an taiscéalaíocht agus na fionnachtana

15
An Taiscéalaíocht agus na Fionnachtana Coláiste Oiriall Muineachán Stair an Teastais Shóisearaigh

Upload: others

Post on 23-Oct-2021

1 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

An Taiscéalaíocht agus na Fionnachtana

Coláiste OiriallMuineachán

Stair an Teastais Shóisearaigh

Gléasanna nua loingseoireachta• Cairteacha portalacha = léarscáileanna de

na ceantair cois farraige.• Compás = ag taispeáint treo na loinge• luasmheá = luas – chomhairigh siad nasnaidhmeanna nó na cnotaí nó na muirmhílte• astraláib = ionad – domhanfhad agusdomhanleithead trí airde na gréine a thomhasLéarscáileanna níos fearr. Anois thuig siad go

raibh an domhan cruinn agus ollmhór

Longa níos fearr Carbhal = níos mó, níos láidre, níos sabháilteIdir sheolta cearnógacha agus sheolta

laidineacha ar na carbhailBhí cabhail scairdhéanta iontu = cláir adhmaid

ar scair a chéile.Captaen, máistir, siúinéirí, cúipéirí agus

giollaí ar bord na loinge.Saol crua, contúirteach ag lucht na loinge =

longbhriseadh, stoirmeacha agus galáir.

Cad chuige an taiscéalaíocht?• Bealaí nua trádála go dtí an tOirthear • Deacair dul thar tír leis na Turcaigh• Ag iarraidh impireachtaí móra a bhunú• Chun cruthú go raibh an domhan cruinn• Saint – ag iarraidh saibhris ollmhóir• Na daoine áitiúla a thiontú ina gCríostaithe

An Prionsa Anraí, LoingseoirSuim aige san Afraic agus ina ghobharnóir i

dTuaisceart na hAfriace.Suim aige sa loingseoireacht agus bhunaigh sé

scoil loingseoireachta ag Sagres ar an taobh ó dheas den Phortaingéil.

Chruinnigh sé cairteoirí, matamaiticeoirí agus tógálaithe longa thart air.

Thóg siad na carbhail. Chuir sé longa agus mairnéalaigh síos cósta thiar na hAfraice.

Bartholomew DiazBa é Diaz an chéad Eorpach a chuaigh síos go

dtí an pointe is deisceartaí san Afraic.Ba é Diaz an chéad Eorpach a bhain amach

rinn theas na hAfraice agus a chuaigh isteach san Aigéan Indiach (1487).

Thug sé Rinn na Stoirmeacha ar an rinn de bharr na stoirmeacha.

Thug Rí na Portaingéile Rinn an Dóchais Mhóir ar an rinn.

Vasco da GammaBa é da Gamma an chéad Eorpach a chuaigh

thart ar Rinn an Dóchais, isteach go dtí Aigéan Indiach agus a bhain amach an Ind agus na hOileáin Spís (1498).

Líon sé a chuid longa le seoda agus le spíosraí agus d’fhill sé abhaile.

Bhí aistear fada deacair ag da Gamma. Fuair cuid den fhoireann bás leis an galar carrach. Níor fhill ach 55 fear as an 148 a d’fhág.

Éacht na PortaingéileBa í an Phortaingéil príomhthír na

taiscéalaíochta ar domhan.Bhunaigh siad impireacht ollmhór trádála

san Áise, san Ind agus san Afraic.Ba ghairid go raibh an Phortaingéil agus an

Spáinn in iomaíocht le chéile.Thug an Spáinn tacaíocht airgid do

thaiscéalaithe a rachadh ag lorg tíortha nua.

Christopher ColumbusShíl Columbus go mbeadh sé ábalta dul siar

thar an Aigéan Atlantach go dtí na hIndí Thiar. Thug an Spáinn airgead, longa dó.

D’fhág sé Palos i 1492 le trí bhád: Santa Maria, an Nina agus an Pinta.

Tar éis dhá mhí tháinig sé i dtír ar San Salvador ach shíl sé go raibh sé san Ind agus ghlaoigh sé Indigh ar na daoine ann.

Ní raibh a fhios aige go Meiriceá aimsithe aige.

Lean sé ar aghaidh ag lorg na Seapáine ach d’aimsigh sé Cuba agus Hispaniola.

Rinne sé trí aistear eile trasna an Atlantaigh. D’aimsigh sé Trinidad, Jamaica agus Guadaloupe. Ní bhfuair sé ór nó spíosraí.

Fuair sé bás agus chreid sé gur theip ar a shaol mar nár aimsigh sé bealach nua go dtí na hOileáin Spís.

Ferdinand MagellanBa é an cúram a bhí air na hOileáin Moluccas

nó na hOileáin Spís a bhaint amach agus lastaí luachmhara spíosraí a thabhairt ar ais go dtí an Spáinn.

5 long = San Antonio, Conception, Victoria, Trinidad, Santiago. Tacaíocht na Spáinne.

Chreid sé go mbainfeadh sé an tOirthear amach ach seoladh timpeall chósta Mheiriceá Theas.

Chuir sé duine de na captaein chun báis.Briseadh an Santiago 100 ciliméadar ó Puerto

San Julian, áit a raibh na longa ar ancaire.Bhuail sruthanna dainséaracha agus gálaí

feanntacha iad nuair a bhí siad ag dul thart ar Rinn Mheiriceá Theas =Caolas Magellan

D’imigh an San Antonio abhaile gan chead agus go leor bia ar bord aici.

Bhí an tAigéan Ciúin socair ach fuair go leor bás den ocras, den tart agus den ghalar.

Bhain sé na hOileáin Fhilipíneacha amach i mí Márta 1521

Ba é Magellan an chéad Eorpach a chuaigh trasna an Aigéin Chiúin agus a chruthaigh gurbh fhéidir an tOirthear a bhaint amach ach seoladh siar.

Maraíodh Magellan sna hOileáin nuair a bhí sé ag cuidiú le ceannaire Filipíneach i gcogadh idir threibheanna.

Sebastian Delcano = ceannaire ag dul abhaile

Na Conquistadores = buaiteoiríTaiscéalaithe na Spáinne ag lorg óir i

Meiriceá. Thug siad drochbhail millteanach ar bhunadh na háite.

Hernan Cortes = mharaigh sé na mílte Astacaigh agus scrios sé a sibhialtacht. Lig sé air féin gur dhia Astacach a bhí ann.

Francisco Pizarro = chuir sé an cine Inceach, a bhí in airde ar na hAndies i Peru, faoi chois agus fuair sé a lán saibhreas agus ór.

Tionchar na Spáinneach sna coilíneachtaí• Tógadh ainmhithe/barra Eorpacha isteach.• D’fhulaing na hIndigh mar sclabhaithe.• Bhrúigh siad an Chríostaíocht ar na daoine.• Scrios siad sibhialtachtaí arsa.• Thug na hEorpaigh galair mharfacha leo.• Rinneadh gnó mór den daoirseacht.• Tugadh na milliúin Afracach gorm isteach.• Cuid mhór trádála idir an Eoraip/Meiriceá.