bunachar sonraÍ na rochtana ar mhargaÍmadb.europa.eu/userguide/ga_def.pdf · costas dá dtáirgí...

39
1 BUNACHAR SONRAÍ NA ROCHTANA AR MHARGAÍ http://madb.europa.eu TREOIR D’ÚSÁIDEOIRÍ

Upload: lamminh

Post on 28-Feb-2019

216 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

1

BUNACHAR SONRAÍ NA ROCHTANA AR MHARGAÍ

http://madb.europa.eu

TREOIR D’ÚSÁIDEOIRÍ

2

Clár na nÁbhar

1. RÉAMHRÁ ....................................................................................................................................................... 3

11..11.. AANN CCUUSSPPÓÓIIRR AATTÁÁ LLEEIISS AANN GGCCÁÁIIPPÉÉIISS SSEEOO.............................................................................................. 3 11..22.. CCÉÉAARRDD IISS BBUUNNAACCHHAARR SSOONNRRAAÍÍ NNAA RROOCCHHTTAANNAA AARR MMHHAARRGGAAÍÍ ((BBSSRRMM)) AANNNN?? ...................................... 3 11..33.. CCÉÉNN CCHHAAOOII AA GGCCAABBHHRRAAÍÍOONNNN AANN BBSSRRMM LLEEAATTSSAA?? ............................................................................. 4

2. TARAIFÍ A CHUIRTEAR CHUN FEIDHME.............................................................................................. 6

3. TREOIR D’ONNMHAIREOIRÍ MAIDIR LE FOIRMIÚLACHTAÍ ONNMHAIRIÚCHÁIN ............. 11

4. BUNACHAR SONRAÍ STAITISTIÚLA...................................................................................................... 15

5. CLÁR NA NGEARÁN.................................................................................................................................... 22 55..11.. CCUUAARRDDAAIIGGHH GGEEAARRÁÁIINN........................................................................................................................ 23 55..22.. CCLLÁÁRRAAIIGGHH GGEEAARRÁÁNN NNUUAA ................................................................................................................... 25 55..33.. CCEEIISSTTEEAANNNNAA CCOOIITTIIAANNTTAA ................................................................................................................... 26

6. BUNACHAR SONRAÍ NA MBACAINNÍ TRÁDÁLA................................................................................ 27 66..11.. CCUUAARRDDAAIIGGHH TTAAIIFFIIDD AARR BBHHAACCAAIINNNN .................................................................................................... 27 66..22.. CCUUAARRDDAAIIGGHH NNUUAACCHHTT AAGGUUSS AANN TTEEOOLLAASS IISS DDÉÉAANNAAÍÍ ........................................................................... 29

7. BUNACHAR SONRAÍ SLÁINTÍOCHTA AGUS FÍTEASHLÁINTÍOCHTA ........................................ 31 77..11.. CCUUAARRDDAAIIGGHH TTAAIIFFIIDD AARR BBHHAACCAAIINNNN .................................................................................................... 31 77..22.. CCUUAARRDDAAIIGGHH NNUUAACCHHTT AAGGUUSS AANN TTEEOOLLAASS IISS DDÉÉAANNAAÍÍ ........................................................................... 33

8. RIALÚ NA MBACAINNÍ TRÁDÁLA .......................................................................................................... 35

9. CEISTEANNA COITIANTA ........................................................................................................................ 36

10. NAISC ÚSÁIDEACHA ................................................................................................................................ 37

11. TUAIRIMÍ UAITSE ..................................................................................................................................... 38

12. SÉANADH .................................................................................................................................................... 39

3

1. RÉAMHRA 11..11.. AANN CCUUSSPPÓÓIIRR AATTÁÁ LLEEIISS AANN GGCCÁÁIIPPÉÉIISS SSEEOO Is é an cuspóir atá leis an treoir seo d’úsáideoirí léargas a thabhairt ar an mbealach a fheidhmíonn Bunachar Sonraí na Rochtana ar Mhargaí trí treoracha mionsonraithe a sholáthar maidir leis an bpróiseas le gach roinn den bhunachar sonraí a úsáid. Is féidir an bunachar sonraí a rochtain trí hipearnasc ar leathanach baile Ard-Stiúrthóireacht Trádála an Choimisiúin Eorpaigh. 11..22.. CCÉÉAARRDD IISS BBUUNNAACCHHAARR SSOONNRRAAÍÍ NNAA RROOCCHHTTAANNAA AARR MMHHAARRGGAAÍÍ AANNNN?? I gcreat Straitéis an Choimisiúin um Rochtain ar Mhargaí, cuireadh Bunachar Sonraí na Rochtana ar Mhargaí (BSRM) (MARKET ACCESS DATABASE – MADB) ar bun agus é ar fáil saor in aisce tríd an Idirlíon do gach oibreoir eacnamaíoch ar fud an AE agus do thíortha aontachais/tíortha atá ina n-iarrthóirí. Cuireadh an bunachar sonraí ar bun agus forbraíodh de réir a chéile é chun freastal ar na riachtanais seo a leanas:

faisnéis bhunúsach a sholáthar a bheadh ina hábhar inspéise ag onnmhaireoirí san AE (e.g. dleachtanna allmhairiúcháin, cánacha gaolmhara agus ceanglais ghaolmhara a bhaineann le doiciméid is gá a chur ar fáil le hearraí a allmhairiú chuig margaí onnmhairiúcháin, staitisticí trádála, staidéir ar ábhair a bhaineann le cúrsaí maidir leis an rochtain ar mhargaí);

gach bacainn trádála a théann i bhfeidhm ar onnmhairí ón AE a liostú de réir na tíre

agus na hearnála agus cinntiú go leanfar leis an mbacainn shainaitheanta go córasach agus

meán cumarsáide idirghníomhach a sholáthar idir an saol gnó agus na húdaráis

Eorpacha, rud a fhágfaidh go mbeifear in ann faisnéis a mhalartú trí mheán an Idirlín.

Tá an BSRM (MADB) ar fáil ar an Idirlíon ag an seoladh seo a leanas

http:// madb.europa.eu

NB: TÁ NA RANNA MAIDIR LE TARAIFÍ A CHUIRTEAR CHUN FEIDHME AGUS FOIRMIÚLACHTAÍ ALLMHAIRIÚCHÁIN AR FÁIL D’ÚSÁIDEOIRÍ LAISTIGH DEN AE. TÁ NA RANNA EILE AR FÁIL D’ÚSÁIDEOIRÍ AR FUD AN DOMHAIN AR FAD.

4

11..33.. CCÉÉNN CCHHAAOOII AA GGCCAABBHHRRAAÍÍOONNNN AANN BBSSRRMM LLEEAATTSSAA??

Chun faisnéis a fháil ar an mbealach a théann an Chomhpháirtíocht um Rochtain ar Mhargaí idir an Coimisiún, na Ballstáit agus an saol gnó i ngleic le fadhbanna nithiúla ó thaobh ghnó an AE i margaí i dtríú tíortha, breathanigh ar LEATHANACH IDIRLÍN NA COMHPHÁIRTÍOCHTA UM ROCHTAIN AR MHARGAÍ (MARKET ACCESS PARTNERSHIP WEBPAGE).

Chun faisnéis a fháil ar dhleachtanna allmhairiúcháin agus ar chánacha inmheánacha is infheidhme i leith do chuid onnmhairí chuig margaí tríú tíortha éagsúla, téigh go dtí ROINN BHUNACHAR SONRAÍ NA DTARAIFÍ A CHUIRTEAR CHUN FEIDHME (APPLIED TARIFFS DATABASE SECTION).

Chun tuilleadh a fháil amach faoi na nósanna imeachta allmhairiúcháin agus faoi na doiciméid is gá a chur ar fáil chun táirgí áirithe a allmhairiú isteach i dtíortha nach bhfuil san AE, téigh go dtí ROINN NA TREORACH D'ONNMHAIREOIRÍ MAIDIR LE FOIRMIÚLACHTAÍ ALLMHAIRIÚCHÁIN (EXPORTERS' GUIDE TO IMPORT FORMALITIES ).

Chun forléargas a fháil ar shreabha trádála idir an AE (lena n-áirítear Ballstáit aonair) agus tíortha nach bhfuil san AE, téigh go dtí ROINN AN BHUNACHAIR SHONRAÍ STAITISTIÚLA (STATISTICAL DATABASE ).

