“beadsa ag seinnt ceoil..” 17 · dán nó fógra a scríobh don chéad eagrán seol ríomhphost...

8
BHUEL! NollAig 2014 Eagrán 2 © Ionad na Gaeilge Labhartha Eagarthóir:Nuala de Búrca IMLEABHAR 17 “Beadsa ag seinnt ceoil..” Comhghairdeachas ó chroí leis an Uasal Ciarán Ó Gealbháin, Roinn an Bhéaloidis, COC, a bhuaigh Corn Cuimhneacháin Chiaráin Uí Choncheanainn ag Oireachtas na Samhna 2014. Chuir an t-eagarthóir cúpla ceist air le déanaí. Cad as duit go díreach? Déan cur síos ar an gceantar san. Is as an Seanphobal i nGaeltacht na nDéise dom, ceantar breá gaelach, ceolmhar, a aghaidh le muir agus a dhroim le sliabh. Ar tógadh le ceol thú? An mbíodh ceol le cloisteáil sa tigh? Bhí ceol i gcónaí sa tigh againn ag fás aníos dúinn. Ceoltóir is ea m’athair, agus ba mhinic seisiún ceoil sa tigh againn, oícheanta iontacha, dáiríre, anois go gcuimhním orthu. Cén aois ab ea thú nuair a léirigh tú suim sa cheol agus san amhránaíocht? Ceist dom’ mháthair! Déarfainn go rabhas óg go maith! Ní cuimhin liom aon uair ná bínn ag gabháil do. Cad a sheinn tú ar dtús? Thosnaíos amach leis an bhfeadóg stáin, mar a dhéanann go leor. Bhí an veidhlín á sheinnt ansan agam ar feadh tamaill ansan, ach ní bhínn á chleachtadh mórán ... Cathain a léirigh tú suim sa bhosca ceoil? Bhí boscaí ceoil i gcónaí sa tigh againn, óir is é an bosca a sheinneann m’athair. Ní raibh dul as, ná éalú, ná teitheadh agam ach bosca a bhualadh uair éigin. An raibh tionchar ag aon mhúinteoir ceoil nó ceoltóir ort? Bhí tionchar mór ag Jim Horgan orm agus ar go leor dem’ chomhaoisigh sa cheantar. Ba é Jim an chéad mhúinteoir ceoil a bhí againn. Tháinig an boscadóir, Bobby Gardiner, ag múineadh ceoil chughainn ina dhiaidh sin, agus táim go mór faoina thioncharsan go fóill, measaim. An bhfuil mórán amhrán agat? Dhá cheann nó trí ... An amhráin as d’áit dhúchais féin ar fad iad do chuid amhrán? Tá amhráin as gach cearn agam is dócha, ach is iad amhráin mo cheantair féin na cinn is ansa liom.

