20986 efsa strategi plan 2009 2013 ga...fÍs efsa 5 >>>2013 2009 >> is é sprioc efsa ná go...

52
2009-2013 PLEAN STRAITÉISEACH Tiomanta chun cinntiú go bhfuil bia na hEorpa sábháilte AN ÚDARÁIS EORPAIGH UM SHÁBHÁILTEACHT BIA I GCOMHAIR

Upload: others

Post on 04-Feb-2021

3 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

  • 2009-2013

    PLEAN STRAITÉISEACH

    Tiomanta chun cinntiú go bhfuil bia na hEorpa sábháilte

    AN ÚDARÁIS EORPAIGH UM SHÁBHÁILTEACHT BIA I GCOMHAIR

  • ≥ PLEAN STRAITÉISEACH AN ÚDARÁIS EORPAIGH UM

    SHÁBHÁILTEACHT BIA I GCOMHAIR

    Arna ghlacadh i bParma, an Iodáil

    An 18 Nollaig, 2008

    Arna shíniú ag Diána Bánáti, Cathaoirleach

    2009-2013

  • Clár

    C L Á R

    1

    Réamhrá Stiúrthóir Feidhmiúcháin EFSA 2

    1. Fís EFSA 4

    2. EFSA: ón gcoincheap chun na réaltachta 62.1 | An chúis gur bunaíodh EFSA 72.2 | Conas a fhorbraítear ár gcomhairle eolaíoch 82.3 | Ag obair le chéile: an comhoibriú i réimse na sábháilteachta bia 92.4 | Ag dul i dteagmháil lenár ngeallsealbhóirí 102.5 | Cumarsáid riosca chomhtháite don Eoraip 11

    3. Comhthéacsanna ag éabhlóidiú 123.1 | Inbhuanaitheacht 143.2 | Domhandú 153.3 | Eolaíocht agus nuálaíocht 163.4 | Sochaí ag athrú: athruithe déimeagrafacha agus tomhaltais 17 3.5 | Creat eagrúcháin, institiúideach agus beartais 18

    4. Ag tabhairt aghaidhe ar na dúshláin 22> 1. Fócas ar chur chuige lánpháirtithe a sholáthar i leith comhairle eolaíoch a sheachadadh a bhaineann leis an

    slabhra bia ó pháirc go pláta. 24

    > 2. Meastóireacht thráthúil, ardchaighdeáin a sholáthar le haghaidh táirgí, substaintí agus nithe a mhaítear faoi réir ag an bpróiseas rialála údaraithe. 26

    > 3. Próisis a chomhordú maidir le sonraí a thiomsú, a scaipeadh agus a anailísiú sna réimsí atá faoi chuimsiú shainchúram EFSA. 28

    > 4. Socruithe a dhéanamh go mbeidh EFSA ar thús cadhnaíochta ó thaobh na modheolaíochtaí agus na gcleachtas um measúnú rioscaí san Eoraip agus go hidirnáisiúnta. 30

    > 5. Muinín agus iontaoibh as EFSA agus as córas sábháilteachta bia an AE a atreisiú trí rioscaí a chur in iúl go héifeachtach do pháirtithe agus do gheallsealbhóirí agus trí chomhphlé éifeachtach leo. 32

    > 6. Freagrúlacht, éifeachtúlacht agus éifeachtacht EFSA a chinntiú. 34

    5. Conclúid 36

    Iarscríbhinní 38 Iarscríbhinn I – Gluais na dTéarmaí 38 Iarscríbhinn II – Reachtaíocht atá i bhfeidhm a bhaineann leis an EFSA agus reachtaíocht atá á hullmhú ar dócha go

    rachaidh sé i bhfeidhm ar an EFSA 39 Iarscríbhinn III – Buiséad agus Soláthar Foirne 2002-2008 48 Iarscríbhinn IV - Buiséad agus Soláthar Foirne 2009-2013 48

  • C a t h e r i n e G e s l a i n - L a n é e l l e

    S t i ú r t h ó i r Fe i d h m i ú c h á i n

    Táimid ag súil lenár straitéis

    a chur i bhfeidhm go héifeachtach.

    2

    Réamhrá≥

    P L E A N S T R A I T É I S E A C H E F S A 2 0 0 9 – 2 0 1 3

  • R É A M H R Á

    Agus an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia ag tosú ar an séú bliain i mbun oibríochtaí dó, is údar áthais dom a Phlean Straitéiseach a chur i láthair do thréimhse na gcúig bliana 2009-2013, plean a ghlac Bord Bainistíochta EFSA an 18 Nollaig, 2008. Faoi mar a thugtar le fi os lena theideal, is í aidhm an Phlean ná treo straitéiseach meántréimhseach agus fadtréimhseach a sholáthar don Údarás, agus na nithe a bhfuil tús áite le tabhairt dóibh a dhéanamh amach i bhfi anaise éabhlóidiú na timpeallachta oibriúcháin. Agus sin á dhéanamh, déantar iarracht sa Phlean tiománaithe an athraithe a aithint, agus anailís a dhéanamh ar na himpleachtaí a bhaineann leo don eagraíocht amach anseo. Leis an bpróiseas cuimsitheach comhchomhairliúcháin a bhí i gceist agus an Plean Straitéiseach á ullmhú, tugadh an deis do líonra pháirtithe agus gheallsealbhóirí EFSA, agus do pháirtithe leasmhara eile, cabhrú leis an treo a ghlacfaidh an tÚdarás amach anseo a phleanáil. Bhí na hionchuir atá faighte againn ó fhorais agus ó ghníomhaireachtaí na hEorpa, ó ghníomhaireachtaí náisiúnta um shábháilteacht bia, ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, ó gheallsealbhóirí, ó fhoireann EFSA agus ó chomhaltaí an Bhoird Bhainistíochta – agus tríd an gcomhchomhairliúchán poiblí ar láithreán gréasáin EFSA – ríluachmhar ó thaobh raon peirspictíochtaí agus eispéireas difriúil a sholáthar, rud a chuir ar ár gcumas pictiúr níos soiléire a chur i láthair de na dúshláin a bheidh romhainn as seo go ceann an chéad chúig bliana eile agus de na cineálacha cur chuige atá ag teastáil chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin.

    Chomh maith lenár bhfís chorparáideach a chur in iúl, beidh an Plean Straitéiseach ina bhonn dár bPleananna Bainistíochta Bliantúla agus cinnteofar leis an bPlean go mbeidh comhtháiteacht agus leanúnachas i gceist agus cúrsaí á bpleanáil againn. Mar mheasúnóir rioscaí na hEorpa ó thaobh na sábháilteachta bia agus beatha agus réimsí gaolmhara de, leanfaidh tosaíochtaí EFSA ar aghaidh ag éabhlóidiú i gcaitheamh na tréimhse a chuimsítear leis an bPlean. Mar sin, tá sé i gceist go mbeadh an Plean Straitéiseach ina dhoiciméad beo dinimiciúil a dtabharfar súil siar go rialta air.

    Táimid ag súil lenár straitéis a chur i bhfeidhm go héifeachtach.

    Parma, 18 Eanáir 2009

    3

    Catherine Geslain-Lanéelle, Stiúrthóir Feidhmiúcháin

  • P L E A N S T R A I T É I S E A C H E F S A 2 0 0 9 – 2 0 1 3

    4

    1.

    Fís EFSA≥

  • F Í S E F S A

    5

    >>>20132009 >>

    Is é sprioc EFSA ná go n-aithneofar go domhanda é mar chomhlacht tagartha na hEorpa maidir le rioscaí a mheasúnú ó thaobh sábháilteachta bia agus beatha, sláinte agus leasa ainmhithe, cothaithe, cosanta plandaí agus sláinte plandaí. Is é an cuspóir is mó atá aige ar deireadh ná an tsláinte phoiblí a chosaint agus muinín na dtomhaltóirí i soláthar bia na hEorpa a láidriú. Féachann EFSA le bheith ina chomhpháirtí neamhspleách, freagrúil agus iontaofa do bhainisteoirí rioscaí agus le bheith réamhghníomhach ó thaobh a bheith ag cur leis an ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí atá roghnaithe ag an Aontas Eorpach.

    1.

  • P L E A N S T R A I T É I S E A C H E F S A 2 0 0 9 – 2 0 1 3

    6

    EFSA: ón gcoincheap chun na réaltachta

    2.

  • 1 White Paper on Food Safety [Páipéar Bán um Shábháilteacht Bia], Coimisiún Eorpach, Eanáir 2000, féach http://ec.europa.eu/food/food/intro/white_paper_en.htm

    2 Rialachán (CE) Uimh 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i dtaobh cúrsaí sábháilteachta bia.

    3 European Food Safety Summit [Cruinniú Mullaigh na hEorpa um Shábháilteacht Bia]. Arna chomheagrú ag an gCoimisiún Eorpach, EFSA agus Uachtaránacht na Portaingéile ar ócáid chomórtha Cúig Bliana d’EFSA, féach http://www.efsa.europa.eu/EFSA/efsa_locale-1178620753812_1178621168192.htm

    E F S A : Ó N G C O I N C H E A P C H U N N A R É A L T A C H T A

    2.1 | An chúis gur bunaíodh EFSAAn Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa a bhunaigh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) in 2002 tar éis sraith scéalta sceimhle faoin tsábháilteacht bia lenar tugadh chun suntais an gá le hathbhreithniú cuimsitheach ar chóras na hEorpa maidir le dlíthe bia a fhorbairt. Cé gur aithníodh leis an White Paper on Food Safety1 [Páipéar Bán um Shábháilteacht Bia] go soláthródh gníomhaireacht Eorpach, a bheadh freagrach as rioscaí sa slabhra bia a mheasúnú go heolaíoch, agus a mbeadh de chumas aige na rioscaí seo a chur in iúl go neamhspleách, bonn le haghaidh feabhsuithe ar chóras na ndlíthe bia agus go gcabhródh gníomhaireacht Eorpach den sórt sin le muinín i soláthar bia na hEorpa, sa Mhargadh Inmheánach agus sa trádáil idirnáisiúnta a bhreisiú.

    Sainmhínítear prionsabail na hanailíse rioscaí le Rialachán Bunaitheach EFSA2, agus cuirtear na prionsabail seo sa chomhthéacs Eorpach trí Dlíthe Ginearálta a fhorbairt maidir le Bia agus tríd an bhfreagracht, as rioscaí a mheasúnú go neamhspleách ar leibhéal na hEorpa, a chur ar EFSA. Tá dhá rud i gceist le sainchúram foriomlán EFSA faoin Rialachán: comhairle eolaíoch neamspleách, ardchaighdeáin agus tráthúil a sholáthar ar bhealach lánpháirtithe maidir le rioscaí sa slabhra bia "ó fheirm go forc" agus na rioscaí sin a chur in iúl ar bhealach oscailte do gach páirtí leasmhar agus don phobal iomlán. Dearbhphrionsabal ríthábhtachtach a bhí i gceist agus EFSA á bhunú ná go raibh na freagrachtaí ó thaobh rioscaí a mheasúnú agus rioscaí a bhainistiú scartha óna chéile ó thaobh feidhmiúlachta de. Ceann de na teachtaireachtaí lárnacha a tháinig amach ón European Food Safety Summit [Cruinniú Mullaigh na hEorpa um Shábháilteacht Bia]3 ná go soláthraítear creat éifeachtach le Rialachán Bunaitheach EFSA chun a mhisean a chomhlíonadh, chomh maith leis an tsolúbthacht chun freagairt don timpeallacht beartais agus í ag éablóidiú.

    In 2003, chuir an tÚdarás tús lena ghníomhaíochtaí eolaíocha. Cúig bliana ina dhiaidh, tá EFSA tar éis fás mar eagraíocht, ní amháin ó thaobh acmhainní ach ó thaobh córas, líonraí, uirlisí, próiseas rialachais agus gníomhaíochtaí eile atá deartha chun a chur ar a chumas a shainchúram a chomhlíonadh. Luachanna ríthábhachtacha na hoscailteachta agus na trédhearcachta a threoraíonn an tÚdarás ina chuid oibre, chomh maith le sármhaitheas san eolaíocht, neamhspleáchas agus freagrúlacht. Soláthraíonn comhairle eolaíoch EFSA bonn fi anaise do bhainisteoirí rioscaí chun tomhaltóirí a chosaint agus le haghaidh beart eile atá dírithe ar an ardleibhéal cosanta sláinte atá roghnaithe ag an gComhphobal a áirithiú, chomh maith leis an Margadh Inmheánach agus an trádáil idirnáisiúnta a chothabháil.