Chun fógra a thabhairt don Choimisiún Eorpach faoi bhacainní ar an trádáil agus ar an infheistíocht a bhíonn romhat i margaí tríú tíortha téigh go dtí ROINN CHLÁR NA NGEARÁN (COMPLAINT REGISTER ).

Chun faisnéis a aimsiú maidir le bacainní trádála a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ort sna tíortha ar leith téigh go dtí ROINN BHUNACHAR SONRAÍ NA MBACAINNÍ TRÁDÁLA (TRADE BARRIERS DATABASE ).

Ó LEATHANACH BAILE AN BSRM (MADB)

CLICEÁIL AR AN ROINN AR A BHFUIL POINTE NA SAIGHDE

5

Chun faisnéis a aimsiú maidir le bacainní Sláintíochta agus Fíteashláintíochta ar an onnmhairiú chuig tíortha nach bhfuil san AE téigh go dtí ROINN BHUNACHAR SONRAÍ NA MBACAINNÍ SFS (SPS DATABASE S).

Chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní trádála a d’fhéadfadh a bheith romhat i gcomhthéacs d’oibríochtaí idirnáisiúnta trí imscrúdú foirmiúil faoin rialú a dhéanann an Coimisiún ar Bhacainní Trádála téigh go dtí an ROINN UM RIALÚ NA MBACAINNÍ TRÁDÁLA (TRADE BARRIERS REGULATION ).

Má bhíonn ceisteanna agat, gach seans go bhfaighidh tú na freagraí i ROINN NA GCEISTEANNA COITIANTA (FREQUENTLY ASKED QUESTIONS -FAQ) ) dár gcuid.

Tá bailiúchán de naisc le suíomhanna eile a d’fhéadfadh a bheith úsáideach duit ar fáil i ROINN NA NASC ÚSÁIDEACH AGUS NA NASC D'FHIONTAIR BHEAGA AGUS MHEÁNMHÉIDE FREISIN (USEFUL LINKS INCLUDING FOR SMES ).

Ar deireadh, is féidir leat an TREOIR D’ÚSÁIDEOIRÍ (USER GUIDE) atá ar fáil i 23 an AE a léamh ar an idirlíon.

6

2. TARAIFÍ A CHUIRTEAR CHUN FEIDHME

Tá faisnéis i mBunachar Sonraí na dTaraifí a Chuirtear Chun Feidhme (Applied Tariffs Database) ar dhleachtanna agus ar chánacha allmhairiúcháin is infheidhme i gcuid mhór tíortha nach bhfuil san AE, rud a chuireann ar chumas úsáideoirí an bhunachair shonraí costas dá dtáirgí a chuirfear i dtír a ríomh trí chód sonrach caighdeánach an táirge ón gCóras Comhchuibhithe a iontráil. NB: Tá bunachar sonraí na dtaraifí a chuirtear chun feidhme ar fáil d’úsáideoirí a nascfaidh leis ó thíortha an AE (nó ó cheann de na tíortha aontachais nó de na tíortha atá ina n-iarrthóirí). Ní féidir an bunachar sonraí a rochtain ó thíortha eile an domhain ar chor ar bith. TTAARRAAIIFFÍÍ AA CCHHUUIIRRTTEEAARR CCHHUUNN FFEEIIDDHHMMEE:: CCUUAARRDDAAIIGGHH ((AAPPPPLLIIEEDD TTAARRIIFFFFSS:: SSEEAARRCCHH)) CChhuunn aann ffhhaaiissnnééiiss aa tthheeaassttaaííoonnnn uuaaiitt aa ffhhááiill óónn rrooiinnnn sseeoo,, ddééaann ddee rrééiirr nnaa ggccééiimmeeaannnnaa tthhííooss:: Céim 1 Téigh go dtí Foirm iontrála na dTaraifí a Chuirtear Chun Feidhme trí cliceáil ar an teideal "Bunachar Sonraí na dTaraifí a Chuirtear Chun Feidhme" (Applied Tariffs Database) ar an Leathanach baile. Céim 2 Roghnaigh limistéar do spriocthíre/an limistéar custam Le Bunachar Sonraí na dTaraifí a Chuirtear Chun Feidhme, cuirtear ar do chumas margadh onnmhairiúcháin a roghnú agus an dleacht custaim agus na cánacha inmheánacha, a bhaineann le táirge ar leith, a fháil.

Roghnaigh an limistéar cuí ó thaobh tíre/custam de sa roghchlár a thagann anuas (Search a country/customs area);

Roghnaigh an limistéar cuí ó thaobh tíre/custam de.

7

Céim 3 Is féidir an bunachar sonraí a chuardach trí cód le haghaidh táirge (product code) nó cur síos ar tháirge a chlóscríobh (product description). Is féidir leat cód an táirge ón gCóras Comhchuibhithe (CC = HS code)a chur isteach don táirge nó is féidir leat fiosrúchán a chur isteach trí eochairfhocal a iontráil.

MMÁÁ TTÁÁ CCÓÓDD AANN TTÁÁIIRRGGEE AARR EEOOLLAASS AAGGAATT (( PPRROODDUUCCTT CCOODDEE))

Clóscríobh cód an táirge i mbosca an chóid don táirge - idir 4 agus 6 dhigit sa spás atá le feiceáil (ar an líne ghorm);

Cliceáil ar “Cuardaigh cód an CC1” (“Search HS code”) (ar thaobh na láimhe deise de bhosca an chóid don táirge);

Osclófar leathanach ar a bhfuil faisnéis maidir le cóipchearta2 Cliceáil ar “Glac leis” (“Accept”) nó “Diúltaigh dó3” (“Deny”).

Tá tú ar leathanach na dTaraifí a Chuirtear Chun Feidhme

Téigh ar aghaidh go dtí Céim 4

MMUURRAA BBHHFFUUIILL CCÓÓDD AANN TTÁÁIIRRGGEE AARR EEOOLLAASS AAGGAATT TTÁÁ 33 RROOGGHHAA AAGGAATT:: AA,, BB NNÓÓ CC

1 CÓD CAIGHDEÁNACH AN CHÓRAIS CHOMHCHUIBHITHE 2 AG GLACADH LEIS AN GCEADÚNAS: Ní cheadaítear an fhaisnéis i roinn Bhunachar Sonraí na dTaraifí a Chuirtear Chun Feidhme maidir le Margaí a Rochtain ná an fhaisnéis i roinn na bhFoirmiúlachtaí Allmhairiúcháin a úsáid lena hathdhíol, (nó le linn seirbhísí sainchomhairliúcháin a sholáthar), lena hathdháileadh, le bunachair shonraí a chur le chéile, le stóráil, nó chun críoch ar bith eile seachas mar áis tagartha ag úsáideoir de chuid an Aontais Eorpaigh atá lonnaithe go pearsanta laistigh de cheann de 27 Ballstát an Aontais Eorpaigh, sa Chróit, sa Tuirc agus in Iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine chun tacú le próisis ghnó idirnáisiúnta an úsáideora féin san Aontas Eorpach. Tá cosc ar gach úsáid eile ach amháin sa chás go gceadaíonn úinéir na sonraí an úsáid sin go sainráite i scríbhinn. 3 Ag an staid seo, má dhiúltaíonn tú dó, ní cheadaítear duit an roinn seo a rochtain.

8

RROOGGHHAA AA Cliceáil ar an nasc “Brabhsáil cóid na dtáirgí” (“Browse product code”) agus osclófar an leathanach ar a bhfuil Liosta na gCaibidlí (liosta ainmníocht na dtáirgí) (product nomenclature) .

Má fheiceann tú go bhfuil an cur síos ar do tháirge liostaithe i gceann den 21 roinn,

Cliceáil ar ainm na Caibidle (chapter) cuí sa cholún ar thaobh na láimhe deise. Osclófar leathanach ar a bhfuil liosta na dtáirgí agus cuir síos níos mionsonraithe ar na táirgí agus ar na cóid a bhaineann leo faoi seach;

Cliceáil ar an gcód sa chéad cholún ar thaobh na láimhe clé don táirge cuí; Nuair a chliceálann tú ar nasc, iontráiltear an cód don táirge san Fhoirm chuardaigh

go huathoibríoch. Más é sin cód an táirge atá uait, níl le déanamh ach cliceáil ar an gcnaipe “Dearbhaigh” (“Confirm”) agus dúnfar an fhuinneog;

San Fhoirm chuardaigh, cliceáil ar “Cuardaigh cód an CC1” (“Search HS code”); Tá tú ar leathanach na dTaraifí a Chuirtear Chun Feidhme.