Upload: others

Post on 08-Jul-2020

3 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

BH

UEL

! N

oll

Aig

20

14

Ea

gr

án

2

©

Io

na

d n

a G

aei

lge

Labh

ar

tha

Ea

ga

rth

óir

:Nu

ala

de

rc

a

I

MLE

ABH

AR

17

“Beadsa ag seinnt ceoil..” Comhghairdeachas ó chroí leis an Uasal Ciarán Ó Gealbháin, Roinn an Bhéaloidis, COC, a bhuaigh Corn Cuimhneacháin Chiaráin Uí Choncheanainn ag Oireachtas na Samhna 2014. Chuir an t-eagarthóir cúpla ceist air le déanaí. Cad as duit go díreach? Déan cur síos ar an gceantar san. Is as an Seanphobal i nGaeltacht na nDéise dom, ceantar breá gaelach, ceolmhar, a aghaidh le muir agus a dhroim le sliabh. Ar tógadh le ceol thú? An mbíodh ceol le cloisteáil sa tigh? Bhí ceol i gcónaí sa tigh againn ag fás aníos dúinn. Ceoltóir is ea m’athair, agus ba mhinic seisiún ceoil sa tigh againn, oícheanta iontacha, dáiríre, anois go gcuimhním orthu. Cén aois ab ea thú nuair a léirigh tú suim sa cheol agus san amhránaíocht? Ceist dom’ mháthair! Déarfainn go rabhas óg go maith! Ní cuimhin liom aon uair ná bínn ag gabháil do. Cad a sheinn tú ar dtús? Thosnaíos amach leis an bhfeadóg stáin, mar a dhéanann go leor. Bhí an veidhlín á sheinnt ansan agam ar feadh tamaill ansan, ach ní bhínn á chleachtadh mórán ... Cathain a léirigh tú suim sa bhosca ceoil? Bhí boscaí ceoil i gcónaí sa tigh againn, óir is é an bosca a sheinneann m’athair. Ní raibh dul as, ná éalú, ná teitheadh agam ach bosca a bhualadh uair éigin.

An raibh tionchar ag aon mhúinteoir ceoil nó ceoltóir ort? Bhí tionchar mór ag Jim Horgan orm agus ar go leor dem’ chomhaoisigh sa cheantar. Ba é Jim an chéad mhúinteoir ceoil a bhí againn. Tháinig an boscadóir, Bobby Gardiner, ag múineadh ceoil chughainn ina dhiaidh sin, agus táim go mór faoina thioncharsan go fóill, measaim. An bhfuil mórán amhrán agat? Dhá cheann nó trí ...

An amhráin as d’áit dhúchais féin ar fad iad do chuid amhrán? Tá amhráin as gach cearn agam is dócha, ach is iad amhráin mo cheantair féin na cinn is ansa liom.

An raibh tionchar ag aon amhránaí sa cheantar ort? Thugas ana-thaitneamh i gcónaí d’amhránaíocht Niocláis Tóibín, gan dabht. Mhúin deirfiúr Niocláis, Eibhlís Bean de Paor, a bhfuil cónaí uirthi trasna na páirce uaim, go leor amhrán dom i gcaitheamh na mblianta. Ansan muintir Mhic Craith, Seán agus Cárthach, sa Rinn, agus ní miste a rá gur thug na múinteoirí scoile agam, Eibhlín Bean Uí Dhonnchadha agus Áine Uí Cheallaigh, go leor tacaíochta dom, leis.

An dtógann sé mórán ama ort amhrán a fhoghlaim? Thabharfá cuid áirithe acu leat tapaidh go leor, ach bíonn dua áirithe ag roinnt le cuid eile acu. Braitheann sé ar a bhfuil faoi chaibidil insan amhrán, is dócha, agus dul na teanga ann ...

Cén saghas meascáin atá ann idir amhráin Ghaeilge agus amhráin Bhéarla i do repertoire? Tá i bhfad níos mó amhrán Gaeilge agam, déarfainn. Tá stór na n-amhrán Béarla agam bocht go maith i bhfírinne.

An bhfuil aon chomhairle le tabhairt agat do dhuine a bheadh ag iarraidh a bheith ina (h)amhránaí nó ina c(h)eoltóir? Ní miste a bheith ag éisteacht le go leor ceoil. Is locht é a chímse go leor anois nach dtugtar deis do cheoltóirí oilte ceol a sheinnt gan cur isteach ó dhaoine nach bhfuil ach ag foghlaim.

Cén boscadóir is fearr leat i láthair na huaire? Is aoibhinn liom ceol Bobby Gardiner, mar a deirim, ach táim ana-thógtha, agus bhí riamh, le ceol Tony McMahon. Tá ceol ana-bhreá á sheinnt faoi láthair ag Derek Hickey, agus tá tuiscint iontach ar an gceol ag Danny O’Mahony. Is mó seisiún maith a bhí agam le Mick McAuley i gcaitheamh na mblianta, leis, fear a bhfuil ana-chion agam ar a chuid boscadóireachta ...