    7

    2.

    http://ec.europa.eu/food/food/intro/white_paper_en.htmhttp://www.efsa.europa.eu/EFSA/efsa_locale-1178620753812_1178621168192.htm

  • P L E A N S T R A I T É I S E A C H E F S A 2 0 0 9 – 2 0 1 3

    4 EFSA, Register of Questions [Clár na gCeisteanna], féach http://registerofquestions.efsa.europa.eu/roqFrontend/questionsListLoader?panel=ALL

    5 How we work [Conas a oibrímid], láithreán gréasáin EFSA, féach http://www.efsa.europa.eu/EFSA/AboutEfsa/efsa_locale-1178620753812_HowWeWork.htm

    6 Approaches to enhance EFSA’s

    responsiveness to urgent questions [Cineálacha cur chuige chun freagrúlacht EFSA i leith ceisteanna práinneacha a bhreisiú], láithreán gréasáin EFSA eolas is déanaí Iúil 2007, féach http://www.efsa.europa.eu/EFSA/efsa_locale-1178620753812_1178623591901.htm

    7 Láithreán gréasáin EFSA, Declarations of Interest [Fógraí Leasa], féach http://www.efsa.europa.eu/EFSA/AboutEfsa/WhoWeAre/efsa_locale-1178620753812_DeclarationsInterest.htm

    2.2 | Conas a fhorbraítear ár gcomhairle eolaíochDeich bPainéal Eolaíocha agus Coiste Eolaíoch a tháirgeann tuairimí eolaíocha EFSA agus an chomhairle eile a thugann sé, le tacaíocht ó fhoireann EFSA. Tá na Painéil agus an Coiste comhdhéanta de shaineolaithe ón Eoraip agus ó thíortha níos faide i gcéin a roghnaítear trí nós imeachta oscailte ar bhonn a saineolais agus a neamhspleáchais chruthaithe ó thaobh na heolaíochta. Tugann an tÚdarás aghaidh ar rioscaí ar bhealach lánpháirtithe, agus cur chuige ildisciplíneach á úsáid lena dtugtar aghaidh ar leanúntas iomlán an tslabhra bia, agus sa chás gur cuí, lena soláthraítear faisnéis eolaíoch ar shochair agus ar chomparáidí rioscaí ionas go gcuirfear ar chumas bainisteoirí rioscaí a gcinntí a dhéanamh ar bhonn faisnéise cuimsithí.

    Is mar fhreagra ar iarratais ón gCoimisiún Eorpach4 formhór mór na hoibre a dhéanann EFSA, 90% a bheag nó a mhór, agus tagann an chuid eile de na hiarratais ó Bhallstáit agus ó Pharlaimint na hEorpa. Bíonn EFSA réamhghníomhach lena chois sin toisc, lena Rialachán Bunaitheach, go gcuimsítear an cumas go dtionscnódh an Ghníomhaireacht a cuid oibre féin (féin-sainordú). Go dtí seo (Meitheamh 2008), tá EFSA tar éis sainordú a thabhairt dó féin ar 87 ócáid agus is é seo ach go háirithe a d'fhág go raibh sé in ann cur chuigeanna agus treoircháipéisí bunúsacha a fhorbairt.

    Agus tá an t-éileamh ar thuairimí eolaíocha ag fás. Sna chéad chúig bliana i mbun oibríochta dó, tá breis is 680 tuairim eisithe ag EFSA; d'eisigh sé breis is 200 in 2007 amháin. Ní bhaineann fi úntas ar bith leis an aschur ann féin mura mbíonn na tuairimí ag teacht leis an méid a mbíonn bainisteoirí rioscaí ag súil leis ó thaobh na cáilíochta agus na hinúsáideachta. Thug EFSA clár dearbhaithe cáilíochta5 isteach in 2007/2008 mar sin ionas go n-athbhreithneofaí agus go láidreofaí cáilíocht a oibre eolaíche go leanúnach. Tá córas meastóireachta inmheánaí san áireamh leis seo lena áirithiú gur cuimhníodh go comhsheasmhach ar chéimeanna ríthábhachtacha, agus tuairimí eolaíocha agus aschuir eolaíocha eile á dtáirgeadh. Láidreoidh EFSA é seo tuilleadh in 2009 trí chéim mheastóireachta seachtraí a chur chun feidhme, agus beidh foireann athbhreithniúcháin seachtrach neamhspleách i gceist leis sin. Tá EFSA ag cuimhneamh ar thionscnaimh bhreise freisin chun aitheantas a bhunú do cháilíocht a mhodhanna measúnaithe agus a aschur. Tá an fhreagrúlacht tábhachtach freisin agus tá EFSA tar éis nósanna imeachta meara a ghlacadh le haghaidh saincheisteanna práinneacha ó thaobh na sábháilteachta bia agus beatha6 chun cabhrú le bainisteoirí rioscaí gníomhú go tráthúil chun rioscaí a mhaolú.

    Tá beartais agus nósanna imeachta forbartha ag EFSA maidir le leasanna a fhógairt7 chun neamhspleáchas a oibre eolaíche agus oibre eile a áirithiú. Tá gach ceann d'aschuir eolaíocha agus de dhoiciméid ghaolmhara EFSA ar fáil go poiblí ar a láithreán gréasáin chun trédhearcacht a chinntí a áirithiú.

    8

    2.

    http://registerofquestions.efsa.europa.eu/roqFrontend/questionsListLoader?panel=ALLhttp://www.efsa.europa.eu/EFSA/AboutEfsa/efsa_locale-1178620753812_HowWeWork.htmhttp://www.efsa.europa.eu/EFSA/efsa_locale-1178620753812_1178623591901.htmhttp://www.efsa.europa.eu/EFSA/AboutEfsa/WhoWeAre/efsa_locale-1178620753812_DeclarationsInterest.htm

  • 8 27

    Ballstát + tíortha comharsanachta

    9 Airteagal 27, Rialachán 178/2002

    10 Strategy for cooperation and networking between the EU Member States and EFSA [Straitéis don chomhoibriú agus líonrú idir Ballstáit an AE agus EFSA], Nollaig 2006, láithreán gréasáin EFSA, féach http://www.efsa.europa.eu/EFSA/DocumentSet/mb_strategy_28thmeet_en_6a,1.pdf

    11 Joint EFSA/ECDC- The Community Summary Report on Trends and Sources of Zoonoses, Zoonotic Agents, Antimicrobial resistance and Foodborne outbreaks in the European Union in 2006 [Comhthuarascáil EFSA/ECDC - Tuarascáil Achomair an Chomhphobail maidir le Treochtaí agus Foinsí Zónóisí, Oibreáin Zónóiseacha, Frithsheasmhacht fhrithmhiocróbach agus Ráigeanna de ghalair bhia-iompartha san Aontas Eorpach in 2006]

    E F S A : Ó N G C O I N C H E A P C H U N N A R É A L T A C H T A

    2.3 | Ag obair le chéile: an comhoibriú i réimse na sábháilteachta bia Oibríonn EFSA i gcomhar le Ballstáit, comhlachtaí Eorpacha, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus tríú tíortha chun faisnéis, sonraí agus dea-chleachtais a roinnt, chun rioscaí atá ag teacht chun cinn a aithint agus teachtaireachtaí comhtháite a fhorbairt maidir le rioscaí sa slabhra bia. Chun sin a dhéanamh, tá líonraí éifeachtacha cruthaithe aige lena gcuimsítear breis is 1000 saineolaí, 30 gníomhaireacht náisiúnta8 agus 200 eagraíocht eolaíoch a bhfuil sé de chumas acu obair d'EFSA a dhéanamh faoi Airteagal 36 den Rialachán Bunaitheach. Rud ríthábhachtach ar tugadh tús áite dó agus atá ina thosaíocht ríthábhachtach fós ná rioscaí atá ag teacht chun cinn a aithint. Tá a chumas sa réimse seo méadaithe ag EFSA maidir le hoibriú i gcomhar le gníomhaireachtaí náisiúnta, tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta go dlúth chun eolas agus faisnéis eile atá cothrom le dáta a bhailiú go rianúil chun rioscaí atá ag teacht chun cinn a aithint agus a anailísiú.

    Tugtar ionadaithe ó údaráis náisiúnta gach ceann de na 27 Ballstát, móide Stáit máguaird, le chéile san Advisory Forum [Fóram Comhairleach]9 agus soláthraítear ardán leis don chomhoibriú idir Ballstáit agus EFSA agus idir na Ballstáit féin. Lena chúnamhsan, tá Strategy on Cooperation agus Networking [Straitéis do Chomhoibriú agus Líonrú]10 forbartha ag EFSA lena leagtar amach creat agus tosaíochtaí na comhoibre idir é féin agus Ballstáit. Breisíodh an comhoibriú tuilleadh in 2007/2008 nuair a bunaíodh Focal Points [Pointí Fócasacha] i mBallstáit a ghníomhóidh mar chomhéadan idir EFSA agus na húdaráis náisiúnta um shábháilteacht bia, forais taighde agus geallsealbhóirí náisiúnta. An tosaíocht is mó atá acu ná faisnéis faoi shaincheisteanna eolaíocha a mhalartú.

    Úsáidtear acmhainní eolaíocha uile-Eorpacha trí shraith na dtionscadal comhoibre eolaíche [scientifi c cooperation projects (ESCOs)] a bunaíodh in 2006. Leis na tionscadail seo, bítear ag díriú ar shaincheisteanna sonracha ó thaobh na sábháilteachta bia agus beatha atá ina n-údar spéise ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an AE araon, amhail rioscaí atá ag teacht chun cinn a aithint.

    Bíonn EFSA ag comhoibriú le gníomhaireachtaí eile an AE (GLE [EMEA], GCE [EEA], ECDC agus ECHA), leis an Ionad Comhthaighde agus Coistí Eolaíocha an Choimisiúin Eorpaigh nach coistí bia iad ionas go roinnfí cleachtais agus faisnéis. Mar shampla, d'oibrigh EFSA i gcomhpháirtíocht leis an ECDC maidir le zónóisí11 agus an fl iú éanúil. Chun bonn daingean a sholáthar le haghaidh comhoibriú a bhreisiú, tá comhaontuithe le hECDC agus leis an Ionad Comhthaighde curtha ar bhonn foirmiúil ag EFSA.

    Bíonn an tÚdarás freagrach as modheolaíochtaí bailithe sonraí a chomhchuibhiú, as sonraí uile-Eorpacha a bhailiú agus as bealaí a sholáthar le teacht orthu ar mhaithe lena chuspóirí féin

    9

    2.

    http://www.efsa.europa.eu/cs/BlobServer/resource_EFSA/about/core/mb_strategy_28thmeet_en_6a.pdf?ssbinary=true

  • P L E A N S T R A I T É I S E A C H E F S A 2 0 0 9 – 2 0 1 3

    agus ar mhaithe le bainisteoirí rioscaí agus comhlachtaí náisiúnta um measúnú rioscaí. Tá torthaí faighte dá bharr seo cheana féin i réimse na zónóisí12; éascófar measúnuithe rioscaí uile-Eoraip de bharr tionscnamh eile, amhail sonraí a thiomsú ar mhinicíocht na gceimiceán agus an bunachar sonraí achomair um chaitheamh bia lena lánpháirtítear sonraí ó Bhallstáit.

    Ar an ábhar gur rioscaí dhomhanda go leor de na cinn a bhaineann le bia sa lá atá inniu ann, tá sé tábhachtach go nglacfadh EFSA ról láidir chuige féin sa réimse idirnáisiúnta um measúnú rioscaí, ionas go gcoinneofar EFSA ar an eolas faoi éabhlóidiú cásanna rioscaí agus go gcuirfear leis an obair eolaíoch a bhíonn ag teastáil chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí domhanda. In 200713, chuir EFSA comhaontú rúndachta leis an US Food agus Drug Administration [Údarás Bia agus Drugaí SAM] ar bhonn foirmiúil agus tá pléití ar siúl go leanúnach chun comhaontuithe cosúil leis a ullmhú le heagraíochtaí eile. Chabhraigh EFSA ar an leibhéal idirnáisiúnta go gníomhach le rioscaí a mheasúnú agus le modheolaíochtaí um measúnú rioscaí a fhorbairt chomh maith faoi scáth na hEagraíochta Domhanda Sláinte/na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta14 agus comhlachtaí idirnáisiúnta eile, agus tá naisc bunaithe aige le Comhlachtaí réigiúnacha amhail an Eagraíocht Eorpach agus Meánmhuirí um Chosaint Plandaí (EPPO).

    Faoi chuimsiú an chreata um méadú an AE, tá EFSA ag obair le tíortha is iarrthóirí agus le tíortha réamhaontachais chun tuiscint ar obair an Údaráis a chur chun cinn, saineolas a roinnt, meicníochtaí malairte faisnéise a chruthú, agus na húdaráis náisiúnta agus an Coimisiún Eorpach a thabhairt isteach i gcleachtais um chomhordú le linn géarchéime.