Téigh ar aghaidh go dtí Céim 4

RROOGGHHAA BB Cliceáil ar an nasc “Cuardaigh an téacs iomlán” (“Full text Search”) agus osclófar an leathanach ar a bhfuil ainmníocht na dtáirgí (product nomenclature). Iontráil an cur síos ar an táirge sa bhosca don chur síos air agus cliceáil ar

“Cuardaigh cód an CC1” (“Search HS code”). Osclófar leathanach ar a bhfuil liosta táirgí agus cuir síos níos mionsonraithe ar na táirgí agus ar na cóid a bhaineann leo faoi seach;

Cliceáil ar an gcód sa chéad cholún ar thaobh na láimhe clé don táirge cuí; Nuair a chliceálann tú ar nasc, iontráiltear an cód don táirge san Fhoirm chuardaigh

go huathoibríoch. Más é sin cód an táirge atá uait, níl le déanamh ach cliceáil ar an gcnaipe “Dearbhaigh” (“Confirm”) agus dúnfar an fhuinneog;

San Fhoirm chuardaigh, cliceáil ar “Cuardaigh cód an CC1” (“Search HS code”); Tá tú ar leathanach na dTaraifí a Chuirtear Chun Feidhme.

Téigh ar aghaidh go dtí Céim 4

1 CÓD CAIGHDEÁNACH AN CHÓRAIS CHOMHCHUIBHITHE

9

RROOGGHHAA CC Clóscríobh ainm an táirge sa bhosca “Cur Síos ar an Táirge” (“Product description”) agus cliceáil ar “Cuardaigh Eochairfhocal” (“Search Keyword”);

Má tá an cur síos ar an táirge sa chatalóg, osclófar leathanach ar a mbeidh liosta táirgí agus cuir síos níos mionsonraithe ar na táirgí agus ar na cóid a bhaineann leo faoi seach;

Ar an leathanach ar a bhfuil Torthaí an Chuardaigh, cliceáil ar an gcód sa chéad cholún ar thaobh na láimhe clé don táirge cuí;

Tá tú ar leathanach na dTaraifí a Chuirtear Chun Feidhme.

Téigh ar aghaidh go dtí Céim 4

Céim 4

LLÉÉIIGGHH FFAAOOII NNAA TTAARRAAIIFFÍÍ AA CCHHUUIIRRTTEEAARR CCHHUUNN FFEEIIDDHHMMEE

Cliceáil ar an gcód cuí do tháirge sa chéad cholún ar thaobh na láimhe clé chun teacht ar a thuilleadh mionsonraí ar an leathanach deiridh a bhaineann leis an gcód don táirge.

10

SSAAMMPPLLAA DDEE MMHHIIOONNSSOONNRRAAÍÍ FFAAOOII TTHHAARRAAIIFFÍÍ

Soláthraítear forléargas ar bhearta ó thaobh dleachtanna de agus ar tharaifí a chuirtear chun feidhme chomh maith le cánacha agus dleachtanna breise ar an leathanach deiridh.

Sa roinn seo, má chliceálann tú ar an nasc "Nótaí gaolmhara maidir le Taraifí" ("Tariffs related notes") ar bharr an leathanaigh gheobhaidh tú nótaí sonracha maidir leis an táirge a iarradh.

11

3. TREOIR D’ONNMHAIREOIRÍ MAIDIR LE FOIRMIÚLACHTAÍ ALLMHAIRIÚCHÁIN

Sa roinn seo, gheobhaidh tú an fhaisnéis ar fad a bheidh ag teastáil uait maidir leis na nósanna imeachta allmhairiúcháin (Import formalities) agus na doiciméid is gá a chur ar fáil chun táirgí áirithe a allmhairiú chuig tíortha nach bhfuil san AE. NB: Tá bunachar sonraí na dtaraifí a chuirtear chun feidhme ar fáil d’úsáideoirí a nascfaidh leis ó thíortha an AE (nó ó cheann de na tíortha aontachais nó de na tíortha atá ina n-iarrthóirí). Ní féidir an bunachar sonraí a rochtain ó thíortha eile an domhain ar chor ar bith. FFOOIIRRMMIIÚÚLLAACCHHTTAAÍÍ AALLLLMMHHAAIIRRIIÚÚCCHHÁÁIINN:: CCUUAARRDDAAIIGGHH ((IIMMPPOORRTT FFOORRMMAALLIITTIIEESS:: SSEEAARRCCHH)) Chun an fhaisnéis a theastaíonn uait a fháil ón roinn seo, déan de réir na gcéimeanna thíos: Céim 1 Téigh go dtí Foirm iontrála na bhFoirmiúlachtaí Allmhairiúcháin trí cliceáil ar an teideal "Treoir d’Onnmhaireoirí maidir le Foirmiúlachtaí Allmhairiúcháin" ("Exporter's Guide to Import Formalities") ar an Leathanach baile: Céim 2 Roghnaigh limistéar do spriocthíre/do sprioclimistéar custam Caithfidh tú do spriocthír a roghnú chun roinn na Treorach d’Onnmhaireoirí den suíomh idirlín a úsáid trí rogha a dhéanamh as measc na roghanna atá ar fáil sa roghchlár a thagann anuas.

Roghnaigh an limistéar cuí ó thaobh tíre/custam de trí cliceáil ar rogha sa roghchlár a thagann anuas;(Search a country/customs area)

Roghnaigh an limistéar cuí ó thaobh tíre/custam de.

12

Céim 3 Is féidir an bunachar sonraí a chuardach trí cód le haghaidh táirge (product code) nó cur síos ar tháirge a chlóscríobh (product description). Is féidir leat cód an táirge ón gCóras Comhchuibhithe (CC = HS code)a chur isteach don táirge nó is féidir leat fiosrúchán a chur isteach trí eochairfhocal a iontráil.

MMÁÁ TTÁÁ CCÓÓDD AANN TTÁÁIIRRGGEE AARR EEOOLLAASS AAGGAATT ((PPRROODDUUCCTT CCOODDEE))

Clóscríobh cód an táirge i mbosca an chóid don táirge - idir 4 agus 6 dhigit sa spás atá le feiceáil (ar an líne ghorm);

Cliceáil ar “Cuardaigh cód an CC1” (“Search HS code”) (ar thaobh na láimhe deise de bhosca an chóid don táirge);

Osclófar leathanach ar a bhfuil faisnéis maidir le cóipchearta2 Cliceáil ar “Glac leis” (“Accept”) nó “Diúltaigh dó3” (“Deny”).

Téigh ar aghaidh go dtí Céim 4

MMUURRAA BBHHFFUUIILL CCÓÓDD AANN TTÁÁIIRRGGEE AARR EEOOLLAASS AAGGAATT

TTÁÁ 33 RROOGGHHAA AAGGAATT:: AA,, BB NNÓÓ CC

1 CÓD CAIGHDEÁNACH AN CHÓRAIS CHOMHCHUIBHITHE 2 AG GLACADH LEIS AN GCEADÚNAS: Ní cheadaítear an fhaisnéis i roinn Bhunachar Sonraí na dTaraifí a Chuirtear Chun Feidhme maidir le Margaí a Rochtain ná an fhaisnéis i roinn na bhFoirmiúlachtaí Allmhairiúcháin a úsáid lena hathdhíol, (nó le linn seirbhísí sainchomhairliúcháin a sholáthar), lena hathdháileadh, le bunachair shonraí a chur le chéile, le stóráil, nó chun críoch ar bith eile seachas mar áis tagartha ag úsáideoir de chuid an Aontais Eorpaigh atá lonnaithe go pearsanta laistigh de cheann de 27 Ballstát an Aontais Eorpaigh, sa Chróit, sa Tuirc agus in Iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine chun tacú le próisis ghnó idirnáisiúnta an úsáideora féin san Aontas Eorpach. Tá cosc ar gach úsáid eile ach amháin sa chás go gceadaíonn úinéir na sonraí an úsáid sin go sainráite i scríbhinn. 3 Ag an staid seo, má dhiúltaíonn tú dó, ní cheadaítear duit an roinn seo a rochtain.