Conas a thit sé amach gur thosaigh tú ag canadh agus ag casadh leis an ngrúpa Danú? D’fhás mé suas ag seinnt ceoil le cuid acu sin a bhunaigh an grúpa, Donnnchadh Gough, Benny McCarthy agus Dónal Clancy, agus rud saghas nádúrtha ba ea é, dáiríre, go dtitfinn isteach leo nuair a dhein. Bhíos ag obair in earnáil na teilifíse ag an am, agus thugas siar do sin le dul ar an mbóthar leis na leaids – cinneadh iontach!

Ar thaitin sé leat a bheith i ngrúpa? Bhaineas ardtaitneamh as na blianta sin a chaitheas ag imeacht le Danú, agus d’fhoghlaimíos go leor sa tréimhse sin i dtaobh an tsaoil mhóir agus mar a fheidhmíonn sé; conas déileáil le daoine agus mar sin de – nithe a sheasann liom fós is dóigh liom.

Cad í an chuimhne is fearr atá agat ón tréimhse a chaith tú sa ghrúpa? Samhradh na bliana 2000, measaim. Sheinneamar ag go leor d’féilte móra cheol tíre na hEorpa agus Mheiriceá Thuaidh an bhliain sin – craic iontach ag dul ó cheann go ceann, ní gá a rá. Is cuimhin liom a bheith ar stáitse san Hollywood Bowl timpeall Lá ’le Pádraig 2002, i bhfochair Altan, Eileen Ivers agus Paul Brady. Bhí sé sin ar fheabhas, leis!

Ar thaitin an taisteal timpeall na cruinne leat? Cén áit is mó a thaitin leat? Thaithin Ceanada go mór liom, tír bhreá, daoine deasa. Chaitheamar mí iontach san Ioruaidh, leis. Is álainn an tír í.

Cad é an dlúthdhiosca is fearr leat as na dlúthdhioscaí ar fad a d’eisigh sibh agus cén fáth? Is maith liom an chéad cheann a dheineas leo, Think before you think! (ná ceistigh mé i dtaobh an teidil!). Ba é sin an chéad dlúthdhiosca againn le Shanachie Records, dream a raibh dáileadh cuíosach maith ar a gcuid ceirníní, agus chuireadh sé iontas orm a bheith i siopaí agus an DD ar díol ann romham. Chuir an dlúthdhiosca sin bonn maith faoin ngrúpa.

Tá tú ag obair i Roinn an Bhéaloidis, UCC le roinnt blianta. Tá rian an cheoil le feiscint i do chuid oibre, nach bhfuil? N’fheadar an bhfuil? Ach is cuid lárnach den chultúr agus den saíocht dhúchais é an traidisiún amhránaíochta, agus bíonn deis agam ó am go ham dul amach ar na cúrsaí sin, rud a thugann ana-thaitneamh dom. Déan cur síos ar www.seannosbeo.ie Suíomh idirlín is ea é seo atá á aththógaint faoi láthair. Bunachar amhrán atá ann, agus áis iontach d’éinne ar suim leis nó léi amhrán Gaeilge a fhoghlaim. Beifear ag cur leis arís ó am go chéile. Bhuaigh tú Amhránaí na Bliana, Gradam Ceoil TG4 sa bhliain 2001. Cén t-amhrán a bhí i gceist? Ní raibh aon amhrán i gceist per se; ní comórtas a bhí ann, ach gur bronnadh an gradam orm as an obair a bhí ar siúl agam le Danú ag an am sin, is dócha ... An bhfuil tú ag glacadh páirte san Oireachtas ó bhí tú óg? Is dóigh liom go rabhas tuairim is a cúig bliana déag nuair a chéadghlacas páirt i gcomórtaisí an Oireachtais ... An cuimhin leat an chéad uair gur fhreastail tú ar an Oireachtas? Is cuimhin liom go maith! Uair éigin sna mion-nóchaidí déarfainn, tráth a raibh sé á reachtáil i gCluain Dolcáin, contae Bhaile Átha Cliath. B’iontach an spórt agus an dibhearsain é, agus thug sé isteach ar dhomhan eile ar fad mé. Comhghairdeachas ó chroí leat as Corn Cuimhneacháin Chiaráin Uí Choncheanainn a bhuachaint ag Oireachtas na Samhna 2014. Cén t-amhrán a bhí i gceist agus conas a roghnaigh tú an t-amhrán? Chan mé ‘Bruach na Laoi’ i mbliana, amhrán a bhíodh á rá ag mo chomharsa, Seán Ó Cléire, na blianta fada ó shoin, pé ait ina bhfuair sé é! Ba é mo dhlúthchara, Seamus Mac Craith, ón Rinn, a mhúin domsa é tamall maith de bhlianta ó shoin anois.