    2.4 | Ag dul i dteagmháil lenár ngeallsealbhóiríTá an oscailteacht agus an trédhearcacht ina bprionsbail oibriúcháin ríthábhachtacha don Údarás15. Le Rialachán Bunaitheach agus modhanna oibre EFSA, léirítear prionsabail an rialachais, faoi mar a forbraíodh sa White Paper on European governance ó 200116 [Páipéar Bán 2002 um rialachas Eorpach], chomh maith le gníomhartha an Choimisiúin a rinneadh níos déanaí i ndáil lena chlár 'Europe for Citizens'17. Lean EFSA le beartas gníomhach i dtreo rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí trí chomhchomhairliúcháin faoi dhoiciméid ríthábhachtacha, faoin dréacht-tuairim maidir le clónáil ainmhithe mar shampla agus na dréacht-treoirdhoiciméid maidir le horgánaigh arna mhodhnú go géiniteach agus maidir le breiseáin bheatha. Buaileann EFSA le geallsealbhóirí go rialta agus, trína ardán comhchomhairliúcháin do gheallsealbhóirí18, téann sé i dteagmháil leis an tsochaí shibhialta, le heagraíochtaí neamhrialtasacha agus le hionadaithe tomhaltóirí agus ionadaithe an tslabhra bia.

    10

    12 Treoir 2003/99/CE

    13 EFSA and FDA Strengthen Cooperation in Food Safety [Comhoibriú á Láidriú ag EFSA agus ag an Riarachán Bia agus Drugaí maidir leis an tSábháilteacht Bia], láithreán gréasáin EFSA, Iúil 2007, féach http://www.efsa.europa.eu/EFSA/efsa_locale-1178620753812_1178621165446.htm

    14 GMO - Tascfhórsa Codex Biotech

    15 Airteagail 38, 178/2002

    16 White Paper on European governance [Páipéar Bán um Rialachas Eorpach] a ghlac an Coimisiún an 25.07.2001, COIM (2001) 428 críochnaitheach.

    17 Cinneadh Uimh 1904/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 lenar bunaíodh an clár ‘Europe for Citizens’ [An Eoraip do Shaoránaigh] don tréimhse 2007 go dtí 2013 chun saoránacht ghníomhach a chur chun cinn san Eoraip.

    18 EFSA Stakeholder Consultative Platform [Ardán Comhchomhairliúcháin EFSA do Gheallsealbhóirí], Téarmaí Tagartha, féach http://www.efsa.europa.eu/EFSA/General/iai_stakeholder_platform_tor_september2006_en,2.pdf

    2.

    http://www.efsa.europa.eu/EFSA/efsa_locale-1178620753812_1178621165446.htmhttp://www.efsa.europa.eu/EFSA/General/iai_stakeholder_platform_tor_september2006_en,2.pdf

  • 19 EFSA Risk Communications Strategy and Plans [Straitéis agus Pleananna EFSA um Rioscaí a Chur in Iúl], féach http://www.efsa.europa.eu/EFSA/General/mb_commstrategy_fi nal_20061108.pdf

    20 Airteagail 56 agus 57 Rialachán CE 178/2002

    E F S A : Ó N G C O I N C H E A P C H U N N A R É A L T A C H T A

    In 2008, choimisiúnaigh EFSA athbhreithniú seachtrach ar a ghníomhaíochtaí maidir le geallsealbhóirí lena chinntiú go mbeadh an idirghníomhaíocht le geallsealbhóirí éifeachtach, gurb ar mhaithe le hEFSA agus na geallsealbhóirí araon a bheadh sé agus go gcomhlíonfaí an méid lena mbítear ag súil ón idirghníomhaíocht go ginearálta. Cuimhneoidh EFSA ar rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí tuilleadh sna blianta atá le teacht agus go háirithe ar rannpháirtíocht na dtomhaltóirí.

    2.5 | Cumarsáid riosca chomhtháite don EoraipÓ tionscnaíodh EFSA, bhí sé gníomhach lena obair a chur in iúl agus, trína straitéis chumarsáide19, d'aithin sé cur chuige foriomlán chun cinntiú go seachadann sé faisnéis achomair, shimplí agus chruinn faoi rioscaí agus faoi ról agus chuspóirí an Údaráis sa chóras Eorpach freisin. Is mór an dúshlán a bhíonn i gceist le hábhar maidir le saincheisteanna casta eolaíocha a chur in iúl do dhaonra ilghnéitheach, ó thaobh cultúir agus teanga, 500 milliún saoránach, nach mór, an AE agus ní féidir sin a bhaint amach agus EFSA ag obair ina aonar. Mar sin, bíonn ag tÚdarás ag comhoibriú go dlúth leis na húdaráis náisiúnta um shábháilteacht bia tríd an Advisory Forum Working Group on Communications [Meitheal Chumarsáide an Fhóraim Chomhairligh] lena chinntiú go bhfaigheann tomhaltóirí teachtaireachtaí ábhartha, intuigthe, comhsheasmhacha a mbeidh brí leo agus a bheidh bunaithe ar fhaisnéis neamhspleách atá bunaithe ar fhianaise. Comhordaíonn EFSA a ghníomhíochtaí le rioscaí a chur in iúl in éineacht le bainisteoirí rioscaí freisin, go háirithe an Coimisiún Eorpach, ionas go gcothófar comhtháiteacht fhoriomlán i dteachtaireachtaí poiblí faoi rioscaí. Baineann tábhacht ar leith leis seo le linn géarchéimeanna20.

    Agus a Advisory Group on Risk Communication [Grúpa Comhairleach maidir le Rioscaí a Chur in Iúl] á threorú, féachann an tÚdarás le monatóireacht agus meastóireacht a dhéanamh ar bhraistintí tomhaltóirí i leith rioscaí agus sochar a bhaineann le bia agus ar thionchar na dteachtaireachtaí faoi rioscaí ar eolas, dhearcaí agus, ar deireadh, iompar tomhaltóirí.

    11

    2.

    http://www.efsa.europa.eu/EFSA/General/mb_commstrategy_final_20061108.pdf

  • P L E A N S T R A I T É I S E A C H E F S A 2 0 0 9 – 2 0 1 3

    12

    Comthéacsanna ag éabhlóidiú

    3.

  • 21 Future Challenges Paper: 2009-2014, [Páipéar maidir le Dúshláin Amach Anseo: 2009-2014] an Ard-Stiúrthóireacht Sláinte agus Tomhaltóirí, féach http://CE.europa.eu/dgs/health_consumer/events/future_challenges_en.htm

    C O M T H É A C S A N N A A G É A B H L Ó I D I Ú

    13

    Tá réimsí na mbeartas a bhaineann le hobair EFSA tar éis éabhlóidiú i ndiaidh a bhunaithe agus leanfaidh an t-éabhlóidiú sin ar aghaidh. Tá na príomhnithe lena ngríosófar athruithe sna blianta atá le teacht aitheanta ag an Ard-Stiúrthóireacht Sláinte agus Tomhaltóirí sna cúrsaí a bhaineann leis ó thaobh beartas, agus is í an Ard-Stiúrthóireacht an comhlacht a bhfuil an caidreamh oibre is dlúithe ag EFSA leis. Is iad na gríosóirí atá aitheanta aige ná muinín na dtomhaltóirí, athruithe ar an tsochaí, rialachas agus an domhandú21. Aithníonn EFSA go n-imreoidh siad seo tionchar mór ar a chuid oibre go fadtéarmach; téann na fachtóirí céanna i bhfeidhm air ar ndóigh is a théann i bhfeidhm ar bhainisteoirí rioscaí ach d’fhéadfadh na hiarmhairtí, spriocanna agus réitigh fhadtéarmacha a bheith difriúil di mar eagraíocht. Tá na nithe móra seo a leanas, a rachaidh i bhfeidhm ar an eagraíocht i gcaitheamh an chéad chúig bliana eile, aitheanta ag EFSA agus é ag machnamh ar chúrsaí.

    3.

    http://ec.europa.eu/dgs/health_consumer/events/future_challenges_en.htm

  • P L E A N S T R A I T É I S E A C H E F S A 2 0 0 9 – 2 0 1 3

    22 The Sixth Environment Action Programme of the European Commission 2002-2012 [Séú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil an Choimisiúin Eorpaigh 2002-2012], féach http://CE.europa.eu/environment/newprg/strategies_en.htm

    23 CAP Health-Check Samhain 2007

    24 Renewed EU Sustainable Development Strategy 2006 [Straitéis Athnuaite an AE um Fhorbairt Inbhuanaithe 2006]- Comhairle an Aontais Eorpaigh 15/16 Meitheamh 2006

    25 An Ard-Stiúrthóireacht Talmhaíochta, http://CE.europa.eu/agriculture/foodqual/index_en.htm#sustainability

    26 Conradh Liospóin, Nollaig 2007

    27 The New Animal Health Strategy (2007-2013): Prevention is better than cure [An Straitéis Nua um Shláinte Ainmhithe (2007-2013): Is fearr easláinte a chosc ná a leigheas], An Ard-Stiúrthóireacht Sláinte agus Tomhaltóirí, 2007

    28 Role of EFSA in contributing to the improvement of animal health in Europe [Ról EFSA um chur le sláinte ainmhithe a fheabhsú san Eoraip] (á ullmhú) http://www.efsa.europa.eu/EFSA/efsa_locale-1178620753812_1211902168979.htm

    29 Tuairiscí ón bPhainéal Idir-Rialtasach ar Athrú Aeráide

    30 Teachtaireacht ón gCoimisiún, An EU strategy for biofuels [Straitéis AE le haghaidh bithbhreoslaí], Feabhra 2006

    31 Meastacháin na Náisiún Aontaithe

    32 Tackling the challenge of rising food prices: directions for EU action. [Ag dul i ngleic le dúshlán an ardaithe ar phraghasanna bia: treoracha le haghaidh gníomhartha AE] Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach do Pharliamint na hEorpa, don Chomhairle, don Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus do Choiste na Réigiún, 20.5.2008.

    14

    3.1 | Inbhuanaitheacht Dianmhodhanna talmhaíochta is mó a bhíonn á n-úsáid i gcuid mhór den Eoraip agus tá an treocht ann i dtreo amhábhar tromthoraidh gan ghalair agus i dtreo agraicheimiceáin a úsáid. Fágann an tionchar ar an ithir, ar chúrsaí bithéagsúlachta, ar sholáthairtí uisce agus ar chúrsaí ó thaobh truaillithe, chomh maith leis an bhféidearthacht go dtruailleofar barra bia nó beatha, agus na héifeachtaí ar ainmhithe dá dtáirgtear bia, go bhfuil na dúshláin ó thaobh cúrsaí measúnaithe atá roimh EFSA ag dul i gcastacht i gcónaí. Tá an ceanglas maidir le rioscaí comhshaoil a mheasúnú ina chomhchuid de mheasúnuithe rioscaí i roinnt limistéar cheana féin, agus táthar ag súil go rachaidh an ceanglas sin i bhfairsinge22.

    Tá athchóirithe ar an gComhbheartas Talmhaíochta23 ar an rud is bunúsaí atá ag gríosadh athruithe, chomh maith le beartais chomhshaoil a bheith á gcur i bhfeidhm níos fairsinge i leith nósanna táirgthe bia agus na hinbhuanaitheachta24,25 agus beidh athruithe á ngríosadh de bharr na mbeartas sin go leanúnach. Lena chois sin, de bharr na béime méadaithe ar shláinte agus leas ainmhithe26,27 ar leibhéal an Chomhphobail, imreofar tionchar ar obair agus ar threo EFSA28. Tá sláinte agus leas ainmhithe fi te fuaite lena chéile, agus i roinnt cásanna agus gnéithe zónóiseacha i gceist, tá rioscaí ann a bhaineann leis an tsláinte phoibli.

    Táthar ag súil go rachaidh an t-athrú aeráide i bhfeidhm ar chleachtais agus ar phatrúin táirgthe bia agus barr, agus táthar ag súil le hathruithe freisin ar dháileadh na ngalar plandaí agus ainmhithe agus ar dháileadh veicteoirí galair29. D'fhéadfaí a bheith ag súil go dtiocfaidh athruithe ar phatrúin úsáide na n-agraicheimiceán dá thoradh freisin, chomh maith le riosca níos mó go mbeidh paindéimí domhanda ann amhail fl iú éanúil agus d'fhéadfadh dúshláin nua a bheith roimh EFSA i roinnt mhaith réimsí oibre dá bharr. D'fhéadfadh an galar gormtheanga i dtuaisceart na hEorpa a bheith ina luath-tháscaire faoin méid a bhféadfaimís a bheith ag súil leis amach anseo.

    Táthar ag súil gur minice a rachaidh tionchair eile i bhfeidhm ar sholáthar bia na hEorpa, mar shampla: an méadú ar éilimh agus athruithe ar phatrúin tomhaltais ó na geilleagair atá ag teacht chun cinn; praghsanna fuinnimh; triomach sa leathsféar theas; agus méadú ar an úsáid a bhaintear as talamh le haghaidh bithbhreoslaí, rud atá tar éis fás bliain i ndiaidh bliana ó 200430. Rachaidh éileamh an domhain ar bhia i méad ag an am céanna agus táthar ag súil, faoi 2030, go mbeidh ar an domhan a dhá oiread bia is atá á tháirgeadh faoi láthair a tháirgeadh, a bheag nó a mhór, chun freastal ar riachtanais a bhfuiltear ag súil leo31. Léirítear na forbairtí seo san ardú fíorghéar ar phraghsanna bia le déanaí32 ach, níos faide ar aghaidh, is deacair a mheas cén tionchar ar leith a imreoidh siad ar obair EFSA.