13

RROOGGHHAA AA Cliceáil ar an nasc “Brabhsáil cóid na dtáirgí” (“Browse product code”) agus osclófar an leathanach ar a bhfuil Liosta na gCaibidlí (liosta ainmníocht na dtáirgí) (product nomenclature);

Má fheiceann tú go bhfuil an cur síos ar do tháirge liostaithe i gceann den 21 roinn,

Cliceáil ar ainm na Caibidle (chapter) cuí sa cholún ar thaobh na láimhe deise. Osclófar leathanach ar a bhfuil liosta na dtáirgí agus cuir síos níos mionsonraithe ar na táirgí agus ar na cóid a bhaineann leo faoi seach;

Cliceáil ar an gcód sa chéad cholún ar thaobh na láimhe clé don táirge cuí; Nuair a chliceálann tú ar nasc, iontráiltear an cód don táirge san Fhoirm chuardaigh

go huathoibríoch. Más é sin cód an táirge atá uait, níl le déanamh ach cliceáil ar an gcnaipe “Dearbhaigh” (“Confirm”) agus dúnfar an fhuinneog;

San Fhoirm chuardaigh, cliceáil ar “Cuardaigh cód an CC1” (“Search HS code”).

Téigh ar aghaidh go dtí Céim 4

RROOGGHHAA BB Cliceáil ar an nasc “Cuardaigh an téacs iomlán” (“Full text Search”) agus osclófar an leathanach ar a bhfuil ainmníocht na dtáirgí (product nomenclature); Iontráil an cur síos ar an táirge sa bhosca don chur síos air agus cliceáil ar

“Cuardaigh cód an CC1” (“Search HS code”). Osclófar leathanach ar a bhfuil liosta táirgí agus cuir síos níos mionsonraithe ar na táirgí agus ar na cóid a bhaineann leo faoi seach;

Cliceáil ar an gcód sa chéad cholún ar thaobh na láimhe clé don táirge cuí; Nuair a chliceálann tú ar nasc, iontráiltear an cód don táirge san Fhoirm chuardaigh

go huathoibríoch. Más é sin cód an táirge atá uait, níl le déanamh ach cliceáil ar an gcnaipe “Dearbhaigh” (“Confirm”) agus dúnfar an fhuinneog;

San Fhoirm chuardaigh, cliceáil ar “Cuardaigh cód an CC1” (“Search HS code”);

Téigh ar aghaidh go dtí Céim 4

1 CÓD CAIGHDEÁNACH AN CHÓRAIS CHOMHCHUIBHITHE

14

RROOGGHHAA CC Clóscríobh ainm an táirge sa bhosca “Cur Síos ar an Táirge” (“Product description”) agus cliceáil ar “Cuardaigh Eochairfhocal” (“Search Keyword”);

Má tá an cur síos ar an táirge sa chatalóg, osclófar leathanach ar a mbeidh liosta táirgí agus cuir síos níos mionsonraithe ar na táirgí agus ar na cóid a bhaineann leo faoi seach; Ar an leathanach ar a bhfuil Torthaí an Chuardaigh, cliceáil ar an gcód sa chéad cholún ar thaobh na láimhe clé don táirge cuí;

Téigh ar aghaidh go dtí Céim 4

Céim 4

BBRREEAATTHHNNAAIIGGHH AARR LLIIOOSSTTAA NNAA BBHHFFOOIIRRMMIIÚÚLLAACCHHTTAAÍÍ AAGGUUSS NNAA NNÓÓSSAANNNNAA IIMMEEAACCHHTTAA AALLLLMMHHAAIIRRIIÚÚCCHHÁÁIINN IISS IINNFFHHEEIIDDHHMMEE

Tá na foirmiúlachtaí agus nósanna imeachta roinnte ina ranna ar leith, mar seo a leanas: o Forléargas ar nósanna imeachta allmhairiúcháin (Overview of import

procedures): Soláthraítear forléargas leis seo ar na nósanna imeachta allmhairiúcháin agus ar na teagmhálacha maidir le hearraí a allmhairiú chuig an tír atá i gceist.

o Ceanglais ghinearálta (General requirements):

Tá cóipeanna de dhoiciméid a bhaineann leis an tír atá i gceist go ginearálta san áireamh ina bhfuil le fáil sa roinn seo chomh maith le haistriúchán go Béarla.

o Ceanglais shonracha (Specific requirements):

Sa roinn seo soláthraítear na doiciméid shonracha is gá a chur ar fáil chun an táirge sonrach atá roghnaithe agat a allmhairiú.

15

4. BUNACHAR SONRAÍ STAITISTIÚLA

Soláthraíonn an Bunachar Sonraí Staitistiúla (Stastistical Database) forléargas ar shreabha trádála táirgí áirithe idir tíortha an AE agus tíortha nach bhfuil san AE. CCUUAARRDDAAIIGGHH SSTTAAIITTIISSTTIICCÍÍ ((SSTTAATTIISSTTIICCAALL DDAATTAABBAASSEE:: SSEEAARRCCHH)) Chun faisnéis staitistiúil a fháil ón roinn seo, déan de réir na gcéimeanna thíos: Céim 1 Téigh go dtí Foirm iontrála an Bhunachair Shonraí Staitistiúla trí cliceáil ar an teideal "Bunachar Sonraí Staitistiúla” ("Statistical Database") ar an Leathanach baile. Céim 2 Roghnaigh Ballstát/Ballstáit an AE NB: Tá an bosca "Roghnaigh Ballstát/Ballstáit an AE" ("Select EU Member State(s)") réamhshocraithe go huathoibríoch sa chaoi is gur EUR 27 a thaispeánfar.

ROGHA 1 - EUR 27: má roghnaítear an modh EUR 27, soláthraítear staitisticí trádála duit don AE ar fad (agus do sheacht mBallstát is fiche uile an AE ina cheann agus ina cheann).

ROGHA 2 - EUR 25: má roghnaítear EUR 25, soláthraítear staitisticí trádála duit do chúig Bhallstát is fiche de chuid an AE (roimh aontachas na Romáine agus na Bulgáire in 2007).

ROGHA 3 – má roghnaítear Ballstát ar leith, soláthraítear duit na staitisticí don Bhallstát den AE a roghnaíodh.

Tá liosta de Bhallstáit an AE le fáil trí cliceáil ar an gcnaipe .

Cuardaigh Ballstáit an AE trí cliceáil ar rogha sa roghchlár a thagann anuas Roghnaigh an rogha chuí 1, 2 nó 3

16

Céim 3 Roghnaigh tír chomhpháirtíochta Tá an bosca "Roghnaigh tír chomhpháirtíochta" ("Select a partner country") réamhshocraithe go huathoibríoch sa chaoi is gur "Gach comhpháirtí" ("All partners") a thaispeánfar.

ROGHA 1 – Gach comhpháirtí (All Partners) má roghnaítear an rogha seo, soláthraítear staitisticí trádála duit do gach tír.

ROGHA 2 - má roghnaítear tír chomhpháirtíochta ar leith, soláthraítear duit na staitisticí don tír chomhpháirtíochta shonrach a roghnaíodh.

Féadfaidh tú ceann amháin de thíortha comhpháirtíochta an AE a roghnú trí cliceáil ar ainm na spriocthíre sa roghchlár a thagann anuas. Is é "Gach comhpháirtí" ("All partners") an rogha réamhshocraithe.

Cuardaigh gach comhpháirtí nó an spriocthír chomhpháirtíochta trí cliceáil ar rogha sa roghchlár a thagann anuas

Roghnaigh an rogha chuí 1, 2 nó 3 Céim 4 Roghnaigh bliain/blianta na tuairisce Is é bliain na tuairisce is déanaí dá bhfuil ar fáil an rogha réamhshocraithe atá ar fáil sa bhosca "Roghnaigh bliain/blianta na tuairisce" ("Select year(s)") Is féidir leat na roghanna seo a leanas a dhéanamh sa bhosca roghnaigh bliain/blianta na tuairisce:

ROGHA 1 - chun breathnú ar na staitisticí trádála d’aon bhliain ar leith (chomh fada siar le 2002).

ROGHA 2 - chun breathnú ar na staitisticí trádála do bhreis is bliain amháin ag an am. Cuardaigh tuairisc a bhaineann le bliain amháin nó níos mó trí cliceáil ar rogha sa

roghchlár a thagann anuas ; Roghnaigh an rogha chuí 1, 2 nó 3 ; Chun tuairiscí a bhaineann le breis is aon bhliain amháin, cliceáil agus aibhsigh na blianta

ábhartha agus na cnaipí "Ctrl" nó "Shift" á mbrú ag an am céanna agat.

