil: 01 6304530 /

01 6304531

Facs: 01 6304580

Príosún Mhuinseo An Cuarbhóthar Thuaidh, Baile Átha Cliath 7 D07 YC97

Teil: 01 8062800

Facs: 01 8062824

Príosún ChorcaíBóthar na Rátha Móire Cathair Chorcaí,CorcaighT23 Y642

Teil: 021 2388000

Facs: 021 2387240

Príosún Phort LaoiseBóthar Bhaile Átha Cliath, Port Laoise,Co� Laoise R32 KN97

Teil: 057 8621318

Facs: 057 8620997

Ionad DóchasAn Cuarbhóthar Thuaidh Baile Átha Cliath 7 D07 YC97

Teil: 01 8858987

Facs: 01 8062824

Mainistir SheltonIonad Oscailte An tInbhear Mór,Co� Chill Mhantáin Y14 T638

Teil: 040 242300

Facs: 040 242350

Príosún Luimnigh Sráid Mulgrave, Luimneach V94 P8N1

Teil: 061 204700

Facs: 061 415116

Príosún Pháirc na CruithneachtaBóthar Chnoc na Seamar, Cluain Dolcáin,Baile Átha Cliath 22 D22 Y2V5

Teil: 01 7789400

Facs: 01 7789430

AONAID TACAÍOCHTA DO PHRÍOSÚNAIGH

An Rannán Seirbhísí Foirgníochta

Aonad 2, Eastát Tionsclaíochta

Airways, Seantrabh, Baile Átha

Cliath

Grúpa Tacaíochta Oibríochtúla Árd na Gaoithe,

Cnoc an Arbhair, Baile Átha Cliath 7

D07 YV40

Coláiste Sheirbhís Phríosúin na hÉireann Teach Stack, Bóthar

Bhaile Átha Cliath, Port Laoise, Co� Laoise R32

NX53

Cór Coimhdeachta na Seirbhíse Príosún

Príosún Chnoc na Seamar,

Bóthar Chnoc na Seamar,

Baile Átha Cliath 22 D22 WC84

Ceanncheathrú Sheirbhís Phríosúin na hÉireann, Páirc Ghnó ÚFT, Bóthar Átha na Lao, An Longfort N39A308 Teil: 043 333 5100 Facs: 043 333 5371 Rphost: info@irishprisons�ie Idirlíon: www�irishprisons�ie

61

Tuarascáil Bhliantúil 2019

NÓTAÍ

62

Tuarascáil Bhliantúil 2019

NÓTAÍ

63

Tuarascáil Bhliantúil 2019

NÓTAÍ

64

Tuarascáil Bhliantúil 2019

Páirc Ghnó ÚFT,

Bóthar Bhéal Átha na Lao,

An Longfort N39 A308

Teil: 043 333 5100

Facs: 043 333 5371

Rphost: [email protected]

Idirlíon: www.irishprisons.ie

TIMPEALLACHT NÍOS FEARR A CHRUTHÚ

Ceanncheathrú Sheirbhís Phríosúin na hÉireann, Páirc Ghnó ÚFT, Bóthar Átha na Lao, An Longfort N39A308

T | 043 333 5100 F | 043 333 5371 Rph | [email protected]