    3.

    http://ec.europa.eu/environment/newprg/strategies_en.htmhttp://ec.europa.eu/agriculture/quality/index_en.htmhttp://www.efsa.europa.eu/EFSA/efsa_locale-1178620753812_1211902168979.htm

  • 33 EU Bilateral Trade Relations [Caidreamh Trádála Déthaobhach an AE], An Ard-Stiúrthóireacht Trádála, Staidreamh ar Mheitheamh 2006, féach http://trade.CE.europa.eu/doclib/docs/2006/june/tradoc_129093.pdf

    34 Ghéaraigh ar luas na n-onnmhairí agus na n-allmhairí in 2006 agus fás 11% ar an dá cheann, an méadú bliantúil is láidre ar fad ó 2000. Is iad na Stáit Aontaithe príomhchustaiméir thionscal bia agus dí na hEorpa agus é ag glacadh 22% d’onnmhairí uile an AE. Tá an méadú gasta ar líon na n-onnmhairí chuig an Rúis ag leanúint ar aghaidh, agus é ina ábhar suntais gur tháinig méadú 24% orthu in 2006. Den chéad uair, áirítear an tSín i measc na 10 dtír is mó a n-onnmhairítear chucu, agus luach beagnach €1 billiún d’onnmhairí ag dul ann. • Is ionann líon na n-allmhairí ón mBrasaíl agus ón Airgintín agus an cúigiú cuid d’iomlán na mbianna agus na ndeochanna arna n-allmhairiú chuig an AE. Léirítear méadú suntasach ar allmhairí, leis an staidreamh , ó thíortha na Meánmhara (+21%), ón Rúis (+25%), ón tSín (+25%), ó roinnt tíortha de Chomhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas (an Téalainn +22%, Vítneam +60%). • Is léir gur tháinig méadú ar líon na n-allmhairí le 6 bliana anuas ó thíortha atá ag teacht chun cinn, ach ó thaobh a fheabhas is a d’éirigh le táirgí bia agus deochanna an AE, tá cúrsaí measctha - foinse sonraí agus treochtaí CIAA [Cónaidhm Thionscail Bhia agus Deochanna an AE] i gcomhair 2006

    35 Airteagal 50.3 178/2002, féach http://CE.europa.eu/food/food/rapidalert/index_en.htm

    C O M T H É A C S A N N A A G É A B H L Ó I D I Ú

    3.2 | DomhandúFoinsítear táirgí agus comhábhair bhia as chuile chearn den domhan33. Is minice a bhíonn tomhaltóirí ag éileamh go mbeidh siad in ann teacht ar bhianna, a bhíodh ina mbianna séasúracha tráth, i gcaitheamh na bliana ar fad agus bíonn bianna saoráideacha feiceálach sna siopaí i gcuid mhór Ballstát. Tá an treocht sa trádáil dhomhanda bhia, ó thaobh allmhairí agus onnmhairí araon, ag dul in airde34. Ní ghéilleann rioscaí maidir le sábháilteacht bia d'aon teorainneacha idirnáisiúnta agus chuir an Córas Mear-Rabhaidh um Bia don Duine agus d'Ainmhithe35 7300 fógra, a bheag nó a mhór, amach le haghaidh bia agus beatha arna n-allmhairiú isteach sa Chomhphobal in 2007, rud lena léirítear tréithe domhanda na rioscaí agus lena leagtar béim ar an ngá le bheith san airdeall ar ghuaiseacha nua a bheith á dtabhairt isteach san AE agus ar na cinn sin a ndeachthas i ngleic leo cheana féin a bheith á dtabhairt isteach an athuair, e.g. Einceifi leapaite Spúinseach Bólachta nó BSE. An rud a d'fhéadfadh a bheith ina fhadhb réigiúnach nó náisiúnta san am atá caite, d'fhéadfadh sé a bheith ina fhadhb a chuimseodh an Eoraip nó an domhan ar fad fi ú má thagann sé chun cinn i mbia nó i gcomhábhar a thrádáiltear nó a úsáidtear go fairsing. Caithfear faisnéis agus sonraí ó raon leathan foinsí a mheasúnú ionas gur féidir bearta cuí a dhéanamh chun tomhaltóirí a chosaint.

    Ar deireadh, téann cuid mhór d'obair an Údaráis i bhfeidhm ar na caighdeáin a chuireann an tAE i bhfeidhm sa Mhargadh Inmheánach agus le haghaidh bianna a thrádáiltear go hidirnáisiúnta freisin ó thaobh an ardleibhéal sláinte atá roghnaithe aige a bhaint amach. Maidir leis seo, tharlódh gur mhinice a dhéanfadh comhpháirtithe trádála, agus b'fhéidir an Eagraíocht Trádála Domhanda, obair EFSA a ghrinnscrúdú. Is féidir a bheith ag súil leis go leanfar ar aghaidh le measúnuithe rioscaí agus meastóireachtaí eile, arna seoladh ag coistí agus comhlachtaí idirnáisiúnta, a úsáid mar na pointí tagartha sa saol idirnáisiúnta. Mar an phríomheagraíocht um measúnú rioscaí ar leibhéal Eorpach, beidh ar EFSA cuimhneamh ar an gcomhthéacs ina mbíonn ionchur aige sna pléití seo.

    15

    3.

    http://trade.ec.europa.eu/doclib/docs/2006/june/tradoc_129093.pdfhttp://ec.europa.eu/food/food/rapidalert/index_en.htm

  • P L E A N S T R A I T É I S E A C H E F S A 2 0 0 9 – 2 0 1 3

    36 Lisbon Strategy: competitive food industry - innovation, research and development [Straitéis Liospóin: tionscal bia iomaíoch - nuálaíocht, taighde agus forbairt]

    37 Confederation of the Food and Drink Industries of the EU (CIAA) [Cónaidhm Thionscail Bhia agus Deochanna an AE] Data and Trends of the European Food and Drink Industry 2007 [Sonraí agus Treochtaí Thionscal Bia agus Deochanna na hEorpa 2007]

    38 Bunachar sonraí Structural Analysis Indicators (STAN) [Táscairí Anailíse Struchtúraí] na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta

    39 An Ghéanómaíocht: an staidéar ar struchtúr agus ar fheidhm na ngéinte; An Phróitéamaíocht: an staidéar ar shraith iomlán na bpróitéiní arna n-ionchódú ag géanóm, agus ar a bhfeidhmeanna agus a n-idirghníomhaíochtaí.

    16

    3.3 | Eolaíocht agus nuálaíocht Le Straitéis Liospóin aithnítear eolaíocht agus nuálaíocht mar phríomhghríosóirí iomaíocht eacnamaíochta an AE36 agus is mór an mhéid a chuireann na hearnálacha bia agus beatha, atá cuimsithe ag EFSA, le geilleagar an AE agus láimhdeachas breis is €87037 billiún i gceist le bia agus deochanna ar bhonn bliantúil. Tá geilleagair na Síne, na hIndia, na Rúise agus na Brasaíle ag teacht chun cinn agus ag luí amach orthu féin san earnáil bhia agus deochanna38 agus tá cion an AE ag dul i laghad. Táthar ag spreagadh na hearnála agrabhia le tuilleadh a infheistiú i dtaighde, i bhforbairt agus nuálaíocht. Is féidir a bheith ag súil go leanfaidh an fás ar líon na mbianna agus na mbeathaí nuálacha, a thagann ó thionscail agus ó allmhairí Eorpacha araon, ar aghaidh.

    Cuirtear dúshláin chasta os comhair EFSA, i ndáil lena ghníomhaíochtaí eolaíocha agus cumarsáide araon, de bharr teicneolaíochtaí nua agus na nuálaíochta i gcúrsa bia agus táirgeachta bia. Ní mór don Údarás fanacht bord ar bord le forbairtí nua i gcúrsaí teicneolaíochta bia agus beatha go háirithe go mbeidh sé in ann impleachtaí gaolmhara ó thaobh cúrsaí measúnaithe rioscaí a bhreithniú. Agus rioscaí, a eascraíonn as an nuálaíocht, á measúnú, d’fhéadfadh ceisteanna teacht chun cinn a bhaineann le neamhchinnteacht agus bearnaí i bhfaisnéis agus ní mór measúnú cuimsitheach ar rioscaí a fhorbairt de thoradh fi anaise. Tagann dúshláin ar leith chun cinn ó thaobh cumarsáide de bharr forbairtí nuálacha agus eolaíocha. Agus aghaidh á tabhairt ar na saincheisteanna seo ag EFSA, ní mór dó an bhearna idir an eolaíocht, an nuálaíocht agus braistint na saoránach a líonadh. Beidh dúshláin roimh EFSA ó thaobh a ról a shainmhíniú maidir le teicneolaíochtaí nua a mheasúnú, braistintí tomhaltóirí i leith rioscaí a thuiscint agus ó thaobh comhphlé a fhorbairt le geallsealbhóirí a mbeidh brí leis.

    Tagann dúshláin chun cinn do mheasúnóirí rioscaí freisin de bharr na nuálaíochta i modhanna anailíse agus brathadóireachta de réir mar a bhíonn tuilleadh faisnéise ar fáil faoi leibhéil substaintí a bheith i mbianna agus i mbeathaí, nárbh fhéidir a bhrath roimhe seo e.g. faoi mar ab amhlaidh ó thaobh aicriolaimíde i mbianna. Ar an gcaoi chéanna, beidh impleachtaí suntasacha i gceist d’obair mheasúnaithe rioscaí EFSA de bharr dul chun cinn i réimsí amhail an ghéanómaíocht agus an phróitéamaíocht39, an bhitheolaíocht córas agus an bhithfhaisnéisíocht agus beidh ar EFSA iad seo agus dul chun cinn eile a scrúdú lena chinntiú go bhfanfaidh sé ar thús cadhnaíochta ó thaobh teicnící agus modheolaíochtaí um measúnú rioscaí.

    3.

  • 40 Doiciméad oibre fhoireann an Choimisiúin, Europe’s demographic future: facts and fi gures [Todhchaí na hEorpa ó thaobh Cúrsaí Déimeagrafacha: fíorais agus fi giúir], Bealtaine 2007

    41 Tá breis is an tríú cuid de shaoránaigh an AE róthrom (25

  • P L E A N S T R A I T É I S E A C H E F S A 2 0 0 9 – 2 0 1 3

    18

    3.

    * Fíorfhigiúir a comhlíonadh atá sna sonraí i gcomhair 2002-2007 ach suimeanna buiséadaithe atá sna sonraí i gcomhair 2008-2013.

    44 Financial perspective: EFSA Annual Management Plans 2008 and 2009 [Peirspictíocht Airgeadais: Pleananna Bainistíochta EFSA 2008 agus 2009]

    Buiséad (M €)

    Baill Foirne Iomlána

    20020

    100

    200

    300

    400

    500

    600

    0

    10

    20

    30

    40

    50

    60

    70

    80

    90

    2003 2004 2005 2006 2007 2008 2009 2010 2011 2012 2013

    Líon

    foirn

    e

    Buis

    éad

    (M €

    )

    3.5 | Creat eagrúcháin, institiúideach agus beartaisNí bhainfi dh EFSA iomlán a chumais amach go dtí 2009-2010 faoi mar a tuaradh ag tús na tréimhse airgeadais reatha44 (Fig. 1). Dá ainneoin sin, tá a ualach oibre tar éis dul i méad go seasta ó tionscnaíodh é faoi mar a léirítear i bhFig. 2 agus táthar ag tuar go leanfaidh an treocht seo ar aghaidh. Tá sé ríthábhachtach mar sin, de réir mar a fhásann an eagraíocht, go leanfaidh sé ar aghaidh lena chórais bhainistíochta a fhorbairt chun freastal ar na héilimh seo agus lena chinntiú go mbíonn a acmhainní ar aon dul leis na nithe is mó a dtugtar tús áite dóibh agus iad sin ag éabhlóidiú. Tá sé iontach tábhachtach amach is amach go mbeidh sé de chumas ag an Údarás na baill foirne eolaíochta is fearr a earcú chomh maith le baill eile foirne, agus timpeallacht spreagthach oibre a thairiscint, agus é de chuspóir aige baill foirne ardchaighdeáin a choinneáil.

    Fig. 1. Acmhainní daonna agus airgeadais EFSA 2002-2013*

  • C O M T H É A C S A N N A A G É A B H L Ó I D I Ú

    19

    Key strategic areas

    20020

    500

    1000

    1500

    2000

    2500

    3000

    3500

    4000

    2003 2004 2005 2006 2007 2008 2009 2010 2011 2012 2013

    AFC

    NDA

    FEEDAP

    Fig. 2. Ualach oibre vs. aschuir eolaíocha d’EFSA 2002-20133.