17

Céim 5 Roghnaigh táscaire/táscairí Tá na ceithre chatagóir seo a leanas sa bhosca "Roghnaigh táscaire/táscairí" ("Select indicator(s)"):

Luach na nAllmhairí (Imports Value): má aibhsítear an chatagóir seo soláthraítear duit luach na n-allmhairí de réir na mílte Euro maidir le táirge ar leith ón tír chomhpháirtíochta atá roghnaithe (gach comhpháirtí nó tír chomhpháirtíochta shonrach) chuig an tír lena mbaineann an tuairisc atá roghnaithe (EUR 27, EUR 25, nó Ballstát sonrach den AE).

Líon na nAllmhairí (Imports Quantity): má aibhsítear an chatagóir seo soláthraítear duit líon na n-allmhairí de réir na mílte cileagram maidir le táirge ar leith ón tír chomhpháirtíochta atá roghnaithe (gach comhpháirtí nó tír chomhpháirtíochta shonrach) chuig an tír lena mbaineann an tuairisc atá roghnaithe (EUR 27, EUR 25, nó Ballstát sonrach den AE).

Luach na nOnnmhairí (Exports Value): má aibhsítear an chatagóir seo soláthraítear duit luach na n-onnmhairí de réir na mílte Euro maidir le táirge ar leith ón tír lena mbaineann an tuairisc atá roghnaithe (EUR 27, EUR 25, nó Ballstát sonrach den AE) chuig an tír chomhpháirtíochta atá roghnaithe (gach comhpháirtí nó tír chomhpháirtíochta shonrach).

Líon na nOnnmhairí (Exports Quantity): má aibhsítear an chatagóir seo soláthraítear duit líon na n-onnmhairí de réir na mílte cileagram maidir le táirge ar leith ón tír lena mbaineann an tuairisc atá roghnaithe (EUR 27, EUR 25, nó Ballstát sonrach den AE) chuig an tír chomhpháirtíochta atá roghnaithe (gach comhpháirtí nó tír chomhpháirtíochta shonrach).

Chun breathnú ar na staitisticí trádála a bhaineann le luach na n-allmhairí agus/nó na n-onnmhairí agus/nó le líon na n-allmhairí agus/nó na n-onnmhairí:

Cuardaigh táscaire/táscairí trí cliceáil ar rogha sa roghchlár a thagann anuas; Roghnaigh an táscaire cuí Chun breis is aon táscaire amháin a roghnú, cliceáil agus aibhsigh an táscaire ábhartha

agus na cnaipí “Ctrl” nó “Shift” á mbrú ag an am céanna agat.

18

Céim 6 Iontráil cód don táirge.

MMÁÁ TTÁÁ CCÓÓDD AANN TTÁÁIIRRGGEE AARR EEOOLLAASS AAGGAATT ((PPRROODDUUCCTT CCOODDEE))

Clóscríobh cód an táirge i mbosca an chóid don táirge (product code) - Féadfaidh tú roinn, caibidil, teideal nó cód táirge ina mbeidh 10 ndigit ar a mhéad a roghnú sa spás atá le feiceáil (ar an líne ghorm);

Cliceáil ar “Cuardaigh cód an CC1” (“Search HS code”) (ar thaobh na láimhe deise de bhosca an chóid don táirge);

Osclófar leathanach ar a bhfuil faisnéis maidir le cóipchearta2 Cliceáil ar “Glac leis” (“Accept”) nó “Diúltaigh dó3” (“Deny”).

Téigh ar aghaidh go dtí Céim 7

MMUURRAA BBHHFFUUIILL CCÓÓDD AANN TTÁÁIIRRGGEE AARR EEOOLLAASS AAGGAATT TTÁÁ 22 RROOGGHHAA AAGGAATT:: AA NNÓÓ BB RROOGGHHAA AA Cliceáil ar an nasc “Brabhsáil cóid na dtáirgí” (“Browse product code”) agus osclófar an leathanach ar a bhfuil Liosta na gCaibidlí (liosta ainmníocht na dtáirgí) (product nomenclature);

1 CÓD CAIGHDEÁNACH AN CHÓRAIS CHOMHCHUIBHITHE 2AG GLACADH LEIS AN GCEADÚNAS: Ní cheadaítear an fhaisnéis i roinn Bhunachar Sonraí na dTaraifí a

Chuirtear Chun Feidhme maidir le Margaí a Rochtain ná an fhaisnéis i roinn na bhFoirmiúlachtaí Allmhairiúcháin a úsáid lena hathdhíol, (nó le linn seirbhísí sainchomhairliúcháin a sholáthar), lena hathdháileadh, le bunachair shonraí a chur le chéile, le stóráil, nó chun críoch ar bith eile seachas mar áis tagartha ag úsáideoir de chuid an Aontais Eorpaigh atá lonnaithe go pearsanta laistigh de cheann de 27 Ballstát an Aontais Eorpaigh, sa Chróit, sa Tuirc agus in Iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine chun tacú le próisis ghnó idirnáisiúnta an úsáideora féin san Aontas Eorpach. Tá cosc ar gach úsáid eile ach amháin sa chás go gceadaíonn úinéir na sonraí an úsáid sin go sainráite i scríbhinn. 3 Ag an staid seo, má dhiúltaíonn tú dó, ní cheadaítear duit an roinn seo a rochtain.

19

Má fheiceann tú go bhfuil an cur síos ar do tháirge liostaithe i gceann den 21 roinn,

Cliceáil ar ainm na Caibidle cuí sa cholún ar thaobh na láimhe deise. Osclófar leathanach ar a bhfuil liosta na dtáirgí agus cuir síos níos mionsonraithe ar na táirgí agus ar na cóid a bhaineann leo faoi seach;

Cliceáil ar an gcód sa chéad cholún ar thaobh na láimhe clé don táirge cuí; Nuair a chliceálann tú ar nasc, iontráiltear an cód don táirge san Fhoirm chuardaigh go huathoibríoch. Más é sin cód an táirge atá uait, níl le déanamh ach cliceáil ar an gcnaipe “Dearbhaigh” (“Confirm”) agus dúnfar an fhuinneog;

San Fhoirm chuardaigh, cliceáil ar “Cuardaigh cód an CC1” (“Search HS code”);

Téigh ar aghaidh go dtí Céim 7

RROOGGHHAA BB Cliceáil ar an nasc “Cuardaigh an téacs iomlán” (“Full text Search”) agus osclófar an leathanach ar a bhfuil ainmníocht na dtáirgí (product nomenclature); Clóscríobh an cur síos ar an táirge sa bhosca don chur síos air agus cliceáil ar

“Cuardaigh cód an CC1” (“Search HS code”). Osclófar leathanach ar a bhfuil liosta táirgí agus cuir síos níos mionsonraithe ar na táirgí agus ar na cóid a bhaineann leo faoi seach;

Cliceáil ar an gcód sa chéad cholún ar thaobh na láimhe clé don táirge cuí; Nuair a chliceálann tú ar nasc, iontráiltear an cód don táirge san Fhoirm chuardaigh

go huathoibríoch. Más é sin cód an táirge atá uait, níl le déanamh ach cliceáil ar an gcnaipe “Dearbhaigh” (“Confirm”) agus dúnfar an fhuinneog;

San Fhoirm chuardaigh, cliceáil ar “Cuardaigh cód an CC1” (“Search HS code”);

Téigh ar aghaidh go dtí Céim 7

1 CÓD CAIGHDEÁNACH AN CHÓRAIS CHOMHCHUIBHITHE

20

Céim 7

LLÉÉIIGGHH LLEEAATTHHAANNCCHH NNAA DDTTOORRTTHHAAÍÍ MMAAIIDDIIRR LLEE SSTTAAIITTIISSTTIICCÍÍ TTRRÁÁDDÁÁLLAA Bíonn an bealach a bhíonn torthaí maidir le staitisticí trádála leagtha amach ar leathanach seo éagsúil ag brath ar na roghanna a rinneadh san fhoirm inar iontráladh na sonraí.

SSAAMMPPLLAA DDEE TTHHÁÁBBLLAA TTOORRTTHHAAÍÍ MMAAIIDDIIRR LLEE SSTTAAIITTIISSTTIICCÍÍ TTRRÁÁDDÁÁLLAA

Nóta:

I dtábla na dtorthaí, tugann an comhartha '-' le fios nár thuairiscigh Ballstát/Ballstáit de chuid an AE aon fhigiúir le haghaidh allmhairí nó onnmhairí den táirge a roghnaíodh sa bhliain/sna blianta a roghnaíodh.

Is é an ponc (.) a scarann figiúir dheachúla ó chéile. Spásanna folmha a scarann mílte (000) ó chéile.

