comhairle don phobal - archaeology · gnéithe agus sraitheanna ithreacha eile. mura dtaifeadtar an...

12
Úsáid Brathadóirí Miotail agus a dTionchar ar an Oidhreacht Seandálaíochta Comhairle don Phobal

Upload: others

Post on 31-Jan-2021

0 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

  • Úsáid Brathadóirí Miotail agus a

    dTionchar ar anOidhreacht

    Seandálaíochta

    Comhairle don Phobal

  • l Déanann úsáid neamhrialaithe agus mhíchuíbrathadóirí miotail damáiste tromchúiseachd’oidhreacht seandálaíochta na hÉireann agusgearrfar pionóis ghéara dá bharr faoi Achtanna naSéadchomharthaí Náisiúnta 1930-2004

    l Tá sé mídhleathach

    — brathadóir miotail a bheith agat agséadchomharthaí agus suíomhanna atá faoichosaint Achtanna na SéadchomharthaíNáisiúnta;

    — brathadóir miotail a úsáid chun rudaí ársa alorg sa Stát nó ina fharraigí críche

    gan cead a fháil i scríbhinn roimh ré ón AireEalaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta

    l Sainmhínítear rudaí ársa go leathan in Achtanna naSéadchomharthaí Náisiúnta agus d’fhéadfadhmíreanna teacht laistigh de théarmaí antsainmhínithe in ainneoin a n-aois nó méid a n-ársaíocht, e.g. ábhar ón 20ú haois

    l Tá sé in aghaidh an dlí díolachán ná úsáidbrathadóirí miotail chun críocha rudaí ársa achuardach a chur chun cinn.

    l Tá sé in aghaidh an dlí tochailt do rudaí ársa, nótumadh chuig bád báite cosanta, in aon áit sa Státnó ina fharraigí críche, gan cead a fháil roimh ré ónAire

    l Caithfidh duine ar bith a aimsíonn rud ársa é athuairisciú d’Ard-Mhúsaem na hÉireann nó domhúsaem áitiúil sainithe taobh istigh de 96 uair

    l Ní féidir ach leis an Aire Ealaíon, Oidhreachta agusGaeltachta cead a dheonú chun brathadóir a úsáidchun críocha seandálaíochta – ní ionannballraíocht in eagraíocht nó comhlacht nátrealamh a fháil ó sholáthróir ar leith aguscomhlíonadh an dlí

    ACHOIMRE AR NA PRÍOMHPHOINTÍ

  • Sáraíonn úsáid brathadóirí gan chead chun rudaí ársa aaimsiú an dlí in Éirinn, arna leagan amach in Achtannana Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2004.

    Tá úsáid den chineál seo faoi réir pionós géar, lena n-áirítear téarma príosún agus/nó fíneálacha.

    Sásaíonn na catagóirí is coitianta a aimsítear lebrathadóirí miotail in Éirinn, cosúil le boinn,comharthaí, cnaipí, fáiscíní éadaigh, méaracáin,eochracha, séalaí, meáchain, deirí strapa agus feistícreasa, sainmhíniú ‘rudaí ársa’ nach féidir a chuardachgan ceadúnas ón Aire Ealaíon, Oidhreachta agusGaeltachta.

    Dá bhrí sin, moltar gan dul i mbun cuardaighghinearálta do rudaí caillte ná adhlactha mar dándéanfaí é sin, bheifeá i mbaol ciontaithe agus i mbaoldamáiste a dhéanamh d’oidhreacht seandálaíochtachomh maith.

    Uirlisí iarainn luath-mheánaoiseacha agus bróiste neasfháinneachcóimhiotal copair. D’fhéadfadh uirlisí ársa bheith an-chosúil lesamplaí nua-aimseartha agus seans nach dtuigfí chomhtábhachtach is atá nithe a aimsítear gan saineolas gairmiúil.

    RÉAMHRÁ

  • Déanann úsáid mhírialaithe agus mhíchuí brathadóirímiotail damáiste tromchúiseach d’oidhreachtseandálaíochta na hÉireann. Is féidir aon eolas ar rudaíársa nó luach taighde a bheadh acu a laghdú go mór nóa mhilleadh ar fad de bharr brathadóirí miotailneamhoilte agus gan cheadúnas a úsáid chun iad a fháil.

    Caithfear rudaí ársa a thochailt ar bhealachstruchtúrtha, eolaíoch, agus taifeadadh cúramach adhéanamh ar an mbaint atá acu le rudaí, struchtúir,gnéithe agus sraitheanna ithreacha eile. Muradtaifeadtar an comhthéacs as ar tháinig an rud i gceart,caillfear eolas ar an stair nach féidir a fháil ar ais.