An mbíonn tú ábhairín neirbhíseach nó an mbíonn tú ar do sháimhín só i gcomórtaisí ar nós an Oireachtais? Bím neirbhíseach go maith, chun na fírinne a insint, ach níl stáitse níos deise in Éirinn don amhránaí sean-nóis ná stáitse an Oireachtais. Bíonn lucht éisteachta an-eolgaiseach i láthair, daoine a bhfuil ana-chur amach acu ar an amhránaíocht dhúchais, agus is é sin a bhíonn dom’ tharraingt ann ar deireadh. An ndeineann tú mórán cleachtaidh roimh chomórtaisí? Ní dheanaim puinn prapála, chun na fírinne a insint! Locht é sin. An bhfuil aon chomhairle le tabhairt agat do dhuine a bheadh ag amhránaíocht i gcomórtaisí an Oireachtais? Mholfainn dóibh taitneamh a bhaint as na comórtaisí, as na himeachtaí go léir, agus an ócáid trí chéile.

Comórtas

Aimnigh aon amhrán a chan Ciarán Ó Gealbháin ag Oireachtas na Samhna i

mbliana.

€30 an duais!

Seol do fhreagra chugam ag [email protected] faoin 16 Eanáir.

Más mian le héinne alt, léirmheas, scéilín,

dán nó fógra a scríobh don chéad eagrán seol ríomhphost chugam ag [email protected].

Nollaig faoi shéan is faoi mhaise dhaoibh go léir agus gach rath oraibh san athbhliain.

FOC

AL

ÓN

OIF

IGEA

CH

G

Ainm? Seán Breandán Peadar de Priondragás Aois? 21 Cad as duit? Trá Lí, Co. Chiarraí Cén cúrsa atá ar siúl agat? BCL (Dlí agus Gaeilge) Bliain sa choláiste: 4ú bliain An rud is fearr mar gheall ar UCC? An muintearas. An tÉireannachas. An chraic. Ainm do pheata? Jenny An boladh is fearr: Tá seampú ann darb ainm “Alberto Balsam Strawberries and Cream”. Tá boladh aoibhinn as! An ghiuirléid is fearr: An doras! An laethanta saoire is fearr: An Nollaig; ceol, ól, feoil agus tionól! An saghas ceoil is fearr leat: Ceol a bhfuil teachtaireacht ann, pé genre ach báúil le ceol tuaithe Mheirceá anois ar chúis éigint. An scannán is fearr leat: Trance, is dócha, tá sé go diail! An leabhar is fearr leat: Seanfhocail na Mumhan, an Seabhac. Sraith Harry Potter chomh maith. An focal Gaeilge is fearr leat? Faoiseamh. An Ghaeltacht is fearr: D’fhágas mo chuid airgid i gCúil Aodha, mo chuid éadaí i Ráth Chairn ach is i gCorca Dhuibhne amháin a d’fhágas mo chroí. Níl sárú ar Bhaile na nGall fé sholas na gréine lá samhraidh. Tigh TP abú! Des Bishop nó Dáithí Ó Sé? Dáithí! Ciarraíoch agus fear lách is ea é. R na G nó Raidió Rí-Rá? RnaG; mo mhíle grá do Helen Ní Shé ar an gclár An Saol ó Dheas <3 <3 <3