Féadfaidh tú critéir an chuardaigh a mhionathrú chun feabhais ag bun leathanach na dtorthaí trí cliceáil ar roghanna eile i gcomhair na bparaiméadar seo a leanas: bliain/blianta (Years), Ballstát/Ballstáit de chuid an AE (EU Member State(s)), Compháirtí/Comhpháirtithe (Partners) agus Táscaire/Táscairí (Indicators). Dearbhaigh an rogha atá déanta agat trí cliceáil ar an gcaipe "Cuardaigh" ("Search").

21

Chun an praghas in aghaidh an chileagraim a fháil d’allmhairí/onnmhairí: roinn an figiúr i gcolún na n-allmhairí nó na n-onnmhairí ar an bhfigiúr cuí sa cholún maidir le líon na n-allmhairí nó na n-onnmhairí. Mar shampla, más 3.300 Euro luach na n-allmhairí i gcomhair tháirge X ó thír X agus más 0.3 tonna (300 kg) líon na n-allmhairí, gheobhaidh tú 11 Euro mar phraghas in aghaidh an chileagraim trí 3.300 a roinnt ar 300. Chun sonraí na staitisticí trádála a íoslódáil: má aistríonn tú na sonraí ar leathanach na dTorthaí maidir le Staitisticí Trádála chuig scarbhileog, beidh tú in ann figiúir a ríomh agus anailís eile a dhéanamh ar na staitisticí trí úsáid a bhaint na sonraí a d’iarr tú. Chun na torthaí a easpórtáil isteach i bhformáid Microsoft Excel:

ag barr Leathanach na dTorthaí, cliceáil ar an nasc "excel" nó

cliceáil ar an gcnaipe ar thaobh na láimhe deise den luchóg chun roghchlár a fheiceáil agus roghnaigh an rogha sa roghchlár dar teideal "Easpórtáil chuig Microsoft Excel" ("Export to Microsoft Excel").

Osclófar scarbhileog Excel ina dhiaidh seo agus aistreofar sonraí na staitisticí trádála ó thábla na staitisticí trádála den Bhunachar Sonraí Rochtana ar Mhargaí isteach i scarbhileog Excel.

22

5. CLÁR NA NGEARÁN Tá Clár na nGearán (Complaint Register) ina phointe teagmhála trína iontráiltear na gearáin ar fad ó chuideachtaí san AE maidir le bacainní trádála le haghaidh onnmhairí chuig tíortha nach bhfuil san AE, nó le haghaidh infheistíochtaí sna tíortha sin.

Leis an gClár, cuirtear ar chumas ghnónna an AE an dul chun cinn atá á dhéanamh i leith gearáin a leanúint níos éasca. NNAA BBUUNNTTÁÁIISSTTÍÍ AA BBHHAAIINNEEAANNNN LLEE CCLLÁÁRR NNAA NNGGEEAARRÁÁNN •• PPRROOIISSÉÉAASS SSIIMMPPLLÍÍ LLEE BBAACCAAIINNNNÍÍ TTRRÁÁDDÁÁLLAA AA CCHHLLÁÁRRÚÚ TTRRÍÍDD AANN IIDDIIRRLLÍÍOONN

((SSEEAARRCCHH CCOOMMPPLLAAIINNTTSS)) •• DDÉÉAANNTTAARR GGAACCHH BBAACCAAIINNNN TTRRÁÁDDÁÁLLAA AA TTHHAAIIFFEEAADDAADDHH SSAANN AAOONN ÁÁIITT

AAMMHHÁÁIINN..((RREEGGIISSTTEERR AA NNEEWW CCOOMMPPLLAAIINNTT)) •• FFOOIIRRMMEEAACCHHAA CCAAIIGGHHDDEEÁÁNNAAIITTHHEE LLEE GGEEAARRÁÁIINN AA IIOONNTTRRÁÁIILL AARR AANN

IIDDIIRRLLÍÍOONN ((FFAAQQ))

IISS FFÉÉIIDDIIRR LLEEAATT AANN MMÉÉIIDD SSEEOO AA LLEEAANNAASS AA DDHHÉÉAANNAAMMHH SSAA RROOIINNNN SSEEOO

GGEEAARRÁÁNN AA CCHHUUAARRDDAACCHH ((SSEEAARRCCHH CCOOMMPPLLAAIINNTTSS))

GGEEAARRÁÁNN AA CCHHLLÁÁRRÚÚ ((RREEGGIISSTTEERR AA NNEEWW CCOOMMPPLLAAIINNTT))

TTUUIILLLLEEAADDHH FFAAIISSNNÉÉIISSEE AA IIAARRRRAAIIDDHH ((FFAAQQ))

23

55..11.. CCUUAARRDDAAIIGGHH GGEEAARRÁÁIINN Chun faisnéis a fháil ón roinn seo, déan de réir na gcéimeanna thíos: Céim 1 Téigh go dtí an Fhoirm iontrála chun Clár na nGearán a chuardach trí cliceáil ar an teideal "Clár na nGearán" ("Complaint Register") ar an Leathanach baile agus trí cliceáil ar an ngcaipe "Cuardaigh Gearáin" ("Search Complaints") ag bun an leathanaigh ina dhiaidh. Céim 2 Roghnaigh an earnáil, an beart agus/nó an tír Féadfaidh tú ceann amháin (nó níos mó) de na hearnálacha éagsúla a roghnú, ceann amháin (nó níos mó) de na tíortha ar tagraíodh dóibh a roghnú nó ceann amháin (nó níos mó) de na bearta éagsúla a roghnú trí cliceáil ar rogha i gceann amháin de na roghchláir a thagann anuas.

Roghnaigh earnáil (Select sector), beart (Select measure), tír trí (Select country) cliceáil ar rogha sa roghchlár a thagann anuas

Is féidir leat eilimint amháin nó níos mó a roghnú ach cliceáil ar an gcnaipe "Ctrl" agus tú ag cliceáil ar an rogha chuí

Cliceáil ar "Cuardaigh" ("Search").

24

Céim 3

LLÉÉIIGGHH TTÁÁBBLLAA NNAA DDTTOORRTTHHAAÍÍ ((CCOOMMPPLLAAIINNTT RREEGGIISSTTEERR:: RREESSUULLTT))

MMIIOONNSSOONNRRAAÍÍ AARR GGHHEEAARRÁÁNN SSAAMMPPLLAACCHH ((CCOOMMPPLLAAIINNTT RREEGGIISSTTEERR:: DDEETTAAIILLSS))

25

55..22.. CCLLÁÁRRAAIIGGHH GGEEAARRÁÁNN NNUUAA Chun gearán nua a chlárú, déan de réir na gcéimeanna thíos: Céim 1 Téigh go dtí an Fhoirm iontrála chun Clár na nGearán a chuardach trí cliceáil ar an teideal "Clár na nGearán" ("Complaint Register") ar an Leathanach baile agus an cnaipe "Cláraigh gearán nua" ("Register a new complaint") a bhualadh ina dhiaidh. Céim 2 Comhlánaigh an fhoirm Níl sé éigeantach na réimsí ar fad san fhoirm a chomhlánú. Dá iomláine an fhaisnéis a chuireann tú ar fáil áfach, is ea is éasca a bheidh sé ag lucht sheirbhísí an Choimisiúin Eorpaigh leanúint le do ghearán. Bíonn réiltín "*" taobh le réimsí ar gá iad a chomhlánú. Ní thaispeánfar go poiblí i gClár na nGearán ainm na cuideachta nó na heagraíochta ná faisnéis teagmhála a dhéanfar a thaifeadadh san fhoirm. Má bhíonn cúnamh uait, tá foirm shamplach chomhlánaithe faoi ghearán samhailteach curtha ar fáil ar an idirlíon ag an seoladh seo: http://madb.europa.eu/madb_barriers/complaint_phase1.jsp Níl sé d’oibleagáid ort an fhoirm seo a úsáid. Féadfaidh tú gearán a chur faoi bhráid lucht sheirbhísí an Choimisiúin Eorpaigh le gnáthlitir, ach is ar do leas atá sé an oiread faisnéis ábhartha a chur isteach agus is féidir. Is féidir leat an fhoirm sin a sheoladh ar an ngnáthphost chuig an seoladh seo a leanas:

European Commission DG Trade – Market Access Unit Rue de la Loi 200 B-1049 Brussels BELGIUM

Céim 3 Cláraigh do ghearán

Caithfidh tú cliceáil ar "Cláraigh gearán" ("Register complaint") ag bun an leathanaigh den fhoirm chun críoch a chur leis an bpróiseas cláraithe.