    Ní féidir le cuardaigh randamacha le brathadóirí miotail adhéanamh amach an bhfuil tábhacht seandálaíochta leisan rud a aimsíodh nó an rud é a caitheadh amach ledéanaí. Is é an toradh a bhíonn air i gcás ar bith gosuaitear an ithir nó an áit timpeall ar an mír a aimsíodhagus scriostar aon fhianaise nó mír neamh-mhiotalacha.

    Feistí úma, búclaí agus pionna cláirsí ón meánaois. Seo nacineálacha rudaí ársa a aimsítear le brathadóirí miotail.

    1. Cén chaoi ar féidir le Brathadóirí MiotailDamáiste a Dhéanamh le Suíomhannaagus Rudaí Ársa?

    2. Céard é an Dlí maidir le Brathadóireacht Miotail?

    Chun damáiste lenár n-oidhreacht seandálaíochta trí úsáidneamhúdaraithe brathadóirí miotail a chosc, rialaíonnAchtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2004úsáid brathadóirí miotail chun críocha seandálaíochta arfud Stát na hÉireann agus a fharraigí críche.

  • Mura ndearna tú iarratas foirmiúil ar chead ón AireEalaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta faoi Achtanna naSéadchomharthaí Náisiúnta agus an cead sin faighteagat i scríbhinn, tá sé in aghaidh an dlí.

    l brathadóir miotail a bheith agat ag, nó i suíomh atáfaoi chosaint Achtanna na SéadchomharthaíNáisiúnta. Áirítear anseo:-

    — séadchomhartha faoi réir OrdaitheCaomhnaithe

    — séadchomhartha faoi úinéireacht nócaomhnóireacht an Aire nó údaráis áitiúil

    — séadchomhartha atá ar Chlár naSéadchomharthaí Stairiúla

    — séadchomhartha atá ar an TaifeadSéadchomharthaí agus Áiteanna

    — limistéar timpeall ar bhád báite faoi réirordaithe oidhreachta faoi uisce;

    l brathadóir miotail a úsáid chun críocha rudaí ársa alorg aon áit sa Stát nó ina fharraigí críche.

    Is é an pionós ar chion i ndáil leis an méid thuas fíneáilsuas le €63,486 agus/nó suas le 3 mhí sa phríosún.

    Féadfaidh aon duine a úsáideann brathadóir miotailchun na srianta thuas a shárú agus, tar éis rud ársa aaimsiú, a thochlaíonn chun an mhír a fháil ganceadúnas tochailte, a bheith ciontach i gcion faoiAchtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta.

    Feiste creasa meánaoiseach le maisiú muirín, cuid de shoitheachagus seam báid níos nuaí.

  • Mura bhfuil ceadúnas agat ón Aire Ealaíon,Oidhreachta agus Gaeltachta, is cion atá ann chomhmaith tochailt a dhéanamh chun críocha rudaí ársa, nóaon rud a mbeadh suim seandálaíochta ann a lorg, fiúmura mbeadh brathadóir miotail á úsáid agat. Is cionatá ann chomh maith tumadh chuig bád báite atá oscionn 100 bliain d’aois, nó atá faoi réir ordaitheoidhreachta faoi uisce, nó chun rudaí ársa faoi uisce achuardach, gan cead foirmiúil a fháil ón Aire.

    Is é an pionós ar an gcion seo fíneáil suas le €126,972agus/nó suas le 12 mhí sa phríosún.

    Faoi théarmaí Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta1930 go 2004 tá sé in aghaidh an dlí díolachán nó úsáidbrathadóirí chun críocha rudaí ársa a chuardach a churchun cinn, trí fhógraíocht nó eile. Is é an pionós dóibhsiúd atá ciontach as an gcion seo, fíneáil suas le €2,500.

    3. An Féidir Liom Rudaí Ársa a Chuardachgan Brathadóir Miotail?

    Fianaise de shuaitheadh talún mar thoradh ar bhrathadóireachtmiotail neamhúdaraithe in aice le Caisleán Rinn Dúin, Contae RosComáin.

    4. Céard é an Dlí i nDáil le cur chun cinnDíolachán nó Úsáid Brathadóirí Miotail chun Rudaí Ársa a Lorg?

  • Sainmhínítear an téarma ‘rud ársa’ in Achtanna naSéadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2004 agus tásainmhíniú leathan aige i dtéarmaí cineál agus aois narudaí. Tig le rudaí coitianta atá réasúnta ársa cosúil leboinn agus giuirléidí míleata, lena n-áirítear ábhar ón20ú haois, a áireamh le sainmhíniú an ‘rud ársa’.D’fhéadfadh rudaí mar sin titim laistigh de théarmaí antsainmhínithe in ainneoin a ndáta agus méid a n-ársaíocht. Seans nach mbeadh sé soiléir go dtí godtochlaítear an rud gur rud ársa atá i gceist. Sa chás sin,bheadh an damáiste déanta cheana féin agus tá sédóchúil go mbeadh cion déanta.