www.focal.ie nó www.focloir.ie ? Táimse claonta i leith www.focal.ie toisc gur chaitheas seal ag obair leo! An iomáint nó an chaid? Tá SAM BUAITE AGAINN don 37ú mBABTHA! An chaid, gan amhras! É sin ráite, bhaineas fíorshúp as Craobh Mheirceá a bhuachaint san iomáint le Grizzlies Mhontana anuraidh. An rud is fearr faoi Oireachtas na Samhna?! Bíonn an t-aer ar maos i nGaelachas. Is féidir cuisle na nGael a bhrath agus tú ann. Blaisín de fhíorshaol na hÉireann atá ann! An rud is fearr mar gheall ar chultúr na hÉireann: Is cultúr ar leith é. Tá sé aitheanta. Tá sé dosháraithe. Tá sé ionainn. Tá sé ann. Cén fáth gur chuir tú isteach ar an bpost mar Oifigeach Gaeilge? Teastaíonn uaim daoine a spreagadh i dtreo labhairt na Gaelainne agus meas a bheith acu uirthi. Is sinne an ghlúin a réiteoidh fadhb na Gaelainne sa tír seo agus ba mhór dom cabhrú le daoine a gcuid buanna a léiriú agus a fheabhsú. Sin é é. Cad é do mheas ar shaol na Gaelainne sa choláiste?

Tá daoine paiseanta i leith na teangan anseo. Ní gá ach cur leis an meon dearfach atá ag mic léinn cheana féin chun an Ghaelainn a chur chun cinn. Cad a dhéanfaidh tú chun saol na Gaelainne sa choláiste a fheabhsú? Ba bhreá liom daoine a bhailiú le chéile ar dtús chun ceist na Gaeilge a phlé i Mí Eanáir. Ansin, bunófar grúpa chun feachtaisí agus imeachtaí spleodracha a chur i gcrích. Ar bhonn praicticiúil, tá dhá scéim ar bun agam chun deis a thabhairt do daoine a gcuid Gaelainne a úsáid – ‘Diancheachtanna Gaeilge’ agus ‘Gaeilge do Ghasúir’. Seol r-phost chugam ag [email protected] Tabhair ‘like’ dom ar Facebook - UCCSUGaeilge Seo linn! Seo dán a scríobhas ag teacht thar n-ais ó Oireachtas na Samhna i mbliana: Ár nOireachtas atá ar Neamh, Go naofar d'ainm, Do tháinig do Ríocht, Is deineadh do thoil i gCill Airne, Mar a dhéantar gach bliain, Corn Uí Riada - tabhair dúinn inniu, Agus maith dúinn ár bhfiacha, Mar a mhaithimidne dár gcuid olacháin féin, Is ná lig sinn i gcathú, Agus saor sinn ó easpa Oireachtais! Seán de Priondragás

Comhghairdeachas le Nell Ní Chróinín a bhuaigh Corn Uí Riada i mbliana!

An Dochtúir Nua

Bhí dochtúir tráth, Nach aige a bhí ardlá,

Le déanaí in Ollscoil Chorcaí, Is é atá ag súil go mór le turcaí.

Mar do bhí sé ag obair gan stop,

Na haon lá tirim is na haon lá fliuch, Logainmneacha is mó a thaitin leis,

Bhíodar ar a chlé is ar a dheis.

Is as Béal Átha dó, Imríonn sé cártaí d’oíche is de ló, N’fheadar an mbuann sé puinn,

Ach ar an ndochtúir so, ní bheimid ródhian.

Toisc gur réiteoir ab ea é, Is órga a bhí a ré,

Ar na goirt chaide, A thaitin leis go mór is go fada.

Is aige atá na haon chleas,

Is é ag babhláil go sciliúil is go deas, Ar bhóithre cois Laoi a chítear a Fhocus dearg,

Seachnaíonn sé an fhearg, Bíonn air í a ní is a ní,

Nó ní mó ná sásta a bheadh a sheanchara, Rós Thrá Lí!