    * Meastacháin atá sna sonraí do 2009-2013 Buaicphointí – iarratais eolaíocha a rabhthas ag súil leoLíne treochta maidir le hiarratais eolaíocha a thagann isteach Líne na treochta don aschur eolaíoch

    Líon

    iarr

    atas

    agu

    s as

    chur

  • P L E A N S T R A I T É I S E A C H E F S A 2 0 0 9 – 2 0 1 3

    20

    3. Agus d’fhéadfadh fachtóirí eile dul i bhfeidhm ar obair EFSA. Comhdhéanfar Coimisiún Eorpach nua agus Parlaimint Eorpach nua in 2009. Leis an athbhreithniú atá beartaithe ar ghníomhaireachtaí rialála, déanfar meastóireacht ar rialachas na ngníomhaireachtaí agus ar chórais inmheánacha an Choimisiúin féin freisin, córais lena rialaítear a chaidreamh leo. D’fhéadfadh an Coimisiún breathnú ar an bhféidearthacht ó thaobh táillí45 le haghaidh roinnt gníomhaíochtaí de chuid EFSA agus cuirfear an tÚdarás faoi athbhreithniú seachtrach in 201146.

    Tá a ndúshláin féin i gceist le méaduithe a rinneadh le déanaí ar an AE agus leis an bhféidearthacht go dtiocfaidh na tíortha eile is iarrthóirí isteach san AE. Tá sé seo fíor go háirithe ó thaobh a bheith ag áirithiú go dtuigfear agus go mbeifear ar an eolas faoi shainchúram agus obair EFSA sna tíortha seo agus gur féidir lena n-eolaithe páirt iomlán a ghlacadh i ngníomhaíochtaí EFSA.

    45 Airteagal 45 Rialachán 178/2002

    46 Airteagal 61 Rialachán 178/2002

  • Mar chonclúid, caithfear cúinsí reatha EFSA chomh maith le comhthéacs athraitheach cúrsaí sábháilteachta bia go ginearálta a admháil, agus caithfear freagairtí cuí a aimsiú lena chinntiú go gcosnófar an tsláinte phoiblí go hiomlán agus go méadófar muinín na dtomhaltóirí. Is féidir achoimre a dhéanamh ar na príomhdhúshláin atá roimh an Údarás mar seo a leanas:

    > Is dóchí, de bharr an domhandaithe, go mbeidh rioscaí nua ann do sholáthar bia na hEorpa, nó go dtiocfaidh rioscaí chun cinn an athuair.

    > Caithfi dh EFSA dul i ngleic le teicneolaíochtaí nuálacha, cleachtais éabhlóideacha um measúnú rioscaí agus eolaíocht nua

    > Leagfaidh inbhuanaitheacht agus athrú aeráide an bhéim ar an tábhacht a bhaineann le cur chuige lánpháirtithe i leith rioscaí a mheasúnú

    > Rachaidh athruithe sa tsochaí, a bhaineann leis an struchtúr sochdhéimeagrafach, réim bia agus iompar tomhaltóirí, i bhfeidhm ar ghníomhaíochtaí EFSA

    > Beidh impleachtaí ag athruithe beartais agus sa chreat rialála, d’ualach oibre agus do thosaíochtaí EFSA.

    C O M T H É A C S A N N A A G É A B H L Ó I D I Ú

    21

    3.Mar chonclúid≥

  • P L E A N S T R A I T É I S E A C H E F S A 2 0 0 9 – 2 0 1 3

    22

    Ag tabhairt aghaidhe ar na dúshláin

    4.

  • A G T A B H A I R T A G H A I D H E A R N A D Ú S H L Á I N

    23

    Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá amach roimhe, tá sé réimse straitéiseacha ríthábhachtacha, chomh maith le cuspóirí lena ndírítear ar thorthaí, aitheanta ag EFSA, agus díreoidh sé a aird orthu seo chun treo na heagraíochta a threorú as seo go ceann an chéad chúig bliana eile. Is léir go mbeifear á n-athbhreithniú seo go leanúnach ach feidhmeoidh siad mar bhonn na gclár saothair bliantúil a bheidh ag an Údarás agus mar bhonn na pleanála foriomláine i rith na tréimhse 2009-2013 chomh maith. Mar dhlúthchuid de chóras an AE maidir le dlíthe bia a fhorbairt, caithfi dh an tÚdarás i gcónaí a bheith in ann a shainchúram a chomhlíonadh i bhfi anaise athruithe ar thosaíochtaí bainisteoirí rioscaí agus lucht déanta beartas.

    4.

  • P L E A N S T R A I T É I S E A C H E F S A 2 0 0 9 – 2 0 1 3

    Fócas ar chur chuige lánpháirtithe a sholáthar i leith comhairle eolaíoch a sheachadadh a bhaineann leis an slabhra bia ó pháirc go pláta.

    De bharr go mbíonn saineolas eolaíoch as gach cearn den Eoraip ar fáil d'EFSA, bíonn sé in ann raon leathan eolais a thabhairt le chéile, lena gcuimsítear fad agus fairsinge iomlán an tslabhra bia lena n-áirítear sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus cosaint na mbarr tríd síos chomh fada le cothú agus aiste bia.

    Leanfaidh an tÚdarás ar aghaidh ag cur leis an gcur chuige ildisciplíneach lánpháirtithe i leith na hoibre ar fad a bhíonn ar siúl aige, ionas go soláthrófar comhairle eolaíoch chuimsitheach do bhainisteoirí rioscaí. Cuirfear rioscaí i gcomparáid lena chéile mar chuid den chur chuige 'páirc go pláta', de réir mar is cuí, agus beidh measúnuithe ar rioscaí i gcomparáid le sochair ina gcuid den chur chuige chomh maith. Leanfaidh EFSA ar aghaidh ag lorg deiseanna chun comhoibriú le Ballstáit chun comhthionscnaimh a aithint, beidh an cur chuige sin ina thaca bunúsach d'obair EFSA um measúnú rioscaí. Leanfaidh EFSA ar aghaidh ag cinntiú go gcuirfi dh Painéil agus Coiste Eolaíoch EFSA measúnuithe rioscaí arna seoladh ag na gníomhaireachtaí náisiunta bia agus ag comhlachtaí idirnáisiúnta san áireamh. Díreoidh EFSA ar ardcháilíocht a áirithiú ina chuid oibre um measúnú rioscaí agus go mbeidh comhairle iomchuí á seachadadh aige faoi cheann scálaí ama a bheith ábhartha agus úsáideach i gcomhthéacs gníomhaíochtaí bainisteoirí rioscaí.

    Agus EFSA ag cur leis an gcur chuige lánpháirtithe, agus é ag comhoibriú le Ballstáit, gníomhaireachtaí eile na hEorpa, eagraíochtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta agus geallsealbhóirí ábhartha, is fearr mar a bheidh sé in ann na dúshláin a thiocfaidh leis na hathruithe ar chúrsaí beartas agus rialála47 a réamh-mheas, na dúshláin seo a mheasúnú agus freagairt dóibh, chomh maith leis na dúshláin sin a thagann leis an athrú aeráide, cúrsaí inbhuanaitheachta, athruithe ar chúrsaí déimeagrafacha agus ar ghnéithe sóisialta eile, leis an domhandú agus le rioscaí atá ag teacht chun cinn.

    24

    4. 1

    47 Féach Iarscríbhinn II

  • A G T A B H A I R T A G H A I D H E A R N A D Ú S H L Á I N

    25

    Cur chuige lánpháirtithe

    TARGAIDÍ TIONSCNAIMHTÁSCAIRÍ GUR ÉIRIGH LE HEFSA AN TARGAID A CHOMHLÍONADH

    1. An cur chuige ildisciplíneach, i leith comhairle eolaíoch a sholáthar, a fhorbairt tuilleadh

    Úsáid a bhaint as an Mandates Review Committee [Coiste um Athbhreithniú ar Shainorduithe] chun cur chuige lán-pháirtithe a fhorbairt

    Obair choiteann nó comhobair a fhorbairt i measc Painéal nó líonraí

    Léirítear raon iomlán na scileanna ábhartha atá ar fáil d’EFSA sna tuairimí

    Líon na gcomhgníomhaíochtaí

    2. A áirithiú go mbeidh EFSA in ann teacht ar raon iomlán an tsaineolais agus na faisnéise a bheidh ag teastáil chun a shainordú a chomhlíonadh

    Léirítear raon iomlán an tsaineolais atá ag teastáil sna glaochanna ar shaineolaithe

    Comhoibriú le Ballstáit agus le comhlachtaí idirnáisiúnta lena áirithiú go mbeifear in ann teacht ar shaineolas, ar shonraí agus ar fhaisnéis

    Tá bunachar sonraí na saineolaithe éifeachtach chun saineolas a aithint

    Torthaí feabhsaithe sa suirbhé rialta ar shástacht saineolaithe

    3. Cáilíocht mheastóireachtaí EFSA a dhearbhú

    An clár um athbhreithniú ar cháilíocht a chur chun feidhme chomh maith le gníomhaíochtaí athleanúna

    Toradh an chláir, um ath-bhreithniú ar cháilíocht, a fheabhsú

  • P L E A N S T R A I T É I S E A C H E F S A 2 0 0 9 – 2 0 1 3

    Meastóireacht thráthúil, ardchaighdeáin a sholáthar le haghaidh táirgí, substaintí agus nithe a mhaítear faoi réir ag an bpróiseas rialála údaraithe.

    Tá iarratais a bhaineann leis an údarú ina gcuid thábhachtach de ghníomhaíochtaí EFSA agus bíonn siad dúshlánach mar gheall go mbíonn siad casta ó thaobh cúrsaí eolaíochta, mar gheall ar líon na n-iarratas agus mar gheall ar spriocdhátaí dlíthiúla. Ó tionscnaíodh EFSA, tá cion na n-acmhainní a thugtar d’údaruithe, agus dóibh sin amháin, tar éis dul i méid go mór. Leanfaidh sé seo ar aghaidh le bheith ina fhachtóir agus cúrsaí á bpleanáil amach anseo má tá EFSA leis na ceanglais, go mbeadh bonn eolaíoch le Rialáil, a chomhlíonadh. Bíonn líon na gceanglas den sórt sin ag dul i méid go seasta, go háirithe agus bianna, beathaí nó substaintí, nó nithe a mhaítear, á n-údarú e.g. i dtaca le bunús eolaíoch a thabhairt le nithe a mhaítear ó thaobh na sláinte, agus bunús eolaíoch le próifíleanna cothaithe, meastóireachtaí ar lotnaidicídí, uasleibhéil iarmhair, breiseáin bheatha, breiseáin bhia, agus orgánaigh arna modhnú go géiniteach. Leanfaidh gnéithe comhshaoil ar aghaidh le bheith ina gcomhchodanna tábhachtacha den mheastóireacht freisin faoi mar a bheidh gnéithe ó thaobh na sláinte ceirde e.g. le haghaidh lotnaidicídí.

    Lena áirithiú gur féidir leis an chuid ríthábhachtach seo dá shainchúram a chomhlíonadh, leanfar ar aghaidh leis na hacmhainní arna leithdháileadh ar údaruithe a áireamh mar thosaíocht. Oibreoidh an tÚdarás le forais an AE agus le geallsealbhóirí le hualaí oibre a thuar níos fearr, spriocdhátaí réalaíocha a chomhaontú agus lena chinntiú go dtuigfear na critéir ó thaobh cáilíochta le haghaidh iarratas. Déanfaidh EFSA a dhícheall lena chinntiú go mbeidh na córais agus na sreabha oibre a bhaineann le húdaruithe a bhainistiú ina gcórais agus sreabha oibre éifeachtúla éifeachtacha, agus tabharfar a oiread de pháirt do Bhallstáit agus do ghníomhaireachtaí eile na hEorpa agus is féidir le cabhair a thabhairt agus ardcháilíocht a oibre eolaíche á áirithiú ag an am céanna.

    26

    24.