    Faoi théarmaí Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta1930 go 2004, is leis an Stát aon rud ársa a aimsítearagus nach fios cé leis é. Caithfidh aon duine a aimsíonnrud ársa é a thuairisciú le hArd-Mhúsaem na hÉireannnó le Músaem Contae nó Cathrach Sainithe taobhistigh de 96 uair. Beidh aon duine atá ciontach i gcionfaoi na forálacha seo faoi réir fíneáil suas le €111,100agus/nó 5 bliana sa phríosún.

    Éilítear sna hAchtanna chomh maith go gcaithfidh aonduine a aimsíonn bád báite atá os cionn 100 bliaind’aois atá ar nó faoi ghrinneall na farraige, nó arthalamh atá faoi uisce, é a chur in iúl don GhardaSíochána nó don Roinn Ealaíon, Oidhreachta agusGaeltachta taobh istigh de 96 uair.

    Tua iarainn meánaoiseach.

    5. Céard is “Rud Ársa” ann?

    6. Cén Áit is Ceart dom a Thuairisciú gurAimsigh mé Rud Ársa?

  • Tá sé in aghaidh an dlí a bheith páirteach i gcuardaighghinearálta do rudaí ársa in Éirinn le brathadóirí miotailmura bhfuil cead i scríbhinn faighte agat ón AireEalaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Má dhéantar singan chead, d’fhéadfaí tú a ionchúiseamh. Tá an dualgasar an oibreoir a chinntiú go bhfuil an brathadóir miotailá úsáid de réir an dlí.

    Cé go bhfuil sé in aghaidh an dlí brathadóir miotail aúsáid in aon áit chun rudaí ársa a chuardach gan ceadfoirmiúil ón Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta,is cion atá ann brathadóir miotail a bheith i do sheilbhfiú gan cead an Aire ar shuíomh aon séadchomharthanó limistéar seandálaíochta faoi chosaint Achtanna naSéadchomharthaí Náisiúnta. Baineann sé seo chomhmaith le limistéir atá faoi réir orduithe oidhreachta faoiuisce a rinneadh faoi Achtanna na SéadchomharthaíNáisiúnta.

    Piostal oifigigh 1700-1750. Seans gur ar láthair troda a aimseofaírud mar seo.

    Aonad Seandálaíochta faoi Uisce na Seirbhíse SéadchomharthaíNáisiúnta i mbun suirbhé tumadóireachta údaraithe.

    7. Céard é an Chomhairle Ghinearálta donPhobal maidir le hÚsáid Brathadóirí Miotail?

  • Tá timpeall 130,000 séadchomhartha seandálaíochtasuite ar fud an Stáit atá faoi chosaint faoi théarmaíAchtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2004.I roinnt mhaith cásanna, seans nach mbeidh aonfhothracha fágtha os cionn talún agus seans nachmbeidh sé soiléir láithreach go bhfuil suíomhséadchomhartha faoi chosaint ag an láthair sin.

    Sainaithnítear suíomhanna na séadchomharthaítaifeadta ar shuíomh gréasáin na SeirbhíseSéadchomharthaí Náisiúnta de chuid an Roinn Ealaíon,Oidhreachta agus Gaeltachta www.archaeology.ie.

    Ní féidir le duine ar bith seachas an tAire Ealaíon,Oidhreachta agus Gaeltachta cead a dheonú lebrathadóir miotail a úsáid chun críocha seandálaíochtataobh istigh den Stát agus ceadúnais a bhronnadh dothochailtí seandálaíochta. Níl aon údarú nó aontúdlíthiúil eile chun rudaí ársa a lorg. Ní thugtar ceadbrathadóireachta agus ceadúnais ach do dhaoineainmnithe ar shuíomhanna ar leith. Ní eisítearceadúnais chomhchoiteanna ná trí idirghabhálaitheriamh.

    Níl cead ón Aire ná aon údarú eile agat chun brathadóirmiotail a úsáid chun críocha seandálaíochta marthoradh ar na cúinsí anseo thíos:

    Liathróidí muscaeid agus cuid de bhuama moirtéir ó láthair chathaón 17ú haois.

    8. Cé atá Freagrach as Cead agus Ceadúnaisa Dheonú faoi Achtanna naSéadchomharthaí Náisiúnta?

  • l do bhallraíocht in aon eagraíocht nó comhlacht;l do leibhéal oiliúna in úsáid brathadóirí miotail;l an úsáid a bhaineann tú as cineál/branda

    brathadóra miotail ar leith; l do bhrathadóir miotail a fháil ó sholáthróir nó

    foinse áirithe.