Nósanna na Nollag Má tá an t-am agat, na laethanta gnóthacha seo, tá se go deas seasamh nó suí tamall ag féachaint timpeall agus tú ag tabhairt cuairte ar an ionad siopadóireachta agus gach éinne ag sodar anseo is ansiúd ag ullmhú don Nollaig. Is deas an t-am seo den bhliain, cinnte, cé go mbímid ag smaoineamh ar na daoine atá faoi bhrú nó uaigneach ina n-aonar, chomh maith, mar tagann cuimhní brónacha chun cinn um Nollaig, leis. Tá aithne againn ar a lán daoine atá tar éis ball dá muintir a chailliúint i rith na bliana agus bíonn trua againn dóibhsan, gan amhras. Is mór an t-athrú atá tagtha ar an saol thar na blianta, maidir le ceiliúradh na Nollag ach is séasúr beannaithe, speisialta é gach aon bhliain. Molaim TG4 mar is cláracha iontacha, spéisiúla iad na cláracha a léiríonn siad gan stad. Is aoibhinn liom an clár úd Béaloideas Beo nuair a bhíonn triúr ar an bpainéal ag caint faoi na seanlaethanta, nósanna agus modhanna maireachtála a bhí láidir i measc na ndaoine fadó, fadó. Is dócha gur chreid na seandaoine i gcumhacht na bpiseog agus gan dabht, bhí ciall agus brí láidir lena lán acu, mar shampla, cuireadh an choinneal ar lasadh roimh chlapsholas an lae Oíche Nollag agus fágadh i lár an urláir sa chistin í go dtí meán lae Lá Nollag. Níor fágadh aon luaithreach ón ngríosach lasmuigh den doras ar an lá naofa sin mar cheap daoine áirithe go ndéanfaí dochar d'anamacha na marbh. Bhuel, b’shin mar a chreid muintir na haoise sin agus measaim féin go bhfuil na cláracha ar TG4 an-mhaith chun iniúchadh agus taighde a dhéanamh ar chúrsaí mar seo, conas mar a chreid agus a mhair ár sinsir i gcuideachta a chéile sa saol atá dothuigthe agus mistéireach dos na glúinte a tháinig ina ndiaidh. Eilís Uí Bhriain

Comhghairdeachas libh! Comhghairdeachas ó chroí le Seán de Priondragás agus le hÁine Ní Áileasa agus a tháinig sa tarna háit i gComórtas Díospóireachta Tríú Leibhéil ag Oireachtas na Samhna i mbliana. Deineann Gael-Linn urraíocht ar an gcomórtas agus bhronn Seán Ó Ceallaigh, Bainisteoir Scéimeanna Náisiúnta Ghael-Linn an duais ar mhic léinn COC. Ba é an t-ábhar a bhí fé chaibidil ag na foirne ná ‘Tá deireadh le ré na bhfoilseachán clóite.’ Nár lága Dia sibh!

Sráid Ghaelach

Léimigí thart! Mic léinn GA1120 is iad thiar le déanaí.

'Ba mhaith iad na fearaibh is ba gheanúil iad na mnáibh, Bhíodh rince gach Domhnach in aice an Bhéal Bháin.'

ÁR

AS

THU

AM

A

Muintir Áras Uí Thuama ag baint súip as Cóisir Oíche Shamhna agus as Bál na Gaelainne 2014.

Cártaí Nollag: www.smaointe.com Cluichí boird: www.udar.ie Bronntanais Nollag: www.spailpin.com Bronntanais Nollag i gCorcaigh: Gael Taca, 22 Port Uí Shúilleabháin. www.gael-taca.com

Ní fada uainn an Nollaig!

Lána na Stáblaí

Cnoc na Spideoige

Lána Niocláis An Bóthar Síorghlas

Radharc na Giúise Sráid Niocláis

Bóthar an Bhíoma Bháin Coill an Airgid

Lána Thobar Niocláis Gairdíní Gharrán na Giúise

Plás Pharthais