  • A G T A B H A I R T A G H A I D H E A R N A D Ú S H L Á I N

    27

    TARGAIDÍ TIONSCNAIMH TÁSCAIRÍ GUR ÉIRIGH LE HEFSA AN TARGAID A CHOMHLÍONADH

    1. A áirithiú go mbíonn sreabha oibre a bhaineann le húdaruithe éifeachtúil agus cuíchóirithe

    Athbhreithniú rialta ar nósanna imeachta inmheánacha le haghaidh iarratais a bhainistiú

    Cur leis an gcomhoibriú a dhéanfar le Ballstáit ó thaobh cúrsaí eolaíochta agus a áirthiú go lánpháirteofar a n-ionchuir go hiomlán trí Airteagal 36 agus trí shásraí comhoibre eile

    Tuairimí eolaíocha, i ndáil le hiarratais agus athbhreithnithe ar shubstaintí, a sheachadadh go tráthúil

    Líon na dtionscadal faoi Airteagal 36 agus líon na dtionscadal soláthair

    2. An úsáid is barrmhaitheasaí a bhaint as acmhainní laistigh d’EFSA agus de na Ballstáit

    Oibriú le forais an AE, leis an earnáil tionscail agus le geallsealbhóirí eile chun ualaí oibre, riachtanais ó thaobh faisnéise is sonraí agus próisis a thuar níos fearr

    Comhoibriú le Ballstáit agus le comhlachtaí idirnáisiúnta lena áirithiú go mbeifear in ann teacht ar shaineolas, ar shonraí agus ar fhaisnéis

    Ualach oibre níos intuartha

    Gur fearr mar atáthar in ann teacht ar shonraí agus ar fhaisnéis

    3. Cáilíocht mheastóireachtaí EFSA a dhearbhú

    An clár um athbhreithniú ar cháilíocht a chur chun feidhme chomh maith le gníomhaíochtaí athleanúna

    Toradh an chláir, um ath-bhreithniú ar cháilíocht, a fheabhsú

    Meastóireacht thráthúil ardchaighdeáin

  • P L E A N S T R A I T É I S E A C H E F S A 2 0 0 9 – 2 0 1 3

    28

    Próisis a chomhordú maidir le sonraí a thiomsú, a scaipeadh agus a anailísiú sna réimsí atá faoi chuimsiú shainchúram EFSA.

    Tá sé curtha de chúram ar an Údarás sonraí agus faisnéis na hEorpa a bhaineann leis an tsábháilteacht bia agus beatha agus le réimsí gaolmhara a thiomsú, a anailísiú agus a scaipeadh. Comhordaíonn agus roinneann EFSA faisnéis le 27 mBallstát reatha an AE ar mhaithe le measúnóirí náisiúnta rioscaí, Gníomhaireachtaí Eorpacha eile, Bainisteoirí Eorpacha agus náisiúnta rioscaí, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus tríú tíortha, geallsealbhóirí agus i ndeireadh na dála, an tomhaltóir Eorpach.

    Chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a thagann chun cinn de bharr an domhandaithe, taistil, na hinimirce, an athraithe aeráide agus na nuála, ní mór a bheith in ann, de bharr obair EFSA maidir le sonraí a bhailiú, a thiomsú agus a anailísiú, rioscaí atá ag teacht chun cinn, ó thaobh an tsoláthair bhia, a aithint go luath, chomh maith le rioscaí atá ag teacht chun cinn an athuair, agus dá bharr sin, cabhrú le hardleibhéal cosanta sláinte a sholáthar cibé acu an de thoradh an mhargaidh inmheánaigh nó de bharr tráchtearraí intrádála idirnáisiúnta a thagann na rioscaí seo. Cuirfi dh EFSA leis an obair a dhéanann sé le caidreamh a chothú le gníomhaireachtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta, agus comhtháiteacht á cothú aige maidir leis an mbonn a úsáidtear le sonraí a bhailiú, ionas go mbeifear in ann sonraí a chur i gcomparáid lena chéile go héifeachtach agus go mbeidh siad níos úsáidí, chun cabhrú le rioscaí atá ag teacht chun cinn a aithint go beacht agus an bonn is láidre a sholáthar le haghaidh comhairle eolaíoch.

    34.

  • A G T A B H A I R T A G H A I D H E A R N A D Ú S H L Á I N

    29

    TARGAIDÍ TIONSCNAIMH TÁSCAIRÍ GUR ÉIRIGH LE HEFSA AN TARGAID A CHOMHLÍONADH

    1. Bealaí a fhorbairt agus a sholáthar chun teacht ar bhunachair shonraí uile-Eorpacha sna réimsí faoi chuimsiú shainchúram EFSA.

    Fardal curtha le chéile de bhunachair shonraí uile-Eorpacha atá tógtha agus de thionscnaimh atá i bhfeidhm chun na bunachair shonraí sin a thógáil nó a cheangal le chéile de réir mar is cuí

    Tosaíochtaí comhaontaithe maidir le tionscadail le sonraí a bhailiú

    Líon na dtuairiscí arna n-eisiúint ag EFSA agus ag Ballstáit, lena mbaintear úsáid as bunachair shonraí Eorpacha, arna gcomhordú ag EFSA

    Tionscadail le sonraí a bhailiú seachadta de réir spriocdhátaí comhaontaithe

    2. Cumas EFSA, le rioscaí atá ag teacht chun cinn a aithint, a bhreisiú

    Sonraí á mbailiú agus á n-anailísiú maidir le rioscaí atá ag teacht chun cinn chomh maith leis an gcumas chun breathnú i bhfad amach agus rioscaí i bhfad i gcéin a fheiceáil

    Líonra a bhunú d’údaráis náisiúnta, d’eagraíochtaí idirnáisiúnta agus de ghníomhaireachtaí an AE maidir le rioscaí atá ag teacht chun cinn

    Tuarascáil bhliantúil maidir le rioscaí atá ag teacht chun cinn seachadta chuig na bainisteoirí rioscaí

    Comhordú sonraí AE

  • P L E A N S T R A I T É I S E A C H E F S A 2 0 0 9 – 2 0 1 3

    30

    Socruithe a dhéanamh go mbeidh EFSA ar thús cadhnaíochta ó thaobh na modheolaíochtaí agus na gcleachtas um measúnú rioscaí san Eoraip agus go hidirnáisiúnta.

    Bíonn an réimse um measúnú rioscaí ag éabhlóidiú de shíor. Tagann dúshláin nua le teicneolaíochtaí nua i bpróisis táirgeachta bia (amhail an nanaitheicneolaíocht agus an chlónáil) agus le dul chun cinn ó thaobh modheolaíochtaí (amhail iad siúd atá i gceist leis an ngéanómaíocht agus leis an bpróitéamaíocht). Lena chois sin, tá cleachtais éagsúla ann ar fud an AE um measúnú rioscaí. Trína bheith ag glacadh le fonn leis an saineolas atá ar fáil in údaráis náisiúnta, ag fanacht céim ar chéim le forbairtí san eolaíocht agus sa teicneolaíocht, ag cur lena chumas chun nuálaíocht agus éabhlóid i leith beartas a réamh-mheas, beidh EFSA in ann fanacht ar thús cadhnaíochta ó thaobh na heolaíochta agus in ann a thosaíochtaí a phleanáil ar bhonn níos fadtéarmaí. Gníomhóidh EFSA agus é ag comhoibriú le Ballstáit, le gníomhaireachtaí eile na hEorpa agus le hIonad Comhthaighde an Choimisiúin Eorpaigh, chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin nua, modheolaíochtaí um measúnú rioscaí a chomhchuibhiú agus é féin a dhaingniú mar an pointe tagartha don mheasúnú rioscaí trasna na hEorpa.

    Agus cur chuige comhoibritheach, leis na gníomhaithe ar fad san Eoraip agus níos faide i gcéin, á úsáid, cuirfi dh sé modheolaíochtaí nua agus comhchuibhithe um measúnú rioscaí chun cinn chomh maith leis an gcleachtas maidir le faisnéis eolaíoch a roinnt le Ballstáit. Beidh ar EFSA a chuid oibre sna réimsí seo a mheasúnú i ndáil leis an méadú ar obair i ndáil le measúnuithe rioscaí ó thaobh an chomhshaoil agus measúnuithe ar thionchair fhadtéarmacha. Chun an comhthéacs idirnáisiúnta a léiriú, beidh ar EFSA dul i bhfeidhm ar na cleachtais idirnáisiúnta is fearr agus, sa chás gur féidir agus gur cuí, a pháirt a imirt ó thaobh a bheith ag cur leis an gcomhchuibhiú agus aitheantas domhanda. Chun cumas a mhéadú, eagróidh sé oiliúint agus cuirfi dh sé le himeachtaí eolaíocha atá ann cheana féin ionas go gcothófar tuiscint níos fearr ar chleachtais um measúnú rioscaí. Déanfaidh EFSA dian-athbhreithniú ar cháilíocht a aschur, ag cur leis na córais a ceapadh in 2007/2008 agus cuimhneoidh sé ar thionscnaimh eile ina leith seo, agus é d’aidhm aige i gcónaí a phróisis agus a mhodheolaíochtaí a fheabhsú.

    4. 4

  • A G T A B H A I R T A G H A I D H E A R N A D Ú S H L Á I N

    31

    TARGAIDÍ TIONSCNAIMHTÁSCAIRÍ GUR ÉIRIGH LE HEFSA AN TARGAID A CHOMHLÍONADH

    1. Modheolaíochtaí um measúnú rioscaí san Eoraip a chomhchuibhiú agus a thabhairt ar aghaidh

    Cur chuigeanna foriomlána i leith an chomhchuibhithe a fhorbairt agus a chomhaontú le Ballstáit agus comhlachtaí eile na hEorpa

    EFSA páirteach i dtionscadail ríthábhachtacha Eorpacha maidir leis an gcomhchuibhiú, tionscadail a sheachadtar de réir a bpleanáiltear ar an iomlán

    2. A áirthiú go nglacann EFSA páirt iomlán i bhfóraim idirnáisiúnta ionas go bhfanfaidh sé céim ar chéim leis an nuálaíocht sa mheasúnú rioscaí agus go mbeidh sé gníomhach ina ionchur maidir le modheolaíochtaí um measúnú rioscaí a fhorbairt.

    Gníomhaíochtaí fadbhreath-naitheachta a bhreisiú tuilleadh chomh maith le comhphlé leis an lucht taighde, geallsealbhóirí agus eagraíochtaí idirnáisiúnta.

    Imeachtaí agus ceardlanna oiliúna eolaíocha a eagrú chun cumas foriomlán a chomhdhlúthú agus a bhreisiú chomh maith le seasamh EFSA i measc lucht measúnaithe rioscaí

    EFSA in ann aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna um measúnú rioscaí agus in ann treoirlínte a cheapadh go tráthúil

    Clár gníomhaíochtaí oiliúna agus comhagallaimh eolaíochta i bhfeidhm

    Pointe tagartha idirnáisiúnta

  • P L E A N S T R A I T É I S E A C H E F S A 2 0 0 9 – 2 0 1 3

    32

    Muinín agus iontaoibh as EFSA agus as córas sábháilteachta bia an AE a atreisiú trí rioscaí a chur in iúl go héifeachtach do pháirtithe agus do gheallsealbhóirí agus trí chomhphlé éifeachtach leo.

    Rud atá ina chuid lárnach de ghníomhaíochtaí an Údaráis ná muinín agus iontaoibh as EFSA a mhéadú agus tá an tÚdarás tiomanta do bheith ag áirithiú trédhearcachta agus comhchomhairliúcháin oscailte lena gheallsealbhóirí ar fad. Leanfaidh sé ar aghaidh le feasacht a mhéadú faoina ról i gcóras sábháilteachta bia an AE agus ó thaobh na cosanta do thomhaltóirí freisin. Agus é ag comhoibriú le haonáin a chuireann rioscaí in iúl i mBallstáit agus i gcomhchomhairliúchán le bainisteoirí rioscaí agus geallsealbhóirí ar leibhéal Eorpach, rud a chuirfi dh EFSA chun cinn ná go scaipfear teachtaireachtaí ábhartha, comhtháiteacha, a mbeidh brí leo, faoina chuid oibre agus comhlíonfaidh sé a shainordú maidir le rioscaí sa slabhra bia a chur in iúl, le linn tréimhsí nach ann d’aon bhaol agus le linn géarchéimeanna chomh maith. Leanfaidh EFSA ar aghaidh le monatóireacht a dhéanamh ar bhraistintí i leith rioscaí agus féachfaidh sé leis na braistintí sin a thuiscint chomh maith le riachtanais tomhaltóirí maidir le faisnéis faoi shábháilteacht bia agus beatha agus aistí bia sláintiúla. Leanfaidh EFSA ar aghaidh ag cur lena thrédhearcaí agus lena oscailte is a bhíonn sé agus féachfaidh sé le tuilleadh tionscnamh a fhorbairt chun an bhearna idir an eolaíocht agus braistintí a líonadh, chun tuiscint ar an eolaíocht atá taobh thiar den bhainistiú rioscaí a mhéadú.