    Mar riail ghinearálta, ní dheonóidh an tAire Ealaíon,Oidhreachta agus Gaeltachta cead d’úsáid agus/nó seilbhbrathadóirí miotail seachas do sheandálaithe nó daoine abheidh ag obair faoi mhaoirseacht seandálaíochta duinegairmiúil ar an suíomh atá oilte i gceart.

    Sula n-eisítear cead do dhuine chun brathadóir miotail aúsáid, beidh ar an t-iarrthóir a shoiléiriú go bhfuil úsáidan ghairis de réir an dea-chleachtais seandálaíochta.Baintear amach é seo trí ráiteas modha mionsonraithe achur isteach ina leagtar amach an clár oibre beartaithechun measúnú a dhéanamh ar shuíomh agus chun anleibhéal eolais seandálaíochta is mó agus is féidir abhaint ón obair a dhéanfar.

    Fáinne méire inscríofa meánaoiseach.

    Níl tionchar ar bith ag an eolas ná na forálachareachtúla a leagtar amach anseo orthu siúd a thagannar rudaí ársa trí thimpiste – mar shampla agus iad imbun feirmeoireachta – chomh fada is godtuairiscítear an rud de réir na comhairle in Alt 6 thuas.Is é an dea-chleachtas luaíocht a íoc le daoine aaimsíonn rudaí ársa i gcúinsí dlisteanacha agus achuireann sin i iúl d’Ard-Mhúsaem na hÉireann.

    9. Céard é Beartas an Aire i nDáil le Ceadad’Úsáid Brathadóirí Miotail?

    10. Céard a Tharlaíonn má Thagaim ar RudÁrsa trí Thimpiste?

  • Tá an reachtaíocht a rialaíonn úsáid brathadóirí agus naforálacha a bhaineann le fionnachtain agus tuairisciúrudaí ársa le fáil ar líne ag: www.irishstatutebook.ie

    Chun tuilleadh eolais a fháil, tig leat teagmháil adhéanamh leis:

    l An tSeirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta, an RoinnEalaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Teach anChustaim, Baile Átha Cliath 1; Ríomhphost –[email protected]; Teil.: 01-8882169.

    l An tOifigeach Dualgais, Rannóg na nÁrsaíochtaíÉireannacha, Ard-Mhúsaem na hÉireann, Sráid ChillDara, Baile Átha Cliath 2; Ríomhphost –[email protected]; Teil.: 01-6777444;

    Tá sé i gceist go n-úsáidfear an cháipéis seomar threoir ghinearálta leforálacha Achtanna naSéadchomharthaíNáisiúnta a bhaineann lebrathadóirí miotail agusnach léirmhíniú dleathachar na hAchtanna sin í. Tátéacs iomlán d’Achtannana SéadchomharthaíNáisiúnta 1930-2004, agus reachtaíocht eile a d’fhéadfadha bheith infheidhmithe, ar fáil ag www.irishstatutebook.ie.

    Cnaipí ón 19ú haois le siombailí orthu. Bítear in ann na teaghlaigh ad’fhostaigh na freastalaithe a aithint go minic ó na siombailí abhíonn ar na cnaipí seo. Is féidir reisimint ar leith a aithint ó chnaipímíleata den chineál céanna agus seans gurb iad sin an t-aonfhianaise ar láithreacht saighdiúra ón reisimint i láthair ar leith.Bíonn sonraí an déantúsóra ar chúl go leor cnaipí chomh maith, athugann eolas úsáideach ar thrádáil agus ar thráchtáil.

    11. Cén Áit is Féidir liom Eolas Breise a Fháil?

    Píosa deiridh cruanta de bhráisléadón luath-meánaois tar éis é achaomhnú.

  • Taisce de bhoinn óir agus airgid Sasanacha agus Spáinneacha ón17ú haois agus fáinne méire óir inscríofa. Bochtaítear suíomhseandálaíochta go mór má bhaintear ábhar ársa cosúil le boinn ganúdarú.

    An tSeirbhís Séadchomharthaí NáisiúntaAn Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Ard-

    Mhúsaem na hÉireannTeach an ChustaimBaile Átha Cliath 1

    Ríomhphost - [email protected].: 01-8882169

    www.archaeology.ie

    An tOifigeach Dualgais Rannóg na nÁrsaíochtaí Éireannacha

    Sráid Chill DaraBaile Átha Cliath 2

    Ríomhphost – [email protected].: 01-6777444www.museum.ie

    SONRAÍ TEAGMHÁLA