Taispeánfar leathanach ar a mbeidh na sonraí a chuirfear isteach. Nuair a bheidh an méid sin dearbhaithe agat, beidh do ghearán cláraithe.

26

55..33.. CCEEIISSTTEEAANNNNAA CCOOIITTIIAANNTTAA AANN CCIINNEEÁÁLL FFAAIISSNNÉÉIISSEE AATTÁÁ AARR FFÁÁIILL ÓÓNN RROOIINNNN SSEEOO::

Má chomhlánaím foirm i gClár na nGearán, an gciallaíonn sé sin gur cinnte go leanfaidh lucht Sheirbhísi an Choimisiúin le mo ghearán?

Cén chaoi a gcuirfear in iúl dom faoi dhul chun cinn sa phróiseas maidir le mo ghearán a leanúint?

An féidir liom an gearán a chur isteach i mo theanga féin? An bhfuil Clár na nGearán nasctha leis an nós imeachta um Rialú na mBacainní

Trádála (TBR)? Cén fhad a thógfaidh sé mo ghearán a réiteach? An ndéanfar mo ghearán a thaifeadadh i mBunachar Sonraí na Rochtana ar Mhargaí

freisin? Tá imní orm go bhfaighidh na húdaráis sa tríú tír amach go bhfuil gearán déanta agam.

Cén bearta a dhéanann sibh lena chinntiú nach nochtófar mo shonraí pearsanta?

AN MIAN LEAT TUILLEADH A FHÁIL AMACH FAOI CHLÁR NA NGEARÁN

NÓ AN BHFUIL AON MHOLTAÍ AGAT?

Ná bíodh drogall ar bith ort dul i dteagmháil leis an Aonad um Rochtain ar Mhargaí

[email protected]

27

6. BUNACHAR SONRAÍ NA MBACAINNÍ TRÁDÁLA

Is féidir leat faisnéis a fháil sa roinn seo faoi bhacainní trádála sonracha a bhíonn roimh onnmhairí de chuid an AE i margaí tríú tíortha. 66..11.. CCUUAARRDDAAIIGGHH TTAAIIFFEEAADD AARR BBHHAACCAAIINNNN ((BBAARRRRIIEERRSS FFIICCHHEESS:: SSEEAARRCCHH)) Chun an fhaisnéis a theastaíonn uait a fháil ón roinn seo, déan de réir na gcéimeanna thíos: Céim 1 Téigh go dtí an Fhoirm chun taifead ar bhacainn a chuardach trí cliceáil ar an teideal "Bunachar Sonraí na mBacainní Trádála" ("Trade Barrier Database") ar an Leathanach Baile Céim 2 Roghnaigh earnáil, beart nó tír Féadfaidh tú ceann amháin (nó níos mó) de na hearnálacha éagsúla a roghnú, ceann amháin (nó níos mó) de na tíortha ar tagraíodh dóibh a roghnú nó ceann amháin (nó níos mó) de na cineálacha éagsúla beart a roghnú trí cliceáil ar rogha i gceann amháin de na roghchláir a thagann anuas.

Roghnaigh earnáil (Select sector), beart (Select measure) nó tír trí (Select country) cliceáil ar rogha sa roghchlár a thagann anuas

Is féidir leat eilimint amháin nó níos mó a roghnú ach cliceáil ar an gcnaipe "Ctrl" agus tú ag cliceáil ar an rogha chuí

Cliceáil ar "Cuardaigh" ("Search").

28

Céim 3

TTOORRAADDHH SSAAMMPPLLAACCHH DDEE LLIIOOSSTTAA BBAACCAAIINNNNÍÍ ((BBAARRRRIIEERRSS LLIISSTT))

NB: má chliceálann tú ar "Critéir eile don chuardach" ("Other search criteria"), gheobhaidh tú liosta de tháblaí lena soláthrófar forléargas ar líon na dtaifead atá ar fáil ar bhacainní i leith aon mheascáin de thíortha, d’earnálacha agus de bhearta:

29

Tábla de réir Tíre agus Earnála (Country and Sector cross table) Tábla de réir Tíre agus Birt (Country and Measure cross table) Tábla de réir Earnála agus Birt (Sector and Measure cross table)

66..22.. CCUUAARRDDAAIIGGHH NNUUAACCHHTT AAGGUUSS AANN TTEEOOLLAASS IISS DDÉÉAANNAAÍÍ

Ar an leathanach céanna, féadfaidh tú cliceáil ar naisc agus soláthrófar duit an nuacht is déanaí maidir le haon uasdátú, taifid ar bhacainní a réitíodh nó taifid ar bhacainní nua

30

Féadfaidh tú na taifid atá athraithe agus/nó seiceáilte le seachtain anuas nó le mí anuas a chuardach.

Féadfaidh tú faisnéis a aimsiú maidir le cásanna a réitíodh trí cliceáil ar an teideal "taifid ar bhacainní a réitíodh" ("Resolved barrier fiches") freisin.

31

7. BUNACHAR SONRAÍ SLÁINTÍOCHTA AGUS FÍTEASHLÁINTÍOCHTA

Tá an fhaisnéis atá i mbunachar sonraí seo na mbacainní sláintíochta agus fíteashláintíochta soláthraithe ag lucht thionscal na n-earraí bia ó tháirgí talmhaíochta, ag Ballstáit, ag Toscaireachtaí de chuid an CE i dTríú Tíortha, ag lucht Sheirbhísí an Choimisiúin agus i bhfógraí Sláintíochta agus Fíteashláintíochta ón Eagraíocht Dhomhanda Trádála. 77..11.. CCUUAARRDDAAIIGGHH TTAAIIFFEEAADD AARR BBHHAACCAAIINNNN ((SSEEAARRCCHH TTHHEE DDAATTAABBAASSEE)) Chun an fhaisnéis a theastaíonn uait a fháil ón roinn seo, déan de réir na gcéimeanna thíos: Céim 1 Téigh go dtí Foirm iontrála na mBacainní SFS trí cliceáil ar an teideal "Bunachar Sonraí na mBacainní SFS ar Onnmhairí" ("SPS Database") ar an Leathanach Baile

32

Céim 2 Iontráil critéir an chuardaigh chun taifid ar bhacainní SFS a aimsiú

De réir tríú tíre: Cliceáil ar an teideal "De réir tríú tíre" ("by third country") ar an Leathanach Baile. Cliceáil ar an tír chuí agus osclófar liosta na dtorthaí maidir le taifid ar bhacainní SFS. Cliceáil ar an mír chuí chun teacht ar na mionsonraí maidir le taifid ar bhacainní.

De réir roinn na dtáirgí: Cliceáil ar an teideal "De réir roinn na dtáirgí"("by product section") ar an Leathanach

Baile Roghnaigh liosta táirgí Roghnaigh an táirge cuí agus osclófar liosta na dtorthaí maidir le taifid ar bhacainní

SFS. Cliceáil ar an mír chuí chun teacht ar na mionsonraí maidir le taifid ar bhacainní.

De réir cur síos ar an táirge:

Cliceáil ar an teideal "De réir cur síos ar an táirge" ("by product description") ar an Leathanach Baile

Roghnaigh tír nó cur síos ar tháirge (Iontráil eochairfhocal agus déanfar cuardach sa chóras ar na cuir síos ar fad atá ann ar tháirgí)

Cliceáil ar Cuardaigh agus osclófar liosta na gcur síos ar tháirgí Cliceáil ar an mír chuí chun teacht ar na mionsonraí maidir le taifid ar bhacainní.

De réir an bhirt SFS:

Cliceáil ar an teideal "De réir an bhirt SFS" ("by SPS measure") ar an Leathanach Baile

Roghnaigh beart agus osclófar liosta na dtorthaí maidir le taifid ar bhacainní SFS. Cliceáil ar an mír chuí chun teacht ar na mionsonraí maidir le taifid ar bhacainní.

De réir tríú tíre vs roinn na dtáirgí

Cliceáil ar an teideal "De réir tríú tíre vs táirge" ("by third country vs product") ar an Leathanach Baile

Gheobhaidh tú grúpaí táirgí agus iad liostaithe i dtábla Cliceáil ar tháirge chun breathnú ar an gcur síos air Cliceáil ar uimhir sa tábla thíos chun breathnú ar an liosta de bhacainní gaolmhara.