    4. 5

  • A G T A B H A I R T A G H A I D H E A R N A D Ú S H L Á I N

    33

    TARGAIDÍ TIONSCNAIMHTÁSCAIRÍ GUR ÉIRIGH LE HEFSA AN TARGAID A CHOMHLÍONADH

    1. Muinín as EFSA, agus as córas sábháilteachta bia an AE i gcoitinne, a mhéadú

    Tuiscint EFSA ar riachtanais ríthábhachtacha an lucht éisteachta a bhreisiú chomh maith leis an mbraistint i leith rioscaí

    For-rochtain EFSA a leathnú i mBallstáit trí líonraí Fóraim Chomhairlaigh/Pointí Fócasacha agus trí chomhthionscnaimh chumarsáide

    Suirbhéanna Eorabharaiméadair maidir le braistintí i leith rioscaí agus anailís ar thorthaí

    Feasacht ar agus muinín as obair EFSA arna measúnú le taighde ar an sprioclucht éisteachta

    2. Teachtaireachtaí lena gcuirtear rioscaí in iúl trasna an AE níos comhtháite agus ábhartha

    Líonraí cumarsáide a fhorbairt tuilleadh in éineacht leis an gCoimisiún Eorpach agus Ballstáit lena n-áirítear meicníochtaí le rabhadh a thabhairt go luath agus gníomhaíochtaí cumarsáide a chomhordú

    Tacaíocht a thabhairt le teachtaireachtaí saindeartha a fhorbairt le craobhscaoileadh do luchtanna éisteachta náisiúnta, agus na Pointí Fócasacha náisiúnta ag éascú leis an bpróiseas

    Comhtháiteacht na dteachtaireachtaí le rioscaí a chur in iúl arna tomhas trí anailís mhonatóireachta ar na meáin

    Ábharthacht na dteachtaireachtaí arna measúnú le taighde ar úsáideoirí/sprioclucht éisteachta

    3. Comhphlé breisithe le geallsealbhóirí

    Gníomhaíochtaí EFSA i gcomhar le geallsealbhóirí a fhorbairt tuilleadh

    Leanúint ar aghaidh leis an gcomhphlé le geallsealbhóirí maidir le tosaíochtaí, cláir shaothair agus sceidil EFSA

    Líon na gcomhchomhairliúchánle geallsealbhóirí

    Athbhreithniú rialta ar ghníomhaíochtaí geallsealbhóirí

    Cumarsáid agus idirphlé

  • P L E A N S T R A I T É I S E A C H E F S A 2 0 0 9 – 2 0 1 3

    34

    Freagrúlacht, éifeachtúlacht agus éifeachtacht EFSA a chinntiú

    Eagraítear acmhainní EFSA i gcomhthéacs pheirspictíocht airgeadais 2007-2013 lena réamh-mheastar go sroichfi dh EFSA a mhéid iomlán oibriúcháin faoi 2009-201048. Chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin amach anseo agus freagrúlacht a fheabhsú, cinnteoidh an tÚdarás go mbeidh a chórais agus a bhonneagar bainistíochta éifeachtach, go mbarrfheabhsófar an bealach a leithdháilfi dh sé acmhainní agus go mbeidh an eagraíocht in ann déileáil le srianta. Cinnteoidh sé go mbeidh a phróisis éifeachtach agus cuíchóirithe agus beidh sé ag féachaint lena chórais phleanála, mhonatóireachta agus tuairisceoireachta a bhreisiú, chomh maith lena chórais chun cúrsaí a eagrú in ord tosaíochta, chun bainistíocht stuama a áirithiú agus costéifeachtacht a dheimhniú. Chun a shainordú a fheidhmiú, ní mór d’EFSA baill foirne agus saineolaithe ardchaighdeáin a mhealladh agus a choinneáil. Oibreoidh an eagraíocht chun timpeallacht oibre spreagthach tacúil a sholáthar, agus beartais chuí maidir le hacmhainní daonna agus forbairt ghairmréime á threorú. Oibreoidh an tÚdarás le húdaráis áitiúla agus náisiúnta na hIodáile go dlúth lena áirithiú go dtabharfar aghaidh mar is cuí ar shaincheisteanna atá ríthábhachtach don fhoireann – amhail an scoil Eorpach agus tionscadal an Final Seat – agus ríthábhachtach don fhoireann agus do shaineolaithe araon – amhail naisc taistil chuig Parma.

    4. 6

    48 Iarscríbhinní II agus III

  • A G T A B H A I R T A G H A I D H E A R N A D Ú S H L Á I N

    35

    TARGAIDÍ TIONSCNAIMHTÁSCAIRÍ GUR ÉIRIGH LE HEFSA AN TARGAID A CHOMHLÍONADH

    1. A áirthiú go mbeidh córais bhainistíochta agus bonneagar EFSA cuí agus gur féidir iad a chur in oiriúint d’athruithe ó thaobh tosaíochtaí agus na timpeallachta oibriúcháin

    Monatóireacht agus meast-óireacht leanúnach a dhéanamh ar na córais, feabhsuithe a aithint agus athruithe a chur chun feidhme

    Úsáideacht agus tráthúlacht na n-aschur ó EFSA

    2. Timpeallacht oibre spreagthach sásúil a sholáthar don fhoireann agus do shaineolaithe araon

    Torthaí measúnaithe bliantúil ar thimpeallacht oibre EFSA a anailísiú agus na gníomhartha arna n-aithint leis a chur chun feidhme

    Suirbhé bliantúil a dhéanamh ar choinníollacha saineolaithe, lena measúnófar éifeachtacht EFSA ó thaobh a bheith ag tacú lena n-obair. Torthaí a anailísiú agus na gníomhartha arna n-aithint a chur chun feidhme

    Ráta athrúcháin fhoirne

    Rátálacha sástachta foirne

    Ráta na n-athiarratas ó shain-eolaithe ar bhallraíocht den Phainéal

    Rátálacha sástachta na sain-eolaithe

    3. Freagrúlacht EFSA a chinntiú Athbhreithniú a dhéanamh go rialta ar nósanna imeachta maidir leis an ullmhacht le haghaidh géarchéime

    Athbhreithniú a dhéanamh ar nósanna imeachta meara le haghaidh comhairle práinneach eolaíoch

    Lámhleabhar maidir le Géar-chéimeanna/Éigeandálaí uas-dá-taithe agus cleachtaí géarchéime curtha chun feidhme go rathúil

    Freagairt ghasta ar shain-cheisteanna práinneacha maidir le sábháilteacht bia

    Reattiva, effi ciente, effi cace

  • P L E A N S T R A I T É I S E A C H E F S A 2 0 0 9 – 2 0 1 3

    Conclúid

    5.

    36

  • C O N C L Ú I D

    37

    Ullmhaíodh an Plean Straitéiseach seo tar éis comhchomhairliúcháin le geallsealbhóirí, leis an gCoimisiún Eorpach, Parlaimint na hEorpa, Fóram Comhairleach EFSA, Gníomhaireachtaí na hEorpa, an tIonad Comhthaighde agus an Coiste Eolaíoch agus cuireadh faoi chomhchomhairliúchán poiblí ar láithreán gréasáin EFSA freisin é. Fís éabhlóideach faoin eagraíocht atá ann agus insítear leis dúinn cá háit gur mhaith linn a bheith in 2013: eagraíocht a aithnítear go domhanda agus a bhfuil iontaoibh as mar chomhlacht tagartha na hEorpa um measúnú rioscaí, a bhfuil líonrú daingean éifeachtúil i bhfeidhm le Ballstáit aige sna réimsí a thagann faoi chuimsiú a shainchúraim, a sholáthraíonn an bonn fi anaise eolaíochta a bhíonn ag teastail ó bhainisteoirí rioscaí, ar an mbealach is éifeachtaí, is tráthúla agus is cuí, agus a sheachadann fíorluach don tomhaltóir Eorpach.

    Leanfaidh EFSA ar aghaidh ag forbairt an chur chuige a glacadh sa doiciméad seo lena dhearcadh fadtéarmach a choinneáil ar na dúshláin, na forbairtí ábhartha san eolaíocht, na saincheisteanna atá ag teacht chun cinn agus ar na hathruithe atá ag teacht ar chúrsaí ó thaobh beartas agus chun forléargas cuimsitheach a chur le chéile ionas go mbeidh sé in ann a thosaíochtaí agus a chuid oibre a chur in oiriúint go leanúnach.

    Beidh cláir shaothair bliantúla EFSA nasctha go díreach leis an bPlean Straitéiseach. Cinnteofar leis seo go mbeidh gníomhartha gearrthéarmacha agus meántéarmacha nasctha go díreach agus gur féidir a ndul chun cinn a mheasúnú ó thaobh cúrsaí pleanála níos fadtéarmaí. Caithfear monatóireacht agus meastóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn ó thaobh an Plean Straitéiseach seo a chur chun feidhme, agus athbhreithniú a dhéanamh air nuair a chaithfear cúrsaí a chur in oiriúint d’athruithe ar chúinsí.

    5.

  • P L E A N S T R A I T É I S E A C H E F S A 2 0 0 9 – 2 0 1 3

    Iarscríbhinn I

    38

    Glossario dei terminisAFC (Former) Panel on Food Additives, Flavourings, Processing Aids agus Materials in Contact with Food [(Iar)Phainéal

    um Breiseáin Bhia, Blastáin, Áiseanna Próiseála agus Ábhair Theagmhála Bia]ANS Panel on Additives agus Nutrient Sources Added to Food [Painéal um Breiseáin agus Fhoinsí Cothaitheacha arna

    gCur le Bia]CEF Panel on Food Contact Materials, Enzymes, Flavourings agus Processing Aids [Painéal um Ábhair Theagmhála Bia,

    Einsímí, Blastáin agus Áiseanna Próiseála]ECDC An Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a RialúECHA An Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán

    EEA An Ghníomhaireacht Chomhsaoil EorpachEMEA An Ghníomhaireacht Leigheasra EorpachEPPO Eagraíocht Eorpach agus Meánmhuirí um Chosaint Plandaí

    FAO Eagraíocht Bhia agus TalmhaíochtaFEEDAP Panel on Additives agus Products or Substances Used in Animal Feed [Painéal um Breiseáin agus Táirgí nó

    Substaintí arna nÚsáid i mBia d’Ainmhithe]FSANZ Food Standards Australia agus New Zealand [Caighdeáin Bhia na hAstráile agus na Nua-Shéalainne]

    IPCC An Painéal Idir-Rialtasach ar Athrú AeráideIPPC An Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chosaint Plandaí

    JECFA Joint FAO/WHO Expert Committee on Contaminants agus Food Additives [Comhchoiste Saineolach na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta/na hEagraíochta Domhanda Sláinte um Éilleáin agus Breiseáin Bhia]

    JEMRA Joint FAO/WHO Meetings on Microbiological Risk Assessment [Comhchruinnithe na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta/na hEagraíochta Domhanda Sláinte um Measúnú Rioscaí Micribitheolaíocha]

    JMPR Joint FAO/WHO Meetings on Pesticide Residues [Comhchruinnithe na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta/na hEagraíochta Domhanda Sláinte um Iarmhair Lotnaidicídí]

    JRC Ionad Comhthaighde NDA Panel on Dietetic Products, Nutrition agus Allergies [Painéal um Tháirgí Diaitéiteacha, Chothú agus Ailléirgí]

    NGOanna Eagraíochtaí NeamhrialtasachaNZFSA New Zealand Food Safety Authority [Údarás na Nua-Shéalainne um Shábháilteacht Bia]

    OECD An Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt EacnamaíochtaOIE An Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe

    USDA United States Department of Agriculture [Roinn Talmhaíochta na Stát Aontaithe]USEPA United States Environment Protection Agency [Gníomhaireacht na Stát Aontaithe um Chaomhnú an Chomhshaoil]USFDA United States Food agus Drug Administration [Riarachán Bia agus Drugaí na Stát Aontaithe]

    WHO An Eagraíocht Dhomhanda SláinteWTO An Eagraíocht Dhomhanda Trádála

  • Iarscríbhinn II

    I A R S C R Í B H I N N Í

    39

    Reachtaíocht atá i bhfeidhm a bhaineann le hEFSA agus reachtaíocht atá á hullmhú ar dócha go rachaidh sé i bhfeidhm ar EFSA49

    I - Reachtaíocht atá i bhfeidhm

    Rialachán Bunaitheach EFSA

    Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i dtaobh cúrsaí sábháilteachta bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).

    Bearta Cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh 178/2002

    Rialachán ón gCoimisiún (CE) Uimh 1304/2003 an 11 Iúil 2003 maidir leis an nós imeachta arna chur i bhfeidhm ag an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia i leith iarratas a cuireadh chuige le haghaidh tuairimí eolaíocha (IO L 185, 24.07.2003, lch. 6).

    Rialachán ón gCoimisiún (CE) Uimh 2230/2004 an 23 Nollaig 2004 lenar leagtar amach rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme airteagal 36 de Rialachán (CE) Uimh 178/2002 maidir leis an líonra eagraíochtaí atá ag oibriú sna réimsí a chuimsíonn misean an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (IO L 379, 24.12.2004, lch. 64).

    Achtanna Cothrománacha Dlíthiúla Eile

    Rialachán (CE) Uimh 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail (IO L 264, 25.9.2006, lch. 13).

    Rialachán (CE) Uimh 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 a bhaineann le Ceimiceáin a Chlárú, a Mheasúnú, a Údarú agus a Theorannú (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Cheimiceáin, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006 - Ceartúchán ar IO L 136, 29.5.2007, lch. 3).

    1999/468/CE: Cinneadh ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (IO L 184, 17.7.1999, lch. 23).

    49 Níl an liosta uileghabhálach

  • P L E A N S T R A I T É I S E A C H E F S A 2 0 0 9 – 2 0 1 3

    40

    Orgánaigh Ghéinmhodhnaithe

    Rialachán (CE) Uimh 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia agus beatha arna mhodhnú go géiniteach (IO L 268, 18.10.2003, lch. 1).

    Rialachán (CE) Uimh 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le hinrianaitheacht agus le lipéadú orgánach géinmhodhnaithe agus maidir le hinrianaitheacht bia agus táirgí beatha a tháirgtear ó orgánaigh ghéinmhodhnaithe agus lena leasaítear Treoir 2001/18/CE (IO L 268, 18.10.2003, lch. 24).

    Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le horgánaigh ghéinmhodhnaithe a scaoileadh amach go toiliúil sa chomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir 90/220/CEE ón gComhairle. IO L106, 17.04.2001, lch. 1-39.

    Rialachán (CE) 641/2004 ón gCoimisiún an 6 Aibreán 2004 maidir le rialacha mionsonraithe maidir le Rialachán (CE) 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme maidir le hiarratais go n-údarófar bia agus beatha nua arna mhodhnú go géiniteach, táirgí atá ann cheana féin a fhógairt chomh maith le hábhar arna mhodhnú go géiniteach a bheith ann go taismeach nó sin a bheith dosheachanta ó thaobh cúrsaí teicniúla agus a ndeachaigh meastóireacht fhabhrach ó thaobh rioscaí chun tairbhe dó.

    Rialachán (CE) Uimh 1852/2001 ón gCoimisiún an 20 Meán Fómhair 2001 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le faisnéis áirithe a chur ar fáil don phobal agus maidir le faisnéis a cuireadh isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, IO L 253, 21.9.2001, lch. 17–18 a chosaint.

    Iarscríbhinn II

  • Iarscríbhinn II

    I A R S C R Í B H I N N Í

    Lotnaidicídí

    Treoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 230, 19.08.1991, lch. 1-32).

    Rialachán (CE) Uimh 451/2000 ón gCoimisiún an 28 Feabhra 2000 lena leagtar síos tuilleadh rialacha mionsonraithe maidir leis an dara agus an tríú céim den chlár saothair ar tagraíodh dó in airteagal 8(2) den Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 55, 29.02.2000, lch. 25) a chur chun feidhme.

    Rialachán (CE) Uimh 1490/2002 ón gCoimisiún an 14 Lúnasa 2002 lena leagtar síos tuilleadh rialacha mionsonraithe maidir leis an tríú céim den chlár saothair ar tagraíodh dó in airteagal 8(2) den Treoir 91/414/CEE ón gComhairle a chur chun feidhme agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh 451/2000 (IO L 224, 21.08.2002, lch. 23).

    Rialachán (CE) Uimh 2229/2004 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2004 lena leagtar síos tuilleadh rialacha mionsonraithe maidir leis an gceathrú céim den chlár saothair ar tagraíodh dó in airteagal 8(2) den Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 379, 24.12.2004, lch. 13) a chur chun feidhme.

    Rialachán (CE) Uimh 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhair lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch, nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 70, 16.3.2005, lch. 1).

    Rialachán (CE) Uimh 647/2007 ón gCoimisiún an 12 Meitheamh 2007 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh 2229/2004 lena leagtar síos tuilleadh rialacha mionsonraithe maidir leis an gceathrú céim den chlár saothair ar tagraíodh dó in Airteagal 8(2) den Treoir 91/414/CEE ón gComhairle a chur chun feidhme (IO L 151, 13.6.2007, lch. 26).

    Rialachán (CE) Uimh 1095/2007 ón gCoimisiún an 20 Meán Fómhair 2007 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh 1490/2002 lena leagtar síos tuilleadh rialacha mionsonraithe maidir leis an tríú céim den chlár saothair ar tagraíodh dó in Airteagal 8(2) den Treoir 91/414/CEE ón gComhairle a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh 2229/2004 lena leagtar síos tuilleadh rialacha mionsonraithe maidir leis an gceathrú céim den chlár saothair ar tagraíodh dó in Airteagal 8(2) den Treoir 91/414/CEE ón gComhairle a chur chun feidhme (IO L 246, 21.9.2007, lch. 19).

    Rialachán (CE) Uimh 33/2008 ón gCoimisiún an 17 Eanáir 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir leis an Treoir 91/414/CEE ón gComhairle a fheidhmiú maidir le nós imeachta rialta agus nós imeachta brostaithe maidir le substaintí gníomhacha a mheasúnú, a bhí ina gcuid den chlár saothair ar tagraíodh dó in Airteagal 8(2) den Treoir sin ach nach bhfuil curtha san áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann léi (IO L 15, 18.1.2008, lch. 5–12).

    41

  • P L E A N S T R A I T É I S E A C H E F S A 2 0 0 9 – 2 0 1 3

    Iarscríbhinn II

    Sláinte Plandaí

    Treoir 2000/29/CE ón gComhairle an 8 Bealtaine 2000, maidir le bearta cosantacha i gcoinne orgánaigh a bheadh díobhálach do phlandaí nó do tháirgí plandaí a bheith á dtabhairt isteach sa Chomhphobal agus á leathadh laistigh den Chomhphobal (IO L 169, 10.07.2000 lch.1).

    Cothú Ainmhithe

    Rialachán (CE) Uimh 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le breiseáin le húsáid i gcothú ainmhithe (IO L 268, 18.10.2003, lch. 29).

    Rialachán (CE) Uimh 429/2008 ón gCoimisiún Eorpach maidir le rialacha mionsonraithe le haghaidh Rialachán (CE) Uimh 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme maidir le hiarratais a ullmhú agus breiseáin bheatha a mheasúnú agus a údarú (IO L 133, 22.5.2008, lch. 1).

    Treoir (CE) Uimh 2002/32 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le substaintí míchuibhiúla i mbia ainmhithe (IO L 140, 30.05.2002, lch. 10).

    Glacadh Rialachán (CE) 1774/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lenar leagadh síos rialacha sláinte a bhaineann le seachtháirgí ainmhithe nach mbeartaítear lena gcaitheamh ag daoine, an 3 Deireadh Fómhair 2002 (IO L 273, 10.10.2002, p. 0001).

    Treoir 93/74/CEE ón gComhairle maidir le hábhair bheatha a bheartaítear chun críocha cothaithe áirithe (IO L 237, 22.9.1993).

    42

  • Iarscríbhinn II

    I A R S C R Í B H I N N Í

    Sláinte Ainmhithe

    Rialachán (CE) Uimh 183/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Eanáir 2005 lena leagtar síos ceanglais i leith sláinteachais bheatha (IO L 35, 8.2.2005, lch. 1).

    Treoir 2003/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Iúil 2003 lena leasaítear Treoir 86/609/CEE ón gComhairle maidir le comhfhogasú a dhéanamh ar dhlíthe, rialacháin agus ar fhorálacha riaracháin na mBallstát maidir le cosaint ainmhithe arna n-úsáid chun críocha turgnamhacha agus eolaíocha eile (IO L 230, 16/09/2003, lch. 32).

    Treoir 2003/85/CE ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2003 maidir le bearta an Chomhphobail chun an galar crúibe is béil a rialú lena n-aisghairtear Treoir 85/511/CEE agus Cinntí 89/531/CEE agus 91/665/CEE agus lena leasaítear Treoir 92/46/CEE (IO L 306, 22/11/2003, lch. 1).

    Treoir 91/629/CEE ón gComhairle an 19 Samhain 1991 lena leagtar síos caighdeáin íosta le haghaidh laonna a chosaint (IO L 340, 11.12. 1991, lch. 28). Éilítear le hAirteagal 6 go n-ullmhófar tuairisc an Choimisiúin chuig an gComhairle, tráth nach déanaí ná 1 Eanáir 2006, ar bhonn tuairime eolaíoch maidir leis an gcóras/na córais dianfheirmeoireachta a chomhlíonann na ceanglais ó thaobh na folláine.

    Blastáin

    Rialachán (CE) Uimh 2065/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Samhain 2003 maidir le blastáin deataigh a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid i mbianna nó ar bhianna (IO L 309 de 26.11.2003).

    Treoir 88/388/CEE ón gComhairle maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le blastáin a úsáidtear in earraí bia agus le bunábhair a fhoinsiú chun iad a tháirgeadh (IO L 184, 15.7.1988, lch. 61).

    43

  • P L E A N S T R A I T É I S E A C H E F S A 2 0 0 9 – 2 0 1 3

    Iarscríbhinn II

    Breiseáin Bhia

    Treoir 89/107/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1988 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le breiseáin bhia arna n-údarú le húsáid in earraí bia a bheartaítear lena gcaitheamh ag daoine, (IO L 40, 11.2.1989, lch. 27).

    Treoir 94/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 30 Meitheamh 1994 maidir le dathanna le húsáid in earraí bia (IO L 237, 10/09/1994 LCH. 0013).

    Treoir 94/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 1994 maidir le milsitheoirí le húsáid in earraí bia (IO L 237, 10.9.1994, lch. 3).

    Treoir 95/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Feabhra 1995, maidir le breiseáin bhia seachas dathanna agus milsitheoirí (IO L 61, 18.3.1995, lch. 1).

    Treoir 2006/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 lena leasaítear Treoir 95/2/CE maidir le breiseáin bhia seachas dathanna agus milsitheoirí agus Treoir 94/35/CE maidir le milsitheoirí le húsáid in earraí bia (IO L 204, 26.7.2006, lch.10–22).

    Forbhianna

    Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forbhianna (IO L 183, 12.7.2003, lch. 51).

    Ábhair Theagmhála Bia

    Rialachán (CE) Uimh 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le hábhair agus nithe a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia agus lena n-aisghairtear Treoir 80/590/CEE agus 89/109/CEE (IO L 338, 13.11. 2004, lch. 4).

    Éilleáin

    Rialachán ón gCoimisiún (CE) Uimh 1881/2006 an 19 Nollaig 2006 lena socraítear leibhéil uasta le haghaidh éilleán áirithe in earraí bia (IO L 364, 20.12.2006, lch. 5).

    Rialachán ón gComhairle (CEE) Uimh 315/93 an 8 Feabhra 1993 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail le haghaidh éilleán in earraí bia (IO L 37, 13.2.1993, lch. 1).

    44

  • Iarscríbhinn II

    I A R S C R Í B H I N N Í

    Lipéadú Bia

    Treoir 2000/13/CE maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le lipéadú, tíolacadh agus fógairt earraí bia (IO L 109, 6.5.2000, p. 29).

    Treoir 96/8/CE ón gCoimisiún an 26 Feabhra 1996 maidir le bianna a bheartaítear a úsáid i réimeanna bia fuinneamh-shrianta le haghaidh laghdú meáchain (IO L 55, 6.3.1996, lch. 22).

    Treoir 90/496/CEE ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 1990 maidir le lipéadú cothaithe d’earraí bia (IO L 276, 6.10.1990, lch. 40).

    Treoir 89/398/CEE ón gComhairle an 3 Bealtaine 1989 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hearraí bia a bheartaítear d’úsáidí cothúla áirithe (IO L 186, 30.6.1989, lch. 27).

    Cothú an Duine

    Rialachán (CE) Uimh 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le ráitis i ndail le cothú agus le sláinte a dhéantar i dtaobh bianna (ceartúchán foilsithe ar IO L 404, 18.1.2007, lch. 12).

    Rialachán (CE) Uimh 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le vitimíní agus mianraí agus substaintí áirithe eile a chur le bianna (IO L 404, 30.12.2006, lch. 26).

    Treoir 89/398/CEE ón gComhairle an 3 Bealtaine 1989 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hearraí bia a bheartaítear d’úsáidí cothúla áirithe (IO L 186, 30.6.1989, lch. 27).

    Bithghuaiseacha

    Rialachán (CE) Uimh 1774/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Deireadh Fómhair 2002 lena leagtar síos rialacha sláinte a bhaineann le seachtháirgí ainmhithe nach mbeartaítear lena gcaitheamh ag daoine (IO L 273, 10.10.2002).

    Rialachán (CE) Uimh 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 lena leagtar síos rialacha chun einceifi leapaití spúinseacha in-tarchurtha áirithe a chosc, a rialú agus a dhíothú (IO L 147, 31.5.2001, lch. 1).

    45

  • P L E A N S T R A I T É I S E A C H E F S A 2 0 0 9 – 2 0 1 3

    Iarscríbhinn II

    Zónóisí

    Treoir 2003/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 maidir le faireachán ar zónóisí agus ar oibreáin zónóiseacha, lena leasaítear Cinneadh ón gComhairle 90/424/CEE agus lena n-aisghairtear Treoir ón gComhairle 92/117/CEE (IO L 235, 12.12.2003, lch. 31).

    Rialachán (CE) Uimh 2160/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le salmonella agus le hoibreáin zónóiseacha bhia-iompartha sonraithe eile a rialú (IO L 325, 12.12.2003, lch. 1).

    Bianna Núíos