De réir tríú tíre vs beart i leith táirge

Cliceáil ar an teideal "De réir tríú tíre vs beart" ("by third country vs measure") ar an Leathanach Baile

Gheobhaidh tú bearta agus iad liostaithe i dtábla Cliceáil ar mhír chun tuilleadh mionsonraí a fheiceáil Cliceáil ar uimhir sa tábla thíos chun breathnú ar an liosta de bhacainní gaolmhara.

Gheobhaidh tú faisnéis ar chásanna a réitíodh freisin trí cliceáil ar an roinn "Fadhbanna

SFS a Réitíodh" ("Resolved SPS problems")

33

SSAAMMPPLLAA DDEE TTAAIIFFIIDD AARR BBHHAACCAAIINNNNÍÍ AA RRÉÉIITTÍÍOODDHH

((BBAARRRRIIEERR FFIICCHHEE DDEETTAAIILL))

77..22.. CCUUAARRDDAAIIGGHH NNUUAACCHHTT AAGGUUSS AANN TTEEOOLLAASS IISS DDÉÉAANNAAÍÍ ((SSPPSS FFIICCHHEESS:: LLAASSTT UUPPDDAATTEESS))

Féadfaidh tú cuardach a dhéanamh le haghaidh na dtaifead is deireanaí a uasdátaíodh trí

cliceáil ar an roinn "Na Taifid is deireanaí a uasdátaíodh" ("Last updates"). Is féidir leat taifid a athraíodh agus/nó a seiceáladh le seachtain anuas nó le mí anuas a sheiceáil.

34

Má chliceálann tú ar an teideal "Ábhar nua" ("What's new") gheobhaidh tú faisnéis maidir leis na taifid a cruthaíodh le mí anuas.

Féadfaidh tú do chuid tuairimí nó fiosrúchán a sheoladh chugainn trí cliceáil ar an teideal "Téigh i dTeagmháil" ("Contact").

35

8. RIALÚ NA MBACAINNÍ TRÁDÁLA

Déanfar thú a atreorú sa roinn seo chuig an suíomh idirlín maidir le Bacainní Trádála a Rialú chun faisnéis a aimsiú maidir leis na nósanna imeachta foirmiúla atá i gceist leis an Rialú a dhéanann an AE ar Bhacainní Trádála

CCÉÉAARRDD IISS RRIIAALLÚÚ BBAACCAAIINNNNÍÍ TTRRÁÁDDÁÁLLAA ((RRBBTT)) AANNNN?? ((TTRRAADDEE BBAARRRRIIEERRSS RREEGGUULLAATTIIOONN –– TTBBRR))

Chun faisnéis a fháil ón roinn seo

FFOORRLLÉÉAARRGGAASS ((OOVVEERRVVIIEEWW)) RREEAACCHHTTAAÍÍOOCCHHTT ((LLEEGGIISSLLAATTIIOONN)) TTUUAAIIRRIISSCCÍÍ AAGGUUSS TTÉÉAACCSSAANNNNAA ((RREEPPOORRTTSS AANNDD TTEEXXTTSS)) LLIIOOSSTTAA CCÁÁSSAANNNNAA ((LLIISSTT OOFF CCAASSEESS)) GGEEAARRÁÁIINN ((CCOOMMPPLLAAIINNTTSS))

Cliceáil ar an nasc leis an suíomh idirlín maidir le RBT thíos

http://ec.europa.eu/trade/issues/respectrules/tbr/index_en.htm

36

9. CEISTEANNA COITIANTA

is féidir leat freagraí a fháil sa roinn seo ar na ceisteanna is coitianta a chuirtear.

CEISTEANNA GINEARÁLTA

1. Céard is Bunachar Sonraí na Rochtana ar Mhargaí ann? 2. Cén chaoi a gcabhraíonn Straitéis an AE um Rochtain ar Mhargaí leatsa? 3. Céard atá i mBunachar Sonraí na Rochtana ar Mhargaí? 4. Cén chaoi ar féidir leis an AE bacainní trádála a dhíchur? 5. Cén chaoi ar féidir leat cabhrú leat féin?

TÉARMAÍ ÚSÁIDE

1. An gcaithfidh mé íoc as an mbunachar sonraí a úsáid? An féidir le duine ar bith é a úsáid? 2. Táim lonnaithe san AE. Cén fáth nach féidir liom ranna na dtaraifí a chuirtear chun

feidhme agus na bhfoirmiúlachtaí allmhairiúcháin a rochtain? 3. Is ionadaí oifigiúil de chuid ballstáit mé agus oibrím i dtír nach bhfuil san AE. Cén chaoi

ar féidir liom ranna na dtaraifí a chuirtear chun feidhme agus na bhfoirmiúlachtaí allmhairiúcháin a rochtain?

4. Faighim an teachtaireacht "Ní cheadaítear an suíomh a rochtain ó sheachfhreastalaí oscailte" ("Access is not allowed from an open proxy server"). Céard is ciall leis sin?

SAINCHEISTEANNA EILE

1. Cén áit gur féidir liom faisnéis cosúil leis seo a aimsiú, a chabhróidh le honnmhaireoirí i dtríú tíortha earraí a onnmhairiú chuig an AE?

2. Cén áit eile a n-aimseoidh mé taraifí a chuireann an AE chun feidhme ar allmhairí a thagann as tríú tíortha ó thús?

GIORRÚCHÁIN

Liosta na ngiorrúchán a úsáidtear i mBunachar Sonraí na Rochtana ar Mhargaí

37

10. NAISC ÚSÁIDEACHA

SSoolláátthhrraaíítteeaarr ffaaiissnnééiiss ssaa rrooiinnnn sseeoo aa bbhhaaiinneeaannnn llee hhúúddaarrááiiss aann AAEE aagguuss nnaa mmBBAAllllssttáátt aagguuss llee hheeaaggrraaííoocchhttaaíí iiddiirrnnááiissiiúúnnttaa aa bbhhffuuiill lláámmhh aaccuu iinn ooiibbrrííoocchhttaaíí ttrrááddáállaa aagguuss iinn oobbaaiirr lleeiiss aann ttrrááddááiill aa cchhuurr cchhuunn cciinnnn..

RROOGGHHNNAAIIGGHH CCAATTAAGGÓÓIIRR NNAAIISSCC TTRRÍÍ CCLLIICCEEÁÁIILL AAIIRR..

38

11. TUAIRIMÍ UAITSE

FFééaaddffaaiiddhh ttúú ddoo cchhuuiidd ttuuaaiirrmmíí nnóó ffiioossrrúúcchháánn aa sshheeoollaaddhh cchhuuiigg aann AAoonnaadd uumm RRoocchhttaaiinn aarr MMhhaarrggaaíí iinn ssaann AArrdd--SSttiiúúrrtthhóóiirreeaacchhtt TTrrááddáállaa ttrríí cclliicceeááiill aarr aann rrooiinnnn ""CCoonnttaacctt""..

39

12. SÉANADH Ní ghlacann an Coimisiún le haon fhreagracht ná dliteanas ar chor ar bith maidir leis an ábhar atá sa doiciméad seo. Maidir leis an ábhar seo:

Níl ann ach faisnéis ghinearálta agus í sin amháin, agus níl sé beartaithe go dtabharfaí aghaidh leis an bhfaisnéis ar chúinsí sonracha aon duine ná aonáin ar leith;

Níor cheart glacadh leis go bhfuil an t-ábhar cuimsitheach, iomlán, cruinn ná cothrom le dáta;

Ní comhairle ghairmiúil dlí atá ann (más comhairle maidir le ní sonrach atá uait, ba cheart duit, i gcónaí, dul i gcomhairle le duine gairmiúil a bhfuil na cáilíochtaí cuí aige/aici).

Tabhair do d’aire nach féidir a ráthú go mbeidh doiciméad a bheidh ar fáil ar an idirlíon díreach mar an gcéanna le téacs a glacadh go hoifigiúil. Is é reachtaíocht an Aontais Eorpaigh, arna foilsiú in eagráin pháipéir d’Iris Oifigiúil na gComhphobal Eorpach, an t-aon ábhar a mheastar a bheith ina ábhar barántúil. Níl sé beartaithe leis an séanadh seo go dteorannófaí dliteanas an Choimisiúin de shárú ar aon cheanglais arna leagan síos i ndlí náisiúnta is infheidhme ná go ndéanfaí dliteanas an Choimisiúin a eisiamh i leith nithe nach n-eisítear faoin dlí sin.